Eureka 02013R0345-20240109 Sign in

gnóthas punainne cáilitheach

as defined in Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an…, Article 3, point (d)

(d) 

ciallaíonn “gnóthas punainne cáilitheach” gnóthas:

(i) 

a chomhlíonann, tráth a dhéanfaidh an ciste caipitil fiontair cáilitheach an chéad infheistíocht sa ghnóthas sin, ceann de na coinníollacha seo a leanas:

— 
ní ligtear an gnóthas isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear i bpointe (21) agus i bpointe (22) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (), agus ina bhfuil líon nach airde ná 499 nduine ag obair;
— 
is fiontar beag agus meánmhéide an gnóthas mar a shainmhínítear i bpointe (13) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE agus é liostaithe ar mhargadh fáis FBManna mar a shainmhínítear i bpointe (12) d’Airteagal 4(1) den Treoir sin;

(ii) 

nach gnóthas comhinfheistíochta é féin é;

(iii) 

nach ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas é:

— 
institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le dul i mbun ghnó institiúidí creidmheasa, agus gabháil don ghnó sin (),
— 
cuideachta infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE,
— 
gnóthas árachas mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus gabháil don ghnó sin, (Sócmhainneacht II) (),
— 
cuideachta shealbhaíochta airgeadais mar a shainmhínítear i bpointe (19) d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE, nó
— 
cuideachta shealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha mar a shainmhínítear i bpointe (20) d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE;
(iv) 

atá bunaithe laistigh de chríoch Ballstáit, nó i dtríú tír ar choinníoll, i dtaca leis an tríú tír sin:

— 
nach bhfuil sí liostaithe mar Thír agus Críoch Neamh-Chomhoibríoch ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais i ndáil leis an gComhrac i gCoinne Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta,
— 
go bhfuil comhaontú sínithe aici le Ballstát baile an bhainisteora um chiste caipitil fiontair cáilitheach agus le gach ceann de na Ballstáit eile ina bhfuil sé ar intinn aonaid nó scaireanna an chiste caipitil fiontair cháilithigh a mhargú, ionas go ndéantar a áirithiú go bhfuil na caighdeáin a leagtar síos in Airteagal 26 de Shamhail-Choinbhinsiún Cánach an ECFE maidir le hIoncam agus le Caipiteal á gcomhlíonadh ag an tríú tír agus go n-áirithítear malartú éifeachtach faisnéise i gcúrsaí cánach, lena n-áirítear aon chomhaontuithe cánach iltaobhacha;

Open in the act with Eureka

Install the extension for EUR-Lex