02012R0648 — GA — 17.01.2025 — 022.004
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) Uimh. 648/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 201 27.7.2012, lch. 1) |
Arna leasú le:
Arna cheartú le:
|
(*) |
Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 648/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Iúil 2012
maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TEIDEAL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
▼M18 —————
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leo seo a leanas:
comhaltaí CEBC agus comhlachtaí Ballstát eile a bhfuil feidhmeanna cosúla á bhfeidhmiú acu agus comhlachtaí poiblí Aontais eile a bhfuil sé de chúram orthu an fiachas poiblí a bhainistiú nó idiragairt ann;
an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta;
the central banks and public bodies charged with or intervening in the management of the public debt in the following countries:
Japan;
United States of America;
Australia;
Canada;
Hong Kong;
Mexico;
Singapore;
Switzerland;
the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland.
Cé is moite den oibleagáid tuairiscithe faoi Airteagal 9, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na heintitis seo a leanas:
bainc forbartha iltaobhacha, mar atá liostaithe faoi Roinn 4.2 de Chuid 1 d'Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2006/48/CE;
eintitis earnála poiblí de réir bhrí phointe (18) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2006/48/CE nuair atá siad ar úinéireacht ag rialtais láir agus a bhfuil socruithe rathaíochta follasacha arna soláthar ag rialtais láir;
an tSaoráid Chobhsaíochta Airgeadais Eorpach agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach;
Chuige sin, faoin 17 Samhain 2012 déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar an gcóir idirnáisiúnta a chuirtear ar chomhlachtaí poiblí a bhfuil sé de chúram orthu an fiachas poiblí a bhainistiú nó idiragairt ann agus ar an gcóir a chuirtear ar na bainc cheannais.
Beidh ar áireamh sa tuarascáil sin anailís chomparáideach ar an gcóir a chuirtear ar na comhlachtaí sin agus ar na bainc cheannais i gcreat dlíthiúil líon suntasach tríú tíortha, lena n-áirítear ar a laghad na trí dhlínse is tábhachtaí ó thaobh méid na gconarthaí arna dtrádáil, agus na caighdeáin bainistithe riosca is infheidhme maidir le hidirbhearta díorthach a chuireann na comhlachtaí sin agus na bainc cheannais i gcrích sna dlínsí sin. Má thagtar ar an tátal sa tuarascáil, go háirithe i ndáil leis an anailís chomparáideach, go bhfuil sé riachtanach freagrachtaí airgid na mbanc ceannais tríú tír sin a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh agus tuairiscithe, déanfaidh an Coimisiún iad a chur leis an liosta a leagtar amach i mír 4.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “CCP” duine dlítheanach a idirchuireann é féin idir na contrapháirtithe sna conarthaí a thrádáiltear ar mhargadh airgeadais amháin nó níos mó, agus ar an dóigh sin gurb é an ceannaitheoir é do gach díoltóir agus gurb é an díoltóir é do gach ceannaitheoir;
ciallaíonn “stór trádála” duine dlítheanach a dhéanann taifid ó dhíorthaigh a bhailiú agus a chothabháil go lárnach;
ciallaíonn “imréiteach” an próiseas chun suíomhanna a bhunú, lena n-áirítear glanoibleagáidí a ríomh, agus a áirithiú go bhfuil ionstraimí airgeadais, airgead tirim, nó an dá rud, ar fáil leis na neamhchosaintí a urrú a eascraíonn as na suíomhanna sin;
ciallaíonn “ionad trádála” córas arna fheidhmiú ag gnólacht infheistíochta nó ag oibreoir margaidh de réir bhrí Airteagal 4(1)(1) agus Airteagal 4(1)(13) de Threoir 2004/39/CE seachas inmheánaitheoir córasach de réir bhrí Airteagal 4(1)(7), lena dtugtar leasanna ceannaithe nó leasanna díola in ionstraimí airgeadais le chéile sa chóras, ar dhóigh as a n-eascraíonn conradh i gcomhréir le Teideal II nó le Teideal III den Treoir sin;
ciallaíonn “díorthach” nó “conradh díorthach” ionstraim airgeadais mar a leagtar amach i bpointe (4) go pointe (10) de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE mar a chuirtear chun feidhme iad in Airteagal 38 agus Airteagal 39 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006;
ciallaíonn “aicme díorthach” fothacar de dhíorthaigh a bhfuil comharthaí sóirt coitianta agus bunriachtanacha á roinnt acu agus a chuimsíonn ar a laghad an gaol leis an mbunsócmhainn, an cineál bunsócmhainne agus airgeadra an mhéid bharúlaigh. Féadfaidh díorthaigh a bhaineann leis an aicme chéanna aibíochtaí éagsúla a bheith acu;
ciallaíonn “díorthach TAC” nó “conradh díorthach TAC” conradh díorthach nach ndéantar a fhorghníomhú ar mhargadh rialáilte de réir bhrí Airteagal 4(1)(14), de Threoir 2004/39/CE ná ar mhargadh tríú tír a mheastar a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte i gcomhréir le hAirteagal 2a den Rialachán seo;
ciallaíonn “contrapháirtí airgeadais”
gnólacht infheistíochta a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );
institiúid creidmheasa atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );
gnóthas árachais nó gnóthas athárachais atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2009/39/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );
GCUI agus, i gcás inarb ábhartha, a chuideachta bainistíochta, atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, ach amháin má cuireadh an GCUI sin ar bun go heisiach chun fónamh do phlean nó do phleananna ceannaithe scaireanna d'fhostaithe;
institiúid um chóir ar scor ceirde (IORP) mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 6 de Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );
ciste infheistíochta malartach (CIM) mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE, a bhunaítear san Aontas nó a bhainistíonn bainisteoir ciste infheistíochta malartach (AIFM) a údaraítear nó a chláraítear i gcomhréir leis an Treoir sin, ach amháin má cuireadh an ciste infheistíochta malartach sin ar bun go heisiach chun fónamh do phlean nó do phleananna ceannaithe scaireanna d'fhostaithe, nó más eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin, dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 2(3) de Threoir 2011/61/AE, é an ciste infheistíochta malartach sin, agus, i gcás inarb iomchuí, a mbunaítear a AIFM san Aontas;
taisclann lárnach urrús a údaraítear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimhir 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 );
ciallaíonn “contrapháirtí neamhairgeadais” gnóthas atá bunaithe san Aontas seachas na heintitis dá dtagraítear i bpointe (1) agus i bpointe (8);
ciallaíonn “socrú scéimeanna pinsin”:
institiúidí um chóir ar scor ceirde de réir bhrí Airteagal 6(a) de Threoir 2003/41/CE, lena n-áirítear aon eintiteas údaraithe atá freagrach as institiúid den sórt sin a bhainistiú agus a ghníomhaíonn thar a ceann amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Treoir sin mar aon le haon eintiteas dlítheanach a bhunaítear chun críche infheistíocht na n-institiúidí sin, a ghníomhaíonn go heisiach ar mhaithe leis na hinstitiúidí sin amháin;
gnóthaí um chóir ar scor ceirde na n-institiúidí dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2003/41/CE;
gnóthaí um chóir ar scor ceirde de chuid gnóthas árachais saoil a chumhdaítear le Treoir 2002/83/CE, ar choinníoll go ndéanfar na sócmhainní agus dliteanais uile a fhreagraíonn don ghnó a imfhalú, a bhainistiú agus a eagrú ar leithligh ó ghníomhaíochtaí eile an ghnóthais árachais, agus gan aon deis ar aistriú a bheith ann;
aon eintitis eile atá údaraithe, nó socruithe, atá ach amháin faoi mhaoirseacht a fheidhmíonn ar bhonn náisiúnta, ar choinníoll gur fíor an méid a leanas:
tugtar aitheantas dóibh faoin dlí náisiúnta; agus
is é is príomhchuspóir dóibh sochair scoir a sholáthar.
ciallaíonn “riosca creidmheasa contrapháirtí” an riosca a mhainníonn contrapháirtí in idirbheart roimh shocraíocht chríochnaitheach shreafaí airgid an idirbhirt;
ciallaíonn “socrú idir-inoibritheachta” socrú idir dhá chontrapháirtí lárnacha nó níos mó lena mbaineann idirbhearta a fhorghníomhú thar chórais éagsúla;
ciallaíonn “údarás inniúil” an t-údarás inniúil mar a dtagraítear é sa reachtaíocht dá dtagraítear i bpointe (8) den Airteagal seo, an t-údaras inniúil dá dtagraítear in Airteagal 10(5), nó an t-údarás a ainmneoidh gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 22;
ciallaíonn “comhalta imréitigh” gnóthas a bhíonn rannpháirteach i gcontrapháirtí lárnach agus atá freagrach as na hoibleagáidí airgeadais ag éirí as an rannpháirtíocht sin a chomhlíonadh;
ciallaíonn “cliant” gnóthas a bhfuil gaol conarthach aige le comhalta imréitigh de chontrapháirtí lárnach a chuireann ar chumas an ghnóthais sin a idirbhearta leis an gcontrapháirtí lárnach sin a imréiteach;
ciallaíonn “grúpa” an grúpa gnóthas comhdhéanta de mháthairghnóthas agus a fhoghnóthais de réir bhrí Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Threoir 83/349/CEE nó an grúpa gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus Airteagal 80(7) agus (8) de Threoir 2006/48/CE;
ciallaíonn “institiúid airgeadais” gnóthas seachas institiúid chreidmheasa, arb é a phríomhghníomaíocht sealúchais a fháil nó gabháil do cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí atá liostaithe i bpointe (2) go pointe (12) d'Iarscríbhinn I de Threoir 2006/48/CE;
ciallaíonn “cuideachta sealbhaíochta airgeadais” institiúid airgeadais ar institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais, go heisiach nó go príomha, a foghnóthais, ar institiúid chreidmheasa ceann amháin ar a laghad de na foghnóthais sin, agus nach cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha é de réir bhrí Airteagal 2(15) de Threoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais ( 6 );
ciallaíonn “gnóthas seirbhísí coimhdeacha” aon ghnóthas arb é a phríomhghníomhaíocht a bheith i seilbh maoine nó maoin a bhainistiú, seirbhísí próiseála sonraí a bhainistiú, nó ghníomhaíocht chomhchosúil atá coimhdeach le príomhghníomhaíocht institiúide creidmheasa amháin nó níos mó;
ciallaíonn “sealúchas cáilitheach” sealúchas díreach nó indíreach ar bith i gcontrapháirtí lárnach nó i stór trádála ina bhfuil ar a laghad 10 % nó níos mó den chaipiteal nó de na cearta vótála i gceist, mar a leagtar amach in Airteagal 9 agus in Airteagal 10 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisiúnaithe a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe ( 7 ), agus na coinníollacha maidir le comhiomlánú de atá leagtha amach in Airteagal 12(4) agus (5) den Treoir sin á gcur san áireamh, nó a chiallaíonn gur féidir tionchar suntasach a imirt ar bhainistiú an chontrapháirtí lárnaigh nó an stóir thrádála ina bhfuil an sealúchas sin ar marthain;
ciallaíonn “máthairghnóthas” máthairghnóthas mar a thuairiscítear in Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Threoir 83/349/CEE;
ciallaíonn “fochuideachta” gnóthas fochuideachta mar a thuairiscítear in Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Threoir 83/349/CEE, lena n-áirítear fochuideachta ar bith de ghnóthas fochuideachta máthairghnóthais deiridh;
ciallaíonn “rialú” an caidreamh idir máthairghnóthas agus foghnóthas, mar a thuairiscítear in Airteagal 1 de Threoir 83/349/CEE;
ciallaíonn “dlúthnaisc” staid ina bhfuil dhá dhuine nádúrtha nó dhlítheanacha, nó níos mó, nasctha mar seo a leanas:
rannpháirtíocht, trí úinéireacht dhíreach, nó trí rialú ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó de chaipiteal gnóthais, nó;
rialú nó gaolmhaireacht chomhchosúil idir aon duine nádúrtha nó dlítheanach agus gnóthas nó fochuideachta de fhochuideachta a mheastar a bheith freisin ina fhochuideachta den mháthairghnóthas atá i gceannas ar na gnóthais sin.
Maidir le cás ina bhfuil dhá dhuine nádúrtha nó dhlítheanacha, nó níos mó, nasctha go buan leis an duine céanna trí ghaolmhaireacht rialaithe, measfar freisin go bhfuil dlúthnasc idir daoine den sórt sin.
ciallaíonn “caipiteal” caipiteal suibscríofa de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile ( 8 ) sa mhéid is go bhfuil sé íoctha, móide na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, comhghabhann sé na caillteanais i gcásanna gnóthais leantaigh, agus, i gcás féimheachta nó leachtaithe, rangaítear é i ndiaidh gach éilimh eile;
ciallaíonn “cúlchistí” cúlchistí mar a leagtar amach in Airteagal 9 den Cheathrú Treoir 78/660/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1978 bunaithe ar Airteagal 54(3)(g) den Chonradh maidir le cuntais bhliantúla cineálacha áirithe cuideachtaí ( 9 ) agus brabúis agus caillteanais a thugtar ar aghaidh mar thoradh ar chur i bhfeidhm an bhrabúis nó an chaillteanais deiridh;
ciallaíonn “bord” bord riaracháin nó bord maoirseachta, nó an dá cheann, i gcomhréir le dlí náisiúnta na gcuideachtaí;
ciallaíonn “comhalta neamhspleách den bhord” comhalta den bhord nach bhfuil gaol gnó, fola nó gaol eile aige/aici a bheadh ina chúis coinbhleachta leasanna leis an gcontrapháirtí lárnach lena mbaineann nó lena scairshealbhóirí rialaithe, lena lucht bainistíochta nó lena chomhaltaí imréitigh, agus nach raibh gaol den sórt sin aige sna cúig bliana roimh a chomhaltas den bhord;
ciallaíonn “lucht bainistíochta sinsearaí” an duine nó na daoine a bhainistíonn gnó an chontrapháirtí lárnaigh nó an stóir trádála go hiarbhír agus comhalta nó comhaltaí feidhmiúcháin an bhoird;
ciallaíonn ‘banna faoi chumhdach’ banna a chomhlíonann ceanglais Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
ciallaíonn ’eintiteas banna faoi chumhdach’ eisitheoir an bhanna faoi chumhdach nó comhthiomsú cumhdaigh banna faoi chumhdach.
Airteagal 2a
Cinntí coibhéise chun díorthaigh TAC a shainmhíniú
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2) den Rialachán seo.
Airteagal 3
Idirbhearta laistigh de ghrúpa
Maidir le contrapháirtí neamhairgeadais, is é a bheidh in idirbheart laistigh de ghrúpa conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí eile atá mar chuid den ghrúpa céanna ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
áirítear an dá chontrapháirtí sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán agus tá siad faoi réir nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú; agus
tá an contrapháirtí eile sin bunaithe san Aontas nó, má tá sé bunaithe i dtríú tír, ní shainaithnítear an tríú tír sin faoi mhír 4 ná faoi na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 5.
I ndáil le contrapháirtí airgeadais, aon cheann de na nithe seo a leanas a bheidh in idirbheart laistigh de ghrúpa:
conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí eile atá ina chuid den ghrúpa céanna, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
tá an contrapháirtí airgeadais bunaithe san Aontas nó, má tá sé bunaithe i dtríú tír, ní shainaithnítear an tríú tír sin faoi mhír 4 ná faoi na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 5;
is contrapháirtí airgeadais, cuideachta sealbhaíochta airgeadais, institiúid airgeadais nó gnóthas seirbhísí coimhdeacha atá faoi réir ceanglais stuamachta iomchuí é an contrapháirtí eile;
áirítear an dá chontrapháirtí sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán; agus
tá an dá contrapháirtí faoi réir nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú;
conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí eile, i gcás inar cuid den scéim cosanta institiúideach chéanna an dá chontrapháirtí, dá dtagraítear in Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar choinníoll go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a)(ii) den mhír seo;
conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar idir institiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe leis an gcomhlacht lárnach céanna nó idir institiúid creidmheasa den sórt sin agus an comhlacht lárnach, dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
conradh díorthach thar an gcuntar a dhéantar le contrapháirtí neamhairgeadais atá mar chuid den ghrúpa céanna, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
áirítear an dá chontrapháirtí sa chonradh díorthach sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán agus tá siad faoi réir nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú; agus
tá an contrapháirtí neamhairgeadais bunaithe san Aontas nó, má tá sé bunaithe i dtríú tír, ní shainaithnítear an tríú tír sin faoi mhír 4 ná faoi na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 5.
Chun críocha an Airteagail seo, measfar contrapháirtithe a bheith san áireamh sa chomhdhlúthú céanna más rud é gur fíor aon cheann de na nithe seo a leanas maidir leis an dá chontrapháirtí:
tá siad san áireamh i gcomhdhlúthú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ) nó leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) arna nglacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 nó, i ndáil le grúpa a bhfuil a cheannoifig ag a mháthairghnóthas i dtríú tír, i gcomhréir le prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glactha leo go ginearálta de chuid tríú tír agus a chinntear a bheith coibhéiseach le IFRS i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1569/2007 ón gCoimisiún ( 11 ) (nó caighdeáin chuntasaíochta tríú tír a gceadaítear iad a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán sin); nó
tá siad cumhdaithe ag an maoirseacht chomhdhlúthaithe chéanna i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE nó, i ndáil le grúpa a bhfuil a cheannoifig ag a mháthairghnóthas i dtríú tír, ag an maoirseacht chomhdhlúite chéanna ag údarás inniúil tríú tír atá fíoraithe a bheith coibhéiseach leis an maoirseacht sin atá á rialú ag na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 127 den Treoir sin.
Chun críocha an Airteagail seo, ní thairbheoidh idirbhearta le contrapháirtithe atá bunaithe in aon cheann de na tríú tíortha seo a leanas d’aon cheann de na díolúintí d’idirbhearta laistigh de ghrúpa:
i gcás inar tríú tír ardriosca í an tríú tír, dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 );
i gcás ina liostaítear an tríú tír in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach sa leagan is cothroime le dáta de.
TEIDEAL II
IMRÉITEACH, TUAIRISCIÚ AGUS MAOLÚ RIOSCA DÍORTHACH THAR AN GCUNTAR
Airteagal 4
Oibleagáid imréitigh
Déanfaidh contrapháirtithe na conarthaí díorthacha uile a bhaineann le haicme díorthach thar an gcuntar a dearbhaíodh a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh a imréiteach i gcomhréir le hAirteagal 5(2), más rud é i dtaca leis na conarthaí sin go gcomhlíonann siad araon na coinníollacha seo a leanas:
gur tugadh i gcrích iad ar cheann de na slite seo a leanas:
idir dhá chontrapháirtí airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 4a(1);
idir contrapháirtí airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 4a(1) agus contrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 10(1);
idir dhá chontrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 10(1);
idir, ar thaobh amháin, contrapháirtí airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 4a(1) nó contrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 10(1) agus, ar an taobh eile, eintiteas a bhunaítear i dtríú tír a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá mbunófaí an t-eintiteas sin san Aontas;
idir dhá eintiteas atá bunaithe i gceann amháin nó níos mó de thríú tíortha a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas, ar choinníoll go mbeadh éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha ag an gconradh sin laistigh den Aontas, nó inar riachtanach nó inarb iomchuí oibleagáid den sórt sin chun cosc a chur le haon fhoráil den Rialachán seo a bheith á seachaint; agus
déantar iad a dhéanamh nó a nuachan an dáta óna dtiocfaidh an oibleagáid imréitigh i bhfeidhm, nó tar éis an dáta sin, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an dá chontrapháirtí na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) ar an dáta a ndéantar iad a dhéanamh nó a athnuachan.
Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid chun na conarthaí díorthach thar an gcuntar uile a imréiteach maidir le conarthaí a thugtar i gcrích sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a)(iv), idir, ar thaobh amháin, contrapháirtí airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4a(1), an dara fomhír, nó contrapháirtí neamhairgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 10(1), an dara fomhír, agus, ar an taobh eile, socrú scéimeanna pinsin atá bunaithe i dtríú tír agus a fheidhmíonn ar bhonn náisiúnta, ar choinníoll go bhfuil sé údaraithe, maoirsithe agus aitheanta faoin dlí náisiúnta, agus i gcás inarb é is príomhchuspóir dó sochair scoir a sholáthar agus go bhfuil sé díolmhaithe ón oibleagáid imréitigh faoin dlí náisiúnta sin.
Maidir leis an díolúine atá leagtha amach sa chéad fhomhír, ní bheidh feidhm aige ach amháin:
sa chás go ndéanann dhá chontrapháirtí atá bunaithe san Aontas agus a bhaineann leis an ngrúpa céanna fógra i scríbhinn a thabhairt ar dtús dá gcuid údarás inniúil faoi seach go bhfuil sé ar intinn acu úsáid a bhaint as an díolúine do na conarthaí díorthacha thar an gcuntar atá tugtha i gcrích acu eatarthu féin. Déanfar an fógra tráth nach déanaí ná 30 lá féilire sula ndéanfar an díolúine a úsáid. Laistigh de 30 lá féilire tar éis do na húdaráis inniúla an fógra sin a fháil, féadfaidh siad agóid a dhéanamh in aghaidh úsáid na díolúine sin más rud é ngach ndéanann na hidirbhearta idir na contrapháirtithe na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3 a chomhall, gan dochar do cheart na n-údarás inniúil agóid a dhéanamh tar éis don tréimhse 30 lá féilire seo a dhul in éag i gcás nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhall a thuilleadh. I gcás ina mbíonn easaontú idir na húdaráis inniúla, féadfaidh ÚEUM cabhrú leis na húdaráis sin teacht ar chomhaontú i gcomhréir lena chumhachtaí faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
maidir le conarthaí díorthacha thar an gcuntar idir dhá chontrapháirtí a bhaineann leis an ngrúpa céanna atá bunaithe i mBallstát agus i dtríú tír más rud é, laistigh de 30 lá féilire tar éis don chontrapháirtí atá bunaithe san Aontas fógra a thabhairt dó, go ndéanann údarás inniúil an chontrapháirtí atá bunaithe san Aontas an contrapháirtí a údarú an díolúine sin a chur i bhfeidhm, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3 á gcomhall. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ÚEUM faoin gcinneadh sin.
Chun na críche sin, déanfar comhalta imréitigh den chontrapháirtí, déanfar cliant de, nó bunóidh sé socruithe imréitigh indíreach le comhalta imréitigh, ar choinníoll nach ndéanann na socruithe sin an riosca contrapháirtí a mhéadú agus go ndéanann siad a áirithiú go dtairbhíonn sócmhainní agus suíomhanna an chontrapháirtí den chosaint a bhfuil éifeacht choibhéiseach aici léi seo dá dtagraítear in Airteagal 39 agus in Airteagal 48.
Ceadófar do chomhaltaí imréitigh agus cliaint rialú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le seirbhísí imréitigh a chur ar fáil.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun cur leis an Rialachán seo trí na coinníollacha a shonrú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo faoina meastar go bhfuil na téarmaí tráchtála cothrom, réasúnta, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, bunaithe ar an méid seo a leanas:
ceanglais chothroime agus trédhearcachta i ndáil le táillí, praghsanna, beartais lascaine agus téarmaí agus coinníollacha conarthacha ginearálta eile maidir leis an bpraghasliosta, gan dochar do rúndacht na socruithe conarthacha a dhéantar leis na contrapháirtithe aonair;
fachtóirí a chuimsítear le téarmaí tráchtála réasúnta chun socruithe conarthacha atá neamhchlaonta réasúnta a áirithiú;
ceanglais chun seirbhísí imréitigh a éascú ar bhonn cothrom agus neamh-idirdhealaitheach, ag féachaint do na costais agus na rioscaí gaolmhara, ionas go mbeidh aon difríochtaí sna táillí a ghearrtar i gcomhréir le rioscaí, costais agus sochair, agus
na critéir le haghaidh rialaithe riosca don chomhalta imréitigh nó don chliant a bhaineann leis na seirbhísí imréitigh a chuirtear ar fáil.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo i ndáil le conarthaí díorthach thar an gcuntar a thabharfar i gcrích ag eintitis bannaí faoi chumhdach i dtaca le banna cumhdaithe, nó a chuirfear i gcrích ag eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin i dtaca le hurrúsú, de réir bhrí Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) ( 13 ) ar choinníoll:
i gcás eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin, nach n-eiseoidh an t-eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin ach urrúsuithe a chomhlíonann ceanglais Airteagal 18 agus Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2017/2402 [An Rialachán Urrúsúcháin];
nach n-úsáidfear an conradh díorthach thar an gcuntar ach chun neamhréireanna ráta úis nó airgeadra a fhálú faoin mbanna faoi chumhdach nó urrúsú; agus
go maolóidh na socruithe faoin mbanna faoi chumhdach nó faoin urrúsú riosca creidmheasa contrapháirtí go leordhóthanach i ndáil leis na conarthaí díorthacha thar an gcuntar a thug an t-eintiteas banna faoi chumhdach nó an t-eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin i gcrích i dtaca leis an mbanna faoi chumhdach nó an t-urrúsú.
Cuirfidh na ÚEManna na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 18 Iúil 2018.
Déantar an chumhacht a tharmligean don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 4a
Contrapháirtithe atá faoi réir na n-oibleagáidí imréitigh
Nuair nach ndéanfaidh contrapháirtí airgeadais a shuíomhanna a ríomh nó nuair a sháróidh toradh an ríomha sin ceann ar bith de na tairseacha réitigh de réir mar a shonraítear i bpointe (b) d'Airteagal 10(4), déanfaidh an contrapháirtí airgeadais an méid seo a leanas:
cuirfidh sé fógra láithreach maidir leis sin chuig ÚEUM agus chuig an údarás inniúil, agus, i gcás inarb ábhartha, sonróidh sé an tréimhse arna húsáid don ríomh;
bunóidh sé socruithe imréitigh laistigh de cheithre mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo a thabhairt; agus
beidh sé faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4 do na conarthaí díorthach thar an gcuntar ar fad a bhaineann le haon aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh a dhéantar nó a nuaitear tráth is déanaí ná ceithre mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo a thabhairt.
Beidh sé ar chumas an chontrapháirtí airgeadais a thaispeáint don údarás inniúil ábhartha nach ndéanfar fomheastachán córasach ar an suíomh sin mar gheall ar an ríomh ar mheánsuíomh cinn míosa rollach don 12 mhí roimhe sin.
D'ainneoin na chéad fhomhíre, i gcás GCUI agus CIManna, déanfar na suíomhanna dá dtagraítear i mír 1 a ríomh ar leibhéal an chiste.
Cuideachta bainistíochta GCUI a bhfuil níos mó ná GCUI amháin á bhainistiú aici, agus na AIFManna a bhfuil níos mó ná CIM amháin á bhainistiú acu, beidh sé ar a gcumas a thaispeáint don údarás inniúil ábhartha nach dtarlóidh an méid seo a leanas mar thoradh ar ríomh na suíomhanna ar leibhéal an chiste:
ní dhéanfar fomheastachán córasach ar shuíomhanna chistí ar bith atá á mbainistiú acu nó ná ndéanfar amhlaidh i gcás suíomhanna an bhainisteora; agus
ní thiocfar timpeall ar an oibleagáid imréitigh.
Bunóidh údaráis inniúla ábhartha an chontrapháirtí airgeadais agus na n-eintiteas eile laistigh den ghrúpa nósanna imeachta comhair d'fhonn a áirithiú go ndéanfar ríomh na suíomhanna ar leibhéal an ghrúpa go héifeachtach.
I gcás ina ndéanann ESMA, i gcomhréir le hAirteagal 10(4a), athbhreithniú ar na tairseacha imréitigh a shonraítear de bhun Airteagal 10(4), an chéad fhomhír, pointe (b), déanfaidh ESMA athbhreithniú freisin ar an tairseach imréitigh a shonraítear de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin an 25 Nollaig 2025.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 4b
Seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála
Ní dhíolmhófar idirbheart PTRR ón oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) ach amháin sna cásanna seo a leanas:
comhlíonann an t-eintiteas a dhéanann an cleachtadh PTRR (“soláthraí seirbhíse PTRR”) na ceanglais a leagtar amach faoi mhíreanna 3 agus 4 den Airteagal seo; agus
comhlíonann gach rannpháirtí sa chleachtadh PTRR na ceanglais faoi mhír 3 den Airteagal seo.
Maidir le cleachtadh PTRR incháilithe:
is eintiteas a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE atá neamhspleách ar na contrapháirtithe sna conarthaí díorthach thar an gcuntar a áirítear sa chleachtadh PTRR a dhéanfaidh é;
bainfear amach laghdú riosca leis i ngach ceann de na punanna a chuirtear faoi bhráid an chleachtaidh PTRR;
glacfar leis ina iomláine agus, mar thoradh air sin, ní bheidh na rannpháirtithe sa chleachtadh PTRR in ann a roghnú cé na trádálacha nach mór a fhorghníomhú faoin gcleachtadh PTRR;
ní bheidh sé oscailte le haghaidh rannpháirtíochta ach amháin do na heintitis a chuir punann faoi bhráid an chleachtaidh PTRR ar dtús;
beidh sé neodrach ó thaobh riosca don mhargadh de;
ní rannchuideoidh sé le praghasmhúnlú;
beidh sé i bhfoirm cleachtadh comhbhrú, athchothromaithe nó optamaithe nó teaglaim díobh sin;
cuirfear i gcrích é ar bhonn déthaobhach nó iltaobhach.
Déanfaidh soláthraí seirbhíse PTRR an méid seo a leanas:
rialacha réamh-chomhaontaithe an chleachtaidh PTRR a chomhlíonadh, lena n-áirítear modhanna agus algartaim i dtimthriallta réamhsceidealaithe, agus gníomhú ar bhealach réasúnta, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach;
a áirithiú nach mbeidh aon tionchar ag eintitis atá rannpháirteach i gcleachtadh PTRR ar thoradh an chleachtaidh PTRR;
tabhairt faoi chleachtaí tráthrialta comhbhrú i gcásanna ina mbíonn idirbhearta PTRR nua mar thoradh ar chleachtaí PTRR;
taifid iomlána agus chruinne a choinneáil ar gach idirbheart a fhorghníomhaítear de bhun cleachtadh PTRR, lena n-áirítear:
faisnéis faoi idirbhearta a rinneadh mar chuid den chleachtadh PTRR;
idirbhearta a eascraíonn as an gcleachtadh PTRR mar idirbhearta modhnaithe nó mar idirbhearta nua; agus
an t-athrú foriomlán ar riosca na bpunann éagsúil a áirítear sa chleachtadh PTRR;
arna iarraidh sin, na taifid dá dtagraítear i bpointe (d) a chur ar fáil, gan moill mhíchuí, don údarás inniúil ábhartha agus do ESMA; agus
faireachán a dhéanamh ar na hidirbhearta a eascraíonn as an gcleachtadh PTRR chun a áirithiú, a mhéid is féidir, nach mbeidh aon mhí-úsáid maidir leis an oibleagáid imréitigh nó dul timpeall uirthi mar thoradh ar an gcleachtadh PTRR.
An t-údarás inniúil a d’údaraigh an soláthraí seirbhíse PTRR i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE, sular féidir idirbheart PTRR a eascraíonn as cleachtadh PTRR arna dhéanamh ag an soláthraí seirbhíse PTRR sin a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh i gcomhréir le mír 1, déanfaidh sé an méid seo a leanas gan moill mhíchuí:
fógra a thabhairt do ESMA faoi ainm an tsoláthraí seirbhíse PTRR; agus
a mheasúnú a chomhroinnt le ESMA ar an gcaoi a gcomhlíonann an soláthraí seirbhíse PTRR na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4.
Déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dheimhniú do ESMA, ar bhonn bliantúil ar a laghad, go leanann an soláthraí seirbhíse PTRR de na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 a chomhlíonadh nó nach bhfuil seirbhísí PTRR á soláthar a thuilleadh ag an soláthraí seirbhíse PTRR, de réir mar is infheidhme.
Déanfaidh ESMA an fhaisnéis a fhaightear faoin gcéad fhomhír agus faoin dara fomhír den mhír seo a tharchur chuig údaráis gach Ballstáit ag a bhfuil cumhachtaí maoirseachta maidir leis an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
Déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, gan moill mhíchuí, fógra a thabhairt do ESMA i gcás nach gcomhlíonann soláthraí seirbhíse PTRR a thuilleadh na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4. Ar fhógra den sórt sin a fháil, bainfidh ESMA an soláthraí seirbhíse PTRR den liosta dá dtagraítear sa chúigiú fomhír den mhír seo. Ón dáta a baineadh an soláthraí seirbhíse PTRR den liosta sin, ní dhéanfar idirbhearta PTRR a eascraíonn as cleachtadh PTRR arna dhéanamh ag an soláthraí seirbhíse PTRR sin a dhíolmhú a thuilleadh ón oibleagáid imréitigh i gcomhréir le mír 1.
Foilseoidh ESMA, ar bhonn bliantúil, liosta de na soláthraithe seirbhíse PTRR a dtugtar fógra do ESMA fúthu faoin gcéad fhomhír, pointe (a).
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na heilimintí agus na ceanglais a leagtar amach i míreanna 3 agus 4 agus na coinníollacha nó na saintréithe eile seo a leanas a bhaineann le cleachtaí PTRR a shonrú tuilleadh:
cad is neodracht riosca margaidh ann i gcleachtadh PTRR;
an laghdú riosca is gá i bpunanna arna dtíolacadh;
an fhéidearthacht punanna measctha ina bhfuil idirbhearta imréitithe agus neamh-imréitithe araon a chuimsiú sa chleachtadh PTRR céanna agus na coinníollacha faoina gceadófaí cuimsiú den sórt sin;
ceanglais maidir leis an gcleachtadh PTRR a bhainistiú;
ceanglais le haghaidh cineálacha éagsúla seirbhísí PTRR;
an próiseas chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na díolúine a deonaíodh; agus
na critéir nach mór a chur i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an bhfuiltear ag dul timpeall ar an oibleagáid imréitigh.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 5
An nós imeachta maidir le hoibleagáid imréitigh
Laistigh de shé mhí ón ÚEUM fógra a fháil i gcomhréir le mír 1 nó tar éis dó nós imeachta aitheantais a leagtar amach in Airteagal 25 a chur i gcrích, déanfaidh ÚEUM, tar éis dó comhairliúchán poiblí a sheoladh agus tar éis dul dó i gcomhairle leis an BERS agus, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis inniúla tríú tíortha, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun tacaíocht an Choimisiúin a fháil ina leith, ar dréachtchaighdeáin iad lena sonraítear an méid seo a leanas:
an aicme díorthach thar an gcuntar ar cheart a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4;
an dáta nó na dátaí óna ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh, lena n-áirítear aon chéimniú isteach agus catagóirí na gcontrapháirtithe a mbeidh feidhm ag an oibleagáid maidir leo.
▼M12 —————
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Le linn dó na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt faoin mír seo, ní dhéanfaidh ÚEUM dochar don fhoráil idirthréimhseach a bhaineann le conarthaí díorthacha C6 mar a leagtar síos in Airteagal 95 de Threoir 2014/65/AE ( 14 ).
Tar éis an fógra a thabhairt, foilseoidh ÚEUM glao ar fhorbairt tograí le haghaidh imréiteach na n-aicmí díorthach sin.
Agus é d'aidhm uileghabhálach leo an riosca sistéamach a laghdú, déanfar leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó an chuid dá dtagraítear i mír 2(a) na critéir seo a leanas a bhreithniú:
méid an chaighdeánaithe ar théarmaí conarthacha agus ar phróisis oibríochtúla na haicme ábhartha conarthaí díorthacha thar an gcuntar;
toirt agus leachtacht na haicme ábhartha díorthach thar an gcuntar;
an fháil atá ar fhaisnéis chothrom, iontaofa agus a bhfuil glacadh go forleathan léi maidir le praghsáil san aicme ábhartha díorthach thar an gcuntar;
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á n-ullmhú, féadfaidh ÚEUM an idirnascthacht idir contrapháirtithe a úsáideann na haicmí ábhartha díorthach thar an gcuntar, an tionchar ionchasach ar leibhéil an riosca creidmheasa contrapháirtí idir na contrapháirtithe agus an tionchar ar iomaíocht ar fud an Aontais a bhreithniú.
D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar a thuilleadh na critéir dá dtagraítear i bpointe (8a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ina sonraítear tuilleadh na critéir dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 4.
Leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nó an chuid dá dtagraítear i mír 2(b), déanfar na critéir seo a leanas a bhreithniú:
an toirt a mbeidh coinne léi den aicme ábhartha díorthach thar an gcuntar;
an imréitíonn níos mó ná ceann amháin de na contrapháirtithe lárnacha an aicme chéanna díorthach thar an gcuntar cheana féin;
cumas na gcontrapháirtithe lárnacha ábharthacha an toirt a mbeidh coinne léi a láimhseáil agus bainistiú a dhéanamh ar an riosca a eascróidh as aicme ábhartha díorthacha thar an gcuntar imréiteach;
cineál agus líon na gcontrapháirtithe atá gníomhach agus a mbeidh coinne leis go mbeidh siad gníomhach laistigh den mhargadh don aicme ábhartha díorthach thar an gcuntar;
an tréimhse ama a theastóidh ó chontrapháirtí a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh chun socruithe a dhéanamh lena chonarthaí díorthach thar an gcuntar a imréiteach trí chontrapháirtí lárnach;
acmhainn bainistithe riosca agus dhlíthiúil agus oibríochtúil an réimse de chontrapháirtithe a bheidh gníomhach sa mhargadh don aicme ábhartha díorthach thar an gcuntar agus ar acmhainn í a bhféadfaí teacht i dtír uirthi leis an oibleagáid imréitigh de bhun Airteagal 4(1).
Airteagal 6
Clár poiblí
Áireofar an méid seo a leanas ar an gclár:
na haicmí díorthach thar an gcuntar atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh de bhun Airteagal 4;
na CPLanna a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 17 nó a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 25 agus dáta an údaraithe nó an aitheantais faoi seach, lenar léirítear cé na CPLanna atá údaraithe nó aitheanta chun críche na hoibleagáide imréitigh;
na dátaí óna ngabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh, lena n-áirítear aon chur chun feidhme céimnithe isteach;
na haicmí díorthach thar an gcuntar arna sainaithint ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 5(3);
▼M12 —————
na contrapháirtithe lárnacha a bhfuil fógra tugtha ag an údarás lárnach do ÚEUM ina leith chun críche na hoibleagáide imréitigh, agus dáta an fógra do gach ceann a thabhairt;
cion na gconarthaí díorthach a imréitítear i CPLanna a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14 amhail deireadh na bliana féilire i gcomparáid le conarthaí díorthach a imréitítear i CPLanna tríú tír a dtugtar aitheantas dóibh i gcomhréir le hAirteagal 25, arna dtíolacadh ar bhonn comhiomlán agus in aghaidh na haicme sócmhainní.
Cuirfidh ÚEUM aon dréachtchaighdeáin theicniúla rialála den sórt sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 6a
An oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí
Is ceadmhach do ÚEUM iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) maidir le haicmí sonracha díorthach thar an gcuntar nó cineál sonrach contrapháirtí a chur ar fionraí i gcás ina gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha seo a leanas:
níl na haicmí sonracha díorthach thar an gcuntar oiriúnach a thuilleadh don imréiteach lárnach i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 5(4) agus in Airteagal 5(5);
is dócha go scoirfidh contrapháirtí lárnach de na haicmí sonracha sin de dhíorthaigh thar an gcuntar a imréiteach agus nach bhfuil aon chontrapháirtí lárnach eile in ann na haicmí sonracha sin de dhíorthaigh thar an gcuntar a imréiteach gan bhriseadh;
is gá an oibleagáid imréitigh do na haicmí sonracha sin de díorthaigh thar an gcuntar nó do chineál contrapháirtí sonrach a chur ar fionraí chun bagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais nó chun feidhmiú ordúil mhargaí airgeadais an Aontais a sheachaint nó aghaidh a thabhairt uirthi agus tá an cur ar fionraí i gcomhréir leis na haidhmeanna sin.
Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír agus roimh an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le BERS agus leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22.
Gabhfaidh leis an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír fianaise gur comhlíonadh ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar amach inti.
I gcás ina measfaidh ÚEUM gur athrú ábhartha sna critéir don oibleagáid trádála a bhfuil éifeacht leo dá dtagraítear in Airteagal 32(5) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 é an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí, féadfar a áireamh san iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo iarraidh an oibleagáid trádála a leagtar síos in Airteagal 28(1) agus Airteagal 28(2) den Rialachán sin a chur ar fionraí freisin maidir leis na haicmí sonracha céanna de dhíorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hiarrata an oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí.
Laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis na hiarrata dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a fháil ón údarás inniúil, ar bhonnna gcúiseanna agus na fianaise a chuirfidh an t-údarás inniúil ar fáil, iarrfaidh ÚEUM ar an gCoimisiún an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a chur ar fionraí nó déanfaidh sé an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhiúltú. Cuirfidh ÚEUM an cinneadh sin in iúl don údarás inniúil lena mbaineann. I gcás ina ndiúltóidh ÚEUM an iarraidh a dhéanfaidh an t-údarás inniúil, cuirfidh sé cúiseanna ar fáil i scríbhinn.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86(3).
Beidh cur ar fionraí na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 5 bailí ar feadh na tréimhse tosaigh céanna.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86(3).
Déanfaidh ÚEUM, in am trátha roimh dheireadh na tréimhse cur ar fionraí dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo nó roimh dheireadh na tréimhse sínidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, tuairim a eisiúint don Choimisiún maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm i gcónaí leis na forais a bhí ann leis an bhfionraí a chur i bhfeidhm. Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le BERS agus leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22. Cuirfidh ÚEUM cóip den tuairim sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ní dhéanfar an tuairim sin a phoibliú.
Leis an ngníomh cur chun feidhme lena gcuirfear síneadh le cur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh, féadfar freisin síneadh a chur le tréimhse fionraí na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 7.
Beidh an síneadh a chuirfear le cur ar fionraí na hoibleagáide trádála bailí don tréimhse chéanna a gcuirfear síneadh le cur ar fionraí na hoibleagáide imréitigh.
Airteagal 6b
Fionraí na hoibleagáide imréitigh i gcás réitigh
I gcás ina gcomhlíonfaidh CPL na coinníollacha faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ), féadfaidh údarás réitigh an CPL a ainmnítear faoi Airteagal 3(1) den Rialachán seo nó an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 22(1) den Rialachán seo, ar a dtionscnamh féin nó ar iarraidh ó údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht ar chomhalta imréitigh de chuid an CPL faoi réiteach, iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo a chur ar fionraí i leith aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar nó i leith cineál sonrach contrapháirtí i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
na haicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh a bhfuiltear ag iarraidh fionraí ina leith, údaraítear don CPL atá faoi réiteach iad a imréiteach; agus
is gá an oibleagáid imréitigh d’aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar nó do chineál sonrach contrapháirtí a chur ar fionraí chun bagairt thromchúiseach a sheachaint ar chobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas maidir le réiteach an CPL, nó chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin, agus tá an cur ar fionraí sin i gcomhréir leis na haidhmeanna sin.
Beidh fianaise go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) den fhomhír sin ag gabháil leis an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Tabharfaidh an t-údarás dá dtagraítear sa chéad fhomhír fógra faoina iarraidh réasúnaithe do ESMA agus do BERS, an tráth céanna a chuirtear an iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin.
Cuirfidh ESMA a iarraidh réasúnaithe faoi bhráid an údaráis dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 agus do BERS an tráth céanna a chuirtear an iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin.
Agus an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír sin á ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an tuairim a d’eisigh ESMA dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/23, na critéir a leagtar amach in Airteagal 5(4) agus (5) den Rialachán seo maidir leis na haicmí díorthach thar an gcuntar sin agus an gá leis an bhfionraí chun bagairt thromchúiseach ar an gcobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú rianúil na margaí airgeadais san Aontas a sheachaint nó chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin.
I gcás ina ndiúltóidh an Coimisiún an fionraí a iarradh, tabharfaidh sé cúiseanna ina leith sin i scríbhinn don údarás iarrthach dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 agus do ESMA. Cuirfidh an Coimisiún in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle láithreach ina leith sin agus cuirfidh sé na cúiseanna a tugadh don údarás iarrthach dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 ar aghaidh chucu agus chuig ESMA. Ní dhéanfar an fhaisnéis sin a phoibliú.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86(3).
Beidh fionraí na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 6 bailí ar feadh na tréimhse tosaigh céanna.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86(3).
Beidh fianaise ag gabháil leis an iarraidh go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1 á gcomhlíonadh i gcónaí.
Tabharfaidh an t-údarás dá dtagraítear sa chéad fhomhír a iarraidh réasúnaithe do ESMA agus do BERS, an tráth céanna a thugtar an iarraidh don Choimisiún.
Ní dhéanfar an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a phoibliú.
Gan moill mhíchuí tar éis fógra faoin iarraidh a fháil, agus má mheasann sé gur gá sin, tar éis dul i gcomhairle le BERS, déanfaidh ESMA tuairim a eisiúint don Choimisiún maidir le cé acu atá nó nach bhfuil feidhm fós ag na forais is bonn leis an bhfionraí, agus an gá le bagairt thromchúiseach a sheachaint ar chobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas, nó le haghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin, na cuspóirí réitigh a leagtar síos in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/23, agus na critéir a leagtar amach i d’Airteagal 5(4) agus (5) den Rialachán seo á gcur san áireamh. Seolfaidh ESMA cóip den tuairim sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ní dhéanfar an tuairim sin a phoibliú.
Féadfaidh an gníomh cur chun feidhme a chuireann síneadh le fionraí na hoibleagáide imréitigh síneadh a chur freisin le tréimhse fionraí na hoibleagáide trádála dá dtagraítear i mír 6.
Beidh an síneadh a chuirfear le fionraí na hoibleagáide trádála bailí ar feadh na tréimhse céanna leis an síneadh a chuirfear le fionraí na hoibleagáide imréitigh.
Airteagal 7
Rochtain ar chontrapháirtí lárnach
Aon CPP a bheidh údaraithe chun conarthaí díorthacha thar an gcuntar a imréiteach, glacfaidh sé na conarthaí sin a imréiteach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, lena n-áirítear maidir le ceanglais chomhthaobhachta agus táillí a bhaineann le rochtain, beag beann ar an ionad trádála. Áireofar leis sin, go háirithe, go mbeidh an ceart ag ionad trádála ar láimhseáil neamh-idirdhealaitheach ar conas a thrádálfar conarthaí ar an ionad trádála sin a láimhseálfar sna téarmaí seo a leanas:
ceanglais chomhthaobhachta agus glanluacháil conarthaí atá coibhéiseach, i gcás nach mbeadh cuimsiú na gconarthaí sin sa dún-amach agus i nósanna imeachta glanluachála eile de chuid CPP atá bunaithe ar an dlí dócmhainneachta is infheidhme ina bhaol ar fheidhmiú réidh agus ordúil, ar bhailíocht agus/nó ar in-fhorfheidhmitheacht na nósanna imeachta sin; agus
traséarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha arna n-imréiteach ag an CPP céanna faoi shamhail riosca a chomhlíonann Airteagal 41.
Féadfaidh CCP a éileamh go ndéanfaidh ionad trádála na ceanglais oibríochtúla agus teicniúla arna mbunú ag an CCP, lena n-áirítear ceanglais um bainistiú riosca, a chomhlíonadh.
Ní fhéadfaidh údarás inniúil an ionaid um fhorghníomhú agus údarás inniúil an chontrapháirtí lárnach rochtain ar chontrapháirtí lárnach a dhiúltú tar éis iarraidh fhoirmiúil a fháil ón ionad um fhorghníomhú ach amháin sa chás ina mbeadh an rochtain sin ina bagairt ar fheidhmiú réidh agus ordúil na margaí nó sa chás ina mbeadh tionchar dochrach acu ar an riosca sistéimeach.
Airteagal 7a
Cuntas gníomhach
I gcás ina dtagann contrapháirtí airgeadais nó contrapháirtí neamhairgeadais faoi réir na hoibleagáide cuntas gníomhach a shealbhú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, tabharfaidh an contrapháirtí airgeadais nó an contrapháirtí neamhairgeadais sin fógra faoi do ESMA agus dá údarás inniúil ábhartha agus bunóidh sé cuntas gníomhach den sórt sin laistigh de 6 mhí ón uair a bheidh sé faoi réir na hoibleagáide sin.
Contrapháirtithe a thagann faoi réir na hoibleagáide a leagtar amach i mír 1, an chéad fhomhír, áiritheoidh siad go gcomhlíonfar gach ceann de na ceanglais seo a leanas:
tá an cuntas ag feidhmiú go buan, lena n-áirítear le doiciméadacht dhlíthiúil, nascacht TF agus próisis inmheánacha a bhaineann leis an gcuntas a bheith i bhfeidhm;
tá córais agus acmhainní ar fáil don chontrapháirtí le bheith in ann, go hoibríochtúil, an cuntas a úsáid, fiú ar gearrfhógra, le haghaidh méideanna móra de na conarthaí díorthach dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo i gcónaí agus le bheith in ann sreabhadh mór idirbheart a fháil, i dtréimhse ghearr ama, ó shuíomhanna arna sealbhú i seirbhís imréitigh a bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil léi de bhun Airteagal 25(2c);
is féidir trádálacha nua uile an chontrapháirtí faoi seach sna conarthaí díorthach dá dtagraítear i mír 6 a imréiteach sa chuntas i gcónaí;
déanann an contrapháirtí imréiteach sa chuntas gníomhach trádálacha atá ionadaíoch ar na conarthaí díorthach dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a imréitítear ag seirbhís imréitigh a bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil léi de bhun Airteagal 25(2c) le linn na tréimhse tagartha.
Déanfar measúnú ar an oibleagáid ionadaíochais dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), de réir na gcritéar seo a leanas:
na haicmí éagsúla conarthaí díorthach;
aibíocht na dtrádálacha;
na méideanna trádála.
Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid ionadaíochais dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), maidir le contrapháirtithe ag a bhfuil méid barúlach imréitigh gan íoc atá níos lú ná EUR 6 bhilliún sna conarthaí díorthach dá dtagraítear i mír 6.
Is ar fhochatagóirí a bhunófar an measúnú ar an oibleagáid ionadaíochais dá dtagraítear i mír 3, pointe (d). I gcás gach aicme conarthaí díorthach, is toradh ar theaglaim de mhéideanna éagsúla na dtrádálacha agus de na raonta aibíochta a bheidh i líon na bhfochatagóirí.
Comhlíonfaidh an contrapháirtí na ceanglais dá dtagraítear i mír 3, pointí (a), (b) agus (c), laistigh de 6 mhí ón uair a thiocfaidh sé faoi réir na hoibleagáide a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus tuairisceoidh an contrapháirtí sin go tráthrialta i gcomhréir le hAirteagal 7b. Déanfar tástáil struis go tráthrialta ar na ceanglais uair amháin sa bhliain ar a laghad.
Chun go gcomhlíonfar an oibleagáid ionadaíochais dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), déanfaidh na contrapháirtithe cúig thrádáil ar a laghad a imréiteach, ar bhonn meán bliantúil, i ngach ceann de na fochatagóirí is ábhartha de réir aicme conarthaí díorthach agus in aghaidh na tréimhse tagartha a shainítear i gcomhréir le mír 8, an tríú fomhír. I gcás inar mó líon na dtrádálacha dá thoradh sin ná leath na dtrádálacha iomlána a bhí ag an gcontrapháirtí sin don 12 mhí roimhe sin, measfar an oibleagáid ionadaíochais dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), a bheith comhlíonta i gcás ina n-imréitíonn an contrapháirtí sin trádáil amháin ar a laghad i ngach ceann de na fochatagóirí is ábhartha in aghaidh na haicme conarthaí díorthach in aghaidh na tréimhse tagartha.
Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid ionadaíochais dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), maidir le seirbhísí imréitigh cliant a sholáthar. Agus méid barúlach imréitigh contrapháirtí gan íoc dá dtagraítear i mír 8, an ceathrú fomhír, á ríomh, ní áireofar a ghníomhaíochtaí imréitigh cliant.
Is iad seo a leanas na catagóirí conarthaí díorthach a bheidh faoi réir na hoibleagáide dá dtagraítear i mír 1:
díorthaigh ráta úis arna n-ainmniú in euro nó i zloty na Polainne;
díorthaigh ráta úis ghearrthéarmaigh arna n-ainmniú in euro.
Chun liosta na gconarthaí atá faoi réir oibleagáidí cuntais ghníomhaigh a leasú, cuirfidh ESMA faoi bhráid an Choimisiúin, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus le comhaontú ó na bainc cheannais eisiúna, anailís chríochnúil agus chuimsitheach costais is tairbhe, i gcomhréir leis an measúnú teicniúil cainníochtúil a shonraítear in Airteagal 25(2c), an chéad fhomhír, pointe (c), de réir mar is ábhartha, lena n-áirítear éifeachtaí ar airgeadraí eile de chuid an Aontais, agus ina ndéantar measúnú ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag na hoibleagáidí cuntais ghníomhaigh a leathnú chuig na cineálacha nua conarthaí, agus tuairim i dtaca leis an measúnú sin. Ní bhainfidh comhaontú na mbanc ceannais eisiúna ach leis na conarthaí atá ainmnithe san airgeadra a eisíonn siad.
I gcás ina ndéanann ESMA an measúnú agus ina n-eisíonn sé tuairim ina gcinntear gur cheart liosta na gconarthaí a leasú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun liosta na gconarthaí díorthach faoin gcéad fhomhír den mhír seo a leasú.
Maidir leis an oibleagáid ionadaíochais dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), sonróidh ESMA na haicmí éagsúla conarthaí díorthach, faoi réir teorainn trí aicme, na raonta aibíochta éagsúla, faoi réir teorainn ceithre raon aibíochta, agus na raonta éagsúla méide trádála, faoi réir teorainn trí raon méide trádála, chun ionadaíochas na gconarthaí díorthach atá le himréiteach trí na cuntais ghníomhacha a áirithiú.
Socróidh ESMA líon na bhfochatagóirí is ábhartha in aghaidh na haicme conarthaí díorthach, nach mbeidh níos airde ná 5 cinn, atá le léiriú sa chuntas gníomhach. Is iad a bheidh sna fochatagóirí is ábhartha na fochatagóirí sin ina bhfuil an líon is airde trádálacha le linn na tréimhse tagartha.
Socróidh ESMA freisin fad na tréimhse tagartha, nach mbeidh níos lú ná 6 mhí i gcás contrapháirtithe ag a bhfuil méid barúlach imréitigh gan íoc atá níos lú ná EUR 100 billiún sna conarthaí díorthach dá dtagraítear i mír 6 agus nach lú ná mí amháin i gcás contrapháirtithe a bhfuil méid barúlach imréitigh gan íoc atá níos mó ná EUR 100 billiún acu sna conarthaí díorthach dá dtagraítear i mír 6.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Meitheamh 2025.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Gan dochar do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le pionóis agus pionóis a fhorchur, i gcás ina bhfaightear go bhfuil a oibleagáidí faoin Airteagal seo á sárú ag contrapháirtí airgeadais nó neamhairgeadais, déanfaidh a údarás inniúil, le cinneadh, pionóis riaracháin nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, nó iarrfaidh sé ar údaráis bhreithiúnacha inniúla pionóis nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, chun iallach a chur ar an gcontrapháirtí sin deireadh a chur lena shárú.
Beidh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil dá dtagraítear sa dara fomhír éifeachtach agus comhréireach agus ní bheidh sí níos mó ná 3 % ar a mhéad den mheánláimhdeachas laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin. Déanfar í a fhorchur ar gach lá moille, agus déanfar í a ríomh ón dáta a shonraítear sa chinneadh lena bhforchuirtear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
Déanfar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil dá dtagraítear sa dara fomhír a fhorchur ar feadh uastréimhse 6 mhí tar éis an fógra faoi chinneadh an údaráis inniúil a fháil. Tar éis dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú ar an mbeart agus cuirfidh sé síneadh leis más gá.
Cuirfidh ESMA tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún i dteannta an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lena n-áirítear measúnú tionchair lánréasúnaithe ar bhearta comhlántacha, lena n-áirítear tairseacha cainníochtúla.
D’ainneoin na chéad fhomhíre, tíolacfaidh ESMA a mheasúnú agus a mholtaí tráth ar bith tar éis dó fógra foirmiúil a fháil ón Sásra Faireacháin Comhpháirteach, ina léirítear gur dócha go dtiocfaidh rioscaí cobhsaíochta airgeadais don Aontas chun cinn mar thoradh ar imthosca sonracha a spreag teagmhas a bhfuil impleachtaí sistéamacha aige.
Laistigh de 6 mhí ón tuarascáil ó ESMA dá dtagraítear sa dara fomhír a fháil, ullmhóidh an Coimisiún a thuarascáil féin agus féadfaidh togra reachtach a bheith ag gabháil léi, i gcás inarb iomchuí.
Airteagal 7b
Faireachán ar an oibleagáid cuntais ghníomhaigh
Úsáidfidh na contrapháirtithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo an fhaisnéis arna tuairisciú faoi Airteagal 9 i gcás inarb ábhartha. Áireofar sa tuairisciú freisin léiriú don údarás inniúil go bhfuil an doiciméadacht dhlíthiúil, an nascacht TF agus na próisis inmheánacha a bhaineann leis na cuntais ghníomhacha i bhfeidhm.
Airteagal 7c
Faisnéis faoi sholáthar seirbhísí imréitigh
Déanfaidh comhaltaí imréitigh agus cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar:
nuair a bhunaíonn siad caidreamh imréitigh cliant le cliant; agus
ar bhonn ráithiúil ar a laghad.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 7d
Faisnéis faoi ghníomhaíocht imréitigh i CPLanna a dtugtar aitheantas dóibh faoi Airteagal 25
Déanfaidh comhaltaí imréitigh agus cliaint a imréitíonn conarthaí trí CPL a dtugtar aitheantas dó faoi Airteagal 25 gníomhaíocht imréitigh den sórt sin a thuairisciú mar a leanas:
i gcás ina bhfuil siad bunaithe san Aontas ach nach bhfuil siad mar chuid de ghrúpa atá faoi réir maoirseacht chomhdhlúite san Aontas, tuairisceoidh siad dá n-údaráis inniúla;
i gcás inar cuid de ghrúpa iad atá faoi réir maoirseacht chomhdhlúite san Aontas, tuairisceoidh máthairghnóthas an Aontais den ghrúpa sin gníomhaíocht imréitigh den sórt sin ar bhonn comhdhlúite dá údarás inniúil.
Beidh faisnéis faoi raon feidhme na gníomhaíochta imréitigh sa CPL aitheanta a dhéantar ar bhonn bliantúil sna tuarascálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír lena sonraítear an méid seo a leanas:
cineál na n-ionstraimí airgeadais nó na n-ionstraimí neamhairgeadais a imréitíodh;
na meánluachanna a imréitíodh i gcaitheamh 1 bhliain amháin in aghaidh an airgeadra de chuid an Aontais agus in aghaidh na haicme sócmhainne;
méid na héarlaise a bailíodh;
na ranníocaíochtaí leis an gciste mainneachtana; agus
an oibleagáid íocaíochta is mó.
Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír a tharchur go pras chuig ESMA agus chuig an Sásra Faireacháin Comhpháirteach.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 7e
Faisnéis faoi CPLanna de chuid an Aontais
Déanfaidh CPLanna a údaraítear faoi Airteagal 14 an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a thuairisciú do ESMA ar bhonn míosúil tríd an mbunachar sonraí lárnach arna bhunú ag ESMA de bhun Airteagal 17c (“an bunachar sonraí lárnach”):
na luachanna agus na méideanna a imréitítear in aghaidh an airgeadra agus in aghaidh na haicme sócmhainne, lena n-áirítear luach na suíomhanna arna sealbhú ag rannpháirtithe imréitigh;
infheistíochtaí an CPL;
caipiteal an CPL, lena n-áirítear acmhainní dílse tiomnaithe a úsáidtear sa mhainneachtain i bhfoirm cascáide amhail dá dtagraítear in Airteagal 45(4) den Rialachán seo agus in Airteagal 9(14) de Rialachán (AE) 2021/23;
ceanglais éarlaise na gcomhaltaí imréitigh, ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana, agus acmhainní atá geallta go conarthach sa bhainistiú mainneachtana nó sna pleananna téarnaimh dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2021/23;
leormhaitheas na héarlaise agus na ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana agus na n-acmhainní cascáide i ndáil le hAirteagail 41, 42 agus 45;
acmhainní leachtacha an CPL atá ar fáil agus torthaí na tástála struis leachtachta;
mionsonraí na gcomhaltaí imréitigh, na gcliant a shealbhaíonn cuntais leithscartha aonair, tríú páirtithe a sholáthraíonn mórghníomhaíochtaí atá nasctha le bainistiú riosca an CPL, soláthraithe leachtachta ábhartha atá nasctha leis an CPL, chomh maith le CPLanna idir-inoibritheacha agus nasctha;
aon athrú atá curtha chun feidhme go díreach ag an CPL i gcomhréir le hAirteagal 15a.
Beidh rochtain ag comhaltaí choláiste an CPL dá dtagraítear in Airteagal 18 ar an bhfaisnéis arna soláthar i gcomhréir leis an Airteagal seo tríd an mbunachar sonraí lárnach.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 8
Rochtain ar ionad trádála
Ní dheonófar rochtain an chontrapháirtí lárnaigh ar an ionad trádála ach amháin sa chás ina mbeadh gá le hidir-inoibritheacht de bharr rochtana den sórt sin nó nach ndéanfaí bagairt ar fheidhmiú réidh agus ordúil na margaí go háirithe mar thoradh ar ilroinnt leachtachta agus go mbeadh sásra leordhóthanach curtha ar bun ag an ionad trádála chun ilroinnt den sórt sin a chosc.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 9
Oibleagáid tuairiscithe
Déanfaidh contrapháirtithe airgeadais, contrapháirtithe neamhairgeadais agus CPLanna atá faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe nósanna imeachta agus socruithe iomchuí a chur i bhfeidhm chun cáilíocht na sonraí a thuairiscíonn siad i gcomhréir leis an Airteagal seo a áirithiú.
I gcás ina gcomhlíonann contrapháirtí neamhairgeadais atá mar chuid de ghrúpa na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 10(1), an dara fomhír, agus ina dtairbhíonn sé den díolúine a leagtar amach sa chúigiú fomhír den mhír seo, tuairisceoidh máthairghnóthas an Aontais den chontrapháirtí neamhairgeadais sin na glansuíomhanna comhiomlána de réir aicme díorthach an chontrapháirtí neamhairgeadais sin dá údarás inniúil ar bhonn seachtainiúil. I gcás contrapháirtí atá bunaithe san Aontas, roinnfidh údarás inniúil an mháthairghnóthais an fhaisnéis le ESMA agus le húdarás inniúil an chontrapháirtí sin.
Beidh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir le conarthaí díorthach:
a rinneadh roimh an 12 Feabhra 2014 agus atá fós le híoc an dáta sin;
a rinneadh an 12 Feabhra 2014 nó tar a éis sin.
D'ainneoin Airteagal 3, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe maidir le conarthaí díorthach laistigh den ghrúpa céanna i gcás inar contrapháirtí neamhairgeadais ceann amháin, ar a laghad, de na contrapháirtithe nó i gcás ina mbeadh sé incháilithe mar chontrapháirtí neamhairgeadais dá mbeadh sé bunaithe san Aontas, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas:
áirítear an dá chontrapháirtí sa chomhdhlúthú céanna ar bhonn iomlán;
tá an dá contrapháirtí faoi réir na nósanna imeachta iomchuí láraithe maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú; agus
ní contrapháirtí airgeadais é an máthairghnóthas.
Tabharfaidh na contrapháirtithe fógra dá n-údaráis inniúla go bhfuil sé beartaithe acu an díolúine dá dtagraítear sa tríú fomhír a chun i bhfeidhm. Beidh an díolúine bailí ach i gcás nach dtiocfaidh na húdaráis inniúla a gcuirtear fógra chucu, laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra, ar chomhaontú maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear sa tríú fomhír.
Chun a áirithiú go mbeidh na sonraí go léir ag an gcontrapháirtí airgeadais a a bhfuil gá aige leo chun an oibleagáid tuairiscithe a chomhlíonadh, déanfaidh an contrapháirtí neamhairgeadais na mionsonraí a sholáthar don chontrapháirtí airgeadais, ar mionsonraí iad a bhaineann leis na conarthaí díorthach thar an gcuntar a tugadh chun críche eatarthu agus nach féidir a bheith ag súil leis le réasún go mbeidís i seilbh an chontrapháirtí airgeadais. Is ar an gcontrapháirtí neamhairgeadais a bheidh an fhreagracht a áirithiú go mbeidh na mionsonraí sin cruinn.
In ainneoin na chéad fhomhíre, féadfaidh na contrapháirtithe neamhairgeadais sin atá tar éis infheistiú cheana féin i gcóras tuairiscithe a chinneadh mionsonraí a gconarthaí díorthach thar an gcuntar a thuairisciú do chontrapháirtithe airgeadais nó do stór trádála. Sa chás sin, cuirfidh na contrapháirtithe neamhairgeadais an cinneadh sin in iúl do na contrapháirtithe airgeadais lenar thug siad conarthaí díorthach thar an gcuntar chun críche sula ndéanfaidh siad na mionsonraí sin a thuairisciú. Sa chás sin, is iad na contrapháirtithe neamhairgeadais a bheidh freagrach, agus faoi dhliteanas dlíthiúil maidir leis na mionsonraí sin a thuairisciú agus maidir lena gcruinneas a áirithiú.
Contrapháirtí neamhairgeadais nach gcomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 10(1) agus a thugann conradh díorthach thar an gcuntar chun críche le heintiteas arna bhunú i dtríú tír, ní cheanglófar air tuairisciú de bhun an Airteagail seo agus ní bheidh sé dliteanach go dlíthiúil mionsonraí maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar den sórt sin a thuairisciú ná cruinneas na mionsonraí sin a áirithiú, ar choinníoll:
go mbeadh an t-eintiteas tríú tír sin cáilithe mar chontrapháirtí airgeadais dá mbunófaí san Aontas é; agus
▼M18 —————
gur thuairiscigh an contrapháirtí sin de chuid tríú tír an fhaisnéis sin de bhun chóras dlí an tríú tír sin lena tuairisciú do stór trádála atá faoi réir oibleagáid infheidhmithe atá ceangailteach ó thaobh dlí rochtain dhíreach láithreach ar na sonraí a dheonú do na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 81(3).
Sa chás sin, áiritheoidh ÚEUM go mbeidh rochtain ag na heintitis ábhartha uile dá dtagraítear in Airteagal 81(3) ar mhionsonraí uile na gconarthaí díorthachaa theastaíonn uathu chun a ndualgais agus a sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh.
Níor cheart go mbeadh aon dliteanas ar an eintiteas tuairiscithe nó ar a stiúrthóirí nó a fhostaithe ag éirí as an nochtadh sin.
Sonrófar an méid seo a leanas, ar a laghad, sna tuarascála dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3:
na páirtithe sa chonradh díorthach agus, murab ionann iad, tairbhí na gceart agus na n-oibleagáidí a thagann as;
príomhthréithe na gconarthaí díorthacha, lena n-áirítear a gcineáil, an aibíocht fholuiteach, an luach barúlach, an praghas agus an dáta socraíochta.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 3, déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh ina sonrófar:
caighdeáin agus formáidí sonraí na faisnéise a bheidh le tuairisciú, ina mbeidh ceann amháin den mhéid seo a leanas ar a laghad:
aitheantóirí domhanda eintitis dhlítheanaigh (LEInna);
uimhreacha aitheantais idirnáisiúnta urrús ( ISINanna);
aitheantóirí uathúla trádála (UTInna);
na modhanna agus na socruithe maidir le tuairisciú;
minicíocht na dtuarascálacha;
an dáta faoina ndéanfar conarthaí díorthach a thuairisciú.
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme á gceapadh aige, cuirfidh ÚEUM san áireamh forbairtí agus caighdeáin idirnáisiúnta a aontófar ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal domhanda, agus a gcomhsheasmhacht leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2015/2365 ( 17 ) agus Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020.
Tabharfar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 10
Contrapháirtithe neamhairgeadais
I gcás nach ndéanfaidh contrapháirtí neamhairgeadais a shuíomhanna a ríomh nó nuair a sháróidh toradh an ríomha sin i leith cheann amháin nó níos mó d'aicmí díorthach thar an gcuntar na tairseacha réitigh de réir mar a shonraítear de bhun phointe (b) den chéad fhomhír de mhír 4, déanfaidh an contrapháirtí neamhairgeadais sin an méid seo a leanas:
tabharfaidh sé fógra láithreach maidir leis sin do ÚEUM agus don údarás inniúil ábhartha, agus, i gcás inarb ábhartha, sonróidh sé an tréimhse arna húsáid don ríomh;
bunóidh sé socruithe imréitigh laistigh de cheithre mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír den mhír seo a thabhairt;
beidh sé faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4 do na conarthaí díorthach thar an gcuntar a dhéantar nó a nuaitear tráth is déanaí ná ceithre mhí tar éis an fógra a thabhairt dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír den mhír seo a bhaineann leis na haicmí sócmhainne sin ar ina leith a sháróidh toradh an ríomha na tairseacha réitigh nó, i gcás nach bhfuil a shuíomh ríofa ag an gcontrapháirtí neamhairgeadais, a bhaineann le haon aicme de dhíorthaigh thar an gcuntar a bheidh faoi réir na hoibleagáide imréitigh.
Beidh sé ar chumas an chontrapháirtí neamhairgeadais a thaispeáint don údarás inniúil ábhartha nach ndéanfar fomheastachán córasach ar an suíomh mar gheall ar an ríomh ar mheánsuíomh cinn míosa rollach don 12 mhí roimhe sin.
Déanfaidh ESMA, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus le húdaráis ábhartha eile, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú:
na critéir chun a shuí cé na conarthaí díorthach thar an gcuntar is féidir a thomhas go hoibiachtúil mar chonarthaí lena laghdaítear rioscaí a bhaineann go díreach leis an ngníomhaíocht tráchtála nó leis an ngníomhaíocht maoinithe cisteáin dá dtagraítear i mír 3;
luachanna na dtairseach imréitigh i gcomhair suíomhanna neamh-imréitithe, a chinntear agus an mhodheolaíocht ríofa a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo agus in Airteagal 4a(3) á cur san áireamh, ábharthacht shistéamach shuim na nglansuíomhanna agus na neamhchosaintí in aghaidh an chontrapháirtí agus in aghaidh na haicme díorthach thar an gcuntar; agus
na sásraí lena spreagtar athbhreithniú ar luachanna na dtairseach imréitigh tar éis luaineachtaí suntasacha praghsanna san aicme fholuiteach de dhíorthaigh thar an gcuntar nó tar éis méadú suntasach ar rioscaí don chobhsaíocht airgeadais.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Beidh tuarascáil ó ESMA ar an ábhar ag gabháil leis an athbhreithniú tréimhsiúil sin.
Gach 2 bhliain ar a laghad ón 24 Nollaig 2024, tíolacfaidh ESMA tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún ar ghníomhaíochtaí contrapháirtithe neamhairgeadais de chuid an Aontais i ndíorthaigh thar an gcuntar, ina sainaithnítear réimsí ina bhfuil easpa cóineasaithe agus comhsheasmhachta i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo chomh maith leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht airgeadais an Aontais.
Airteagal 11
Teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach ndéantar a imréiteach trí chontrapháirtí lárnach
Contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais a dhéanann conradh díorthach thar an gcuntar nach ndéantar a imréiteach trí chontrapháirtí lárnach, áiritheoidh siad, agus dícheall cuí á fheidhmiú acu, go bhfuil nósanna imeachta agus socruithe iomchuí i bhfeidhm chun riosca oibríochtúil agus riosca creidmheasa contrapháirtí a thomhas, faireachán a dhéanamh air agus a mhaolú, lena n-áirítear an méid seo a leanas, ar a laghad:
deimhniú tráthúil ar théarmaí an chonartha díorthach thar an gcuntar iomchuí, agus é sin a dhéanamh trí mheán leictreonach nuair atá an meán sin ar fáil;
próisis fhoirmiúlaithe atá daingean, láidir agus in-iniúchta chun punanna a réiteach, chun an riosca atá bainteach a bhainistiú; agus chun díospóidí idir páirtithe a shainaithint go luath agus a réiteach, agus chun faireachán a dhéanamh ar luach na gconarthaí atá amuigh.
Contrapháirtí neamhairgeadais a thagann faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo, bunóidh sé na socruithe is gá chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh laistigh de 4 mhí tar éis an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 10(1), an dara fomhír, pointe (a). Beidh contrapháirtí neamhairgeadais díolmhaithe ó na hoibleagáidí sin i gcás conarthaí a dhéantar le linn na 4 mhí tar éis an fhógra sin
Contrapháirtí neamhairgeadais a thagann faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo, bunóidh sé na socruithe is gá chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh laistigh de 4 mhí tar éis an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 10(1), an dara fomhír, pointe (a). Beidh contrapháirtí neamhairgeadais díolmhaithe ó na hoibleagáidí sin i gcás conarthaí a dhéantar le linn na 4 mhí tar éis an fhógra sin.
Déanfaidh contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais dá dtagraítear in Airteagal 10(1) iarratas ar údarú óna n-údaráis inniúla sula n-úsáidfidh siad samhail le haghaidh ríomh éarlaise tosaigh, nó sula nglacfaidh siad athrú uirthi, maidir leis na nósanna imeachta bainistithe riosca a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo. Agus iarratas ar údarú á dhéanamh acu, déanfaidh na contrapháirtithe sin, tríd an mbunachar sonraí lárnach, an fhaisnéis ábhartha uile faoi na nósanna imeachta bainistithe riosca sin a sholáthar dá n-údaráis inniúla. Déanfaidh na húdaráis inniúla sin údarú den sórt sin a dheonú nó diúltóidh siad é a dheonú laistigh de 6 mhí tar éis dóibh an t-iarratas ar shamhail nua a fháil nó laistigh de 3 mhí ón iarratas ar athrú ar shamhail atá údaraithe cheana a fháil.
I gcás ina bhfuil an tsamhail dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo bunaithe ar shamhail pro forma, déanfaidh an contrapháirtí iarratas ar bhailíochtú na samhla sin a chur chuig ÚBE agus déanfaidh sé an fhaisnéis ábhartha uile dá dtagraítear san fhomhír sin a sholáthar do ÚBE tríd an mbunachar sonraí lárnach. Ina theannta sin, déanfaidh an contrapháirtí an fhaisnéis faoin méid barúlach gan íoc dá dtagraítear i mír 12a den Airteagal seo a sholáthar do ÚBE tríd an mbunachar sonraí lárnach.
I gcás ina bhfuil an tsamhail dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo bunaithe ar shamhail pro forma, ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla an t-údarú a dheonú ach amháin i gcás ina bhfuil an tsamhail pro forma bailíochtaithe ag ÚBE.
Féadfaidh ÚBE, i gcomhar le ESMA agus ÚEÁPC, treoirlínte nó moltaí a eisiúint d’fhonn próiseas aonfhoirmeach cur i bhfeidhm agus údarúcháin na nósanna imeachta bainistithe riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a áirithiú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010
Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, déanfaidh ESMA, i gcomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, faireachán ar an méid seo a leanas:
forbairtí rialála i ndlínsí tríú tír maidir le láimhseáil roghanna aonstoic agus roghanna innéacs cothromais;
tionchar an mhaolaithe a leagtar síos sa chéad fhomhír ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar chobhsaíocht airgeadais ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit; agus
forbairt neamhchosaintí i roghanna aonstoic agus roghanna innéacs cothromais nach bhfuil imréitithe ag CPL.
Gach 3 bliana ar a laghad ón 24 Nollaig 2024, déanfaidh ESMA, i gcomhar le ÚBE agus ÚEÁPC, na fionnachtana a eascraíonn as a fhaireachán dá dtagraítear sa dara fomhír a thuairisciú don Choimisiún.
Laistigh de bhliain amháin tar éis dó an tuarascáil dá dtagraítear sa tríú fomhír a fháil, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na nithe seo a leanas:
an amhlaidh atá níos mó cóineasaithe ann maidir le láimhseáil roghanna aonstoic agus roghanna innéacs cothromais mar thoradh ar fhorbairtí idirnáisiúnta; agus
an amhlaidh a chuireann an maolú a leagtar síos sa chéad fhomhír cobhsaíocht airgeadais an Aontais nó cobhsaíocht airgeadais ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit i mbaol;
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun an Rialachán seo a leasú tríd an maolú a leagtar síos sa chéad fhomhír a chúlghairm tar éis tréimhse oiriúnaithe. Ní rachaidh an tréimhse oiriúnaithe thar 2 bhliain.
Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a), (b) nó (c) a a bheidh déanta ag contrapháirtithe atá bunaithe i mBallstáit éagsúla, beidh sé díolmhaithe go hiomlán nó go páirteach ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar bhonn cinnidh dhearfaigh ón dá údarás inniúla ábhartha, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;
nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.
Mura n-éiríonn leis na húdaráis inniúla teacht ar chinneadh dearfach laistigh de 30 lá féilire tar éis dóibh an t-iarratas ar dhíolúine a fháil, féadfaidh ÚEUM cabhrú leis na húdaráis sin teacht ar comhaontú i gcomhréir lena chumhachtaí faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a bheidh déanta ag comhpháirtithe neamhairgeadais atá bunaithe i mBallstáit éagsúla, beidh sé díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;
nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.
Tabharfaidh na contrapháirtithe neamhairgeadais fógra do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 10(5) go bhfuil sé ar intinn aige an díolúine a chur i bhfeidhm. Beidh an díolúine bailí go dtí an tráth, laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra, ach amháin nach gcomhaontóidh ceann amháin nó ceann eile de na húdaráis inniúla ar cuireadh fógra chucu go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den chéad fhomhír á gcomhlíonadh.
Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a) go (d) a bheidh déanta ag contrapháirtí atá bunaithe san Aontas agus contrapháirtí atá bunaithe i ndlínse tríú tír, beidh sé díolmhaithe go hiomlán nó go páirteach ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar bhonn cinnidh dhearfaigh ón údarás inniúil ábhartha a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an gcontrapháirtí atá bunaithe san Aontas, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;
nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.
Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a bheidh déanta ag contrapháirtí neamhairgeadais atá bunaithe san Aontas agus contrapháirtí atá bunaithe i ndlínse tríú tír, beidh sé díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;
nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.
Tabharfaidh an contrapháirtí neamhairgeadais fógra do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 10(5) go bhfuil sé ar intinn aige an díolúine a chur i bhfeidhm. Beidh an díolúine bailí go dtí an tráth, laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra, ach amháin nach gcomhaontóidh an t-údarás inniúil a gcuirtear fógra chuige go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den chéad fhomhír á gcomhlíonadh.
Maidir le hidirbheart laistigh de ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a bheidh déanta ag contrapháirtí neamhairgeadais agus contrapháirtí airgeadais atá bunaithe i mBallstáit éagsúla, beidh sé díolmhaithe go hiomlán nó go páirteach ó na ceanglais a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo, ar bhonn cinnidh dhearfaigh ón údarás inniúil ábhartha a bheidh freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar an gcontrapháirtí airgeadais, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
go mbeidh nósanna imeachta bainistithe riosca na gcontrapháirtithe sách fónta, láidir agus comhsheasmhach le leibhéal castachta an idirbhirt díorthach;
nach mbeidh aon bhac praiticiúil nó dlíthiúil ann ag an am i ndáil le haistriú pras cistí dílse idir na contrapháirtithe, nó le dliteanais a aisíoc eatarthu, nó nach mbeidh bac den sórt sin tuartha.
Tabharfaidh an t-údarás inniúil ábhartha a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an gcontrapháirtí airgeadais fógra faoi aon chinneadh den sórt sin don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 10(5). Tá an díolúine bailí mura rud é nach gcomhaontóidh an t-údarás inniúil ar gcuirtear fógra chuige go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den chéad fhomhír á gcomhlíonadh. I gcás ina mbíonn easaontú idir na húdaráis inniúla, féadfaidh ÚEUM cabhrú leis na húdaráis sin teacht ar chomhaontú i gcomhréir lena chumhachtaí faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh údarás inniúil fógra chuig ÚEUM i ndáil le haon chinneadh a ghlacfar de bhun mhír 6, mhír 8 nó mhír 10 nó le haon fhógra a gheofar de bhun mhír 7, mhír 9 nó mhír 10 agus déanfaidh siad sonraí an idirbhirt laistigh de ghrúpa lena mbainfidh a sholáthar do ÚEUM.
Ina ról mar bhailíochtóir lárnach, déanfaidh ÚBE eilimintí agus gnéithe ginearálta na samhlacha pro forma sin a bhailíochtú, lena n-áirítear a gcalabrú, a ndearadh agus a mhéid a chumhdaítear ionstraimí, aicmí sócmhainní agus fachtóirí riosca leo. Deonóidh ÚBE an bailíochtú sin nó diúltóidh sé é a dheonú laistigh de 6 mhí ón iarratas ar bhailíochtú dá dtagraítear i mír 3, an ceathrú fomhír, a fháil, le haghaidh samhail nua pro forma agus laistigh de 3 mhí ón iarratas ar athrú ar shamhail atá bailíochtaithe cheana a fháil. Chun obair bhailíochtaithe ÚBE a éascú, déanfaidh forbróirí samhlacha pro forma, arna iarraidh sin do ÚBE, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá a chur faoi bhráid ÚBE.
Tabharfaidh ÚBE cúnamh do na húdaráis inniúla ina bpróisis údarúcháin maidir leis na gnéithe ginearálta de chur chun feidhme na samhlacha faoi mhír 3. Chuige sin, ullmhóidh ÚBE tuarascáil bhliantúil ar ghnéithe ábhartha a chuid oibre bailíochtaithe, lena n-áirítear fíorú ar chalabrú na samhlacha faoin dara fomhír den mhír seo agus anailís ar na saincheisteanna arna dtuairisciú. I gcás ina measann sé gur gá sin, eiseoidh ÚBE, i gcomhar le ESMA agus ÚEÁPC, moltaí i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus iad dírithe chuig na húdaráis inniúla sin. Chun cuidiú le ÚBE na tuarascálacha agus na moltaí a dhréachtú, cuirfidh na húdaráis inniúla ar fáil do ÚBE, arna iarraidh sin dó, an fhaisnéis a bailíodh le linn a bpróisis údarúcháin tosaigh agus leanúnaigh ar leibhéal an eintitis i leith na samhlacha faoi mhír 3, nó le linn na n-athruithe a rinneadh orthu.
Is iad na húdaráis inniúla amháin a bheidh freagrach as úsáid na samhlacha faoi mhír 3, nó athruithe orthu, a údarú ar leibhéal an eintitis faoi mhaoirseacht.
Gearrfaidh ÚBE táille bhliantúil, in aghaidh na samhla pro forma, ar chontrapháirtithe airgeadais agus ar chontrapháirtithe neamhairgeadais dá dtagraítear in Airteagal 10(1) a úsáideann na samhlacha pro forma arna mbailíochtú ag ÚBE faoin dara fomhír den mhír seo. Tuairisceoidh na húdaráis inniúla do ÚBE maidir leis na contrapháirtithe airgeadais agus na contrapháirtithe neamhairgeadais a chuireann samhlacha chun feidhme faoi réir an phróisis bailíochtaithe faoin gcéad fhomhír. Beidh an táille comhréireach le meánmhéid barúlach míosúil gan íoc na ndíorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe go lárnach le 12 mhí anuas de chuid na gcontrapháirtithe lena mbaineann a úsáideann na samhlacha pro forma arna mbailíochtú ag ÚBE agus sannfar í chun na costais go léir arna dtabhú ag ÚBE as a chúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír a chumhdach.
Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “samhail pro forma” samhail éarlaise tosaigh arna bunú, arna foilsiú, agus arna hathbhreithniú trí thionscnaimh faoi stiúir an mhargaidh.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a leagan amach:
an modh chun méid na dtáillí a chinneadh; agus
na módúlachtaí a bhaineann le híocaíocht na dtáillí.
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na nithe seo a leanas:
na nósanna imeachta agus na socruithe dá dtagraítear i mír 1;
coinníollacha an mhargaidh lena gcuirtear cosc ar an marcáil don mhargadh dá dtagraítear i mír 2 agus na critéir le haghaidh úsáid na marcála do shamhail dá dtagraítear i mír 2;
mionsonraí na n-idirbheart laistigh de ghrúpa a bheidh díolmhaithe agus a bheidh le háireamh san fhógra dá dtagraítear i mír 7, i mír 9 agus i mír 10;
mionsonraí na faisnéise maidir le hidirbhearta laistigh de ghrúpa a bheidh díolmhaithe agus dá dtagraítear i mír 11.
na conarthaí a meastar éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha a bheith acu laistigh den Aontas nó na cásanna ina mbeadh sé riachtanach nó iomchuí cosc a chur le haon fhoráil den Rialachán seo, amhail dá dtagraítear i mír 12, a bheith á seachaint
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh na ÚEManna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála comhchoiteanna ina sonrófar na nithe seo a leanas:
na nósanna imeachta bainistithe riosca, lena n-áirítear na leibhéil agus an cineál comhthaobhachta, mar aon leis na socruithe um leithscaradh dá dtagraítear i mír 3;
na nósanna imeachta maoirseachta, chun bailíochtú tosaigh agus leanúnach na nósanna imeachta bainistithe riosca dá dtagraítear i mír 3 a áirithiú arna gcur i bhfeidhm ag institiúidí creidmheasa a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE agus ag gnólachtaí infheistíochta a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ag a bhfuil, nó a bhaineann le grúpa ag a bhfuil, meánmhéid barúlach míosúil gan íoc de dhíorthaigh thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe go lárnach dar luach EUR 750 billiún ar a laghad, arna ríomh i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla rialála atá le forbairt ag na ÚMEnna i gcomhréir leis an mír seo;
na nósanna imeachta atá le leanúint ag na contrapháirtithe agus ag na húdaráis inniúla ábhartha nuair a chuirfear na díolúintí faoi mhír 6 go mír 10 i bhfeidhm;
na critéir infheidhme dá dtagraítear i mír 5 go mír 10 lena n-áirítear go háirithe gach ar cheart a mheas mar bhac praiticiúil nó dlíthiúil ar aistriú pras cistí dílse idir contrapháirtithe agus ar dhliteanais a aisíoc eatarthu.
Déanfar an leibhéal agus an cineál comhthaobhachta i ndáil le conarthaí díorthach thar an gcuntar arna dtabhairt i gcrích ag eintitis bannaí faoi chumhdach i dtaca le banna cumhdaithe, nó arna gcur i gcrích ag eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin i dtaca le hurrúsú, de réir bhrí an Rialacháin seo, agus a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 4(5) den Rialachán seo agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 18, agus in Airteagal 19 go hAirteagal 22 nó Airteagal 23 go hAirteagal 26 agus de Rialachán (AE) 2017/2402 [An Rialachán Urrúsúcháin] a chinneadh agus cuirfear san áireamh aon bhaic ar chomhthaobhacht a mhalartú maidir le socruithe comhthaobhachta a bheidh ann cheana faoin mbanna faoi chumhdach nó faoin urrúsú.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin, cé is moite de na dréachtchaighdeáin sin dá dtagraítear i bpointe (aa) den chéad fhomhír, faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Iúil 2018.
Cuirfidh ÚBE, i gcomhar le ESMA, na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (aa), faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.
Ag brath ar nádúr dlíthiúil an chontrapháirtí, tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 nó de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 12
Pionóis
Ní bheidh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír níos mó ná 1 % ar a mhéad den mheánláimhdeachas laethúil don bhliain ghnó roimhe sin, a mbeidh sé d’oibleagáid ar an eintiteas, i gcás sárú leanúnach, a íoc as gach lá a leantar den sárú, go dtí go mbunófar nó go n-athbhunófar comhlíonadh na hoibleagáide. Féadfar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar feadh tréimhse 6 mhí ar a mhéad ón dáta a leagtar amach sa chinneadh ón údarás inniúil lena gceanglaítear deireadh a chur le sárú agus lena bhforchuirtear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
Faoin 17 Feabhra 2013, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar air ina dhiaidh sin.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 13
Sásra chun rialacha dúblacha nó contrártha a sheachaint a mhéid a bhaineann le conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag CPL
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina ndearbhaítear an méid seo a leanas i dtaobh socruithe dlíthiúla, maoirseachta agus forfheidhmithe tríú tír:
tá siad coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 11;
áirithítear leo rúndacht ghairmiúil atá coibhéiseach leis an rúndacht ghairmiúil a leagtar amach in Airteagal 83; agus
tá siad á gcur i bhfeidhm go héifeachtach agus á bhforfheidhmiú ar mhodh cothromasach agus neamhshaobhach ionas go ndéantar maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú sa tríú tír sin.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2).
Airteagal 13a
Leasuithe ar chonarthaí leagáide chun críche athchóirithe tagarmharcanna a chur chun feidhme
Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 ach maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar a rinneadh a leasú nó a rinneadh a nuachan agus:
atá riachtanach chun críoch tagarmharc a athsholáthar i gcomhthéacs athchóirithe tagarmharcanna;
nach n-athraíonn an tábhacht eacnamaíoch ná an toisc riosca a léirítear le tagairt do thagarmharc i gconarthaí den sórt sin; agus
nach gcuimsíonn athruithe eile ar an gconradh sin a bhaineann le haon téarmaí dlíthiúla atá sa chonradh sin nach mbaineann leis an tagarmharc a bhfuil tagairt déanta dó agus, dá bhrí sin, a bhféadfadh an conradh a leasú ar bhealach gur gá go héifeachtach é a mheas mar chonradh nua.
TEIDEAL III
CONTRAPHÁIRTITHE LÁRNACHA A ÚDARÚ AGUS A MHAOIRSIÚ
CAIBIDIL 1
Coinníollacha agus Nósanna Imeachta chun Contrapháirtí Lárnach a Údarú
Airteagal 14
Contrapháirtí Lárnach a Údarú
Eintiteas a dhéanann iarratas ar údarú mar CPL chun ionstraimí airgeadais a imréiteach, áireoidh sé ina iarratas na haicmí ionstraimí neamhairgeadais atá oiriúnach lena n-imréiteach agus atá beartaithe ag CPL den sórt sin a imréiteach.
Tabharfaidh contrapháirtí lárnach, gan aon mhoill mhíchuí, fógra don údarás inniúil i dtaobh aon athruithe ábhartha ar na coinníollacha d'údarú.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nolaig 2025.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 15
Gníomhaíochtaí agus seirbhísí a leathnú
Déanfar údarú a leathnú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17 nó leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17a, de réir mar is infheidhme.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 15a
Díolmhú ó údarú i ndáil le seirbhísí imréitigh nó gníomhaíochtaí imréitigh a leathnú
Tabharfaidh an CPL fógra do na faighteoirí cláraithe tríd an mbunachar sonraí lárnach i gcás ina gcinneann sé úsáid a bhaint as an díolúine dá bhforáiltear sa chéad fhomhír den mhír seo, lena n-áirítear an tseirbhís nó an ghníomhaíocht atá beartaithe aige a sholáthar.
Beidh na hathruithe a chuireann CPL chun feidhme i gcomhréir leis an Airteagal seo faoi réir athbhreithniú agus meastóireachta i gcomhréir le hAirteagal 21.
Féadfaidh ESMA athbhreithniú a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí agus gníomhaíochtaí imréitigh agus tuairisciú don choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 agus don Choimisiún ar na rioscaí a eascraíonn as seirbhísí agus gníomhaíochtaí a sholáthraíonn CPLanna de bhun an Airteagail seo agus ar a n-oiriúnacht.
Déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú tuilleadh:
an cineál leathnaithe ar sheirbhísí imréitigh nó ar ghníomhaíochtaí imréitigh nach mbeadh tionchar ábhartha acu ar phróifíl riosca CPL; agus
a mhinice a thabharfaidh CPL fógra faoi úsáid na díolúine dá dtagraítear i mír 1, nach n-úsáidfear níos mó ná uair amháin gach 3 mhí.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 16
Ceanglais chaipitil
Déanfaidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 17
Nós imeachta chun údarú a dheonú agus a dhiúltú
Soláthróidh an CPL is iarratasóir an fhaisnéis uile is gá chun a léiriú go bhfuil na socruithe uile is gá bunaithe aige, tráth an údaraithe tosaigh, chun na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. I gcás ina bhfuil iarratas ar údarú atá cheana ann a leathnú de bhun Airteagal 15 á dhéanamh ag CPL, soláthróidh sé an fhaisnéis uile is gá chun a léiriú, tráth deonaithe leathnaithe den sórt sin, go bhfuil gach socrú breise bunaithe aige chun aon cheanglas a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh i leith leathnú den sórt sin.
I gcomhréir le hAirteagal 17c, seolfar admháil tríd an mbunachar sonraí lárnach go bhfuarthas an t-iarratas laistigh de 2 lá oibre ón iarratas sin a thíolacadh faoin gcéad fhomhír den mhír seo.
Déanfar an fógra a sheoladh laistigh de:
20 lá oibre ón admháil a fháil, i gcás ina ndearna an CPL is iarratasóir iarratas ar údarú de bhun Airteagal 14(1); nó
10 lá oibre ón admháil a fháil, i gcás ina ndearna an CPL is iarratasóir iarratas ar údarú atá ann cheana a leathnú de bhun Airteagal 15(1).
I gcás ina gcinneann údarás inniúil an CPL, le linn na tréimhse is infheidhme a shonraítear faoin dara fomhír den mhír seo, nár tíolacadh na doiciméid ná an fhaisnéis uile a cheanglaítear de bhun Airteagal 14(6) agus (7) nó Airteagal 15(3) agus (4), iarrfaidh sé ar an CPL is iarratasóir na doiciméid bhreise nó an fhaisnéis bhreise sin a thíolacadh tríd an mbunachar sonraí lárnach. Diúltófar don iarratas ar údarú nó don iarratas ar údarú a leathnú i gcás ina gcinneann údarás inniúil an CPL gur mhainnigh an CPL is iarratasóir aon iarraidh den sórt sin a chomhlíonadh. Cuirfidh údarás inniúil an CPL an CPL ar an eolas faoin méid sin tríd an mbunachar sonraí lárnach.
Déanfar an measúnú riosca laistigh de:
80 lá oibre ón dearbhú a leagtar amach i mír 2, an dara fomhír, pointe (a), i gcás ina ndéantar iarratas faoi Airteagal 14(1); nó
40 lá oibre ón dearbhú a leagtar amach i mír 2, an dara fomhír, pointe (b), i gcás ina ndéantar iarratas faoi Airteagal 15(1).
Faoi dheireadh na tréimhse measúnaithe riosca, cuirfidh údarás inniúil an CPL a dhréachtchinneadh agus a thuarascáil faoi bhráid ESMA agus an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 tríd an mbunachar sonraí lárnach.
Tar éis an dréachtchinneadh agus an tuarascáil dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo a fháil, agus ar bhonn na bhfionnachtana a thugtar iontu, déanfaidh an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, laistigh de 15 lá oibre, tuairim a ghlacadh de bhun Airteagal 19 lena gcinntear an gcomhlíonann an CPL is iarratasóir na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus tarchuirfidh sé chuig údarás inniúil an CPL agus chuig ESMA í i bhformáid leictreonach tríd an mbunachar sonraí lárnach.
Féadfaidh an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 aon choinníoll nó aon mholadh a mheasann sé a bheith riachtanach a áireamh ina thuairim chun aon easnaimh i mbainistiú riosca an CPL a mhaolú.
Tar éis an dréachtchinneadh agus an tuarascáil dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo a fháil, glacfaidh ESMA tuairim laistigh de 15 lá oibre lena gcinntear an gcomhlíonann an CPL is iarratasóir na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 23a(1), pointe (e), Airteagal 23a(2), agus Airteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), agus tarchuirfidh sé chuig údarás inniúil an CPL agus chuig an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 í.
Féadfaidh ESMA aon choinníoll nó aon mholadh a áireamh ina thuairim a mheasann sé a bheith riachtanach chun aon easnamh i mbainistiú riosca an CPL a mhaolú i ndáil le rioscaí trasteorann sainaitheanta nó rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an Aontais.
I gcás ina léirítear easpa cóineasaithe nó comhsheasmhachta i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo leis an dréachtchinneadh a chuirtear faoi bhráid ESMA i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, eiseoidh ESMA treoirlínte nó moltaí chun an chomhsheasmhacht nó an comhleanúnachas is gá a chur chun cinn i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Déanfar na tuairimí arna nglacadh ó ESMA agus ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 a chur faoi bhráid na bhfaighteoirí faoi seach i bhformáid leictreonach tríd an mbunachar sonraí lárnach.
Le linn na tréimhse measúnaithe riosca, déanfaidh údarás inniúil an CPL an méid seo a leanas, tríd an mbunachar sonraí lárnach:
féadfaidh sé ceisteanna a chur ar an CPL is iarratasóir agus faisnéis chomhlántach a iarraidh air;
déanfaidh sé ceisteanna ó ESMA nó ó aon chomhalta den choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 a chomhordú agus a chur faoi bhráid an CPL is iarratasóir; agus
comhroinnfidh sé le ESMA agus le comhaltaí an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 na freagraí uile a thugann an CPL is iarratasóir.
I gcás nach bhfuil an fhaisnéis a iarrtar curtha ag údarás inniúil an CPL faoi bhráid ESMA ná faoi bhráid aon chomhalta den choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 laistigh de 10 lá oibre ón iarraidh a thíolacadh, féadfaidh ESMA nó aon chomhalta den choláiste sin dá dtagraítear in Airteagal 18 a iarraidh a chur go díreach faoi bhráid an CPL tríd an mbunachar sonraí lárnach.
I gcás nár fhreagair an CPL is iarratasóir na ceisteanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír laistigh den sprioc-am a leag an t-údarás a d’iarr an fhaisnéis síos, féadfaidh údarás inniúil an CPL, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás iarrthach, a chinneadh síneadh 10 lá ar a mhéad a chur leis an tréimhse ábhartha measúnaithe riosca aon uair amháin ar an iomlán más rud é, dar leis nó dar leis an údarás iarrthach, go bhfuil aon cheann de na ceisteanna ábhartha don mheasúnú. Cuirfidh an t-údarás inniúil an CPL is iarratasóir ar an eolas, tríd an mbunachar sonraí lárnach, faoin síneadh ar an tréimhse a sholáthraítear. Féadfaidh an t-údarás inniúil cinneadh a dhéanamh i dtaobh an iarratais in éagmais fhreagra an CPL.
I gcás nach léirítear tuairim an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 leis an gcinneadh ó údarás inniúil an CPL, lena n-áirítear aon choinníoll nó aon mholadh atá inti, beidh míniú lánréasúnaithe ann ar aon imeacht suntasach ón tuairim sin nó ó na coinníollacha nó moltaí sin.
I gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil an CPL tuairim ó ESMA ná aon choinníoll ná aon mholadh a áirítear inti, nó nach bhfuil sé beartaithe aige déanamh amhlaidh, cuirfidh ESMA an Bord Maoirseoirí ar an eolas faoi sin i gcomhréir le hAirteagal 24a. Áireofar san fhaisnéis freisin an réasúnaíocht ó údarás inniúil an CPL maidir leis an neamhchomhlíonadh nó maidir leis an rún atá aige gan comhlíonadh a dhéanamh.
Déanfaidh údarás inniúil an CPL, tar éis dó na tuairimí ó ESMA agus ón gcoláiste dá bhforáiltear i míreanna 3 agus 3a den Airteagal seo a bhreithniú go cuí, lena n-áirítear aon choinníoll nó aon mholadh atá iontu, a chinneadh údarú dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 15(1), an dara fomhír, a dheonú, i gcás ina bhfuil sé lánsásta gur fíor an méid seo a leanas i gcás an CPL is iarratasóir agus sa chás sin amháin:
comhlíonann sé na ceanglais uile a leagtar síos sa Rialachán seo, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, maidir le seirbhísí nó gníomhaíochtaí imréitigh a sholáthar le haghaidh ionstraimí neamhairgeadais; agus
tugtar fógra ina leith mar chóras de bhun Threoir 98/26/CE.
I gcás ina ndéanann CPL iarratas ar údarú atá cheana ann a leathnú de bhun Airteagal 15, féadfaidh ESMA, an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 agus údarás inniúil an CPL dul i muinín cuid den mheasúnú a rinneadh roimhe sin de bhun an Airteagail seo a mhéid nach n-athrófar an measúnú a rinneadh roimhe sin nó nach ndéanfar difear ar shlí eile don mheasúnú a rinneadh roimhe sin de thoradh an iarratais ar leathnú i gcás na coda sin. Dearbhóidh an CPL d’údarás inniúil an CPL nach bhfuil aon athrú ar fhíorais bhunúsacha na coda sin den mheasúnú.
Ní údarófar an CPL is iarratasóir sna cásanna seo a leanas:
chinn údarás inniúil an CPL gan an t-údarú a dheonú; nó
tagann comhaltaí uile an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, cé is moite d’údaráis an Bhallstáit ina bhfuil an CPL is iarratasóir bunaithe, ar thuairim chomhpháirteach trí chomhaontú frithpháirteach, de bhun Airteagal 19(1), nach bhfuil an CPL is iarratasóir le húdarú.
Luafar i scríbhinn sa tuairim chomhpháirteach dá dtagraítear sa tríú fomhír, pointe (b), den mhír seo na cúiseanna iomlána agus mionsonraithe a mheasann an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo ná i ndlí eile de chuid an Aontais.
I gcás nach dtagtar ar thuairim chomhpháirteach den sórt sin trí chomhaontú frithpháirteach agus ina dtugann tromlach dhá thrian de chomhaltaí an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 tuairim dhiúltach uathu, féadfaidh aon cheann de na húdaráis inniúla lena mbaineann, bunaithe ar an tromlach sin, an t-ábhar a tharchur chuig ESMA, laistigh de 30 lá féilire ón tuairim dhiúltach sin a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Sa chinneadh i dtaobh an t-ábhar a tharchur chuig ESMA, luafar i scríbhinn na cúiseanna iomlána agus mionsonraithe a mheasann an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo ná i ndlí eile de chuid an Aontais. Sa chás sin, déanfaidh údarás inniúil an CPL a chinneadh maidir le húdarú a chur siar agus fanfaidh sé le haon chinneadh maidir le húdarú a d’fhéadfadh ESMA a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh údarás inniúil an CPL a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ESMA. Ní dhéanfar an t-ábhar a tharchur chuig ESMA tar éis dheireadh na tréimhse 30 lá dá dtagraítear sa chúigiú fomhír den mhír seo.
I gcás ina dtagann comhaltaí uile an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, cé is moite d’údaráis an Bhallstáit ina bhfuil an CPL is iarratasóir bunaithe, ar thuairim chomhpháirteach trí chomhaontú frithpháirteach, de bhun Airteagal 19(1), nach bhfuil an CPL is iarratasóir le húdarú, féadfaidh údarás inniúil an CPL an t-ábhar a tharchur chuig ESMA i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an CPL bunaithe an cinneadh a tharchur chuig na húdaráis inniúla eile lena mbaineann.
Déanfaidh an t-údarás inniúil, gan moill mhíchuí tar éis cinneadh a dhéanamh i dtaobh údarú a dheonú nó a dhiúltú faoi mhír 3c, an CPL is iarratasóir a chur ar an eolas i scríbhinn maidir lena chinneadh tríd an mbunachar sonraí lárnach, mar aon le míniú lánréasúnaithe.
Féadfaidh ÚEUM imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar an líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm, arna iarraidh sin ag aon chomhalta den choláiste nó ar a thionscnamh féin, tar éis dó údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh a chur ar an eolas.
▼M18 —————
Airteagal 17a
Nós imeachta brostaithe le haghaidh údarú a thabhairt d’údarú a leathnú
Beidh feidhm ag nós imeachta brostaithe le haghaidh údarú a thabhairt d’údarú a leathnú i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag CPL a ghnó a leathnú chuig seirbhísí nó gníomhaíochtaí breise dá dtagraítear in Airteagal 15 agus i gcás ina gcomhlíonann leathnú den sórt sin na coinníollacha uile seo a leanas:
ní bhíonn sé mar thoradh air sin gur gá don CPL a struchtúr oibríochtúil a oiriúnú go suntasach ag aon tráth le linn thimthriall an chonartha;
ní áirítear leis tairiscint chun conarthaí a imréiteach nach féidir a leachtú ar an mbealach céanna le conarthaí atá imréitithe cheana féin ag an CPL nó in éineacht leis na conarthaí sin;
ní bhíonn sé mar thoradh air sin gur gá don CPL sonraíochtaí ábhartha conartha nua a chur i gcuntas;
ní bhíonn sé mar thoradh air sin rioscaí ábhartha nua a thabhairt isteach ná go ndéantar próifíl riosca an CPL a mhéadú go suntasach;
ní áirítear leis sásra nó seirbhís nua socraíochta nó seachadta a thairiscint a bhaineann le naisc a bhunú le córas éagsúil socraíochta urrús, le taisclann lárnach urrús éagsúil nó córas íocaíochta éagsúil nár bhain an CPL úsáid astu roimhe sin.
Déanfaidh an CPL a iarratas ar leathnú a thíolacadh i bhformáid leictreonach tríd an mbunachar sonraí lárnach agus soláthróidh sé an fhaisnéis uile, de bhun Airteagal 15(3) agus (4), atá riachtanach chun a léiriú go bhfuil na socruithe uile is gá bunaithe aige, tráth an údaraithe, chun na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. I gcomhréir le hAirteagal 17c, seolfar admháil tríd an mbunachar sonraí lárnach go bhfuarthas an t-iarratas, laistigh de 2 lá oibre ón iarratas sin a thíolacadh.
Laistigh de 15 lá oibre ó admháil go bhfuarthas iarratas de bhun mhír 2 den Airteagal seo, déanfaidh údarás inniúil an CPL, tar éis dó an t-ionchur ó ESMA agus ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 a mheas, cinneadh i dtaobh an mhéid seo a leanas:
an bhfuil an t-iarratas incháilithe chun measúnú a dhéanamh air faoin nós imeachta brostaithe a leagtar amach san Airteagal seo; agus
i gcás ina bhfuil t-iarratas incháilithe le go ndéanfaí measúnú air faoin nós imeachta brostaithe a leagtar amach san Airteagal seo, i dtaobh an ndéanfar an méid seo a leanas:
an leathnú ar an údarú a dheonú i gcás ina gcomhlíonann an CPL an Rialachán seo; nó
diúltú don leathnú ar an údarú i gcás nach gcomhlíonann an CPL an Rialachán seo.
I gcás ina ndéanann CPL iarratas ar údarú a leathnú de bhun Airteagal 15, féadfaidh údarás inniúil an CPL dul i muinín cuid den mheasúnú a rinneadh roimhe sin de bhun an Airteagail seo a mhéid nach n-athrófar an measúnú a rinneadh roimhe sin nó nach ndéanfar difear ar shlí eile don mheasúnú a rinneadh roimhe sin de thoradh an iarratais ar leathnú i gcás na coda sin. Dearbhóidh an CPL d’údarás inniúil an CPL nach bhfuil aon athrú ar fhíorais bhunúsacha na coda sin den mheasúnú.
I gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil nach bhfuil an leathnú ar údarú incháilithe chun measúnú a dhéanamh air faoin nós imeachta brostaithe, diúltófar d’iarratas an CPL.
I gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil gan an leathnú ar údarú a dheonú, diúltófar don leathnú ar an údarú.
Agus na coinníollacha de bhun na chéad fhomhíre á sonrú tuilleadh, socróidh ESMA an mhodheolaíocht atá le húsáid agus na paraiméadair atá le cur i bhfeidhm chun a chinneadh cathain a mheastar coinníoll a bheith comhlíonta. Déanfaidh ESMA freisin liostú agus sonrú i dtaobh an bhfuil gnáth-leathnú ar sheirbhísí agus ar ghníomhaíochtaí ann a d’fhéadfaí a mheas i bprionsabal go dtagann sé faoin nós imeachta brostaithe a leagtar amach san Airteagal seo.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 17b
Nós imeachta le haghaidh cinntí, tuarascálacha nó bearta eile a ghlacadh
Déanfaidh údarás inniúil an CPL iarraidh ar thuairim a thíolacadh i bhformáid leictreonach tríd an mbunachar sonraí lárnach:
ó ESMA, de bhun Airteagal 23a(2), i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás inniúil an CPL cinneadh, tuarascáil nó beart eile a ghlacadh i ndáil le hAirteagail 7, 8, 20, 21, 29 go 33, 35, 36, 37, 41 agus 54;
ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, de bhun Airteagal 19, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás inniúil an CPL cinneadh, tuarascáil nó beart eile a ghlacadh i ndáil le hAirteagail 20, 21, 30, 31, 32, 35, 37, 41, 49, 51 agus 54.
Déanfar an iarraidh ar thuairim dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, mar aon leis na doiciméid ábhartha uile, a chomhroinnt láithreach le ESMA agus leis an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18.
Mura sonraítear a mhalairt faoi airteagal ábhartha, tar éis an iarraidh ar thuairim dá dtagraítear i mír 1 agus na dréachtchinntí, na tuarascálacha nó na bearta eile dá dtagraítear i mír 2 araon a fháil:
maidir le hAirteagal 20, glacfaidh ESMA tuairim lena ndéantar measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas ábhartha ag an CPL i gcomhréir le hAirteagal 23a(1), pointe (e), Airteagal 23a(2) agus Airteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc); tarchuirfidh ESMA a thuairim chuig údarás inniúil an CPL agus chuig an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18; féadfaidh ESMA a áireamh ina thuairim aon choinníoll nó aon mholadh a mheasann sé a bheith riachtanach chun aon easnamh i mbainistiú riosca an CPL a mhaolú, i ndáil le rioscaí trasteorann sainaitheanta nó rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an Aontais; maidir le hAirteagail 21 agus 37, déanfaidh ESMA freisin tuairim a ghlacadh i gcomhréir leis na hAirteagail sin agus i gcomhréir le hAirteagal 23a(2) agus le hAirteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), agus féadfaidh ESMA aon choinníoll nó aon mholadh a mheasann sé a bheith riachtanach a áireamh ina thuairim;
maidir le hAirteagail 7, 8, 29 go 33, 35, 36, 41, agus 54, féadfaidh ESMA tuairim a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23a agus Airteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), maidir leis an dréachtchinneadh sin, tuarascáil nó beart eile i gcás inar gá chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus comhleanúnach airteagail ábhartha a chur chun cinn; agus
glacfaidh an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 tuairim de bhun Airteagal 19 ina ndéantar measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas ábhartha ag an CPL agus tarchuirfidh sé an tuairim sin chuig údarás inniúil an CPL agus chuig ESMA; féadfar coinníollacha nó moltaí a áireamh i dtuairim an choláiste sin a mheasann sé a bheith riachtanach chun aon easnaimh i mbainistiú riosca an CPL a mhaolú.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), den mhír seo, i gcás ina léirítear easpa cóineasaithe nó comhsheasmhachta i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo sa dréachtchinneadh, sa tuarascáil nó sa bheart eile a chuirtear faoi bhráid ESMA i gcomhréir leis an bpointe sin, eiseoidh ESMA treoirlínte nó moltaí chun an chomhsheasmhacht nó an comhleanúnachas is gá a chur chun cinn i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. I gcás ina nglacann ESMA tuairim i gcomhréir le pointe (b), tabharfaidh an t-údarás inniúil aird chuí uirthi agus cuirfidh sé ESMA ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht a dhéantar ina leith ina dhiaidh sin.
Glacfaidh ESMA agus an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 araon a dtuairimí faoin sprioc-am a chuireann údarás inniúil an CPL ar fáil, sprioc-am a bheidh ann 15 lá oibre ar a laghad tar éis na doiciméid ábhartha faoi mhír 2 den Airteagal seo a fháil.
I gcás nach léirítear tuairim ó ESMA ná ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 leis an gcinneadh, tuarascáil nó beart eile, lena n-áirítear aon choinníoll nó aon mholadh atá inti, beidh cúiseanna iomlána agus míniú iontu ar aon imeacht suntasach ón tuairim sin nó ó na coinníollacha nó na moltaí sin.
Chun críocha mhír 3, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, i gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil an CPL an tuairim ó ESMA ná aon choinníoll ná aon mholadh a áirítear inti, nó i gcás nach bhfuil sé beartaithe aige déanamh amhlaidh, cuirfidh ESMA a Bhord Maoirseoirí ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 24a. Áireofar san fhaisnéis freisin an réasúnaíocht ó údarás inniúil an CPL maidir leis an neamhchomhlíonadh nó maidir leis an rún atá aige gan comhlíonadh a dhéanamh.
Glacfaidh údarás inniúil an CPL a chinntí, a thuarascálacha nó a bhearta eile i gcomhréir leis na hAirteagail ábhartha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.
Airteagal 17c
An bunachar sonraí lárnach
Fógróidh ESMA bunú an bhunachair sonraí lárnaigh ar a shuíomh gréasáin.
Déanfaidh CPL na doiciméid uile a cheanglaítear air a sholáthar faoi na próisis údarúcháin dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 15 nó faoi na próisis bhailíochtúcháin dá dtagraítear in Airteagail 49 agus 49a, de réir mar is infheidhme, a uaslódáil go pras ar an mbunachar sonraí lárnach. Déanfaidh na faighteoirí cláraithe na doiciméid uile a fhaigheann siad ón CPL i ndáil le hiarratas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a uaslódáil go pras mura bhfuil na doiciméid sin uaslódáilte ag an CPL cheana féin.
Beidh rochtain ag CPL ar an mbunachar sonraí lárnach a mhéid a bhaineann leis na doiciméid a thíolaic sé chuig an mbunachar sonraí lárnach sin nó leis na doiciméid a tharchuireann aon cheann de na faighteoirí cláraithe nó an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 chuig an CPL tríd an mbunachar sonraí lárnach sin.
Airteagal 18
Coláiste
Is éard a bheidh sa choláiste:
an Cathaoirleach nó ceann ar bith de na comhaltaí neamhspleácha ar an gCoiste Maoirseachta do CPLanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 24a(2);
údarás inniúil an chontrapháirtí lárnaigh;
na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh an CPL atá bunaithe sna trí Bhallstát a dhéanann na ranníocaíochtaí is mó le ciste mainneachtana an CPL dá dtagraítear in Airteagal 42 den Rialachán seo ar bhonn comhiomlán in imeacht tréimhse bliana, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, BCE faoi chuimsiú na gcúraimí maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa faoi chuimsiú an tSásra Maoirseachta Aonair a thugtar dó i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1024/2013 ón gComhairle ( 18 ).
údaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh an CPL, seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (c), faoi réir toiliú a fháil ó údarás inniúil an CPL. Iarrfaidh na húdaráis inniúla sin toiliú údarás inniúil an CPL le bheith rannpháirteach sa choláiste agus údar á thabhairt acu leis an iarratas bunaithe ar an measúnú a dhéanfaidh siad ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag anás airgeadais CPL ar chobhsaíocht airgeadais a mBallstáit faoi seach. I gcás nach ndeonóidh údarás inniúil an CPL an iarraidh, tabharfaidh sé cúiseanna iomlána mionsonraithe leis sin i scríbhinn.
na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ionaid trádála, a soláthraíonn an contrapháirtí lárnach seirbhísí dóibh;
na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar chontrapháirtithe lárnacha ar bunaíodh socruithe idir-inoibritheachta leo;
na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar thaisclanna urrús lárnacha a bhfuil na contrapháirtithe lárnacha nasctha leo;
na comhaltaí ábhartha de CEBC atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar an gcontrapháirtí lárnach agus na comhaltaí iomchuí de CEBC atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar na contrapháirtithe lárnacha a bhfuil socruithe maidir le hidir-inoibritheacht bunaithe leo;
bainc cheannais eisiúna na n-airgeadraí Aontais is ábhartha do na hionstraimí airgeadais a imréitítear;
bainc cheannais eisiúna na n-airgeadraí de chuid an Aontais, ar sna hairgeadraí sin atá na hionstraimí airgeadais a imréitíonn CPL nó atá le himréiteach ag CPL seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (h), faoi réir toiliú údarás inniúil an CPL. Iarrfaidh na bainc cheannais eisiúna sin toiliú údarás inniúil an CPL le bheith rannpháirteach sa choláiste agus údar á thabhairt acu leis an iarratas bunaithe ar an measúnú a dhéanfaidh siad ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag anás airgeadais CPL ar a n-airgeadra eisiúna faoi seach. I gcás nach ndeonóidh údarás inniúil an CPL an iarraidh, tabharfaidh údarás inniúil an CPL cúiseanna iomlána mionsonraithe leis sin i scríbhinn.
Foilseoidh údarás inniúil an CPL liosta de chomhaltaí an choláiste ar a shuíomh gréasáin. Déanfaidh údarás inniúil an CPL an liosta sin a nuashonrú gan moill mhíchuí tar éis aon athrú a dhéanfar ar chomhdhéanamh an choláiste. Cuirfidh údarás inniúil an CPL fógra chuig ESMA maidir leis an liosta sin laistigh de 30 lá féilire tar éis an coláiste a bhunú nó tar éis athraithe maidir lena chomhdhéanamh. Tar éis fógra a fháil ó údaráis inniúilla an CPL, foilseoidh ESMA ar a shuíomh gréasáin gan moill mhíchuí liosta chomhaltaí an choláiste sin.
Déanfaidh an coláiste, gan dochar do fhreagrachtaí údarás inniúil faoin Rialachán seo, an méid seo a leanas a áirithiú:
ullmhú na tuairime dá dtagraítear in Airteagal 19;
malartú faisnéise, lena n-áirítear iarrataí ar fhaisnéis de bhun Airteagal 84;
comhaontú maidir le cúraimí a chur ar iontaoibh na gcomhaltaí ar bhonn deonach;
comhordú ar chláir scrúdaithe maoirseachta bunaithe ar mheasúnú riosca an chontrapháirtí lárnaigh; agus
cinneadh nósanna imeachta agus pleananna teagmhasacha chun tabhairt faoi chásanna géarchéime, amhail dá dtagraítear in Airteagal 24.
Déanfaidh na comhchathaoirligh dátaí chruinnithe an choláiste a chinneadh agus déanfaidh siad clár oibre cruinnithe den sórt sin a leagan síos.
Chun feidhmiú na gcúraimí a shanntar do choláistí de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo a éascú, beidh comhaltaí an choláiste dá dtagraítear i mír 2 i dteideal rannchuidiú le clár oibre chruinnithe an choláiste a shocrú, go háirithe trí phointí a chur le clár oibre cruinnithe agus toradh na hoibre a dhéanann an Sásra Faireacháin Comhpháirteach á chur san áireamh.
Cinnfidh an comhaontú sin na socruithe praiticiúla d’fheidhmiú an choláiste, lena n-áirítear rialacha mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas:
nósanna imeachta vótála dá dtagraítear in Airteagal 19(3);
na nósanna imeachta i ndáil le clár oibre chruinnithe an choláiste a shocrú;
minicíocht chruinnithe an choláiste;
formáid agus raon feidhme na faisnéise atá le cur ar fáil ag údarás inniúil an CPL do chomhaltaí an choláiste, go háirithe maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le cur ar fáil i gcomhréir le Airteagal 21(4);
na tréimhsí íosta is iomchuí chun go ndéanfaidh comhaltaí an choláiste an doiciméadacht ábhartha a mheas;
módúlachtaí na cumarsáide idir comhaltaí an choláiste;
Féadfar a chinneadh leis an gcomhaontú freisin cúraimí atá le cur ar údarás inniúil an CPL, ESMA nó comhalta eile den choláiste. I gcás easaontas idir na comhchathaoirligh, is é an t-údarás inniúil a dhéanfaidh an cinneadh críochnaitheach, a thabharfaidh míniú réasúnaithe do ESMA maidir lena chinneadh.
Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Eanáir 2021.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 19
Tuairim ón gColáiste
Gan dochar d’Airteagal 17(4), an tríú fomhír, pointe (b), mura dtiocfar ar thuairim chomhpháirteach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, glacfaidh an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 tuairim thromlaigh laistigh den tréimhse chéanna.
I gcás ina bhféadfaidh an coláiste tuairim a thabhairt uaidh, féadfaidh aon bhanc ceannais eisiúna, ar comhalta den choláiste é de bhun pointí (h) agus (i) d’Airteagal 18(2), moltaí a ghlacadh i ndáil leis an airgeadra a eisíonn sé.
Maidir le coláistí ina bhfuil 12 chomhalta nó ina bhfuil suas le 12 chomhalta, beidh vóta ag beirt chomhaltaí, a thagann ón mBallstát céanna, ar a mhéad, agus is vóta amháin a bheidh ag gach comhalta vótála. Maidir le coláistí ina bhfuil níos mó ná 12 chomhalta, beidh vóta ag triúr comhaltaí, ar a mhéad, a thagann ón mBallstát céanna, agus is vóta amháin a bheidh ag gach comhalta vótála.
Má bhíonn BCE ina chomhalta den choláiste de bhun phointe (c) agus phointe (h) d’Airteagal 18(2), beidh dhá vóta aige.
Ní bheidh aon chearta vótála ag comhaltaí an choláiste dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (ca) agus pointe (i) d’Airteagal 18(2) i leith thuairimí an choláiste.
▼M18 —————
Airteagal 20
Údarú a tharraingt siar
Gan dochar d’Airteagal 22(3), déanfaidh údarás inniúil de chuid CPL údarú a tharraingt siar, ina iomláine nó i bpáirt, i gcás inar fíor an méid seo a leanas maidir leis an CPL:
níor bhain sé úsáid as an údarú laistigh de 12 mhí;
níor bhain sé úsáid as údarú i gcás seirbhís nó gníomhaíocht imréitigh in aicme díorthach, urrús, ionstraimí airgeadais eile nó ionstraimí neamhairgeadais, laistigh de 12 mhí ón dáta a deonaíodh an t-údarú nó ón dáta is deireanaí a thairg an CPL seirbhís nó gníomhaíocht imréitigh den sórt sin;
diúltaíonn sé go sainráite don údarú;
ní dhearna sé aon seirbhís a sholáthar ná aon ghníomhaíocht a dhéanamh le linn an 12 mhí roimhe sin in aicme díorthach, urrús, ionstraimí airgeadais eile nó ionstraimí neamhairgeadais a chumhdaítear le húdarú;
fuair sé údarú trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó trí aon mhodh neamhrialta eile;
níl na coinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú á gcomhlíonadh a thuilleadh aige agus níl na gníomhaíochtaí feabhais déanta aige laistigh den tréimhse ama shocraithe; nó
tá sárú córasach agus tromchúiseach déanta aige ar aon cheann de na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.
Airteagal 21
Athbhreithniú agus meastóireacht
Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 22 an méid seo uile a leanas ar a laghad i ndáil le CPL:
athbhreithniú ar na socruithe, na straitéisí, na próisis agus na sásraí a chuireann an CPL chun feidhme chun an Rialachán seo a chomhlíonadh;
athbhreithniú ar na seirbhísí nó ar na gníomhaíochtaí a sholáthraíonn an CPL, go háirithe seirbhísí nó gníomhaíochtaí a sholáthraítear tar éis nós imeachta brostaithe de bhun Airteagal 17a nó 49a a chur i bhfeidhm;
meastóireacht ar na rioscaí, lena n-áirítear rioscaí airgeadais agus oibríochtúla, a bhfuil CPL neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh CPL a bheith neamhchosanta orthu;
athbhreithniú ar na hathruithe a chuireann an CPL chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 15a.
Beidh CPLanna faoi réir cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag údarás inniúil an CPL uair sa bhliain ar a laghad. Cuirfidh údarás inniúil an CPL ESMA ar an eolas faoi aon chigireacht ar an láthair atá beartaithe mí amháin sula mbeidh an chigireacht sin le déanamh, mura ndéanfar an cinneadh cigireacht ar an láthair a dhéanamh i gcás éigeandála, agus sa chás sin cuirfidh údarás inniúil an CPL ESMA ar an eolas a luaithe a dhéanfar an cinneadh sin. Féadfaidh ESMA a iarraidh a bheith i láthair ag cigireachtaí ar an láthair.
I gcás, tar éis iarraidh ó ESMA de bhun an dara fomhír, ina ndiúltaíonn údarás inniúil an CPL cuireadh a thabhairt do ESMA bheith i láthair ag cigireacht ar an láthair, tabharfaidh sé míniú réasúnaithe ar dhiúltú den sórt sin.
Gan dochar don dara fomhír agus don tríú fomhír, déanfaidh údarás inniúil an CPL aon fhaisnéis ábhartha a fhaightear ón CPL i ndáil leis na cigireachtaí uile ar an láthair a dhéanann sé a chur ar aghaidh chuig ESMA agus chuig comhaltaí an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18.
Cumhdófar bliain féilire sa tuarascáil agus cuirfear faoi bhráid ESMA agus an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 í faoin 30 Márta den bhliain féilire dár gcionn. Beidh an tuarascáil sin faoi réir tuairim ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, de bhun Airteagal 19, agus tuairim ó ESMA de bhun Airteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), agus iad eisithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17b.
Féadfaidh ESMA a iarraidh go dtionólfaí cruinniú ad hoc leis an CPL agus lena údarás inniúil. Féadfaidh ESMA cruinniú den sórt sin a iarraidh in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
i gcás inarb ann d’éigeandáil faoi Airteagal 24;
i gcás ina bhfuil ábhair imní ábhartha sainaitheanta ag ESMA maidir le comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo ag an CPL;
i gcás ina measann ESMA go bhféadfadh drochthionchar trasteorann a bheith ag gníomhaíocht an CPL ar a chomhaltaí imréitigh nó ar a gcliaint.
Cuirfear in iúl don choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 go dtionólfar cruinniú agus gheobhaidh sé achoimre ar phríomhthorthaí an chruinnithe sin.
CAIBIDIL 2
Contrapháirtithe lárnacha a mhaoirsiú agus a fhormhaoirsiú
Airteagal 22
Údarás inniúil
I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, cinnfidh sé go soiléir na róil faoi seach agus ainmneoidh sé údarás amháin le bheith freagrach as comhar agus as malartú faisnéise a chomhordú leis an gCoimisiún, le ÚEUM, le húdaráis inniúla na mBallstát eile, le ÚBE agus le comhaltaí ábhartha CEBC, i gcomhréir le hAirteagail 23, 24, 83 agus 84.
Beidh na bearta sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus féadfar a áireamh leo iarrataí ar ghníomhaíocht leasúcháin laistigh de thréimhse ama socraithe.
CAIBIDIL 3
Comhar
Airteagal 23
Comhar idir na húdaráis
Airteagal 23a
Comhar maoirseachta idir na húdaráis inniúla agus ESMA i dtaca le CPLanna údaraithe
Comhlíonfaidh ESMA ról comhordúcháin idir údaráis inniúla agus ar fud na gcoláistí chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
cultúr maoirseachta coiteann agus cleachtais mhaoirseachta chomhsheasmhacha a fhorbairt;
nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus cineálacha cur chuige comhsheasmhacha a áirithiú;
comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú, go háirithe maidir le réimsí maoirseachta a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo nó a bhféadfadh tionchar trasteorann a bheith acu;
comhordú i staideanna éigeandála a neartú i gcomhréir le hAirteagal 24;
measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus tuairimí á soláthar d’údaráis inniúla de bhun mhír 2 maidir le comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo ag CPLanna i ndáil le rioscaí trasteorann sainaitheanta nó rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an Aontais, agus moltaí a thabhairt maidir leis an gcaoi a ndéanfaidh CPL rioscaí den sórt sin a mhaolú.
Féadfaidh údaráis inniúla dréachtchinntí a chur faoi bhráid ESMA freisin chun a thuairim a fháil uaidh sula nglacfaidh siad aon ghníomhaíocht nó beart eile i gcomhréir lena ndualgais faoi Airteagal 22(1).
Airteagal 23b
An Sásra Faireacháin Comhpháirteach
Beidh an Sásra Faireacháin Comhpháirteach comhdhéanta díobh seo a leanas:
ionadaithe ó ESMA;
ionadaithe ó ÚBE agus ó ÚEÁPC;
ionadaithe ó BERS, BCE agus BCE faoi chuimsiú na gcúraimí a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa laistigh den sásra maoirseachta aonair a thugtar dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013; agus
ionadaithe ó bhainc cheannais eisiúna na n-airgeadraí, cé is moite den euro, ina bhfuil na conarthaí díorthach dá dtagraítear in Airteagal 7a(6) ainmnithe.
Sa bhreis ar na heintitis dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo, féadfaidh bainc cheannais eisiúna na n-airgeadraí ina bhfuil na conarthaí díorthach dá dtagraítear in Airteagal 7a(6) ainmnithe, cé is moite díobh siúd a liostaítear i bpointe (d) den dara fomhír sin, na húdaráis inniúla náisiúnta a dhéanann maoirseacht ar an oibleagáid faoi Airteagal 7a, atá teoranta d’údarás inniúil amháin in aghaidh an Bhallstáit, agus an Coimisiún a bheith rannpháirteach freisin sa Sásra Faireacháin Comhpháirteach mar bhreathnóirí.
Déanfaidh ESMA bainistiú agus cathaoirleacht ar chruinnithe an tSásra Faireacháin Chomhpháirtigh. Féadfaidh Cathaoirleach an tSásra Faireacháin Chomhpháirtigh, arna iarraidh sin do chomhaltaí eile an tSásra Faireacháin Chomhpháirtigh nó ar thionscnamh an Chathaoirligh féin, a iarraidh ar údaráis eile a bheith rannpháirteach sna cruinnithe nuair is ábhartha do na hábhair atá le plé.
Déanfaidh an Sásra Faireacháin Comhpháirteach an méid seo a leanas:
faireachán ar chur chun feidhme na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 7a agus 7c, ar leibhéal comhiomlán an Aontais, lena n-áirítear gach ceann díobh seo a leanas:
na neamhchosaintí foriomlána agus an laghdú ar neamhchosaintí ar sheirbhísí imréitigh a bhfuil tábhacht shistéamach shubstaintiúil leo agus a shainaithnítear de bhun Airteagal 25(2c);
forbairtí a bhaineann le himréiteach in CPLanna a údaraítear faoi Airteagal 14 agus rochtain ar imréiteach ag cliaint ar CPLanna den sórt sin, lena n-áirítear táillí a ghearrann CPLanna den sórt sin as cuntais a bhunú de bhun Airteagal 7a agus aon táille a ghearrann comhaltaí imréitigh ar a gcliaint as cuntais a bhunú agus as imréiteach a dhéanamh de bhun Airteagal 7a;
forbairtí suntasacha eile i gcleachtais imréitigh a bhfuil tionchar acu ar an leibhéal imréitigh ag CPLanna a údaraítear faoi Airteagal 14;
faireachán ar na himpleachtaí trasteorann a bhaineann le gaolmhaireachtaí imréitigh cliant, lena n-áirítear inaistritheacht agus idirthuilleamaíochtaí agus idirghníomhaíochtaí comhaltaí agus cliant le bonneagair eile an mhargaidh airgeadais a imréiteach;
rannchuidiú leis an bhforbairt ar mheasúnuithe ar fud an Aontais ar athléimneacht CPLanna a dhíríonn ar rioscaí leachtachta, creidmheasa agus oibríochtúla a bhaineann le CPLanna, le comhaltaí imréitigh agus le cliaint;
rioscaí comhchruinnithe a shainaithint, go háirithe maidir le himréiteach cliant, mar gheall ar chomhtháthú mhargaí airgeadais an Aontais, lena n-áirítear i gcás ina mbaineann roinnt CPLanna, comhaltaí imréitigh nó cliant úsáid as na soláthraithe seirbhíse céanna;
faireachán ar éifeachtacht na mbeart arb é is aidhm dóibh tarraingteacht CPLanna an Aontais a fheabhsú, imréiteach ag CPLanna an Aontais a spreagadh agus faireachán ar rioscaí trasteorann a fheabhsú.
Comhoibreoidh na comhlachtaí atá rannpháirteach sa Sásra Faireacháin Comhpháirteach, an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 agus na húdaráis inniúla náisiúnta agus comhroinnfidh siad an fhaisnéis is gá chun na cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhéanamh.
I gcás nach bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil don Sásra Faireacháin Comhpháirteach, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7a(9), déanfaidh údarás inniúil ábhartha na CPLanna údaraithe, a gcomhaltaí imréitigh agus a gcliaint an fhaisnéis is gá a sholáthar lena gcuirtear ar chumas ESMA agus na gcomhlachtaí eile atá rannpháirteach sa Sásra Comhpháirteach Faireacháin na cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhéanamh.
Féadfar moltaí maidir le gníomhaíochtaí féideartha ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí cothrománacha sainaitheanta a áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Gníomhóidh ESMA i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 i gcás, ar bhonn na faisnéise a fuarthas mar chuid den Sásra Faireacháin Comhpháirteach agus tar éis an phlé a rinneadh ann:
ina measann ESMA go mainníonn na húdaráis inniúla a áirithiú go gcomhlíonann na comhaltaí imréitigh agus cliaint na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7a; nó
ina sainaithníonn ESMA riosca do chobhsaíocht airgeadais an Aontais mar gheall ar shárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais nó ar líomhain nár cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm.
Sula ngníomhóidh ESMA i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh sé treoirlínte nó moltaí a eisiúint de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 24
Staideanna éigeandála
Déanfaidh údarás inniúil an CPL nó aon údarás ábhartha eile ESMA, an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, comhaltaí ábhartha CEBC, an Coimisiún agus údaráis ábhartha eile a chur ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon staid éigeandála a bhaineann le CPL, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
cásanna nó teagmhais a mbíonn tionchar acu, nó ar dócha go mbeidh tionchar acu, ar fhóntacht stuamachta nó airgeadais nó ar athléimneacht CPLanna a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14, a gcomhaltaí imréitigh nó a gcliaint;
i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag CPL a phlean téarnaimh a chur i ngníomh de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2021/23, ina ndearna údarás inniúil beart luath-idirghabhála de bhun Airteagal 18 den Rialachán sin nó ina ndearna údarás inniúil a chur de cheangal go ndéanfaí bainistíocht shinsearach nó bord an CPL a bhriseadh go hiomlán nó go páirteach de bhun Airteagal 19 den Rialachán sin;
i gcás ina dtarlaíonn forbairtí sna margaí airgeadais, nó i margaí eile ina soláthraíonn an CPL seirbhísí imréitigh, a bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith acu ar leachtacht an mhargaidh, ar tharchur an bheartais airgeadaíochta, ar oibriú rianúil na gcóras íocaíochta nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais in aon cheann de na Ballstáit ina bhfuil an CPL nó ceann dá chomhaltaí imréitigh bunaithe.
I gcás staid éigeandála, ach amháin i gcás ina bhfuil gníomhaíocht réitigh á déanamh nó déanta ag údarás réitigh i ndáil le CPL de bhun Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/23, maidir le cruinnithe ad hoc den Choiste Maoirseachta do CPLanna, chun freagairtí na n-údarás inniúil a chomhordú:
féadfaidh an Cathaoirleach ar an gCoiste Maoirseachta do CPLanna iad a chomóradh;
comórfaidh an Cathaoirleach ar an gCoiste Maoirseachta do CPLanna iad, arna iarraidh sin do bheirt chomhaltaí den Choiste Maoirseachta do CPLanna.
Tabharfar cuireadh freisin d’aon cheann de na húdaráis seo a leanas freastal ar an gcruinniú ad hoc dá dtagraítear i mír 4, i gcás inarb ábhartha, ag féachaint do na saincheisteanna atá le plé ag an gcruinniú sin:
na bainc cheannais eisiúna ábhartha;
na húdaráis inniúla ábhartha chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, BCE faoi chuimsiú na gcúraimí a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa laistigh den sásra maoirseachta aonair a thugtar dó i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;
na húdaráis inniúla ábhartha chun maoirseacht a dhéanamh ar ionaid trádála;
na húdaráis inniúla ábhartha chun maoirseacht a dhéanamh ar chliaint i gcás inarb eol cé hiad féin;
na húdaráis réitigh ábhartha a ainmnítear de bhun Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2021/23;
aon chomhalta den choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, nach gcumhdaítear cheana le pointí (a) go (d) den mhír seo.
I gcás ina dtionóltar cruinniú tar éis staid éigeandála mar a shonraítear i mír 1, pointe (c), tabharfaidh an Cathaoirleach ar an gCoiste Maoirseachta do CPLanna cuireadh do na bainc cheannais eisiúna ábhartha a bheith rannpháirteach sa chruinniú sin.
I gcás ina bhfuil an fhaisnéis a iarrtar ag údarás inniúil ábhartha, cuirfidh sé ar aghaidh chuig ESMA í gan moill mhíchuí.
I gcás nach bhfuil an fhaisnéis a iarrtar ag údarás inniúil ábhartha, cuirfidh sé de cheangal ar na CPLanna a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14, ar a gcomhaltaí imréitigh nó ar a gcliaint, ar bhonneagair nasctha an mhargaidh airgeadais nó ar thríú páirtithe gaolmhara a ndearna na CPLanna sin feidhmeanna oibríochtúla nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a sheachfhoinsiú chucu, de réir mar is ábhartha agus is infheidhme, an fhaisnéis sin a sholáthar dó, agus cuirfidh sé ESMA ar an eolas faoi sin. A luaithe a fhaigheann an t-údarás inniúil ábhartha an fhaisnéis a iarrtar, cuirfidh sé ar aghaidh chuig ESMA í gan moill mhíchuí.
In ionad an fhaisnéis dá dtagraítear sa tríú fomhír a éileamh, féadfaidh an t-údarás inniúil ábhartha cead a thabhairt do ESMA an fhaisnéis sin a éileamh go díreach ón eintiteas ábhartha. Cuirfidh ESMA an fhaisnéis uile a fhaightear ón eintiteas sin ar aghaidh chuig an údarás inniúil ábhartha gan moill mhíchuí.
I gcás nach bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír faighte ag ESMA laistigh de 48 n-uaire an chloig, féadfaidh sé, trí iarraidh shimplí, ceangal a chur ar CPLanna údaraithe, ar a gcomhaltaí imréitigh agus ar a gcliaint, ar bhonneagair nasctha an mhargaidh airgeadais agus ar thríú páirtithe gaolmhara a ndearna na CPLanna sin feidhmeanna oibríochtúla nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a sheachfhoinsiú chucu an fhaisnéis sin a sholáthar dó gan moill mhíchuí. Cuirfidh ESMA an fhaisnéis uile a fhaightear ó na heintitis sin ar aghaidh chuig an údarás inniúil ábhartha gan moill mhíchuí.
CAIBIDIL 3A
An Coiste Maoirseachta do CPLanna
Airteagal 24a
An Coiste Maoirseachta do CPLanna
Beidh a leanas ar an gCoiste Maoirseachta do CPLanna:
an Cathaoirleach, ag a mbeidh cead vótála;
beirt chomhaltaí neamhspleácha, ag a mbeidh cead vótála;
údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 22 den Rialachán seo le CPL údaraithe, a bheidh ag vótáil; i gcás ina n-ainmneoidh an Ballstát níos mó ná údarás amháin mar údarás inniúil, féadfaidh gach ceann d’údaráis inniúla an Bhallstáit sin a chinneadh ionadaí amháin a cheapadh chun a bheith rannpháirteach de bhun na míre seo; i gcás na nósanna imeachta vótála a leagtar amach in Airteagal 24c, áfach, measfar ionadaithe uile an Bhallstáit a bheidh i gceist mar aon chomhalta vótála amháin.
Na bainc cheannais eisiúna seo a leanas:
i gcás ina dtagann an Coiste Maoirseachta do CPLanna le chéile i dtaca le CPLanna tríú tír, i leith ullmhúchán gach cinnidh dá mbaineann le hAirteagail dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo maidir le CPLanna Leibhéal 2 agus le hAirteagal 25(2a), na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 25(3) a bhfuil comhaltacht ar an gCoiste Maoirseachta CPL iarrtha acu, ach nach mbeidh cead vótála acu;
i gcás ina dtagann an Coiste Maoirseachta do CPLanna le chéile i ndáil le CPLanna a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14, i gcomhthéacs pléití a bhaineann le mír 7 den Airteagal seo, bainc cheannais eisiúna na n-airgeadraí de chuid an Aontais, ar sna hairgeadraí sin atá na hionstraimí airgeadais a imréitíonn CPLanna údaraithe a bhfuil comhaltacht sa Choiste Maoirseachta do CPLanna iarrtha acu, agus nach mbeidh cead vótála acu.
Tabharfar comhaltacht go huathoibríoch chun críche fhophointe (i) agus fophointe (ii), arna iarraidh sin aon uair amháin i scríbhinn ar an gCathaoirleach.
Sula ndéanfar ceapachán an Chathaoirligh agus chomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna, agus suas go mí amháin tar éis don Bhord Maoirseoirí a ghearrliosta a chur i dtoll a chéile, cuirfidh an Bord Maoirseoirí an gearrliosta sin d’iarratasóirí roghnaithe, lena n-urramaítear an chothromaíocht inscne, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, agus déanfaidh Parlaimint na hEorpa na hiarratasóirí roghnaithe a fhormheas nó a dhiúltú tar éis di éisteacht leo.
I gcás nach gcomhlíonfaidh an Cathaoirleach nó aon duine de na comhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna a thuilleadh na coinníollacha a cheanglaítear chun a gcuid dualgas a fheidhmiú nó i gcás go bhfuarthas ciontach iad as mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún arna fhormheas ag Parlaimint na hEorpa, cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh an duine sin a chur as oifig. Is le tromlach cáilithe a ghníomhóidh an Chomhairle.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle scéala a chur chuig an gCoimisiún á rá gur dóigh leo go gcomhlíontar na coinníollacha chun Cathaoirleach nó duine de chomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna a chur as oifig, agus tabharfaidh an Coimisiún freagra air sin.
Cúig bliana a mhairfidh téarma oifige Chathaoirleach agus chomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna; féadfar síneadh amháin a chur leis an tréimhse sin.
Ní dhéanfaidh na Ballstáit, institiúidí nó comhlachtaí an Aontais, ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile iarracht tionchar a imirt ar chathaoirleach nó ar dhuine de chomhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh.
I gcomhréir leis na Rialacháin Foirne dá dtagraítear in Airteagal 68 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, beidh Cathaoirleach agus comhaltaí neamhspleácha an Choiste Maoirseachta do CPLanna, ach a n-éirí siad as an tseirbhís, fós faoi cheangal iad féin a iompar go hionraic agus go discréideach maidir le ceapacháin nó sochair áirithe.
►M18 I ndáil le CPLanna údaraithe nó le CPLanna a bhfuil iarratas ar údarú á dhéanamh acu i gcomhréir le hAirteagal 14, déanfaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna, chun críocha Airteagal 23a, cinntí a ullmhú agus na cúraimí sin a chuirtear ar ESMA in Airteagal 23a agus sna pointí seo a leanas a dhéanamh: ◄
anailís athbhreithnithe piaraí ar ghníomhaíochtaí maoirseachta na n-údarás inniúil uile a sheoladh i ndáil le húdarú agus maoirseacht na gcontrapháirtithe lárnacha i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, agus sin a dhéanamh uair sa bhliain ar a laghad;
ar a laghad uair sa bhliain, measúnuithe uile-Aontais a thionscnamh agus a chomhordú ar athléimneacht CPLanna i leith forbairtí dochracha sa mhargadh i gcomhréir le hAirteagal 32(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, ag cur san áireamh, i gcás inar féidir, éifeacht chomhiomlán na socruithe téarnaimh agus réitigh CPL ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais;
gach bliain ar a laghad, tosaíochtaí maoirseachta a phlé agus a shainaithint i gcás CPLanna a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán seo chun cur le hullmhú na dtosaíochtaí maoirseachta straitéiseacha uile-Aontais ag ESMA i gcomhréir le hAirteagal 29a de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
breithniú a dhéanamh, i gcomhar le ÚBE, ÚEÁPC agus BCE, agus a chúraimí á ndéanamh aige laistigh de shásra maoirseachta aonair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, ar aon rioscaí trasteorann a eascraíonn as gníomhaíochtaí CPLanna, lena n-áirítear i ngeall ar idirnascthacht, idirnaisc agus rioscaí comhchruinnithe CPLanna de bharr naisc trasteorann den sórt sin;
dréacht-tuairimí a ullmhú lena nglacadh ag an mBord Maoirseoirí i gcomhréir le hAirteagail 17 agus 17b, dréachtbhailíochtuithe a ullmhú lena nglacadh ag an mBord Maoirseoirí i gcomhréir le hAirteagal 49 agus dréachtchinntí a ullmhú lena nglacadh ag an mBord Maoirseoirí i gcomhréir le hAirteagal 49a;
ionchur a sholáthar do na húdaráis inniúla de bhun Airteagal 17a;
an Bord Maoirseoirí a chur ar an eolas i gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil tuairimí ó ESMA ná aon choinníoll ná aon mholadh atá iontu nó nach bhfuil sé beartaithe aige déanamh amhlaidh, lena n-áirítear an réasúnú ón údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 17(3c) agus le hAirteagal 17b(4);
malartú agus plé rialta a chur chun cinn i measc na n-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 22(1) den Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
gníomhaíochtaí agus cinntí ábhartha maoirseachta arna nglacadh ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 22 agus a ndualgais á ndéanamh acu i gcomhréir leis an Rialachán seo maidir le húdarú agus maoirsiú CPLanna arna mbunú ar a gcríoch;
dréachtchinntí arna gcur faoi bhráid ESMA ag údarás inniúil i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 23a(2);
dréachtchinntí arna gcur ar bhonn deonach faoi bhráid ESMA ag údarás inniúil i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 23a(2);
forbairtí ábhartha de chuid an mhargaidh, lena n-áirítear cásanna nó imeachtaí a fhágfaidh a lorg nó ar dócha dóibh a lorg a fhágáil ar fhóntacht stuamachta nó airgeadais nó teacht aniar CPLanna arna n-údarú i gcomhréir le hAirteagal 14 nó ar a gcomhaltaí imréitigh;
beidh sé ar an eolas faoi gach tuairim agus moladh arna nglacadh ag coláistí i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán seo agus pléifidh sé iad d’fhonn cur le feidhmiú comhleanúnach agus comhsheasmhach na gcoláistí agus d’fhonn comhsheasmhacht a chothú i gcur chun feidhme an Rialacháin seo ina measc.
Chun críocha phointe (a) go pointe (d) sa chéad fhomhír, tabharfaidh na húdaráis inniúla gach faisnéis agus doiciméadacht ábhartha do ESMA gan moill mhíchuí.
Tuairisceoidh ESMA ar bhonn bliantúil don Choimisiún ar na rioscaí trasteorann a eascraíonn as gníomhaíochtaí CPLanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (bb).
Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna an méid seo a leanas a dhéanamh:
bunaithe ar a chuid gníomhaíochtaí i gcomhréir le pointí (a) go (d) de mhír 5, iarraidh ar an mBord Maoirseoirí a mheas an gá do ESMA treoirlínte, moltaí agus tuairimí a ghlacadh d’fhonn aghaidh a thabhairt ar easpa cóineasaithe agus comhsheasmhachta i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo i measc na n-údarás inniúil agus na gcoláistí. Breithneoidh an Bord Maoirseoirí na hiarrataí sin go cuí agus tabharfaidh sé freagra iomchuí;
tuairimí maidir le cinntí arna nglacadh ag ESMA i gcomhréir le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a chur faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí, cé is moite díobh siúd dá dtagraítear in Airteagal 17 agus Airteagal 19 den Rialachán sin, a bhaineann le cúraimí arna mbronnadh ar na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 22 den Rialachán seo.
Gheobhaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna tacaíocht ó fhoireann thiomnaithe de chuid ESMA, ag a mbeidh a ndóthain eolais, scileanna, agus taithí acu d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:
cruinnithe an Choiste Maoirseachta CPL a ullmhú;
na hanailísí a ullmhú is gá le gur féidir leis an gCoiste Maoirseachta do CPLanna a chúraimí a dhéanamh;
tacú leis an gCoiste Maoirseachta do CPLanna ina chomhar idirnáisiúnta ar an leibhéal riaracháin.
Airteagal 24b
Comhairliúchán leis na bainc cheannais eisiúna
Airteagal 24c
Cinnteoireacht laistigh den Choiste Maoirseachta do CPLanna
Déanfaidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna a chuid cinntí le tromlach glan dá chuid comhaltaí. I gcás comhionannas vótaí, is ag an gCathaoirleach a bheidh an vóta réitigh.
Airteagal 24d
Cinnteoireacht laistigh den bhord maoirseoirí
I gcás ina gcuirfidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna dréachtchinntí faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí de bhun Airteagail 25(2), 25(2a), 25(2b), 25(2c), 25(5), 25p, 85(6), 89(3b) den Rialachán seo agus, ina theannta sin, do CPLanna Leibhéal 2, agus dóibh siúd amháin, i gcomhréir le hAirteagail 41, 44, 46, 50 agus 54 den Rialachán seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinneadh maidir leis na dréachtchinntí sin i gcomhréir le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 laistigh de 10 lá oibre.
I gcás ina gcuirfidh an Coiste Maoirseachta do CPLanna tríú tír dréachtchinntí faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí de bhun airteagail nach ionann agus iad siúd dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinneadh i ndáil leis na dréachtchinntí sin i gcomhréir le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 laistigh de 3 lá oibre.
Airteagal 24e
Cuntasacht
CAIBIDIL 4
Caidreamh le tríú tíortha
Airteagal 25
Aitheantas contrapháirtí lárnaigh tríú tír
Ní fhéadfaidh ÚEUM, tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis dá dtagraítear i mír 3. aitheantas a thabhairt do chontrapháirtí lárnach atá bunaithe i dtríú tír a chuir isteach ar aitheantas a fháil seirbhísí imréitigh nó gníomhaíochtaí imréitigh a sholáthar ach amháin i sna cásanna seo a leanas:
go bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 6;
go bhfuil an contrapháirtí lárnach údaraithe sa tríú tír ábhartha, agus go bhfuil sé faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus forfheidhmithe éifeachtaigh lena n-áirithítear go ndéantar na ceanglais stuamachta atá infheidhme sa tríú tír sin a chomhlíonadh go hiomlán;
go bhfuil socruithe comhair bunaithe de bhun mhír 7;
the CCP is established or authorised in a third country that is not considered, by the Commission in accordance with Directive (EU) 2015/849 of the European Parliament and of the Council ( 20 ), as having strategic deficiencies in its national anti-money laundering and counter financing of terrorism regime that poses significant threats to the financial system of the Union;
níor cinneadh go raibh tábhacht shistéamach leis an CPL nó gur dócha go mbeadh tábhacht shistéamach leis i gcomhréir le mír 2a, rud a fhágann gur CPL Leibhéal 1 atá ann.
Tar éis dul i gcomhairle le BERS agus leis na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3, cinnfidh ESMA an bhfuil tábhacht shistéamach le CPL tríú tír nó an dócha go mbeidh tábhacht shistéamach leis i leith chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit (CPL Leibhéal 2) trí na critéir seo uile a chur san áireamh:
cineál, méid, agus castacht ghnó an CPL san Aontas, agus lasmuigh den Aontas, a mhéid a d’fhéadfadh sin tionchar sistéamach a imirt ar an Aontas nó ar cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, lena n-áirítear:
luach na n-idirbheart a imréitíonn an CPL, i dtéarmaí comhiomlána agus i ngach airgeadra de chuid an Aontais, nó neamhchosaint chomhiomlán an CPL atá i mbun gníomhaíochtaí imréitigh chuig a chomhaltaí imréitigh, agus a mhéid is eol, chuig a gcliaint agus a gcliaint indíreacha atá bunaithe san Aontas, lena n-áirítear i gcás inar ainmnigh Ballstát iad sin mar institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo (O-SIInna) de bhun Airteagal 131(3) de Threoir 2013/36/AE; agus
próifíl riosca an CPL, i dtéarmaí inter alia rioscaí dlíthiúla, oibríochtúla, agus gnó;
an éifeacht a bheadh ag cliseadh nó suaitheadh an CPL sin ar na nithe seo a leanas:
margaí airgeadais, lena n-airítear leachtacht na margaí dá bhfóntar;
institiúidí airgeadais;
an córas airgeadais go ginearálta; nó
cobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit;
struchtúr chomhaltaí imréitigh an CPL, lena n-áirítear, a mhéid is eol sin, struchtúr an líonra de chliaint dhíreacha agus indíreacha atá ag comhaltaí imréitigh an CPL, atá bunaithe san Aontas;
a mhéid is ann do sheirbhísí malartacha imréitigh arna soláthar ag CPLanna eile in ionstraimí airgeadais arna n-ainmniú in airgeadraí de chuid an Aontais do chomhaltaí imréitigh agus, a mhéid is eol sin, dá gcuid cliant díreach agus indíreach atá bunaithe san Aontas;
caidrimh na CPLanna, idirthuilleamaíochtaí na CPLanna agus na hidirghníomhaíochtaí atá nó a bhíonn idir an CPL agus bonneagair eile de chuid an mhargaidh airgeadais, institiúidí airgeadais eile agus an córas airgeadais go ginearálta a mhéid gur dócha go mbeidh tionchar aige ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann nó níos mó de na Ballstáit.
Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 82 chun na critéir a leagtar amach sa chéad fhomhír a shonrú a thuilleadh faoin 2 eanáir 2021.
Gan dochar do pé toradh a bheidh ar an bpróiseas aitheantais, tar éis dó an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i gcrích, cuirfidh ESMA in iúl don CPL is iarratasóir, laistigh de 30 lá ó chinnfear gurb iomlán d’iarratas an CPL i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 4, cibé acu a mheastar nó nach meastar gur CPL Leibhéal 1 é.
I gcás ina gcinnfidh ESMA go bhfuil tábhacht shistéamach le CPL nó gur dócha go mbeidh tábhacht shistéamach leis (CPL Leibhéal 2) i gcomhréir le mír 2a, ní thabharfaidh sé aitheantas don CPL sin chun seirbhísí nó gníomhaíochtaí áirithe imréitigh a sholáthar ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas, sa bhreis ar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) go (d) de mhír 2:
comhlíonfaidh an CPL, tráth a n-aithneofar é, agus tar a éis sin ar bhonn leanúnach, na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeideal IV agus Teideal V. I ndáil le comhlíontacht an CPL le hAirteagail 41, 44, 46, 50 agus 54, rachaidh ESMA i gcomhairle leis na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3 i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 24b(1). Cuirfidh ESMA san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 25a, a mhéid a chomhlíonann CPL na ceanglais sin trí cheanglais inchomparáide is infheidhme sa tríú tír a chomhlíonadh;
chuir na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3 dearbhú i scríbhinn ar fáil do ESMA, laistigh de 30 lá oibre ón gcinneadh nach CPL ar Leibhéal 1 CPL tríú tír i gcomhréir le mír 2a nó tar éis an athbhreithnithe i gcomhréir le mír 5, go gcomhlíonann an CPL na ceanglais seo a leanas, a d’fhéadfadh a bheith forchurtha ag na bainc cheannais eisiúna sin, agus iad i mbun a gcúraimí beartais airgeadaíochta:
pé eolas a iarrfaidh an banc ceannais go cuí réasúnta a thíolacadh, i gcás nach bhfuil an fhaisnéis sin faighte cheana féin ag ESMA;
comhoibriú go hiomlán agus go cuí leis an mbanc ceannais eisiúna i gcomhthéacs an mheasúnaithe, arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 25b(3), ar theacht aniar an CPL i leith forbairtí dochracha sa mhargadh;
cuntas taisce thar oíche a oscailt sa bhanc ceannais eisiúna nó fógra a thabhairt faoin intinn ceann a oscailt ann, i gcomhréir leis na critéir agus na ceanglais ábhartha rochtana.
na ceanglais sin a chomhlíonadh, arna gcur i bhfeidhm i gcásanna eisceachtúla ag an mbanc ceannais eisiúna, ina inniúlachtaí chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sealadacha leachtachta sistéamacha lena ndéantar difear do tharchur na mbeartas airgeadaíochta nó d’oibriú rianúil córas íocaíochta, agus a bhaineann le rialú rioscaí leachtachta, ceanglais chorrlaigh, comhthaobhacht, socruithe socraíochta nó socruithe idir-inoibritheachta.
Leis na ceanglais dá dtagraítear i bhfophointe (iv), áiritheofar éifeachtúlacht, fóntacht agus teacht aniar na gcontrapháirtithe lárnacha agus déanfar na ceanglais a ailíniú leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeideal IV agus Teideal V den Rialachán seo.
Beidh cur i bhfeidhm na gceanglas dá dtagraítear i bhfophointe (iv) ina choinníoll don aitheantas ar feadh tréimhse teoranta ama suas le 6 mhí. I gcás ina measfaidh an banc ceannais eisiúna ag deireadh na tréimhse sin go bhfuil an cás eisceachtúil leanúnach, féadfar síneadh a chur le cur i bhfeidhm na gceanglas chun críocha aitheantais uair amháin ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí.
Sula bhforchuirfidh sé na ceanglais dá dtagraítear i bhfophointe (iv) nó sula gcuirfidh sé síneadh lena gcur i bhfeidhm, cuirfidh an banc ceannais eisiúna ESMA, na bainc cheannais eisiúna eile dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3 agus comhaltaí choláiste CPLanna tríú tír ar an eolas agus tabharfaidh sé míniú dóibh ar an éifeacht a bheidh ag na ceanglais a bhfuil sé ar intinn aige a fhorchur ar éifeachtúlacht, fóntacht agus teacht aniar CPLanna agus tabharfaidh sé bonn cirt maidir leis an bhfáth a bhfuil na ceanglais riachtanach agus comhréireach chun a áirithiú go dtarchuirfear an beartas airgeadaíochta nó go n-oibreoidh na córais íocaíochta go rianúil maidir leis an airgeadra a eisíonn sé. Cuirfidh ESMA tuairim faoi bhráid an bhainc ceannais eisiúna laistigh de 10 lá oibre ón uair a seolfar na dréachtcheanglais nó an dréachtsíneadh. I gcásanna éigeandála, ní rachaidh an tréimhse thuasluaite thar 24 uair. Ina thuairim, cuirfidh ESMA san áireamh go háirithe éifeachtaí na gceanglas arna bhforchur ar éifeachtúlacht, fóntacht agus teacht aniar an CPL. Féadfaidh na bainc cheannais eile dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3 tuairim a thíolacadh laistigh den spriocdháta céanna. Ar thabhairt i gcrích na tréimhse comhairliúcháin, breithneoidh an banc ceannais eisiúna go cuí na leasuithe a mholtar i dtuairimí ESMA nó na mbanc ceannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír (3).
Tabharfaidh an banc ceannais eisiúna scéala freisin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle sula gcuirfidh sé síneadh le cur i bhfeidhm na gceanglas sin dá dtagraítear i bhfophointe (iv).
Comhoibreoidh an banc ceannais eisiúna le ESMA agus leis na bainc cheannais eisiúna eile dá dtagraítear i bhfophointe (f) de mhír 3 agus comhroinnfidh sé faisnéis leo ar bhonn leanúnach maidir leis na ceanglais dá dtagraítear i bhfophointe (iv), go háirithe i ndáil le measúnú ar na rioscaí leachtachta sistéamacha agus ar éifeachtaí na gceanglas forchurtha ar éifeachtúlacht, fóntacht agus teacht aniar CPLanna.
I gcás ina bhforchuirfidh banc ceannais eisiúna aon cheann de na ceanglais dá dtagraítear sa phointe seo agus aitheantas faighte ag CPL Leibhéal 2, measfar aon cheanglas den sórt sin a bheith ina choinníoll ar aitheantas agus tabharfaidh na bainc cheannais eisiúna dearbhú i scríbhinn do ESMA, laistigh de 90 lá oibre, go gcomhlíonann an CPL an ceanglas.
I gcás nach bhfuil dearbhú i scríbhinn tugtha ag banc ceannais eisiúna do ESMA faoin sprioc-am, féadfaidh ESMA a mheas go bhfuil an ceanglas sin comhlíonta;
tá an méid seo a leanas tugtha ag an CPL do ESMA:
ráiteas scríofa, sínithe ag ionadaí dlíthiúil an CPL sin, ina gcuirfear in iúl go dtoilíonn an CPL gan choinníoll don mhéid seo a leanas:
tuairim réasúnaithe dlí ó shaineolaí neamhspleách dlí á dhearbhú gur bailí don toiliú a tugadh agus gurb in-fhorfheidhmithe faoi na dlíthe ábhartha is infheidhme;
tá na bearta riachtanacha ar fad curtha chun feidhme agus na nósanna imeachta uile is gá curtha ar bun ag an CPL chun a áirithiú go gcomhlíonfar go héifeachtach na ceanglais a leagtar síos i bpointe (a) agus pointe (c);
níl gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 2c.
Féadfaidh ESMA, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus le comhaontú ó na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3, i gcomhréir le hAirteagal 24b(3) agus de réir an mhéid tábhachta sistéamaí atá leis an CPL i gcomhréir le mír 2a den Airteagal seo, a chinneadh, ar bhonn measúnú réasúnaithe iomlán, go bhfuil a oiread sin tábhachta sistéamaí le CPL nó le roinnt dá seirbhísí imréitigh nár cheart aitheantas a thabhairt don CPL sin maidir le seirbhísí agus gníomhaíochtaí áirithe imréitigh a sholáthar. Ní bhainfidh pé comhaontú a thabharfaidh bainc cheannais eisiúna ach leis an airgeadra a eisíonn sé, agus leis sin amháin; ní bheidh aon bhaint aige leis an moladh dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo. Sa mheasúnú uaidh, déanfaidh ESMA an méid seo a leanas:
míneoidh sé cé mar nach dtabharfaí aghaidh go leordhóthanach, le comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 2b, ar an riosca cobhsaíochta airgeadais don Aontas ná do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit;
cuirfidh sé síos ar shaintréithe na seirbhísí imréitigh arna soláthar ag an CPL, lena n-áirítear na ceanglais leachtachta agus socrúcháin fhisiciúil a bhaineann le soláthar na seirbhísí sin;
soláthróidh sé measúnú cainníochtúil teicniúil ar chostais agus sochair agus iarmhairtí aon chinneadh nach n-aithníonn an CPL chun seirbhísí nó gníomhaíochtaí imréitigh áirithe a sholáthar, agus cuirfidh sé san áireamh an méid a leanas:
gurb ann d’ionadaithe malartacha féideartha chun na seirbhísí imréitigh lena mbaineann a sholáthar do na comhaltaí imréitigh sna hairgeadraí lena mbaineann, agus a mhéid is eol sin, dá gcliaint dhíreacha agus indíreacha atá bunaithe san Aontas;
na hiarmhairtí a d’eascródh as conarthaí de chuid an CPL, atá fós gan chomhlíonadh, faoi raon feidhme an ghnímh cur chun feidhme.
Ar bhonn an mheasúnaithe uaidh, molfaidh ESMA don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena ndearbhófar nár cheart aitheantas a thabhairt don CPL sin maidir le seirbhísí nó gníomhaíochtaí imréitigh áirithe a sholáthar.
Beidh líon íosta de 30 lá oibre, ar a laghad, ag an gCoimisiún ina ndéanfaidh sé an moladh ó ESMA a mheas.
Tar éis dó an moladh dá dtagraítear sa dara fomhír a chur isteach, féadfaidh an Coimisiún, mura mbeidh an dara rogha ann, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina sonrófar an méid seo a leanas:
tar éis na tréimhse oiriúnaithe a shonróidh an Coimisiún i gcomhréir le pointe (b) den fhomhír seo, ní ceadmhach don CPL tríú tír sin cuid dá sheirbhísí imréitigh, nó iomlán na seirbhísí sin, a sholáthar do chomhaltaí imréitigh agus ionaid trádála arna mbunú san Aontas ach a n-údarófar é sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 14;
tréimhse oiriúnaithe iomchuí don CPL, dá chomhaltaí imréitigh agus dá chliaint. Ní mhairfidh an tréimhse oiriúnaithe níos faide ná 2 bhliain, agus ní ceadmhach síneadh a chur léi, ar feadh 6 mhí, ach uair amháin i gcás inarb ann fós do na cúiseanna a bhí ann an tréimhse oiriúnaithe a dheonú;
na coinníollacha faoina bhféadfaidh an CPL sin leanúint de sheirbhísí imréitigh a sholáthar le linn na tréimhse oiriúnaithe dá dtagraítear i bpointe (b);
aon bhearta a ghlacfar i gcaitheamh na tréimhse oiriúnaithe, chun teorainn a chur leis na costais a d’fhéadfadh a bheith ann do chomhaltaí imréitigh agus dá gcliaint, go háirithe dóibh siúd atá bunaithe san Aontas.
Tráth a mbeidh na seirbhísí agus an tréimhse oiriúnaithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den cheathrú fomhír á sonrú, breithneoidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
saintréithe na seirbhísí atá á dtairiscint ag an CPL agus a n-inionadaitheacht;
cibé acu a áireofar nó nach n-áireofar, agus a mhéid a dhéanfar sin, idirbhearta imréitithe i raon an ghnímh cur chun feidhme, agus iarmhairtí dlíthiúla agus eacnamaíocha an mhéid sin á gcur san áireamh;
na hiarmhairtí costais a d’fhéadfadh a bheith ann do chomhaltaí imréitigh agus, más eol, dá gcliaint, go háirithe iad siúd atá bunaithe san Aontas.
Déanfar an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2).
Agus measúnú á dhéanamh aige an gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) de mhír 2, rachaidh ESMA i gcomhairle leis na húdaráis seo a leanas:
údarás inniúil an Bhallstáit ina gcuireann an contrapháirtí lárnach seirbhísí imréitigh ar fáil nó ina bhfuil sé beartaithe aige na seirbhísí sin a chur ar fáil agus a bheidh roghnaithe ag an gcontrapháirtí lárnach;
na húdaráis áitiúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh an chontrapháirtí lárnaigh atá bunaithe sna trí Bhallstát a dhéanann na ranníocaíochtaí is mó le ciste mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh dá dtagraítear in Airteagal 42, nó a mheasann an contrapháirtí lárnach go ndéanfaidh siad na ranníocaíochtaí is mó leis an gciste sin, ar bhonn comhiomlán ar feadh tréimhse bliana;
na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ionaid trádála atá lonnaithe san Aontas, a soláthraíonn nó a soláthróidh an contrapháirtí lárnach seirbhísí dóibh;
na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar chontrapháirtithe lárnacha atá bunaithe san Aontas ar bunaíodh socruithe idir-inoibritheachta leo;
comhaltaí ábhartha CEBC de chuid na mBallstát ina gcuireann an contrapháirtí lárnach seirbhísí imréitigh ar fáil nó ina bhfuil sé beartaithe aige na seirbhísí sin a chur ar fáil agus comhaltaí ábhartha CEBC atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar na contrapháirtithe lárnacha ar bunaíodh socruithe idir-inoibritheachta leo;
bainc cheannais eisiúna aon airgeadra de chuid an Aontais, ar sna hairgeadraí sin atá na hionstraimí airgeadais a imréitíonn an CPL nó atá le himréiteach ag an CPL
Soláthróidh an contrapháirtí lárnach iarrthach an fhaisnéis uile do ESMA atá riachtanach maidir lena aitheantas. Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ESMA measúnú an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ESMA spriocdháta síos a mbeidh ar an CPL iarrthach faisnéis bhreise a sholáthar faoi. Déanfaidh ESMA an fhaisnéis uile a fhaigheann sé ón CPL is iarratasóir a tharchur láithreach chuig coláiste do CPLanna tríú tír.
Is ar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 maidir le CPLanna Leibhéal 1 agus i mír 2, pointí (a) go (d), agus mír 2b maidir le CPLanna Leibhéal 2 a bhunófar an cinneadh aitheantais. Laistigh de 180 lá oibre ón tráth a chinnfear go bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine i gcomhréir leis an dara fomhír, cuirfidh ESMA in iúl i scríbhinn don CPL is iarratasóir, le míniú lán-réasúnaithe, cibé acu a deonaíodh an t-aitheantas nó ar diúltaíodh dó.
Foilseoidh ESMA liosta na gcontrapháirtithe lárnacha a aithníodh i gcomhréir leis an Rialachán seo ar a láithreán gréasáin, ina luafar cibé acu CPLanna Leibhéal 1 nó CPLanna Leibhéal 2 iad.
Déanfaidh ESMA, ar dhul i gcomhairle leis na húdaráis agus eintitis dá dtagraítear i mír 3, athbhreithniú ar an aitheantas a thugtar do CPL atá bunaithe i dtríú tír:
má tá rún ag an CPL sin raon a chuid seirbhísí agus gníomhaíochtaí a leathnú nó a laghdú san Aontas, cuirfidh an CPL sin in iúl do ESMA agus tíolacfaidh sé gach faisnéis riachtanach; agus
i gcás ar bith, gach 5 bliana, ar a laghad.
Déanfar an t-athbhreithniú sin i gcomhréir le míreanna 2 go 4.
I gcás ina ndéantar an t-athbhreithniú i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, ní cheanglófar ar an CPL iarratas nua ar aitheantas a thíolacadh ach soláthróidh sé an fhaisnéis uile is gá do ESMA chun gur féidir le EMSA athbhreithniú a dhéanamh ar a aitheantas. I gcás ina ndéanann ESMA athbhreithniú ar aitheantas CPL atá bunaithe i dtríú tír i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, ní dhéileálfaidh ESMA le hathbhreithniú den sórt sin mar iarratas ar aitheantas don CPL aitheanta ábhartha.
I gcás ina gcinnfidh ESMA, tar éis an athbhreithnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, gur cheart CPL tríú tír a aicmíodh mar CPL Leibhéal 1 a aicmiú mar CPL Leibhéal 2, socróidh ESMA tréimhse oiriúnaithe iomchuí nach faide ná 18 mí ar lena linn nach mór don CPL na ceanglais dá dtagraítear i mír 2b a chomhlíonadh. Féadfaidh ESMA síneadh suas le 6 mhí a chur leis an tréimhse oiriúnaithe sin ar iarraidh réasúnaithe ón CPL nó ón údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na comhaltaí imréitigh, i gcás ina bhfuil bonn cirt leis an síniú sin de bharr imthosca eisceachtúla agus impleachtaí do na comhaltaí imréitigh atá bunaithe san Aontas.
Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, lena gcinnfear go ndéanfar an méid seo a leanas:
áiritheofar le socruithe dlí agus maoirseachta tríú tír go gcomhlíonfaidh CPLanna atá údaraithe sa tríú tír sin ar bhonn leanúnach na ceanglais ar ceangal dlí iad atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV den Rialachán seo;
déanfar maoirseacht agus forfheidhmiú ar na CPLanna sa tríú tír sin ar bhonn leanúnach;
beidh foráil i gcreat dlí an tríú tír sin maidir le córas coibhéiseach éifeachtach le haghaidh aitheantas a thabhairt do CPLanna atá údaraithe faoi chórais dlí tríú tír;
Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur faoi réir chomhlíonadh éifeachtach leanúnach aon cheanglais a leagann aon tríú tír síos sa ghníomh sin agus cumas ESMA a fhreagrachtaí a fheidhmiú go héifeachtach maidir le CPLanna tríú tír ar tugadh aitheantas dóibh faoi mhír 2 agus mír 2b nó maidir leis an bhfaireachán dá dtagraítear i mír 6b, lena n-áirítear trí bhíthin teacht ar chomhaontú faoi na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 7 agus iad sin a chur i bhfeidhm.
I gcás ina bhfuil sé chun leasa an Aontais, agus i bhfianaise na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht airgeadais an Aontais mar gheall ar rannpháirtíocht ionchasach comhaltaí imréitigh agus ionad trádála atá bunaithe san Aontas in CPLanna atá bunaithe i dtríú tír, féadfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh gan beann ar phointe (c) den fhomhír sin a bheith comhlíonta nó gan é a bheith comhlíonta.
Déanfaidh ESMA faireachán ar na forbairtí rialála agus maoirseachta i dtríú tíortha ar glacadh gníomhartha tarmligthe lena n-aghaidh de bhun mhír 6.
Where ESMA identifies any regulatory or supervisory development in those third countries that may impact the financial stability of the Union or of one or more of its Member States, it shall inform the European Parliament, the Council, the Commission and the members of the third-country CCP college referred to in Article 25c without delay. All such information shall be treated confidentially.
ESMA shall submit a confidential report to the Commission and to the members of the third-country CCP college referred to in Article 25c on the regulatory and supervisory developments in the third countries referred to in the first subparagraph on an annual basis.
I gcás nár chinn ESMA leibhéal CPL go fóill nó i gcás inar chinn ESMA gur CPLanna Leibhéal 1 iad na CPLanna uile nó cuid de na CPLanna i dtríú tír ábhartha, cuirfear san áireamh sna socruithe comhair dá dtagraítear i mír 7 an riosca a bhaineann leis na CPLanna sin a bheith ag soláthar seirbhísí imréitigh agus sonrófar an méid seo a leanas iontu:
an sásra chun faisnéis a mhalartú ar bhonn bliantúil idir ESMA, na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i mír 3, pointe (f), agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, ionas go mbeidh ESMA in ann na nithe seo a leanas a dhéanamh:
a áirithiú go gcomhlíonfaidh an CPL na coinníollacha maidir le haitheantas faoi mhír 2;
aon tionchar ábhartha féideartha ar leachtacht an mhargaidh nó ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar chobhsaíocht airgeadais ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit a shainaithint; agus
faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí imréitigh i gceann amháin, nó níos mó, de na CPLanna atá bunaithe sa tríú tír sin ag comhaltaí imréitigh atá bunaithe san Aontas, nó ar cuid de ghrúpa iad atá faoi réir maoirseacht chomhdhlúite san Aontas;
go heisceachtúil, an sásra chun faisnéis a mhalartú ar bhonn ráithiúil lena gceanglaítear faisnéis mhionsonraithe lena gcumhdaítear na gnéithe dá dtagraítear i mír 2a, agus go háirithe faisnéis faoi athruithe suntasacha ar shamhlacha riosca agus ar pharaiméadair riosca, leathnú ghníomhaíochtaí agus sheirbhísí CPL agus athruithe ar struchtúr chuntas na gcliant, agus é d’aidhm aige sin a bhrath an bhféadfadh sé go bhfuil CPL gar do bheith tábhachtach go sistéamach, nó an bhféadfadh sé gur dócha go mbeidh tábhacht shistéamach leis, maidir le cobhsaíocht airgeadais an Aontais nó cobhsaíocht airgeadais ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, chomh maith leis an sásra chun faisnéis a mhalartú faoi fhorbairtí sa mhargadh a bhféadfadh iarmhairtí a bheith acu ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais;
an sásra chun fógra pras a thabhairt do ESMA i gcás ina measann údarás inniúil tríú tír go bhfuil coinníollacha a údaraithe nó dlí eile a bhfuil sé faoina réir á sárú ag CPL a bhfuil maoirseacht á déanamh aige air;
an sásra trína ndéanann an t-údarás inniúil tríú tír fógra pras a thabhairt do ESMA i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag CPL tríú tír a ndéanann an t-údarás inniúil sin maoirseacht air a sheirbhísí imréitigh nó a ghníomhaíochtaí imréitigh a leathnú nó a laghdú;
na nósanna imeachta is gá chun go ndéanfar faireachán éifeachtach ar fhorbairtí rialála agus maoirseachta i dtríú tír;
na nósanna imeachta lena gcuireann údaráis tríú tír ESMA, an coláiste do CPLanna tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25c, agus na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i mír 3, pointe (f), ar an eolas gan moill mhíchuí maidir le haon staideanna éigeandála a bhaineann leis an CPL aitheanta, lena n-áirítear forbairtí i margaí airgeadais, a bhféadfadh éifeacht dhochrach a bheith acu ar leachtacht an mhargaidh agus ar chobhsaíocht an chórais airgeadais san Aontas nó i gceann dá Bhallstáit, agus na nósanna imeachta agus na pleananna teagmhasacha chun aghaidh a thabhairt ar staideanna den sórt sin;
na nósanna imeachta lena n-áirithíonn údaráis tríú tír forfheidhmiú éifeachtach na gcinntí a ghlacann ESMA i gcomhréir le hAirteagail 25f agus 25j, Airteagal 25k(1), pointe (b), agus Airteagail 25l, 25m agus 25p;
toiliú ó na húdaráis tríú tír maidir le haon fhaisnéis a sholáthair siad do ESMA a chomhroinnt ina dhiaidh sin faoi na socruithe comhair leis na húdaráis dá dtagraítear i mír 3 agus le comhaltaí den choláiste do CPLanna tríú tír, faoi réir na gceanglas rúndachta gairmiúla a leagtar amach in Airteagal 83.
I gcás inar chinn ESMA gur CPL Leibhéal 2 é CPL amháin ar a laghad i dtríú tír ábhartha, sonrófar sna socruithe comhair dá dtagraítear i mír 7 an méid seo a leanas ar a laghad i ndáil leis na CPLanna Leibhéal 2 sin:
na gnéithe dá dtagraítear i mír 7a, pointí (a), (c), (e), (f) agus (h), i gcás nach bhfuil socruithe comhair bunaithe cheana féin leis an tríú tír ábhartha de bhun na míre sin;
an sásra chun faisnéis a mhalartú ar bhonn míosúil ar a laghad, de réir is iomchuí, idir ESMA, na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i mír 3, pointe (f), agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, lena n-áirítear rochtain ar an bhfaisnéis uile a iarrann ESMA chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an CPL na ceanglais dá dtagraítear i mír 2b;
na nósanna imeachta a bhaineann le gníomhaíochtaí maoirseachta a chomhordú, lena n-áirítear comhaontú údarás tríú tír i dtaobh imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a cheadú i gcomhréir le hAirteagail 25g agus 25h faoi seach;
na nósanna imeachta lena n-áirithíonn údaráis tríú tír forfheidhmiú éifeachtach na gcinntí a ghlacann ESMA i gcomhréir le hAirteagail 25b, 25f go 25m, 25p agus 25q;
na nósanna imeachta trína ndéanann údaráis tríú tír an méid seo a leanas:
dul i gcomhairle le ESMA maidir le hullmhú pleananna téarnaimh agus maidir le measúnú a dhéanamh orthu agus maidir le hullmhú pleananna réitigh i ndáil le gnéithe atá ábhartha don Aontas nó do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit;
ESMA a chur ar an eolas gan moill mhíchuí faoi bhunú pleananna téarnaimh agus pleananna réitigh agus faoi aon athrú ábhartha ina dhiaidh sin ar na pleananna sin i ndáil le gnéithe atá ábhartha don Aontas nó do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit;
ESMA a chur ar an eolas gan moill mhíchuí má tá sé beartaithe ag CPL Leibhéal 2 a phlean téarnaimh a chur i ngníomh nó i gcás inar chinn na húdaráis tríú tír go bhfuil an chosúlacht ann go bhfuil géarchéim ag teacht chun cinn a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oibríochtaí an CPL Leibhéal 2 sin, go háirithe don chumas atá aige seirbhísí imréitigh a sholáthar nó i gcás ina mbeartaíonn na húdaráis tríú tír gníomhaíocht réitigh a dhéanamh go luath sa todhchaí.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 25a
Comhlíonadh inchomparáide
Deonóidh ESMA comhlíonadh inchomparáide, go páirteach nó go hiomlán, i gcás ina gcinneann sé, bunaithe ar an iarraidh réasúnaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go meastar go bhfuil an CPL Leibhéal 2, trí na ceanglais ábhartha is infheidhme sa tríú tír a chomhlíonadh, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeidil IV agus V agus go sásaíonn sé, ar an gcaoi sin, an ceanglas maidir le haitheantas faoi Airteagal 25(2b), pointe (a).
Tarraingeoidh ESMA siar, go hiomlán nó i ndáil le ceanglas ar leith, an comhlíonadh inchomparáide, i gcás nach ndéanann CPL Leibhéal 2 na coinníollacha maidir le comhlíonadh inchomparáide a chomhlíonadh a thuilleadh agus i gcás nach ndearna CPL den sórt sin an ghníomhaíocht feabhais arna hiarraidh ag ESMA laistigh den tréimhse ama shocraithe. Agus é ag cinneadh dháta theacht in éifeacht an chinnidh i dtaobh an comhlíonadh inchomparáide a tharraingt siar, déanfaidh ESMA a dhícheall foráil a dhéanamh do thréimhse oiriúnaithe iomchuí nach mairfidh níos faide ná 6 mhí.
I gcás ina ndeonaíonn EMSA comhlíonadh inchomparáide, leanfaidh sé de bheith freagrach as a dhualgais a chomhlíonadh agus a chúraimí a dhéanamh faoin Rialachán seo, go háirithe faoi Airteagail 25 agus 25b, agus leanfaidh sé dá chumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 25c, 25d, 25f go 25m, 25p agus 25q a fheidhmiú.
Gan dochar do chumas ESMA a chúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, i gcás ina ndeonaíonn ESMA comhlíonadh inchomparáide, tiocfaidh sé ar chomhaontú maidir le socruithe riaracháin leis an údarás tríú tír chun malartú iomchuí faisnéise agus comhar a áirithiú do ESMA chun faireachán a dhéanamh go gcomhlíontar na ceanglais maidir le comhlíonadh inchomparáide ar bhonn leanúnach.
Chun a áirithiú go mbeidh cuspóirí rialála na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeideal IV agus Teideal V agus leasanna an Aontais ar an iomlán curtha san áireamh go héifeachtach sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena sonrófar an méid seo a leanas:
na híoseilimintí atá le measúnú chun críocha mhír 1 den Airteagal seo;
na modúlachtaí agus na coinníollacha maidir le déanamh an mheasúnaithe.
Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le Airteagal 82 faoin 2 Eanáir 2021.
Airteagal 25b
Comhlíonadh leanúnach na gcoinníollacha aitheantais
Éileoidh ESMA ar gach CPL Leibhéal 2 gach ceann díobh seo a leanas a thabhairt:
deimhniú, ar bhonn bliantúil ar a laghad, go bhfuil na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 25(2b), pointí (a), (c) agus (d), fós á gcomhlíonadh;
faisnéis agus sonraí ar bhonn tráthrialta chun a áirithiú go bhfuil ESMA in ann maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 25(2b), pointe (a), ag an CPL.
I gcás ina measfaidh banc ceannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 25(3) nach bhfuil an choinníoll dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 25(2b) á comhlíonadh ag CPL Leibhéal 2 a thuilleadh, cuirfidh sé fógra faoi sin láithreach chuig ESMA.
Airteagal 25c
Coláiste do CPLanna tríú tír
Is éard a bheidh sa choláiste:
Cathaoirleach an Choiste Maoirseachta do CPLanna, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoláiste;
beirt chomhaltaí neamhspleácha de chuid an Choiste Maoirseachta do CPLanna;
na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 22; sna Ballstáit inar n-ainmníodh níos mó ná údarás amháin mar údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 22, tiocfaidh na húdaráis sin ar chomhaontú faoi ionadaí coiteann.
na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na comhaltaí imréitigh atá bunaithe san Aontas;
na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ionaid trádála atá bunaithe san Aontas, a soláthraíonn nó a soláthróidh na CPLanna seirbhísí dóibh;
na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar thaisclanna lárnacha urrús atá bunaithe san Aontas a bhfuil na CPLanna nasctha leo nó ina bhfuil sé ar intinn acu a bheith nasctha leo;
comhaltaí CEBC.
Airteagal 25d
Táillí
Gearrfaidh ESMA na táillí seo a leanas ar CPLanna atá bunaithe i dtríú tír i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 3:
táillí a bhaineann le hiarratais ar aitheantas de bhun Airteagal 25;
táillí bliantúla a bhaineann le cúraimí ESMA i gcomhréir leis an Rialachán seo maidir leis na CPLanna a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 25.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún bearta tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 82, chun an méid seo a leanas a shonrú a thuilleadh:
gach cineál táille;
pé cúis dar dlite na táillí;
méid na dtáillí;
mar atá na táillí le híoc ag na heintitis seo a leanas:
CPL a dhéanann iarratas ar aitheantas;
CPL aitheanta a aicmítear mar CPL Leibhéal 1 i gcomhréir le Airteagal 25(2);
CPL aitheanta a aicmítear mar CPL Leibhéal 2 i gcomhréir le Airteagal 25(2b).
Airteagal 25e
Na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 25f go 25h a fheidhmiú
Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar do ESMA nó d’aon oifigeach, nó d’aon duine eile a údaróidh ESMA de bhun Airteagail 25f go 25h, ní úsáidfear iad chun nochtadh na faisnéise nó na ndoiciméad atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil a éileamh.
Airteagal 25f
Iarraidh ar fhaisnéis
Féadfaidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus a iarrtar trí iarraidh shimplí a bheith ina faisnéis thréimhsiúil nó aonuaire.
Nuair a bheidh iarraidh shimplí ar fhaisnéis á seoladh aige faoi mhír 1, léireoidh ESMA an méid seo a leanas:
tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata;
cuspóir na hiarrata;
an fhaisnéis atáthar a iarraidh;
an sprioc-am maidir leis an bhfaisnéis a sholáthar;
cuirfidh sé in iúl don té a n-iarrfar an fhaisnéis air nach bhfuil aon oibleagáid ann an fhaisnéis sin a chur ar fáil ach, i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nár cheart an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;
an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 25j, i dteannta phointe (a) de Roinn V d’Iarscríbhinn III, má bhíonn na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach.
Tráth a gceanglaíonn ESMA, trí bhíthin cinnidh, go gcuirfí faisnéis ar fáil faoi mhír 1, léireoidh sé an méid seo a leanas:
tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata;
cuspóir na hiarrata;
an fhaisnéis atáthar a iarraidh;
an sprioc-am maidir leis an bhfaisnéis a sholáthar;
na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 25k i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a iarradh neamhiomlán;
an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 25j, i dteannta phointe (a) de Roinn V d’Iarscríbhinn III, le haghaidh mainneachtain an fhaisnéis a éileofar a sholáthar nó má bhíonn na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach; agus
an ceart achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh os comhair bhord achomhairc ESMA agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘An Chúirt Bhreithiúnais’) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 25g
Imscrúduithe ginearálta
Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ESMA imscrúduithe riachtanacha a dhéanamh ar CPLanna Leibhéal 2 agus ar thríú páirtithe gaolmhara chuig a bhfuil feidhmeanna, seirbhísí nó gníomhaíochtaí oibríochtúla seachfhoinsithe ag na CPLanna sin. Chuige sin, cumhachtófar na hoifigigh agus daoine eile a údaróidh ESMA chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forfheidhmiú a chúraimí, beag beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte;
cóipeanna deimhnithe de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin nó den ábhar eile sin a dhéanamh nó a fháil nó sleachta astu siúd a dhéanamh nó a fháil;
CPLanna Leibhéal 2 nó a n-ionadaithe nó a mbaill foirne a thoghairm agus a iarraidh orthu mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta, agus na freagraí a thaifeadadh;
agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoileoidh go gcuirfear agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdúcháin;
taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.
Féadfaidh na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 25(3) a bheith rannpháirteach sna himscrúduithe sin i gcás inarb ábhartha iad i dtaca lena gcúraimí beartais airgeadais a chur i gcrích, ach iarraidh réasúnaithe a thíolacadh chuig ESMA.
Cuirfear an Coláiste do CPLanna tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25c ar an eolas gan aon mhoill mhíchuí faoi aon chinntí a d’fhéadfadh a bheith ábhartha i bhforfheidhmiú a gcúraimí.
Airteagal 25h
Cigireachtaí ar an láthair
Feadfaidh na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 25(3) iarraidh réasúnaithe ar ESMA páirt a ghlacadh sna cigireachtaí sin ar an láthair i gcás inarb ábhartha iad maidir lena gcúraimí beartais airgeadaíochta a dhéanamh.
Cuirfear an coláiste do CPLanna tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25c ar an eolas gan aon mhoill mhíchuí faoi aon chinntí a d’fhéadfadh a bheith ábhartha i bhforfheidhmiú a chúraimí.
Déanfaidh na hoifigigh agus daoine eile a bheidh údaraithe ag ESMA cigireacht ar an láthair a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a thaispeáint ina bhfuil ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 25k sonraithe, mura ngéillfidh na daoine lena mbaineann don chigireacht.
Airteagal 25i
Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a fhorchur
Chun a chuid nó a cuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 25f agus chun imscrúduithe a dhéanamh agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 25g agus le hAirteagal 25h. Nuair a bheidh na cumhachtaí sin á n-úsáid aige, comhlíonfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin Airteagal 25e.
Nuair a bheidh a chúraimí nó a cúraimí á gcur i gcrích aige nó aici, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus ar an bhfaisnéis uile atá bailithe ag ESMA ina ghníomhaíochtaí.
Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na n-imscrúduithe faoin Airteagal seo.
Airteagal 25j
Fíneálacha
Measfar go ndearna CPL sárú d’aon ghnó má thagann ESMA ar ghnéithe oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh an CPL nó a bhainistíocht shinsearach d’aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.
Is ceann ar cheann a dhéanfar na comhéifeachtaí géaraitheacha ábhartha a chur i bhfeidhm ar an méid bunúsach. Más infheidhme níos mó ná comhéifeacht ghéaraitheach amháin, déanfar an difear idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann, mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta géaraithí ar leith, a chur leis an méid bunúsach.
Is ceann ar cheann a dhéanfar na comhéifeachtaí maolaitheach ábhartha a chur i bhfeidhm ar an méid bunúsach. Más infheidhme níos mó ná comhéifeacht mhaolaitheach amháin, déanfar an difear idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann, mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta maolaithí ar leith, a dhealú ón méid bunúsach.
Maidir le gníomh nó neamhghníomh CPL, i gcás ina bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, ar fíneáil í a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 agus a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.
Airteagal 25k
Íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis
Déanfaidh ESMA, trí bhíthin cinnidh, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur d’fhonn iallach a chur:
ar CPL Leibhéal 2 deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun phointe (a) d’Airteagal 25q(1);
ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 25f(1) faisnéis iomlán a sholáthar, ar faisnéis í arna hiarraidh trí bhíthin cinnidh de bhun Airteagal 25f;
ar CPL Leibhéal 2:
géilleadh d’imscrúdú agus go háirithe do thaifid, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a cuireadh ar fáil in imscrúdú arna seoladh trí bhíthin cinneadh de bhun Airteagal 25g a chomhlánú agus a cheartú; nó
géilleadh do chigireacht ar an láthair arna ordú trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 25h.
Airteagal 25l
Daoine lena mbaineann a éisteacht
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo i gcás ina mbeidh gá le gníomhaíocht phráinneach chun damáiste suntasach agus gar-dhamáiste don chóras airgeadais a chosc. Sa chás sin, féadfaidh ESMA cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.
Airteagal 25m
Nochtadh, nádúr, forfheidhmiú agus leithdháileadh fíneálacha agus tráthíocaíochtaí pionósacha
Déanfar an forfheidhmiú a rialú leis na rialacha i dtaobh nós imeachta shibhialta atá i bhfeidhm sa Bhallstát nó sa tríú tír ina ndéanfar an forfheidhmiú.
Airteagal 25n
Athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais
Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir ESMA fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchuirfear a chealú, a ísliú, nó a mhéadú.
Airteagal 25o
Leasuithe ar Iarscríbhinní III agus IV
Chun leasuithe ar Airteagal 16 agus ar Theidil IV agus V a chur san áireamh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun a áirithiú go gcomhfhreagróidh na sáruithe faoi Iarscríbhinn III do na ceanglais faoi Airteagal 16 agus faoi Theidil IV agus V.
Chun forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 maidir le bearta chun Iarscríbhinn IV a leasú.
Airteagal 25p
Aitheantas a tharraingt siar
Gan dochar d’Airteagal 25q, agus faoi réir na míreanna seo a leanas, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis agus na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 25(3), tarraingeoidh ESMA siar cinneadh aitheantais arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 sna cásanna seo a leanas:
i gcás nár úsáid an CPL lena mbaineann an t-aitheantas faoi cheann 6 mhí, inar thréig sé an t-aitheantas go sainráite nó inar scar sé de bheith i mbun gnó le níos mó ná 6 mhí anuas;
i gcás ina bhfuair an CCP lena mbaineann aitheantas trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó trí aon mhodh neamhrialta eile;
i gcás inar sháraigh an CPL lena mbaineann go tromchúiseach agus go córasach aon cheann de na ceanglais is infheidhme a leagtar síos sa Rialachán seo nó nach gcomhlíonann sé a thuilleadh aon cheann de na coinníollacha maidir le haitheantas a leagtar síos in Airteagal 25 agus nach ndearna sé an ghníomhaíocht feabhais a iarrann ESMA laistigh de thréimhse ama a shocraítear go hiomchuí a mhairfidh suas le 1 bhliain ar a mhéad;
i gcás nach bhfuil ESMA in ann a fhreagrachtaí faoin Rialachán seo maidir leis an CPL lena mbaineann a fheidhmiú go héifeachtach, de bharr nár chuir údarás tríú tír an CPL an fhaisnéis uile is ábhartha ar fáil do ESMA ná nach ndeachaigh sé i gcomhar le ESMA i gcomhréir le hAirteagal 25(7);
i gcás inar tarraingíodh siar nó inar cuireadh ar fionraí an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 25(6), nó nach gcomhlíontar a thuilleadh aon choinníollacha a bhaineann leis.
Féadfaidh ESMA tarraingt siar an aitheantais a theorannú ionas nach mbainfidh sé ach le seirbhís, gníomhaíocht, nó aicme ionstraimí airgeadais ar leith.
Agus dáta theacht i bhfeidhm an chinnidh an t-aitheantas a tharraingt siar á chinneadh aige, déanfaidh ESMA a dhícheall aon suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith sa mhargadh a íoslaghdú agus déanfaidh sé foráil do thréimhse oiriúnaithe iomchuí nach mairfidh níos faide ná 2 bhliain.
Má chinneann ESMA nach ndearnadh gníomhaíocht feabhais laistigh den tréimhse ama a shocraítear i gcomhréir le mír 1, pointe (c), den Airteagal seo nó nach bhfuil an ghníomhaíocht a dhéantar iomchuí, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 25(3), tarraingeoidh ESMA siar an cinneadh aitheantais.
Airteagal 25q
Bearta maoirseachta ag ESMA
I gcás ina ndéanfaidh ESMA amach, i gcomhréir le hAirteagal 25i(5), go ndearna CPL Leibhéal 2 ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na cinntí seo a leanas:
a cheangal ar an CPL deireadh a chur leis an sárú;
fíneálacha a fhorchur faoi Airteagal 25j;
fógraí poiblí a eisiúint;
aitheantas an CPL a tharraingt siar, nó an t-aitheantas atá aige i dtaca le seirbhís, gníomhaíocht nó aicme ionstraimí airgeadais ar leith a tharraingt siar, faoi Airteagal 25p.
Agus na cinntí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ESMA cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:
fad agus minicíocht an tsáraithe;
ar nochtadh leis an sárú laigí tromchúiseacha nó sistéamacha i nósanna imeachta an CPL nó ina chórais bhainistithe nó sna rialuithe inmheánacha;
an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;
an d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú.
Nuair a bheidh a chinneadh, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, á phoibliú aige, poibleoidh ESMA freisin go bhfuil an ceart ag an CPL lena mbaineann achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh, an fíoras, i gcás inarb ábhartha, gur taisceadh achomharc den sórt sin, á shonrú nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin agus go bhfuil bord achomhairc ESMA ábalta cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuil conspóid ann ina leith a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
TEIDEAL IV
CEANGLAIS AR CHONTRAPHÁIRTITHE LÁRNACHA
CAIBIDIL 1
Ceanglais Eagrúcháin
Airteagal 26
Forálacha Ginearálta
Gan dochar do shocruithe idir-inoibritheachta faoi Theideal V ná do dhéanamh a bheartais infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 47, ní bheidh CPL ina chomhalta imréitigh ná ina chliant, ná ní thiocfaidh sé chun bheith ina chomhalta imréitigh ná ina chliant, ná ní bhunóidh sé socruithe indíreacha imréitigh le comhalta imréitigh agus é d’aidhm aige tabhairt faoi ghníomhaíochtaí imréitigh ag CPL.
▼M17 —————
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 27
Lucht bainistíochta sinsearaí agus an bord
Beidh saineolas leordhóthanach ar sheirbhísí airgeadais, seirbhísí bainistithe riosca agus seirbhísí imréitigh ag comhaltaí bord an chontrapháirtí lárnaigh, lena n-áirítear a chomhaltaí neamhspleácha, agus beidh dea-cháil a ndóthain orthu.
Airteagal 28
Coiste riosca
Airteagal 29
Taifead a choimeád
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear cumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin rialála cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 30
Scairshealbhóirí agus comhaltaí a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu
Airteagal 31
Faisnéis a chur ar fáil do na húdaráis inniúla
Más dócha go ndéanfaidh iompar comhalta den bhord dochar do bhainistíocht fhónta agus stuama an chontrapháirtí lárnaigh, déanfaidh an t-údarás inniúil na bearta is iomchuí, agus a bhféadfadh sé a bheith ar áireamh an comhalta sin a bhriseadh ón mbord.
Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach i gcontrapháirtí lárnach (“an díoltóir beartaithe”) a dhiúscairt go díreach nó go hindíreach, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don údarás inniúil ar dtús ina thaobh sin, agus tabharfaidh sé méid an tsealúchais atá beartaithe le fios. Tabharfaidh duine den sórt sin fógra don údarás inniúil ar an mbealach céanna i gcás ina bhfuil cinneadh déanta aige sealúchas cáilitheach a laghdú ionas go dtitfeadh céatadán na gceart vótála nó an chaipitil atá ar teachtadh faoi bhun 10 %, 20 %, 30 % nó 50 % nó ionas go scoirfeadh an contrapháirtí lárnach de bheith mar fhochuideachta an duine sin.
Ar shlí phras agus in aon chás laistigh de 2 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear sa mhír seo a fháil agus ón bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil admháil i scríbhinn a chur chuig an bhfaighteoir beartaithe nó chuig an díoltóir beartaithe agus comhroinnfidh sé an fhaisnéis le ESMA agus leis an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18.
Laistigh de 60 lá oibre ón dáta a admhófar i scríbhinn go bhfuarthas an fógra agus na doiciméid uile is gá a chur i gceangal leis an bhfógra ar bhonn an liosta dá dtagraítear in Airteagal 32(4) agus mura gcuirfear síneadh leis i gcomhréir leis an Airteagal seo, (“an tréimhse mheasúnúcháin”), déanfaidh an t-údarás inniúil an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 32(1) (“an measúnú”). Eiseoidh an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 tuairim de bhun Airteagal 19 agus eiseoidh ESMA tuairim de bhun Airteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), agus i gcomhréir leis an nós imeachta faoi Airteagal 17b le linn na tréimhse measúnúcháin.
Cuirfidh an t-údarás inniúil an faighteoir beartaithe nó an díoltóir beartaithe ar an eolas faoi dháta éagtha na tréimhse um measúnú nuair a admhóidh sé go bhfuil an fógra faighte.
Brisfear an tréimhse um measúnú ar feadh tréimhse idir dáta an iarratais ar fhaisnéis ón údarás inniúil agus an dáta a bhfaighidh an faighteoir beartaithe an freagra. Ní sháróidh an briseadh 20 lá oibre. Beidh sé de rogha ag an údarás inniúil iarratais bhreise a dhéanamh ar chomhlánú nó ar shoiléiriú faisnéise ach ní gá go mbrisfear an tréimhse um measúnú dá bharr.
Féadfaidh an t-údarás inniúil an briseadh dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3 a fhadú suas le 30 lá oibre ar a laghad i gcás ina bhfuil an faighteoir beartaithe nó an díoltóir beartaithe:
lonnaithe nó rialaithe lasmuigh den Aontas;
ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach nach bhfuil faoi réir maoirseachta faoin Rialachán seo nó faoi Threoir 73/239/CEE, Treoir 92/49/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1992 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le hárachas díreach seachas árachas saoil ( 22 ), nó Treoracha 2002/83/CE, 2003/41/CE, 2004/39/CE, 2005/68/CE, 2006/48/CE, 2009/65/CE nó 2011/61/AE.
Airteagal 32
Measúnú
I gcás ina bhfuil an fógra a ndéantar foráil dó in Airteagal 31(2) agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 31(3) á measúnú, déanfaidh an t-údarás inniúil, oiriúnacht an fhaighteora bheartaithe agus fóntacht airgeadais na héadála beartaithe a mheas maidir le seo a leanas d'fhonn bainistiú fónta agus stuama an chontrapháirtí lárnaigh ina bhfuil an éadáil bheartaithe a áirithiú, agus ag féachaint don tionchar is dócha a bheidh ag an bhfaighteoir beartaithe ar an gcontrapháirtí lárnach:
dea-cháil agus fóntacht airgeadais an fhaighteora bheartaithe;
clú agus taithí aon duine a stiúrfaidh gnó an chontrapháirtí lárnaigh mar thoradh ar an éadáil bheartaithe;
an mbeidh an contrapháirtí lárnach in ann an Rialachán seo a chomhlíonadh agus leanúint dá gcomhlíonadh;
an bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go bhfuil nó go raibh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir 2005/60/CE nó iarracht air á déanamh, nó go bhféadfadh an éadáil bheartaithe an riosca ina leith a mhéadú.
I gcás ina bhfuil fóntacht airgeadais an fhaighteora bheartaithe á mheasúnú, tabharfaidh an t-údarás inniúil aird ar leith ar an gcineál gnó a dhéantar agus atáthar ag brath a dhéanamh sa chontrapháirtí lárnach ina bhfuil an éadáil beartaithe.
I gcás ina bhfuil inniúlacht an chontrapháirtí lárnaigh an Rialachán seo a chomhlíonadh á mheasúnú, tabharfaidh an t-údarás inniúil aird ar leith air i dtaobh an bhfuil struchtúr ag an ngrúpa a mbeidh sé mar chuid de lenar féidir maoirseacht éifeachtach a dhéanamh, faisnéis a mhalartú go héifeachtach i measc na n-údarás inniúil agus leithdháileadh na bhfreagrachtaí i measc na n-údarás inniúil a chinneadh.
Beidh measúnú an údaráis inniúil maidir leis an bhfógra dá bhforáiltear in Airteagal 31(2) agus maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 31(3) faoi réir tuairim ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 de bhun Airteagal 19 agus tuairim ó ESMA de bhun Airteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), agus iad eisithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17b.
Comhoibreoidh na húdaráis inniúla iomchuí go dlúth le chéile nuair a bheidh an measúnú á dhéanamh i gcás inar ceann díobh seo a leanas an faighteoir beartaithe:
contrapháirtí lárnach eile, institiúid chreidmheasa, gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh, oibreoir córas socraíochta urrús, cuideachta bainistíochta gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe nó bainisteoir cistí infheistíochta malartacha atá údaraithe i mBallstát eile;
máthairghnóthas contrapháirtí lárnaigh eile, institiúid chreidmheasa gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh, oibreoir córas socraíochta urrús, cuideachta bainistíochta gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe nó bainisteoir cistí infheistíochta malartacha atá údaraithe i mBallstát eile;
duine nádúrtha nó dlítheanach a rialaíonn contrapháirtí lárnach eile, institiúid chreidmheasa gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta, oibreoir margaidh, oibreoir córais socraíochta urrús, cuideachta bainistíochta gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe nó bainisteoir cistí infheistíochta malartacha atá údaraithe i mBallstát eile.
Airteagal 33
Coinbhleachtaí leasa
Cuimseoidh na socruithe i scríbhinn arna mbunú i gcomhréir le mír 1 an méid seo a leanas:
na cúinsí ar coinbhleacht leasa iad nó a d'fheadfadh coinbhleacht leasa a chur faoi deara, lena mbaineann baol ábhartha damáiste do leasanna ceann amháin nó níos mó de na comhaltaí imréitigh nó de na cliaint;
nósanna imeachta a bheidh le leanúint agus bearta le glacadh leo d'fhonn coinbhleacht den chineál sin a bhainistiú.
Airteagal 34
Leanúnachas gnó
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 35
Eisfhoinsiú
I gcás ina ndéanann contrapháirtí lárnach feidhmeanna oibríochtúla, seirbhísí nó gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú, leanfaidh sé de bheith freagrach go hiomlán as a oibleagáidí go léir a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus áiritheoidh sé na nithe seo a leanas i gcónaí:
ní tharmligtear freagrachtaí an chontrapháirtí lárnaigh mar thoradh ar eisfhoinsiú;
ní thagann athrú ar chaidreamh agus oibleagáidí an chontrapháirtí lárnaigh i leith a chomhaltaí imréitigh ná i gcás inarb ábhartha, i leith a gcliant;
ní athróidh na coinníollacha chun contrapháirtí lárnach a údarú;
ní chuirtear cosc le heisfhoinsiú ar fheidhmeanna maoirseachta ná formhaoirseachta a fheidhmiú, lena n-áirítear rochtain ar an láithreán a bheith ar fáil ar fhaisnéis atá ag teastáil chun na sainorduithe sin a chomhlíonadh;
ní fhágtar an contrapháirtí lárnach gan na córais agus rialtáin atá de dhíth chun na rioscaí a bhfuil aghaidh le thabhairt orthu a bhainistiú de thoradh eisfhoinsiú;
déanfaidh an soláthraí seirbhísí ceanglais um leanúnachas gnó a chur chun feidhme a bheadh coibhéiseach leis na ceanglais nach foláir do chontrapháirtí lárnach a chomhlíonadh faoin Rialachán seo;
coinníonn an contrapháirtí lárnach an saineolas agus na hacmhainní is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na seirbhísí a sholáthraítear, ar leordhóthanacht caipitil an tsoláthraí seirbhísí agus chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na feidhmeanna eisfhoinsithe agus na rioscaí a bhaineann le heisfhoinsiú a bhainistiú agus déanann sé maoirseacht ar na feidhmeanna sin agus na rioscaí sin a bhainistiú ar bhonn leanúnach;
bíonn rochtain dhíreach ag an gcontrapháirtí lárnach ar fhaisnéis ábhartha na bhfeidhmeanna eisfhoinsithe;
bíonn an soláthraí seirbhísí ag comhoibriú go díreach leis an údarás inniúil maidir leis na gníomhaíochtaí eisfhoinsithe;
tugann an soláthraí seirbhísí cosaint d'aon fhaisnéis rúnda a bhaineann leis an gcontrapháirtí lárnach agus lena chomhaltaí imréitigh agus cliaint nó, i gcás ina mbeidh an soláthraí seirbhísí bunaithe i dtríú tír, áirithíonn sé go mbeidh na caighdeáin um chosaint sonraí an tríú tír sin, nó na caighdeáin a leagtar síos sa chomhaontú idir na tíortha lena mbaineann, inchomparáide leis na caighdeáin um chosaint sonraí atá i bhfeidhm san Aontas.
Ní dhéanfaidh CPL mórghníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú riosca a sheachfhoinsiú mura mbeidh an seachfhoinsiú sin formheasta ag an údarás inniúil. Beidh cinneadh an údaráis inniúil faoi réir tuairim ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 de bhun Airteagal 19 agus tuairim ó ESMA de bhun Airteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), agus iad eisithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17b.
CAIBIDIL 2
Rialacha maidir le Gnó a Dhéanamh
Airteagal 36
Forálacha Ginearálta
Airteagal 37
Ceanglais rannpháirtíochta
Déanfaidh údarás inniúil CPL a ghlacann le contrapháirtithe neamhairgeadais mar chomhaltaí imréitigh athbhreithniú tráthrialta ar na socruithe arna mbunú ag an CPL chun faireachán a dhéanamh go gcomhlíonfar an coinníoll faoin gcéad fhomhír. Tuairisceoidh údarás inniúil an CPL ar bhonn bliantúil don choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 maidir leis na táirgí arna n-imréiteach ag na contrapháirtithe neamhairgeadais sin, maidir lena neamhchosaint fhoriomlán agus maidir le haon rioscaí sainaitheanta.
Ní fhéadfaidh contrapháirtí neamhairgeadais atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh de CPL seirbhísí imréitigh cliant a sholáthar ach do chontrapháirtithe neamhairgeadais a bhaineann leis an ngrúpa céanna leis an gcontrapháirtí neamhairgeadais sin agus ní fhéadfaidh sé cuntais a choimeád ag an CPL ach amháin do shócmhainní agus do shuíomhanna atá á sealbhú dá chuntas féin nó do chuntas na gcontrapháirtithe neamhairgeadais sin.
Féadfaidh ESMA tuairim nó moladh a eisiúint maidir le hoiriúnacht socruithe den sórt sin tar éis athbhreithniú piaraí ad hoc.
Cuirfidh an CPL an t-údarás inniúil ar an eolas maidir le haon fhorbairt dhiúltach shuntasach maidir le próifíl riosca aon cheann dá chomhaltaí imréitigh arna cinneadh i gcomhthéacs mheasúnú an CPL dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó aon mheasúnú eile le conclúid chomhchosúil, lena n-áirítear aon mhéadú ar an riosca a thugann aon chomhaltaí imréitigh dá chuid chuig an CPL, a mheasann an CPL go bhféadfadh an riosca sin nós imeachta mainneachtana a ghníomhachtú.
Déanfaidh ESMA, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE agus CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na gnéithe atá le breithniú a shonrú tuilleadh nuair a dhéanann CPL an méid seo a leanas:
a chritéir iontrála dá dtagraítear i mír 1 a bhunú;
measúnú ar chumas contrapháirtithe neamhairgeadais a ghníomhaíonn mar chomhaltaí imréitigh ceanglais éarlaise agus ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana dá dtagraítear i mír 1a a chomhlíonadh.
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt aige, cuirfidh ESMA an méid seo a leanas san áireamh:
na módúlachtaí agus na sainiúlachtaí trína bhféadfadh contrapháirtithe neamhairgeadais rochtain a fháil ar sheirbhísí imréitigh, nó trína ndéanann siad cheana féin é, lena n-áirítear mar chomhaltaí imréitigh díreacha i samhlacha urraithe;
an gá atá le rochtain dhíreach atá fónta ó thaobh stuamachta de a éascú do chontrapháirtithe neamhairgeadais ar sheirbhísí agus gníomhaíochtaí imréitigh CPL;
an gá atá le comhréireacht a áirithiú;
an gá atá le bainistiú éifeachtach rioscaí a áirithiú.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 38
Trédhearcacht
Déanfaidh CPL cuntas a thabhairt go leithleach i dtaobh chostais agus ioncaim na seirbhísí a sholáthraítear agus nochtfaidh sé an fhaisnéis sin do ESMA agus don údarás inniúil.
Nochtfaidh CPL go poiblí líon na n-idirbheart a imréitítear i leith gach aicme ionstraimí arna himréiteach ag an CPL ar bhonn comhiomlán.
Soláthróidh CPL faisnéis dá chomhaltaí imréitigh faoi na samhlacha éarlaise tosaigh a úsáideann sé, lena n-áirítear modheolaíochtaí d’aon fhorlíontáin, ar bhealach soiléir agus trédhearcach. Maidir leis an bhfaisnéis sin:
tabharfar míniú soiléir léi ar dhearadh na samhla éarlaise tosaigh agus an dóigh ina n-oibríonn sí, lena n-áirítear i ndálaí struis sa mhargadh;
tabharfar míniú soiléir léi ar phríomhthoimhdí agus príomhtheorainneacha na samhla éarlaise tosaigh agus na cúinsí faoi nach bhfuil na toimhdí sin bailí a thuilleadh;
beidh sí doiciméadaithe.
Déanfaidh comhaltaí imréitigh a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh agus cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh an méid seo a leanas ar a laghad a sholáthar dá gcliaint:
faisnéis faoin gcaoi a n-oibríonn samhlacha éarlaise an CPL;
faisnéis faoi na staideanna agus na coinníollacha a d‘fhéadfadh glaonna ar éarlais a spreagadh;
faisnéis faoi na nósanna imeachta a úsáidtear chun an méid atá le breacadh ag na cliaint a shuí; agus
ionsamhlúchán de na ceanglais éarlaise a bhféadfadh cliaint a bheith faoina réir i gcásanna éagsúla.
Chun críocha phointe (d), áireofar in ionsamhlúchán na gceanglas éarlaise na héarlaisí a éilíonn an CPL agus aon éarlais bhreise a éilíonn na comhaltaí imréitigh agus na cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh. Ní bheidh torthaí ionsamhlúcháin den sórt sin ina gceangal.
Arna iarraidh sin do chomhalta imréitigh, déanfaidh CPL, gan moill mhíchuí, an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar don chomhalta imréitigh sin ionas gur féidir leis an gcomhalta imréitigh sin an chéad fhomhír den mhír seo a chomhlíonadh, ach amháin má sholáthraítear an fhaisnéis sin cheana de bhun mhíreanna 1 go 7. I gcás ina soláthraíonn an comhalta imréitigh nó cliant seirbhísí imréitigh, agus i gcás inarb iomchuí, tarchuirfidh siad an fhaisnéis sin chuig a gcliaint.
Déanfaidh ESMA, i gcomhairle le ÚBE agus CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú tuilleadh:
na ceanglais atá le comhlíonadh ag an uirlis ionsamhlúcháin agus an cineál aschuir atá le soláthar de bhun mhír 6;
an fhaisnéis atá le soláthar ag CPLanna do chomhaltaí imréitigh maidir le trédhearcacht samhlacha éarlaise de bhun mhír 7;
an fhaisnéis atá le soláthar ag comhaltaí imréitigh agus cliaint a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh dá gcliaint faoi mhíreanna 7 agus 8; agus
na ceanglais ionsamhlúchán éarlaisí atá le soláthar do chliaint agus an cineál aschuir atá le soláthar de bhun mhír 8.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 39
Leithscaradh agus iniomparthacht
Comhlíontar an ceanglas sócmhainní agus suíomhanna a idirdhealú i gcuntais leis an gcontrapháirtí lárnach má chloítear leis na coinníollacha seo a leanas:
taifeadtar na sócmhainní agus suíomhanna i gcuntais leithleacha;
cuirtear cosc ar shuíomhanna a thaifeadtar ar chuntais éagsúla a ghlanadh;
ní nochtar na sócmhainní lena gcumhdaítear na suíomhanna a thaifeadtar i gcuntas do chaillteanais atá nasctha le suíomhanna a thaifeadtar i gcuntas eile.
CAIBIDIL 3
Ceanglais Stuamachta
Airteagal 40
Neamhchosaint a bhainistiú
Déanfaidh contrapháirtí lárnach a neamhchosaint leachtachta agus creidmheasa ar gach comhalta imréitigh agus, i gcás inarb iomchuí ar chontrapháirtí lárnach eile a bhfuil socrú idir-inoibritheachta déanta aige leis a thomhas agus a mheasúnú ar bhonn fíorama nó ar bhonn ama atá gar dó. Beidh fáil ag contrapháirtí lárnach ar na foinsí praghsála ábhartha go tráthúil agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach chun a neamhchosaintí a thomhas go héifeachtach. Is ar bhonn costais réasúnaigh a dhéanfar é sin.
Gan dochar d’Airteagal 1(4) agus (5), agus é mar chuspóir leis imréiteach lárnach ag eintitis earnála poiblí a éascú, déanfaidh ESMA, faoin 25 Meitheamh 2026, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena sonraítear an modh atá le húsáid ag CPLanna a údaraítear faoi Airteagal 14 den Rialachán seo chun neamhchosaintí agus ranníocaíochtaí, más ann dóibh, le hacmhainní airgeadais CPLanna ó eintitis earnála poiblí atá rannpháirteach i CPLanna den sórt sin a ríomh, agus aird chuí á tabhairt ar shainordú eintiteas earnála poiblí.
Airteagal 41
Ceanglais éarlaise
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 42
Ciste mainneachtana
Suífidh an contrapháirtí lárnach méid íosta nach rachaidh méid an chiste mainneachtana, ar aon chúinse, faoina bhun.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 43
Acmhainní eile airgeadais
Airteagal 44
Rialuithe riosca leachtachta
Tomhaisfidh CPL, ar bhonn laethúil, na riachtanais leachtachta a d’fhéadfadh a bheith aige. Cuirfear san áireamh ann an riosca leachtachta a ghintear le mainneachtain dhá eintiteas ar a laghad a bhfuil na neamhchosaintí is mó aige ina leith agus ar comhaltaí imréitigh nó soláthraithe leachtachta iad, cé is moite de bhainc cheannais.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 45
Mainneachtain i bhfoirm chascáide
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 45a
Srianta sealadacha i gcás teagmhas suntasach neamh-mhainneachtana
I gcás teagmhas suntasach neamh-mhainneachtana mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/23, féadfaidh an t-údarás inniúil ceangal a chur ar an CPL staonadh ó aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas ar feadh tréimhse a shonróidh an t-údarás inniúil, ar tréimhse í nach faide ná cúig bliana:
íocaíocht díbhinne a dhéanamh nó gealltanas neamh-inchúlghairthe a thabhairt chun íocaíocht díbhinne a dhéanamh, ach amháin i gcás cearta i leith díbhinní dá dtagraítear go sonrach i Rialachán (AE) 2021/23 mar chineál cúitimh;
aischeannach gnáthscaireanna;
oibleagáid a chruthú luach saothair inathraitheach mar a shainítear i mbeartas luacha saothair an CPL de bhun Airteagal 26(5) den Rialachán seo, sochair phinsin lánroghnacha nó pacáistí téarfa a íoc leis an lucht bainistíochta sinsearaí mar a shainmhínítear i bpointe 29 d’Airteagal 2 den Rialachán seo.
Ní chuirfidh an t-údarás inniúil srian ar an CPL i dtaobh aon cheann de na gníomhaíochtaí sa chéad fhomhír a dhéanamh, má tá oibleagáid dhlíthiúil ar an CPL an ghníomhaíocht sin a dhéanamh agus má bunaíodh an oibleagáid roimh na teagmhais de bhun na chéad fhomhíre.
Airteagal 46
Ceanglais maidir le comhthaobhacht
Féadfaidh CPL, faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha ábhartha, glacadh le ráthaíochtaí poiblí, ráthaíochtaí bainc phoiblí nó ráthaíochtaí bainc tráchtála, ar choinníoll go bhfuil siad ar fáil go neamhchoinníollach arna iarraidh sin laistigh den tréimhse leachtaithe dá dtagraítear in Airteagal 41.
Socróidh CPL ina rialacha oibríochta an t-íosleibhéal soláthair urrúis chomhthaobhaigh is inghlactha do na ráthaíochtaí a nglacann sé leo agus féadfaidh sé a shonrú gur féidir leis glacadh le ráthaíochtaí bainc phoiblí nó ráthaíochtaí bainc tráchtála atá go hiomlán neamh-chomhthaobhaithe. Ní fhéadfaidh CPL glacadh le ráthaíochtaí poiblí, ráthaíochtaí bainc phoiblí ná ráthaíochtaí bainc tráchtála ach amháin chun a neamhchosaint tosaigh agus leanúnach ar a chomhaltaí imréitigh ar contrapháirtithe neamhairgeadais iad nó ar chliaint comhaltaí imréitigh a chumhdach, ar choinníoll gur contrapháirtithe neamhairgeadais iad na cliaint sin.
I gcás ina soláthraítear sócmhainní, ráthaíochtaí poiblí, ráthaíochtaí bainc phoiblí nó ráthaíochtaí bainc tráchtála do CPL, déanfaidh an CPL sin an méid seo a leanas:
na ráthaíochtaí bainc phoiblí nó na ráthaíochtaí bainc tráchtála a chur san áireamh, agus a neamhchosaint ar an mbanc, ar comhalta imréitigh é freisin, a eisíonn iad á ríomh aige;
ráthaíochtaí bainc phoiblí neamh-chomhthaobhaithe nó ráthaíochtaí bainc tráchtála neamh-chomhthaobhaithe a chur faoi réir teorainneacha comhchruinnithe;
caolchorrlaigh leormhaithe a chur i bhfeidhm ar luachanna sócmhainní, ráthaíochtaí poiblí, ráthaíochtaí bainc phoiblí agus ráthaíochtaí bainc tráchtála chun a léiriú go bhféadfadh laghdú teacht ar na luachanna sin i gcaitheamh na tréimhse idir a n-athluacháil deiridh agus an tráth faoinar féidir glacadh leis go réasúnach go ndearnadh iad a leachtú nó a fheidhmiú, de réir mar is infheidhme;
an riosca leachtachta a chur san áireamh tar éis mainneachtain rannpháirtí sa mhargadh agus an riosca comhchruinnithe a chur san áireamh ar shócmhainní áirithe i mbunú na comhthaobhachta inghlactha agus na gcaolchorrlach ábhartha don CPL;
a chur san áireamh gur gá aon éifeachtaí comh-thimthriallachta a d’fhéadfadh a bheith ag athbhreithnithe den sórt sin a íoslaghdú agus athbhreithniú á dhéanamh ar leibhéal na gcaolchorrlach a chuireann sé i bhfeidhm maidir leis na sócmhainní agus na ráthaíochtaí poiblí, ráthaíochtaí bainc phoiblí nó ráthaíochtaí bainc tráchtála a nglacann sé leo mar chomhthaobhacht.
Forbróidh ESMA, i gcomhar le ÚBE, agus tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:
an cineál comhthaobhachta a d'fhéadfaí a mheas a bheith fíorleachtach, amhail airgead tirim, ór, bannaí rialtais agus bannaí ardcháilíochta corparáide agus bannaí faoi chumhdach,
na caolchorrlaigh dá dtagraítear i mír 1, agus an cuspóir chun a gcomh-thimthriallacht a theorannú á chur san áireamh; agus
na coinníollacha ábhartha faoinar féidir glacadh le ráthaíochtaí poiblí, ráthaíochtaí bainc phoiblí agus ráthaíochtaí bainc tráchtála mar chomhthaobhacht faoi mhír 1, lena n-áirítear teorainneacha tiúchana iomchuí, ceanglais maidir le cáilíocht chreidmheasa agus diancheanglais riosca comhghaolmhaireachta le haghaidh ráthaíochtaí bainc phoiblí agus ráthaíochtaí bainc tráchtála.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 47
Beartas infheistíochta
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 48
Nósanna imeachta mainneachtana
I gcás ina bhfuil an comhalta imréitigh ar aistríodh sócmhainní agus suíomhanna, dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, chuige faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, comhlíonfaidh sé na ceanglais chaipitil maidir le neamhchosaintí na gcomhaltaí imréitigh i leith cliant faoin Rialachán sin laistigh de thréimhse arna comhaontú lena údarás inniúil, ar tréimhse í nach faide ná 3 mhí ó dháta an aistrithe sin.
Airteagal 49
Athbhreithniú ar shamhlacha, tástáil struis agus aistástáil
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag CPL athrú a ghlacadh ar shamhail nó ar pharaiméadar dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh sé ceann amháin de na nithe seo a leanas:
i gcás ina measann an CPL gur athrú suntasach é an t-athrú atá beartaithe de bhun mhír 1i, déanfaidh sé iarratas ar bhailíochtú an athraithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo;
i gcás ina measann an CPL nach athrú suntasach é an t-athrú atá beartaithe de bhun mhír 1i den Airteagal seo, déanfaidh sé iarratas ar bhailíochtú an athraithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 49a.
Beidh na samhlacha agus na paraiméadair a ghlactar, lena n-áirítear aon athrú suntasach a dhéantar orthu, faoi réir tuairim ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Áiritheoidh ESMA go gcuirfear an fhaisnéis faoi thorthaí na dtástálacha struis ar aghaidh chuig na ÚMEnna, chuig CEBC agus chuig an mBord Réitigh Aonair chun a chur ar a gcumas measúnú a dhéanamh ar neamhchosaint na ngnóthas airgeadais ar mhainneachtain na CPLanna.
Laistigh de 2 lá oibre ó iarratas den sórt sin a thíolacadh, seolfar admháil chuig an CPL tríd an mbunachar sonraí lárnach go bhfuarthas an t-iarratas.
I gcás ina gcinneann údarás inniúil an CPL nó ESMA nár tíolacadh na doiciméid ná an fhaisnéis uile is gá, iarrfaidh údarás inniúil an CPL ar an CPL is iarratasóir doiciméid bhreise nó faisnéis bhreise a thíolacadh a shainaithin sé nó ESMA a bheith in easnamh, tríd an mbunachar sonraí lárnach. Sa chás sin, féadfar síneadh 10 lá oibre ar a mhéad a chur leis an tréimhse ama a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo. Diúltófar don iarratas i gcás ina gcinneann údarás inniúil an CPL nó ESMA gur mhainnigh an CPL aon iarraidh den sórt sin a chomhlíonadh agus, i gcás den sórt sin, an t-údarás a tháinig ar an gconclúid go bhfuil an t-iarratas le diúltú, cuirfidh sé an t-údarás eile ar an eolas faoin méid sin. Cuirfidh údarás inniúil an CPL an CPL ar an eolas faoi na cinntí an t-iarratas a dhiúltú tríd an mbunachar sonraí lárnach agus cuirfidh sé an CPL ar an eolas freisin faoi na doiciméid nó faoin bhfaisnéis a shainaithnítear mar dhoiciméid nó faisnéis atá in easnamh.
Laistigh de 40 lá oibre ón gcinneadh go ndearnadh na doiciméid agus an fhaisnéis uile a thíolacadh i gcomhréir le mír 1c:
déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú riosca ar an athrú suntasach agus cuirfidh sé a thuarascáil faoi bhráid ESMA agus an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18; agus
déanfaidh ESMA measúnú riosca ar an athrú suntasach agus cuirfidh sé a thuarascáil faoi bhráid údarás inniúil an CPL agus an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18.
Le linn na tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh údarás inniúil an CPL, ESMA nó aon duine de chomhaltaí an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 ceisteanna a chur go díreach chuig an CPL is iarratasóir agus faisnéis chomhlántach a iarraidh air, tríd an mbunachar sonraí lárnach, agus socróidh siad sprioc-am faoina bhfuil ar an CPL is iarratasóir faisnéis den sórt sin a sholáthar.
Laistigh de 15 lá oibre ó na tuarascálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil, glacfaidh an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 tuairim de bhun Airteagal 19 agus tarchuirfidh sé chuig ESMA agus chuig an údarás inniúil í. D’ainneoin glacadh sealadach i gcomhréir le mír 1g, ní ghlacfaidh an t-údarás inniúil agus ESMA cinneadh maidir le bailíochtú na n-athruithe suntasacha ar na samhlacha agus ar na paraiméadair a dheonú nó a dhiúltú go dtí go nglacfaidh an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 tuairim den sórt sin, ach amháin i gcás nár ghlac an coláiste an tuairim sin faoin sprioc-am.
I gcás nach n-aontaíonn údarás inniúil an CPL leis an tuairim ó ESMA nó ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, lena n-áirítear aon cheann de na coinníollacha nó moltaí atá inti, beidh cúiseanna iomlána agus míniú ina chinneadh maidir le haon imeacht suntasach ón tuairim sin nó ó na coinníollacha nó moltaí sin.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, arna iarraidh sin don CPL, féadfaidh an t-údarás inniúil, le comhaontú ó ESMA, cead a thabhairt athrú suntasach ar shamhail nó ar pharaiméadar a ghlacadh go sealadach sula mbailíochtófar iad i gcás ina bhfuil údar cuí leis sin. Ní cheadófar athrú sealadach den sórt sin ach ar feadh tréimhse áirithe arna sonrú ag údarás inniúil an CPL agus ESMA go comhpháirteach. Tar éis dhul in éag na tréimhse sin, ní cheadófar don CPL athrú den sórt sin a úsáid ach amháin má tá sé bailíochtaithe de bhun an Airteagail seo.
Measfar gur athrú suntasach é athrú i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:
fágann an t-athrú go dtiocfaidh laghdú nó méadú suntasach ar acmhainní airgeadais réamh-mhaoinithe iomlána an CPL, lena n-áirítear ceanglais éarlaise, ciste mainneachtana agus acmhainní dílse tiomnaithe dá dtagraítear in Airteagal 45(4);
athraítear struchtúr nó gnéithe struchtúracha na samhla éarlaise;
déantar comhpháirt den tsamhail éarlaise, lena n-áirítear paraiméadar éarlaise nó forlíontán, a thabhairt isteach, a bhaint nó a leasú ar bhealach a fhágann go dtiocfaidh laghdú nó méadú suntasach ar aschur na samhla éarlaise ar leibhéal an CPL;
athraítear an mhodheolaíocht a úsáidtear chun fritháirimh phunainne a ríomh, rud a fhágann go dtiocfaidh laghdú nó méadú suntasach ar na ceanglais éarlaise iomlána le haghaidh na n-ionstraimí airgeadais laistigh den phunann;
athraítear an mhodheolaíocht chun cásanna tástála struis a shainiú agus a chalabrú chun méid chistí mainneachtana an CPL agus méid ranníocaíochtaí na gcomhaltaí imréitigh aonair leis na cistí mainneachtana sin a chinneadh, rud a fhágann go dtiocfaidh laghdú nó méadú suntasach ar mhéid aon cheann de na cistí mainneachtana nó ar aon ranníocaíocht aonair le ciste mainneachtana;
athraítear an mhodheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar riosca leachtachta, rud a fhágann go dtiocfaidh laghdú nó méadú suntasach ar na riachtanais leachtachta a mheastar in airgeadra ar bith nó ar na riachtanais leachtachta iomlána;
athraítear an mhodheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm chun an riosca comhchruinnithe atá ag CPL i leith contrapháirtí aonair a chinneadh, sa chaoi go dtiocfaidh laghdú nó méadú suntasach ar neamhchosaint fhoriomlán an CPL ar an gcontrapháirtí sin;
athraítear an mhodheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm chun comhthaobhacht a luacháil, nó caolchorrlaigh chomhthaobhachta a chalabrú, sa chaoi go dtiocfaidh laghdú nó méadú suntasach ar luach iomlán na comhthaobhachta;
d’fhéadfadh tionchar ábhartha a bheith ag an athrú ar riosca foriomlán an CPL.
D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, na húdaráis inniúla ábhartha eile agus le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na nithe seo a leanas:
na cineálacha tástálacha a bheidh le déanamh le haghaidh aicmí éagsúla d'ionstraimí airgeadais agus punanna;
rannpháirtíocht comhaltaí imréitigh nó páirtithe eile sna tástálacha;
minicíocht na dtástálacha;
tréimhse ionchais na dtástálacha;
an fhaisnéis ríthábhachtach dá dtagraítear i mír 3.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú tuilleadh;
cad is méadú nó laghdú suntasach ann chun críocha mhír 1i, pointí (a) agus (c) go (h);
na gnéithe atá le cur san áireamh agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1i;
athruithe eile ar shamhlacha ar féidir a mheas go bhfuil siad cumhdaithe cheana leis an tsamhail fhormheasta agus, dá bhrí sin, nach meastar gur athrú samhla iad agus nach bhfuil siad faoi réir na nósanna imeachta a bhunaítear san Airteagal seo nó in Airteagal 49a; agus
na liostaí de na doiciméid a cheanglaítear agus atá le bheith ag gabháil le hiarratas ar bhailíochtú de bhun mhír 1c den Airteagal seo agus Airteagal 49a agus an fhaisnéis atá le bheith i ndoiciméid den sórt sin chun a léiriú go gcomhlíonann an CPL ceanglais ábhartha uile an Rialacháin seo.
Beidh na doiciméid agus an leibhéal faisnéise a cheanglaítear i gcomhréir le cineál an bhailíochtaithe samhla ach beidh dóthain mionsonraí iontu chun anailís chuí ar an athrú a áirithiú.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), féadfaidh ESMA luachanna éagsúla a shocrú i gcás na bpointí éagsúla i mír 1i.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 49a
Nós imeachta brostaithe maidir le hathruithe neamhshuntasacha ar shamhlacha agus paraiméadair de chuid CPL
Beidh feidhm ag an nós imeachta brostaithe maidir le hathrú atá beartaithe ar shamhail nó ar pharaiméadar i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
d’iarr an CPL go ndéanfaí bailíochtú ar athrú a bhfuil measúnú le déanamh air faoin Airteagal seo; agus
chinn údarás inniúil an CPL agus ESMA araon nach bhfuil an t-athrú atá beartaithe suntasach de bhun mhír 4.
Seolfar admháil chuig an CPL tríd an mbunachar sonraí lárnach laistigh de 2 lá oibre ón iarratas sin a thíolacadh go bhfuarthas an t-iarratas.
Tabharfaidh údarás inniúil an CPL fógra don CPL is iarratasóir tríd an mbunachar sonraí lárnach, lena n-áirítear míniú lánréasúnaithe, laistigh de 2 lá oibre ón gcinneadh a dhéantar faoi mhír 4. Laistigh de 10 lá oibre ón bhfógra a fháil, déanfaidh an CPL an t-iarratas a tharraingt siar nó comhlánóidh sé é chun na ceanglais maidir le hiarratas faoi Airteagal 49 a chomhlíonadh.
I gcás ina gcinneann údarás inniúil an CPL agus ESMA, i gcomhréir le mír 4, nach athrú suntasach é an t-athrú, déanfaidh siad araon, laistigh de 3 lá oibre ón gcinneadh sin, an méid seo a leanas:
an bailíochtú a dheonú, i gcás ina gcomhlíonann an CPL an Rialachán seo, nó é a dhiúltú, i gcás nach gcomhlíonann an CPL an Rialachán seo; agus
a chur in iúl dá chéile i scríbhinn, lena n-áirítear míniú lánréasúnaithe, cibé ar deonaíodh nó ar diúltaíodh an bailíochtú.
I gcás nár dheonaigh aon cheann díobh an bailíochtú samhla, diúltófar don bhailíochtú.
Airteagal 50
Socraíocht
CAIBIDIL 4
Ríomhanna agus tuairisciú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 575/2013
Airteagal 50a
Ríomh an KCPL
Déanfaidh CPL an caipiteal hipitéiseach a ríomh mar seo a leanas:
nuair:
|
KCCP |
= |
an caipiteal hipitéiseach |
|
i |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear an comhalta imréitigh in iúl |
|
EADi |
= |
méid neamhchosanta an chontrapháirtí lárnaigh ar an gcomhalta imréitigh i, lena n-áirítear idirbhearta an chomhalta imréitigh féin leis an gcontrapháirtí lárnach, idirbhearta cliant arna ráthú ag an gcomhalta imréitigh, luachanna uile comhthaobhachta arna sealbhú ag an gcontrapháirtí lárnach, lena n-áirítear ranníocaíocht réamh-mhaoinithe le ciste mainneachtana an chomhalta imréitigh, i gcoinne na n-idirbheart sin, maidir leis an luacháil ag deireadh an dáta tuairiscithe rialála sula malartófar an glao a dhéanfar ar chorrlach nuair a dhéanfar an glao deiridh ar chorrlach an lá sin; |
|
RW |
= |
ualú riosca 20 %; agus |
|
cóimheas caipitil |
= |
8 %. |
Forbróidh ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla maidir le cur i bhfeidhm lena sonrófar na gnéithe seo a leanas chun críocha mír 3:
minicíochtaí agus dátaí na ríomhanna a leagtar síos i mír 2;
cásanna ina bhféadfadh údarás inniúil institiúide atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh minicíochtaí níos airde de ríomh agus de thuairisciú ná na cinn dá dtagraítear i bpointe (a) a iarraidh.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid na Choimisiúin faoin 01.01.14.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 50b
Rialacha ginearálta maidir le ríomh an KCCP
Chun críocha KCCP a ríomh dá dtagraítear in Airteagal 50a(2), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:
déanfaidh contrapháirtithe lárnacha luach a neamhchosaintí ar a gcomhaltaí imréitigh a ríomh mar seo a leanas:
le haghaidh neamhchosaintí a eascróidh as conarthaí agus idirbhearta a liostaítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d'Airteagal 301(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha an luach a ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i Roinn 3 de Chaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí den Rialachán sin trí úsáid a bhaint as tréimhse corrlaigh faoi riosca deich lá gnó;
le haghaidh neamhchosaintí a eascróidh as conarthaí agus idirbhearta a liostaítear i bpointe (b) d'Airteagal 301(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha an luach (EADi) a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
EADi = max{EBRMi – IMi – DFi; 0}
nuair:
|
EADi |
= |
an luach neamhchosanta |
|
i |
= |
an t-innéacs lena gcuirtear an comhalta imréitigh in iúl: |
|
EBRMi |
= |
luach na neamhchosanta roimh mhaolú an riosca atá cothrom le luach neamhchosanta an chontrapháirtí lárnaigh ar an gcomhalta imréitigh i a thiocfaidh as gach conradh agus idirbheart leis an gcomhalta imréitigh sin, arna ríomh gan an chomhthaobhacht a bhreacann an comhalta imréitigh sin a chur san áireamh; |
|
IMi |
= |
an corrlach tosaigh arna bhreacadh ag comhalta imréitigh i leis an gcontrapháirtí lárnach; |
|
DFi |
= |
ranníocaíocht réamh-mhaoinithe an chomhalta imréitigh le ciste mainneachtana i. |
Maidir leis na luachanna uile atá san fhoirmle sin, bainfidh siad leis an luacháil ag deireadh an lae sula malartófar an corrlach a glaodh ar ghlao corrlaigh deireanach an lae sin;
le haghaidh cásanna dá dtagraítear sa tríú habairt den dara fomhír d'Airteagal 301(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ríomhfaidh contrapháirtithe lárnacha luach na n-idirbheart dá dtagraítear sa chéad abairt den fhomhír sin i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach i bpointe (a)(ii) den Airteagal seo, agus cinnfidh siad EBRMi i gcomhréir le Teideal V de Chuid a Trí den Rialachán sin;
maidir le hinstitiúidí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is ionann na tacair ghlanluachála agus iad siúd a shainmhínítear i bpointe (4) d'Airteagal 272 den Rialachán sin;
déanfaidh contrapháirtí lárnach a bhfuil neamhchosaintí aige ar chontrapháirtí lárnach amháin nó níos mó na neamhchosaintí sin a láimhseáil amhail is gur neamhchosaintí ar chomhaltaí imréitigh iad agus cuirfidh sé aon chorrlach nó ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe a fhaightear ó na contrapháirtithe lárnacha sin san áireamh chun KCCP a ríomh;
measfaidh contrapháirtí lárnach a bhfuil socrú conarthach ceangailteach i bhfeidhm aige lena chomhaltaí imréitigh lena gceadaítear dó an corrlach tosaigh uile a fhaightear óna chomhaltaí imréitigh, nó cuid de, a úsáid mar a bheidís ina ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe, measfaidh sé an corrlach tosaigh sin a bheith ina ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe chun críocha an ríofa i mír 1 agus ní ina chorrlach tosaigh;
i gcás ina sealbhófar comhthaobhacht i gcoinne cuntas ina bhfuil níos mó ná ceann amháin de na cineálacha conartha agus idirbhirt dá dtagraítear in Airteagal 301(1) de Rialachán (AE) 575/2013, déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha an corrlach tosaigh a sholáthróidh a gcomhaltaí imréitigh nó a gcliaint, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le EADanna na gcineálacha conartha agus idirbhirt arna ríomh i gcomhréir le pointe (a) den mhír seo, gan an corrlach tosaigh a chur san áireamh sa ríomh;
déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha a bhfuil níos mó ná aon chiste mainneachtana amháin acu ríomh ar gach ciste mainneachtana ina aonar;
i gcás ina gcuireann comhalta imréitigh seirbhísí imréitigh ar fáil do chliaint, agus ina gcoinnítear idirbhearta agus comhthaobhacht na gcliant atá ag an gcomhalta imréitigh i bhfochuntais ar leith atá dealaithe ó na cinn a bhaineann le gnólacht dhílsithe an chomhalta imréitigh, déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha EADi a ríomh i gcomhair gach fochuntas ar leithligh agus déanfaidh siad EADi iomlán an chomhalta imréitigh a ríomh mar shuim EADanna na bhfochuntas cliant agus EAD fhochuntas gnólachta dílsithe an chomhalta imréitigh;
chun críocha phointe (f), i gcás nach roinntear DFi idir fochuntais na gcliant agus fochuntais gnólachta dílsithe an chomhalta imréitigh, cionroinnfidh na contrapháirtithe lárnacha DFi in aghaidh an fhochuntais de réir an chodáin áirithe atá ag corrlach tosaigh an fhochuntais sin i ndáil leis an gcorrlach tosaigh iomlán arna bhreacadh ag an gcomhalta imréitigh nó i gcomhair chuntas an chomhalta imréitigh;
ní dhéanfaidh na contrapháirtithe an ríomh i gcomhréir le hAirteagal 50a(2) lena leagtar amach gur in airgead tirim amháin a chumhdaíonn an ciste mainneachtana idirbhearta.
Chun críocha phointe (a)(ii) den Airteagal seo, bainfidh an contrapháirtí úsáid as an modh a shonraítear in Airteagal 223 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus coigeartuithe maoirseachta luaineachta a leagtar amach in Airteagal 224 den Rialachán sin chun luach na neamhchosanta a ríomh.
Airteagal 50c
Faisnéis a thuairisciú
Chun críocha Airteagal 308 de Rialachán (AE) Uimh 575/2013curtha isteach ag OP], tuairisceoidh an contrapháirtí lárnach an fhaisnéis seo a leanas chuig na comhaltaí imréitigh sin atá aige agus atá ina n-institiúidí agus chuig a údaráis inniúla.
an caipiteal hipitéiseach (KCPL);
suim na ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe (DFCM);
suim a acmhainní airgeadais réamh-mhaoinithe a bhfuil ceangal air a úsáid - de réir an dlí nó mar gheall ar chomhaontú conarthach lena chomhaltaí imréitigh - chun a chaillteanais a chumhdach mar gheall ar mhainneachtain ceann amháin nó níos mó dá chomhaltaí imréitigh sula n-úsáideann sé ranníocaíochtaí ciste mainneachtana na gcomhaltaí imréitigh eile (DFCPL).
▼M13 —————
Nuair atá níos mó ná aon chiste mainneachtana amháin ag contrapháirtí lárnach, déanfaidh sé an fhaisnéis a thuairisciú sa chéad fhomhír maidir le gach ciste mainneachtana ina aonar
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn an méid seo a leanas a shonrú:
an teimpléad aonfhoirmeach chun críocha an tuairiscithe arna sonrí i mír 1;
minicíochtaí agus dátaí an tuairiscithe dá dtagraítear i mír 2;
cásanna ina bhféadfadh údarás inniúil institiúide atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh minicíochtaí níos airde de thuairisciú ná na cinn dá dtagraítear i bpointe (b) a iarraidh.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid na Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2014.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 50d
Ríomh na n-ítímí sonracha a bheidh le tuairisciú ag an gcontrapháirtí lárnach
Chun críocha na Coda seo, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
Nuair a fhéachtar leis faoi rialacha an chontrapháirtí lárnaigh go n-úsáidfidh sé cuid nó iomlán a n-acmhainní airgeadais taobh leis na ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe óna chomhaltaí imréitigh i gcaoi lena bhfágtar na hacmhainní sin ar chomhchéim le ranníocaíochtaí réamh-mhaointihe ó chomhalta imréitigh i dtéarmaí conas a ionsúitear na caillteanais a thabhaíonn an contrapháirtí lárnach i gcás mainneachtana nó dócmhainneachta ag ceann amháin nó níos mó dá chuid comhaltaí imréitigh, cuirfidh an contrapháirtí lárnach méid comhfhreagrach na n-acmhainní sin leis an DFCM;
a chur le méid iomlán na ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe (DF) mar seo a leanas:
.
▼M13 —————
TEIDEAL V
SOCRUITHE IDIR-INOIBRITHEACHTA
Airteagal 51
Socruithe idir-inoibritheacha
Airteagal 52
Bainistiú riosca
Déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha sin atá ag déanamh socraithe idir-inoibritheachta:
beartais leordhóthanacha, nósanna imeachta leordhóthanacha agus córais leordhóthanacha a chur i bhfeidhm chun rioscaí a eascraíonn ón socrú a aithint, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a bhainistiú ionas go mbeidh siad in ann a n-oibleagáidí a chomhlíonadh ar shlí thráthúil;
comhaontú a dhéanamh faoina gcearta agus a n-oibleagáidí faoi seach, lena n-áirítear an dlí is infheidhme a rialaíonn an caidreamh eatarthu;
rioscaí creidmheasa agus leachtachta a aithint, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a bhainistiú go héifeachtach ionas nach mbeidh tionchar ag mainneachtain comhalta imréitigh contrapháirtí lárnaigh amháin ar chontrapháirtí lárnach idir-inoibritheach;
an idirthuilleamaíocht agus na comhghaoil a d'fheadfadh teacht chun cinn ó shocrú idir-inoibritheachta agus a d'fhéadfadh tionchar a bheith acu ar chreidmheas agus na rioscaí leachtachta a bhaineann le comhdhlúthú comhaltaí imréitigh agus le hacmhainní comhroinnte airgeadais, iad sin a aithint, faireachán a dhéanamh orthu agus dul i ngleic leo.
Chun críocha phointe (b), den chéad fhomhír úsáidfidh contrapháirtithe lárnacha na rialacha céanna maidir leis an bpointe a dtagann orduithe aistrithe isteach ina gcórais faoi seach mar aon leis an bpointe do-athraitheachta mar atá leagtha amach i dTreoir 98/26/CE, i gcás ina bhfuil siad ábhartha.
Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, beidh cuntas imlíne i dtéarmaí an tsocraithe faoi conas a bhainisteofar iarmhairt na mainneachtana sa chás go loiceann ceann de na comhpháirtithe lárnacha a bhfuil socrú idir-inoibritheachta curtha i gcrích leis.
Chun críocha phointe (d), den chéad fhomhír, beidh smacht daingean faoin socrú ag na comhpháirtithe lárnacha ar athúsáid comhthaobhachta na gcomhaltaí imréitigh, má cheadaíonn na húdaráis inniúla a leithéid. Tabharfar breac-chuntas sa chomhaontú ar conas a tugadh aghaidh ar na rioscaí sin agus cuirfear cuimsiú leordhóthanach agus an gá maidir le teorainn a chur le tadhlacht san áireamh.
Airteagal 53
Corrlaigh a sholáthar idir chontrapháirtithe lárnacha
Airteagal 54
Socruithe idir-inoibritheachta a fhormheas
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
TEIDEAL VI
STÓRTHA TRÁDÁLA A CHLÁRÚ AGUS MAOIRSEACHT A DHÉANAMH ORTHU
CAIBIDIL 1
Coinníollacha agus Nósanna Imeachta maidir le stór trádála a chlárú
Airteagal 55
Stór trádála a chlárú
Airteagal 56
Iarratas ar chlárúchán
Chun críocha Airteagal 55(1) déanfaidh stór trádála ceann amháin díobh seo a leanas a chur faoi bhráid ÚEUM:
iarratas ar chlárú;
iarratas ar shíneadh ama ar an gclárú i gcás ina bhfuil an stór trádála cláraithe cheana faoi Chaibidil III de Rialachán (AE) 2015/2365.
Mura bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ÚEUM spriocdháta síos a mbeidh ar an stór trádála faisnéis bhreise a sholáthar faoi.
Tar éis do ÚEUM a mheasúnú go bhfuil an t-iarratas iomlán, tabharfaidh sé fógra dá réir don stór trádála.
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar, seachas i gcás na gceanglas i ndáil le bainistíocht rioscaí TFC, mionsonraí an iarratais ar chlárú dá dtagraítear i mír 1.
mionsonraí an iarratais maidir leis an gclárú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1;
mionsonraí iarratais shimplithe ar shíneadh ama ar an gclárú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm mhír 1, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh ina sonrófar an méid seo a leanas:
formáid an iarratais ar chlárú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1;
formáid an iarratais ar shíneadh ama ar an gclárú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.
Maidir le pointe (b) den chéad fhomhír, ceapfaidh ÚEUM formáid shimplithe.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020.
Tabharfar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 57
Fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla agus dul i gcomhairle leo roimh chlárú
Airteagal 58
An t-iarratas a scrúdú
Airteagal 59
Fógra a thabhairt faoin chinntí ÚEUM i ndáil le clárú
Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan aon mhoill mhíchuí, don údarás inniúil ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 57(1) faoina chinneadh.
Airteagal 60
Na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 61 go hAirteagal 63 a fheidhmiú
Maidir leis na cumhachtaí a thabharfar do ÚEUM nó d'aon oifigeach nó d'aon duine eile a údaróidh ÚEUM faoi Airteagal 61 go hAirteagal 63, ní úsáidfear iad chun nochtadh na faisnéise nó na ndoiciméad atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil a éileamh.
Airteagal 61
Iarraidh ar fhaisnéis
Nuair atá iarraidh shimplí ar fhaisnéis á seoladh faoi mhír 1, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:
déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata;
luafaidh sé cuspóir na hiarrata;
sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;
socróidh sé teorainn ama ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
cuirfidh sé in iúl don té a n-iarrtar an fhaisnéis air nach mbeidh sé de cheanglas air an fhaisnéis sin a chur ar fáil, ach i gcás go dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nár cheart go mbeadh an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil mícheart ná míthreorach; agus
léireoidh sé an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 65, i dteannta phointe (a) de Roinn IV d'Iarscríbhinn I, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach.
Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:
déanfaidh sé tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata;
luafaidh sé cuspóir na hiarrata;
sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear;
socróidh sé teorainn ama ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;
sonróidh sé na tráthíocaíochtaí pionósacha dá bhforáiltear in Airteagal 66 i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éileofar tugtha ar aird go neamhiomlán;
léireoidh sé an fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 65, i dteannta phointe (a) de Roinn IV d'Iarscríbhinn I, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach; agus
sonróidh sé an ceart chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus chun an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“An Chúirt Bhreithiúnais”) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 62
Imscrúduithe ginearálta
Chun a dhualgais a chur i gcrích faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM gach imscrúdú riachtanach a dhéanamh maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 61(1). Chuige sin, cumhachtófar do na hoifigigh agus do na daoine eile a údaróidh ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:
scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, beag beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte;
cóipeanna cleamhnaithe a dhéanamh nó cóipeanna deimhnithe a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;
aon duine dá dtagraítear in Airteagal 61(1) nó a n-ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus a iarraidh orthu mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta, agus na freagraí a thaifeadadh;
agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;
taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.
Airteagal 63
Cigireachtaí ar an láthair
Airteagal 64
Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a fhorchur
Chun a chuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 61 agus chun imscrúduithe a sheoladh agus chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 62 agus le hAirteagal 63. Nuair a bheidh na cumhachtaí sin á n-úsáid aige, comhlíonfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin Airteagal 60.
Nuair a bheidh a chúraimí á gcur i gcrích aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus ar an bhfaisnéis uile atá bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.
Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí.
Glacfar na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 82.
Airteagal 65
Fíneálacha
Measfar go ndearna stór trádála sárú d'aon ghnó má thagann ÚEUM ar ghnéithe oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh an stór trádála nó a lucht bainistíochta sinsearaí d'aon turas chun an sárú a dhéanamh.
Déanfar méideanna bunúsacha na bhfíneálacha dá dtagraítear i mír 1 a áireamh laistigh de na teorainneacha seo a leanas:
maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (c) de Roinn I d'Iarscríbhinn I agus i bpointe (c) go pointe (g), de Roinn II d'Iarscríbhinn I, agus i bpointe (a) agus i bpointe (b) de Roinn III d'Iarscríbhinn I, EUR 10 000 ar a laghad a bheidh i méideanna na bhfíneálacha agus ní fhorchuirfear fíneáil níos mó ná ►M12 EUR 200 000 ◄ ;
maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointí (d) go (h) de Roinn I d'Iarscríbhinn I, agus i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (h) de Roinn II d'Iarscríbhinn I, EUR 5 000 ar a laghad a bheidh i méideanna na bhfíneálacha agus ní fhorchuirfear fíneáil níos mó ná EUR 100 000 .
maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i Roinn I d'Iarscríbhinn I, EUR 5 000 ar a laghad a bheidh i méideanna na bhfíneálacha agus ní fhorchuirfear fíneáil níos mó ná EUR 10 000 .
Chun a chinneadh ar cheart méid bunúsach na bhfíneálacha a bheith ag ceann íochtair, ag lár nó ag ceann uachtair na dteorainneacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, tabharfaidh ÚEUM aird ar láimhdeachas bliantúil an stóir thrádála lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin. Beidh an méid bunúsach ag ceann íochtair na teorann i gcás stórtha trádála ar lú a láimhdeachas bliantúil ná EUR 1 mhilliún, beidh sé i lár na teorann i gcás an stóir thrádála a bhfuil a láimhdeachas idir EUR 1 mhilliún agus EUR 5 mhilliún agus beidh sé ag ceann uachtair na teorann i gcás an stóir thrádála ar mó a láimhdeachas bliantúil ná EUR 5 mhilliún.
Is ceann ar cheann a dhéanfar na comhéifeachtaí géaraitheacha ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Má tá níos mó ná comhéifeacht ghéaraitheach amháin infheidhme, déanfar an difríocht idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta géaraithí ar leith a chur leis an méid bunúsach.
Is ceann ar cheann a dhéanfar na comhéifeachtaí maolaitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Má tá níos mó ná comhéifeacht mhaolaitheach amháin infheidhme, déanfar an difríocht idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta maolaithí ar leith a dhealú ón méid bunúsach.
Más rud é, maidir le gníomh nó neamhghníomh stóir thrádála, go bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, ar fíneáil í a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 agus a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.
Airteagal 66
Tráthíocaíochtaí pionósacha
Déanfaidh ÚEUM, le cinneadh, tráthíocaíochtaí pionósacha a fhorchur d'fhonn iallach a chur:
ar stór trádála chun deireadh a chur le sárú, i gcomhréir le cinneadh arna ghlacadh de bhun Airteagal 73(1)(a); nó
ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 61(1):
chun faisnéis iomlán a sholáthar, ar faisnéis í a iarrfar le cinneadh de bhun Airteagal 61; nó
chun dul faoi imscrúdú agus go háirithe taifid, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile is gá a thabhairt, agus aon fhaisnéis eile a thugtar in imscrúdú arna sheoladh ag cinneadh de bhun Airteagal 62;
chun dul faoi chigireacht ar an láthair arna ordú le cinneadh a ghlactar de bhun Airteagal 63.
Airteagal 67
Daoine lena mbaineann a éisteacht
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo maidir leis na cinntí dá dtagraítear i bpointí (a), (c) agus (d) d'Airteagal 73(1), má tá gá le gníomhaíocht phráinneach chun gar-dhamáiste suntasach don chóras airgeadais a chosc nó chun gar-dhamáiste suntasach do shláine a chosc, trédhearcacht, éifeachtúlacht agus feidhmiú ordúil na margaí airgeadais a chosc, lena n-áirítear cobhsaíocht nó cruinneas na sonraí a thuairiscítear do stór trádála. I gcás mar sin, féadfaidh ÚEUM cinneadh eatramhach a ghlacadh agus tabharfaidh sé an deis do na daoine lena mbaineann éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis an chinnidh.
Airteagal 68
Nochtadh, nádúr, forghníomhú agus leithdháileadh fíneálacha agus tráthíocaíochtaí pionósacha
Beidh an forfheidhmiú faoi réir na rialacha nósanna imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Stát arb ina chríoch a dhéanfar é. Beidh an t-ordú á fhorfheidhmiú i gceangal leis an gcinneadh, gan d'fhoirmiúlacht ach fíorú ar bharántúlacht an chinnidh ón údarás náisiúnta a cheapfaidh rialtas gach Ballstáit chuige sin agus a chuirfidh sé i bhfios do ÚEUM agus don Chúirt Bhreithiúnais.
Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí sin comhlánaithe, ar iarratas ón bpáirtí lena mbaineann, féadfaidh seisean dul i gceann an fhorfheidhmithe de réir an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an chomhlachta inniúil.
Ní fhéadfar an forfheidhmiú a fhionraí ach amháin trí bhreith na Cúirte Breithiúnais. Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit lena mbaineann, áfach, i dtaca le gearáin á rá go bhfuil an forfheidhmiú á chur i gcrích ar dhóigh neamhrialta.
Airteagal 69
Athbhreithniú na Cúirte Breithiúnais
Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir ÚEUM fíneáil nó tráthíocaíocht phionósach. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an tráthíocaíocht phionósach a fhorchuirfear a chealú, a ísliú, nó a mhéadú.
Airteagal 70
Leasuithe ar Iarscríbhinn II
Chun forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 maidir le bearta a ghlacadh chun Iarscríbhinn II a leasú.
Airteagal 71
Clárúchán a tharraingt siar
Gan dochar d'Airteagal 73, déanfaidh ÚEUM clárúchán stóir thrádála a tharraingt siar i gcás maidir leis an stór trádála:
go dtréigeann sé an clárúchán go sainráite nó nach bhfuil seirbhísí ar bith curtha ar fáil aige i rith na sé mhí roimhe sin;
go bhfuair sé an clárúchán trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhrialta eile;
nach gcomhlíonann sé na coinníollacha faoinar cláraíodh é a thuilleadh;
Airteagal 72
Táillí maoirseachta
Airteagal 73
Bearta maoirseachta ag ÚEUM
Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 64(5), go bhfaighidh ÚEUM go ndearna stór trádála ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na cinntí seo a leanas:
a cheangal ar an stór trádála deireadh a chur leis an sárú;
fíneálacha a fhorchur faoi Airteagal 65;
fógraí poiblí a eisiúint;
mar rogha dheiridh, clárúchán an stóir thrádála a tharraingt siar.
Agus na cinntí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:
fad agus minicíocht an tsáraithe;
ar nocht an sárú laigí tromchúiseacha nó sistéamacha i nósanna imeachta an ghnóthais nó ina chórais bainistithe nó sna rialuithe inmheánacha;
cibé acu atá baint ag an gcoir airgeadais leis an sárú, atá sí éascaithe nó atá sí, ar bhealach eile, inchurtha ina leith;
an d'aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú.
Nuair atá a chinneadh, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, á phoibliú aige, poibleoidh ÚEUM freisin go bhfuil an ceart ag an stór trádála lena mbaineann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh, an fíoras, i gcás inarb ábhartha, gur taisceadh achomharc den sórt sin, á shonrú nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag achomharc den sórt sin agus go bhfuil an Bord Achomhairc ÚEUM ábalta cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuil conspóid ann ina leith a fhionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 74
Cúraimí ÚEUM a tharmligean chuig údaráis inniúla
Sula ndéanfar cúram a tharmligean, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha. Bainfidh an comhairliúchán sin leis na nithe seo a leanas:
raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;
an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh; agus
an fhaisnéis atá riachtanach a bheith á tharchur ag ÚEUM agus chuig ÚEUM
CAIBIDIL 2
Caidreamh le tríú tíortha
Airteagal 75
Coibhéis agus comhaontuithe idirnáisiúnta
Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, lena gcinntear go n-áirithítear an méid seo a leanas le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta tríú tír:
go gcomhlíontar leis na stórtha trádála atá údaraithe sa tríú tír sin ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus atá coibhéiseach leis na ceanglais sin atá leagtha síos sa Rialachán seo;
go bhfuil na stórtha trádála faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus forfheidhmithe ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin; agus
go bhfuil ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla ann, lena n-áirítear go ndéanfar rúin ghnó a chosaint, ar rúin iad a roinneann na húdaráis le tríú páirtithe, agus go mbeidh siad coibhéiseach ar a laghad leis na ráthaíochtaí sin a leagtar amach sa Rialachán seo.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2).
Tar éis na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 2 a thabhairt chun críche, agus i gcomhréir leis na comhaontuithe sin, bunóidh ÚEUM socruithe comhair le húdaráis inniúla iomchuí na tríú tíortha ábhartha. Sonrófar leis na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:
an sásra i gcomhair malartú faisnéise idir ÚEUM agus aon údarás eile de chuid an Aontais a bhfuil freagrachtaí á bhfeidhmiú aige i gcomhréir leis an Rialachán seo de pháirt amháin agus le húdaráis inniúla na tríú tíortha lena mbaineann den pháirt eile; agus
na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta.
Airteagal 76
Socruithe comhair
Féadfaidh údaráis ábhartha tríú tíortha nach bhfuil aon stórtha trádála bunaithe ina ndlínse dul i dteagmháil le ÚEUM d'fhonn socruithe comhair le haghaidh rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi chonarthaí díorthach atá á gcoinneáil i stórtha trádála.
Féadfaidh ÚEUM socruithe comhair a bhunú leis na húdaráis ábhartha sin maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi chonarthaí díorthach atá á gcoinneáil i stórtha trádála an Aontais go bhfuil gá ag na húdaráis sin a ndualgais agus a sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh, ar choinníoll go bhfuil ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla ann, lena n-áirítear go ndéanfar rúin ghnó a chosaint ar rúin iad a roinneann na húdaráis le tríú páirtithe.
Airteagal 76a
Rochtain fhrithpháirteach dhíreach ar shonraí
Arna iarraidh sin ag na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2), lena gcinnfear an gcomhlíonann creat dlíthiúil thríú tír an údaráis iarrthaigh na coinníollacha uile seo a leanas:
tá stórtha trádála arna mbunú sa tríú tír sin údaraithe go hiomchuí;
déantar maoirseacht éifeachtach agus forfheidhmiú éifeachtach ar stórtha trádála sa tríú tír sin ar bhonn leanúnach;
tá ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla ann, lena n-áirítear rúin a roinneann na húdaráis le tríú páirtithe a chosaint, agus tá siad coibhéiseach ar a laghad leis na ráthaíochtaí sin a leagtar amach sa Rialachán seo;
tá stórtha trádála atá údaraithe sa tríú tír sin faoi réir oibleagáid atá ceangailteach ó thaobh dlí agus atá in-fhorfheidhmithe rochtain dhíreach láithreach ar an bhfaisnéis a dheonú do na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 81(3).
Airteagal 77
Aitheantas a thabhairt do stórtha trádála
Déanfaidh stór trádála dá dtagraítear i mír 1 a iarratas ar aitheantas mar aon leis an bhfaisnéis riachtanach go léir a chur faoi bhráid ÚEUM, lena n-áirítear ar a laghad an fhaisnéis a bheidh riachtanach lena fhíorú go mbeidh an stór trádála údaraithe agus go mbeidh sé faoi réir maoirseachta éifeachtaí i dtríú tír:
atá aitheanta ag an gCoimisiún trí ghníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 75(1), mar thír a bhfuil creat rialála agus maoirseachta coibhéiseach agus forfheidhmithe aici;
go bhfuil comhaontú idirnáisiúnta déanta aici leis an Aontas de bhun Airteagal 75(2); agus
go bhfuil socruithe comhair déanta aici de bhun Airteagal 75(3) lena áirithiú go mbíonn rochtain láithreach agus leanúnach ag údaráis an Aontais, lena n-áirítear ÚEUM, ar gach faisnéis is gá.
Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú féachaint an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ÚEUM spriocdháta síos a mbeidh ar an stór trádála faisnéis bhreise a sholáthar faoi.
Laistigh de 180 lá oibre ón dáta a gcuirfear isteach iarratas comhlánaithe, cuirfidh ÚEUM in iúl i scríbhinn don stór trádála is iarratasóir le míniú lánréasúnaithe i dtaobh ar deonaíodh an t-aitheantas nó ar diúltaíodh é.
Foilseoidh ÚEUM liosta na stórtha trádála a bhfuil aitheantas tugtha dóibh i gcomhréir leis an Rialachán seo ar a láithreán gréasáin.
TEIDEAL VII
CEANGLAIS A BHAINEANN LE STÓRTHA TRÁDÁLA
Airteagal 78
Ceanglais ghinearálta
Cuirfidh stór trádála ar bun na nósanna imeachta agus na beartais seo a leanas:
na nósanna imeachta chun sonraí idir stórtha trádála a réiteach go héifeachtach;
nósanna imeachta chun iomláine agus cruinneas na sonraí a thuairisceofar a fhíorú;
beartais maidir le sonraí a aistriú go hordúil chuig stórtha trádála eile arna iarraidh sin ag na contrapháirtithe nó na contrapháirtithe lárnacha dá dtagraítear in Airteagal 9 nó i gcás eile inar gá sin.
Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, ceapfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar:
na nósanna imeachta le haghaidh sonraí idir stórtha trádála a réiteach;
na nósanna imeachta a chuirfidh an stór trádála i bhfeidhm chun a fhíorú go bhfuil na ceanglais tuairiscithe á gcomhlíonadh ag an gcontrapháirtí atá ag déanamh na tuairiscithe agus ag an eintiteas atá ag déanamh an tíolactha agus chun iomláine agus cruinneas na sonraí a tuairiscítear faoi Airteagal 9 a fhíorú.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 79
Iontaofacht oibríochtúil
Airteagal 80
Coimirciú agus taifeadadh
▼M17 —————
Ní dhéanfaidh duine nádúrtha a bhfuil dlúth nasc aige le stór trádála nó duine dlítheanach a bhfuil caidreamh máthairghnóthas nó fochuideachta aige nó aici leis an stór trádála, faisnéis rúnda arna taifeadadh i stór trádála a úsáid chun críocha tráchtála.
Airteagal 81
Trédhearcacht agus infhaighteacht sonraí
Cuirfidh stór trádála an fhaisnéis riachtanach ar fáil do na heintitis seo a leanas chun a chur ar a gcumas a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh:
ÚEUM;
ÚBE;
ÚEÁPC;
BERS;
an t-údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar chontrapháirtithe lárnacha a fhaigheann rochtain ar na stórtha trádála;
an t-údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar ionaid trádála na gconarthaí tuairiscithe;
comhaltaí ábhartha CEBC, lena n-áirítear BCE agus a chúraimí mar chuid de shásra maoirseachta aonair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle ( 25 ) á gcomhlíonadh aige;
na húdaráis ábhartha de chuid tríú tír a rinne comhaontú idirnáisiúnta leis an Aontas dá dtagraítear in Airteagal 75;
údaráis mhaoirseachta arna sainiú faoi Airteagal 4 de Threoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 26 );
urrúis ábhartha de chuid an Aontais agus údaráis ábhartha margaidh a gcumhdaíonn a bhfreagrachtaí agus a sainorduithe maoirseachta faoi seach conarthaí, margaí, rannpháirtithe agus sócmhainní foluiteacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo;
na húdaráis ábhartha de chuid tríú tíre a rinne comhaontú comhair le hÚEUM, amhail dá dtagraítear in Airteagal 76;
an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 27 );
na húdaráis réitigh arna sainiú faoi Airteagal 3 de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 28 );
an Bord Réitigh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014;
údaráis inniúla nó údaráis inniúla náisiúnta de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus Threoracha 2003/41/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE agus 2014/65/AE, agus údaráis mhaoirseachta de réir bhrí Threoir 2009/138/CE;
na húdaráis inniúla arna sainiú i gcomhréir le hAirteagal 10(5) den Rialachán seo;
na húdaráis ábhartha tríú tír a bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha de bhun Airteagal 76(a) ina leith;
na húdaráis réitigh a ainmnítear faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 2021/23;
na húdaráis náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu an beartas macrastuamachta a stiúradh.
Tarchuirfidh stór trádála na sonraí sin chuig údaráis inniúla i gcomhréir leis na ceanglais faoi Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ( 29 ).
D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a cheapadh lena sonrófar an méid seo a leanas:
an fhaisnéis a fhoilseofar nó a chuirfear ar fáil i gcomhréir le mír 1 agus mír 3;
minicíocht tuairiscithe na faisnéise dá dtagraítear i mír 1;
na caighdeáin oibríochtúla is gá chun sonraí a chomhiomlánú agus chun comparáid a dhéanamh ar na sonraí idir na stórtha trádála, agus a theastaíonn ó na heintitis dá dtagraítear i mír 3 chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin;
na téarmaí agus na coinníollacha, na socruithe agus an doiciméadacht riachtanach faoina ndeonóidh stórtha trádála rochtain ar na heintitis dá dtagraítear i mír 3.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2020.
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á gceapadh aige, áiritheoidh ÚEUM nach nochtfar le foilsiú na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 céannacht aon pháirtí in aon chonradh.
Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
Airteagal 82
An tarmligean a fheidhmiú
TEIDEAL VIII
FORÁLACHA COITEANNA
Airteagal 83
Rúndacht ghairmiúil
Airteagal 84
Malartú faisnéise
TEIDEAL IX
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 85
Tuarascálacha agus Athbhreithniú
Faoin 17 Meitheamh 2023 cuirfidh ÚEUM tuarascáil faoi bhraid an Choimisiúin maidir leis an méid seo a leanas:
tionchar Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 30 ) ar leibhéal an imréitigh a dhéanann contrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais agus ar leithdháileadh an imréitigh laistigh de gach cineál contrapháirtí, go háirithe maidir le contrapháirtithe airgeadais a bhfuil méid teoranta gníomhaíochta acu i margaí díorthach thar an gcuntar agus maidir le hoiriúnacht na dtairseach imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 10(4);
tionchar Rialachán (AE) 2019/834 ar cháilíocht agus ar inrochtaineacht na sonraí a thuairiscítear chuig stórtha trádála, chomh maith le cáilíocht na faisnéise arna cur ar fáil ag stórtha trádála;
na hathruithe ar an gcreat tuairiscithe, lena n-áirítear glacadh agus cur chun feidhme tuairiscithe tarmligthe a leagtar síos in Airteagal 9(1a) agus go háirithe an tionchar a bheidh aige ar an ualach tuairiscithe do chontrapháirtithe neamhairgeadais nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide imréitigh;
inrochtaineacht seirbhísí imréitigh, go háirithe an raibh an ceanglas chun seirbhísí imréitigh a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, ar théarmaí tráchtála cothroma, réasúnta, neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3a) éifeachtach chun rochtain ar imréiteach a éascú.
▼M18 —————
Faoin 18 Nollaig 2020 ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil ina mheasúnófar an méid seo a leanas:
an gcruthaítear leis na hoibleagáidí chun idirbhearta a thuairisciú faoi Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus faoin Rialachán seo oibleagáid tuairiscithe dúblach i gcás díorthaigh nach díorthaigh thar an gcuntar iad agus an bhféadfaí tuairisciú na n-idirbheart i gcás díorthaigh nach díorthaigh thar an gcuntar iad a laghdú nó a shimpliú do na contrapháirtithe go léir gan aon chaillteanas míchuí faisnéise a bheith ann;
a riachtanaí nó a oiriúnaí atá sé an oibleagáid trádála do dhíorthaigh faoi Rialachán (AE) Uimh 600/2014 a ailíniú leis na hathruithe a rinneadh faoi Rialachán (AE) 2019/834 ar an oibleagáid imréitigh do dhíorthaigh, go háirithe ar raon feidhme na n-eintiteas atá faoi réir oibleagáid imréitigh;
an ceart aon trádálacha a thiocfaidh go díreach as seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála, lena n-áirítear comhbhrú punainne, a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1), ag cur san áireamh a mhéid a dhéantar rioscaí a mhaolú leis na trádálacha sin, go háirithe riosca creidmheasa contrapháirtí agus riosca oibriúcháin, agus an bhféadfaí teacht timpeall ar an oibleagáid imréitigh nó an bhféadfadh dídhreasú maidir leis an imréiteach lárnach teacht as.
Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.
Faoin 18 Bealtaine 2020, cuirfidh ÚEUM tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfar an méid a leanas a mheas sa tuarascáil sin:
comhsheasmhacht na gceanglas tuairiscithe do dhíorthaigh thar an gcuntar faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus faoi Airteagal 9 den Rialachán seo, i dtéarmaí shonraí an chonartha dhíorthach atá le tuairisciú agus i dtéarmaí na rochtana ar shonraí a bhíonn ag na heintitis ábhartha agus cibé ar cheart na ceanglais sin a ailíniú;
a indéanta atá sé slabhraí tuairiscithe a shimpliú a thuilleadh maidir leis na contrapháirtithe uile, lena n-áirítear do na cliaint uile indíreacha, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le tuairisciú tráthúil agus na bearta a glacadh de bhun Airteagal 4(4) den Rialachán seo agus de bhun Airteagal 30(2) de Rialachán (CE) Uimh. 600/2014 á gcur san áireamh;
ailíniú na hoibleagáide trádála do dhíorthaigh faoi Rialachán (AE) Uimh 600/2014 leis na hathruithe a rinneadh faoi Rialachán (AE) 2019/834 ar an oibleagáid imréitigh do dhíorthaigh, go háirithe ar raon feidhme na n-eintiteas atá faoi réir oibleagáid imréitigh;
i gcomhar le BERS, ar cheart aon trádálacha a thiocfaidh go díreach as seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála, lena n-áirítear comhbhrú punainne, a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1). Déanfar an méid seo a leanas sa tuarascáil:
imscrúdú ar chomhbhrú punainne agus seirbhísí eile laghdaithe riosca iarthrádála atá ar fáil lena laghdaítear rioscaí neamh-mhargaidh i bpunanna díorthach gan riosca margaidh na bpunann a athrú, amhail idirbhearta a athchothromú;
tabharfar míniú inti chomh maith ar na cuspóirí agus ar na meicníochtaí a bhaineann leis na seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála sin, a mhéid a mhaolaítear riosca leo, riosca creidmheasa contrapháirtí agus riosca oibriúcháin san áireamh, agus measúnóidh sé an gá atá le trádálacha den sórt sin a imréiteach, nó an gá iad a dhíolmhú ón gceanglas imréitigh, chun riosca sistéamach a bhainistiú; agus
déanfaidh sé measúnú freisin ar a mhéid a chuirtear, le díolúine ón oibleagáid imréitigh do sheirbhísí den sórt sin, in éadan imréiteach lárnach agus a mhéid a d'fhéadfadh sé go dtiocfadh contrapháirtithe timpeall ar an oibleagáid imréitigh;
an bhféadfaí cur leis an liosta d'ionstraimí airgeadais a mheastar a bheith fíorleachtach lena mbaineann riosca íosta margaidh agus creidmheasa, i gcomhréir le Airteagal 47 agus an bhféadfaí a áireamh ar an liosta sin ceann amháin nó níos mó de na cistí margaidh airgid arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 31 ).
▼M18 —————
Faoi cheann 12 mhí ó tharchur na tuarascála sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha an ghnímh sin cur chun feidhme. Cuirfidh an Coimisiún a thuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.
▼M18 —————
Faoin 25 Nollaig 2027, cuirfidh ESMA tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir leis an ngníomhaíocht fhoriomlán in idirbhearta díorthach contrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais atá faoi réir an Rialacháin seo, ina soláthraítear, inter alia, an fhaisnéis seo a leanas faoi na contrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais sin, agus idirdhealú á dhéanamh idir a gcineál airgeadais nó neamhairgeadais:
na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht airgeadais an Aontais a d’fhéadfadh eascairt as an gcineál sin gníomhaíochta;
na suíomhanna i ndíorthaigh tráchtearraí thar an gcuntar atá os cionn EUR 1 bhilliún, ina sonraítear méid beacht na suíomhanna lena mbaineann;
méid iomlán na gconarthaí díorthach fuinnimh arna dtrádáil, agus idirdhealú á dhéanamh, i gcás inarb ábhartha, idir na conarthaí díorthach fuinnimh sin arna dtrádáil a úsáidtear chun críoch fálaithe agus na conarthaí díorthach fuinnimh sin arna dtrádáil nach n-úsáidtear chun críoch fálaithe;
méid iomlán na gconarthaí díorthach talmhaíochta arna dtrádáil, agus idirdhealú á dhéanamh, i gcás inarb ábhartha, idir na conarthaí díorthach talmhaíochta sin arna dtrádáil a úsáidtear chun críoch fálaithe agus na cinn nach n-úsáidtear chun na críche sin;
sciar na gconarthaí díorthach thar an gcuntar agus na gconarthaí díorthach fuinnimh nó talmhaíochta arna dtrádáil ar an malartán a shocraítear go fisiceach i dtoirt iomlán na gconarthaí díorthach fuinnimh nó na gconarthaí díorthach talmhaíochta a thrádáiltear.
Faoin 25 Nollaig 2026, déanfaidh ESMA, i gcomhar le BERS, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Sa tuarascáil, déanfar an méid seo a leanas:
sainmhíniú mionsonraithe a thabhairt ar choincheap na comh-thimthriallachta i gcomhthéacs Airteagal 41 maidir le héarlaisí a ghlaonn CPL agus Airteagal 46 i gcás caolchorrlaigh a chuirtear i bhfeidhm ar chomhthaobhacht arna sealbhú ag CPL;
measúnú a dhéanamh ar an gcaoi ar cuireadh forálacha frith-chomh-thimthriallachta an Rialacháin seo agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 153/2013 ón gCoimisiún ( 33 ) i bhfeidhm thar na blianta agus ar cibé an bhfuil gá le bearta breise chun feabhas a chur ar úsáid uirlisí frith-chomh-thimthriallachta;
eolas a thabhairt maidir leis an gcaoi a bhféadfadh nó nach bhféadfadh méadú ar éarlaisí a bheith mar thoradh ar uirlisí frith-chomh-thimthriallachta a bheadh níos mó ná mar a bheadh mura ndéanfaí na huirlisí sin a chur i bhfeidhm, agus forlíontáin fhéideartha nó fritháirimh fhéideartha á gcur san áireamh a cheadaítear do CPL a chur i bhfeidhm faoin Rialachán seo.
Agus an tuarascáil á hullmhú aige, déanfaidh ESMA measúnú freisin ar na rialacha is infheidhme maidir le CPLanna tríú tír agus ar chleachtais na CPLanna sin, chomh maith le forbairtí idirnáisiúnta a bhaineann le comh-thimthriallacht.
Go háirithe, bunófar leis an measúnú sin an méid seo a leanas:
cé acu a rinne nó nach ndearna na hathruithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2024/2987 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 34 ) an éifeacht inmhianaithe a bhaint amach maidir le hiomaíochas CPLanna an Aontais a mhéadú agus an t-ualach rialála atá orthu a laghdú;
cé acu a laghdaigh na hathruithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2024/2987 an t-am go dtí an margadh i gcás seirbhísí imréitigh nua agus táirgí nua gan tionchar diúltach a imirt ar an riosca do na CPLanna, dá gcomhaltaí imréitigh ná dá gcliaint;
cé acu a bhí nó nach raibh tionchar diúltach ag tabhairt isteach na féidearthachta atá ag CPLanna athruithe dá dtagraítear in Airteagal 15a a chur chun feidhme go díreach ar a bpróifíl riosca nó cé acu a mhéadaigh nó nár mhéadaigh sé na rioscaí foriomlána don chobhsaíocht airgeadais don Aontas, agus cé acu ba cheart nó nár cheart an fhéidearthacht sin a leasú.
Cuirfidh ESMA tuarascáil ar thoradh an mheasúnaithe sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.
Faoin 25 Nollaig 2028, cuirfidh ESMA tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin, i gcomhar le BERS, i dtaobh na nithe seo a leanas:
ar cheart a mheas go bhfuil tábhacht shistéamach le seirbhísí PTRR;
an bhfuil riosca méadaithe ann d’éiceachóras airgeadais an Aontais mar thoradh ar sheirbhísí PTRR a bheith á soláthar ag soláthraithe seirbhíse PTRR; agus
arbh é an toradh a bhí ar an díolúine gur thángthas timpeall ar an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4.
Laistigh de 18 mí ó tharchur na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na gnéithe a chuir ESMA i láthair ina thuarascáil. Cuirfidh an Coimisiún a thuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.
Airteagal 86
Nós imeachta coiste
Airteagal 87
Leasú ar Threoir 98/26/CE
In Airteagal 9(1) de Threoir 98/26/CE, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:
“I gcás inar chuir oibreoir córais urrús comhthaobhach ar fáil d'oibreoir córais eile maidir le córas idir-inoibritheach, ní bheidh tionchar ag imeachtaí dócmhainneachta in aghaidh an oibreora córais is faighteoir ar chearta an oibreora córais a sholáthraíonn an t-urrús comhthaobhach.”.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh iontu tagairt do Threoir 98/26/CE nó gabhfaidh an tagairt sin leo tráth a bhfoilsithe go hoifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna ina ndéanfar an tagairt sin.
Airteagal 88
Láithreáin ghréasáin
Beidh láithreán gréasáin á choimeád ag ÚEUM ina gcuirfear na mionsonraí seo a leanas ar fáil:
conarthaí atá incháilithe don oibleagáid imréitigh faoi Airteagal 5;
pionóis arna bhforchur trí sháruithe ar Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 7 go hAirteagal 11;
contrapháirtithe lárnacha atá údaraithe seirbhísí agus gníomhaíochtaí a thairiscint san Aontas, agus atá bunaithe san Aontas, agus an cineál seirbhísí nó gníomhaíochtaí a bhfuil siad údaraithe a chur ar fáil nó a chomhlíonadh, lena n-áirítear aicmí na n-ionstraimí airgeadais a chuimsítear faoina n-údarú;
pionóis a fhorchuirtear maidir le sáruithe ar Theideal IV agus ar Theideal V;
contrapháirtithe lárnacha, atá údaraithe chun seirbhísí nó gníomhaíochtaí a thairiscint san Aontas, agus atá bunaithe i dtríú tír, agus na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí a bhfuil siad údaraithe chun iad a sholáthar nó a chomhlíonadh, lena n-áirítear aicmí na n-ionstraimí airgeadais a chuimsítear faoina n-údarú;
stórtha trádála atá údaraithe seirbhísí nó gníomhaíochtaí a thairiscint san Aontas;
pionóis agus fíneálacha a fhorchuirtear i gcomhréir le hAirteagal 65 agus le hAirteagal 66;
an clár poiblí dá dtagraítear in Airteagal 6.
Airteagal 89
Forálacha idirthréimhseacha
Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid imréitigh a leagtar amach in Airteagal 4 maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo arna ndéanamh ag socruithe do scéimeanna pinsean ón 17 Lúnasa 2018 go dtí an 16 Meitheamh 2019.
Maidir leis na conarthaí díorthacha thar an gcuntar, a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh faoi Airteagal 4 ar shlí eile, agus a rinne na heintitis sin i rith na tréimhse sin, beidh siad faoi réir na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 11.
Foilseoidh ÚEUM, ar an láithreán gréasáin atá aige, liosta de chineálacha eintiteas agus de chineálacha socruithe dá dtagraítear in Airteagal 2(10)(c) agus (d) a bhfuil díolúine faighte acu i gcomhréir leis an gcéad fhomhír. Chun comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú tuilleadh, déanfaidh ÚEUM athbhreithniú piaraí ar na heintitis a chuirfear san áireamh ar an liosta gach bliain i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
I gcás contrapháirtí lárnach a údaraíodh sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe maidir le seirbhísí imréitigh a sholáthar i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála go léir faoi Airteagail 16, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 47 agus 49, déanfaidh sé iarratas ar aitheantas faoi Airteagal 25 chun críocha an Rialacháin seo laistigh de shé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúla rialála go léir faoi Airteagail 16, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 47 agus 49.
I gcás ina gcinnfidh ESMA, tar éis an athbhreithnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, gur chóir CPL a fuair aitheantas roimh an 1 Eanáir 2020 a aicmiú mar CPL Leibhéal 2 i gcomhréir le hAirteagal 25(2a), socróidh ESMA tréimhse oiriúnaithe iomchuí nach faide ná 18 mí ar lena linn nach mór don CPL na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 25(2b) a chomhlíonadh. Féadfaidh ESMA síneadh suas le 6 mhí a chur leis an tréimhse oiriúnaithe sin ar iarraidh réasúnaithe ón CPL nó ó aon cheann de na húdaráis inniúla atá freagrach as an maoirsiú ar na comhaltaí imréitigh atá bunaithe san Aontas, i gcás ina bhfuil bonn cirt leis an síniú sin de bharr imthosca eisceachtúla agus de bharr an tionchair ar na comhaltaí imréitigh atá bunaithe san Aontas.
I gcás aitheantas a bheith tugtha ag údarás inniúil do chontrapháirtí lárnach atá bunaithe i dtríú tír chun seirbhísí imréitigh a sholáthar i gcomhréir le dlí náisiúnta a Bhallstáit sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála go léir faoi Airteagail 16, 26, 29, 34, 41, 42, 45, 47 agus 49, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin fógra a thabhairt do ÚEUM faoin aitheantas sin laistigh de mhí amháin ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil rialála faoi Airteagal 5(1).
Le linn na hidirthréimhse a leagtar amach in Airteagal 497 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, san fhaisnéis a thuairisceoidh contrapháirtí lárnach dá dtagraítear san Airteagal sin i gcomhréir le hAirteagal 50c(1) den Rialachán seo, áireoidh sé méid foriomlán an chorrlaigh tosaigh, mar a shainmhínítear i bpointe (140) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a fuair sé óna chomhaltaí imréitigh i gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
níl ciste mainneachtana ag an gcontrapháirtí lárnach;
níl socrú ceangailteach ar bun ag an gcontrapháirtí lárnach lena chomhaltaí imréitigh lena gceadaítear dó an corrlach tosaigh uile nó cuid de a fuarthas ó na comhaltaí imréitigh sin a úsáid mar a bheidís ina ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe.
I gcás stór stádála atá bunaithe i dtríú tír a gceadaítear dó taifid díorthach i mBallstát a bhailiú agus a chothabháil i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme go léir faoi Airteagal 9, Airteagal 56 agus Airteagal 81, déanfaidh sé iarratas ar aitheantas faoi Airteagal 77 laistigh de shé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúla rialála agus cur chun feidhme sin.
I gcás stór stádála atá bunaithe i dtríú tír a gceadaítear dó taifid díorthach a bhailiú agus a chothabháil i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme go léir faoi Airteagal 56 agus 81, féadfar é a úsáid chun an ceanglas um thuairisciú faoi Airteagal 9 a chomhlíonadh go dtí go nglacfar cinneadh maidir le haitheantas a thabhairt don stór trádála faoin Rialachán seo.
De mhaolú ar Airteagal 37(1), is féidir le CPL cead a thabhairt do CPLanna eile nó do thithe imréitigh eile arbh iad a chomhaltaí imréitigh iad, go díreach nó go hindíreach, amhail ón 31 Nollaig 2023, fanacht mar chomhaltaí imréitigh dó go dtí an 25 Nollaig 2026 ar a dhéanaí.
Scoirfear de shocrú idir-inoibritheachta a bhunaítear idir CPL a údaraítear faoi Airteagal 14 agus CPL nach n-údaraítear faoi Airteagal 14 ná nach dtugtar aitheantas dó faoi Airteagal 25 roimh an 25 Meitheamh 2025. Má dhéantar an CPL lena mbunaítear an socrú idir-inoibritheachta sin a údarú faoi Airteagal 14 nó má thugtar aitheantas dó faoi Airteagal 25 roimh an 25 Meitheamh 2025, iarrfaidh na CPLanna atá ina bpáirtithe sa socrú idir-inoibritheachta sin formheas óna n-údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 54 roimh an 25 Meitheamh 2027.
Airteagal 90
Foireann agus acmhainní ESMA
Faoin 25 Nollaig 2027, déanfaidh ESMA measúnú ar na riachtanais foirne agus ar na riachtanais acmhainní a eascraíonn as a chumhachtaí agus a dhualgais a ghlacadh de láimh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.
Airteagal 91
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Liosta de na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 65(1)
Sáruithe a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla nó le coinbhleachtaí leasa:
sáraíonn stór trádála Airteagal 78(1) más rud é nach mbeidh socruithe daingne rialachais, lena n-áirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil a mbeidh freagrachtaí soiléire trédhearcacha agus comhsheasmhacha ann, mar aon le sásraí leordhóthanacha um rialú inmheánach, lena n-áirítear nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta, lena gcuirtear cosc ar fhaisnéis atá faoi rún a nochtadh;
sáraíonn stór trádála Airteagal 78(2) más rud é nach ndéantar socruithe eagraíochtúla agus riaracháin i scríbhinn a chothabháil nó a oibriú chun aon choinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith ann maidir lena bhainisteoirí, lena fhostaithe, nó maidir le haon duine a bhfuil baint dhíreach nó indíreach aige leo trí naisc dhlútha;
sáraíonn stór trádála Airteagal 78(3) más rud é nach gcuirtear beartais leordhóthanacha agus nósanna imeachta leordhóthanacha ar bun chun a áirithiú go gcomhlíontar forálacha uile an Rialacháin seo, lena n-áirítear a bhainisteoirí agus a fhostaithe a bheith á gcomhlíonadh;
sáraíonn stór trádála Airteagal 78(4) le stór más rud é nach ndéantar struchtúr eagrúcháin leordhóthanacha a chothabháil nó a oibriú chun leanúnachas agus feidhmiú ordúil an stóir thrádála a áirithiú agus é ag comhlíonadh a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí;
sáraíonn stór trádála Airteagal 78(5) más rud é nach ndeighltear go hoibríochtúil a sheirbhísí coimhdeacha óna fheidhm i ndáil le taifid díorthach a bhailiú agus a chothabháil go lárnach;
sáraíonn stór trádála Airteagal 78(6) más rud é nach n-áirithítear gur leor dea-cháil agus taithí an lucht bainistíochta sinsearaí agus na chomhalta an bhoird lena áirithiú go ndéanfaidh siad bainistiú fónta stuama ar an stór trádála;
sáraíonn stór trádála Airteagal 78(7) más rud é nach mbíonn ceanglais chuspóireacha neamh-idirdhealaitheacha aige agus ceanglais a nochtar go poiblí, le haghaidh rochtana ag soláthróirí seirbhísí agus ag gnóthais faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe faoi Airteagal 9;
sáraíonn stór trádála Airteagal 78(8) más rud é nach nochtar go poiblí na praghsanna agus na táillí a bhaineann leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo agus más rud é nach gceadaítear rochtain ar leith d'eintitis tuairiscithe ar sheirbhísí sonracha nó más rud é go ngearrtar praghsanna agus táillí nach bhfuil bainteach leis an gcostas;
sáróidh stór trádála pointe (a) d'Airteagal 78(9) mura gcuirfidh sé nósanna imeachta leordhóthanacha ar bun chun sonraí idir stórtha trádála a réiteach go héifeachtach;
sáróidh stór trádála pointe (b) d'Airteagal 78(9) mura gcuirfidh sé nósanna imeachta leordhóthanacha ar bun chun cruinneas agus iomláine na sonraí tuairiscithe a fhíorú;
sáróidh stór trádála pointe (c) d'Airteagal 78(9) mura gcuirfidh sé beartais leordhóthanacha ar bun maidir le sonraí a aistriú go hordúil chuig stórtha trádála eile i gcás ina n-iarrfaidh na contrapháirtithe agus na contrapháirtithe lárnacha dá dtagraítear in Airteagal 9 nó i gcás eile inar gá sin.
Sáruithe a bhaineann le riachtanais oibríochtúla:
sáraíonn stór trádála Airteagal 79(1) más rud é nach sainaithníonn sé foinsí riosca oibríochtúil nó nach ndéanann sé iad a íoslaghdú trí chórais, rialuithe agus nósanna imeachta atá iomchuí a fhorbairt, lena n-áirítear córais TFC arna mbainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554;
sáraíonn stór trádála Airteagal 79(2) mura ndéanann sé beartas leordhóthanach um leanúnachas gnó agus plean athshlánaithe i gcás tubaiste arna mbunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554, a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil, arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéantar a chuid feidhmeanna a choinneáil slán, oibríochtaí a athshlánú go tráthúil, agus oibleagáidí an stóir trádála a chomhlíonadh;
▼M17 —————
sáraíonn stór trádála Airteagal 80(2) más rud é go n-úsáidtear na sonraí a fhaigheann sé faoin Rialachán seo le haghaidh cuspóirí tráchtála sa chás nach dtugann na contrapháirtithe ábhartha a dtoiliú é sin a dhéanamh;
sáraíonn stór trádála Airteagal 80(3) más rud é nach ndéantar an fhaisnéis a fhaightear faoi Airteagal 9 a thaifeadadh go pras nó trína cothabháil ar feadh deich mbliana ar a laghad ón dáta a ndéanfar na conarthaí ábhartha a fhoirceannadh nó más rud é nach mbainfear leas as nósanna imeachta tráthúla agus éifeachtúla chun taifid a choimeád d'fhonn athruithe a dhéantar ar fhaisnéis a taifeadadh a dhoiciméadú;
sáraíonn stór trádála Airteagal 80(4) más rud é nach ndéantar suíomhanna a áireamh de réir aicme díorthach agus de réir eintiteas tuairiscithe bunaithe ar mhionsonraí na gconarthaí díorthacha a tuairiscíodh i gcomhréir le hAirteagal 9;
sáraíonn stór trádála Airteagal 80(5) más rud é nach gceadaítear do na páirtithe i gconradh rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin gconradh sin agus an fhaisnéis sin a cheartú ar bhealach tráthúil;
sáraíonn stór trádála Airteagal 80(6) más rud é nach ndéantar gach beart réasúnach le cosc a chur ar aon mhí-úsáid maidir leis an bhfaisnéis atá á coimeád ina córais.
Sáruithe a bhaineann le trédhearcacht faisnéise agus infhaighteacht faisnéise:
sáraíonn stór trádála Airteagal 81(1) más rud é nach bhfoilsítear faisnéis go rialta, agus ar shlí a bhfuil rocháin éasca air faoi shuíomhanna comhiomlána de réir aicme na ndíorthach i ndáil leis na conarthaí a thuairiscítear dó;
sáraítear Airteagal 81(2) le stór trádála más rud é gceadaítear rochtain dhíreach, láithreach a bheith ag na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 81(3) ar mhionsonraí na gconarthaí díorthacha a mbíonn gá acu leo lena ndualgais agus lena sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh.
Sáruithe a bhaineann le bacainní ar ghníomhaíochtaí maoirseachta:
sáraíonn stór trádála Airteagal 61(1) trí fhaisnéis mhícheart nó mhíthreorach a chur ar fáil mar fhreagairt ar iarraidh shimplí ar fhaisnéis ón ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 61(2) nó mar fhreagairt ar chinneadh ón ÚEUM lena n-éilítear faisnéis i gcomhréir le hAirteagal 61(3);
go gcuireann stór trádála freagraí míchearta nó míthreoracha ar fáil do cheisteanna a chuirtear de bhun Airteagal 62(1)(c);
nach ndéanann stór trádála in am trátha beart maoirseachta a ghlacann ÚEUM de bhun Airteagal 73 a chomhlíonadh;
sáróidh stór trádála Airteagal 55(4) mura dtabharfaidh sé fógra do ÚEUM in am trátha faoi aon athruithe ábhartha ar choinníollacha an chlárúcháin bhunaidh.
IARSCRÍBHINN II
Liosta de na comhéifeachtaí atá nasctha le himthosca géaraitheacha agus le himthosca maolaitheacha chun Airteagal 65(3) a chur i bhfeidhm
Beidh na comhéifeachtaí seo a leanas infheidhme go carnach maidir leis na méideanna bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 65(2):
Comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le fachtóirí géaraitheacha:
i gcás ina ndearnadh an sárú arís agus arís eile, beidh feidhm ag comhéifeacht bhreise 1,1 i ndáil le gach uair a rinneadh an sárú athuair;
i gcás ina ndearnadh an sárú ar feadh tréimhse is faide ná sé mhí, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5;
i gcás ina nochtar leis an sárú laigí sistéamacha in eagraíocht an stóir thrádála, go háirithe ina nósanna imeachta, ina chórais bhainistíochta nó ina rialuithe inmheánacha, beidh feidhm ag comhéifeacht 2,2;
i gcás ina bhfuil tionchar diúltach ag an sárú ar cháilíocht na sonraí a choinníonn sé, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5;
i gcás ina ndearnadh an sárú d'aon ghnó, beidh feidhm ag comhéifeacht 2.
i gcás nach bhfuil aon ghníomhaíocht feabhais déanta ón am a ndearnadh an sárú a shainaithint, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,7;
i gcás nár chomhoibrigh lucht bainistíochta sínsearaí an stóir thrádála le ÚEUM le linn dó a chuid imscrúduithe a chur i gcrích, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5.
Comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le fachtóirí maolaitheacha:
i gcás ina ndearnadh an sárú ar feadh tréimhse is lú ná deich lá oibre, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,9;
i gcás ina bhfuil lucht bainistíochta sínsearaí an stóir thrádála in ann a léiriú go ndearna siad gach beart is gá chun an sárú a chosc, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,7;
i gcás inar chuir an stór trádála an sárú in iúl do ÚEUM ar bhealach tapa, éifeachtach agus iomlán, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,4;
i gcás ina ndearna an stór trádála bearta dá dheoin féin chun a áirithiú nach bhféadfar sárú den chineál céanna a dhéanamh sa todhchaí, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,6.
IARSCRÍBHINN III
Liosta de na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 25j(1)
Sáruithe a bhaineann le ceanglais chaipitil:
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 16(1) mura bhfuil caipiteal tosaigh buan EUR 7,5 milliún ar a laghad ar fáil aige;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 16(2) mura bhfuil caipiteal tosaigh aige, lena n-áirítear tuilleamh coimeádta agus cúlchistí, atá comhréireach leis an riosca a thagann as a ghníomhaíochtaí agus ar leor i gcónaí é chun a áirithiú go ndéantar foirceannadh nó athstruchtúrú ordúil ar na gníomhaíochtaí sin in imeacht tréimhse iomchuí ama agus chun an CPL a chosaint go leordhóthanach ar rioscaí creidmheasa, contrapháirtí, margaidh, oibríochtúla, dlíthiúla agus gnó nach bhfuil cumhdaithe cheana le hacmhainní airgeadais sonracha dá dtagraítear in Airteagail 41 go 44.
Sáruithe a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla nó le coinbhleachtaí leasa:
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 26(1) mura bhfuil socruithe daingne rialachais aige lena n-áirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil ag a bhfuil freagrachtaí dea-shainithe, trédhearcacha agus comhsheasmhacha, próisis éifeachtacha chun na rioscaí a bhfuil sé neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh sé a bheith neamhchosanta orthu a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu agus sásraí leormhaithe um rialú inmheánach, lena n-áirítear nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta nó má thagann sé chun bheith ina chomhalta imréitigh nó ina chliant, nó má bhunaíonn sé socruithe imréitigh indíreacha le comhalta imréitigh agus é mar aidhm aige sin tabhairt faoi ghníomhaíochtaí imréitigh ag CPL eile, mura rud é go ndéantar gníomhaíochtaí imréitigh den sórt sin faoi shocrú idir-inoibritheachta faoi Theideal V nó i gcás ina gcuirtear a bheartais infheistíochta i gcrích faoi Airteagal 47;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 26(2) mura nglacann sé beartais agus nósanna imeachta atá éifeachtach a ndóthain chun a áirithiú go gcomhlíontar an Rialachán seo, lena n-áirítear chun a áirithiú go gcomhlíonann a bhainisteoirí agus a fhostaithe iad;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 26(3) mura ndéanann sé struchtúr eagraíochtúil a chothabháil nó a oibriú lena n-áirithítear leanúnachas agus feidhmiú ordúil i bhfeidhmiú a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí nó mura mbaineann sé úsáid as córais, acmhainní nó nósanna imeachta atá iomchuí agus comhréireach, lena n-áirítear córais TFC arna mbainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 26(4) mura gcoimeádann sé deighilt shoiléir idir na freagrachtaí tuairiscithe do bhainistiú riosca agus na freagrachtaí a bhaineann le hoibríochtaí eile an CPL;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 26(5) mura ndéanann sé beartas luacha saothair a ghlacadh, a chur chun feidhme agus a chothabháil lena gcuirtear bainistiú riosca fónta agus éifeachtach chun cinn agus nach gcruthaítear dreasachtaí leis chun caighdeáin riosca a mhaolú;
▼M17 —————
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 26(7) mura ndéanann sé a shocruithe rialachais, na rialacha lena rialaítear an CPL, nó a chritéir iontrála do chomhaltas imréitigh, a chur ar fáil don phobal saor in aisce;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 26(8) mura bhfuil sé faoi réir iniúchtaí minice agus neamhspleácha nó mura ndéanann sé torthaí na n-iniúchtaí sin a thuairisciú don bhord nó mura gcuireann sé ar fáil iad do ESMA;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 27(1) nó an dara fomhír d’Airteagal 27(2) mura n-áirithíonn sé gur leor dea-cháil agus taithí na bainistíochta sinsearaí agus chomhaltaí an bhoird lena áirithiú go ndéantar bainistiú fónta stuama ar an CPL;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 27(2) mura n-áirithíonn sé gur comhaltaí neamhspleácha iad aon trian de chomhaltaí an bhoird, i.e. beirt ar a laghad, nó mura dtugann sé cuireadh d’ionadaithe chliaint na gcomhaltaí imréitigh chuig cruinnithe le haghaidh ábhar atá ábhartha d’Airteagal 38 agus d’Airteagal 39 nó má dhéanann sé cúiteamh na gcomhaltaí neamhspleácha nó na gcomhaltaí neamhfheidhmiúcháin eile den bhord a nascadh le feidhmíocht ghnó an CPL;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 27(3) mura ndéanann sé róil agus freagrachtaí an bhoird a chinneadh go soiléir nó mura gcuireann sé miontuairiscí na gcruinnithe boird ar fáil don údarás inniúil agus do na hiniúchóirí;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 28(1) mura gcuireann sé coiste riosca ar bun nó mura gcomhdhéanann sé an coiste sin d’ionadaithe de na comhaltaí imréitigh, de chomhaltaí neamhspleácha an bhoird agus d’ionadaithe a gcliant, má chomhdhéanann sé an coiste riosca ar chaoi a mbíonn tromlach ag ceann de na grúpaí ionadaithe sin sa choiste riosca, nó mura gcuireann sé ESMA ar an eolas maidir le gníomhaíochtaí agus cinntí an choiste riosca i gcás inar iarr ESMA go gcuirfí ar an eolas go cuí é;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 28(2) mura ndéanann sé an sainordú, na socruithe rialachais chun a neamhspleáchas a áirithiú, na nósanna imeachta oibriúcháin, na critéir iontrála agus an sásra toghcháin le haghaidh chomhaltaí an choiste riosca a chinneadh go soiléir, na socruithe rialachais a chur ar fáil go poiblí nó a chinneadh go ndéanann comhalta neamhspleách den bhord cathaoirleacht ar an gcoiste riosca agus go dtuairiscíonn sé chuig an mbord agus go dtionólann sé cruinnithe go rialta;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 28(3) mura gceadaíonn sé don choiste riosca comhairle a thabhairt don bhord maidir le haon socruithe a d’fhéadfadh a bheith acu ar bhainistiú riosca CPL nó mura ndéanann sé iarrachtaí réasúnacha dul i gcomhairle leis an gcoiste riosca maidir le forbairtí a mbíonn tionchar acu ar bhainistiú riosca an CPL i staideanna éigeandála;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 28(5) mura gcuireann sé ESMA ar an eolas go pras faoi aon chinneadh inar chinn an bord gan comhairle an choiste riosca a leanúint;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 29(1) mura gcoimeádann sé na taifid ar fad ar na seirbhísí agus ar an ngníomhaíocht a sholáthraítear, ar feadh 10 mbliana ar a laghad, ionas gur féidir le ESMA faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht an CPL leis an Rialachán seo;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 29(2) mura gcoimeádann sé ar feadh 10 mbliana ar a laghad tar éis conradh a fhoirceannadh, an fhaisnéis ar fad ar na conarthaí atá próiseáilte aige ar shlí a bhféadtar téarmaí tosaigh an idirbhirt a shainaithint sula ndéanann an CPL é a imréiteach;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 29(3) mura gcuireann sé na taifid agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 d’Airteagal 29 agus an fhaisnéis ar fad ar shuíomhanna na gconarthaí imréitithe, gan beann ar an ionad ina ndearnadh na hidirbhearta, ar fáil do ESMA arna iarraidh sin dó, agus do chomhaltaí ábhartha CEBC;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 30(1) mura gcuireann sé ESMA ar an eolas go hiomlán, nó má chuireann sé ar an eolas go bréagach nó go neamhiomlán é faoi chéannacht na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí, cibé acu is scairshealbhóirí díreacha nó neamhdhíreacha iad, daoine nádúrtha nó dlítheanacha iad, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu, nó faoi mhéideanna na sealúchas sin;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 30(4) má cheadaíonn sé do na daoine dá dtagraítear in Airteagal 30(1) tionchar a imirt ar dócha go ndéanann sé dochar do bhainistiú fhónta agus stuama an CPL;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 31(1) mura gcuireann sé ESMA ar an eolas go hiomlán, nó má chuireann sé ar an eolas go bréagach nó go neamhiomlán é maidir le haon athruithe ar a bhainistíocht nó mura soláthraíonn sé an fhaisnéis go léir is gá do ESMA chun comhlíonadh Airteagal 27(1) agus an dara fomhír d’Airteagal 27(2) a mheasúnú;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 33(1) mura ndéanann sé socruithe eagrúcháin agus riaracháin éifeachtacha i scríbhinn a chothabháil agus a oibriú chun aon choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann idir é féin, lena n-áirítear a bhainisteoirí, a fhostaithe, nó aon duine a bhfuil rialú díreach nó indíreach nó dlúthnaisc aige leo sin, agus a chomhaltaí imréitigh nó a gcliaint a bhfuil eolas ag an CPL orthu nó mura ndéanann sé nósanna imeachta leordhóthanacha a chothabháil agus a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa féideartha a réiteach;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 33(2) mura nochtann sé go soiléir nádúr ginearálta nó foinsí coinbhleachtaí leasa don chomhalta imréitigh sula nglactar le hidirbhearta nua ón gcomhalta imréitigh sin, don chomhalta imréitigh nó do chliant lena mbaineann an comhalta imréitigh arb eol don CPL cé hé i gcás nach leor socruithe eagrúcháin agus riaracháin atá ag an CPL sin chun coinbhleacht leasa a bhainistiú, nach leor na socruithe sin le go n-áirithítear, le muinín réasúnach, go ndéantar rioscaí damáiste do leasanna comhalta imréitigh nó do leasanna cliaint a chosc;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 33(3) mura gcuireann sé san áireamh sna socruithe i scríbhinn atá aige aon chúinsí a bhfuil an CPL ar an eolas fúthu nó ar cheart dó a bheith ar an eolas fúthu, a d’fhéadfadh coinbhleacht leasa a chruthú mar thoradh ar struchtúr agus ar ghníomhaíochtaí gnó na ngnóthas eile a bhfuil caidreamh máthairghnóthais nó fochuideachta aige leo;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 33(5) mura ndéanann sé gach céim réasúnach chun mí-úsáid aon fhaisnéise a chosc a choimeádtar ina chórais nó má chuireann sé cosc ar úsáid na faisnéise sin i gcomhair gníomhaíochtaí eile gnó, nó ag duine nádúrtha a bhfuil dlúthnasc aige le CPL nó duine dlítheanach a bhfuil caidreamh máthairghnóthais nó fochuideachta aige leis an CPL, faisnéis rúnda arna taifeadadh i CPL a úsáid chun críoch tráchtála gan toiliú a fháil roimh ré ón gcliant ar leis an fhaisnéis rúnda sin;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 36(1) mura ngníomhaíonn sé go cothrom agus go gairmiúil ar mhaithe le leasanna na gcomhaltaí imréitigh agus a gcliant;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 36(2) mura rialacha inrochtana trédhearcacha agus cothroma atá aige maidir le láimhseáil phras a dhéanamh ar ghearáin;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 37(1) nó (2) má úsáideann sé, ar bhonn leanúnach, critéir iontrála idirdhealaitheacha, neamh-thrédhearcacha nó shuibiachtúla, nó mura ndéanann sé ar bhealaí eile rochtain chothrom agus oscailte ar an CPL sin a áirithiú ar bhonn leanúnach nó mura n-áirithíonn sé ar bhonn leanúnach go mbíonn acmhainní airgeadais leordhóthanacha agus acmhainneacht oibríochtúil leordhóthanach ag a chomhaltaí imréitigh chun na hoibleagáidí a bhaineann le bheith páirteach sa CPL sin a chomhlíonadh, nó mura bhfuil critéir iontrála aige lena n-áirithítear nach féidir le CPLanna nó tithe imréitigh a bheith ina gcomhaltaí imréitigh, go díreach nó go hindíreach, ag an CPL, nó mura ndéanann sé, ar bhonn bliantúil, athbhreithniú cuimsitheach ar chomhlíontacht a chomhaltaí imréitigh;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 37(1a) má ghlacann sé le contrapháirtithe neamhairgeadais mar chomhaltaí imréitigh i gcás nach bhfuil sé léirithe ag contrapháirtithe den sórt sin conas a bheartaíonn siad na ceanglais éarlaise agus na ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana a chomhlíonadh, nó mura ndéanann sé athbhreithniú ar na socruithe arna mbunú chun faireachán a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonfar an coinníoll go ngníomhóidh contrapháirtithe neamhairgeadais den sórt sin mar chomhaltaí imréitigh;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 37(4) mura mbíonn nósanna imeachta oibiachtúla agus trédhearcacha aige maidir le comhaltaí imréitigh nach gcomhlíonann na critéir dá dtagraítear in Airteagal 37(1) a thuilleadh a chur ar fionraí agus a scor go hordúil;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 37(5) má dhéanann sé rochtain a dhiúltú do chomhalta imréitigh a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear in Airteagal 37(1) i gcás nach dtugtar údar cuí le rochtain a dhiúltú i scríbhinn agus nach bhfuil sé bunaithe ar anailís riosca chuimsitheach;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 38(1) mura dtugann sé do chliaint a gcomhaltaí imréitigh rochtain leithleach ar na seirbhísí sonracha atá á soláthar;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 39(7) mura dtairgeann sé na leibhéil éagsúla leithscartha dá dtagraítear sa mhír sin ar théarmaí tráchtála réasúnacha.
Sáruithe a bhaineann le riachtanais oibríochtúla:
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 34(1) mura ndéanann sé beartas leordhóthanach um leanúnachas gnó agus plean freagartha agus athshlánaithe i gcás tubaiste arna gcur ar bun i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554, a bhunú, a chur chun feidhme nó a choinneáil, arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéantar a chuid feidhmeanna a choinneáil slán, oibríochtaí a athshlánú go tráthúil agus oibleagáidí CPL a chomhlíonadh, lena gceadaítear ar a laghad na hidirbhearta ar fad a athshlánú tráth an bhriste de dhroim an phlean sin ionas gur féidir leis an CPL leanúint ag oibriú faoi chinnteacht agus socraíocht a dhéanamh ar an dáta sceidealta;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 34(2) mura ndéanann sé próiseas leordhóthanach a bhunú, a chur chun feidhme nó a chothabháil atá dírithe ar shócmhainní agus suíomhanna na gcliant agus na gcomhaltaí imréitigh a shocrú go tráthúil agus go hordúil nó a aistriú go tráthúil i gcás ina ndéantar údarú a tharraingt siar de bhun cinneadh faoi Airteagal 25;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 an dara fomhír d’Airteagal 35(1) má dhéanann sé mórghníomhaíochtaí a bhaineann le bainistiú riosca an CPL sin a sheachfhoinsiú gan formheas ó ESMA;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 39(1) mura gcoimeádann sé taifid agus cuntais leithleacha ionas gur féidir leis, tráth ar bith agus gan mhoill, sna cuntais leis an CPL, na sócmhainní agus na suíomhanna a choimeádtar do chuntas comhalta imréitigh amháin a idirdhealú ó shócmhainní agus ó shuíomhanna a choimeádtar do chuntas aon chomhalta imréitigh eile agus óna shócmhainní féin;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 39(2) mura dtairgeann sé taifid agus cuntais leithleacha a choimeád nó mura gcoimeádann sé arna iarraidh sin taifid agus cuntais leithleacha lena gcuirtear ar chumas gach comhalta imréitigh, sna cuntais leis an CPL, sócmhainní agus suíomhanna an chomhalta imréitigh sin a idirdhealú ó na sócmhainní agus ó na suíomhanna a choimeádtar do chuntais a chliaint imréitigh;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 39(3) mura dtairgeann sé taifid agus cuntais leithleacha a choimeád nó mura gcoimeádann sé arna iarraidh sin taifid agus cuntais leithleacha lena gcuirtear ar chumas gach comhalta imréitigh, sna cuntais leis an CPL, sócmhainní agus suíomhanna a choinnítear i gcomhair cuntas cliaint amháin a idirdhealú ó shócmhainní agus suíomhanna a choinnítear i gcomhair cuntas cliant eile, nó mura dtairgeann sé do na comhaltaí imréitigh go bhféadfaí tuilleadh cuntas a oscailt ina n-ainm féin i gcomhair chuntas a gcliant i gcás ina n-iarrtar sin;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 40 mura ndéanann sé a neamhchosaint leachtachta agus creidmheasa ar gach comhalta imréitigh agus, i gcás inarb iomchuí, ar CPL eile a bhfuil socrú idir-inoibritheachta déanta aige leis, a thomhas agus a mheasúnú ar bhonn fíorama nó ar bhonn am atá gar dó, nó mura bhfuil rochtain aige ar na foinsí praghsála ábhartha chun a acmhainní a thomhas go héifeachtach ar bhonn costais réasúnaigh;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 41(1) mura ndéanann sé éarlaisí a fhorchur, a ghlaoch agus a bhailiú óna chomhaltaí imréitigh nó, i gcás inarb iomchuí, ó CPLanna lena bhfuil socrú idir-inoibritheachta tugtha i gcrích aige chun teorainn a chur lena neamhchosaintí creidmheasa, nó má dhéanann sé éarlaisí a fhorchur, a ghlaoch agus a bhailiú nach bhfuil leordhóthanach chun neamhchosaintí a mheasann an CPL a d’fhéadfadh a bheith ann a chumhdach roimh leachtú na suíomhanna ábhartha nó chun na caillteanais a chumhdach a eascraíonn as ar a laghad 99 % de ghluaiseachtaí na neamhchosaintí thar thréimhse ionchais iomchuí nó a áirithiú go ndéanann an CPL urrús comhthaobhach a sholáthar go hiomlán dá neamhchosaintí ar a chomhaltaí imréitigh ar fad, agus, nuair is iomchuí, ar na CPLanna uile a bhfuil socruithe idir-inoibritheachta aige leo, ar bhonn laethúil ar a laghad, nó mura ndéanann sé faireachán agus athbhreithniú leanúnach ar leibhéal na n-éarlaisí chun dálaí margaidh reatha a léiriú agus aon iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith comh-thimthriallach á gcur san áireamh;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 41(2) mura nglacann sé samhlacha agus paraiméadair maidir lena cheanglais éarlaise a leagan síos a léiríonn saintréithe riosca na dtáirgí a imréitítear agus an tréimhse idir éarlaisí a bhailiú, leachtacht mhargaidh agus athruithe a d’fhéadfadh a bheith ann le linn an idirbhirt á gcur san áireamh;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 41(3) mura ndéanann sé éarlaisí a ghlaoch agus a bhailiú ar bhonn ionlae, ar a laghad nuair a sháraítear tairseacha réamhshainithe nó má bhíonn íocaíochtaí éarlaise athrúcháin ionlae ina seilbh aige tar éis dó na híocaíochtaí sin ar fad atá dlite a bhailiú, seachas iad a chur ar aghaidh, i gcás inar féidir;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 42(3) mura ndéanann sé ciste mainneachtana a chothabháil lena gcuirtear ar a chumas ar a laghad, faoi dhálaí margaidh atá foircneach ach sochreidte, mainneachtain an chomhalta imréitigh a bhfuil na neamhchosaintí is mó aige ina leith a sheasamh, nó chun mainneachtain an dara agus an tríú comhalta imréitigh is mó a sheasamh más mó suim a neamhchosaintí, nó mura ndéanann sé cásanna a fhorbairt nach gcuimsítear leo na tréimhsí ba luainí a chonacthas sna margaí a soláthraíonn CPL a sheirbhísí dóibh agus réimse cásanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo, lena gcuirtear san áireamh acmhainní airgeadais a dhíoltar go tobann agus laghduithe tapa ar leachtacht mhargaidh;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 43(2) má chuireann a chistí mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 42 agus a acmhainní eile dá dtagraítear in Airteagal 43(1) ar a chumas mainneachtain an dá chomhalta imréitigh a bhfuil na neamhchosaintí is mó aige ina leith a sheasamh faoi dhálaí margaidh atá foircneach ach sochreidte;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 44(1) mura mbíonn rochtain i gcónaí aige ar leachtacht leordhóthanach chun a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí a chomhlíonadh nó mura ndéanann sé na riachtanais leachtachta a d’fhéadfadh a bheith aige a thomhas gach lá;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 45(1), (2) agus (3) mura mbaineann sé leas as na héarlaisí arna gcur suas ag comhalta imréitigh mainneachtana sula mbaineann sé leas as sócmhainní airgeadais eile chun caillteanais a chumhdach;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 45(4) mura mbaineann sé úsáid as acmhainní dílse tiomnaithe sula n-úsáideann sé na ranníocaíochtaí i leith ciste mainneachtana comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 45a(1) más rud é go ndéanann sé aon cheann de na gníomhaíochtaí a liostaítear faoi phointí (a), (b) agus (c) den mhír sin i gcás ina gceanglaíonn ESMA ar an CPL staonadh ó aon ghníomhaíocht den sórt sin a dhéanamh ar feadh tréimhse arna sonrú ag ESMA;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 46(1) má ghlacann sé le comhthaobhacht fhíorleachtach lena mbaineann riosca íosta creidmheasa agus margaidh chun a neamhchosaint tosaigh agus reatha ar a chomhaltaí imréitigh a chumhdach i gcás nach gceadaítear aon chomhthaobhacht eile faoin ngníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 46(3);
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 46(1) má ghlacann sé le ráthaíochtaí poiblí, le ráthaíochtaí bainc phoiblí nó le ráthaíochtaí bainc tráchtála, i gcás nach bhfuil na ráthaíochtaí sin ar fáil gan choinníoll arna iarraidh sin laistigh den tréimhse leachtaithe dá dtagraítear in Airteagal 41, nó mura socraíonn sé, ina rialacha oibríochta, an t-íosleibhéal soláthair urrúis chomhthaobhaigh is inghlactha do na ráthaíochtaí a nglacann sé leo, nó má ghlacann sé le ráthaíochtaí poiblí, ráthaíochtaí bainc phoiblí nó ráthaíochtaí bainc tráchtála chun neamhchosaintí a chumhdach seachas a neamhchosaint tosaigh agus leanúnach ar a chomhaltaí imréitigh ar contrapháirtithe neamhairgeadais iad nó ar chliaint na gcomhaltaí imréitigh, ar choinníoll gur contrapháirtithe neamhairgeadais iad cliaint sin na gcomhaltaí imréitigh sin nó, i gcás ina soláthraítear ráthaíochtaí poiblí, ráthaíochtaí bainc phoiblí nó ráthaíochtaí bainc tráchtála don CPL, nach gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach faoin tríú fomhír, pointí (a) go (e), den mhír sin;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 47(1) má infheistíonn sé a chuid acmhainní airgeadais seachas airgead tirim nó ionstraimí airgeadais fíorleachtacha lena mbaineann riosca íosta creidmheasa agus margaidh agus ar féidir iad a leachtú go pras gan ach éifeacht dhíobhálach an-bheag a imirt ar phraghsanna;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 47(3) mura ndéanann sé ionstraimí airgeadais a chur suas mar éarlaisí nó mar ranníocaíochtaí i leith ciste mainneachtana a thaisceadh, lena n-áirithítear lánchosaint na n-ionstraimí airgeadais sin i gcás ina bhfuil siad sin ar fáil, nó mura ndéanann sé socruithe eile ardslándála le hinstitiúidí airgeadais údaraithe a úsáid;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 47(4) má dhéanann sé taiscí in airgead tirim trí shocruithe ardslándála le hinstitiúidí airgeadais údaraithe nó trí shaoráidí seasmhacha taisce de chuid na mbanc ceannais nó trí mheán inchomparáide eile a chuireann na bainc cheannais ar fáil;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 47(5) má thaisceann sé sócmhainní le tríú páirtí gan a áirithiú go bhfuil sócmhainní na gcomhaltaí imréitigh inaitheanta go leithleach ó acmhainní an CPL nó sócmhainní an tríú páirtí sin trí bhíthin cuntais ar a bhfuil teidil éagsúla a bheith ar leabhair an tríú páirtí nó trí bhíthin aon bhearta coibhéiseacha lena mbaintear an leibhéal céanna cosanta amach nó mura bhfuil rochtain phras aige ar na hionstraimí airgeadais nuair is gá;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 47(6) má dhéanann sé a chaipiteal nó na suimeanna atá ag eascairt as na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 41 go 44 a infheistiú ina urrúis féin ná in urrúis a mháthairchuideachta nó a fhochuideachta;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 48(1) mura bhfuil nósanna imeachta mionsonraithe i bhfeidhm aige a bhíonn le leanúint i gcás nach gcomhlíonann comhalta imréitigh na ceanglais rannpháirtíochta a leagtar síos in Airteagal 37 laistigh den teorainn ama agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna mbunú ag an CPL, nó mura dtugann sé cuntas ar na nósanna imeachta atá le leanúint i gcás nach bhfógraíonn CPL mainneachtain comhalta imréitigh, nó mura ndéanann sé na nósanna imeachta sin a athbhreithniú go bliantúil;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 48(2) mura ndéanann sé beart pras chun caillteanais agus brúnna leachtachta ag eascairt as mainneachtain comhalta imréitigh a shrianadh agus chun a áirithiú nach gcuirfidh leachtú suíomhanna de chuid aon chomhaltaí imréitigh isteach ar a n-oibríochtaí ná nach ndéanfaidh sé comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a neamhchosaint ar chaillteanais nach féidir leo a réamh-mheas ná a rialú;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 48(3) mura gcuireann sé ESMA ar an eolas go pras sula ndéantar an próiseas mainneachtana a dhearbhú nó a thionscnamh;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 48(4) mura bhfíoraíonn sé go bhfuil a nósanna imeachta réamhshocraithe in-fhorfheidhmithe agus nach dtugann sé na céimeanna réasúnacha ar fad lena áirithiú go bhfuil na cumhachtaí dlíthiúla aige suíomhanna dílsithe an chomhalta imréitigh mainneachtana a leachtú agus suíomhanna chliaint an chomhalta imréitigh mainneachtana a leachtú nó a aistriú;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 49(1) mura ndéanann sé athbhreithniú go rialta ar na samhlacha agus ar na paraiméadair ar glacadh leo chun a cheanglais éarlaise, ranníocaíochtaí i leith ciste mainneachtana, ceanglais chomhthaobhachta agus sásraí rialaithe eile riosca a ríomh, trí gan tástálacha struis diana agus rialta a chur i bhfeidhm ar na samhlacha chun a dteacht aniar faoi dhálaí margaidh sochreidte ach foircneacha a mheas; trí gan cúltástálacha a dhéanamh chun iontaofacht na modheolaíochta ar glacadh léi a mheas, nó mura bhfaigheann sé bailíochtú neamhspleách, trí gan ESMA a chur ar an eolas maidir le torthaí na dtástálacha a rinneadh, nó trí gan bailíochtú ESMA a fháil roimh dó aon athrú tábhachtach ar na samhlacha agus na paraiméadair a ghlacadh sa chás nár cheadaigh ESMA glacadh sealadach an athraithe sin sula ndearnadh é a bhailíochtú;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 49(2) mura ndéanann sé gnéithe tábhachtacha dá nósanna imeachta mainneachtana a thástáil go rialta nó mura dtugann sé gach céim réasúnach lena áirithiú go dtuigeann na comhaltaí imréitigh ar fad iad agus go mbíonn socraíochtaí iomchuí i bhfeidhm acu le freagairt ar theagmhas mainneachtana;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 50(1) mura mbaineann sé leas as airgead bainc ceannais, i gcás ina bhfuil sé praiticiúil agus nuair a bhíonn a leithéid ar fáil nó mura dtugann sé céimeanna chun srian dian a chur le rioscaí um shocraíocht airgid thirim i gcás nach mbaintear leas as airgead bainc ceannais;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 50(3) mura ndéanann sé an príomhriosca a dhíchur trí shásraí maidir le seachadadh in áit íocaíochta a úsáid a mhéid is féidir, i gcás ina bhfuil oibleagáid ar CPL ionstraimí airgeadais a sheachadadh nó a fháil mar sheachadadh;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 50a nó Airteagal 50b mura ndéanann sé KCCP a ríomh mar a shonraítear sna hAirteagail sin nó mura leanann sé na rialacha maidir le KCCP a ríomh a leagtar amach in Airteagal 50a(2), Airteagal 50b agus Airteagal 50d;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 50a(3) mura ndéanann sé KCCP a ríomh níos lú ná uair sa ráithe nó níos annaimhe ná mar atá ceangailte ag ESMA i gcomhréir le hAirteagal 50a(3);
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 51(2) mura bhfuil rochtain neamh-idirdhealaitheach ag an CPL ar na sonraí atá riachtanach dó chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh ón ionad trádála áirithe sin a mhéid a chomhlíonann an CPL sin na ceanglais oibríochtúla agus theicniúla arna mbunú ag an ionad trádála agus ar an gcóras socraíochta ábhartha;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 52(1) má dhéanann sé socrú idir-inoibritheachta gan aon cheann de na ceanglais a leagtar amach i bpointí (a) go (d) den mhír sin a chomhlíonadh;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 53(1) mura ndéanann sé idirdhealú sna cuntais ar na sócmhainní agus na suíomhanna atá sealbhaithe do chuntas CPL eile lena ndearna sé socrú idir-inoibritheachta;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 54(1) más rud é go ndéanann sé socrú idir-inoibritheachta, nó go ndéanann sé athrú ábhartha ar shocrú idir-inoibritheachta formheasta faoi Theideal V, gan formheas ESMA a fháil roimh ré.
Sáruithe a bhaineann le trédhearcacht faisnéise agus infhaighteacht faisnéise:
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 38(1) mura ndéanann sé na praghsanna ar gach seirbhís a chuirtear ar fáil ar leithligh a nochtadh lena n-áirítear lascainí agus aisíocaíochtaí mar aon leis na coinníollacha chun tairbhe a bhaint as na laghduithe sin;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 38(1) mura ndéanann sé costais agus ioncaim a sheirbhísí a nochtadh do ESMA;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 38(2) mura ndéanann sé na rioscaí a bhaineann leis na seirbhísí a sholáthraítear a nochtadh dá chomhaltaí imréitigh agus dá chliaint;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 38(3) mura nochtann sé dá chomhaltaí imréitigh agus do ESMA an fhaisnéis faoi phraghsanna a úsáidtear chun neamhchosaintí ag deireadh an lae maidir lena chomhaltaí imréitigh a ríomh nó mura nochtann sé go poiblí líon na n-idirbheart a imréitíodh i leith gach ionstraime arna himréiteach ag an CPL ar bhonn comhiomlán;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 38(4) mura nochtann sé go poiblí na riachtanais oibríochtúla agus theicniúla a bhaineann leis na prótacail chumarsáide lena gcumhdaítear formáidí inneachair agus formáidí teachtaireachtaí a úsáideann sé le hidirghníomhú le tríú páirtithe, lena n-áirítear na ceanglais oibríochtúla agus theicniúla dá dtagraítear in Airteagal 7;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 38(5) mura nochtann sé go poiblí aon sáruithe a rinne comhaltaí imréitigh ar na critéir dá dtagraítear in Airteagal 37(1) agus na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 38(1), ach amháin i gcás ina measann ESMA gur bagairt a bheadh sa nochtadh sin don chobhsaíocht airgeadais nó do mhuinín sa mhargadh agus go gcuirfeadh nochtadh don phobal den chineál sin na margaí airgeadais i mbaol mór nó go ndéanfadh sé damáiste díréireach do na páirtithe lena mbaineann;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 38(6) más rud é nach soláthraíonn sé uirlis ionsamhlúcháin dá chomhaltaí imréitigh a chuireann ar a gcumas méid na héarlaise tosaigh breise, ar leibhéal na punainne, a fhéadfaidh a bheith ag teastáil ón CPL ar idirbheart nua a bheith imréitithe, a chinneadh, lena n-áirítear ionsamhlúchán ar na ceanglais éarlaise a bhféadfaidís a bheith faoina réir i gcásanna éagsúla, nó mura ndéanann sé an uirlis sin inrochtana ar bhonn slánrochtana;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 38(7) mura soláthraíonn sé faisnéis faoi na samhlacha don éarlais tosaigh a úsáideann sé dá chomhaltaí imréitigh, mar a shonraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den mhír sin, ar bhealach soiléir agus trédhearcach;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 38(8) mura soláthraíonn sé an fhaisnéis a iarrtar, nó má sholáthraíonn sé í le moill shuntasach, mar fhreagairt ar iarraidh ó chomhalta imréitigh, chun ligean don chomhalta imréitigh sin an chéad fhomhír den mhír sin a chomhlíonadh, i gcás nár soláthraíodh faisnéis den sórt sin cheana;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 39(7) mura nochtann sé go poiblí na leibhéil chosanta agus na costais a bhaineann leis na leibhéil éagsúla leithscartha a chuireann sé ar fáil;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 49(3) mura nochtann sé go poiblí faisnéis ríthábhachtach ar a shamhail bainistithe riosca agus na toimhdí ar glacadh leo chun na tástálacha struis dá dtagraítear in Airteagal 49(1) a dhéanamh;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 50(2) mura dtugann sé le fios go soiléir na hoibleagáidí atá air maidir le hionstraimí airgeadais a sholáthar, lena n-áirítear cibé acu atá nó nach bhfuil sé d’oibleagáid air ionstraim airgeadais a sheachadadh nó a fháil mar sheachadadh agus a shlánaíonn nó nach slánaíonn sé na rannpháirtithe ar chaillteanais a tharlaíonn le linn an phróisis seachadta;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 50c(1) mura ndéanann sé an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) d’Airteagal 50c(1) a nochtadh do na comhaltaí imréitigh aige atá ina n-institiúidí nó dá n-údaráis inniúla;
sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 50c(2) má dhéanann sé a chomhaltaí imréitigh ar institiúidí iad a chur ar an eolas níos lú ná uair sa ráithe nó níos annaimhe ná mar atá ceangailte ag ESMA i gcomhréir le hAirteagal 50c(2).
Sáruithe a bhaineann le bacainní ar ghníomhaíochtaí maoirseachta:
sáraíonn CPL Airteagal 25f mura gcuireann sé faisnéis ar fáil mar fhreagairt ar chinneadh lena n-éilítear faisnéis de bhun Airteagal 25f(3), nó má chuireann sé faisnéis mhícheart nó mhíthreorach ar fáil mar fhreagairt ar iarraidh shimplí ar fhaisnéis ó ESMA i gcomhréir le hAirteagal 25f(2) nó mar fhreagairt ar chinneadh ó ESMA lena n-éilítear faisnéis i gcomhréir le hAirteagal 25f(3);
soláthraíonn CPL Leibhéal 2 nó a ionadaithe freagraí míchearta nó míthreoracha ar cheisteanna a cuireadh de bhun Airteagal 25g(1), pointe (c);
sáraíonn CPL Leibhéal 2 pointe (e) d’Airteagal 25g(1) mura gcomhlíonann sé iarraidh ó ESMA ar thaifid tráchta teileafóin nó sonraí;
mura ndéanann CPL Leibhéal 2 in am trátha beart maoirseachta, a cheanglaítear trí bhíthin cinneadh a ghlac ESMA, a chomhlíonadh de bhun Airteagal 25q;
mura ngéilleann CPL Leibhéal 2 do chigireacht ar an láthair a cheanglaítear le cinneadh cigireachta arna ghlacadh ag ESMA de bhun Airteagal 25h.
IARSCRÍBHINN IV
Liosta de na comhéifeachtaí atá nasctha le himthosca géaraitheacha agus le himthosca maolaitheacha chun Airteagal 25j(3) a chur i bhfeidhm
Beidh na comhéifeachtaí seo a leanas infheidhme go carnach maidir leis na méideanna bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 25j(2):
Comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le himthosca géaraitheacha:
i gcás ina ndéantar an sárú arís agus arís eile, beidh feidhm ag comhéifeacht bhreise 1,1 i ndáil le gach uair a rinneadh an sárú athuair;
i gcás ina ndéantar an sárú ar feadh tréimhse is faide ná 6 mhí, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5 ;
i gcás ina léirítear an sárú laigí sistéamacha in eagar an CPL, go háirithe ina nósanna imeachta, ina chórais bhainistithe nó ina rialuithe inmheánacha, beidh feidhm ag comhéifeacht 2,2 ;
i gcás ina mbíonn tionchar diúltach ag an sárú ar cháilíocht ghníomhaíochtaí agus sheirbhísí an CPL, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5 ;
i gcás ina ndéantar an sárú d’aon ghnó, beidh feidhm ag comhéifeacht 2;
i gcás nach bhfuil aon ghníomhaíocht feabhais déanta ón am a ndearnadh an sárú a shainaithint, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,7 ;
i gcás nach bhfuil bainistíocht shinsearach an eintitis tar éis comhoibriú le ESMA le linn do ESMA a chuid imscrúduithe a chur i gcrích, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5 .
Comhéifeachtaí um choigeartú a bhaineann le fachtóirí maolaitheacha:
i gcás ina ndéantar an sárú ar feadh tréimhse is lú ná 10 lá oibre, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,9 ;
i gcás ina bhfuil bainistíocht shinsearach an CPL in ann a léiriú go ndearna siad gach beart is gá chun an sárú a chosc, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,7 ;
i gcás ina gcuireann an CPL an sárú in iúl do ESMA go pras, éifeachtach agus iomlán, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,4 ;
i gcás ina ndéanann an CPL, dá dheoin féin, bearta chun a áirithiú nach féidir le sárú comhchosúil tarlú arís amach anseo, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,6 .
( 1 ) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
( 2 ) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
( 3 ) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus leis an ngnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
( 4 ) Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
( 5 ) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).
( 6 ) IO L 35, 11.2.2003, lch. 1.
( 7 ) IO L 390, 31.12.2004, lch. 38.
( 8 ) IO L 372, 31.12.1986, lch. 1.
( 9 ) IO L 222, 14.8.1978, lch. 11.
( 10 ) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
( 11 ) Rialachán (CE) Uimh. 1569/2007 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2007 lena mbunaítear sásra chun comhionannas na gcaighdeán cuntasaíochta a chuireann eisitheoirí urrús i dtríú tíortha i bhfeidhm a chinneadh de bhun Threoracha 2003/71/CE agus 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 340, 22.12.2007, lch. 66)
( 12 ) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/849/oj).
( 13 ) Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2011/61/AE, agus Rialachán (CE) 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, Ich. 35)
( 14 ) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 2002/92/AE ón gComhairle agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
( 15 ) Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena léasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh 600/2014 (AE) Uimh 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 022, 22.1.2021, lch. 1).
( 16 ) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
( 17 ) Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).
( 18 ) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle lena gcuirtear cúraimí sonracha ar an mBanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63);
( 19 ) Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).
( 20 ) Directive (EU) 2015/849 of the European Parliament and of the Council of 20 May 2015 on the prevention of the use of the financial system for the purpose of money laundering or terrorist financing, amending Regulation (EU) No 648/2012 of the European Parliament and of the Council, and repealing Directive 2005/60/EC of the European Parliament and of the Council and Commission Directive 2006/70/EC (OJ L 141, 5.6.2015, p. 73).
( 21 ) Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2011, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1).
( 22 ) IO L 228, 11.8.1992, lch. 1.
( 23 ) IO L 168, 27.6.2002, lch. 43.
( 24 ) OJ L 176, 27.6.2013,p.1.
( 25 ) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 an 15 Deireadh Fómhair 2013 ón gComhairle lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).
( 26 ) Treoir 2004/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le tairiscintí táthcheangail (IO L 142, 30.4.2004, lch. 12).
( 27 ) Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 211, 14.8.2009,lch. 1)
( 28 ) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
( 29 ) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
( 30 ) Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán Uimh. 648/2012, i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach n-imréitíonn contrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála (IO L 141, 28.5.2019, lch. 42).
( 31 ) Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid (IO L 169, 30.6.2017, lch. 8).
( 32 ) Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40).
( 33 ) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 153/2013 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2012 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála a bhaineann leis na ceanglais ar chontrapháirtithe lárnacha (IO L 52, 23.2.2013, lch. 41).
( 34 ) Rialachán (AE) 2024/2987 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 575/2013 agus (AE) 2017/1131 a mhéid a bhaineann le bearta chun neamhchosaintí iomarcacha ar chontrapháirtithe lárnacha tríú tír a mhaolú agus chun éifeachtúlacht mhargaí imréitigh an Aontais a fheabhsú (IO L, 2024/2987, 4.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2987/oj).
( 35 ) IO L 191, 13.7.2001, lch. 45.