Eureka 02003L0087-20240301 Sign in

eintiteas rialáilte

as defined in Directive 2003/87/EC of the European Parliament and of the Council of…, Article 3, point (ae) (Definitions)

aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, seachas tomhaltóir deiridh na mbreoslaí, a bhíonn ag gabháil den ghníomhaíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn III agus a thagann faoi réim ceann amháin de na catagóirí seo a leanas: (i) i gcás ina dtéann an breosla trí thrádstóras cánach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 11, de Threoir (AE) 2020/262 () ón gComhairle, an coimeádaí údaraithe trádstórais mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 1, den Treoir sin, atá faoi dhliteanas an dleacht mháil a íoc atá inmhuirearaithe de bhun Airteagal 7 den Treoir sin; (ii) mura bhfuil pointe (i) den phointe seo infheidhme, aon duine eile atá faoi dhliteanas an dleacht mháil a íoc atá inmhuirearaithe de bhun Airteagal 7 de Threoir (AE) 2020/262 nó Airteagal 21(5), an chéad fhomhír, de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle () i leith na mbreoslaí a chumhdaítear le Caibidil IVa den Treoir seo; (iii) mura bhfuil pointí (i) agus (ii) den phointe seo infheidhme, aon duine eile atá le clárú ag údaráis inniúla ábhartha an Bhallstáit chun críche a bheith faoi dliteanas an dleacht mháil a íoc, lena n-áirítear aon duine atá díolmhaithe ón dleacht mháil a íoc, dá dtagraítear in Airteagal 21(5), an ceathrú fomhír, de Threoir 2003/96/CE; (iv) mura bhfuil pointí (i), (ii) agus (iii) infheidhme, nó i gcás ina mbeidh roinnt daoine i gcomhpháirt agus go leithleach faoi dhliteanas an dleacht mháil chéanna a íoc, aon duine eile arna ainmniú ag Ballstát

Open in the act with Eureka

Install the extension for EUR-Lex