Eureka 02014R0909-20250117 Sign in

02014R0909 — GA — 17.01.2025 — 005.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 909/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Iúil 2014

maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 257 28.8.2014, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2016/1033 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 23 Meitheamh 2016

  L 175

1

30.6.2016

►M2

RIALACHÁN (AE) 2022/858 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 30 Bealtaine 2022

  L 151

1

2.6.2022

►M3

RIALACHÁN (AE) 2022/2554 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 14 Nollaig 2022

  L 333

1

27.12.2022

►M4

RIALACHÁN (AE) 2023/2845 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 13 Nollaig 2023

  L 2845

1

27.12.2023


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 349, 21.12.2016, lch.  8 (909/2014)




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 909/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Iúil 2014

maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



TEIDEAL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  
Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais aonfhoirmeacha maidir le socraíocht ionstraimí airgeadais san Aontas agus rialacha maidir le heagrú agus le hiompar na dtaisclann lárnach urrús (TLUanna) d’fhonn socraíocht shábháilte, éifeachtúil agus rianúil a chur chun cinn.
2.  
Beidh feidhm ag an Rialachán seo i leith socraíochta in ionstraimí airgeadais agus i ngníomhaíochtaí uile TLUanna mura sonraítear a mhalairt i bhforálacha an Rialacháin seo.
3.  
Tá an Rialachán seo gan dochar d’fhorálacha dhlí an Aontais maidir le hionstraimí airgeadais sonracha, go háirithe Treoir 2003/87/CE.
4.  
Níl feidhm ag Airteagail 10 go 20, 22 go 24 agus 27, Airteagal 28(6), Airteagal 30(4) agus Airteagal 46 agus Airteagal 47, ná forálacha Theideal IV agus na ceanglais chun tuairisciú do na húdaráis inniúla nó do na húdaráis ábhartha nó chun a n-orduithe a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, maidir le comhaltaí CEBC, comhlachtaí náisiúnta eile na mBallstát a gcuireann feidhmeanna den chuma chéanna i gcrích, nó maidir le comhlachtaí poiblí eile na mBallstát a mbeidh sé de chúram orthu an fiachas poiblí a bhainistiú nó idiragairt ann san Aontas maidir le haon taisclann lárnach urrús ar a ndéanann na comhlachtaí a luadh roimhe seo bainistiú díreach faoi fhreagracht an chomhlachta bainistithe chéanna, a bhfuil rochtain aici ar chistí na gcomhlachtaí sin agus nach eintiteas ar leithligh é.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.  

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “taisclann lárnach urrús” nó “TLU” duine dlítheanach a oibríonn an córas socraíochta urrús dá dtagraítear i bpointe (3) de Roinn A den Iarscríbhinn agus a chuireann ar fail ar a laghad seirbhís lárnach amháin eile a liostaítear i Roinn A den Iarscríbhinn;

(2) 

ciallaíonn “TLU de chuid tríú tíre” aon eintiteas dlíthiúil arna bhunú ag tríú tír a gcuireann seirbhís den chuma chéanna ar fáil i gcomparáid leis an tseirbhís lárnach dá dtagraítear i bpointe (3) de Roinn A den Iarscríbhinn agus a gcuireann seirbhís lárnach amháin eile a liostaítear i Roinn A den Iarscríbhinn i gcrích;

(3) 

ciallaíonn “díluailiú” lonnaíocht na n-urrús fisiceach i TLU a dhíriú ar bhealach lena bhféadfar na haistrithe ina dhiaidh sin a dhéanamh trí chuntas reatha;

(4) 

ciallaíonn “foirm dhí-ábharaithe” nach bhfuil ionstraimí airgeadais ann ach i bhfoirm taifead cuntais reatha;

(5) 

ciallaíonn “TLU is faighteoir” TLU a fhaigheann an iarraidh ó TLU eile, TLU iarrthach, rochtain a bheith aige ar a sheirbhísí trí nasc taisclainne lárnaí urrús.

(6) 

ciallaíonn “TLU iarrthach” TLU a iarrann rochtain ar sheirbhísí taisclainne lárnaí urrús eile, TLU is faighteoir trí nasc taisclainne lárnaí urrús;

(7) 

ciallaíonn “socraíocht” idirbheart urrús a chur i gcrích aon uair a thugtar chun críche é d’fhonn oibleagáidí na bpáirtithe maidir leis an idirbheart sin a chomhlíonadh trí aistriú airgid thirim nó aistriú urrús nó an dá rud;

(8) 

ciallaíonn “ionstraimí airgeadais” nó “urrúis” ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear i bpointe (15) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE iad;

(9) 

ciallaíonn “ordú aistrithe” ordú aistrithe mar a shainmhínítear é sa dara fleasc de phointe (i) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE:

(10) 

ciallaíonn “córas socraíochta urrús” córas faoin gcéad fhleasc, faoin dara fleasc agus faoin tríú fleasc de phointe (a) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE nach bhfuil á oibriú ag contrapháirtí lárnach arb í an ghníomhaíocht atá á déanamh aige forghníomhú orduithe aistrithe;

(11) 

ciallaíonn “inmheánaitheoir socraíochta” aon institiúid lena n-áirítear institiúidí amháin a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE nó le Treoir 2014/65/AE a fhorghníomhaíonn orduithe aistrithe thar ceann cliant nó ar a chuntas féin seachas trí chóras socraíochta urrús;

(12) 

ciallaíonn “dáta socraíochta atá beartaithe” an dáta a chuirtear isteach sa chóras socraíochta urrús mar an dáta socraíochta agus a gcomhaontaíonn na páirtithe maidir le hidirbheart urrús go dtarlóidh an socrú sin;

(13) 

ciallaíonn “tréimhse shocraíochta” an tréimhse idir an dáta trádála agus an dáta socraíochta atá beartaithe;

(14) 

ciallaíonn “lá gnó” lá gnó mar a shainmhínítear i bpointe (n) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE é;

(15) 

ciallaíonn “teip socraíochta” nach socraítear idirbheart urrús, nó nach socraítear é ach go páirteach ar an dáta socraíochta atá beartaithe i ngeall ar easpa urrús nó airgid, agus beag beann ar an mbunchúis;

(16) 

ciallaíonn “contrapháirtí lárnach” nó “CPL” CPL mar atá sainmhínithe i bpointe 1 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimhir 648/2012;

(17) 

ciallaíonn “údarás inniúil” an t-údarás a ainmníonn gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 11 ach amháin a shonraítear a mhalairt sa Rialachán seo;

(18) 

ciallaíonn “údarás ábhartha” aon údarás dá dtagraítear in Airteagal 12;

(19) 

ciallaíonn “rannpháirtí” aon rannpháirtí, mar a shainmhínítear i bpointe (f) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE é, i gcóras socraíochta urrús;

(20) 

ciallaíonn ‘rannpháirtíocht’ rannpháirtíocht de réir bhrí na chéad abairte de phointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir 2013/34/AE, nó úinéireacht, dhíreach nó indíreach, ar 20 % nó níos mó de chearta vótála nó de chaipiteal gnóthais;

(21) 

ciallaíonn “rialú” an caidreamh idir dhá ghnóthas mar a ndéantar cur síos air in Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE;

(22) 

ciallaíonn “fochuideachta” gnóthas fochuideachta de réir bhrí Airteagal 2(10) agus Airteagal 22 de Threoir 2013/65/AE;

(23) 

ciallaíonn “Ballstát baile” an Ballstát a bhfuil TLU bunaithe ann;

(24) 

ciallaíonn “Ballstát aíochta” an Ballstát, seachas an Ballstát baile, ina bhfuil brainse ag TLU, nó ina soláthraíonn sí seirbhísí TLU;

(25) 

ciallaíonn “brainse” áit ghnó seachas an cheannoifig atá mar chuid de TLU, nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach aici agus ina soláthraítear seirbhísí TLU a bhfuil TLU údaraithe ina leith;

▼M4

(26) 

ciallaíonn “mainneachtain”, maidir le rannpháirtí, cás ina ndéantar imeachtaí dócmhainneachta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (j), de Threoir 98/26/CE, a thionscnamh i gcoinne rannpháirtí nó imeacht a shainmhínítear i rialacha inmheánacha an TLU mar mhainneachtain;

▼B

(27) 

ciallaíonn “soláthar in áit íocaíochta” sásra socraíochta urrús a nascann aistriú urrús le haistriú airgid thirim ionas nach ndéantar urrúis a sheachadadh ach amháin má dhéantar an t-aistriú comhfhreagrach airgid thirim, agus sin amháin, nó má dhéantar a mhalairt;

(28) 

ciallaíonn “cuntas urrús” cuntas ar féidir urrúis a chur chun sochair nó chun dochair air;

(29) 

ciallaíonn “nasc idir TLU” socrú idir TLUanna ina mbíonn TLU amháin mar rannpháirtí i gcóras socraíochta urrús de chuid TLU eile chun aistriú urrús ó rannpháirtithe TLU chuig rannpháirtithe TLU roimhe sin a éascú, nó socrú ina bhfaigheann TLU rochtain ar TLU eile go neamhdhíreach trí idirghabhálaí. Áirítear ar naisc idir TLUanna naisc chaighdeánacha, naisc shaincheaptha, naisc neamhdhíreacha agus naisc idir-inoibritheacha;

(30) 

ciallaíonn “nasc caighdeánach” nasc idir TLU áit a mbeidh TLU ina rannpháirtí sa chóras socraíochta urrús de chuid TLU eile faoi na téarmaí agus na coinníollacha céanna atá infheidhme maidir le haon rannpháirtí eile sa chóras socraíochta urrús atá á oibriú ag an gcéad rannpháirtí;

(31) 

ciallaíonn “nasc” saincheaptha’ nasc idir TLUanna ina mbeidh seirbhísí sonracha breise curtha ar fáil do TLU a bheidh ina rannpháirtí sa chóras socraíochta urrús atá ag TLU eile i gcomparáid leis na gnáthsheirbhísí a chuireann TLU sin ar fáil do rannpháirtithe sa chóras socraíochta urrús;

(32) 

ciallaíonn “nasc neamhdhíreach” socrú idir TLU agus tríú páirtí seachas TLU, atá ina rannpháirtí sa chóras socraíochta urrús atá ag TLU eile. Bunófar nasc mar sin le TLU d’fhonn aistriú urrús a éascú chuig a rannpháirtithe ó rannpháirtithe TLU eile;

(33) 

ciallaíonn “nasc idir-inoibritheach” nasc idir TLU ina gcomhaontaíonn na TLUanna réitigh theicniúla chomhpháirteacha a bhunú sna córais socraíochta urrús a oibríonn siad;

(34) 

ciallaíonn “nósanna imeachta agus caighdeáin cumarsáide oscailte idirnáisiúnta” caighdeáin lena nglactar go hidirnáisiúnta le haghaidh nósanna imeachta cumarsáide, amhail formáidí caighdeánaithe teachtaireachta agus léiriú sonraí a chuirtear ar fáil d’aon pháirtí leasmhar ar bhealach cothrom, oscailte agus neamh-idirdhealaitheach;

(35) 

ciallaíonn “urrúis inaistrithe” urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear i bpointe (44) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE é;

(36) 

ciallaíonn “scaireanna” urrúis dá dtagraítear i bpointe (44)(a) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(37) 

ciallaíonn “ionstraimí an mhargaidh airgid” ionstraimí an mhargaidh airgid mar shainmhínítear i bpointe (17) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE iad;

(38) 

ciallaíonn “aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta” aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta dá dtagraítear i bpointe (3) de Roinn C d’Iarscríbhinn I de Threoir 2014/65/AE;

(39) 

ciallaíonn “lamháltais astaíochta” lamháltais astaíochta mar a shainítear é i bpointe (11) de Chuid C d’Iarscríbhinn I de Threoir 2014/65/AE seachas na díorthaigh atá i lamháltais astaíochta;

(40) 

ciallaíonn “margadh rialáilte” margadh rialáilte mar shainmhínítear i bpointe (21) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE é;

(41) 

ciallaíonn “saoráid trádála iltaobhach” nó “STI” saoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear i bpointe (22) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE í;

(42) 

ciallaíonn “ionad trádála” ionad trádála mar a shainmhínítear i bpointe (24) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(43) 

ciallaíonn “gníomhaire socraíochta” gníomhaire socraíochta mar a shainmhínítear i bpointe (d) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE;

(44) 

ciallaíonn “margadh fáis FBManna” margadh fáis FBManna mar a shainmhínítear i bpointe (12) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE

(45) 

ciallaíonn “comhlacht bainistithe” comhlacht nó comhlachtaí TLU, a cheaptar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a bhfuil sé de chumhacht aige straitéis, cuspóirí agus treoir fhoriomlán an TLU a shocrú, agus a dhéanann maoirseacht agus faireachán ar chinnteoireacht an lucht bainistíochta. Áireofar leis seo daoine a stiúrann obair an TLU go héifeachtach.

Nuair a bheidh comhlachtaí difriúla a bhfuil feidhmeanna sonracha acu i gceist i gcomhlacht bainistíochta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ní bheidh feidhm ag ceanglais an Rialacháin seo ach amháin maidir leis na comhaltaí den chomhlacht bainistíochta a sanntar dóibh leis an dlí náisiúnta is infheidhme an fhreagracht faoi seach;

(46) 

ciallaíonn “bainistíocht shinsearach” na daoine nádúrtha a fheidhmíonn gnó feidhmiúcháin laistigh de TLU agus atá freagrach as an gcomhlacht bainistithe maidir le bainistiú laethúil an TLU sin agus cuntasach dó freisin;

▼M4

(47) 

ciallaíonn “grúpa” grúpa de réir bhrí Airteagal 2, pointe (11), de Threoir 2013/34/AE;

(48) 

ciallaíonn “dlúthnaisc” dlúthnaisc mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (35), de Threoir 2014/65/AE;

(49) 

ciallaíonn “sealúchas cáilitheach” sealúchas díreach nó indíreach in TLU ina bhfuil 10 % ar a laghad den chaipiteal nó de na cearta vótála i gceist, mar a leagtar amach in Airteagail 9, 10 agus 11 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), nó a fhágann gur féidir tionchar suntasach a imirt ar bhainistiú TLU;

(50) 

ciallaíonn “glansocraíocht iarchurtha” sásra socraíochta ina bhfuil orduithe aistrithe airgid thirim nó urrús i ndáil le hidirbhearta urrús na rannpháirtithe sa chóras socraíochta urrús faoi réir glanluachála, agus ina dtarlaíonn socraíocht ghlanéilimh agus oibleagáidí na rannpháirtithe ag deireadh timthriallta socraíochta réamhshainithe le linn nó ag deireadh an lae gnó.

▼B

2.  
Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 a bhaineann le bearta chun na seirbhísí coimhdeacha de chineál neamhbhaincéireachta a leagtar amach i bpointe (1) go pointe (4) de Roinn B den Iarscríbhinn a shonrú tuilleadh mar aon leis na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a leagtar amach i Roinn C den Iarscríbhinn.

TEIDEAL II

SOCRAÍOCHT URRÚS

CAIBIDIL 1

Foirm cuntais reatha

Airteagal 3

Foirm cuntais reatha

1.  
Gan dochar do mhír 2, aon eisitheoir a bheidh lonnaithe san Aontas a eiseoidh nó a d’eisigh urrúis inaistrithe, a ligfear isteach chun a dtrádála nó a thrádálfar ar ionaid trádála, socróidh sé go léireofar na hurrúis sin i bhfoirm cuntais reatha mar dhíluailiú nó tar éis na hurrúis a eisiúint go díreach i bhfoirm dhí-ábharaithe.
2.  
I gcás ina dtarlóidh idirbheart i ndáil le hurrúis inaistrithe ar ionad trádála, déanfar na hurrúis sin a thaifead i bhfoirm cuntais reatha i TLU ar an nó roimh an dáta socraíochta atá beartaithe, mura mbeidh siad taifeadta mar sin cheana féin.

I gcás ina ndéanfar na hurrúis inaistrithe a aistriú i ndiaidh socraithe comhthaobhachta airgeadais mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2002/47/CE é, taifeadfar na hurrúis sin i bhfoirm cuntais reatha i TLU ar an dáta socraíochta nó roimhe sin, mura ndearnadh iad a thaifeadadh mar sin cheana féin.

Airteagal 4

Forfheidhmiú

1.  
Áiritheoidh údaráis an Bhallstáit ina mbeidh an t-eisitheoir a eiseoidh urrúis bunaithe go gcuirfear Airteagal 3(1) i bhfeidhm.
2.  
Maidir leis na húdaráis is inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar na hionaid trádála, lena n-áirithítear na húdaráis inniúla a shainítear i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Threoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), áiritheoidh siad go gcuirfear an chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo i bhfeidhm nuair a dhéanfar na hurrúis dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo a thrádáil ar ionaid trádála.
3.  
Maidir le húdaráis na mBallstát atá freagrach as Treoir 2002/47/CE a chur i bhfeidhm, áiritheoidh siad go gcuirfear an dara fomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo i bhfeidhm nuair a aistreofar na hurrúis dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo i ndiaidh socraithe comhthaobhachta airgeadais mar a sainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2002/47/CE é.

CAIBIDIL II

Tréimhsí socraíochta

Airteagal 5

Dátaí socraíochta atá beartaithe

1.  
Aon rannpháirtí i gcóras socraíochta urrús a shocróidh sa chóras sin ar a chuntas féin nó thar ceann tríú páirtí idirbhearta in urrúis inaistrithe, ionstraimí an mhargaidh airgid, aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta agus lamháltais astaíochtaí, déanfaidh sé idirbhearta den sórt sin a shocrú ar an dáta socraíochta atá beartaithe.
2.  
Maidir le hidirbhearta sna hurrúis inaistrithe dá dtagraítear i mír 1, a dhéanfar ar ionaid trádála, is é an dáta socraíochta atá beartaithe tráth nach déanaí ná an dara lá gnó tar éis don trádáil a bheith ar bun. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le hidirbhearta a dhéanfar a chaibidliú go príobháideach ach a chuirfear i gcrích iad ar na hionaid trádála nó ar an gcéad idirbheart i gcás ina bhfuil na hurrúis inaistrithe lena mbaineann faoi réir taifeadta tosaigh i bhfoirm cuntais reatha de bhun Airteagal 3(2).
3.  
Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcuirfear mír 1 i bhfeidhm.

Maidir leis na húdaráis atá inniúil chun ionaid trádála a mhaoirsiú, beidh siad inniúil chun a áirithiú go gcuirfear mír 2 i bhfeidhm.

CAIBIDIL III

Smacht socraíochta

Airteagal 6

Bearta chun teipeanna socraíochta a chosc

1.  
Bunófar le hionaid trádála nósanna imeachta a chuirfidh ar a gcumas sonraí ábhartha a bhaineann le hidirbhearta sna hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) ar an dáta a ndéanfar an t-idirbheart.
2.  
D’ainneoin an cheanglais a leagtar síos i mír 1, déanfaidh gnólachtaí infheistíochta a údaraítear de bhun Airteagal 5 de Threoir 2014/65/AE, i gcás inarb infheidhme, bearta a dhéanamh chun líon na dteipeanna socraíochta a theorannú.

Áireofar ar bhearta den sórt sin ar a laghad socraíochtaí idir an gnólacht infheistíochta agus a chliaint ghairmiúla dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE lena áirithiú go gcuirfear leithdháileadh urrús i ndáil leis an idirbheart in iúl go gasta, go ndeimhneofar an leithdháileadh sin agus go ndeimhneofar glacadh nó diúltú téarmaí go tráthúil roimh an dáta socraíochta atá beartaithe.

Déanfaidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 maidir leis na nósanna imeachta caighdeánaithe agus leis na prótacail teachtaireachta atá le húsáid chun an dara fomhír den mhír seo a chomhlíonadh.

3.  
Maidir le gach córas socraíochta urrús a oibreoidh sí, bunóidh TLU nósanna imeachta lena n-éascófar socrú idirbhearta in ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) maidir leis an dáta socraíochta atá beartaithe leis an neamhchosaint is lú is féidir dá rannpháirtithe maidir le riosca contrapháirtí agus riosca leachtachta agus ráta íseal teipeanna socraíochta. Molfaidh sé go ndéanfaí socraíocht luath ar an dáta socraíochta atá beartaithe trí bhíthin sásraí iomchuí.
4.  
Maidir le gach córas socraíochta urrús a oibreoidh sí, cuirfidh TLU bearta i bhfeidhm le socrú tráthúil idirbheart ag a rannpháirtithe a spreagadh agus a dhreasú. Cuirfear TLUanna de cheanglas ar na rannpháirtithe a n-idirbhearta a shocrú ar an dáta socraíochta atá beartaithe.

▼M4

5.  

Forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na bearta a shonrú chun teipeanna socraíochta a chosc chun éifeachtúlacht socraíochta a mhéadú agus go háirithe chun na nithe seo a leanas a shonrú:

(a) 

na bearta atá le déanamh ag gnólachtaí infheistíochta i gcomhréir le mír 2, an chéad fhomhír;

(b) 

mionsonraí na nósanna imeachta lena n-éascaítear socraíocht dá dtagraítear i mír 3, lena bhféadfaí múnlú mhéideanna na n-idirbheart, socrú páirteach na dtrádálacha a bhfuil ag teip orthu, agus úsáid clár uathiasachtaithe/uathiasachtaí arna soláthar ag TLUnna áirithe a áireamh; agus

(c) 

mionsonraí na mbeart chun socrú tráthúil idirbheart dá dtagraítear i mír 4 a spreagadh agus a dhreasú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Iúil 2025.

▼B

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M4

Airteagal 7

Bearta chun dul i ngleic le teipeanna socraíochta

1.  
Maidir le gach córas socraíochta urrús a oibríonn sé, bunóidh TLU córas a dhéanann faireachán ar theipeanna socraíochta i gcás idirbhearta sna hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1). Tabharfaidh TLU tuarascálacha tráthrialta don údarás inniúil agus do na húdaráis ábhartha maidir le líon agus le mionsonraí na dteipeanna socraíochta agus aon fhaisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear na bearta atá beartaithe ag TLU agus ag a rannpháirtithe chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht socraíochta. Fógróidh TLU na tuarascálacha sin i bhfoirm chomhiomlánaithe gan ainmneacha ar bhonn bliantúil. Roinnfidh na húdaráis inniúla le ÚEUM aon fhaisnéis ábhartha maidir le teipeanna socraíochta.
2.  
Maidir le gach córas socraíochta urrús a oibríonn sé, bunóidh TLU nósanna imeachta lena n-éascaítear socrú idirbheart in ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) nach bhfuil socraithe ar an dáta socraíochta atá beartaithe. Leis na nósanna imeachta sin, déanfar foráil do shásra pionóis a fheidhmeoidh mar bhac éifeachtach ar rannpháirtithe is cúis le teipeanna socraíochta.

Roimh dó na nósanna imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhunú, rachaidh TLU i gcomhairle leis na hionaid trádála ábhartha agus leis na CPLanna ábhartha a soláthróidh sé seirbhísí socraíochta ina leith.

Áireofar ar an sásra pionóis dá dtagraítear sa chéad fhomhír pionóis airgid thirim le haghaidh rannpháirtithe is cúis le teipeanna socraíochta (‘rannpháirtithe a bhfuil ag teip orthu’). Ríomhfar pionóis airgid thirim ar bhonn laethúil i ndáil le gach lá gnó a bhíonn teip ann idirbheart a shocrú tar éis an dáta socraíochta atá beartaithe go dtí go socrófar an t-idirbheart nó go dtí go gcuirfear an t-idirbheart ar ceal go déthaobhach. Ní dhéanfar na pionóis airgid thirim a chumrú mar fhoinse ioncaim don TLU.

3.  

Ní bheidh feidhm ag an sásra pionóis dá dtagraítear i mír 2 maidir leis an méid seo a leanas:

(c) 

idirbhearta ar ina leith is CPL an rannpháirtí a bhfuil ag teip air, ach amháin i gcás idirbhearta a dhéanann CPL i gcás nach n-idirchuireann sé é féin idir na contrapháirtithe; nó

(d) 

idirbhearta ina dtionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta i gcoinne an rannpháirtí a bhfuil ag teip air.

4.  
Féadfaidh CPL sásra a bhunú ina rialacha chun caillteanais a chumhdach a d’fhéadfadh sé a thabhú mar thoradh ar chur i bhfeidhm mhír 2, an tríú fomhír.
5.  

Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí pharaiméadair a shonrú chun ríomh a dhéanamh ar leibhéal díspreagtha agus comhréireach le haghaidh na bpionós airgid thirim dá dtagraítear i mír 2, an tríú fomhír, den Airteagal seo bunaithe ar an méid seo a leanas ar fad:

(a) 

cineál sócmhainne;

(b) 

leachtacht na hionstraime airgeadais;

(c) 

cineál idirbhirt;

(d) 

fad na teipe socraíochta.

Agus na paraiméadair dá dtagraítear sa chéad fhomhír á sonrú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh leibhéal na dteipeanna socraíochta de réir aicme ionstraimí airgeadais agus an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag rátaí úis ísle nó diúltacha ar dhreasachtaí contrapháirtithe agus ar theipeanna socraíochta. Leis na paraiméadair a úsáidtear chun pionóis airgid thirim a ríomh, áiritheofar ardleibhéal araíonachta socraíochta agus feidhmiú réidh agus ordúil na margaí airgeadais lena mbaineann.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na paraiméadair chun leibhéal na bpionós airgid thirim a ríomh ar bhonn tráthrialta agus gach 4 bliana ar a laghad chun athmheasúnú a dhéanamh ar a iomchuí agus a éifeachtaí atá na pionóis airgid thirim maidir le leibhéal teipeanna socraíochta a bhaint amach san Aontas a mheastar a bheith inghlactha ag féachaint don tionchar ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais.

6.  
Faoin 17 Eanáir 2026, foilseoidh ÚEUM liosta de na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thrádáiltear ar ionad trádála nó a imréitítear trí CPL agus coinneoidh sé cothrom le dáta ar a shuíomh gréasáin é.
7.  
Bunóidh TLUnna, CPLanna agus ionaid trádála nósanna imeachta lena gcuirtear ar a gcumas, i gcomhairle lena n-údaráis inniúla faoi seach, aon rannpháirtí a dteipeann air ar bhonn seasta agus córasach na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a sholáthar ar an dáta socraíochta atá beartaithe a fhionraí agus ainm an rannpháirtí sin a nochtadh don phobal tar éis deis a thabhairt don rannpháirtí sin a bharúlacha a thíolacadh agus ar an gcoinníoll go gcuirtear údaráis inniúla TLUnna, na CPLanna agus na n-ionad trádála, agus an rannpháirtí féin ar an eolas mar is iomchuí, agus sa chás sin amháin. Chomh maith le dul i gcomhairle sula ndéantar aon fhionraí, cuirfidh na TLUnna, na CPLanna agus na hionaid trádála na húdaráis inniúla faoi seach ar an eolas gur fionraíodh rannpháirtí. Cuirfidh an t-údarás inniúil na húdaráis ábhartha ar an eolas láithreach gur fionraíodh rannpháirtí.

Nuair a nochtar fionraí go poiblí, ní bheidh sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) ann.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le rannpháirtithe a bhfuil ag teip orthu ar CPLanna iad nó i gcásanna ina dtionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta i gcoinne an rannpháirtí a bhfuil ag teip air.

8.  
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás ina bhfuil an príomhionad chun scaireanna a thrádáil lonnaithe i dtríú tír. Cinnfear láthair an phríomhionaid chun scaireanna a thrádáil i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012.
9.  

Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

bunchúiseanna na dteipeanna socraíochta a mheastar nach bhfuil siad inchurtha i leith na rannpháirtithe san idirbheart faoi mhír 3, pointe (a), den Airteagal seo; agus

(b) 

na himthosca nach meastar gur oibríochtaí trádála faoi mhír 3, pointe (b), den Airteagal seo iad oibríochtaí.

10.  

Déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

mionsonraí an chórais lena ndéantar faireachán ar theipeanna socraíochta agus na tuarascálacha maidir le teipeanna socraíochta dá dtagraítear i mír 1;

(b) 

na próisis chun pionóis airgid thirim agus aon fháltais eile a d’fhéadfadh teacht as pionóis den sórt sin a bhailiú agus a ath-leithdháileadh i gcomhréir le mír 2;

(c) 

na coinníollacha faoina meastar go dteipeann ar rannpháirtí, ar bhonn seasta agus córasach, na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 7 a sholáthar.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 7a

An próiseas ceannach isteach éigeantaigh

1.  
Gan dochar don sásra pionóis dá dtagraítear in Airteagal 7(2) ná don cheart an t-idirbheart a chur ar ceal go déthaobhach, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach agus bunaithe ar an measúnú costais agus tairbhe arna sholáthar ag ÚEUM de bhun Airteagal 74(4), féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, a chinneadh cé acu de na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1), nó catagóirí idirbheart sna hionstraimí airgeadais sin, a bhfuil an córas ceannach isteach éigeantaigh dá dtagraítear i míreanna 4 go 10 den Airteagal seo le cur i bhfeidhm maidir leo i gcás ina measann an Coimisiún gur modh riachtanach, iomchuí agus comhréireach é an ceannach isteach éigeantach chun aghaidh a thabhairt ar leibhéal na dteipeanna socraíochta san Aontas.

Ní fhéadfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh ach amháin má chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a) 

ní raibh laghdú inbhuanaithe fadtéarmach ar theipeanna socraíochta san Aontas ná leibhéal laghdaithe ar theipeanna socraíochta san Aontas mar thoradh ar chur i bhfeidhm an tsásra pionóis dá dtagraítear in Airteagal 7(2), fiú tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar leibhéal na bpionós airgid thirim i gcomhréir le hAirteagal 7(5), an dara fomhír;

(b) 

bíonn nó is dócha go mbeidh éifeacht dhiúltach ag leibhéal na dteipeanna socraíochta san Aontas ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais.

Chun teacht ar an gcinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas uile san áireamh:

(a) 

an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bpróiseas ceannach isteach éigeantaigh ar mhargaí airgeadais san Aontas;

(b) 

líon, méid agus fad na dteipeanna socraíochta, lena n-áirítear líon agus méid na dteipeanna socraíochta atá gan íoc ag deireadh na tréimhse sínidh dá dtagraítear i mír 4;

(c) 

cibé atá nó nach bhfuil ionstraim airgeadais ar leith nó catagóir idirbheart ar leith san ionstraim airgeadais sin faoi réir forálacha conarthacha iomchuí cheana féin lena dtugtar ceart do rannpháirtithe is faighteoirí ceannach isteach a ghníomhachtú.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2). Sonrófar ann dáta cur i bhfeidhm nach luaithe ná 1 bhliain amháin tar éis dó teacht i bhfeidhm.

2.  
Foilseoidh ÚEUM liosta de na hionstraimí airgeadais arna gcinneadh leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 agus coinneoidh sé cothrom le dáta ar a shuíomh gréasáin é.
3.  

Sula nglacfaidh sé an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a) 

measúnú ar éifeachtacht agus comhréireacht an tsásra pionóis dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus, i gcás inarb iomchuí, struchtúr nó déine an tsásra pionóis a athrú chun éifeachtúlacht socraíochta san Aontas a mhéadú;

(b) 

breithniú an bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta, in ainneoin an sásra pionóis dá dtagraítear in Airteagal 7(2) a bheith curtha i bhfeidhm roimh ré agus na réasúnaíochta agus na n-impleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le hionstraimí airgeadais sonracha agus catagóirí idirbheart sonracha a chur faoi réir ceannach isteach éigeantach.

4.  
Gan dochar don cheart chun an t-idirbheart a chur ar ceal go déthaobhach, i gcás inar ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun mhír 1 agus i gcás nár sholáthair rannpháirtí a bhfuil ag teip air na hionstraimí airgeadais a chumhdaítear leis an ngníomh cur chun feidhme sin don rannpháirtí is faighteoir laistigh de thréimhse tar éis an dáta socraíochta atá beartaithe (‘tréimhse shínidh’) de 5 lá gnó, cuirfear tús le próiseas ceannach isteach éigeantaigh.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, bunaithe ar an gcineál sócmhainne agus ar leachtacht na n-ionstraimí airgeadais lena mbaineann, féadfar an tréimhse shínidh a mhéadú go 7 lá gnó ar a mhéad i gcás ina mbeadh tionchar ag tréimhse shínidh níos giorra ar fheidhmiú réidh agus ordúil na margaí lena mbaineann.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an dara fomhír, i gcás ina mbaineann an t-idirbheart le hionstraim airgeadais a thrádáiltear ar mhargadh fáis FBManna, is é 15 lá gnó a bheidh sa tréimhse shínidh ach amháin má chinneann margadh fáis FBManna tréimhse níos giorra a chur i bhfeidhm.

5.  
Beidh na hionstraimí atá faoi réir an phróisis ceannach isteach éigeantaigh ar fáil lena socrú agus soláthrófar iad don rannpháirtí is faighteoir laistigh de thréimhse ama iomchuí.
6.  
I gcás, mar thoradh ar theip socraíochta i slabhra idirbheart, inarb ann do theipeanna socraíochta ar idirbhearta ina dhiaidh sin sa slabhra, beidh sé de cheart ag gach rannpháirtí a oibleagáid an ceannach isteach éigeantach a thionscnamh a chur ar aghaidh chuig an gcéad rannpháirtí eile sa slabhra.

Measfar go gcomhlíonann an rannpháirtí is faighteoir idirmheánach an oibleagáid ceannach isteach éigeantach a dhéanamh i gcoinne an rannpháirtí a bhfuil ag teip air i gcás ina gcuireann sé a oibleagáid ar aghaidh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír. Féadfaidh an rannpháirtí is faighteoir idirmheánach freisin a chuid oibleagáidí i leith an rannpháirtí is faighteoir deiridh a chur ar aghaidh chuig an rannpháirtí a bhfuil ag teip air de bhun mhíreanna 8, 9 agus 10.

Cuirfear an TLU ábhartha ar an eolas faoin gcaoi ar réitíodh an t-idirbheart ar theip air feadh shlabhra na n-idirbheart.

7.  

Ní bheidh feidhm ag an bpróiseas ceannach isteach éigeantaigh dá dtagraítear i mír 4 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na teipeanna socraíochta, oibríochtaí agus idirbhearta a liostaítear in Airteagal 7(3);

(b) 

idirbhearta maoiniúcháin urrús;

(c) 

cineálacha eile idirbheart a fhágann nach bhfuil gá leis an bpróiseas ceannach isteach;

(d) 

idirbhearta a thagann faoi raon feidhme Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012.

8.  
Gan dochar don sásra pionóis dá dtagraítear in Airteagal 7(2), i gcás ina bhfuil praghas na n-ionstraimí airgeadais a comhaontaíodh tráth na trádála difriúil leis an bpraghas a íocadh as an gceannach isteach a dhéanamh, déanfaidh an rannpháirtí a bhaineann tairbhe as an difríocht sa phraghas an difríocht a íoc leis an rannpháirtí eile tráth nach déanaí ná an dara lá gnó tar éis na hionstraimí airgeadais a bheith soláthartha tar éis an cheannach isteach.
9.  
Má theipeann ar an gceannach isteach nó mura bhféadfar é a dhéanamh, féadfaidh an rannpháirtí is faighteoir rogha a dhéanamh íocaíocht a fháil trí chúiteamh airgid thirim nó déanamh an cheannach isteach a chur siar go dáta níos déanaí atá iomchuí (‘tréimhse iarchurtha’). Mura soláthraítear na hionstraimí airgeadais ábhartha don rannpháirtí is faighteoir faoi dheireadh na tréimhse iarchurtha, íocfar an cúiteamh airgid thirim don rannpháirtí is faighteoir.

Íocfar cúiteamh airgid thirim tráth nach déanaí ná an dara lá gnó tar éis dheireadh an phróisis ceannach isteach éigeantaigh dá dtagraítear i mír 4 nó, i gcásanna ina roghnaíonn an rannpháirtí is faighteoir déanamh an cheannach isteach a chur siar, tar éis dheireadh na tréimhse iarchurtha.

10.  
Aisíocfaidh an rannpháirtí a bhfuil ag teip air an t-eintiteas a dhéanann an ceannach isteach i leith na méideanna uile arna n-íoc i ndáil leis an bpróiseas ceannach isteach éigeantaigh arna thionscnamh de bhun mhír 4, an chéad fhomhír, lena n-áirítear aon táillí a eascraíonn as an gceannach isteach a dhéanamh. Déanfar táillí den sórt sin a nochtadh go soiléir do na rannpháirtithe.
11.  

Beidh feidhm ag míreanna 4 go 10 maidir le gach idirbheart de chuid na n-ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thrádáiltear ar ionad trádála nó atá imréitithe ag CPL mar a leanas:

(a) 

i gcás idirbhearta atá imréitithe ag CPL, is é CPL an t-eintiteas a dhéanann an ceannach isteach i gcomhréir le míreanna 4 go 10;

(b) 

i gcás idirbhearta nach bhfuil imréitithe ag CPL, ach a dhéantar ar ionad trádála, áireoidh an t-ionad trádála ina rialacha inmheánacha oibleagáid ar a chomhaltaí agus ar a rannpháirtithe na bearta dá dtagraítear i míreanna 4 go 10 a chur i bhfeidhm;

(c) 

i gcás na n-idirbheart go léir seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den fhomhír seo, áireoidh TLUnna ina rialacha inmheánacha oibleagáid ar a rannpháirtithe a bheith faoi réir na mbeart dá dtagraítear i míreanna 4 go 10.

Soláthróidh TLU an fhaisnéis riachtanach socraíochta do CPLanna agus d’ionaid trádála lena chur ar a gcumas a n-oibleagáidí faoin mír seo a chomhlíonadh.

Gan dochar do phointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír, féadfaidh TLUnna faireachán a dhéanamh ar dhéanamh ceannach isteach dá dtagraítear sna pointí sin i leith treoracha iolracha socraíochta, maidir leis na hionstraimí airgeadais céanna agus leis an dáta éaga céanna don tréimhse ina ndéantar iad, a mbeidh sé d’aidhm acu an líon ceannach isteach atá le déanamh a íoslaghdú agus ar an gcaoi sin an tionchar ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais ábhartha a íoslaghdú freisin.

12.  
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás ina bhfuil an príomhionad chun scaireanna a thrádáil lonnaithe i dtríú tír. Cinnfear láthair an phríomhionaid chun scaireanna a thrádáil i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012.
13.  
Féadfaidh ÚEUM a mholadh go bhfionródh an Coimisiún, ar bhealach comhréireach, an sásra ceannach isteach dá dtagraítear i míreanna 4 go 10 le haghaidh catagóirí sonracha d’ionstraimí airgeadais i gcás inar gá chun bagairt thromchúiseach a sheachaint ar chobhsaíocht airgeadais nó ar fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais san Aontas nó chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt den sórt sin. Beidh measúnú lánréasúnaithe ar an ngá atá leis ag gabháil le moladh den sórt sin, agus ní dhéanfar é a phoibliú.

Sula ndéanfaidh sé an moladh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, rachaidh ÚEUM i gcomhairle le comhaltaí CEBC agus an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach.

Déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí tar éis an moladh a fháil, ar bhonn na gcúiseanna agus na fianaise a sholáthair ÚEUM, an sásra ceannach isteach éigeantaigh dá dtagraítear i míreanna 4 go 10 a fhionraí le haghaidh catagóirí sonracha d’ionstraimí airgeadais trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, nó an fhionraí mholta a dhiúltú. I gcás ina ndiúltaíonn an Coimisiún don fhionraí mholta, cuirfidh sé na cúiseanna leis sin i scríbhinn chuig ÚEUM. Ní dhéanfar faisnéis den sórt sin a phoibliú.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa tríú fomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 68(3).

Cuirfear fionraí an tsásra ceannach isteach éigeantaigh in iúl do ÚEUM agus foilseofar í in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

Beidh fionraí an tsásra ceannach isteach éigeantaigh bailí ar feadh tréimhse thosaigh nach faide ná 6 mhí ó dháta chur i bhfeidhm na fionraí sin.

I gcás ina leanann forais na fionraí d’fheidhm a bheith acu, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, síneadh a chur leis an bhfionraí le haghaidh tréimhsí breise nach faide ná 3 mhí an ceann, ach ní mhairfidh tréimhse iomlán na fionraí tréimhse níos faide ná 12 mhí. Déanfar síneadh ar bith a chuirtear leis an bhfionraí a fhoilsiú i gcomhréir leis an gcúigiú fomhír.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa seachtú fomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 68(3). Déanfaidh ÚEUM, in am trátha roimh dheireadh na fionraí dá dtagraítear sa séú fomhír nó roimh dheireadh an tsínidh dá dtagraítear sa seachtú fomhír, tuairim a eisiúint don Choimisiún maidir le cibé acu a leanann nó nach leanann forais na fionraí d’fheidhm a bheith acu.

14.  
I gcás ina bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 1, déanfaidh sé athbhreithniú ar an gcinneadh sin ar bhonn tráthrialta agus gach 4 bliana ar a laghad chun measúnú a dhéanamh cibé atá na coinníollacha a leagtar amach sa mhír sin fós á gcomhlíonadh nó nach bhfuil.

I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil bonn cirt a thuilleadh le ceannach isteach éigeantach nó nach dtugann sé aghaidh ar theipeanna socraíochta san Aontas agus nach bhfuil sé riachtanach, iomchuí ná comhréireach a thuilleadh, glacfaidh sé, gan mhoill, gníomhartha cur chun feidhme lena leasaítear nó lena n-aisghairtear an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

I gcás ina measann ÚEUM nach bhfuil bonn cirt a thuilleadh le ceannach isteach éigeantach nó nach dtugann sé aghaidh ar theipeanna socraíochta san Aontas agus nach bhfuil sé riachtanach, iomchuí ná comhréireach a thuilleadh, féadfaidh sé a mholadh don Choimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a leasú nó a aisghairm. Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 13, an chéad fhomhír go dtí an ceathrú fomhír.

15.  

Déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú a thuilleadh:

(a) 

mionsonraí oibríocht oibriú an phróisis ceannach isteach iomchuí dá dtagraítear i míreanna 4 go 10, lena n-áirítear tréimhsí ama iomchuí, calabraithe agus an cineál sócmhainne agus leachtacht na n-ionstraimí airgeadais á gcur san áireamh, chun an ionstraim airgeadais a sholáthar tar éis an phróisis ceannach isteach;

(b) 

na himthosca ina bhféadfaí cur leis an tréimhse shínidh de réir an chineáil sócmhainne agus leachtacht na n-ionstraimí airgeadais, i gcomhréir leis na coinníollacha dá dtagraítear i mír 4, an dara fomhír, agus na critéir i ndáil le measúnú a dhéanamh ar leachtacht faoi Airteagal 2(1), pointe (17), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 á gcur san áireamh;

(c) 

mionsonraí an tsásra cur ar aghaidh faoi mhír 6;

(d) 

cineálacha eile idirbheart a fhágann nach bhfuil gá leis an bpróiseas ceannach isteach dá dtagraítear i mír 7, pointe (c), amhail socruithe comhthaobhachta airgeadais nó idirbhearta lena n-áirítear forálacha glanluachála socraíochta;

(e) 

modheolaíocht chun an cúiteamh airgid thirim dá dtagraítear i mír 9 a ríomh;

(f) 

an fhaisnéis riachtanach socraíochta dá dtagraítear i mír 11, an dara fomhír; agus

(g) 

na mionsonraí maidir leis an gcaoi ina bhfuil rannpháirtithe TLUnna, CPLanna agus comhaltaí an ionaid trádála le sainiúlachtaí na n-infheisteoirí miondíola a chur san áireamh agus an ceannach isteach éigeantach á dhéanamh i gcomhréir le mír 11.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼B

Airteagal 8

Forfheidhmiú

1.  
Údarás inniúil TLU a oibreoidh an córas socraíochta urrús, an t-údarás ábhartha a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an gcóras socraíochta urrús lena mbaineann chomh maith leis na húdaráis inniúla maidir le maoirseacht a dhéanamh ar ionaid thrádála, ar ghnólachtaí infheistíochta agus ar CPLanna, beidh siad inniúil chun a áirithiú go ndéanfaidh na hinstitiúidí Airteagal 6 agus Airteagal 7 a chur i bhfeidhm faoi réir a maoirseachta agus chun faireachán a dhéanamh ar na pionóis a fhorchuirfear. I gcás inarb iomchuí, oibreoidh na húdaráis inniúla faoi seach go dlúth lena chéile. Cuirfidh na Ballstáit ÚEÚM ar an eolas faoi na húdaráis inniúla ainmnithe a bheidh mar chuid den struchtúr maoirseachta ar an leibhéal náisiúnta.
2.  
D’fhonn cleachtais mhaoirseachta a bheidh comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú laistigh den Aontas maidir le hAirteagal 6 agus Airteagal 7 den Rialachán seo, féadfaidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
3.  
Ní dhéanfar dochar le sárú ar na rialacha faoin Teideal seo do bhailíocht conartha phríobháidigh maidir le hionstraimí airgeadais nó don fhéidearthacht atá ann do na páirtithe forálacha conartha phríobháidigh maidir le hionstraimí airgeadais a fhorfheidhmiú.

CAIBIDIL IV

Socraíocht inmheánaithe

Airteagal 9

Inmheánaitheoirí socraíochta

1.  
Tabharfaidh inmheánaitheoirí socraíochta tuairisc chuig na húdaráis inniúla san áit ina bhfuil sí bunaithe ar bhonn ráithiúil ar líon comhiomlán na n-idirbheart urrús agus ar luach gach idirbhirt urrús shocróidh siad lasmuigh de chórais socraíochta.

Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a bheidh faighte faoin gcéad fhomhír a chur ar aghaidh chuig ÚEÚM gan mhoill agus cuirfidh siad ÚEÚM ar an eolas maidir le haon riosca a d’fhéadfadh bheith ann mar thoradh ar an ngníomhaíocht socraíochta sin.

2.  
Féadfaidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar tuilleadh ábhar an tuairiscithe sin.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.  
Forbróidh ÚEÚM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn na foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta a bhunú chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 go mír 3 a thuairisciú agus a chur ar aghaidh.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

TEIDEAL III

TAISCLANNA LÁRNACHA URRÚS

CAIBIDIL I

TLUanna a údarú agus a mhaoirsiú

Roinn 1

Na húdaráis a bheidh freagrach as TLUanna a údarú agus a mhaoirsiú

Airteagal 10

Údarás inniúil

Gan dochar don mhaoirseacht a dhéanfaidh comhaltaí CEBC dá dtagraítear in Airteagal 12(1), déanfaidh údarás inniúil a Ballstát bhaile TLU a údarú agus a mhaoirsiú.

Airteagal 11

Ainmniú an údaráis inniúil

1.  
Ainmneoidh gach Ballstát ar leith an t-údarás inniúil a bheidh freagrach as na dualgais faoin Rialachán seo a chomhlíonadh chun na TLUanna atá bunaithe ina gcríocha a údarú agus a mhaoirsiú agus cuirfidh sé ÚEÚM ar an eolas faoin méid sin.

I gcás ina n-ainmneoidh Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, cinnfidh sé na róil a bheidh ag gach údarás ar leithligh acu agus ainmneoidh sé údarás amháin a bheidh freagrach as comhar le húdaráis inniúla i mBallstáit eile, leis na húdaráis ábhartha, le ÚEÚM, agus le ÚBE nuair a thagraítear go sonrach dóibh sa Rialachán seo.

2.  
Foilseoidh ÚEÚM liosta de na húdaráis inniúla a ainmneofar i gcomhréir le mír 1 ar a láithreán gréasáin.
3.  
Beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe is gá ag na húdaráis inniúla chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú.

Airteagal 12

Údaráis ábhartha

1.  

Beidh baint ag na húdaráis seo a leanas le húdarú agus le maoirsiú TLU nuair a thagraítear go sonrach dóibh sa Rialachán seo:

(a) 

an t-údarás a bheidh freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar an gcóras socraíochta urrús a oibreoidh TLU sa Bhallstát ina mbeidh feidhm ag a dhlí maidir leis an gcóras socraíochta urrús sin;

▼M4

(b) 

na bainc cheannais san Aontas a eisíonn na hairgeadraí is ábhartha ina ndéantar nó ina ndéanfar socraíocht;

(c) 

i gcás inarb ábhartha, an banc ceannais san Aontas arb ina chuid leabhar a shocraítear nó a shocrófar íocaíochtaí airgid thirim córais socraíochta urrús arna oibriú ag an TLU.

▼B

2.  
Foilseoidh ÚEÚM liosta de na húdaráis ábhartha dá dtagraítear i mír 1 ar a láithreán gréasáin.
3.  
Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na coinníollacha faoina measfar go mbeidh airgeadraí an Aontais dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 ar na socruithe is ábhartha agus socruithe chun próiséas éifeachtúil a chur ar bun chun dul i gcomhairle leis na húdaráis ábhartha dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) den mhír sin.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin chuig an gCoimisiún faoin 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 13

Malartú faisnéise

1.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla, údaráis ábhartha agus ÚEÚM, arna iarraidh sin agus gan mhoill mhíchuí, aon fhaisnéis a bheidh de dhíth chun a ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo a thabhairt dá chéile.
2.  
Údaráis inniúla, údaráis ábhartha, ÚEÚM agus comhlachtaí eile nó daoine dlítheanacha agus nádúrtha a gheobhaidh faisnéis rúnda i bhfeidhmiú a ndualgas faoin Rialachán seo, ní úsáidfidh siad an fhaisnéis sin ach amháin nuair a bheidh siad i mbun a ndualgas.

Airteagal 14

Comhar idir na húdaráis

1.  
Comhoibreoidh údaráis inniúla, údaráis ábhartha agus ÚEÚM go dlúth, lena n-áirítear tríd an bhfaisnéis ábhartha uile a mhalartú chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Nuair is iomchuí agus is ábhartha, áireofar ar chomhar den sórt sin comhar le húdaráis phoiblí agus comhlachtaí poiblí eile, go háirithe na cinn sin a bunaíodh nó a ceapadh faoi Threoir 2003/87/CE.

Chun cleachtais mhaoirseachta a bheidh comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú laistigh den Aontas, lena n-áirítear comhar idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis ábhartha sna measúnuithe difriúla is gá do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfaidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, treoirlínte a eisiúint a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

2.  
Tabharfaidh na húdaráis inniúla, i bhfeidhmiú a ndualgas ginearálta, aird mar is cuí ar an tionchar a d’fhéadfadh a gcinntí a imirt ar chobhsaíocht an chórais airgeadais sna Ballstáit eile ar fad lena mbaineann, go háirithe ar na cásanna éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 15, bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh ar fáil.

Airteagal 15

Cásanna éigeandála

Gan dochar don nós imeachta fógra dá bhforáiltear in Airteagal 6(3) de Threoir 98/26/CE, cuirfidh na údaráis inniúla agus údaráis ábhartha in iúl láithreach do ÚEÚM, don Bhord Eorpach um Riosca Sistéamach arna bhunú ag Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) agus dá chéile aon chás éigeandála a bhaineann le TLU, lena n-áirítear aon fhorbairtí i margaí airgeadais, a bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith acu ar leachtacht mhargaidh nó ar chobhsaíocht airgeadra ina ndéantar socraíocht, sláine an bheartais airgeadais agus ar chobhsaíocht an chórais airgeadais in aon cheann de na Ballstáit ina bhfuil TLU nó ceann dá rannpháirtithe bunaithe.

Roinn 2

Coinníollacha agus nósanna imeachta chun TLUanna a údarú

Airteagal 16

TLU a údarú

1.  
Aon duine dlítheanach a thagann faoin sainmhíniú ar TLU, gheobhaidh sé údarú ó údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe sula gcuirfidh sé tús lena chuid gníomhaíochtaí.
2.  
Sonrófar san údarú na seirbhísí lárnacha a liostaítear i Roinn A den Iarscríbhinn agus na seirbhísí coimhdeacha nach de chineál baincéireachta iad a cheadaítear faoi Roinn B den Iarscríbhinn, a bhfuil TLU údaraithe lena chur ar fáil.
3.  
Comhlíonfaidh TLU na coinníollacha atá riachtanach don údarú i gcónaí.
4.  
Tabharfaidh TLU, in éineacht lena hiniúchóirí neamhspleácha, gan aon mhoill mhíchuí, fógra don údarás inniúil i dtaobh aon athruithe substaintiúla a chuireann isteach ar chomhlionadh choinníollacha an údaraithe.

Airteagal 17

An nós imeachta maidir le húdarú a dheonú

1.  
Déanfaidh an TLU is iarratasóir iarratas ar údarú a chur faoi bhráid a húdaráis inniúil.
2.  
Mar chuid den iarratas ar údarú, soláthróidh an TLU is iarratasóir an fhaisnéis ar fad atá riachtanach ionas go bhféadfaidh an t-údarás inniúil bheith deimhin de go mbeidh na socruithe ar fad a bheidh riachtanach chun a hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh bunaithe ag an TLU is iarratasóir, tráth an údaraithe. Áireofar clár oibríochtaí san iarratas ar údarú ina leagfar amach na cineálacha gnó a bheartaítear agus eagrúchán struchtúrach an TLU.

▼M4

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás nach gcomhlíonann TLU is iarratasóir ceanglais uile an Rialacháin seo, ach i gcás inar féidir glacadh leis le réasún go ndéanfaidh sé amhlaidh nuair a thosóidh sé a chuid gníomhaíochtaí, féadfaidh an t-údarás inniúil an t-údarú a dheonú faoi réir an choinníll go mbíonn na socruithe uile is gá ar bun ag TLU is iarratasóir chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh nuair a thosóidh sé a chuid gníomhaíochtaí.

▼B

3.  
Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú féachaint an bhfuil an t-iarratas iomlán. Mura mbeidh an t-iarratas iomlán, leagfaidh an t-údarás inniúil teorainn ama síos faoina gcaithfidh TLU is iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar. Cuirfidh an t-údarás inniúil TLU is iarratasóir ar an eolas nuair a mheasfar an t-iarratas a bheith iomlán.

▼M4

4.  
Ón tráth a mheasfar go bhfuil an t-iarratas iomlán, tarchuirfidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis go léir atá ar áireamh san iarratas chuig na húdaráis ábhartha agus rachaidh sé i gcomhairle leis na húdaráis sin maidir leis na gnéithe den chóras socraíochta urrús a oibríonn an TLU is iarratasóir.

Féadfaidh gach údarás ábhartha tuairim réasúnaithe a eisiúint faoina réimsí inniúlachta don údarás inniúil laistigh de 3 mhí ón bhfaisnéis a fháil ón údarás ábhartha. I gcás nach soláthraíonn údarás ábhartha tuairim laistigh den tréimhse ama sin, measfar go bhfuil sé tar éis tuairim dhearfach a eisiúint.

I gcás ina n-eisíonn ar a laghad ceann amháin de na húdaráis ábhartha tuairim réasúnaithe dhiúltach, agus ina bhfuil sé beartaithe ag an údarás inniúil mar sin féin an t-údarú a dheonú, tabharfaidh an t-údarás inniúil sin do na húdaráis ábhartha, laistigh de 1 mhí amháin tar éis dó an tuairim dhiúltach a fháil, na cúiseanna leis an rún atá aige an t-údarú a dheonú d’ainneoin na tuairime diúltaí.

Féadfaidh aon cheann de na húdaráis ábhartha a d’eisigh tuairim dhiúltach dá dtagraítear sa tríú fomhír an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM chun cúnamh a fháil faoi Airteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

I gcás nach socraítear an tsaincheist laistigh de 1 mhí amháin tar éis í a tharchur chuig ÚEUM, déanfaidh an t-údarás inniúil a bhfuil sé beartaithe aige an t-údarú a dheonú cinneadh críochnaitheach agus tabharfaidh sé míniú mionsonraithe ar an gcinneadh uaidh i scríbhinn do na húdaráis ábhartha.

I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an údarás inniúil diúltú don údarú, ní dhéanfar an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM.

I dtuairim dhiúltach dá dtagraítear sa tríú fomhír, luafar i scríbhinn na cúiseanna iomlána mionsonraithe nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó ceanglais eile dhlí an Aontais á gcomhlíonadh.

▼B

5.  
Tráth ar bith a bheartóidh TLU is iarratasóir na seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE de bhreis ar sholáthar seirbhísí coimhdeacha de chineál neamhbhaincéireachta a liostaítear go sainráite i Roinn B den Iarscríbhinn, tarchuirfidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis uile a áirítear san iarratas chuig an údarás dá dtagraítear in Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE agus rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás sin maidir le cumas TLU is iarratasóir ceanglais na Treorach 2014/65/AE agus an Rialacháin (AE) Uimh. 600/2014.
6.  

Rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle le húdaráis inniúla an Bhallstáit eile lena mbaineann, sula ndéanfaidh sé údarú a dheonú don TLU is iarratasóir, sna cásanna a leanas:

(a) 

nuair is fochuideachta de TLU údaraithe i mBallstát eile í TLU;

(b) 

nuair is fochuideachta de mháthairchuideachta taisclainne lárnaí urrús atá údaraithe i mBallstát eile í TLU;

(c) 

nuair atá TLU á rialú ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha céanna a rialaíonn TLU dhifriúil atá údaraithe i mBallstát eile.

7.  

Cumhdófar an méid seo a leanas sa chomhairliúchán dá dtagraítear i mír 6:

(a) 

oiriúnacht na scairshealbhóirí agus na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 27(6) agus an cháil atá ar na daoine agus an taithí atá ag na daoine a thugann treoir éifeachtach maidir le gnó TLU dá dtagraítear in Airteagal 27(1) agus (4), nuair a bheidh baint ag na scairshealbhóirí agus na daoine sin i gcoitinne le TLU agus le TLU atá údaraithe i mBallstát eile araon;

(b) 

cibé acu a dhéanann nó nach ndéanann an caidreamh dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 6 idir TLU atá údaraithe i mBallstát eile agus TLU is iarratasóir difear don chumas atá ag an taisclann sin ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

▼M4

7a.  
Chomh maith le dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 6, féadfaidh an t-údarás inniúil, sula ndeonóidh sé údarú don TLU is iarratasóir, dul i gcomhairle le húdaráis eile a dhéanann maoirseacht ar eintiteas ag a bhfuil sealúchas cáilitheach sa TLU is iarratasóir maidir leis na hábhair dá dtagraítear i mír 7.

▼B

8.  
Laistigh de shé mhí tar éis iarratas iomlán a bheith curtha faoina bhráid, cuirfidh an t-údarás inniúil in iúl i scríbhinn, le cinneadh a bheidh cuí-réasúnaithe ina iomláine, don TLU is iarratasóir ar deonaíodh an t-údarú dó nó ar diúltaíodh é.

▼M4

8a.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil torthaí an phróisis údarúcháin, lena n-áirítear aon ghníomhaíochtaí leasúcháin, a chur in iúl, gan moill mhíchuí, do na húdaráis lena ndeachthas i gcomhairle de bhun mhíreanna 4 go 7a.

▼B

9.  
Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn an fhaisnéis a shonrú a sholáthróidh TLU is iarratasóir don údarás inniúil san iarratas ar údarú.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin chuig an gCoimisiún faoin 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

10.  
Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú maidir leis an iarratas ar údarú.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 18

Éifeachtaí an údaraithe

1.  
Beidh gníomhaíochtaí an TLU údaraithe teoranta do sholáthar seirbhísí a chumhdaítear ina húdarú nó ina fógra i gcomhréir le hAirteagal 19(8).
2.  
Ní fhéadfaidh ach amháin TLUanna údaraithe lena n-áirítear bainc cheannais a fheidhmeoidh mar TLUanna córais socraíochta urrús a oibriú.
3.  
Ní bheidh TLU údaraithe rannpháirteach i nduine dlítheanach ach amháin i gcás ina bhfuil a chuid gníomhaíochtaí teoranta do sholáthar seirbhísí a liostaítear i Roinn A agus i Roinn B den Iarscríbhinn, mura ndéanfaidh a húdarás inniúil rannpháirtíocht mar sin a fhormheas ar an mbonn nach ndéanfaidh sé próifíl riosca an TLU a ardú ar bhealach suntasach.
4.  
Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn na critéir a shonrú atá le cur san áireamh ag na húdaráis inniúla chun rannpháirtíocht i TLUanna i ndaoine dlítheanacha, seachas iad siúd a mbeidh na seirbhísí a leagtar amach i Roinn A agus i Roinn B den Iarscríbhinn á soláthar acu, a fhormheas. Féadfar a áireamh i gcritéir den sórt sin cibé an bhfuil na seirbhísí a chuirfidh an duine dlítheanach sin ar fáil mar chomhlánú ar na seirbhísí a sholáthraíonn TLU nó nach bhfuil agus a mhéid a bheidh TLU neamhchosanta ar dhliteanais a eascróidh as rannpháirtíocht den sórt sin.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin chuig an gCoimisiún faoin 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 19

Gníomhaíochtaí agus seirbhísí a leathnú agus a eisfhoinsiú

1.  

Cuirfidh TLU údaraithe iarratas ar údarú faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit bhaile cibé uair ar mian léi seirbhís lárnach a eisfhoinsiú chuig tríú páirtí faoi Airteagal 30 nó a cuid gníomhaíochtaí a leathnú chun ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a áireamh:

(a) 

breis seirbhísí lárnacha a liostaítear i Roinn A den Iarscríbhinn nach gcumhdaítear leis an gcéad údarú;

(b) 

seirbhísí coimhdeacha a cheadaítear faoi, ach nach liostaítear go sainráite i Roinn B den Iarscríbhinn nach gcumhdaítear leis an gcéad údarú;

(c) 

oibriú córais socraíochta urrús eile;

(d) 

an ghné airgid ar fad nó cuid den ghné airgid dá chóras socraíochta urrús a shocrú i leabhair de chuid gníomhaireachta socraíochta eile;

(e) 

nasc idir-inoibritheachta a bhunú, lena n-áirítear naisc le TLUanna tríú tíortha.

▼M4

2.  
Maidir le húdarú a dheonú chun croísheirbhís a sheachfhoinsiú do thríú páirtí de bhun mhír 1 nó chun gníomhaíochtaí a leathnú de bhun mhír 1, pointí (a), (c) agus (d), leanfar an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17.

Maidir le húdarú a dheonú faoi mhír 1, pointe (b), leanfar an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17(1), (2), (3), (5) agus (8a).

Maidir le húdarú a dheonú faoi mhír 1, pointe (e), leanfar an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17(1), (2) agus (3).

Cuirfidh an t-údarás inniúil in iúl don TLU is iarratasóir ar deonaíodh an t-údarú dó nó ar diúltaíodh é laistigh de 3 mhí ó iarratas comhlánaithe a bheith curtha faoina bhráid.

▼B

3.  
TLUanna a bhunaítear san Aontas a bhfuil sé beartaithe acu nasc idir-inoibritheach a bhunú, déanfaidh siad iarratas le haghaidh údarú mar a cheanglaítear faoi phointe (e) de mhír 1 leis na húdaráis inniúla faoi seach. Rachaidh na húdaráis sin i gcomhairle lena chéile maidir leis an nasc le TLU a fhormheas. I gcás cinntí éagsúla agus má chomhaontaíonn an dá údarás inniúla go bhféadfar an t-ábhar a tharchur chuig ÚEÚM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
4.  
Diúltóidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 3 nasc a údarú, i gcás ina gcuirfeadh nasc taisclainne lárnaí urrús feidhmiú rianúil agus ordúil na margaí airgeadais i mbaol nó i gcás ina mbeadh sé mar chúis le riosca sistéamach, agus sa chás sin amháin
5.  
Naisc idir-inoibritheacha taisclann lárnacha urrús a dhéanfaidh cuid dá seirbhísí a bhaineann leis na naisc idir-inoibritheacha sin a eisfhoinsiú go dtí eintiteas poiblí i gcomhréir le hAirteagal 30(5) agus naisc taisclann lárnach nach dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, ní bheidh siad faoi réir údarú faoin bpointe sin, ach tabharfar fógra ina leith chuig údaráis inniúla agus údaráis ábhartha TLUanna sula gcuirfear iad chun feidhme tríd an bhfaisnéis ábhartha uile lena gceadaítear d’údaráis mar sin measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas dá bhforáiltear in Airteagal 48.
6.  
TLU a bhunaítear agus a údaraítear san Aontas, féadfaidh sí nasc a choinneáil nó a bhunú le TLU i dtríú tíortha i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos san Airteagal seo. Nuair a bhunófar naisc le TLUanna i dtríú tíortha ceadófar leis an bhfaisnéis a chuirfidh TLU iarrthach ar fáil don údarás inniúil a mheas an gcomhlíontar na ceanglais faoi Airteagal 48 nó na ceanglais atá coibhéiseach leo siúd dá bhforáiltear in Airteagal 48 leis na naisc sin.
7.  
Ceanglóidh údarás inniúil TLU iarrtaí ar an TLU sin scor de nasc idir TLUanna a úsáid, ar nasc é ar tugadh fógra ina leith, nuair nach gcomhlíonfar leis an nasc sin na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 48 agus lena gcuirfí i mbaol ar an gcaoi sin feidhmiú rianúil agus ordúil na margaí airgeadais nó a bheadh mar chúis le riosca córasach. I gcás ina gcuireann údarás inniúil de cheanglas ar TLU scor de nasc idir TLUanna a úsáid, leanfaidh sé an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 20(2) agus (3).
8.  
Ní bheidh na seirbhísí breise coimhdeacha a liostaítear go sainráite i Roinn B den Iarscríbhinn faoi réir údarú, ach cuirfear fógra chuig an údarás inniúil ina leith sula gcuirfear ar fáil iad.

Airteagal 20

Údarú a tharraingt siar

1.  

Gan dochar do na gníomhartha nó na bearta leasacháin faoi Theideal V, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an t-údarú a tharraingt siar in aon cheann de na cásanna a leanas:

(a) 

i gcás nár úsáid TLU an t-údarú ar feadh 12 mhí, i gcás ina dtréigfidh sí an t-údarú go sainráite nó i gcás nach mbeidh seirbhísí ar bith curtha ar fáil aici ná aon ghníomhaíocht déanta aici le linn na sé mhí roimhe sin;

(b) 

i gcás ina bhfaighidh TLU an t-údarú trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhdhleathacha eile;

(c) 

i gcás nach mbeidh na coinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú á gcomhlíonadh a thuilleadh ag TLU agus nach mbeidh na gníomhaíochtaí leasúcháin atá iarrtha ag an údarás inniúil déanta aici laistigh de thréimhse a shocrófar;

(d) 

i gcás ina ndéanfaidh TLU sárú tromchúiseach nó córasach ar an ceanglais a leagtar amach sa Rialachán nó, i gcás inarb infheidhme, i dTreoir 2014/65/AE nó Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

2.  
A luaithe a bheidh sé ar an eolas faoi cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 1, rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle láithreach leis na húdaráis ábhartha, agus nuair is infheidhme, leis an údarás dá dtagraítear in Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE maidir leis an ngá a bheidh ann an t-údarú a tharraingt siar.
3.  
Féadfaidh ÚEÚM agus aon údarás ábhartha, agus nuair is infheidhme, leis an údarás dá dtagraítear in Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE, a iarraidh, tráth ar bith, go scrúdóidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an cás féachaint an bhfuil TLU fós ag comhlíonadh na gcoinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú.
4.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil an tarraingt siar an údaraithe a theorannú ionas nach mbainfidh sé ach le seirbhís, le gníomhaíocht, nó le hionstraim airgeadais ar leith.

▼M4

5.  
Déanfaidh TLU nósanna imeachta leordhóthanacha a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil, lena n-áiritheofar go ndéanfar sócmhainní na gcliant agus na rannpháirtithe a shocrú agus a aistriú go tráthúil agus go hordúil chuig TLU eile i gcás ina dtarraingítear siar údarú dá dtagraítear i mír 1. Áireofar ar nósanna imeachta den sórt sin aistriú na gcuntas eisiúna nó taifead comhchosúil lena bhfianaítear eisiúint urrús, agus na dtaifead atá bainteach le soláthar na gcroísheirbhísí dá dtagraítear i Roinn A, pointí 1 agus 2, den Iarscríbhinn.

▼B

Airteagal 21

Clár TLU

1.  
Cuirfear cinntí a ghlacfaidh údaráis inniúla faoi Airteagal 16, Airteagal 19 agus Airteagal 20 in iúl láithreach do ÚEÚM.
2.  
Cuirfidh na bainc cheannais ÚEÚM ar an eolas gan mhoill mhíchuí faoi aon chóras socraíochta urrús a fheidhmeoidh siad.
3.  
Cuirfear ainm gach TLU a bheidh ag oibriú i gcomhlíonadh an Rialacháin seo agus ar deonaíodh údarú nó aitheantas di de bhun Airteagal 16, Airteagal 19 agus Airteagal 25 ar chlár ina mbeidh na seirbhísí sonraithe agus, i gcás inarb infheidhme, aicmí d’ionstraimí airgeadais a mbeidh TLU údaraithe ina leith. Áireofar sa chlár sin brainsí a bheidh á n-oibriú ag TLU i mBallstáit eile, naisc idir TLU agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 31 nuair a bheidh leas bainte ag na Ballstáit as an deis dá bhforáiltear san Airteagal sin. Déanfaidh ÚEÚM an liosta a chur ar fáil ar a láithreán gréasáin tiomnaithe agus coinneoidh sé cothrom le dáta é.

Roinn 3

TLUanna a mhaoirsiú

Airteagal 22

Athbhreithniú agus meastóireacht

▼M4

1.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú ar na socruithe, straitéisí, próisis agus sásraí arna gcur chun feidhme ag TLU, lena n-áirítear na pleananna dá dtagraítear in Airteagal 22a, maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo agus déanfaidh sé meastóireacht ar na rioscaí a bhfuil TLU, nó a bhféadfadh TLU, a bheith neamhchosanta orthu nó a chruthaíonn TLU d’fheidhmiú rianúil na margaí urrús nó chobhsaíocht na margaí airgeadais.

Socróidh an t-údarás inniúil minicíocht agus doimhneacht an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag féachaint do mhéid, tábhacht shistéamach, próifíl riosca, cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí an TLU lena mbaineann.

Déanfar an t-athbhreithniú agus an mheastóireacht ar a laghad gach 3 bliana.

▼M4 —————

▼B

5.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil cigireachtaí ar an láthair ar TLU.

▼M4

6.  
Le linn dó an t-athbhreithniú agus an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, déanfaidh an t-údarás inniúil, ag céim luath, an fhaisnéis is gá a tharchur chuig na húdaráis ábhartha agus, i gcás inarb infheidhme, chuig an údarás dá dtagraítear in Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE, agus rachaidh sé i gcomhairle leo maidir le cibé atá nó nach bhfuil ceanglais an Rialacháin seo nó ceanglais eile dhlí an Aontais á gcomhlíonadh ag an TLU a mhéid a bhaineann le feidhmiú na gcóras socraíochta urrús arna n-oibriú ag an TLU.

Féadfaidh na húdaráis lena ndeachthas i gcomhairle tuairim réasúnaithe a eisiúint faoina réimsí inniúlachta laistigh de 3 mhí ón bhfaisnéis a fháil ón údarás inniúil.

I gcás nach soláthraíonn údarás lena ndeachthas i gcomhairle tuairim laistigh den sprioc-am sin, measfar go bhfuil sé tar éis tuairim dhearfach a eisiúint.

I gcás ina n-eisíonn údarás lena ndeachthas i gcomhairle tuairim réasúnaithe dhiúltach agus ina n-easaontaíonn an t-údarás inniúil léi, déanfaidh an t-údarás inniúil sin, laistigh de 1 mhí amháin tar éis dó an tuairim dhiúltach a fháil, réasúnú lena dtugtar aghaidh ar an tuairim dhiúltach a thabhairt don údarás lena ndeachthas i gcomhairle.

Féadfaidh aon cheann de na húdaráis lena ndeachthas i gcomhairle a d’eisigh tuairim dhiúltach an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM chun cúnamh a fháil faoi Airteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

I gcás nach socraítear an tsaincheist laistigh de 1 mhí amháin tar éis í a tharchur chuig ÚEUM, déanfaidh an t-údarás inniúil an cinneadh críochnaitheach maidir leis an athbhreithniú agus leis an meastóireacht agus soláthróidh sé míniú mionsonraithe ar an gcinneadh uaidh i scríbhinn do na húdaráis ábhartha.

I dtuairimí diúltacha dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, luafar i scríbhinn na cúiseanna iomlána mionsonraithe nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó ceanglais eile dhlí an Aontais á gcomhlíonadh.

7.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil na húdaráis ábhartha, ÚEUM agus, i gcás inarb infheidhme, an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a den Rialachán seo agus an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE a chur ar an eolas faoi thorthaí an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear aon ghníomhaíochtaí leasúcháin nó pionóis.

▼B

8.  
Nuair a bheidh siad i mbun an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar TLUanna a chothóidh na cineálacha caidreamh dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 17(6) an fhaisnéis ar fad ar fáil dá chéile is dóigh a dhéanfaidh a gcuid oibre níos éasca.
9.  
Cuirfidh an t-údarás inniúil de cheangal ar TLU nach mbeidh ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh aici na bearta nó na céimeanna is gá a dhéanamh go luath chun aghaidh a thabhairt ar an staid sin.
10.  

Forbróidh ÚEÚM i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn an méid a leanas a shonrú:

(a) 

an fhaisnéis a thabharfaidh TLU don údarás inniúil chun críocha an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1;

▼M4

(b) 

an fhaisnéis atá le soláthar ag an údarás inniúil i gcomhréir le mír 7;

▼B

(c) 

an fhaisnéis a thabharfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 8 dá chéile.

▼M4

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025.

▼B

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

11.  
Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a chinneadh maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 10 a sholáthar.

▼M4

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025.

▼B

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M4

Airteagal 22a

Pleananna don téarnamh agus don fhoirceannadh ordúil

1.  
Sainaithneoidh TLU cásanna a d’fhéadfadh cosc a chur air a chuid oibríochtaí agus seirbhísí criticiúla a sholáthar mar ghnóthas leantach agus déanfaidh sé measúnú ar éifeachtacht raoin iomláin roghanna maidir le téarnamh nó foirceannadh ordúil. Sna cásanna sin, cuirfear san áireamh na rioscaí éagsúla neamhspleácha agus gaolmhara a bhfuil an TLU neamhchosanta orthu. Ag úsáid na hanailíse sin, ullmhóidh TLU pleananna iomchuí le haghaidh a théarnaimh nó a fhoirceanta ordúil agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis inniúil iad.
2.  

Sna pleananna dá dtagraítear i mír 1, tabharfar aird ar mhéid, tábhacht shistéamach, cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí an TLU lena mbaineann agus beidh an méid seo a leanas ar a laghad iontu:

(a) 

achoimre shubstainteach ar na príomhstraitéisí téarnaimh nó foirceanta ordúil;

(b) 

sainaithint oibríochtaí agus sheirbhísí criticiúla an TLU;

(c) 

nósanna imeachta leordhóthanacha lena n-áirithítear go ndéantar caipiteal breise a chruinniú i gcásanna ina ndruideann caipiteal cothromais an TLU gar do na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 47(1) nó na dtiteann sé faoina mbun;

(d) 

nósanna imeachta leordhóthanacha lena n-áirithítear go ndéantar oibríochtaí agus seirbhísí an TLU a fhoirceannadh go hordúil nó a athstruchtúrú i gcás nach bhfuil an TLU in ann caipiteal nua a chruinniú;

(e) 

nósanna imeachta leordhóthanacha lena n-áirithítear go ndéantar sócmhainní na gcliant agus na rannpháirtithe a shocrú agus a aistriú go tráthúil agus go hordúil chuig TLU eile i gcás ina mbíonn sé dodhéanta go buan ag an TLU a chuid gníomhaíochtaí agus seirbhísí criticiúla a athbhunú;

(f) 

tuairisc ar na bearta is gá chun na príomhstraitéisí a chur chun feidhme.

3.  
Maidir leis an bhfaisnéis is gá chun na pleananna a chur chun feidhme ar bhonn tráthúil le linn cásanna struis, beidh sé de chumas ag TLU an fhaisnéis sin a shainaithint agus a sholáthar d’eintitis ghaolmhara.
4.  
Déanfaidh an comhlacht bainistíochta nó coiste iomchuí eile den chomhlacht bainistíochta an plean a fhormheas.
5.  
Déanfaidh TLU athbhreithniú ar na pleananna agus iad a nuashonrú go tráthrialta agus gach 2 bhliain ar a laghad. Soláthrófar gach nuashonrú ar na pleananna don údarás inniúil.
6.  
I gcás ina measann an t-údarás inniúil nach leor pleananna an TLU, féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal ar an TLU bearta breise a dhéanamh nó bearta malartacha a fhorbairt.
7.  
I gcás ina bhfuil TLU faoi réir Threoir 2014/59/AE agus ina ndéantar plean téarnaimh a tharraingt suas faoin Treoir sin, soláthróidh an TLU an plean téarnaimh sin don údarás inniúil.

I gcás ina ndéantar plean réitigh faoi Threoir 2014/59/AE, nó plean comhchosúil leis faoin dlí náisiúnta a bhfuil sé d’aidhm aige leanúnachas croísheirbhísí de chuid TLU a áirithiú, a bhunú agus a chothabháil do TLU, déanfaidh an t-údarás réitigh nó, i gcás nach ann d’údarás den sórt sin, an t-údarás inniúil ÚEUM a chur ar an eolas gurb ann do phlean den sórt sin.

I gcás ina bhfuil na gnéithe uile a liostaítear i mír 2 sa phlean téarnaimh agus sa phlean réitigh faoi Threoir 2014/59/AE, nó in aon phlean comhchosúil leis faoin dlí náisiúnta, ní cheanglófar ar an TLU na pleananna a ullmhú de bhun mhír 1.

▼B

Roinn 4

Soláthar seirbhísí I mBallstát eile

Airteagal 23

Saoirse chun seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile

1.  
Féadfaidh TLU údaraithe seirbhísí a sholáthar dá dtagraítear san Iarscríbhinn laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear trí bhrainse a chur ar bun, ar chuntar go gcumhdaítear na seirbhísí sin leis an údarú.

▼M4

2.  
Maidir le TLU údaraithe nó TLU a rinne iarratas ar údarú de bhun Airteagal 17 a bhfuil sé beartaithe aige na croísheirbhísí dá dtagraítear i Roinn A, pointí 1 agus 2, den Iarscríbhinn a sholáthar i ndáil le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit eile dá dtagraítear in Airteagal 49(1), an dara fomhír, pointe (a), nó a bhfuil sé beartaithe aige brainse a chur ar bun i mBallstát eile, beidh an TLU sin faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear i míreanna 3 go 9 den Airteagal seo. Ní fhéadfaidh an TLU seirbhísí den sórt sin a sholáthar ach amháin tar éis dó a bheith údaraithe de bhun Airteagal 17 agus tráth nach luaithe ná an dáta is infheidhme i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo.
3.  

Aon TLU a bhfuil sé beartaithe aige na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar den chéad uair i ndáil le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit eile dá dtagraítear in Airteagal 49(1), an dara fomhír, pointe (a), nó a bhfuil sé beartaithe aige raon na seirbhísí sin a sholáthraítear a athrú, déanfaidh sé an fhaisnéis seo a leanas a chur in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit baile:

(a) 

an Ballstát aíochta;

(b) 

clár oibríochtaí ina luaitear go háirithe na seirbhísí a bhfuil sé beartaithe ag an TLU iad a sholáthar, lena n-áirítear an cineál ionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí an Bhallstáit aíochta a bhfuil sé beartaithe ag an TLU seirbhísí den sórt sin a sholáthar ina leith;

(c) 

an t-airgeadra nó na hairgeadraí a bhfuil sé beartaithe ag an TLU é nó iad a phróiseáil;

(d) 

measúnú ar na bearta a bhfuil sé beartaithe ag an TLU iad a dhéanamh chun go mbeidh a chuid úsáideoirí in ann dlí an Bhallstáit aíochta dá dtagraítear in Airteagal 49(1), an dara fomhír, pointe (a), a chomhlíonadh i ndáil le scaireanna.

4.  

Maidir le TLU a bhfuil sé beartaithe aige brainse a chur ar bun i mBallstát eile den chéad uair nó raon na croísheirbhíse dá dtagraítear i Roinn A, pointe 1, den Iarscríbhinn, nó raon na croísheirbhíse dá dtagraítear i Roinn A, pointe 2, den Iarscríbhinn, a sholáthraítear trí bhrainse a athrú, cuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit baile:

(a) 

an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3, pointí (a), (b) agus (c);

(b) 

struchtúr eagraíochtúil an bhrainse agus ainmneacha na ndaoine sin atá freagrach as bainistiú an bhrainse;

(c) 

measúnú ar na bearta a bhfuil sé beartaithe ag an TLU iad a dhéanamh chun go mbeidh a chuid úsáideoirí in ann dlí an Bhallstáit aíochta dá dtagraítear in Airteagal 49(1), an dara fomhír, pointe (a), a chomhlíonadh i ndáil le scaireanna.

5.  
Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an measúnú dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), nó i mír 4, pointe (c), de réir mar is infheidhme, in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit aíochta gan moill mhíchuí. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta tuairim neamhcheangailteach maidir leis an measúnú sin a thabhairt d’údarás inniúil an Bhallstáit baile laistigh de 1 mhí amháin ón measúnú sin a fháil.
6.  
Laistigh de 2 mhí ón bhfaisnéis iomlán dá dtagraítear i mír 3, pointí (a), (b) agus (c), nó i mír 4, pointí (a) agus (b), de réir mar is infheidhme, a fháil, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an fhaisnéis sin in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit aíochta mura rud é, trí sholáthar na seirbhísí a bheartaítear a chur san áireamh, go bhfuil cúiseanna amhrais aige maidir le leordhóthanacht struchtúr riaracháin nó staid airgeadais an TLU a bhfuil sé beartaithe aige seirbhísí a sholáthar sa Bhallstát aíochta nó leordhóthanacht na mbeart a bhfuil sé beartaithe ag an TLU a dhéanamh i gcomhréir le mír 3, pointe (d), nó le mír 4, pointe (c), de réir mar is infheidhme. Laistigh den tréimhse sin, i gcás ina soláthraíonn an TLU seirbhísí do Bhallstáit aíochta eile cheana, lena n-áirítear trí bhrainse, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a ar an eolas freisin.

Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta údaráis ábhartha an Bhallstáit sin a chur ar an eolas, gan mhoill, faoi aon fhaisnéis a chuirtear in iúl faoin gcéad fhomhír.

Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an TLU ar an eolas láithreach faoi dháta tarchurtha na faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

7.  
I gcás ina gcinneann údarás inniúil an Bhallstáit baile, i gcomhréir le mír 6, gan an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 nó i mír 4, de réir mar is infheidhme, a chur in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit aíochta, soláthróidh sé na cúiseanna a bhí leis an diúltú sin don TLU lena mbaineann laistigh de 2 mhí ón bhfaisnéis sin a fháil agus cuirfidh sé údarás inniúil an Bhallstáit aíochta agus an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a ar an eolas faoina gcinneadh uaidh.
8.  
Féadfaidh an TLU tús a chur le seirbhísí a sholáthar nó brainse a chur ar bun dá dtagraítear i mír 2 15 lá féilire ar a luaithe tar éis an dáta a dhéanann údarás inniúil an Bhallstáit baile an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6, an chéad fhomhír, a chur in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit aíochta.
9.  
I gcás ina n-athraítear an fhaisnéis a leagtar amach sna doiciméid a thíolactar i gcomhréir le mír 3 nó le mír 4, de réir mar is infheidhme, tabharfaidh an TLU fógra i scríbhinn maidir leis an athrú sin d’údarás inniúil an Bhallstáit baile mí amháin ar a laghad sula gcuirtear an t-athrú chun feidhme. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile údarás inniúil an Bhallstáit aíochta agus an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a ar an eolas, gan mhoill, faoin athrú sin freisin.
10.  
Féadfaidh ÚEUM treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun raon feidhme an mheasúnaithe a cheanglaítear ar an TLU a sholáthar faoi mhír 3, pointe (d), agus faoi mhír 4, pointe (c), den Airteagal seo a shonrú.

▼B

Airteagal 24

Comhar idir údarás an Bhallstáit bhaile agus údaráis an Bhallstáit aíochta agus athbhreithniú piaraí

1.  
I gcás ina mbeidh TLU atá údaraithe i mBallstát amháin tar éis brainse a chur ar bun i mBallstát eile, rachaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile agus údarás inniúil an Bhallstáit aíochta i ndlúthchomhar lena chéile agus a gcuid dualgas dá bhforáiltear sa Rialachán seo á bhfeidhmiú acu, go háirithe agus cigireachtaí ar an láthair á ndéanamh acu sa bhrainse sin. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile agus údarás inniúil an Bhallstáit aíochta, agus na freagrachtaí atá orthu á bhfeidhmiú acu, cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh sa bhrainse sin tar éis údarás inniúil an Bhallstáit bhaile nó údarás inniúil an Bhallstáit aíochta faoi seach a chur ar an eolas.

▼M4

Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile cuireadh a thabhairt do bhaill foirne ó údaráis inniúla na mBallstát aíochta agus ó ÚEUM páirt a ghlacadh i gcigireachtaí ar an láthair.

Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile torthaí na gcigireachtaí ar an láthair agus aon fhaisnéis maidir le gníomhaíochtaí leasúcháin nó pionóis arna gcinneadh ag an údarás inniúil sin a tharchur chuig ÚEUM agus chuig an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a.

▼B

2.  
D’fhéadfadh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile nó údarás inniúil an Bhallstáit aíochta a cheangal ar TLUanna a sholáthróidh seirbhísí i gcomhréir le hAirteagal 23 tuairisciú dóibh go tréimhsiúil maidir lena gcuid gníomhaíochtaí sna Ballstáit aíochta sin, lena n-áirítear chun críche staidreamh a bhailiú. Arna iarraidh sin ag údarás inniúil an Bhallstáit bhaile, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta na tuarascálacha tréimhsiúla sin d’údaráis inniúla an Bhallstáit bhaile.

▼M4

3.  
Cuirfidh údarás inniúil Bhallstát baile an TLU in iúl, arna iarraidh sin d’údarás inniúil an Bhallstáit aíochta agus gan mhoill, céannacht na n-eisitheoirí atá bunaithe sa Bhallstát aíochta agus na rannpháirtithe a shealbhaíonn ionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí an Bhallstáit aíochta sna córais socraíochta urrús arna n-oibriú ag an TLU a sholáthraíonn croísheirbhísí dá dtagraítear i Roinn A, pointí 1 agus 2, den Iarscríbhinn i ndáil le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí an Bhallstáit aíochta, agus aon fhaisnéis ábhartha eile maidir le gníomhaíochtaí TLU a sholáthraíonn croísheirbhísí sa Bhallstát aíochta trí bhrainse a chur in iúl.

▼M4 —————

▼M4

5.  
I gcás ina bhfuil forais shoiléire inléirithe ag údarás inniúil an Bhallstáit aíochta chun a chreidiúint go bhfuil TLU a sholáthraíonn seirbhísí laistigh dá chríoch i gcomhréir le hAirteagal 23 ag sárú na n-oibleagáidí a eascraíonn as forálacha an Rialacháin seo, cuirfidh sé na torthaí sin in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit baile, do ÚEUM agus don choláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a.

I gcás ina leanann an TLU de ghníomhú de shárú ar na hoibleagáidí a eascraíonn as forálacha an Rialacháin seo, d’ainneoin na mbeart a rinne údarás inniúil an Bhallstáit baile, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta, tar éis dó údarás inniúil an Bhallstáit baile a chur ar an eolas, na bearta iomchuí uile is gá chun a áirithiú go gcomhlíontar forálacha an Rialacháin seo laistigh de chríoch an Bhallstáit aíochta. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta ÚEUM agus an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a ar an eolas faoi bhearta den sórt sin gan moill mhíchuí.

Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta nó údarás inniúil an Bhallstáit baile an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼B

6.  
Gan dochar d’Airteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC, eagróidh agus déanfaidh ÚEÚM, ar a laghad gach trí bliana, athbhreithniú piaraí ar an maoirseacht a dhéantar ar na TLUanna a bhaineann úsáid as an saoirse chun seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile i gcomhréir le hAirteagal 23 nó a ghlacann páirt i nasc idir-inoibritheach.

I gcomhthéacs an athbhreithnithe piaraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, iarrfaidh ÚEÚM, i gcás inarb iomchuí, tuairimí nó comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrús agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M4 —————

▼B

8.  
Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn foirmeacha caighdeánacha, teimpléid agus nósanna imeachta a bhunú don chomhar dá dtagraítear i mír 1, i mír 3 agus i mír 5.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M4

Airteagal 24a

Coláiste maoirseoirí

1.  
Bunóidh údarás inniúil an Bhallstáit baile coláiste maoirseoirí chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 8 a dhéanamh i ndáil le TLU a meastar tábhacht shuntasach a bheith ag baint lena ghníomhaíochtaí a mhéid a bhaineann le feidhmiú margaí urrús agus cosaint infheisteoirí in dhá Bhallstát aíochta ar a laghad.
2.  

Bunófar an coláiste laistigh de 1 mhí amháin ón dáta a tharlaíonn aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) 

cinneann údarás inniúil an Bhallstáit baile go bhfuil tábhacht shuntasach ag baint leis na gníomhaíochtaí a dhéanann TLU in dhá Bhallstát aíochta ar a laghad; nó

(b) 

tugann ceann de na heintitis a liostaítear i mír 4 fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit baile go bhfuil tábhacht shuntasach ag baint leis na gníomhaíochtaí a dhéanann an TLU in dhá Bhallstát aíochta ar a laghad.

3.  
Bainisteoidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an coláiste agus déanfaidh sé cathaoirleacht air.
4.  

Is é a bheidh sa choláiste:

(a) 

ÚEUM;

(b) 

údarás inniúil an Bhallstáit baile;

(c) 

na húdaráis ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 12;

(d) 

údaráis inniúla na mBallstát aíochta ina bhfuil tábhacht shuntasach ag baint le gníomhaíochtaí an TLU;

(e) 

ÚBE, i gcás inar údaraíodh an TLU de bhun Airteagal 54(3).

5.  
I gcás nach bhfuil tábhacht shuntasach ag baint le gníomhaíochtaí TLU dá mbunaítear coláiste i mBallstát ina bhfuil fochuideachta den ghrúpa céanna cuideachtaí leis an TLU, nó lena máthairghnóthas, bunaithe nó ina bhfuil an TLU dá mbunaítear an coláiste i dteideal seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile i gcomhréir le hAirteagal 23(2), beidh údarás inniúil agus údaráis ábhartha an Bhallstáit sin in ann a bheith rannpháirteach sa choláiste arna iarraidh sin dóibh.
6.  
Tabharfaidh an cathaoirleach fógra do ÚEUM faoi chomhdhéanamh an choláiste laistigh de 1 mhí amháin ó bhunú an choláiste agus faoi aon athrú ar a chomhdhéanamh laistigh de 1 mhí amháin ón athrú sin. Foilseoidh ÚEUM agus údarás inniúil an Bhallstáit baile gan moill mhíchuí liosta chomhaltaí an choláiste sin ar a suíomhanna gréasáin agus coinneoidh siad an liosta sin cothrom le dáta.
7.  
Féadfaidh údarás inniúil nach comhalta den choláiste é a iarraidh ar an gcoláiste aon fhaisnéis atá ábhartha maidir lena dhualgais mhaoirseachta a chomhlíonadh.
8.  

Déanfaidh an coláiste, gan dochar do fhreagrachtaí údarás inniúil faoin Rialachán seo, an méid seo a leanas a áirithiú:

(a) 

malartú faisnéise, lena n-áirítear iarrataí ar fhaisnéis de bhun Airteagail 13, 14 agus 15 agus faisnéis faoin bpróiseas athbhreithniúcháin agus meastóireachta de bhun Airteagal 22;

(b) 

maoirseacht éifeachtúil trí bhearta maoirseachta neamhriachtanacha dúblacha a sheachaint, amhail iarrataí ar fhaisnéis;

(c) 

comhaontú maidir le cúraimí a chur ar a chomhaltaí ar bhonn deonach;

(d) 

malartú faisnéise faoi sheachfhoinsiú údaraithe nó leathnú údaraithe gníomhaíochtaí agus seirbhísí faoi Airteagal 19;

(e) 

an comhar idir údaráis an Bhallstáit baile agus an Bhallstáit aíochta de bhun Airteagal 24 maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 23(3), pointe (d), agus maidir le haon saincheisteanna a thagann chun cinn i ndáil le seirbhísí a sholáthar i mBallstáit eile;

(f) 

malartú faisnéise faoi struchtúr an ghrúpa, faoin mbainistíocht shinsearach, faoin gcomhlacht bainistíochta agus faoi na scairshealbhóirí de bhun Airteagal 27;

(g) 

malartú faisnéise faoi phróisis nó socruithe a bhfuil tionchar suntasach acu ar rialachas nó ar bhainistiú riosca do na TLUnna atá sa ghrúpa.

9.  
Tionólfaidh an cathaoirleach cruinniú den choláiste uair sa bhliain ar a laghad nó arna iarraidh sin do chomhalta den choláiste.

Chun comhlíonadh na gcúraimí a shanntar don choláiste de bhun mhír 8 a éascú, féadfaidh comhaltaí den choláiste pointí a chur le clár oibre cruinnithe.

Féadfaidh an cathaoirleach cuireadh ar bhonn ad hoc a thabhairt do rannpháirtithe breise chuig pléití an choláiste ar thopaicí sonracha.

Féadfaidh comhaltaí coláiste seachas a chathaoirleach cinneadh gan páirt a glacadh i gcruinniú den choláiste.

10.  

Arna iarraidh sin d’aon duine dá chuid comhaltaí, glacfaidh an coláiste, i gcomhréir le mír 11, tuairimí neamhcheangailteacha i dtaca leis an méid seo a leanas:

(a) 

saincheisteanna a shainaithnítear le linn na bpróiseas athbhreithniúcháin agus meastóireachta de bhun Airteagal 22 nó 60;

(b) 

saincheisteanna a bhaineann le haon seachfhoinsiú nó leathnú gníomhaíochtaí agus seirbhísí faoi Airteagal 19; nó

(c) 

saincheisteanna a bhaineann le haon sárú a d’fhéadfadh a bheith ar an Rialachán seo ag eascairt as seirbhísí a sholáthar i mBallstát aíochta dá dtagraítear in Airteagal 24(5).

11.  
Glacfaidh an coláiste na tuairimí neamhcheangailteacha uaidh trí vótáil tromlaigh shimplí. Beidh cearta vótála ag na comhaltaí dá dtagraítear i mír 4, pointí (b), (c) agus (d). Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta ag a bhfuil ceart vótála. Maidir le comhaltaí ag a bhfuil ceart vótála a ghníomhaíonn i níos mó ná aon cháil amháin, lena n-áirítear mar údarás inniúil agus mar údarás ábhartha, beidh vóta amháin acu in aghaidh gach cáile ina ngníomhaíonn siad. Ní bheidh cearta vótála ag ÚBE ná ÚEUM.
12.  
Bunófar feidhmiú an choláiste ar chomhaontú i scríbhinn idir a chomhaltaí uile.

Leis an gcomhaontú sin, cinnfear na socruithe praiticiúla maidir le feidhmiú an choláiste, lena n-áirítear mionsonraí na rialacha maidir leis an gcumarsáid i measc chomhaltaí an choláiste, agus féadfar a chinneadh leis na cúraimí atá le cur orthu.

13.  
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir faoina bhféadfaí a mheas go mbaineann tábhacht shuntasach le gníomhaíochtaí TLU i mBallstát aíochta a mhéid a bhaineann le feidhmiú na margaí urrús agus cosaint infheisteoirí sa Bhallstát aíochta sin.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin .17 Eanáir 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼B

Roinn 5

Caidreamh le tríú tíortha

Airteagal 25

Tríú tíortha

1.  
Féadfaidh TLU i dtríú tír seirbhísí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a sholáthar i gcríoch an Aontais lena n-áirítear trí bhrainse a chur ar bun.
2.  
Gan dochar do mhír 1, maidir le TLU i dtríú tír a mbeidh sé i gceist aici na croísheirbhísí a sholáthar dá dtagraítear i bpointe 1 agus i bpointe 2 de Roinn A den Iarscríbhinn i ndáil le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 49(1) nó brainse a chur ar bun i mBallstát, beidh an TLU sin faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear i mír 4 go mír 11 den Airteagal seo.
3.  
TLU a bhunaítear agus a údaraítear san Aontas, féadfaidh sí nasc a choinneáil nó a bhunú le TLU i dtríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 48.
4.  

Tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis dá dtagraítear i mír 5, féadfaidh ÚEÚM aitheantas a thabhairt do TLU i dtríú tír a chuir isteach ar aitheantas a fháil chun na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go bhfuil cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 9;

(b) 

go bhfuil TLU sa tríú tír faoi réir údarú, maoirsiú agus maoirseachta atá éifeachtach nó, más é banc ceannais a fheidhmíonn an córas socraíochta urrús, tá an taisclann sin faoi réir maoirseachta, lena n-áirithítear go ndéanfar na ceanglais stuamachta is infheidhme sa tríú tír sin a chomhlíonadh go hiomlán;

(c) 

go bhfuil socruithe comhair bunaithe idir ÚEÚM agus na húdaráis sa tríú tír sin atá freagrach (“udaráis sa tríu tír atá freagrach”) de bhun mhír 10;

(d) 

go ndéanann TLU sa tríú tír na bearta is gá, nuair is ábhartha, lena mbeidh a cuid úsáideoirí in ann dlíthe a chomhlíonadh, ar dlíthe ábhartha náisiúnta an Bhallstáit sin iad ina mbeidh sé i gceist ag TLU sa tríú tír seirbhísí de chuid TLU a sholáthar, lena n-áirítear na dlíthe dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 49(1), agus tá leordhóthanacht na mbeart sin dearbhaithe ag na húdaráis inniúla sa Bhallstáit sin ina mbeidh sé i gceist ag TLU sa tríú tír seirbhísí de chuid TLU a sholáthar;

▼M4

(e) 

go bhfuil an TLU tríú tír bunaithe nó údaraithe i dtríú tír nach sainaithnítear mar thríú tír ardriosca sna gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ).

▼B

5.  

Agus measúnú á dhéanamh aige an gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear in mír 4, rachaidh ÚEÚM i gcomhairle leis na údaráis seo a leanas:

(a) 

údaráis inniúla na mBallstát sin ina mbeidh sé i gceist ag TLU sa tríú tír seirbhísí TLU a sholáthar, go háirithe maidir leis an gcaoi a mbeidh sé i gceist ag an TLU sa tríú tír an ceanglas dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 4 a chomhlíonadh;

(b) 

na húdaráis ábhartha;

(c) 

na húdaráis atá freagrach sa tríú tír a bhfuil cúram orthu TLUanna a údarú agus a mhaoirsiú.

6.  
Cuirfidh TLU sa tríú tír dá dtagraítear i mír 2 a hiarratas ar aitheantas faoi bhráid ÚEÚM.

Soláthróidh TLU is iarratasóir an fhaisnéis uile a mheasfar a bheith riachtanach maidir lena haitheantas do ÚEÚM. Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ÚEÚM measúnú féachaint an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura mbeidh an t-iarratas comhlánaithe, leagfaidh ÚEÚM teorainn ama síos faoina gcaithfidh TLU is iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar.

Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát sin ina mbeidh sé i gceist ag TLU sa tríú tír seirbhísí TLU a sholáthar measúnú ar na dlíthe dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 4 a bheith á gcomhlíonadh ag TLU sa tríú tír agus cuirfidh sí cinneadh lánréasúnaithe in iúl do ÚEÚM an bhfuil an comhlíonadh ann nó gan a bheith ann laistigh de thrí mhí ón dáta a bhfaightear an fhaisnéis uile is gá ó ÚEÚM.

Is ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i mír 4 a dhéanfar an cinneadh faoin aitheantas.

▼M4

Laistigh de 6 mhí ó iarratas iomlán a bheith curtha isteach nó ó chinneadh coibhéise a bheith glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 9, cibé acu is déanaí, cuirfidh ÚEUM in iúl i scríbhinn, le cinneadh lánréasúnaithe, don TLU is iarratasóir ar deonaíodh an t-aitheantas nó ar diúltaíodh é.

▼B

7.  

Údaráis inniúla na mBallstát sin - ina ndéanfaidh TLU sa tríú tír, agus aitheantas cuí tugtha dó faoi mhír 4, seirbhísí TLU a sholáthar - i ndlúthchomhar le ÚEÚM, féadfaidh siad a iarraidh ar na húdaráis fhreagracha sa tríú tír an méid a leanas a dhéanamh:

(a) 

tuarascáil a thabhairt ó am go chéile ar ghníomhaíochtaí TLU an tríú tír sna Ballstáit aíochta sin, lena n-áirítear chun staidreamh a bhailiú;

(b) 

céannacht na n-eisitheoirí agus na rannpháirtithe a chur in iúl, laistigh de thréimhse iomchuí, do na córais socraíochta urrús a oibreoidh an TLU sin sa tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí sa Bhallstát aíochta sin chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh TLU an tríú tír sin sa Bhallstát aíochta.

8.  
Tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis dá dtagraítear i mír 5, déanfaidh ÚEÚM athbhreithniú ar aitheantas a thabhairt don TLU sa tríú tír i gcás ina gcuirfidh an TLU sin síneadh san Aontas lena cuid seirbhísí faoin nós imeachta a leagtar amach i mír 4, i mír 5 agus i mír 6.

Tarraingeoidh ÚEÚM siar an t-aitheantas don TLU sin i gcás nach mbeidh na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 á gcomhlíonadh a thuilleadh nó sna dálaí dá dtagraítear in Airteagal 20.

9.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcinnfear go n-áirithítear le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta tríú tír go gcomhlíonfaidh na TLUanna atá údaraithe sa tríú tír sin ceanglais atá ceangailteach de réir dlí agus atá coibhéiseach, go bunúsach, leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, go bhfuil na TLUanna sin faoi réir maoirsiú, maoirseachta agus forfheidhmiú a bheidh éifeachtach ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin agus go ndéanfar foráil le creat dlíthiúil na tríú tíre sin do chóras coibhéiseach éifeachtach chun na TLUanna a údarófar faoi chórais dhlíthiúla tríú tíortha a aithint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir le an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

Sa chinntiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an Coimisiún a mheas freisin an léirítear na caighdeáin CPSS-IOSCO sin a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta leis na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta tríú tír, sa mhéid nach mbeidh na caighdeáin sin ag teacht salach ar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.

10.  

I gcomhréir le hAirteagal 33(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, bunóidh ÚEÚM socruithe comhair le húdaráis fhreagracha na dtríú tíortha a n-aithneofar go bhfuil a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach leis an Rialachán seo i gcomhréir le mír 9. Sonróidh na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a) 

an sásra don mhalartú faisnéise idir ÚEÚM, na húdaráis inniúla an Bhallstáit aíochta agus na húdaráis fhreagracha, lena n-áirítear rochtain ar gach faisnéis a iarrfaidh ÚEÚM faoi na TLUanna a údarófar i dtríú tíortha agus go háirithe rochtain ar fhaisnéis i gcásanna dá dtagraítear i mír 7;

(b) 

an sásra chun fógra pras a thabhairt do ÚEÚM i gcás ina measfaidh údarás freagrach go bhfuil coinníollacha a údaraithe nó dlí eile is infheidhme á sárú ag TLU a mbeidh maoirseacht á déanamh ag an údarás inniúil uirthi;

(c) 

na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cigireachtaí ar an láthair.

I gcás ina bhforálfar d’aistrithe sonraí pearsanta ag Ballstát i gcomhaontú comhair, comhlíonfar forálacha Threoir 95/46/CE agus na haistrithe sin á ndéanamh agus i gcás ina bhforálfar d’aistrithe sonraí pearsanta ag ÚEÚM i gcomhaontú comhair, comhlíonfar forálacha Rialachán (AE) Uimh. 45/2001 agus na haistrithe sin á ndéanamh.

11.  
I gcás ina n-aithneofar TLU i dtríú tír, i gcomhréir le mír 4 go mír 8, féadfaidh sí seirbhísí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a sholáthar i gcríoch an Aontais lena n-áirítear trí bhrainse a chur ar bun.
12.  
Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn an fhaisnéis a shonrú a sholáthróidh TLU is iarratasóir do ÚEÚM san iarratas a dhéanfaidh sí ar aitheantas faoi mhír 6.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M4

13.  

Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le soláthar ag an TLU tríú tír do ÚEUM san fhógra dá dtagraítear i mír 2a. Beidh faisnéis den sórt sin teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme agus ina bhfuil sé ar fáil, an méid seo a leanas:

(a) 

líon na rannpháirtithe atá lonnaithe san Aontas dá soláthraíonn an TLU tríú tír na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2a nó dá bhfuil sé beartaithe aige na seirbhísí sin a sholáthar;

(b) 

líon agus méid na n-idirbheart in ionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit agus a socraíodh le linn na bliana roimhe sin;

(c) 

líon agus méid na n-idirbheart a shocraigh rannpháirtithe ón Aontas le linn na bliana roimhe sin.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼B

CAIBIDIL II

Ceanglais maidir le TLUanna

Roinn 1

Ceanglais eagraíochtúla

Airteagal 26

Forálacha ginearálta

1.  
Beidh socruithe stóinseacha rialachais ag TLU, lena n-áireofar struchtúr soiléir eagraíochtúil a mbeidh freagrachtaí dea-shainithe, trédhearcacha agus comhsheasmhacha ann, próisis éifeachtacha chun rioscaí a mbeidh sí nó a bhféadfadh sí a bheith nochta dóibh a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu, mar aon le beartais leordhóthanacha luacha saothair agus sásraí leordhóthanacha um rialú inmheánach, lena n-áirítear nósanna imeachta fónta ó thaobh an riaracháin agus na cuntasaíochta de.
2.  
Glacfaidh TLU beartais agus nósanna imeachta a bheidh sách éifeachtach chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear forálacha uile an Rialacháin seo a bheith á gcomhlíonadh ag a bainisteoirí agus a fostaithe.

▼M4

I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag TLU seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar do TLUnna eile de bhun Airteagal 54(2a), an chéad fhomhír, pointe (b), beidh rialacha agus nósanna imeachta soiléire i bhfeidhm ag an TLU sin lena dtugtar aghaidh ar choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann agus lena maolaítear an riosca go gcaithfear go hidirdhealaitheach leis na TLUnna eile sin agus lena rannpháirtithe.

▼M4

3.  

Déanfaidh TLU socruithe eagraíochtúla agus riaracháin éifeachtacha i scríbhinn a chothabháil agus a oibriú chun aon choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann idir a rannpháirtithe nó a gcliaint agus an TLU féin a shainaithint agus a bhainistiú, lena n-áirítear:

(a) 

bainisteoirí an TLU;

(b) 

fostaithe an TLU;

(c) 

comhaltaí chomhlacht bainistíochta an TLU;

(d) 

aon duine a bhfuil rialú díreach nó indíreach aige nó aici ar an TLU;

(e) 

aon duine a bhfuil dlúthnaisc aige nó aici le haon duine de na daoine a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c); agus

(f) 

aon duine a bhfuil dlúthnaisc aige nó aici leis an TLU féin.

Déanfaidh TLU nósanna imeachta leordhóthanacha maidir le réiteach a chothabháil agus a chur chun feidhme i gcás ina dtagann coinbhleachtaí leasa féideartha chun cinn.

▼B

4.  
Cuirfidh TLU a socruithe rialachais agus na rialacha lena rialaítear a gníomhaíocht ar fáil don phobal.
5.  
Beidh nósanna imeachta iomchuí ag TLU le go bhféadfaidh a fostaithe sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú go hinmheánach ar bhealach sonrach.
6.  
Déanfar iniúchtaí rialta agus neamhspleácha ar thaisclann lárnach urrús. Cuirfear torthaí na n-iniúchtaí sin in iúl don chomhlacht bainistíochta gan mhoill agus cuirfear ar fáil iad don údarás inniúil agus, i gcás inarb iomchuí, agus coinbhleachtaí leasa féideartha idir comhaltaí an choiste úsáideoirí agus TLU á gcur san áireamh, don choiste úsáideoirí.
7.  
I gcás ina mbeidh TLU mar chuid de ghrúpa gnóthas a mbeidh, go háirithe, TLUanna eile agus institiúidí creidmheasa dá dtagraítear i dTeideal IV, ina measc, glacfaidh sí beartais agus nósanna imeachta mionsonraithe ina sonrófar an chaoi ina mbeidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo maidir leis an ngrúpa agus maidir le heintitis éagsúla an ghrúpa.
8.  

Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar ar leibhéal TLUanna agus ar leibhéal an ghrúpa dá dtagraítear i mír 7:

(a) 

na huirlisí faireacháin maidir le rioscaí TLUanna dá dtagraítear i mír 1;

(b) 

freagrachtaí an phríomhphearsanra i leith rioscaí TLUanna dá dtagraítear i mír 1;

(c) 

na coinbhleachtaí leasa féideartha dá dtagraítear i mír 3;

(d) 

na modhanna iniúchta dá dtagraítear i mír 6 ar leibhéal TLU agus ar leibhéal an ghrúpa; agus

(e) 

na cúinsí ina mbeadh sé iomchuí torthaí iniúchta a roinnt leis an gcoiste úsáideoirí i gcomhréir le mír 6, agus na coinbhleachtaí leasa féideartha idir comhaltaí an choiste úsáideoirí agus TLU á gcur san áireamh.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼M4

9.  
Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun mionsonraí na rialacha agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír, a shonrú a thuilleadh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

▼B

Airteagal 27

An bhainistíocht shinsearach, an comhlacht bainistíochta agus na scairshealbhóirí

1.  
Beidh dea-cháil ar lucht bainistíochta sinsearaí taisclainne lárnaí urrús agus beidh a ndóthain taithí acu le háirithiú go ndéanfar bainistiú fónta stuama ar an TLU.
2.  
Beidh comhlacht bainistíochta ag TLU a mbeidh aon trian ar a laghad dá chomhaltaí, beirt chomhaltaí ar a laghad, neamhspleách.

▼M4

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn comhalta neamhspleách den bhord bainistíochta comhalta den bhord bainistíochta nach bhfuil gaol gnó, gaol teaghlaigh nó gaol eile aige nó aici a bheadh ina chúis coinbhleachta leasa maidir leis an TLU lena mbaineann nó lena scairshealbhóirí rialaithe, lena lucht bainistíochta nó lena rannpháirtithe, agus nach raibh gaol mar sin aige nó aici le linn na 5 bliana sula raibh sé ina chomhalta den bhord nó sula raibh sí ina comhalta den bhord.

▼B

3.  
Ní bheidh luach saothair na gcomhaltaí neamhspleácha ná na gcomhaltaí neamhfheidhmiúcháin eile den chomhlacht bainistíochta nasctha le feidhmíocht ghnó an TLU.
4.  
Beidh comhaltaí oiriúnacha ar an gcomhlacht bainistíochta a mbeidh dea-cháil orthu i gcoitinne agus a mbeidh meascán iomchuí scileanna, taithí agus eolais acu ar an eintiteas agus ar an margadh. Cinnfidh comhaltaí neamhfheidhmiúcháin an chomhlachta bainistíochta maidir le spriocuimhir ó thaobh ionadaíocht a dhéanamh ar an inscne tearcionadaithe sa chomhlacht bainistíochta agus ullmhóidh siad beartas faoin gcaoi a mhéadófaí líon na ndaoine den inscne tearcionadaithe d’fhonn an sprioc sin a chomhlíonadh. Cuirfear an spriocuimhir sin, an beartas sin agus cur chun feidhme an bheartais sin ar fáil don phobal.
5.  
Cinnfidh TLU róil agus freagrachtaí an chomhlachta bainistíochta go soiléir agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ábhartha. Cuirfidh TLU miontuairiscí chruinnithe an chomhlachta bainistíochta ar fáil don údarás bainistíochta agus don iniúchóir má iarrtar sin.

▼M4

6.  
Ní údaróidh an t-údarás inniúil TLU ach amháin má tá sé curtha ar an eolas faoi chéannacht na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí, cibé acu an scairshealbhóirí díreacha nó indíreacha nó comhaltaí díreacha nó indíreacha iad nó an daoine nádúrtha nó dlítheanacha iad, ag a bhfuil sealúchais cháilitheacha sa TLU agus faoi mhéideanna na sealúchas sin.
7.  
Diúltóidh an t-údarás inniúil TLU a údarú mura deimhin leis oiriúnacht na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí ag a bhfuil sealúchais cháilitheacha sa TLU, ag cur san áireamh an gá atá le bainistiú fónta stuama an TLU a áirithiú.
8.  
I gcás ina bhfuil dlúthnaisc idir an TLU agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile, ní dheonóidh an t-údarás inniúil údarú ach amháin i gcás nach gcuirfidh na naisc sin cosc ar fheidhmeanna maoirseachta an údaráis inniúil a fheidhmiú go héifeachtach.
9.  
I gcás ina n-imríonn na daoine dá dtagraítear i mír 6 tionchar ar dócha é go ndéanfaidh sé dochar do bhainistiú fónta stuama an TLU, déanfaidh an t-údarás inniúil bearta iomchuí chun deireadh a chur leis an staid sin, agus féadfar tarraingt siar údarú an TLU a bheith san áireamh sna bearta sin.
10.  
Diúltóidh an t-údarás inniúil údarú a dheonú i gcás ina ndéantar le forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin tríú tír lena rialaítear duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó níos mó a bhfuil dlúthnaisc ag an TLU leis nó leo, nó le deacrachtaí a bhaineann le forfheidhmiú na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin sin, cosc a chur ar fheidhmeanna maoirseachta an údaráis inniúil a fheidhmiú go héifeachtach.
11.  

Déanfaidh TLU an méid seo a leanas, gan mhoill:

(a) 

faisnéis a sholáthar don údarás inniúil maidir le húinéireacht an TLU, agus, go háirithe, maidir le céannacht agus scála leasanna aon duine ag a bhfuil sealúchas cáilitheach sa TLU;

(b) 

an méid seo a leanas a phoibliú:

(i) 

an fhaisnéis a sholáthraítear don údarás inniúil faoi phointe (a); agus

(ii) 

aistriú ceart úinéireachta as a dtagann athrú ar rialú an TLU mar thoradh air.

▼M4

Airteagal 27a

Faisnéis d’údaráis inniúla

1.  
Tabharfaidh TLU fógra dá údarás inniúil faoi aon athruithe ar a bhainistíocht agus soláthróidh sé an fhaisnéis uile is gá don údarás inniúil chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann sé Airteagal 27(1) go (5).

I gcás inar dócha go ndéanfaidh iompar comhalta den chomhlacht bainistíochta dochar do bhainistiú fónta stuama an TLU, déanfaidh an t-údarás inniúil bearta is iomchuí, a bhféadfar an comhalta sin a bhriseadh ón gcomhlacht bainistíochta a bheith ar áireamh iontu.

2.  
Aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon daoine den sórt sin ag gníomhú de chomhbheart dóibh (‘an faighteoir beartaithe’), a bhfuil cinneadh déanta acu sealúchas cáilitheach in TLU a fháil, go díreach nó go hindíreach, nó sealúchas cáilitheach den sórt sin in TLU a mhéadú a thuilleadh, go díreach nó go hindíreach, a d’fhágfadh go mbainfeadh an sciar de chearta vótála nó den chaipiteal arna shealbhú 10 %, 20 %, 30 % nó 50 % amach nó go sáródh sé na céatadáin sin nó a d’fhágfadh go dtiocfadh an TLU chun bheith ina fhochuideachta (‘an éadáil bheartaithe’), tabharfaidh duine den sórt sin fógra i scríbhinn d’údarás inniúil an TLU sin ar dtús faoi sin, lena léirítear méid an tsealúchais atá beartaithe agus an fhaisnéis ábhartha, dá dtagraítear in Airteagal 27b(4).

Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cinneadh déanta aige nó aici sealúchas cáilitheach in TLU a dhiúscairt go díreach nó go hindíreach (‘an díoltóir beartaithe’), tabharfaidh duine den sórt sin fógra i scríbhinn don údarás inniúil ar dtús faoi sin, lena léirítear méid sealúchais den sórt sin. Tabharfaidh duine den sórt sin fógra don údarás inniúil ar an mbealach céanna i gcás ina bhfuil cinneadh déanta aige nó aici sealúchas cáilitheach a laghdú ionas go dtitfeadh an sciar de na cearta vótála nó den chaipiteal arna shealbhú faoi bhun 10 %, 20 %, 30 % nó 50 % nó ionas go scoirfeadh an TLU de bheith mar fhochuideachta an duine sin.

3.  
Ar shlí phras agus in aon chás laistigh de 2 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear i mír 2 agus ón bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a fháil, admhóidh an t-údarás inniúil i scríbhinn chuig an bhfaighteoir beartaithe nó chuig an díoltóir beartaithe go bhfuil an méid sin faighte aige.

Beidh 60 lá oibre ar a mhéad ag an údarás inniúil tar éis an dáta a admhaíodh i scríbhinn go bhfuarthas an fógra agus na doiciméid ar fad is gá a chur leis an bhfógra ar bhonn an liosta dá dtagraítear in Airteagal 27b(4) (‘an tréimhse um measúnú’), chun an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 27b(1) (‘an measúnú’) a dhéanamh.

Cuirfidh an t-údarás inniúil an faighteoir beartaithe nó an díoltóir beartaithe ar an eolas faoi dháta éaga na tréimhse um measúnú tráth a n-admhaítear go bhfuarthas an fógra.

4.  
Maidir le haon fhaisnéis bhreise is gá chun an measúnú a chríochnú, féadfaidh an t-údarás inniúil, le linn na tréimhse um measúnú, ach tráth nach déanaí ná an 50ú lá oibre den tréimhse um measúnú, faisnéis den sórt sin a iarraidh. Déanfar iarraidh den sórt sin i scríbhinn agus sonrófar an fhaisnéis bhreise is gá inti.

Cuirfear an tréimhse um measúnú ar fionraí ar feadh na tréimhse idir dáta na hiarrata ar fhaisnéis ón údarás inniúil agus an dáta a gheobhaidh an faighteoir beartaithe freagra uirthi. Ní rachaidh an fhionraí thar 20 lá oibre ar a mhéad. Beidh sé de rogha ag an údarás inniúil iarrataí breise a dhéanamh ar chomhlánú nó ar shoiléiriú faisnéise ach ní chuirfear an tréimhse um measúnú ar fionraí dá mbarr.

5.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh suas le 30 lá oibre a chur leis an bhfionraí dá dtagraítear i mír 4, an dara fomhír, i gcás ina bhfuil an faighteoir beartaithe lonnaithe nó á rialáil lasmuigh den Aontas nó inar duine nádúrtha nó dlítheanach é nó í nach bhfuil faoi réir maoirseacht faoin Rialachán seo nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó faoi Threoir 2009/65/CE ( 6 ), 2009/138/CE ( 7 ) nó 2011/61/AE ( 8 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó faoi Threoir 2013/36/AE nó 2014/65/AE.
6.  
I gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil, ar chríochnú an mheasúnaithe, cur i gcoinne na héadála beartaithe, cuirfidh sé an faighteoir beartaithe ar an eolas faoi i scríbhinn agus tabharfaidh sé na cúiseanna leis an gcinneadh sin laistigh de 2 lá oibre agus gan an tréimhse um measúnú a shárú. Faoi réir an dlí náisiúnta, féadfar ráiteas iomchuí faoi na cúiseanna leis an gcinneadh a chur ar fáil don phobal arna iarraidh sin don fhaighteoir beartaithe. Mar sin féin, féadfaidh údarás inniúil nochtadh den sórt sin a dhéanamh freisin in éagmais iarraidh ón bhfaighteoir beartaithe sa chás go bhforáiltear dá leithéid sin sa dlí náisiúnta.
7.  
I gcás nach gcuireann an t-údarás inniúil i gcoinne na héadála beartaithe le linn na tréimhse um measúnú, measfar an éadáil bheartaithe a bheith formheasta.
8.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil uastréimhse a shocrú chun an éadáil bheartaithe a thabhairt i gcrích agus féadfaidh sé síneadh a chur leis an tréimhse sin i gcás inarb iomchuí.
9.  
Ní fhorchuirfidh na Ballstáit ceanglais atá níos déine ná na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le fógra a thabhairt don údarás inniúil faoi chearta vótála nó caipiteal a fháil go díreach nó go hindíreach agus maidir le formheas a fháil ina leith uaidh.

Airteagal 27b

Measúnú

1.  

Agus measúnú á dhéanamh ag an údarás inniúil ar an bhfógra dá bhforáiltear in Airteagal 27a(2) agus ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27a(4), chun bainistiú fónta stuama an TLU ina bhfuil éadáil beartaithe a áirithiú agus ag féachaint don tionchar is dócha a bheidh ag an bhfaighteoir beartaithe ar an TLU, déanfaidh an t-údarás inniúil oiriúnacht an fhaighteora bheartaithe agus fóntacht airgeadais na héadála beartaithe a mheasúnú de réir an mhéid seo a leanas:

(a) 

cáil agus fóntacht airgeadais an fhaighteora bheartaithe;

(b) 

cáil, eolas, scileanna agus taithí aon duine a stiúrfaidh gnó an TLU mar thoradh ar an éadáil bheartaithe;

(c) 

an mbeidh an TLU in ann an Rialachán seo a chomhlíonadh agus leanúint dá chomhlíonadh;

(d) 

an bhfuil forais réasúnta ann le bheith in amhras go bhfuil nó go raibh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1 de Threoir (AE) 2015/849 ar bun i ndáil leis an éadáil bheartaithe, nó go bhfuil iarracht á déanamh nó go ndearnadh iarracht an méid sin a dhéanamh, nó go bhféadfadh go méadófaí an riosca ina leith leis an éadáil bheartaithe.

Agus measúnú á dhéanamh aige ar fhóntacht airgeadais an fhaighteora bheartaithe, tabharfaidh an t-údarás inniúil aird ar leith ar an gcineál gnó atá á dhéanamh agus atá ar intinn a dhéanamh sa TLU ina bhfuil an éadáil beartaithe.

Agus measúnú á dhéanamh aige ar chumas an TLU an Rialachán seo a chomhlíonadh, tabharfaidh an t-údarás inniúil aird ar leith ar cé acu atá nó nach bhfuil struchtúr ag an ngrúpa a mbeidh sé páirteach ann lena mbeifear in ann maoirseacht éifeachtach a dhéanamh, faisnéis a mhalartú go héifeachtach idir na húdaráis inniúla agus leithdháileadh na bhfreagrachtaí ar na húdaráis inniúla a chinneadh.

2.  
Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla cur i gcoinne na héadála beartaithe ach amháin i gcás ina bhfuil forais réasúnta ann le déanamh amhlaidh ar bhonn na gcritéar a leagtar amach i mír 1 nó i gcás nár sholáthair an faighteoir beartaithe faisnéis iomlán.
3.  
Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon réamhchoinníoll maidir le leibhéal an tsealúchais atá le fáil ná ní cheadóidh siad dá n-údaráis inniúla an éadáil bheartaithe a scrúdú i dtaca le riachtanais eacnamaíocha an mhargaidh.
4.  
Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don phobal liosta ina sonraítear an fhaisnéis is gá chun an measúnú a dhéanamh agus a sholáthrófar do na húdaráis inniúla tráth a dtabharfar an fógra dá dtagraítear in Airteagal 27a(2). Beidh an fhaisnéis is gá comhréireach agus beidh sí oiriúnaithe do chineál an fhaighteora bheartaithe agus na héadála beartaithe. Ní éileoidh na Ballstáit faisnéis nach bhfuil ábhartha chun measúnú stuamachta a dhéanamh.
5.  
D’ainneoin Airteagal 27a(2) go (5), i gcás inar tugadh fógra don údarás inniúil faoi dhá thogra nó níos mó chun sealúchais cháilitheacha a fháil nó a mhéadú sa TLU céanna, caithfidh an t-údarás inniúil leis na faighteoirí beartaithe ar bhealach neamh-idirdhealaitheach.
6.  
Aon fhaisnéis atá riachtanach nó atá ábhartha don mheasúnú, soláthróidh na húdaráis inniúla dá chéile í gan aon mhoill mhíchuí. Cuirfidh na húdaráis inniúla, arna iarraidh sin orthu, an fhaisnéis ábhartha ar fad in iúl dá chéile agus cuirfidh siad an fhaisnéis riachtanach ar fad in iúl ar a dtionscnamh féin. Léireofar i gcinneadh ón údarás inniúil lenar údaraíodh an TLU ina bhfuil an éadáil beartaithe aon tuairimí nó forchoimeádais a chuir an t-údarás inniúil atá freagrach as an bhfaighteoir beartaithe in iúl, léireofar iad.
7.  
Déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 maidir leis an measúnú ar oiriúnacht aon duine a stiúrfaidh gnó TLU, agus maidir leis na rialacha nós imeachta agus na critéir mheastóireachta chun measúnú stuamachta a dhéanamh ar éadálacha díreacha nó indíreacha sealúchas in TLUnna agus ar mhéaduithe ar shealúchais in TLUnna.

Airteagal 27c

Maolú le haghaidh TLUnna a sholáthraíonn seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta

Ní bheidh feidhm ag Airteagail 27a agus 27b maidir le TLU a údaraíodh de bhun Airteagal 54(3) agus atá faoi réir Threoir 2013/36/AE.

▼B

Airteagal 28

Coiste Úsáideoirí

1.  
Bunóidh TLU coistí úsáideoirí le haghaidh gach córais socraíochta urrús a oibreoidh sí ar a mbeidh ionadaithe eisitheoirí na gcóras socraíochta urrús sin agus a rannpháirtithe. Beidh comhairle an choiste úsáideoirí neamhspleách ar aon tionchar díreach ó lucht bainistíochta an TLU.
2.  
Saineoidh TLU, ar bhealach neamhidirdhealaitheach, an sainordú do gach coiste úsáideoirí a bhunófar, na socruithe rialachais is gá chun a neamhspleáchas agus a nósanna imeachta oibriúcháin a áirithiú, na critéir iontrála agus an sásra toghcháin le haghaidh chomhaltaí an choiste úsáideoirí. Beidh na socruithe rialachais ar fáil don phobal, agus áiritheofar leo go dtuairisceoidh an coiste úsáideoirí go díreach don chomhlacht bainistíochta agus go reáchtálfaidh sé cruinnithe rialta.

▼M4

3.  
Cuirfidh coistí úsáideoirí comhairle ar an gcomhlacht bainistíochta maidir leis na príomhshocruithe a mbíonn tionchar acu ar a gcomhaltaí, lena n-áirítear na critéir chun glacadh le heisitheoirí nó rannpháirtithe ina gcórais socraíochta urrús faoi seach agus ar leibhéal seirbhíse. Le leibhéal seirbhíse, áirítear rogha an tsocraithe imréitigh agus socraíochta, struchtúr oibriúcháin an TLU, raon feidhme táirgí a shocraítear nó a thaifeadtar, úsáid teicneolaíochta le haghaidh oibríochtaí an TLU agus nósanna imeachta ábhartha.

▼B

4.  
Féadfaidh na coistí úsáideoirí tuairim neamhcheangailteach a chur faoi bhráid an chomhlachta bainistíochta ina mbeidh na cúiseanna mionsonraithe maidir le struchtúir phraghsála an TLU.
5.  
Gan dochar do cheart na n-údarás inniúil a bheith curtha ar an eolas mar is cuí, beidh comhaltaí na gcoistí úsáideoirí faoi cheangal ag forálacha rúndachta. I gcás ina gcinnfidh cathaoirleach an choiste úsáideoirí go bhfuil coinbhleacht leasa nó go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ag comhalta i ndáil le ceist ar leith, ní bheidh cead ag an gcomhalta sin vótáil ar an gceist sin.
6.  
Cuirfidh TLU an t-údarás inniúil agus an coiste úsáideoirí ar an eolas gan mhoill faoi aon chinneadh lena gcinnfidh an comhlacht bainistíochta gan comhairle de chuid an choiste úsáideoirí a leanúint. Féadfaidh an coiste úsáideoirí an t-údarás inniúil a chur ar an eolas faoi aon réimse ina mheasann sé nár leanadh comhairle de chuid an choiste úsáideoirí.

Airteagal 29

Taifid a choinneáil

1.  
Coimeádfaidh TLU a taifid ar fad ar na seirbhísí agus ar na gníomhaíochtaí ar feadh deich mbliana ar a laghad, lena n-áirítear na taifid ar na seirbhísí coimhdeacha dá dtagraítear i Roinn B agus Roinn C den Iarscríbhinn, ionas go bhféadfaidh an t-údarás inniúil faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas faoin Rialachán seo.

▼M4

1a.  
Cuirfidh TLU de cheangal ar eisitheoirí aitheantóir bailí eintitis dhlítheanaigh (LEI) a fháil agus a tharchur chuig an TLU.

▼B

2.  
Cuirfidh TLU na taifid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil ar iarratas don údarás inniúil agus do na húdaráis ábhartha agus d’aon údarás poiblí eile a bhfuil sé de chumhacht aige, faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta a Ballstáit bhaile, rochtain ar thaifid den sórt sin a cheangal chun a sainordú a chomhlíonadh.
3.  
Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonraí na dtaifead dá dtagraítear i mír 1 a shonrú, ar taifid iad a choimeádfar d’fhonn faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Rialacháin seo ag TLUanna.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.  
Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáid na dtaifead dá dtagraítear i mír 1 a bhunú, ar taifid iad a choimeádfar d’fhonn faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Rialacháin seo ag TLUanna.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2015.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 30

Eisfhoinsiú

1.  

I gcás ina ndéanfaidh TLU seirbhísí nó gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú chuig tríú páirtí, leanfaidh sí de bheith freagrach go hiomlán as a hoibleagáidí go léir a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus comhlíonfaidh sí na coinníollacha seo a leanas i gcónaí:

(a) 

ní tharmligfear a freagrachtaí mar thoradh ar an eisfhoinsiú;

(b) 

ní dhéanfar athrú ar chaidreamh ná ar oibleagáidí an TLU i leith a rannpháirtithe nó i leith a heisitheoirí;

(c) 

ní athróidh na coinníollacha chun an TLU a údarú;

(d) 

ní chuirfear cosc de dheasca an eisfhoinsithe ar fheidhmeanna maoirseachta a fheidhmiú, lena n-áirítear rochtain ar an láthair a bheith ar fáil ar fhaisnéis ábhartha a bheidh ag teastáil chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh;

(e) 

ní fhágfar TLU gan na córais agus na rialtáin is gá chun na rioscaí a mbeidh aghaidh le thabhairt orthu a bhainistiú de dheasca eisfhoinsiú;

(f) 

coinneoidh an TLU an saineolas agus na hacmhainní is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar chaighdeán na seirbhísí a sholáthrófar, ar leordhóthanacht an tsoláthraí seirbhísí ó thaobh eagrúcháin agus caipitil, agus chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na seirbhísí eisfhoinsithe agus na rioscaí a bhaineann le heisfhoinsiú a bhainistiú ar bhonn leanúnach;

(g) 

beidh rochtain dhíreach ag an TLU ar fhaisnéis ábhartha na seirbhísí eisfhoinsithe;

(h) 

beidh an soláthraí seirbhísí ag comhoibriú go díreach leis an údarás inniúil agus leis na húdaráis ábhartha maidir leis na gníomhaíochtaí eisfhoinsithe;

(i) 

áiritheoidh an TLU go gcomhlíonfaidh an soláthraí seirbhísí na caighdeáin a leagtar síos leis an dlí ábhartha um chosaint sonraí a mbeadh feidhm aici dá mbeadh na soláthraithe seirbhísí bunaithe san Aontas. Beidh TLU freagrach as a áirithiú go leagfar amach na caighdeáin sin i gconradh idir na páirtithe agus go gcoinneofar na caighdeáin sin.

2.  
Déanfaidh an TLU a cearta agus a hoibleagáidí agus cearta agus oibleagáidí an tsoláthraí seirbhísí a shainiú i gcomhaontú scríofa. Ligfear leis an gcomhaontú eisfhoinsithe don TLU deireadh leis an gcomhaontú.
3.  
Cuirfidh TLU agus soláthraí seirbhísí an fhaisnéis uile is gá ar fáil ar iarratas don údarás inniúil nó do na húdaráis ábhartha chun go mbeidh siad in ann measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo leis na gníomhaíochtaí eisfhoinsithe.
4.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil eisfhoinsiú seirbhíse lárnaí a údarú de réir Airteagal 19.
5.  
Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 4 i gcás ina ndéanfaidh TLU roinnt dá seirbhísí nó gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú go dtí eintiteas poiblí agus i gcás ina mbeidh an t-eisfhoinsiú sin á rialú ag creat dlíthiúil, rialála agus oibriúcháin tiomnaithe, a ndearna an t-eintiteas poiblí agus TLU ábhartha é a chomhaontú agus a chur ar bhonn foirmiúil go comhpháirteach ar bhonn na gceanglas a bhunaítear sa Rialachán seo.

Airteagal 31

Seirbhís arna gcur ar fáil ag páirtithe eile seachas TLUanna

1.  
D’ainneoin Airteagal 30 agus i gcás ina n-éilítear sin sa dlí náisiúnta, d’fhéadfadh duine eile seachas TLU a bheith freagrach as cuntais reatha a thaifead i gcuntais urrús a bheidh faoi chothabháil ag TLU.
2.  
Maidir le Ballstáit a cheadóidh do pháirtithe eile seachas TLU seirbhísí lárnacha áirithe dá dtagraítear i Roinn A den Iarscríbhinn sin i gcomhréir le mír 1 a sholáthar, sonróidh siad ina ndlí náisiúnta na ceanglais a bheidh infheidhme sa chás sin. Áireofar ar na ceanglais sin forálacha an Rialacháin seo a bheidh infheidhme don TLU agus, i gcás inarb iomchuí, don pháirtí eile lena mbaineann.
3.  
Maidir le Ballstáit a cheadaíonn do pháirtithe eile seachas TLU seirbhísí lárnacha áirithe dá dtagraítear i Roinn A den Iarscríbhinn sin i gcomhréir le mír 1 a sholáthar, cuirfidh siad in iúl d’ÚEÚM an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le seirbhísí den chineál sin a chur ar fáil, lena n-áirítear a ndlíthe náisiúnta ábhartha.

Cuirfidh ÚEÚM an fhaisnéis sin sa chlár TLU dá dtagraítear in Airteagal 21.

Roinn 2

Rialacha maidir le gnó a dhéanamh

Airteagal 32

Forálacha ginearálta

1.  
Beidh spriocanna agus cuspóirí a bheidh sainithe go soiléir ag TLU, ar spriocanna agus cuspóirí iad ar féidir a bhaint amach, amhail i réimse na n-íosleibhéal seirbhísí, i réimse na n-ionchas bainistithe riosca agus i réimse na dtosaíochtaí gnó.
2.  
Beidh rialacha trédhearcacha maidir le láimhseáil gearán ag TLU.

Airteagal 33

Ceanglais i ndáil le rannpháirtíocht

1.  
Maidir le gach córas socraíochta urrús a oibreoidh sí beidh critéir atá nochta go poiblí maidir le rannpháirtíocht ag TLU, lena gceadófar rochtain chothrom, oscailte do gach duine dlíthiúil a bhfuil sé beartaithe acu a bheith ina rannpháirtithe. Beidh critéir den sórt sin trédhearcach, oibiachtúil, agus neamh-idirdhealaitheach i dtreo is go n-áiritheofar rochtain chothrom agus oscailte ar TLU agus aird chuí á tabhairt do bhaoil do chobhsaíocht airgeadais agus d’ordúlacht na margaí. Ní cheadófar critéir a chuireann srian ar rochtain ach amháin a mhéid arb é is cuspóir dóibh riosca sonraithe a rialú ar bhonn dlisteanach don TLU.
2.  
Déileálfaidh TLU le hiarrataí ar rochtain go pras trí fhreagra ar na hiarrataí sin a chur a fáil laistigh de mhí amháin ar a dhéanaí, agus cuirfidh sí na nósanna imeachta maidir le déileáil le hiarratais ar rochtain ar fáil go poiblí.
3.  
Ní dhéanfaidh TLU rochtain a dhiúltú do rannpháirtí a chomhlíonfaidh na critéir dá dtagraítear i mír 1 ach amháin má thugtar bonn cirt cuí leis i scríbhinn agus má tá sé bunaithe ar measúnú cuimsitheach riosca.

I gcás diúltaithe, tá sé de cheart ag an rannpháirtí iarrthach gearán a dhéanamh le húdarás inniúil TLU a dhiúltaigh an rochtain.

Déanfaidh an t-údarás inniúil sin iniúchadh cuí ar an ngearán trí mheasúnú a dhéanamh ar na cúiseanna leis an diúltú agus tabharfaidh sé freagra réasúnaithe don rannpháirtí iarrthach.

Rachaidh an t-údarás inniúil sin i gcomhairle leis an údarás inniúil in áit bhunaithe an rannpháirtí iarrthaigh maidir leis an measúnú a dhéanfaidh sé ar an ngearán. I gcás nach n-aontóidh údarás an rannpháirtí iarrthaigh leis an measúnú a chuirfear ar fáil, féadfaidh aon cheann den dá údarás inniúil an cheist a chur faoi bhráid ÚEÚM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

I gcás ina measfar go bhfuil diúltú TLU chun rochtain a thabhairt don rannpháirtí iarrthach éagórach, eiseoidh údarás inniúil an TLU a dhiúltaigh rochtain a thabhairt ordú lena gceanglófar ar an TLU sin rochtain a thabhairt don rannpháirtí iarrthach.

4.  
Beidh nósanna imeachta oibiachtúla agus trédhearcacha ag TLU maidir le rannpháirtithe nach gcomhlíonfaidh na critéir maidir le rannpháirtíocht dá dtagraítear i mír 1 a thuilleadh a chur ar fionraí agus a scor go hordúil.
5.  
Déanfaidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt le go sonrófar na baoil atá le cur san áireamh ag TLUanna agus measúnú cuimsitheach riosca á dhéanamh acu, agus ag údaráis inniúla agus measúnú á dhéanamh acu ar na cúiseanna a bhaineann le diúltú i gcomhréir le mír 3 agus le gnéithe an nós imeachta dá dtagraítear i mír 3.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.  
Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn na foirmeacha caighdeánacha agus na teimpléid a bhunú i gcomhair an nós imeachta dá dtagraítear i mír 3.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2015.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 34

Trédhearcacht

1.  
Déanfaidh TLU na praghsanna agus na táillí a bhaineann leis na seirbhísí lárnacha a sholáthraítear a nochtadh go poiblí maidir le gach córas socraíochta urrús a oibreoidh sí, agus maidir le gach ceann de na seirbhísí lárnacha eile a chuirfidh sí ar fáil a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn. Nochtfaidh sí na praghsanna agus táillí ar gach seirbhís agus ar gach feidhm a chuirfear ar fáil ar leithligh, lena n-airítear lascainí agus aisíocaíochtaí mar aon leis na coinníollacha chun tairbhe a bhaint as na laghduithe sin. Ligfidh sí dá cliaint rochtain leithleach a bheith acu ar na seirbhísí ar leith a chuirtear ar fáil.
2.  
Foilseoidh TLU a phraghasliosta chun comparáid idir thairiscintí a éascú agus chun cur ar chumas cliant an praghas a bheidh le híoc acu chun úsáid a bhaint as na seirbhísí a réamh-mheas.
3.  
Beidh TLU faoi cheangal ag an mbeartas praghsála foilsithe atá aici dá seirbhísí lárnacha.
4.  
Tabharfaidh TLU faisnéis dá chliaint lena mbeifear in ann na sonraisc a réiteach leis na praghasliostaí foilsithe.
5.  
Déanfaidh TLU faisnéis a nochtadh do na cliaint go léir lena bhféadfaidh siad na rioscaí a bhaineann leis na seirbhísí a sholáthrófar a mheas.
6.  
Tabharfaidh TLU cuntas go leithleach i dtaobh chostais agus ioncaim na seirbhísí lárnacha a sholáthrófar agus nochtfaidh sí an fhaisnéis sin don údarás inniúil.
7.  
Tabharfaidh TLU cuntas i dtaobh chostais agus ioncaim na seirbhísí coimhdeacha a sholáthrófar ar an iomlán agus nochtfaidh sí an fhaisnéis sin don údarás inniúil.
8.  
D’fhonn cur i bhfeidhm éifeachtach rialacha iomaíochta an Aontais a áirithiú agus aithint thras-fhóirdheonú na seirbhísí coimhdeacha ag seirbhísí lárnacha, inter alia, a éascú, coinneoidh TLU cuntas anailíse dá gníomhaíochtaí. Le cuntais anailíse den chineál sin, déanfar na costais agus na hioncaim a bhaineann le gach ceann dá seirbhísí lárnacha a dheighilt ó na costais agus na hioncaim a bhaineann le seirbhísí coimhdeacha.

Airteagal 35

Nósanna imeachta cumarsáide le rannpháirtithe agus le bonneagair eile mhargaidh

Maidir le nósanna imeachta cumarsáide TLUanna le rannpháirtithe na gcóras socraíochta urrús a oibríonn siad agus leis na bonneagair mhargaidh a mbíonn idirphlé acu leo, úsáidfidh na TLUanna nósanna imeachta agus caighdeáin cumarsáide idirnáisiúnta oscailte i leith sonraí teachtaireachtaí agus tagartha chun taifeadadh, íocaíocht agus socrú éifeachtúil a éascú.

Roinn 3

Ceanglais maidir le seirbhísí TLU

▼M4

Airteagal 36

Forálacha ginearálta

Beidh rialacha agus nósanna imeachta iomchuí ag TLU le haghaidh gach córais socraíochta urrús a oibríonn sé, lena n-áirítear cleachtais agus rialuithe cuntasaíochta stóinsithe, chun cabhrú le sláine eisiúintí urrús a áirithiú, agus chun íoslaghdú agus bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le hidirbhearta urrús a choimeád slán agus a shocrú.

▼B

Airteagal 37

Sláine na heisiúna

1.  
Glacfaidh TLU bearta réitigh iomchuí le fíorú go bhfuil líon na n-urrús a bheidh i gceist in eisiúint urrús nó i gcuid d’eisiúint urrús a chuirfear faoi bhráid TLU cothrom le suim na n-urrús a thaifeadtar ar chuntais urrús rannpháirtithe an chórais socraíochta urrús a oibreoidh an TLU agus, i gcás inarb ábhartha, ar chuntais úinéara a choinneoidh an TLU. Déanfar na bearta réitigh sin go laethúil ar a laghad.
2.  
I gcás inarb iomchuí, agus má tá baint ag eintitis eile leis an bpróiseas réitigh maidir le heisiúint urrús áirithe, amhail an t-eisitheoir, na cláraitheoirí, na gníomhairí eisiúna, na gníomhairí aistrithe, na taisceoirí coiteanna, TLUanna eile nó eintitis eile, déanfaidh TLU agus eintitis den chineál sin bearta comhair agus malartaithe faisnéise leordhóthanacha a eagrú lena chéile ionas go gcoinneofar sláine na heisiúna.
3.  
Ní cheadófar rótharraingtí urrús, iarmhéideanna dochair ná cruthú urrús i gcóras socraíochta urrús a oibreoidh TLU.
4.  
Forbróidh ÚEÚM i ndlúthchomhar le comhaltaí an CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn na bearta réitigh a ghlacfaidh TLU faoi mhír 1, mhír 2 agus mhír 3 a shonrú.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 38

Urrúis na rannpháirtithe’ agus a gcliant’ a chosaint

1.  
Coinneoidh TLU taifid agus cuntais maidir le gach córas socraíochta urrús a oibreoidh sí, lena gcuirfear ar a cumas, aon tráth agus gan mhoill, sna cuntais leis an TLU, urrúis rannpháirtí amháin a leithscaradh ó urrúis aon rannpháirtí eile agus, más infheidhme, ó shócmhainní an TLU féin.
2.  
Coinneoidh TLU taifid agus cuntais lena gcuirfear ar chumas aon rannpháirtí leithscaradh a dhéanamh idir urrúis an rannpháirtí sin agus urrúis chliaint an rannpháirtí.
3.  
Coinneoidh TLU taifid agus cuntais lena gcuirfear ar chumas aon rannpháirtí na hurrúis ar leo cliaint dhifriúla an rannpháirtí sin iad a shealbhú in aon chuntas urrús amháin (‘leithscaradh cliaint comhthiomsaithe’).
4.  
Coinneoidh TLU taifid agus cuntais lena gcuirfear ar chumas rannpháirtí leithscaradh a dhéanamh idir urrúis gach duine d’aon chliaint an rannpháirtí sin, arna iarraidh sin don rannpháirtí sin agus dá réir mar a iarrfaidh sé (‘leithscaradh cliaint aonair’).
5.  
Tairgfidh rannpháirtí dá chliaint, ar laghad, an rogha idir leithscaradh cliant comhthiomsaithe agus leithscaradh cliaint aonair agus cuirfidh sé ar an eolas iad maidir leis na costais agus na rioscaí a bhaineann le gach rogha.

Maidir le TLU agus a rannpháirtithe, áfach, cuirfidh siad leithscaradh cliaint aonair ar fáil do shaoránaigh agus chónaitheoirí Ballstáit agus do dhaoine atá bunaithe i mBallstát ina cheanglaítear sin faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit faoin mbunaítear na hurrúis, de réir mar a mbeidh sé 17 Meán Fómhair 2014. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin chomh fada agus nach leasaítear an dlí náisiúnta ná nach n-aisghairtear é agus fad atá cuspóirí na hoibleagáide bailí fós.

6.  
Nochtfaidh TLUanna agus na rannpháirtithe go poiblí na leibhéil chosanta agus na costais a bhaineann leis na leibhéil éagsúla leithscartha a chuirfidh siad ar fáil agus tairgfidh siad na seirbhísí sin ar théarmaí tráchtála réasúnacha. Sna mionsonraí maidir leis na leibhéil éagsúla leithscartha, áireofar cur síos ar na príomh impleachtaí dlíthiúla maidir leis na leibhéil leithscartha faoi seach a bheidh á dtairiscint, lena n-áirítear an dlí dócmhainneachta a bheidh infheidhme sna dlínsí lena mbaineann.
7.  
Ní bhainfidh TLU úsáid as urrúis nach léi iad chun aon chríoch. Féadfaidh TLU úsáid a bhaint as urrúis rannpháirtí, áfach, i gcás ina mbeidh toiliú sainráite an rannpháirtí faighte aici roimh ré. Cuirfidh TLU de cheangal ar a rannpháirtithe toiliú is gá leis a fháil roimh ré óna gcliaint.

Airteagal 39

Críochnaitheacht socraíochta

1.  
Áiritheoidh TLU go gcuirfidh an córas socraíochta urrús a oibreoidh sí cosaint leormhaith ar fáil do rannpháirtithe. Déanfaidh na Ballstáit an córas socraíochta urrús a oibreoidh TLU a ainmniú agus a fhógairt de réir na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE.
2.  
Áiritheoidh TLU go sainmhíneoidh gach córas socraíochta urrús a oibreoidh sí an tráth a dtiocfaidh orduithe aistrithe isteach sa chóras socraíochta urrús sin mar aon leis an bpointe do-athraitheachta i gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 5 de Threoir 98/26/CE.
3.  
Nochtfaidh TLU na rialacha lena rialófar an críochnaitheacht aistrithe urrús agus airgid thirim i gcóras socraíochta urrús.
4.  
Beidh feidhm ag mír 2 agus ag mír 3 gan dochar do na forálacha is infheidhme maidir le naisc TLU agus gan dochar do mhír 8 d’Airteagal 48.
5.  
Glacfaidh TLU gach céim réasúnta chun a áirithiú, i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 3, go mbainfear amach críochnaitheacht aistrithe urrús agus airgid dá dtagraítear i mír 3 i bhfíoram nó in ionlae agus i gcás ar bith ar tráth nach déanaí na deireadh an lae ghnó ar a mbeidh an dáta socraíochta iarbhír.
6.  
I gcás ina dtairgeann TLU na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 40(2), áiritheoidh sí go mbeidh na fáltais airgid a bhaineann le socraíochtaí urrús ar fáil d’fhaighteoirí lena n-úsáid tráth nach déanaí ná deireadh an lae ghnó ar a mbeidh an dáta socraíochta atá beartaithe.
7.  
Gach idirbheart urrús i gcoinne airgid idir rannpháirtithe díreacha córais socraíochta urrús a oibreoidh TLU agus a shocrófar sa chóras socraíochtaí urrús sin, socrófar iad ar bhonn soláthair in áit íocaíochta.

Airteagal 40

Socraíocht airgid

1.  
I gcás idirbheart a ainmneofar in airgeadra na tíre ina dtarlóidh an tsocraíocht tráth ar bith a mbeidh sé praiticiúil agus ar fáil, socróidh TLU íocaíochtaí airgid a córas socraíochta urrús trí bhíthin cuntas a osclófar le banc ceannais na heisiúna a fheidhmeoidh faoi réir an airgeadra is ábhartha sin.

▼M4

2.  
I gcás nach bhfuil sé praiticiúil, nó nach bhfuil an rogha ar fáil, chun socrú a dhéanamh i gcuntais bainc ceannais dá bhforáiltear i mír 1, féadfaidh TLU tairiscint a dhéanamh na híocaíochtaí airgid thirim a shocrú le haghaidh a chóras socraíochta urrús ar fad nó le haghaidh cuid díobh trí cuntais chuntais arna n-oscailt le hinstitiúid creidmheasa, trí TLU atá údaraithe chun na seirbhísí a liostaítear i Roinn C den Iarscríbhinn a sholáthar cé acu laistigh nó gan a bheith laistigh den ghrúpa céanna gnóthas atá faoi rialú an mháthairghnóthais chéanna ar deireadh, nó trína chuntais féin. Má thairgeann TLU íocaíochtaí airgid thirim den sórt sin a shocrú trí chuntais arna n-oscailt le hinstitiúid creidmheasa, trína chuntais féin nó trí chuntais TLU eile, déanfaidh sé amhlaidh i gcomhréir le forálacha Theideal IV.

▼B

3.  
Áiritheoidh TLU, maidir le haon fhaisnéis a sholáthrófar do rannpháirtithe an mhargaidh faoi na rioscaí agus na costais a bhaineann le socraíocht i gcuntais institiúidí creidmheasa nó tríd a cuntais féin, gur fhaisnéis shoiléir, chothrom í agus nach fhaisnéis mhíthreorach atá inti. Cuirfidh TLU faisnéis leordhóthanach ar fáil do chliaint nó do chliaint a d’fhéadfadh a bheith ann, chun go mbeidh siad in ann na rioscaí agus na costais a bhaineann le socraíocht i gcuntais institiúidí creidmheasa nó tríd a cuntais féin a shainaithint agus a mheas agus soláthróidh sé an fhaisnéis sin arna iarraidh sin.

Airteagal 41

Rialacha agus nósanna imeachta maidir le mainneachtain rannpháirtí

1.  
Maidir le gach córas socraíochta urrús a oibreoidh sí beidh rialacha agus nósanna imeachta éifeachtacha a shaineofar go soiléir ag TLU chun mainneachtain rannpháirtí amháin nó níos mó dá chuid a bhainistiú lena n-áiritheofar go nglacfaidh TLU gníomhaíocht thráthúil chun caillteanais agus brúnna leachtachta a rialú agus go leanfaidh sí ar aghaidh ag comhlíonadh a hoibleagáidí.
2.  
Cuirfidh TLU a rialacha agus nósanna imeachta ábhartha maidir le mainneachtain ar fáil don phobal.
3.  
Tabharfaidh TLU faoi thástáil agus faoi athbhreithniú ar bhonn tréimhsiúil ar a nósanna imeachta mainneachtana i gcomhpháirt lena rannpháirtithe agus le geallsealbhóirí ábhartha eile chun a áirithiú go mbeidh siad praiticiúil agus éifeachtach.
4.  
Chun feidhmiú comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Roinn 4

Ceanglais stuamachta

Airteagal 42

Ceanglais ghinearálta

Glacfaidh TLU creat bainistithe riosca fónta chun rioscaí dlíthiúla, gnó, oibriúcháin agus rioscaí díreacha nó indíreacha eile a bhainistiú go cuimsitheach, lena n-áirítear bearta chun calaois agus faillí a mhaolú.

Airteagal 43

Rioscaí dlíthiúla

1.  
Chun críche a húdaraithe agus a maoirseachta, agus chun a cliaint a chur ar an eolas, beidh ag TLU rialacha, nósanna imeachta agus conarthaí a bheidh soiléir agus intuigthe le haghaidh na gcóras socraíochta urrús a oibreoidh sí agus gach seirbhís eile a chuirfidh sí ar fáil.
2.  
Déanfaidh TLU a rialacha, a nósanna imeachta agus a conarthaí a cheapadh ionas gur féidir iad a fhorfheidhmiú i ngach dlínse ábhartha, lena n-áirítear i gcás mhainneachtain rannpháirtí.
3.  
Maidir le TLU a mbeidh seirbhísí á soláthar aici faoin rialachán seo i ndlínsí éagsúla, glacfaidh sí gach céim réasúnta chun na rioscaí a eascróidh as easaontachtaí féideartha dlíthe sna dlínsí éagsúla a shainaithint agus a mhaolú.

Airteagal 44

Riosca ginearálta gnó

Beidh córais agus uirlisí bainistithe agus rialaithe TF stóinsithe ag TLU chun rioscaí ginearálta gnó a shainaithint agus a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear caillteanais ó dhrochfheidhmiú straitéisí gnó, ó shreafa diúltacha airgid agus ó speansais mhóra oibriúcháin.

Airteagal 45

Rioscaí oibriúcháin

▼M3

1.  
Sainaithneoidh TLU na foinsí a bhaineann le riosca oibríochtúil, idir inmheánach agus seachtrach, agus íoslaghdóidh sí a dtionchar freisin trí úsáid a bhaint as uirlisí, próisis agus beartais TFC iomchuí arna gcur ar bun agus arna mbainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ) , agus trí aon uirlisí, rialuithe agus nósanna imeachta iomchuí ábhartha eile maidir le cineálacha rioscaí oibríochtúla eile, lena n-áirítear le haghaidh na gcóras socraíochta urrús go léir a oibríonn sí.

▼M3 —————

▼M3

3.  
Le haghaidh na seirbhísí a sholáthraíonn sí agus le haghaidh gach córais socraíochta urrús a oibreoidh sí, déanfaidh TLU beartas leordhóthanach um leanúnachas gnó agus plean athshlánaithe i gcás tubaiste, lena n-áirítear beartas leanúnachais gnó TFC agus pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC arna mbunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554 , a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil, ionas go n-áiritheofar caomhnú a sheirbhísí, athshlánú tráthúil na n-oibríochtaí agus comhlíonadh oibleagáidí TLU i gcás imeachtaí lena mbainfeadh riosca suntasach go gcuirfí isteach ar oibríochtaí.
4.  
Leis an bplean dá dtagraítear i mír 3, déanfar foráil maidir le hathshlánú gach idirbhirt agus gach seasaimh rannpháirtí tráth an chur isteach ionas go bhféadfaidh rannpháirtithe TLU leanúint orthu ag oibriú faoi chinnteacht agus socraíocht a dhéanamh ar an dáta sceidealta, lena n-áirítear trína áirithiú go mbeifear in ann córais TF chriticiúla a chur ag obair ó thráth an chur isteach dá bhforáiltear in Airteagal 12(5) agus (7) de Rialachán (AE) 2022/2554.

▼B

5.  
Déanfaidh TLU clár tástálacha ar na socruithe dá dtagraítear i mír 1 go mír 4 a phleanáil agus a thabhairt chun críche.

▼M3

6.  
Sainaithneoidh agus bainisteoidh TLU na rioscaí ó thaobh a oibríochtaí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le príomh-rannpháirtithe sna córais socraíochta urrús a oibreoidh sé, agus le soláthraithe seirbhísí agus fóntais, le TLUnna eile nó le bonneagair eile mhargaidh agus déanfaidh sé faireachán orthu. Cuirfidh sé faisnéis ar fáil do na húdaráis inniúla agus ábhartha maidir le haon riosca den chineál sin a shainaithneofar, ach a n-iarrfar sin. Cuirfidh sé an t-údarás inniúil agus na húdaráis ábhartha ar an eolas freisin gan mhoill faoi aon imeacht oibríochtúil a eascróidh as rioscaí den chineál sin, seachas i ndáil le riosca TFC.
7.  
Forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun go saineofar na rioscaí oibríochtúla dá dtagraítear i míreanna 1 agus 6, seachas riosca TFC, na modhanna chun na rioscaí sin a thástáil, chun aghaidh a thabhairt orthu nó chun iad a íoslaghdú, lena n-áirítear na beartais um leanúnachas gnó agus na pleananna athshlánaithe ó thubaiste dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 agus na modhanna chun measúnú a dhéanamh orthu.

▼B

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 46

Beartas infheistíochta

1.  
Déanfaidh TLU a sócmhainní airgeadais a shealbhú i mbainc cheannais, in institiúidí creidmheasa údaraithe nó i dTLUanna údaraithe.
2.  
Beidh rochtain phras ag TLU ar a sócmhainní nuair is gá.
3.  
Ní infheisteoidh TLU a hacmhainní airgeadais ach in airgead tirim nó in ionstraimí airgeadais fíorleachtacha a mbaineann riosca íosta margaidh agus creidmheasa leo. Beifear in ann na hinfheistíochtaí sin a leachtú go tapa gan ach éifeacht dhíobhálach an-bheag a imirt ar phraghsanna.
4.  
Maidir le méid an chaipitil, lena n-áirítear tuilleamh coimeádta agus cúlchistí de chuid taisclainne lárnaí urrús, nach mbeidh infheistithe i gcomhréir le mír 3, ní chuirfear san áireamh é chun críocha Airteagal 47(1).
5.  
Áiritheoidh TLU gur laistigh de theorainneacha inghlactha comhchruinnithe a bheidh a neamhchosaint fhoriomlán ar riosca d’aon institiúid creidmheasa údaraithe nó aon TLU údaraithe ar leith lena sealbhóidh sí a sócmhainní airgeadais.
6.  
Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na hionstraimí airgeadais is féidir a mheas a bheith fíorleachtach, lena mbaineann riosca íosta creidmheasa agus margaidh amhail dá dtagraítear i mír 3, an tréimhse iomchuí le haghaidh rochtana ar shócmhainní dá dtagraítear i mír 2 agus na teorainneacha comhchruinnithe dá dtagraítear i mír 5. Déanfar dréachtchaighdeáin theicniúla rialála, i gcás inarb iomchuí, a ailíniú leis na caighdeáin theicniúla rialála a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 47(8) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 47

Ceanglais chaipitil

1.  

Beidh caipiteal, chomh maith le tuilleamh coimeádta agus cúlchistí de chuid taisclainne lárnaí urrús comhréireach leis na rioscaí a thig as gníomhaíochta TLU. Beidh sé leordhóthanach i gcónaí chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

a áirithiú go mbeidh TLU cosanta go leormhaith ar rioscaí oibriúcháin, dlíthiúla, coimeádta, infheistíochta agus gnó, ionas gur féidir leis TLU leanúint de sheirbhísí a sholáthar mar ghnóthas leantach;

(b) 

a áirithiú go ndéanfar foirceannadh ordúil nó athstruchtúrú ar ghníomhaíochtaí TLU thar thréimhse iomchuí de shé mhí ar a laghad faoi réir raon cásanna struis.

▼M4 —————

▼B

3.  
Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEÚM agus le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar ceanglais maidir le caipiteal, tuilleamh coimeádta agus cúlchistí de chuid taisclainne lárnaí urrús dá dtagraítear i mír 1.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

▼M4

Airteagal 47a

Glansocraíocht iarchurtha

3.  
Forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le ÚBE agus le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú a dhéanamh ar na mionsonraí maidir le tomhas, faireachán, bainistiú agus tuairisciú rioscaí creidmheasa agus leachtachta ag TLUnna i ndáil le glansocraíocht iarchurtha.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼B

Roinn 5

Ceanglais maidir le naisc idir TLUanna

Airteagal 48

Naisc idir TLUanna

1.  
Sula ndéanfar nasc idir TLUanna a bhunú, agus ar bhonn leanúnach a luaithe a bhunófar an nasc idir TLUanna, déanfaidh gach TLU lena mbaineann na foinsí féideartha riosca dóibh féin agus dá rannpháirtithe a eascróidh ón nasc idir TLUanna a shainaithint, a mheasúnú, a bhainistiú agus déanfaidh siad faireachán orthu agus déanfaidh siad bearta iomchuí a ghlacadh chun na rioscaí sin a mhaolú.
2.  
Déanfaidh TLUanna a mbeidh sé ar intinn acu naisc a bhunú iarratas ar údarú a thíolacadh chuig údarás inniúil TLU iarrataí mar a cheanglaítear uirthi a dhéanamh faoi phointe (e) d’Airteagal 19(1) nó fógra a chur chuig údaráis inniúla nó ábhartha TLU iarrataí mar a cheanglaítear faoi Airteagal 19(5).
3.  
Cuirfidh nasc cosaint leordhóthanach ar fáil do na TLUanna a bheidh nasctha agus dá rannpháirtithe, go háirithe maidir le creidmheasanna féideartha a glacfaidh TLUanna agus na rioscaí comhchruinnithe agus leachtachta a bheidh mar thoradh ar an socrú maidir leis an nasc.

Tacóidh socrú conarthach iomchuí le nasc, ar socrú é ina leagfar amach cearta agus oibleagáidí faoi seach TLUanna a bheidh nasctha agus, i gcás inar gá, rannpháirtithe TLUanna chomh maith. Déanfar foráil i socrú conarthach lena mbainfidh impleachtaí trasdlínse maidir le rogha shoiléir dlí lena rialófar gach gné d’oibríochtaí an naisc.

4.  
I gcás aistrithe shealadaigh urrús idir TLUanna a bheidh nasctha, beidh cosc ar urrúis a athaistriú sula gcuirfear an chéad aistriú i gcrích.
5.  
Déanfaidh TLU a úsáidfidh nasc indíreach nó idirghabhálaí chun nasc idir TLUanna a fheidhmiú le TLU eile na rioscaí breise a eascróidh as úsáid an naisc indírigh nó an idirghabhálaí sin a thomhas agus a bhainistiú agus déanfaidh sí faireachán orthu agus déanfaidh sí bearta iomchuí a ghlacadh chun iad a mhaolú.
6.  
Beidh nósanna imeachta réitigh stóinsithe ag TLUanna a bheidh nasctha chun a áirithiú go mbeidh a dtaifid féin cruinn.
7.  
I ngeall ar naisc idir TLUanna, beifear in ann socraíocht ina mbeidh soláthar in áit íocaíochta i gceist a dhéanamh i gcás idirbheart idir rannpháirtithe TLUanna a bheidh nasctha, aon tráth ar féidir agus nuair atá sin praiticiúil. Maidir le cúiseanna mionsonraithe ar aon nasc idir TLUanna nach gceadaítear socraíocht ina mbeidh soláthar in áit íocaíochta i gceist leis, cuirfear in iúl iad do na húdaráis inniúla agus ábhartha.
8.  

Bunófar i gcórais socraíochta urrús idir-inoibritheacha agus i TLUanna a úsáideann comhbhonneagar socraíochta pointí comhionanna maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

an tráth a dtiocfaidh orduithe aistrithe isteach sa chóras;

(b) 

do-athraitheacht orduithe aistrithe;

Úsáidfidh na córais socraíochta urrús agus TLUanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír na rialacha coibhéiseacha maidir leis an tráth a dtiocfaidh críochnaitheacht aistrithe urrús agus airgid.

9.  
Faoin 18 Meán Fómhair 2019 beidh na naisc idir-inoibritheacha uile idir TLUanna a oibríonn sna Ballstáit ina naisc lena dtugtar tacaíocht do shocraíocht ina mbeidh soláthar in áit íocaíochta i gceist.
10.  
Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn an méid seo a leanas a shainiú: na coinníollacha dá bhforáiltear i mír 3 faoina ndéantar foráil i ngach cineál socraithe naisc maidir le cosaint leormhaith a thabhairt do na TLUanna a bheidh nasctha agus dá rannpháirtithe, go háirithe nuair a bheartóidh TLU bheith rannpháirteach i gcóras socraíochta urrús a oibreoidh TLU eile, faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí breise dá dtagraítear i mír 5 a eascróidh as úsáid idirghabhálaithe, na modhanna réitigh dá dtagraítear i mír 6, na cásanna ina mbeidh réiteach bunaithe ar sholáthar in áit íocaíochta trí naisc idir taisclanna lárnach urrús phraiticiúil agus indéanta, rud dá bhforáiltear i mír 7 agus maidir leis na modhanna chun measúnú a dhéanamh orthu.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL III

Rochtain ar TLUanna

Roinn 1

Rochtain eisitheoirí ar TLUanna

Airteagal 49

Saoirse chun eisiúint a dhéanamh i TLU a bheidh údaraithe san Aontas

1.  
Beidh sé de cheart ag eisitheoir socrú a dhéanamh go ndéanfar a urrúis a ligfear isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte, nó ar STIanna, a thrádálfar ar ionaid thrádála, a thaifead in aon TLU bunaithe in aon Bhallstát, faoi réir an choinníll go gcomhlíonfaidh an TLU sin na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 23.

▼M4

Gan dochar do cheart an eisitheora dá dtagraítear sa chéad fhomhír, leanfaidh feidhm de bheith ag dlí corparáideach nó a chomhionann sa Bhallstát faoina mbunaítear na hurrúis. Ciallaíonn dlí corparáideach nó a chomhionann sa Bhallstát faoina mbunaítear na hurrúis an méid seo a leanas:

(a) 

an dlí corparáideach nó a chomhionann sa Bhallstát ina bhfuil an t-eisitheoir ionchorpraithe; agus

(b) 

an dlí corparáideach rialaithe nó a chomhionann sa Bhallstát faoina n-eisítear na hurrúis.

Cuirfidh na Ballstáit liosta i dtoll a chéile de phríomhfhorálacha ábhartha dá ndlí chorparáidigh nó a chomhionann, dá dtagraítear sa dara fomhír. Cuirfidh údaráis inniúla an liosta sin in iúl do ÚEUM faoin 17 Eanáir 2025. Foilseoidh ÚEUM an liosta sin faoin 17 Feabhra 2025. Déanfaidh na Ballstáit an liosta sin a nuashonrú go tráthrialta agus gach 2 bhliain ar a laghad. Cuirfidh siad an liosta nuashonraithe sin in iúl do ÚEUM ag na tráthanna rialta sin. Foilseoidh ÚEUM liosta nuashonraithe den sórt sin.

▼B

Féadfaidh TLU táille tráchtála réasúnta a ghearradh as a seirbhísí a thairiscint d’eisitheoirí ar bhonn costais plus, mura gcomhaontóidh an dá pháirtí a mhalairt.

2.  
I gcás ina gcuirfidh eisitheoir iarraidh isteach ar a urrúis a thaifeadadh i dTLU, tabharfaidh TLU faoin iarraidh sin go pras agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus cuirfidh sí freagra ar fáil don eisitheoir iarrthach laistigh de thrí mhí.
3.  
Féadfaidh TLU diúltú seirbhísí a chur ar fáil d’eisitheoir. Déanfar diúltú den sórt sin ar bhonn measúnú cuimsitheach riosca nó i gcás nach gcuirfidh TLU na seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (1) de Roinn A den Iarscríbhinn ar fáil maidir le hurrúis bunaithe faoi dhlí corparáideach nó faoina chomhionann sa Bhallstát ábhartha.
4.  
Gan dochar do Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ) agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún ( 11 ), i gcás ina ndiúltóidh TLU seirbhísí a chur ar fáil d’eisitheoir, cuirfidh sí na cúiseanna iomlána lena diúltú ar fáil i scríbhinn don eisitheoir iarrthach.

I gcás diúltaithe, beidh sé de cheart ag an eisitheoir iarrthach gearán a dhéanamh le húdarás inniúil TLU a dhiúltaigh a seirbhísí a chur ar fáil.

Déanfaidh údarás inniúil an TLU sin iniúchadh cuí ar an ngearán trí mheasúnú a dhéanamh ar na cúiseanna leis an diúltú a thug TLU agus tabharfaidh sé freagra réasúnaithe don eisitheoir.

Rachaidh údarás inniúil freagrach TLU i gcomhairle leis an údarás inniúil in áit bhunaithe an eisitheora iarrthaigh maidir leis an measúnú a dhéanfaidh sé ar an ngearán. I gcás nach n-aontóidh údarás inniúil áit bhunaithe an eisitheora iarrthaigh leis an measúnú sin, féadfaidh aon cheann den dá údarás inniúil an t-ábhar a tharchur chuig ÚEÚM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

I gcás ina measfar go bhfuil diúltú TLU a seirbhísí a chur ar fáil don eisitheoir éagórach, eiseoidh an t-údarás inniúil a bheidh freagrach ordú lena gceanglófar ar an TLU sin a seirbhísí a chur ar fáil don eisitheoir iarrthach.

5.  
Déanfaidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt le go sonrófar na baoil atá le cur san áireamh ag TLUanna agus measúnú cuimsitheach riosca á dhéanamh acu, agus ag údaráis inniúla agus measúnú á dhéanamh acu ar na cúiseanna a bhaineann le diúltú i gcomhréir le mír 3 agus mír 4, agus gnéithe an nós imeachta dá dtagraítear i mír 4.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin chuig an gCoimisiún faoi 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.  
Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn na foirmeacha caighdeánacha agus na teimpléid a bhunú i gcomhair an nós imeachta dá dtagraítear i mír 4.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 18 Meitheamh 2015.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Roinn 2

Rochtain idir TLUanna

Airteagal 50

Rochtain chaighdeánach ar nasc

Beidh sé de cheart ag TLU a bheith ina rannpháirtí de TLU eile agus nasc caighdeánach a bhunú leis an TLU sin i gcomhréir le hAirteagal 33 agus faoi réir réamhfhógra an naisc idir TLUanna dá bhforáiltear faoi Airteagal 19(5).

Airteagal 51

Rochtain ar nasc saincheaptha

1.  
I gcás ina n-iarrfaidh TLU amháin ar TLU eile nasc saincheaptha a bhunú ionas go mbeidh rochtain ar TLU eile sin, ní fhéadfaidh TLU is faighteoir an iarraidh sin a dhiúltú ach amháin ar bhonn cúinsí riosca. Ní fhéadfaidh sé iarraidh a dhiúltú mar gheall ar sciar den mhargadh a chailliúint.
2.  
Féadfaidh TLU is faighteoir táille tráchtála réasúnta ar bhonn costais plus a ghearradh ar TLU iarrthach as rochtain shaincheaptha ar nasc a chur ar fáil, mura gcomhaontóidh an dá pháirtí a mhalairt.

Airteagal 52

Nós imeachtaí do naisc taisclainne lárnaí urrús

▼M4

1.  
Nuair a thíolacann TLU iarraidh ar rochtain ar TLU eile de bhun Airteagail 50 agus 51, déileálfaidh an TLU is faighteoir leis an iarraidh go pras agus cuirfidh sí freagra chuig an TLU iarrthach laistigh de 3 mhí. Má chomhaontaíonn an TLU is faighteoir leis an iarraidh, cuirfear an nasc idir TLU i bhfeidhm laistigh de thréimhse ama réasúnach, nach mbeidh níos faide ná 12 mhí.

▼B

2.  
Ní dhéanfaidh TLU rochtain a dhiúltú do TLU is iarrthóir ach amháin i gcás ina mbagródh rochtain den sórt sin ar fheidhmiú réidh rianúil na margaí airgeadais nó i gcás ina mbeadh sí ina cúis le riosca sistéamach. Ní fhéadfar an diúltú sin a bhunú ach ar measúnú cuimsitheach riosca agus uirthi sin amháin.

I gcás ina ndiúltóidh TLU rochtain, cuirfidh sí na cúiseanna iomlána lena diúltú ar fáil don TLU iarrthach.

I gcás diúltaithe, tá sé de cheart ag an TLU is iarrthóir gearán a dhéanamh le húdarás inniúil TLU a dhiúltaigh rochtain.

Déanfaidh údarás inniúil an TLU is faighteoir iniúchadh cuí ar an ngearán trí mheasúnú a dhéanamh ar na cúiseanna leis an diúltú agus tabharfaidh sé freagra réasúnaithe don TLU iarrthach.

Rachaidh údarás inniúil TLU is faighteoir i gcomhairle le húdarás inniúil TLU iarrthaí agus le húdarás ábhartha TLU iarrthaí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 12(1) maidir leis an measúnú a dhéanfaidh sé faoin ngearán. I gcás nach n-aontaíonn aon cheann d’údaráis TLU iarrthaí leis an measúnú a chuirfear ar fáil, féadfaidh aon cheann de na húdaráis an t-ábhar a tharchur chuig ÚEÚM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a bronnadh air faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

I gcás ina measfar go bhfuil diúltú TLU rochtain a thabhairt don rannpháirtí iarrthach éagórach, eiseoidh údarás inniúil TLU is faighteoir ordú lena gceanglófar ar an TLU sin rochtain a dheonú don TLU iarrthach.

3.  
Déanfaidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt le go sonrófar na baoil atá le cur san áireamh ag TLUanna agus measúnú cuimsitheach riosca á dhéanamh acu, agus ag údaráis inniúla agus measúnú á dhéanamh acu ar na cúiseanna a bhaineann le diúltú i gcomhréir le mír 2 agus le gnéithe an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin chuig an gCoimisiún faoi 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.  
Forbróidh ÚEÚM i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn na foirmeacha caighdeánacha agus na teimpléid a bhunú i gcomhair na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2015.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Roinn 3

Rochtain idir TLU agus bonneagar eile mhargaidh

Airteagal 53

Rochtain idir TLU agus bonneagar eile mhargaidh

1.  
Cuirfidh contrapháirtí lárnach agus ionad trádála fothaí idirbheart ar fáil ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach do TLU arna iarraidh sin don TLU agus féadfaidh siad táille tráchtála réasúnta a ghearradh as na fothaí idirbheart sin ar TLU iarrthach ar bhonn costais plus, mura gcomhaontóidh an dá pháirtí a mhalairt.

Soláthróidh TLU rochtain ar a córais socraíochta urrús ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach do chontrapháirtí lárnach nó d’ionad trádála agus féadfaidh sí táille tráchtála réasúnta a ghearradh as an rochtain sin ar bhonn costais plus, mura gcomhaontóidh an dá pháirtí a mhalairt.

2.  
Nuair a chuirfidh páirtí iarraidh ar rochtain faoi bhráid páirtí eile i gcomhréir le mír 1, láimhseálfar an iarraidh sin go pras agus cuirfear freagra chuig an bpáirtí iarrthach laistigh de thrí mhí.
3.  
Ní fhéadfaidh an páirtí is faighteoir rochtain a dhiúltú ach amháin dá gcuirfeadh an rochtain sin isteach ar fheidhmiú réidh rianúil na margaí airgeadais nó dá mbeadh sí ina cúis le riosca sistéamach. Ní fhéadfaidh sé iarraidh a dhiúltú mar gheall ar sciar den mhargadh a chailliúint.

Cuirfidh páirtí a dhiúltaíonn rochtain cúiseanna iomlána ar fáil i scríbhinn don pháirtí iarrthach maidir leis an diúltú sin bunaithe ar measúnú cuimsitheach riosca. I gcás diúltaithe, tá sé de cheart ag an bpáirtí iarrthach gearán a dhéanamh le húdarás inniúil an pháirtí a dhiúltaigh an rochtain.

Déanfaidh údarás inniúil an pháirtí is faighteoir agus an t-údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 12(1) iniúchadh cuí ar an ngearán trí mheasúnú a dhéanamh ar na cúiseanna leis an diúltú agus tabharfaidh sé freagra réasúnaithe don pháirtí iarrthach.

Rachaidh údarás inniúil an pháirtí is faighteoir i gcomhairle le húdarás inniúil an pháirtí iarrthaigh agus leis an údarás ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 12(1) maidir leis an measúnú a dhéanfaidh sé faoin ngearán. I gcás nach n-aontaíonn aon cheann d’údaráis an pháirtí iarrthaigh leis an measúnú a chuirfear ar fáil, féadfaidh aon cheann díobh an t-ábhar a tharchur chuig ÚEÚM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a bronnadh air faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

I gcás ina measfar go bhfuil diúltú ó pháirtí rochtain a dheonú éagórach, eiseoidh an t-údarás inniúil freagrach ordú lena gceanglófar ar an bpáirtí sin rochtain ar a sheirbhísí a dheonú laistigh de thrí mhí.

4.  
Déanfaidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt le go sonrófar na baoil atá le cur san áireamh ag TLUanna agus measúnú cuimsitheach riosca á dhéanamh acu, agus ag údaráis inniúla agus measúnú á dhéanamh acu ar na cúiseanna a bhaineann le diúltú i gcomhréir le mír 3 agus le gnéithe an nós imeachta dá dtagraítear i mír 3.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin chuig an gCoimisiún faoi 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

5.  
Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn na foirmeacha caighdeánacha agus na teimpléid a bhunú i gcomhair an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

TEIDEAL IV

FORÁIL DO SHEIRBHÍSÍ COIMHDEACHA DE CHINEÁL BAINCÉIREACHTA A CHUR AR FÁIL DO RANNPHÁIRTITHE TLUanna

Airteagal 54

Údarú agus ainmniú chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar

1.  
Ní sholáthróidh TLU aon cheann de na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a leagtar amach in Roinn C den Iarscríbhinn mura mbeidh údarú breise faighte aici chun seirbhísí den chineál sin a chur ar fáil i gcomhréir leis an Airteagal seo.

▼M4

2.  
Maidir le TLU a bhfuil sé beartaithe aige na híocaíochtaí airgid thirim le haghaidh a chóras socraíochta urrús ar fad nó le haghaidh cuid díobh iomlána do chuid díobh a shocrú trína chuntais féin i gcomhréir le hAirteagal 40(2) nó a bhfuil sé beartaithe aige ar shlí eile aon seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar, údarófar é faoi na coinníollacha a shonraítear i míreanna 3, 6, 7, 8 agus 9a den Airteagal seo.

▼M4

2a.  

Maidir le TLU a bhfuil sé beartaithe aige na híocaíochtaí airgid thirim le haghaidh a chóras socraíochta urrús ar fad nó le haghaidh cuid díobh a shocrú trí chuntais arna n-oscailt le hinstitiúid creidmheasa nó le TLU i gcomhréir le hAirteagal 40(2), údarófar é, faoi na coinníollacha a shonraítear i míreanna 3 go 9a den Airteagal seo, ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a ainmniú chun na críche sin:

(a) 

institiúidí creidmheasa atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2013/36/AE; nó

(b) 

TLUnna atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar de bhun mhír 3 den Airteagal seo.

Ní úsáidfear údarú chun institiúidí creidmheasa nó TLUnna a ainmniú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír ach amháin maidir leis na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta dá dtagraítear i Roinn C den Iarscríbhinn chun na híocaíochtaí airgid thirim a shocrú le haghaidh chórais socraíochta urrús ar fad an TLU atá ag iarraidh na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a úsáid nó le haghaidh cuid díobh, agus ní chun aon ghníomhaíochtaí eile a dhéanamh.

Measfar gur gníomhairí socraíochta iad na hinstitiúidí creidmheasa agus na TLUnna atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar a ainmnítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.

▼B

3.  

I gcás ina lorgóidh TLU seirbhísí coimhdeacha a chur ar fáil ón taobh istigh den eintiteas dlíthiúil céanna leis an eintiteas dlíthiúil a oibreoidh an córas socraíochta urrús, ní dheonófar an t-údarú dá dtagraítear i mír 2 ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:

(a) 

go n-údaraítear TLU mar institiúid chreidmheasa dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Threoir 2013/36/AE;

(b) 

go gcomhlíonfaidh TLU na ceanglais stuamachta mar a leagtar síos in Airteagal 59(1), (3) agus (4) iad agus na ceanglais mhaoirseachta a leagtar síos in Airteagal 60;

(c) 

gur chun na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta dá dtagraítear i Roinn C den Iarscríbhinn a chur ar fáil, agus chuige sin amháin, a úsáidfear an t-údarú dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo agus ní chun aon ghníomhaíochtaí eile a dhéanamh;

(d) 

go mbeidh TLU faoi réir muirir chaipitil lena léirítear na rioscaí, lena n-áirítear rioscaí creidmheasa agus leachtachta, atá mar thoradh ar chreidmheas ionlae a chur ar fáil, inter alia, do rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús nó d’úsáideoirí eile na seirbhísí taisclainne lárnaí urrúis;

(e) 

go dtuairisceoidh TLU go míosúil ar a laghad don údarás inniúil agus go bliantúil mar chuid dá nochtadh poiblí mar a cheanglaítear uirthi faoi Chuid a hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le méid agus bainistiú a rioscaí leachtachta ionlae i gcomhréir le pointe (j) d’Airteagal 59(4) den Rialachán seo;

(f) 

go mbeidh plean leordhóthanach athshlánaithe tíolacaithe ag TLU chuig an údarás inniúil chun a áirithiú go leanfar lena n-oibríochtaí criticiúla lena n-áirítear i gcás ina mbeidh criostalú ar leachtacht nó riosca creidmheasa mar thoradh ar na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a chur ar fáil;

I gcás ina leagtar forálacha codarsnacha síos sa Rialachán seo, i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i dTreoir 2013/36/AE, comhlíonfaidh an TLU dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fomhír den pointe seo na ceanglais níos déine maidir le maoirseacht stuamachta. Soiléireofar leis na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear in Airteagal 47 agus Airteagal 59 den Rialachán seo na cásanna ina bhfuil forálacha codarsnachta.

▼M4

4.  

I gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas, féadfar TLU a údarú chun institiúid creidmheasa a ainmniú chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar chun na híocaíochtaí airgid thirim le haghaidh chórais socraíochta urrús ar fad an TLU sin nó le haghaidh cuid díobh a shocrú de bhun mhír 2a, pointe (a):

(a) 

comhlíonann an institiúid creidmheasa na ceanglais stuamachta a leagtar síos in Airteagal 59(1), (3) agus (4) agus na ceanglais mhaoirseachta a leagtar síos in Airteagal 60;

(b) 

ní dhéanann an institiúid creidmheasa í féin aon cheann de na croísheirbhísí dá dtagraítear i Roinn A den Iarscríbhinn;

(c) 

ní úsáidtear an t-údarú faoi Airteagal 8 de Threoir 2013/36/AE ach chun na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta dá dtagraítear i Roinn C den Iarscríbhinn a sholáthar chun na híocaíochtaí airgid thirim a shocrú le haghaidh chórais socraíochta urrús ar fad an TLU atá ag iarraidh na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a úsáid nó le haghaidh cuid díobh, agus ní chun aon ghníomhaíochtaí eile a dhéanamh;

(d) 

tá an institiúid creidmheasa faoi réir formhuirear caipitil breise lena léirítear na rioscaí, lena n-áirítear rioscaí creidmheasa agus leachtachta, atá mar thoradh ar chreidmheas ionlae a sholáthar, inter alia, do na rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús nó d’úsáideoirí eile sheirbhísí TLU;

(e) 

tuairiscíonn an institiúid creidmheasa go míosúil ar a laghad don údarás inniúil agus nochtann sí go bliantúil don phobal mar chuid den nochtadh poiblí a cheanglaítear uirthi faoi Chuid a hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le méid agus bainistiú riosca leachtachta ionlae i gcomhréir le hAirteagal 59(4), pointe (j), den Rialachán seo; agus

(f) 

tá plean téarnaimh leordhóthanach curtha ag an institiúid creidmheasa faoi bhráid an údaráis inniúil chun leanúnachas a cuid oibríochtaí criticiúla a áirithiú, lena n-áirítear i gcásanna ina dtagann rioscaí leachtachta nó creidmheasa chun cinn mar thoradh ar sheirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar ó laistigh d’eintiteas dlítheanach ar leithligh.

▼M4

4a.  
I gcás ina bhféachann TLU le hinstitiúid creidmheasa nó TLU a ainmniú i gcomhréir le mír 2a chun na híocaíochtaí airgid thirim a shocrú le haghaidh a chóras socraíochta urrús ar fad nó le haghaidh cuid díobh, ní bheidh íocaíochtaí airgid thirim den sórt sin in airgeadra na tíre ina bhfuil an TLU ainmniúcháin bunaithe.

▼B

5.  
Ní bheidh feidhm ag mír 4 maidir le hinstitiúidí creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 a dhéanfaidh tairiscint na híocaíochtaí airgid a shocrú le haghaidh córas socraíochta urrús TLU, más rud é gur lú luach iomlán na socraíochta airgid sin trí chuntais a osclófar leis na hinstitiúidí creidmheasa sin, a ríomhtar thar tréimhse bliana, ná aon faoin gcéad de luach iomlán gach beart urrús i gcoinne airgid a shocrófar i leabhair TLU agus nach mó é ná EUR 2,5 billiún sa bhliain.

Déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán uair sa bhliain ar a laghad ar an tairseach a shainítear sa chéad fhomhír, d’fhonn féachaint an bhfuiltear á hurramú, agus tuairisceoidh sé a thorthaí do ÚEÚM. Má chinneann an t-údarás inniúil gur sáraíodh an tairseach, cuirfidh sé de cheangal ar TLU lena mbaineann údarú a lorg i gcomhréir le mír 4. Tíolacfaidh TLU lena mbaineann a hiarratas ar údarú laistigh de shé mhí.

6.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil a chur de cheangal ar TLU insitiúid chreidmheasa amháin nó níos mó a ainmniú, nó insitiúid chreidmheasa a ainmniú mar aon leis na seirbhísí a chur ar fáil í féin i gcomhréir le pointe (a) de mhír 2 den Airteagal seo i gcás ina measfaidh sé nach bhfuil dóthain maolaithe á dhéanamh ar neamhchosaint institiúide creidmheasa amháin ar na rioscaí comhchruinnithe faoi Airteagal 59(3) agus (4). Measfar gur gníomhairí socraíochta iad na hinstitiúidí creidmheasa ainmnithe.
7.  
Comhlíonfaidh TLU a údaraítear chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar agus institiúid chreidmheasa a ainmnítear i gcomhréir le pointe (b) de mhír 2, na coinníollacha riachtanacha faoin Rialachán seo le haghaidh údaraithe i gcónaí, agus fógróidh sí, gan mhoill, aon athruithe substaintiúla a dhéanfaidh difear na coinníollacha údaraithe do na húdaráis inniúla.

▼M4

8.  
Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an muirear breis caipitil, rioscabhunaithe dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 3 agus i bpointe (d) de mhír 4 a chinneadh.

▼B

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

▼C1

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

▼M4

9.  

Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC agus ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an tairseach dá dtagraítear i mír 5 a chinneadh agus chun ceanglais iomchuí bainistithe riosca agus stuamachta a ghabhann leis sin a chinneadh chun rioscaí a mhaolú i ndáil le hinstitiúidí creidmheasa a ainmniú i gcomhréir le mír 2a. Agus na caighdeáin sin á bhforbairt aige, cuirfidh ÚBE an méid seo a leanas san áireamh:

(a) 

na himpleachtaí don chobhsaíocht margaidh a d’fhéadfadh eascairt as athrú ar phróifíl riosca TLUnna agus a rannpháirtithe, lena n-áirítear tábhacht shistéamach na TLUnna d’fheidhmiú na margaí urrús;

(b) 

na himpleachtaí do na rioscaí creidmheasa agus leachtachta do TLUnna, do na hinstitiúidí creidmheasa ainmnithe lena mbaineann agus do rannpháirtithe TLUnna a eascraíonn as íocaíochtaí airgid thirim a shocrú trí chuntais arna n-oscailt le hinstitiúidí creidmheasa nach bhfuil faoi réir mhír 4;

(c) 

an deis atá ag TLUnna íocaíochtaí airgid thirim a shocrú i roinnt airgeadraí éagsúla;

(d) 

an gá atá le haistriú neamhbheartaithe ó shocraíocht in airgead bainc ceannais go socraíocht in airgead bainc tráchtála a sheachaint mar aon le dídhreasachtaí d’iarrachtaí TLUnna socraíocht a dhéanamh in airgead bainc ceannais; agus

(e) 

an gá atá le cothrom iomaíochta a áirithiú i measc TLUnna san Aontas.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

▼B

Airteagal 55

Nós imeachta chun údarú a dheonú agus a dhiúltú i dtaca le seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar

▼M4

1.  
Cuirfidh an TLU faoi bhráid údarás inniúil a Bhallstáit baile an t-iarratas uaidh ar údarú maidir le hinstitiúid creidmheasa a ainmniú nó TLU a ainmniú atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar nó maidir le haon seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar dó féin, de réir mar a cheanglaítear faoi Airteagal 54.
2.  
Beidh an fhaisnéis ar fad atá riachtanach san iarratas le gur féidir leis an údarás inniúil a bheith sásta gur bhunaigh an TLU agus, i gcás inarb infheidhme, an institiúid creidmheasa ainmnithe nó TLU atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, tráth an údaraithe, na socruithe ar fad is gá chun a n-oibleagáidí mar a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Beidh clár oibríochtaí ann ina leagtar amach na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta atá beartaithe, eagrúchán struchtúrach an chaidrimh idir an TLU agus, i gcás inarb infheidhme, an institiúid creidmheasa ainmnithe nó an TLU atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar agus an chaoi a bhfuil sé i gceist ag an TLU sin agus, i gcás inarb infheidhme, ag an institiúid creidmheasa ainmnithe nó ag an TLU atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar na ceanglais stuamachta a leagtar síos in Airteagal 59(1), (3), (4) agus (4a) agus na coinníollacha eile a leagtar síos in Airteagal 54 a chomhlíonadh.

▼B

3.  
Cuirfidh an t-údarás inniúil an nós imeachta i bhfeidhm faoi Airteagal 17(3) agus (8).
4.  

Ón tráth a measfar go bhfuil an t-iarratas comhlánaithe, tarchuirfidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis go léir san iarratas chuig na húdaráis seo a leanas:

(a) 

na húdaráis ábhartha;

(b) 

An t-údarás inniúil ábhartha dá dtagraítear i bpointe (40) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c) 

na húdaráis inniúla sna Ballstáit ina bhfuil TLU i ndiaidh naisc idir-inoibritheacha a bhunú le TLU eile ach amháin i gcás ina mbeidh naisc idir-inoibritheacha bunaithe dá dtagraítear in Airteagal 19(5);

(d) 

na húdaráis inniúla sa Bhallstát aíochta ina mbeidh tábhacht shubstaintiúil ag roinnt le gníomhaíochtaí TLU chun na margaí urrús a fheidhmiú agus chun infheisteoirí de réir bhrí Airteagal 24(4) a chosaint;

(e) 

na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar rannpháirtithe TLU atá bunaithe sna trí Bhallstát a mbeidh na luachanna socraíochta is mó acu i gcóras socraíochta urrús TLU ar bhonn comhiomlán thar thréimhse bliana;

(f) 

ÚEÚM; agus

(g) 

ÚBE.

▼M4

5.  
Déanfaidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 4, pointí (a) go (e), tuairim réasúnaithe a eisiúint maidir leis an údarú laistigh de 2 mhí ón dáta a fhaightear an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír sin. I gcás nach soláthraíonn údarás tuairim laistigh den sprioc-am sin, measfar go bhfuil sé tar éis tuairim dhearfach a eisiúint.

I gcás ina n-eisíonn údarás dá dtagraítear i mír 4, pointí (a) go (e), tuairim réasúnaithe dhiúltach, déanfaidh an t-údarás inniúil a bhfuil sé beartaithe aige an t-údarú a dheonú, laistigh de 1 mhí amháin ón tuairim dhiúltach sin a fháil, na cúiseanna lena dtugtar aghaidh ar an tuairim dhiúltach a thabhairt do na húdaráis dá dtagraítear i mír 4, pointí (a) go (e).

I gcás, laistigh de 1 mhí amháin ó thíolacadh na gcúiseanna sin, ina n-eisíonn aon cheann de na húdaráis dá dtagraítear i mír 4, pointí (a) go (e), tuairim dhiúltach agus ina bhfuil sé beartaithe ag an údarás inniúil mar sin féin an t-údarú a dheonú, féadfaidh aon cheann de na húdaráis a d’eisigh tuairim dhiúltach an t-ábhar a chur ar aghaidh chuig ÚEUM chun cúnamh a fháil faoi Airteagal 31(2) pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

▼B

I gcás nach ndéanfar socrú faoin tsaincheist 30 lá tar éis í a tharchur chuig ÚEÚM, glacfaidh an t-údarás inniúil ar mian leis an t-údarú a dheonú, an cinneadh deiridh agus cuirfidh sé míniú mionsonraithe ar fáil i scríbhinn maidir lena chinneadh do na húdaráis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) de mhír 4.

I gcás inar mian leis an údarás inniúil diúltú don údarú, ní dhéanfar an cheist a tharchur chuig ÚEÚM.

Sa tuairim dhiúltach sin luafar i scríbhinn na cúiseanna iomlána mionsonraithe nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó i gcodanna eile de dhlí an Aontais á gcomhlíonadh.

▼M4

Déanfaidh an t-údarás inniúil, gan moill mhíchuí, na húdaráis dá dtagraítear i mír 4, pointí (a) go (e), a chur ar an eolas faoi thorthaí an phróisis údarúcháin, lena n-áirítear aon ghníomhaíochtaí leasúcháin

▼B

6.  
I gcás ina measann ÚEÚM gur dheonaigh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 údarú a bhféadfadh sé nach bhfuil sé i gcomhréir le dlí an Aontais, gníomhóidh sé i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
7.  
Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC agus ÚEB, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonraítear an fhaisnéis a chuirfidh TLU ar fáil don údarás inniúil chun na húdaruithe ábhartha a fháil i dtaca le soláthar seirbhísí de chineál baincéireachta a bheidh coimhdeach le socraíocht.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

8.  
Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC agus ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú, le haghaidh comhairliúcháin na n-údarás dá dtagraítear i mír 4 roimh údarú a dheonú.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 56

Leathnú ar sheirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta

1.  
TLU a mbeidh sé i gceist aici leathnú a dhéanamh ar na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta agus a ainmneoidh institiúid chreidmheasa ina leith sin, nó a sholáthróidh sí féin i gcomhréir le hAirteagal 54, cuirfidh sí iarraidh ar leathnú faoi bhráid údarás inniúil a Ballstát bhaile.
2.  
Beidh an iarraidh ar leathnú faoi réir an nós imeachta faoi Airteagal 55.

Airteagal 57

Údarú a tharraingt siar

1.  

Gan dochar do ghníomhaíochtaí leasúcháin nó do bhearta faoi Theideal V, déanfaidh údarás inniúil Bhallstát baile an TLU na húdaruithe dá dtagraítear in Airteagal 54 a tharraingt siar in aon cheann de na dálaí seo leanas:

(a) 

i gcás nach n-úsáidfidh TLU an t-údarú laistigh de 12 mhí, i gcás ina dtréigfidh sí an t-údarú go sainráite nó i gcás nach mbeidh seirbhísí ar bith curtha ar fáil ag an institiúid chreidmheasa ainmnithe nó aon ghníomhaíocht déanta aici i rith na sé mhí roimhe sin;

(b) 

i gcás ina bhfaighidh TLU an t-údarú trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhdhleathacha eile;

(c) 

i gcás nach mbeidh na coinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú á gcomhlíonadh a thuilleadh ag TLU nó ag an institiúid chreidmheasa ainmnithe agus nach mbeidh na gníomhaíochtaí leasúcháin atá iarrtha ag an údarás inniúil déanta aici laistigh de thréimhse a shocrófar;

(d) 

i gcás ina mbeidh TLU nó an institiúid chreidmheasa ainmnithe tar éis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a shárú go córasach agus go tromchúiseach.

2.  
A luaithe a bheidh sé ar an eolas faoi cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 1, rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle láithreach leis na húdaráis ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 55(4) maidir leis an riachtanas an t-údarú a tharraingt siar.
3.  
Féadfaidh ÚEÚM, aon údarás ábhartha faoi phointe (a) d’Airteagal 12(1) agus aon údarás dá dtagraítear in Airteagal 60(1) nó, na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 55(4) faoi seach, tráth ar bith, a iarraidh go scrúdódh údarás inniúil Bhallstát baile an TLU an bhfuil TLU agus, i gcás inarb infheidhme, an institiúid chreidmheasa ainmnithe fós ag comhlíonadh na gcoinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú.
4.  
Féadfaidh an t-údarás inniúil an tarraingt siar a theorannú ionas nach mbainfidh sé ach le seirbhís, le gníomhaíocht, nó le hionstraim airgeadais ar leith.
5.  
Déanfaidh TLU agus an institiúid chreidmheasa ainmnithe nós imeachta leordhóthanach a chur ar bun, a chur chun feidhme agus a chothabháil lena n-áiritheofar go ndéanfar sócmhainní na gcliant agus na rannpháirtithe a shocrú agus a aistriú go tráthúil agus go hordúil chuig gníomhaire socraíochta eile i gcás údarú a tharraingt siar dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 58

Clár de TLUanna

1.  
Tabharfar fógra do ÚEÚM maidir le cinntí a ghlacfaidh údaráis inniúla faoi Airteagal 54, faoi Airteagal 56 agus faoi Airteagal 57.
2.  

Cuirfidh ÚEÚM an fhaisnéis seo a leanas ar an gclár nach mór dó a chur ar fáil ar a láithreán gréasáin tiomnaithe i gcomhréir le hAirteagal 21(3):

(a) 

ainm gach taisclainne lárnaí urrús a bhí faoi réir cinnidh faoi Airteagal 54, Airteagal 56 agus Airteagal 57;

(b) 

ainm gach institiúide creidmheasa ainmnithe;

(c) 

an liosta de sheirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a bhfuil institiúid chreidmheasa ainmnithe nó TLU a údaraítear faoi Airteagal 54 údaraithe chun iad a chur ar fáil do rannpháirtithe TLU.

3.  
Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do ÚEÚM maidir leis na heintitis sin a chuirfidh seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta ar fáil de réir cheanglais an dlí náisiúnta faoin 16 Nollaig 2014.

Airteagal 59

Ceanglais stuamachta is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa nó TLUanna a bheidh údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a chur ar fáil

1.  
Soláthróidh institiúid chreidmheasa a ainmneofar faoi phointe (b) d’Airteagal 54(2) nó TLU a údarófar faoi phointe (a) d’Airteagal 54(2) chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, arb iad na seirbhísí sin amháin a leagtar amach i Roinn C den Iarscríbhinn a chuimsítear faoin údarú.
2.  
Comhlíonfaidh institiúid chreidmheasa a ainmneofar faoi phointe (b) d’Airteagal 54(2) nó TLU a údarófar faoi phointe (a) d’Airteagal 54(2) chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, aon reachtaíocht atá nó a bheidh ann is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa.
3.  

Comhlíonfaidh institiúid chreidmheasa a ainmneofar faoi phointe (b) d’Airteagal 54(2) nó TLU a údarófar faoi phointe (a) d’Airteagal 54(2) chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, na ceanglais shonracha stuamachta seo a leanas maidir leis na rioscaí creidmheasa a bhaineann leis na seirbhísí sin i ndáil le gach córas socraíochta urrús:

(a) 

bunóidh sí creat stóinsithe chun na rioscaí creidmheasa comhfhreagracha a bhainistiú;

(b) 

sainaithneoidh sí foinsí an riosca creidmheasa sin go minic agus go rialta, tomhaisfidh sí neamhchosaintí creidmheasa comhfhreagracha agus déanfaidh sí faireachán orthu agus úsáidfidh sí uirlisí iomchuí um bainistiú riosca chun na rioscaí sin a rialú;

(c) 

cumhdóidh sí neamhchosaintí creidmheasa comhfhreagracha go hiomlán ar iasachtaithe aonair ag baint úsáide as comhthaobhacht agus as acmhainní airgeadais coibhéiseacha eile;

(d) 

má úsáidtear comhthaobhacht chun a riosca creidmheasa comhfhreagrach a bhainistiú, glacfaidh sí le comhthaobhacht atá an-leachtacht lena mbaineann an riosca is lú creidmheasa agus margaidh; féadfaidh sí cineálacha eile comhthaobhachta a úsáid i ndálaí sonracha má chuirtear caolchorrlach iomchuí i bhfeidhm;

(e) 

bunóidh sí agus cuirfidh sí i bhfeidhm caolchorrlaigh choimeádacha iomchuí agus teorannacha comhchruinnithe ar luachanna comhthaobhachta atá bunaithe chun na neamhchosaintí creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (c) a chumhdach, agus na cuspóirí go bhféadfar comhthaobhacht a leachtú go pras á gcur san áireamh gan éifeachtaí díobhálacha suntasacha a imirt ar phraghasanna;

(f) 

leagfaidh sí síos teorainneacha ar a cuid neamhchosaintí creidmheasa comhfhreagracha;

(g) 

déanfaidh sí anailís agus pleanálfaidh sí an bealach chun aghaidh a thabhairt ar aon neamhchosaintí creidmheasa iarmharaigh a d’fhéadfadh a bheith ann, agus glacfaidh sí rialacha agus nósanna imeachta chun na pleananna sin a chur chun feidhme;

(h) 

ní sholáthróidh sí creidmheas ach amháin do rannpháirtithe a mbeidh cuntais airgid acu léi;

(i) 

déanfaidh sí foráil le haghaidh nósanna imeachta éifeachtacha aisíocaíochta maidir le creidmheas ionlae agus molfaidh sí gan creidmheas thar oíche a úsáid trí rátaí smachtbhannaí a fheidhmiú a bheidh mar bhac éifeachtach.

4.  

Comhlíonfaidh institiúid chreidmheasa a ainmneofar faoi phointe (b) d’Airteagal 54(2) nó TLU a údarófar faoi phointe (a) d’Airteagal 54(2) chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, na ceanglais shonracha stuamachta seo a leanas maidir leis na rioscaí creidmheasa a bhaineann leis na seirbhísí sin i ndáil le gach córas socraíochta urrús:

(a) 

beidh creat stóinsithe agus uirlisí aici chun a cuid rioscaí leachtachta a thomhas, a bhainistiú agus chun faireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear rioscaí leachtachta ionlae, maidir le gach airgeadra den chóras socraíochta urrús a ngníomhóidh sí mar ghníomhaire socraíochta ina leith;

(b) 

tomhaisfidh sí agus déanfaidh sí faireachán ar bhonn leanúnach agus tráthúil, agus ar bhonn laethúil ar a laghad, ar a riachtanais leachtachta agus leibhéal na sócmhainní leachtacha a bheidh á sealbhú aici; agus é sin á dhéanamh aici, cinnfidh sí luach na sócmhainní leachtacha atá ar fáil di agus caolchorrlaigh iomchuí na sócmhainní sin á gcur san áireamh aici;

(c) 

beidh acmhainní leachtacha leordhóthanacha aici i ngach airgeadra ábhartha le haghaidh seirbhísí socraíochta a sholáthar go tráthúil faoi raon leathan cásanna struis lena n-áirítear an riosca leachtachta a ghinfidh mainneachtain aon rannpháirtí ar a laghad, ach gan a bheith teoranta dó, lena n-áirítear a máthairghnóthas agus fochuideachtaí, a mbeidh na neamhchosaintí is mó aici ina leith;

(d) 

maolóidh sí na rioscaí leachtachta comhfhreagracha le hacmhainní leachtacha cáiliúcháin i ngach airgeadra amhail airgead ag an mbanc lárnach eisiúna agus ag institiúidí airgeadais inchairde eile, línte creidmheasa tiomanta eile nó socruithe comhchosúla agus comhthaobhacht an-leachtacht nó infheistíochtaí a bheidh ar fáil gan stró agus in-chomhshóite in airgead le socruithe cistiúcháin ardiontaofa agus réamhshocruithe, fiú amháin faoi dhálaí margaidh a bheidh foircneach ach sochreidte agus déanfaidh sí sainaithint, tomhas agus faireachán ar a riosca leachtachta a eascróidh as na hinstitiúidí éagsúla airgeadais a úsáidfear chun a rioscaí leachtachta a bhainistiú;

(e) 

gach uair a úsáidfear socruithe cistiúcháin réamhshocruithe, ní roghnóidh sí ach institiúidí airgeadais inchairde mar sholáthróirí leachtachta; bunóidh sí agus cuirfidh sí i bhfeidhm teorainneacha comhchruinnithe iomchuí i gcás gach ceann de na soláthraithe leachtachta comhfhreagracha lena n-áirítear a máthairghnóthas agus fochuideachtaí;

(f) 

cinnfidh sí an leor na hacmhainní comhfhreagracha trí thástáil struis chuimsitheach a dhéanamh go rialta agus déanfaidh sí tástáil ar an méid sin;

(g) 

déanfaidh sí anailís agus pleanálfaidh sí an bealach is fearr chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh leachtachta neamhurraithe gan choinne a d’fhéadfadh a bheith ann, agus glacfaidh sí rialacha agus nósanna imeachta chun pleananna den sórt sin a chur chun feidhme;

(h) 

i gcás ina mbeidh rogha phraiticiúil aici agus í sin ar fáil di, gan dochar do rialacha incháilitheachta an bhainc cheannais, beidh rochtain aici ar chuntais an bhainc cheannais agus ar sheirbhísí eile de chuid an bhainc cheannais chun a bainistiú ar na rioscaí leachtachta a bharrfheabhsú agus cuirfidh institiúidí creidmheasa an Aontais na hiarmhéideanna comhfhreagracha airgid i dtaisce i gcuntais thiomnaithe le bainc cheannais eisiúna an Aontais;

(i) 

beidh socruithe réamhshocruithe agus ardiontaofa aici chun a áirithiú go bhféadfaidh sí an chomhthaobhacht a sholáthair cliant mainneachtana di a leachtú go tráthúil;

(j) 

tuairisceoidh sí go rialta do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 60(1) faoin mbealach ina ndéanann sí a rioscaí leachtachta a thomhas, a bhainistiú agus ina ndéanann sí faireachán orthu, rioscaí leachtachta ionlae san áireamh, agus déanfaidh sí an méid sin a nochtadh don phobal.

▼M4

4a.  
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag TLU seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar do TLUnna eile de bhun Airteagal 54(2a), pointe (b), beidh rialacha agus nósanna imeachta soiléire i bhfeidhm ag an TLU lena dtugtar aghaidh ar aon rioscaí creidmheasa, leachtachta agus comhchruinnithe a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar sholáthar na seirbhísí sin.

▼M4

5.  
Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEUM agus le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun mionsonraí na gcreataí agus na n-uirlisí a shonrú a thuilleadh chun faireachán a dhéanamh ar na rioscaí creidmheasa agus leachtachta agus iad a thomhas, a bhainistiú, a thuairisciú agus a nochtadh go poiblí, lena n-áirítear na rioscaí sin a tharlaíonn ar bhonn ionlae, dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4, chomh maith leis na rialacha agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 4a. Déanfar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin, i gcás inarb iomchuí, a ailíniú leis na caighdeáin theicniúla rialála a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 46(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025.

▼B

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 60

Maoirseacht ar institiúidí creidmheasa ainmnithe agus ar TLUanna a údarófar chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar

1.  
Gan dochar d’Airteagal 17 agus d’Airteagal 22 den Rialachán seo, beidh na húdaráis inniúla mar a shainmhínítear iad i bpointe (40) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 freagrach as an údarú mar institiúidí creidmheasa agus as maoirseacht mar institiúidí creidmheasa faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i dTreoir 2013/36/AE na n-institiúidí creidmheasa ainmnithe agus TLUanna a údaraítear faoin Rialachán seo le seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar.

Beidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír freagrach freisin as maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheas ainmnithe agus as taisclainne dá dtagraítear san fhomhír sin maidir lena bhfuil na ceanglais stuamachta dá dtagraítear in Airteagal 59 den Rialachán seo á gcomhlíonadh acu.

▼M4

Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír measúnú go tráthrialta, agus gach 2 bhliain ar a laghad, i dtaobh an bhfuil Airteagal 59 á chomhlíonadh ag an institiúid creidmheasa ainmnithe nó ag TLU atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar agus cuirfidh siad údarás inniúil an TLU ar an eolas, agus ansin cuirfidh an t-údarás inniúil sin na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 55(4) agus, i gcás inarb infheidhme, an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 24a ar an eolas, i ndáil leis na torthaí, lena n-áirítear aon ghníomhaíochtaí leasúcháin nó pionóis, a ghabhfaidh leis an maoirseacht a dhéanfaidh sé faoin mír sin.

▼B

2.  

►M4  Déanfaidh údarás inniúil an TLU, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 agus leis na húdaráis ábhartha, athbhreithniú agus meastóireacht ar an méid seo a leanas ar a laghad gach 2 bhliain: ◄

(a) 

sa chás dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 54(2), an dtugann na socruithe riachtanacha ar fad idir na hinstitiúidí creidmheasa ainmnithe agus TLU deis dóibh a gcuid oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh;

(b) 

sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 54(2), an dtugtar leis na socruithe a bhaineann leis an údarú seirbhísí coimhdeacha den chineál baincéireachta a sholáthar deis don TLU a cuid oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

▼M4

Déanfaidh údarás inniúil an TLU torthaí a athbhreithnithe agus a mheastóireachta faoin mír seo, lena n-áirítear aon ghníomhaíochtaí leasúcháin nó pionóis, a chur in iúl go tráthrialta, agus gach 2 bhliain ar a laghad, do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 55(4) agus, i gcás inarb infheidhme, don choláiste dá dtagraítear in Airteagal 24aghníomhaíochtaí leasúcháin.

▼B

I gcás ina n-ainmneoidh TLU institiúid creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 54, i bhfianaise chosaint na rannpháirtithe sna córais socraíochta urrús a oibreoidh sí, áiritheoidh TLU go mbeidh rochtain aici ón institiúid chreidmheasa a ainmneoidh sí ar gach faisnéis is gá chun críche an Rialacháin seo agus tabharfaidh sí tuairisc ar aon sáruithe ina leith chuig údarás inniúil na taisclainne lárnaí agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1.

3.  
Chun maoirseacht a bheidh comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú laistigh den Aontas ar institiúidí creidmheasa agus ar TLUanna a údarófar chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, féadfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEÚM agus le comhaltaí CEBC, treoirlínte a eisiúint a bheidh dírithe ar údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

TEIDEAL V

SMACHTBHANNAÍ

Airteagal 61

Smachtbhannaí agus bearta eile riaracháin

1.  
Gan dochar do cheart na mBallstát foráil do smachtbhannaí coiriúla agus iad a fhorchur, leagfaidh Ballstáit síos rialacha maidir le smachtbhannaí riaracháin agus bearta, agus áiritheoidh siad go mbeidh a n-údaráis inniúla in ann na smachtbhannaí agus na bearta sin a fhorchur, ar smachtbhannaí agus bearta iad a bheidh infheidhme sna himthosca a shainítear in Airteagal 63, i leith na ndaoine a bheidh freagrach as sáruithe a dhéanamh ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear iad chun feidhme. Beidh smachtbhannaí agus bearta eile mar sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Féadfaidh Ballstáit a chinneadh gan rialacha a leagan síos chun smachtbhannaí riaracháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás ina bhfuil sáruithe dá dtagraítear sa fomhír sin faoi réir smachtbhannaí coiriúla ina ndlí náisiúnta cheana faoin 18 Meán Fómhair 2016. Sa chás ina gcinneann siad amhlaidh, cuirfidh Ballstáit na codanna ábhartha ina ndlí coiriúil in iúl, go mionsonraithe, don Choimisiún agus do ÚEÚM.

Faoin 18 Meán Fómhair 2016, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do ÚEÚM faoi na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill don Choimisiún agus do ÚEÚM faoi aon mhoill mhíchuí a dhéanfar orthu dá éis sin.

2.  
Beidh na húdaráis inniúla in ann smachtbhannaí riaracháin agus bearta eile a chur i bhfeidhm ar TLUanna, ar institiúidí creidmheasa ainmnithe, agus, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta i réimsí nach gcomhchuibhítear leis an Rialachán seo, ar chomhaltaí a gcomhlachtaí bainistithe agus ar dhaoine eile arb iad, i ndairíre, a rialóidh a ngnó agus, a dhála sin, ar aon duine dlítheanach nó nádúrtha eile a bheidh freagrach faoin dlí náisiúnta as sárú a dhéanamh.
3.  
I bhfeidhmiú a gcumhachtaí i ndáil le pionóis a fhorchur sna himthosca a shainítear in Airteagal 63, oibreoidh údaráis inniúla i ndlúthchomhar lena áirithiú go fíorófar leis na pionóis riaracháin agus na bearta eile torthaí inmhianaithe an Rialacháin seo agus comhordóidh siad a ngníomhaíocht d’fhonn aon dúbailt nó forluí a sheachaint nuair a bheidh smachtbhannaí riaracháin agus bearta eile á gcur i bhfeidhm i ndáil le cásanna trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 14.
4.  
I gcás inar roghnaigh na Ballstáit, i gcomhréir le mír 1 smachtbhannaí coiriúla a leagan síos le haghaidh na sáruithe ar na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 63, áiritheoidh siad go mbeidh na bearta iomchuí ar bun ionas go mbeidh na cumhachtaí riachtanacha ag na húdaráis inniúla le comhoibriú leis na húdaráis bhreithiúnacha ina ndlínse leis an bhfaisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe coiriúla nó le himeachtaí a tionscnaíodh i gcás sáruithe féideartha ar an Rialachán seo agus leis an bhfaisnéis sin a chur ar fáil d’údaráis inniúla eile agus d’ÚEÚM lena n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le comhoibriú lena chéile agus le ÚEÚM chun críoch an Rialachán seo.
5.  
Féadfaidh na húdaráis inniúla comhoibriú freisin le húdaráis inniúla Ballstát eile i ndáil le haisghabháil smachtbhannaí airgid.
6.  
Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis chomhiomlán maidir leis an smachtbhannaí agus na bearta eile uile a fhorchuirtear i gcomhréir le mír 1 ar fáil do ÚEÚM ar bhonn bliantúil. Foilseoidh ÚEÚM an fhaisnéis sin i dtuarascáil bhliantúil.

I gcás inar roghnaigh na Ballstáit, i gcomhréir le mír 1, smachtbhannaí coiriúla a leagan síos do sháruithe ar na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 63, cuirfidh a n-údaráis inniúla sonraí comhiomlánaithe agus gan ainmneacha maidir leis na himscrúduithe coiriúla uile a rinneadh agus na pionóis choiriúla uile a forchuireadh ar fáil d’ÚEÚM ar bhonn bliantúil. Foilseoidh ÚEÚM sonraí maidir leis na smachtbhannaí coiriúla a forchuireadh i dtuarascáil bhliantúil.

7.  
I gcás inar nochtaigh an t-údarás inniúil beart riaracháin, nó pionós nó pionós coiriúil don phobal, tuairisceoidh sé sin d’ÚEÚM ag an am céanna.
8.  

Feidhmeoidh údaráis inniúla a bhfeidhmeanna agus a gcumhachtaí i gcomhréir lena gcreataí náisiúnta:

(a) 

go díreach;

(b) 

i gcomhar le húdaráis eile;

(c) 

faoina bhfreagracht féin, trí tharmligean a dhéanamh chuig eintitis a mbeidh cúraimí tarmligthe chucu de réir an Rialacháin seo; nó

(d) 

trí iarratas a chur chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla

Airteagal 62

Cinntí a fhoilsiú

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh na húdaráis inniúla ar a láithreán gréasáin aon chinneadh lena bhforchuirfear smachtbhanna nó beart eile riaracháin as sárú a dhéanfar ar an Rialachán seo gan mhoill mhíchuí nuair a bheidh an duine a gcuirfear smachtbhanna ina leith ar an eolas faoin gcinneadh sin. Beidh ar a laghad faisnéis faoi shaghas agus cineál an tsáruithe agus faoi chéannacht duine nádúrtha nó dlíthiúil ar a bhforchuirtear an smachtbhanna san fhoilsiú.

I gcás ina mbeidh an cinneadh smachtbhanna nó beart eile a fhorchur faoi réir achomhairc os comhair na n-údarás ábhartha breithiúnacha nó na n-údarás ábhartha eile, foilseoidh na húdaráis inniúla faisnéis ar a láithreán gréasáin oifigiúil, gan mhoill mhíchuí, maidir le stádas an achomhairc agus an toradh a bheidh air. Thairis sin, foilseofar freisin aon chinneadh lena gcuirtear ar neamhní cinneadh a rinneadh roimhe sin maidir le smachtbhanna nó beart.

I gcás ina meastar go bhfuil sé neamhréireach ag an údarás inniúil céannacht na ndaoine dlíthiúla nó sonraí pearsanta daoine nádúrtha a fhoilsiú tar éis measúnú cás ar chás a dhéanamh maidir le comhréireacht i dtaca le sonraí mar sin a fhoilsiú, nó i gcás ina gcuirtear cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdaithe leanúnaigh i mbaol leis an bhfoilsiú, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla ceann de na nithe a leanas:

(a) 

cuirfidh siad moill ar fhoilsiú an chinnidh smachtbhanna nó beart eile a fhorchur go dtí go gcuirfear deireadh leis na cúiseanna atá ann maidir le neamhfhoilsiú;

(b) 

foilseoidh siad an cinneadh gan smachtbhanna nó beart eile a fhorchur ar bhonn gan ainm ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás ina n-áiritheofar le foilsiú gan ainm mar sin go dtabharfaí cosaint éifeachtúil do shonraí pearsanta;

(c) 

ní fhoilseoidh siad an cinneadh smachtbhanna nó beart eile a fhorchur ar chor ar bith i gcás ina measfar gur neamhleor na roghanna a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) leis an méid a leanas a áirithiú:

(i) 

nach gcuirfear cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol;

(ii) 

comhréireacht i dtaca le cinntí mar sin a fhoilsiú ag féachaint do bhearta a meastar gur mionbhearta iad.

I gcás cinneadh smachtbhannaí nó beart eile a fhoilsiú ar bhonn gan ainm, féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur ar ceal ar feadh tréimhse réasúnta i gcás ina bhforáiltear go gcuirfí deireadh leis na cúiseanna atá leis an bhfoilsiú gan ainm le linn na tréimhse sin.

Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚEÚM ar an eolas faoi na smachtbhannaí riaracháin uile a fhorchuirtear ach nach foilsítear i gcomhréir le pointe (c) den tríú fomhír, lena n-áirítear aon achomharc i ndáil leis sin agus an toradh a bheidh air. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húdaráis inniúla faisnéis agus an breithiúnas deiridh i ndáil le haon smachtbhanna coiriúil a fhorchuirtear agus cuirfidh siad faoi bhráid ÚEÚM é. Coimeádfaidh ÚEÚM bunachar sonraí lárnach de na smachtbhannaí a chuirtear in iúl dó go díreach le faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla. Is údaráis inniúla amháin a mbeidh rochtain acu ar an mbunachar sonraí sin agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn na faisnéise a chuirfidh na húdaráis inniúla ar fáil.

2.  
Áiritheoidh údaráis inniúla nach nglanfar aon rud a fhoilseofar, i gcomhréir leis an Airteagal seo, den láithreán gréasáin go ceann tréimhse nach lú ná cúig bliana i ndiaidh a fhoilsithe. Ní choimeádfar aon sonraí pearsanta a bheidh san fhoilseachán ar láithreán gréasáin oifigiúil an údaráis inniúil ach amháin don tréimhse a bheidh riachtanach agus faoi na rialacha infheidhme um chosaint sonraí.

Airteagal 63

Smachtbhannaí i leith sáruithe

1.  

Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na forálacha a leanas den Rialachán:

(a) 

soláthar seirbhísí a leagtar amach i Roinn A, i Roinn B agus i Roinn C den Iarscríbhinn, de shárú ar Airteagal 16, ar Airteagal 25 agus ar Airteagal 54;

(b) 

na húdaruithe a cheanglaítear faoi Airteagal 16 agus faoi Airteagal 54 a fháil trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodh neamhdhleathach eile amhail dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 20(1) agus i bpointe (b) d’Airteagal 57(1);

(c) 

mainneachtain TLUanna an caipiteal riachtanach a shealbhú agus, ar an mbealach sin Airteagal 47(1) a shárú;

(d) 

mainneachtain TLUanna na ceanglais eagraíochtúla a chomhlíonadh agus, ar an mbealach sin Airteagal 26 go hAirteagal 30 a shárú;

(e) 

mainneachtain TLUanna na rialacha a chomhlíonadh maidir le gnó a dhéanamh agus, ar an mbealach sin Airteagal 32 go hAirteagal 35 a shárú;

(f) 

mainneachtain TLUanna na ceanglais le haghaidh seirbhísí TLU a chomhlíonadh agus, ar an mbealach sin Airteagal 37 go hAirteagal 41 a shárú;

(g) 

mainneachtain TLUanna na ceanglais stuamachta a chomhlíonadh agus, ar an mbealach sin Airteagal 43 go hAirteagal 47 a shárú;

(h) 

mainneachtain TLUanna na ceanglais maidir le naisc idir TLUanna, agus, ar an mbealach sin Airteagal 48 a shárú;

(i) 

diúltú éagórach ó TLUanna cineálacha difriúla rochtana a dheonú, agus, ar an mbealach sin Airteagal 49 go hAirteagal 53 a shárú;

(j) 

mainneachtain institiúidí creidmheasa ainmnithe na ceanglais shonracha stuamachta a bhaineann le rioscaí creidmheasa a chomhlíonadh agus, ar an mbealach sin Airteagal 59(3) a shárú;

(k) 

mainneachtain institiúidí creidmheasa ainmnithe ceanglais shonracha stuamachta a bhaineann le rioscaí leachtachta a chomhlíonadh agus, ar an mbealach sin Airteagal 59(4) a shárú.

2.  

Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta na n-údarás inniúil, ar a laghad i gcás sáraithe dá dtagraítear san Airteagal seo, beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta eile seo a leanas ar a fhorchur:

(a) 

ráiteas poiblí ina sonrófar an duine a bheidh freagrach as an sárú agus an cineál sáraithe i gcomhréir le hAirteagal 62;

(b) 

ordú á cheangal ar an duine a bheidh freagrach as an sárú scor den iompar sin agus gan déanamh amhlaidh arís;

(c) 

na húdaruithe a dheonófar faoi Airteagal 16 agus faoi Airteagal 54 a tharraingt siar, i gcomhréir le hAirteagal 20 nó le hAirteagal 57;

(d) 

cosc sealadach, nó i gcás sáruithe tromchúiseacha a dhéantar arís agus arís eile, cosc buan i gcoinne aon chomhalta de chomhlacht bainistithe na hinstitiúide, nó aon duine nádúrtha eile a leagfar freagracht air, faoi fheidhmeanna bainistithe san institiúid a fheidhmiú;

(e) 

na smachtbhannaí uasta airgid riaracháin ar a laghad suas le dhá oiread an bhrabúis a gnóthaíodh de thoradh an tsáraithe, i gcás inar féidir na méideanna sin a chinneadh;

(f) 

maidir le duine nádúrtha, smachtbhannaí uasta airgid riaracháin suas le ar a laghad EUR 5 milliún, nó sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfheagrach san airgeadra náisiúnta ar an dáta a nglacfar an Rialachán seo;

(g) 

maidir le duine dlíthiúil, smachtbhannaí uasta airgid riaracháin suas le ar a laghad EUR 20 milliún nó suas le 10 % de láimhdeachas iomlán bliantúil an duine dhlíthiúil i gcomhréir leis na cuntais deiridh atá ar fáil a d’fhormheas an comhlacht bainistithe, i gcás inarb ionann an duine dlíthiúil agus máthairghnóthas nó fochuideachta den mháthairghnóthas, a chaithfidh cuntais chomhdhlúite airgeadais a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, is ionann an láimhdeachas ábhartha bliantúil iomlán agus an láimhdeachas bliantúil iomlán nó cineál comhfhreagrach ioncaim i gcomhréir leis na Treoracha ábhartha Cuntasaíochta i gcomhréir leis na cuntais chomhdhlúite deireanacha a bhí ar fáil a d’fhormheas comhlacht bainistithe an mháthairghnóthais dheiridh;

3.  
D’fhéadfadh cumhachtaí smachtbhannaí eile a bheith ag údaráis inniúla de bhreis orthu siúd dá dtagraítear i mír 2 agus féadfaidh siad foráil a dhéanamh do leibhéil níos airde smachtbhannaí airgid riaracháin ná na leibhéil a bhunaítear sa mhír sin.

Airteagal 64

Na smachtbhannaí a chur i bhfeidhm go héifeachtach

Áiritheoidh Ballstáit go gcuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh na himthosca ábhartha go léir, nuair a chinnfidh siad cineál agus aicme na smachtbhannaí riaracháin nó na mbeart eile, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí:

(a) 

tromchúis agus ré an tsáraithe;

(b) 

leibhéal freagrachta an duine a bheidh freagrach as an sárú;

(c) 

neart airgeadais an duine a bheidh freagrach as an sárú, a léireofar, mar shampla, le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh sin a bheidh freagrach nó le hioncam bliantúil an duine nádúrtha a bheidh freagrach;

(d) 

tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an duine a bheidh freagrach as an sárú, nó tábhacht na gcaillteanas a sheachain an duine a bheidh freagrach, nó tábhacht na gcaillteanas do thríú páirtithe a díorthaíodh ón sárú, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(e) 

leibhéal comhair an duine a bheidh freagrach as an sárú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá atá le haisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó le haisíoc na gcaillteanas a sheachain an duine sin, a áirithiú;

(f) 

sáruithe a rinne an duine atá freagrach as an sárú roimhe seo.

Airteagal 65

Sáruithe a thuairisciú

1.  
Áiritheoidh Ballstáit go mbunóidh na húdaráis inniúla sásraí éifeachtacha chun tuairisciú a spreagadh chuig na húdaráis inniúla maidir le haon sárú a dhéanfar nó a bhféadfar a dhéanamh ar fhorálacha an Rialacháin seo.
2.  

Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad i measc na sásraí dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

nósanna imeachta sonracha maidir le tuarascálacha a fháil agus a imscrúdú i ndáil le haon sárú a dhéanfar nó a bhféadfar a dhéanamh agus an méid a dhéantar ina dhiaidh sin, lena n-áirítear bealaí slána cumarsáide a bhunú do thuarascála mar sin;

(b) 

cosaint chuí ar fhrithbheartaíocht, ar idirdhealú nó ar chineálacha eile de dhéileáil neamhchothrom, ar a laghad, do na fostaithe sin a thuairiscíonn sáruithe a dhéantar nó a bhféadfar a dhéanamh laistigh den institiúid;

(c) 

cosaint sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine a thuairisceoidh sáruithe a dhéantar agus a bhféadfar a dhéanamh agus leis an duine nádúrtha a bheidh in ainm a bheith freagrach as an sárú, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE;

(d) 

céannacht an duine a thuairiscíonn na sáruithe agus an duine nádúrtha atá in ainm a bheith freagrach as an sárú a chosaint ag gach céim de na nósanna imeachta mura gceanglaítear nochtadh mar sin leis an dlí náisiúnta i gcomhthéacs tuilleadh imscrúdaithe nó nósanna riaracháin nó breithiúnacha ina dhiaidh sin.

3.  
Éileoidh Ballstáit ar institiúidí nósanna imeachta a chur ar bun dá gcuid fostaithe chun sáruithe a dhéanfar nó a bhféadfaí a dhéanamh a thuairisciú go hinmheánach trí chainéal sonrach, neamhspleách agus féinrialaithe.

Féadfar cainéal den sórt sin a chur ar fáil trí shocruithe a chuirfidh comhpháirtithe sóisialta ar fáil. Beidh feidhm ag an gcosaint chéanna dá dtagraítear i bpointe (b), (c) agus (d) de mhír 2.

Airteagal 66

Ceart achomhairc

Deimhneoidh Ballstáit go mbeidh cinntí agus bearta a dhéanfar de bhun an Rialacháin seo cuíréasúnaithe agus faoi réir cirt achomhairc os comhair binse. Beidh feidhm ag ceart achomhairc os comhair binse i gcás nach nglacfar aon chinneadh, laistigh de shé mhí tar éis é a chur isteach, i ndáil le hiarratas le haghaidh údaraithe ina mbeidh an fhaisnéis ar fad a éileofar faoi fhorálacha a bheidh i bhfeidhm.

TEIDEAL VI

CUMHACHTAÍ A THARMLIGEAN, CUMHACHTAÍ CUR CHUN FEIDHME, FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA, LEASAITHEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 67

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

▼M4

2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe amhail ón 17 Meán Fómhair 2014.

▼M4

2a.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(5) agus (9) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe amhail ón 16 Eanáir 2024.

▼M4

3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus in Airteagal 7(5) agus (9) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

▼B

4.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

▼M4

5.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(2) agus Airteagal 7(5) agus (9) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

▼B

Airteagal 68

Nós imeachta coiste

1.  
Beidh an Coiste um Urrúis Eorpacha a bunaíodh le Cinneadh 2001/528/CE ( 12 ) ón gCoimisiún de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.
2.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

▼M4

3.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

▼B

Airteagal 69

Forálacha idirthréimhseacha

1.  
Cuirfidh na húdaráis inniúla in iúl do ÚEÚM na hinstitiúidí sin a oibreoidh mar TLUanna faoin 16 Nollaig 2014.
2.  
Féachfaidh TLUanna le gach údarú a bheidh riachtanach chun críocha an Rialacháin seo a fháil agus tabharfar fógra do naisc ábhartha taisclainne lárnaí urrús laistigh de shé mhí ón dáta a dtiocfaidh na dréachtchaighdeán teicniúil rialála go léir arna nglacadh faoi Airteagail 17, 26, 45, 47, 48, agus, i gcás inarb iomchuí, faoi Airteagal 55, agus faoi Airteagal 59, i bhfeidhm.
3.  
Laistigh de shé mhí ón dáta is déanaí a dtiocfaidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh faoi Airteagail 12, 17, 25, 26, 45, 47, 48, agus, i gcás inarb iomchuí, faoi Airteagal 55 agus faoi Airteagal 59 nó an cinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 25(9) i bhfeidhm, déanfaidh TLU de chuid tríú tír iarratas ar aitheantas ó ÚEÚM ina mbeidh sé i gceist aici a seirbhísí a sholáthar ar bhonn Airteagal 25.

▼M4

4.  
Leanfaidh na rialacha náisiúnta maidir le húdarú TLUnna d’fheidhm a bheith acu go dtí an dáta a dhéanfar cinneadh faoin Rialachán seo maidir le húdarú TLUnna agus a gcuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear naisc idir TLUnna, nó go dtí an 17 Eanáir 2025, cibé acu is túisce.

▼M4

4a.  
Leanfaidh na rialacha náisiúnta maidir le haithint TLUnna tríú tír d’fheidhm a bheith acu go dtí an dáta a dhéanfar cinneadh faoin Rialachán seo maidir le haithint na TLUnna tríú tír agus a gcuid gníomhaíochtaí, nó go dtí an 17 Eanáir 2027, cibé acu is túisce.

Maidir le TLU tríú tír a sholáthraíonn na croísheirbhísí dá dtagraítear i Roinn A, pointí 1 agus 2, den Iarscríbhinn i ndáil le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 49(1), an dara fomhír, de bhun na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le haithint TLUnna tríú tír, tabharfaidh sé fógra do ÚEUM faoi sin laistigh de 2 bhliain ón 16 Eanáir 2024.

Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an fhaisnéis a shonrú a cheanglaítear ar TLU tríú tír a sholáthar do ÚEUM san fhógra dá dtagraítear sa dara fomhír. Beidh faisnéis den sórt sin teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme agus ina bhfuil sé ar fáil, an méid seo a leanas:

(a) 

líon na rannpháirtithe dá soláthraíonn an TLU tríú tír na seirbhísí dá dtagraítear sa dara fomhír nó a bhfuil sé beartaithe ag an TLU tríú tír na seirbhísí sin a sholáthar dóibh;

(b) 

na catagóirí d’ionstraimí airgeadais ar ina leith a sholáthraíonn an TLU tríú tír seirbhísí den sórt sin; agus

(c) 

méid iomlán agus luach iomlán ionstraimí airgeadais den sórt sin.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4b.  
Maidir le TLU tríú tír a sholáthair an chroísheirbhís dá dtagraítear i Roinn A, pointe 3, den Iarscríbhinn i ndáil le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 49(1), an dara fomhír, roimh an 17 Eanáir 2026, tíolacfaidh sé an fógra dá dtagraítear in Airteagal 25(2a) faoin 17 Eanáir 2026.
4c.  
I gcás ina bhfuil TLU tar éis iarratas iomlán ar aitheantas a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 25(4), (5) agus (6) roimh an 16 Eanáir 2024 ach nach bhfuil ÚEUM tar éis cinneadh a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 25(6) faoin dáta sin, leanfaidh na rialacha náisiúnta maidir le haithint TLUnna d’fheidhm a bheith acu go dtí go n-eiseofar an cinneadh ó ÚEUM.

▼B

5.  
Comhlíonfaidh na TLUanna a oibreoidh na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(4) ceanglais an Rialacháin seo laistigh de bhliain amháin ón dáta a dtiocfaidh na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 2 i bhfeidhm.

▼M4

6.  
Leanfaidh an gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(14) de réir mar is infheidhme roimh an 16 Eanáir 2024 d’fheidhm a bheith aige go dtí dáta chur i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(5).

Leanfaidh an gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(15), pointí (a), (b) agus (g), de réir mar is infheidhme roimh an 16 Eanáir 2024 d’fheidhm a bheith aige go dtí dáta chur i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(10).

7.  
Bunóidh na húdaráis inniúla coláistí de bhun Airteagal 24a laistigh de 1 mhí amháin ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil rialála a ghlactar faoi Airteagal 24a(13).
8.  

Ní bheidh TLU, i mBallstát eile, a sholáthair croísheirbhísí dá dtagraítear i Roinn A, pointí 1 agus 2, den Iarscríbhinn, nó a chuir brainse ar bun i gcomhréir le hAirteagal 23 de réir mar is infheidhme roimh an 16 Eanáir 2024 faoi réir an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 23(3) go (6) ach amháin i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a) 

brainse nua a chur ar bun;

(b) 

athrú ar raon na seirbhísí sin.

▼B

Airteagal 70

Leasuithe ar Threoir 98/26/CE

Leasaítear Treoir 98/26/CE mar seo a leanas:

(1) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc de phointe (a) d’Airteagal 2:

— 
“— 

a ainmneofar, gan dochar do choinníollacha níos déine eile a mbeidh feidhm ghinearálta leo a leagtar síos leis an dlí náisiúnta, mar chóras agus a cuireadh in iúl don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ag an mBallstát a mbeidh a dhlí infheidhme, tar éis don Bhallstát sin a bheith sásta i dtaobh leordhóthanacht rialacha an chórais.”;

(2) 

in Airteagal 11, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3.  
Faoin 18 Márta 2015, glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit na bearta is gá chun an tríú fleasc den chéad fhomhír de phointe (a) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE arna leasú ag an Rialachán seo a chomhlíonadh, agus cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún.”.

Airteagal 71

Leasuithe ar Threoir 2014/65/AE

Leasaítear Treoir 2014/65/AE mar a leanas:

(1) 

in Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (o)

“(o) 

TLUanna ach amháin mar a fhoráiltear in Airteagal 73 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 )

(2) 

in Airteagal 4(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(64) 

ciallaíonn ‘taisclann lárnach urrús’ nó ‘TLU’ TLU mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.”;

(3) 

i Roinn B d’Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

“(1) cumhdach agus riar ionstraimí airgeadais do chuntas cliant, lena n-áirítear caomhnóireacht agus seirbhísí gaolmhara amhail bainistíocht airgid/bainistíocht comhthaobhachta agus lena n-eisítear cuntais urrús ar an leibhéal is airde a chothabháil (‘seirbhís cothabhála lárnach’) dá dtagraítear i bpointe (2) de Roinn A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialacháin (AE) Uimh. 909/2014.”.

▼M4 —————

▼B

Airteagal 73

Cur chun Feidhme Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014

TLUanna a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo, ní bheidh údarú uathu faoi Threoir 2014/65/AE* leis na seirbhísí a liostaítear go sainráite I Roinn A agus i Roinn B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chur ar fáil.

I gcás ina gcuireann TLU a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo seirbhís infheistíochta amháin nó níos mó ná sin ar fáil nó má dhéanann sé gníomhaíocht infheistíocht amháin nó níos mó ná sin chomh maith leis na seirbhísí a liostaítear go sainráite i Roinn A agus i Roinn B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, beidh feidhm ag Treoir 2014/65/AE cé is moite d’Airteagal 5 go hAirteagal 8, Airteagal 9(1), (2), (4) agus (6) agus Airteagal 10 go hAirteagal 13 agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

Airteagal 74

Tuarascálacha

1.  

►M4  Cuirfidh ÚEUM, i gcomhar le ÚBE agus leis na húdaráis inniúla agus na húdaráis ábhartha, tuarascálacha faoi bhráid an Choimisiúin ina soláthraítear measúnuithe ar threochtaí, ar rioscaí agus leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann, agus, i gcás inar gá, moltaí maidir le gníomhaíocht choisctheach nó leasúcháin sna margaí le haghaidh seirbhísí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Áireofar sna tuarascálacha sin measúnú ar an méid seo a leanas: ◄

▼M4

(a) 

éifeachtúlacht socraíochta le haghaidh oibríochtaí intíre agus trasteorann i gcás gach Ballstáit, agus an méid seo a leanas ar a laghad á chur san áireamh:

(i) 

líon agus méid na dteipeanna socraíochta agus an éabhlóid a thiocfaidh orthu;

(ii) 

tionchar na bpionós airgid thirim ar theipeanna socraíochta ar fud na n-ionstraimí ar fad;

(iii) 

fad agus príomhthionscnóirí na dteipeanna socraíochta;

(iv) 

catagóirí na n-ionstraimí airgeadais agus na margaí ina bhfeictear na rátaí is airde i dtaca le teipeanna socraíochta;

(v) 

comparáid idirnáisiúnta idir rátaí i dtaca le teipeanna socraíochta;

(vi) 

méid na bpionós airgid thirim dá dtagraítear in Airteagal 7;

(vii) 

i gcás inarb infheidhme, líon agus méideanna ceannach isteach éigeantaigh dá dtagraítear in Airteagal 7a;

(viii) 

aon bhearta a dhéanann údaráis inniúla chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina bhfuil éifeachtúlacht socraíochta TLU i gcaitheamh thréimhse 6 mhí i bhfad níos ísle ná na meánleibhéil éifeachtúlachta socraíochta arna dtaifeadadh i margadh an Aontais;

(aa) 

na leibhéil éifeachtúlachta socraíochta i gcomparáid leis an staid i mórmhargaí caipitil tríú tír agus ó thaobh ionstraimí a thrádáiltear agus cineálacha idirbheart a dhéantar i margaí den sórt sin de;

(b) 

a iomchuí atá pionóis airgid thirim le haghaidh teipeanna socraíochta, go háirithe an gá atá le níos mó solúbthachta maidir leis na pionóis sin le haghaidh teipeanna socraíochta i ndáil le hionstraimí neamhleachtacha airgeadais;

(c) 

líon agus méid na n-idirbheart a shocraítear lasmuigh de na córais socraíochta urrús arna n-oibriú ag TLUnna agus an éabhlóid a thiocfaidh orthu le himeacht ama, lena n-áirítear comparáid le líon agus méid na n-idirbheart a shocraítear sna córais socraíochta urrús arna n-oibriú ag TLUnna, bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaightear faoi Airteagal 9 agus ar aon fhaisnéis ábhartha eile, chomh maith le tionchar na héabhlóide sin ar iomaíocht sa mhargadh socraíochta agus aon rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht airgeadais mar gheall ar shocraíocht inmheánaithe;

▼B

(d) 

soláthar trasteorann seirbhísí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, a bhunófar ar líon agus ar chineálacha na nasc idir TLUanna, líon na rannpháirtithe eachtracha sna córais socraíochta urrús a oibreoidh TLUanna, líon agus méid na n-idirbheart a bhfuil na rannpháirtithe sin páirteach iontu, líon na n-eisitheoirí eachtracha a thaifeadann a gcuid urrús i TLU i gcomhréir le hAirteagal 49, agus ar aon chritéir ábhartha eile;

(e) 

an bealach ina láimhseáiltear na hiarrataí ar rochtain in Airteagal 49, Airteagal 52 agus Airteagal 53 chun go sainaithneofar na fáthanna a ndiúltaítear iarrataí ar rochtain ó thaisclainne lárnacha urrús, contrapháirtithe lárnacha agus ionaid thrádála, aon treochtaí maidir le diúltú den chineál sin agus na bealaí ina bhféadfar na rioscaí a shainaithnítear a mhaolú sa todhchaí ionas go bhféadfar rochtain a thabhairt, agus aon bhaic ábhartha eile ar iomaíocht sna seirbhísí airgid iarthrádála;

(f) 

an bealach ina láimhseáiltear na hiarrataí a chuirtear isteach i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23(3) go (7) agus Airteagal 25(4) go (10);

(g) 

i gcás inarb infheidhme, na torthaí ón bpróiseas athbhreithnithe piaraí do mhaoirseacht thrasteorann in Airteagal 24(6) agus ar cheart minicíocht athbhreithnithe mar sin a laghdú san am atá le teacht, lena n-áirítear a chur in iúl an léirítear le torthaí mar sin an bhfuil gá le coláistí níos foirmiúla maoirseoirí;

(h) 

cur i bhfeidhm rialacha dliteanais shibhialta na mBallstát maidir le caillteanas atá inchurtha i leith taisclainne lárnacha urrúis;

(i) 

na nósanna imeachta agus na coinníollacha faoina n-údaraítear TLUanna institiúidí creidmheasa a ainmniú nó seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar iad féin i gcomhréir le hAirteagal 54 agus le hAirteagal 55, lena n-áirítear measúnú ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag foráil den chineál sin ar chobhsaíocht airgeadais agus ar iomaíochas le haghaidh socraíochta agus seirbhísí coimhdeacha de chineálacha baincéireachta san Aontas;

(j) 

feidhmiú na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 38 maidir le hurrúis na rannpháirtithe agus le hurrúis a gcliant a chosaint, go háirithe na cinn in Airteagal 38(5);

(k) 

feidhmiú na smachtbhannaí agus go háirithe an gá atá ann na smachtbhannaí riaracháin le haghaidh sáraithe ar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhchuibhiú tuilleadh;

▼M4

(l) 

láimhseáil fógraí a thíolactar i gcomhréir le hAirteagal 25(2a).

▼M4

2.  

Déanfar na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar a leanas:

(a) 

gach 2 bhliain i gcás na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (aa), (b), (c), (i) agus (l);

(b) 

gach 3 bliana i gcás na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (d) agus (f);

(c) 

ar a laghad gach 3 bliana, agus in aon chás laistigh de 6 mhí ó athbhreithniú piaraí arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 24, i gcás na tuarascála dá dtagraítear i mír 1, pointe (g);

(d) 

arna iarraidh sin don gChoimisiún, i gcás na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (e), (h), (j) agus (k).

Cuirfear na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún faoin 30 Aibreán den bhliain ábhartha de réir mar a chinntear i gcomhréir leis an tréimhsiúlacht a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo.

▼M4

3.  

Faoin 17 Eanáir 2025 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar an measúnú i ndáil leis an ngiorrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an chéad abairt (“timthriall socraíochta”). Beidh an méid seo a leanas ar fad ar áireamh sa tuarascáil sin:

(a) 

measúnú ar a iomchuí atá sé giorrú a dhéanamh ar an timthriall socraíochta agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag giorrú den sórt sin ar TLUnna, ar ionaid trádála agus ar rannpháirtithe eile sa mhargadh;

(b) 

measúnú ar na costais agus ar na tairbhí a bhaineann leis an timthriall socraíochta a ghiorrú san Aontas, agus idirdhealú á dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, idir ionstraimí airgeadais éagsúla agus catagóirí idirbheart éagsúla;

(c) 

achoimre mhionsonraithe ar conas bogadh go timthriall socraíochta níos giorra, agus idirdhealú á dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, idir ionstraimí airgeadais éagsúla agus catagóirí idirbheart éagsúla;

(d) 

forléargas ar fhorbairtí idirnáisiúnta maidir le timthriallta socraíochta agus a dtionchar ar mhargaí caipitil an Aontais.

4.  

Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh ÚEUM measúnú costais agus tairbhe ar thabhairt isteach an phróisis ceannach isteach éigeantaigh. Beidh na heilimintí seo a leanas i measúnú costais agus tairbhe den sórt sin:

(a) 

meánfhad na dteipeanna socraíochta i ndáil leis na hionstraimí airgeadais nó na catagóirí idirbheart sna hionstraimí airgeadais sin a bhféadfadh an ceannach isteach éigeantach feidhm a bheith aige maidir leo;

(b) 

an tionchar a bheadh ag tabhairt isteach an phróisis ceannach isteach éigeantaigh ar mhargadh an Aontais, lena n-áirítear measúnú ar bhunchúiseanna na dteipeanna socraíochta a bhféadfadh ceannach isteach éigeantach feidhm a bheith aige maidir leo agus anailís ar na himpleachtaí a bhaineann le hionstraimí airgeadais sonracha agus catagóirí idirbheart sonracha a chur faoi réir ceannach isteach éigeantach;

(c) 

próiseas comhchosúil ceannach isteach a chur i bhfeidhm i margaí inchomparáide tríú tír agus an tionchar ar iomaíochas mhargadh an Aontais;

(d) 

aon tionchar soiléir ar chobhsaíocht airgeadais san Aontas a eascraíonn as teipeanna socraíochta;

(e) 

aon tionchar soiléir ar ilroinnt mhargaí caipitil an Aontais a eascraíonn as rátaí éagsúla éifeachtúlachta socraíochta, lena n-áirítear na cúiseanna le héagsúlacht den sórt sin agus bearta iomchuí chun í a theorannú.

5.  
Foilseoidh ÚBE, i gcomhar le comhaltaí CEBC agus ÚEUM, tuarascáil bhliantúil maidir leis na TLUnna sin a ainmníonn TLUnna eile nó institiúidí creidmheasa chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar. Cuirfear san áireamh sa tuarascáil sin na torthaí a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar an tairseach arna dhéanamh ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 54(5) agus na himpleachtaí creidmheasa agus leachtachta do TLUnna a sholáthraíonn seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta faoi thairseach den sórt sin.
6.  
Déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 17 Eanáir 2025 maidir lena iomchuí a bheadh sé uirlisí rialála breise a chur i bhfeidhm chun éifeachtúlacht socraíochta san Aontas a fheabhsú.

Cumhdófar leis an tuarascáil sin, ar a laghad, méideanna na n-idirbheart a mhúnlú, socrú páirteach na dtrádálacha a bhfuil ag teip orthu agus úsáid clár uathiasachtaithe/uathiasachtaí.

Ina dhiaidh sin, tuairisceoidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC, gach 3 bliana ar aon uirlisí breise a d’fhéadfadh a bheith ann chun éifeachtúlacht socraíochta san Aontas a fheabhsú. I gcásanna nár sainaithníodh aon uirlisí nua, cuirfidh ÚEUM an Coimisiún ar an eolas faoi sin agus ní bheidh sé de cheangal air tuarascáil a sholáthar.

7.  
Faoin 17 Eanair 2026, cuirfidh ÚBE, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC agus ÚEUM, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an measúnú ar an gcaillteanas creidmheasa iarmharaigh a bhaineann le neamhchosaintí creidmheasa iarmharaigh dá dtagraítear in Airteagal 59(3), pointe (g), agus maidir le bealaí chun aghaidh a thabhairt air. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil don phobal.

▼M4

Airteagal 75

Athbhreithniú

Faoin 17 Eanáir 2029, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo agus ullmhóidh sé tuarascáil ghinearálta faoi. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a) 

na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 74(1), pointí (a) go (l), chun a shuíomh cé acu atá nó nach bhfuil bacainní substainteacha ann ar an iomaíocht i ndáil leis na seirbhísí atá faoi réir an Rialacháin seo agus nach dtugtar aghaidh orthu go leormhaith, agus breithniú a dhéanamh ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann bearta breise a chur i bhfeidhm chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i) 

éifeachtúlacht socraíochta a fheabhsú;

(ii) 

teorainn a chur leis an tionchar a bheidh ag teip TLUnna ar cháiníocóirí;

(iii) 

aghaidh a thabhairt ar aon saincheisteanna a sainaithníodh maidir le hiomaíocht nó cobhsaíocht airgeadais a bhaineann le socraíocht inmheánaithe;

(iv) 

bacainní ar shocraíocht trasteorann a íoslaghdú;

(v) 

cumhachtaí leormhaithe agus faisnéis leormhaith a áirithiú d’údaráis chun faireachán a dhéanamh ar rioscaí;

(b) 

feidhmiú an chreata rialála agus maoirseachta do TLUnna an Aontais, go háirithe na TLUnna sin a bhfuil tábhacht shuntasach ag baint lena ngníomhaíochtaí ó thaobh margaí urrús a fheidhmiú agus infheisteoirí san Aontas a chosaint in dhá Bhallstát aíochta ar a laghad, ag díriú go háirithe ar sholáthar seirbhísí trasteorann, ar rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chliaint agus rannpháirtithe TLUnna, ar chosaint infheisteoirí agus ar chobhsaíocht airgeadais san Aontas;

(c) 

feidhmiú agus raon feidhme chreat rialála agus maoirseachta an Aontais do TLUnna tríú tír, go háirithe an mhaoirseacht a dhéantar ar TLUnna den sórt sin agus iad ag soláthar seirbhísí san Aontas, lena n-áirítear ról ÚEUM.

Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.

▼B

Airteagal 76

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.  
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2.  
Beidh feidhm ag Airteagal 3(1) amhail ón 1 Eanáir 2023 maidir le hurrúis inaistrithe a eisítear tar éis an dáta sin agus amhail ón 1 Eanáir 2025 maidir le gach urrús inaistrithe eile.
3.  
Beidh feidhm ag Airteagal 5(2) amhail ón 1 Eanáir 2015.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, i gcás ina mbeidh rochtain ag ionad trádála ar TLU dá dtagraítear in Airteagal 30(5), beidh feidhm ag Airteagal 5(2) sé mhí ar a laghad sula ndéanfaidh TLU a gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú chuig an eintiteas ábhartha poiblí, agus i gcás ar bith ón 1 Eanáir 2016.

4.  
Beidh feidhm ag na bearta maidir le haraíonacht socraíochta dá dtagraítear in Airteagal 6(1) go (4) amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 6(5).
5.  
►M2  Beidh feidhm ag gach ceann de na bearta maidir le haraíonacht socraíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) go (13) ón dáta chur i bhfeidhm a shonraítear do gach beart araíonachta socraíochta sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7(15). ◄

Maidir le STI a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 33(3) de Threoir 2014/65/AE, beidh sé faoi réir an dara fomhír d’Airteagal 7(3) den Rialachán seo go dtí:

(a) 

an cinneadh deireanach maidir lena iarratas ar chlárúchán faoi Airteagal 33 de Threoir 2014/65/AE; nó

(b) 

i gcás nár chuir STI isteach ar chlárúchán faoi Airteagal 33 de Threoir 2014/65/AE, go dtí an ►M1  13 Meitheamh 2018 ◄ .

6.  
Beidh feidhm ag na bearta tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1) amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 9(3).
7.  
Maidir le tagairtí atá sa Rialachán seo do Threoir 2014/65/AE agus do Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, déanfar iad a léamh, roimh an ►M1  3 Eanáir 2018 ◄ , mar thagairtí do Threoir 2004/39/CE i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2014/65/AE a mhéid atá forálacha a thagraíonn do Threoir 2004/39/CE sa tábla comhghaoil sin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN

LIOSTA SEIRBHÍSÍ

ROINN A

Seirbhísí lárnacha de chuid taisclann lárnach urrús

1. Taifeadadh tosaigh a dhéanamh ar urrúis i gcóras cuntais reatha (‘seirbhís nótaire’);

2. Cuntais urrús a sholáthar agus a chothabháil ar an leibhéal is uachtaraí (‘seirbhís lárnach cothabhála’);

3. Córas socraíochta urrús a oibriú (‘seirbhís socraíochta’).

ROINN B

Seirbhísí coimhdeacha nach seirbhísí baincéireachta iad de chuid TLUanna nach mbaineann rioscaí creidmheasa nó leachtachta leo

Seirbhísí a chuireann TLUanna ar fáil lena gcuirtear feabhas ar shábháilteacht, éifeachtúlacht agus thrédhearcacht na margaí urrús, ar a bhféadfaí iad seo leanas a áireamh ach nach bhfuil teoranta dóibh:

1. 

Seirbhísí a bhaineann leis an tseirbhís socraíochta, amhail:

(a) 

Sásra chun urrúis a thabhairt ar iasacht a eagrú, mar ghníomhaire i measc rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús;

(b) 

Seirbhísí chun bainistiú comhthaobhachta a sholáthar, mar ghníomhaire i gcomhair rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús;

(c) 

Meaitseáil socraíochta, ródú treoracha, dearbhú trádála, fíorú trádála.

2. 

Seirbhísí a bhaineann le seirbhísí nótaire agus seirbhísí cothabhála lárnaí, amhail:

(a) 

Seirbhísí a bhaineann le cláir scairshealbhóirí;

(b) 

Tacú le próiseáil a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí corparáideacha, lena n-áirítear cáin, cruinnithe ginearálta agus seirbhísí faisnéise;

(c) 

Seirbhísí eisiúna nua, lena n-áirítear cóid ISIN agus cóid dá samhail a bhainistiú agus a leithdháileadh;

(d) 

Ródú agus próiseáil treoracha, bailiú agus próiseáil táillí agus tuairisciú lena mbaineann.

3. 

Naisc le TLUanna a bhunú, cuntais urrús i ndáil leis an tseirbhís socraíochta a chur ar fáil, a chothabháil nó a fheidhmiú, bainistiú comhthaobhachta, agus seirbhísí coimhdeacha eile.

4. 

Aon seirbhísí eile, amhail:

(a) 

Seirbhísí chun bainistiú comhthaobhachta a sholáthar mar ghníomhaire;

(b) 

Tuairisciú rialála a sholáthar;

(c) 

Faisnéis, sonraí agus staidreamh a sholáthar do bhiúrónna margaidh/daonáirimh nó d’eintitis rialtasacha nó idir-rialtasacha eile;

(d) 

Seirbhísí TF a sholáthar.

ROINN C

Seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta

Seirbhísí de chineál baincéireachta a bhaineann go díreach leis na seirbhísí lárnacha nó leis na seirbhísí coimhdeacha a liostaítear i Roinn A agus i Roinn B, amhail:

(a) 

Cuntais airgid a sholáthar do rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús agus do shealbhóirí chuntas urrús, laistigh de réir bhrí mhír 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE agus taiscí a ghlacadh uathu;

(b) 

Creidmheas airgid a sholáthar le haghaidh aisíocaíochta nach mbeidh níos déanaí ná an lá gnó dar gcionn, airgead a thabhairt ar iasacht chun gníomhaíochtaí corparáideacha a réamh-chistiú agus urrúis a thabhairt ar iasacht chuig sealbhóirí chuntas urrús, de réir bhrí phointe 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE;

(c) 

Seirbhísí íocaíochta a bhaineann le hidirbhearta airgid agus malairtí eachtracha a phróiseáil laistigh de réir bhrí phointe 4 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Treoir 2013/36/AE;

(d) 

Ráthaíochtaí agus gealltanais a bhaineann le hurrúis a iasachtú agus a fháil ar iasacht, de réir bhrí phointe 6 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Treoir 2013/36/AE;

(e) 

Gníomhaíochtaí cistíochta a bhaineann le malairtí eachtracha agus urrúis inaistrithe a bhaineann le comharduithe fada na rannpháirtithe a bhainistiú de réir bhrí phointí 7(b) agus (e) d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Treoir 2013/36/AE.



( 1 ) Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis faoi eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).

( 2 ) Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a tháirgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad chun a dtrádála agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/34/CE (IO L 345, 31.12.2003, lch. 64).

( 3 ) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).

( 5 ) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

( 6 ) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

( 7 ) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

( 8 ) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

( 9 ) Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1).

( 10 ) Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí (IO L 309, 25.11.2005, lch. 15).

( 11 ) Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2006 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do Threoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an sainmhíniú ar dhaone atá faoi lé na polaitíochta agus na critéir theicniúla maidir le nósanna imeachta simplithe díchill chuí do chustaiméirí agus díolúine ar fhorais gníomhaíochta airgeadais nach ndéantar ach ar bhonn ócáideach nó ar bhonn an-teoranta (IO L 214, 4.8.2006, lch. 29).

( 12 ) Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2001 lena mbunaítear an Coiste Eorpach um Urrúis (IO L 191, 13.7.2001, lch. 45).

( 13 ) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le TLUanna agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257 28.8.2014. lch. 1).”;