02016R0425 — GA — 29.05.2026 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2016/425 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 081 31.3.2016, lch. 51) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN (AE) 2024/2748 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 9 Deireadh Fómhair 2024 |
L 2748 |
1 |
8.11.2024 |
|
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) 2016/425 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Márta 2016
maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos sa Rialachán seo ceanglais maidir le trealamh cosanta pearsanta (TCP) atá le cur ar fáil ar an margadh a dhearadh agus a mhonarú, chun cosaint sláinte agus sábháilteachta úsáideoirí a áirithiú agus rialacha a bhunú maidir le saorghluaiseacht TCP san Aontas.
Airteagal 2
Raon feidhme
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le TCP:
atá deartha go sonrach lena úsáid ag na fórsaí armtha nó chun an t-ord poiblí a choinneáil;
atá deartha lena úsáid le haghaidh féinchosanta seachas TCP atá ceaptha le haghaidh gníomhaíochtaí spóirt;
atá deartha don úsáid phríobháideach mar chosaint ar an méid seo a leanas:
dálaí atmaisféir nach dálaí foircneacha iad;
an taisleach agus uisce le linn níochán mias a bheith ar bun;
lena úsáid go heisiach ar shoithí muirghabhála agus ar aerárthaí atá faoi réir na gconarthaí idirnáisiúnta iomchuí is infheidhme sna Ballstáit;
ar mhaithe le ceannchosaint, aghaidhchosaint nó cosaint súl úsáideoirí, a chumhdaítear le Rialachán Uimh. 22 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le formheas a dhéanamh ar chlogaid chosanta agus ar na scáthláin a ghabhann leo do thiománaithe agus do phaisinéirí gluaisrothair agus móipéidí.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “trealamh cosanta pearsanta” (TCP):
trealamh atá deartha agus monaraithe lena chaitheamh nó lena iompar ag duine ar mhaithe le cosaint a fháil ar riosca amháin nó níos mó maidir le sláinte nó le sábháilteacht an duine sin;
comhpháirteanna idirmhalartaithe le haghaidh trealaimh dá dtagraítear i bpointe (a) atá riachtanach dá fheidhm chosanta;
córais chónaisc don trealamh dá dtagraítear i bpointe (a) nach mbíonn ar iompar ná á gcaitheamh ag duine, atá deartha chun an trealamh sin a cheangal le feiste sheachtrach nó le pointe seasta iontaofa, nach bhfuil deartha le bheith feistithe go buan agus nach bhfuil gá le hoibreacha ceangail ina leith sula n-úsáidfear iad.
ciallaíonn “cur ar fáil ar an margadh” aon soláthar de TCP lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíochta tráchtála, ar íocaíocht nó saor in aisce;
ciallaíonn “cur ar an margadh” TCP a chur ar mhargadh an Aontais den chéad uair;
ciallaíonn “monaróir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn TCP nó a ndéantar TCP a dhearadh nó a mhonarú thar a cheann, agus a dhéanann é a mhargú faoina ainm nó faoina thrádmharc;
ciallaíonn “ionadaí údaraithe” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir gníomhú thar a cheann maidir le cúraimí sonraithe;
ciallaíonn “allmhaireoir” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas a chuireann TCP ó thríú tír ar mhargadh an Aontais;
ciallaíonn “dáileoir” duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann TCP ar fáil ar an margadh;
ciallaíonn “oibreoirí eacnamaíocha” an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir agus an dáileoir;
ciallaíonn “sonraíocht theicniúil” doiciméad ina leagtar síos na ceanglais theicniúla atá le comhlíonadh ag TCP;
ciallaíonn “caighdeán comhchuibhithe” caighdeán comhchuibhithe mar atá sainmhínithe i bpointe (c) de phointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;
ciallaíonn “creidiúnú” creidiúnú mar atá sainmhínithe i bpointe 10 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;
ciallaíonn “comhlacht creidiúnúcháin náisiúnta” comhlacht creidiúnúcháin náisiúnta mar atá sainmhínithe i bpointe 11 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;
ciallaíonn “measúnú comhréireachta” an próiseas ina dtaispeántar an bhfuil ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha an Rialacháin seo a bhaineann le TCP comhlíonta;
ciallaíonn “comhlacht um measúnú comhréireachta” comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, lena n-áirítear calabrú, tástáil, deimhniú agus cigireacht;
ciallaíonn “aisghairm” aon bheart a bhfuil sé d'aidhm aige TCP atá curtha ar fáil cheana don úsáideoir deiridh a fháil ar ais;
ciallaíonn “tarraingt siar” aon bheart arb é is aidhm dó cosc a chur ar TCP sa slabhra soláthair a chur ar fáil ar an margadh;
ciallaíonn “reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú” aon reachtaíocht de chuid an Aontais a dhéanann comhchuibhiú ar na dálaí chun táirgí a chur ar fáil ar an margadh.
ciallaíonn “marcáil CE” marcáil lena gcuireann an monaróir in iúl go bhfuil an TCP sin i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme atá leagtha amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ina ndéantar foráil maidir lena fheistiú;
ciallaíonn “earraí atá ábhartha i gcás géarchéime” earraí atá ábhartha i gcás géarchéime mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );
ciallaíonn “modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh” modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán (AE) 2024/2747.
Airteagal 4
Cur ar fáil ar an margadh
Ní chuirfear TCP ar fáil ar an margadh ach amháin, i gcás ina ndéantar é a chothabháil i gceart agus ina n-úsáidtear é le haghaidh na críche atá beartaithe dó, má chomhlíonann sé an Rialachán seo agus mura gcuirfear sláinte nó sábháilteacht daoine i mbaol leis agus mura gcuirfear ainmhithe baile nó maoin i mbaol leis.
Airteagal 5
Ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta
Comhlíonfaidh TCP na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta atá leagtha amach in Iarscríbhinn II agus a bhfuil feidhm acu maidir leis.
Airteagal 6
Forálacha a bhaineann le húsáid TCP
Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do theidlíocht na mBallstát, go háirithe agus Treoir 89/656/CEE á cur chun feidhme, ceanglais a leagan síos a bhaineann le húsáid TCP ar choinníoll nach ndéanann na ceanglais sin difear do dhearadh TCP a chuirtear ar an margadh i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 7
Saorghluaiseacht
Le linn léirithe, glacfar bearta leordhóthanacha chun cosaint daoine a áirithiú.
CAIBIDIL II
OIBLEAGÁIDÍ NA nOIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA
Airteagal 8
Oibleagáidí na monaróirí
I gcás ina bhfuil sé léirithe ag an nós imeachta nó na nósanna imeachta iomchuí go bhfuil na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme á gcomhlíonadh ag TCP, déanfaidh monaróirí an dearbhú comhréireachta de chuid AE dá dtagraítear in Airteagal 15 a tharraingt suas agus marcáil CE dá dtagraítear in Airteagal 16 a ghreamú de.
Nuair a mheastar é a bheith iomchuí maidir leis na rioscaí a bhaineann le TCP, déanfaidh monaróirí, chun sláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile a chosaint, tástáil shamplach ar TCP atá curtha ar fáil ar an margadh, gearáin a imscrúdú agus, más gá, clár um ghearáin a choinneáil, maidir le TCP neamh-chomhréireach agus TCP a aisghaireadh, agus coimeádfaidh siad dáileoirí ar an eolas faoi aon fhaireachán den sórt sin.
Airteagal 9
Ionadaithe údaraithe
Ní bheidh na hoibleagáidí atá leagtha síos in Airteagal 8(1) agus an oibleagáid maidir leis an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas dá dtagraítear in Airteagal 8(2) mar chuid de shainordú an ionadaí údaraithe.
Déanfaidh ionadaí údaraithe na cúraimí a shonrófar sa sainordú a gheofar ón monaróir. Leis an sainordú, lamhálfar don ionadaí údaraithe an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:
an dearbhú comhréireachta de chuid AE agus an doiciméadacht theicniúil a choinneáil ar fáil do na húdaráis náisiúnta faireachais margaidh go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis don TCP a bheith curtha ar an margadh;
tar éis dó iarraidh réasúnaithe a fháil ó údarás náisiúnta inniúil, an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá a chur ar fáil don údarás sin chun comhréireacht an TCP a léiriú;
obair i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon bheart atá le déanamh chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le TCP arna gcumhdach faoi shainordú an ionadaí údaraithe.
Airteagal 10
Oibleagáidí na n-allmhaireoirí
I gcás ina measann allmhaireoir, nó má tá cúis aige lena chreidiúint nach bhfuil TCP i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme atá leagtha amach in Iarscríbhinn II, ní chuirfidh sé ar an margadh é go dtí go bhfuil sé tugtha i gcomhréireacht. Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an TCP, cuirfidh an t-allmhaireoir é sin in iúl don mhonaróir agus do na húdaráis faireachais margaidh chuige sin.
Airteagal 11
Oibleagáidí na ndáileoirí
I gcás ina measann dáileoir, nó má tá cúis aige lena chreidiúint nach bhfuil TCP i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme atá leagtha amach in Iarscríbhinn II, ní chuirfidh sé an TCP ar fáil an margadh go dtí go mbeidh sé tugtha i gcomhréireacht. Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an TCP, cuirfidh an dáileoir é sin in iúl don mhonaróir nó don allmhaireoir, agus do na húdaráis faireachais margaidh.
Airteagal 12
Cásanna ina mbaineann oibleagáidí monaróirí le hallmhaireoirí agus le dáileoirí
Measfar gur monaróir é allmhaireoir nó dáileoir chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an mhonaróra atá leagtha amach in Airteagal 8, i gcás ina gcuireann sé TCP ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc nó i gcás ina modhnaíonn sé TCP atá curtha ar an margadh cheana féin ar dhóigh ina bhféadfaí difear a dhéanamh do chomhlíonadh an Rialacháin seo.
Airteagal 13
Sainaithint oibreoirí eacnamaíocha
Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin, an méid seo a leanas a shainaithint do na húdaráis faireachais margaidh:
aon oibreoir eacnamaíoch a sholáthair TCP dóibh;
aon oibreoir eacnamaíoch ar sholáthair siad TCP dó.
Beidh oibreoirí eacnamaíocha in ann an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad mhír, a thíolacadh go ceann 10 mbliana tar éis don TCP a bheith soláthraithe dóibh agus go ceann 10 mbliana tar éis dóibh an TCP a sholáthar.
CAIBIDIL III
COMHRÉIREACHT AN TCP
Airteagal 14
Toimhde chomhréireacht TCP
Toimhdeofar go bhfuil TCP atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna díobh, ar foilsíodh a thagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta atá leagtha amach in Iarscríbhinn II arna gcumhdach ag na caighdeáin sin nó ag codanna díobh.
Airteagal 15
Dearbhú comhréireachta de chuid AE
Airteagal 16
Prionsabail ghinearálta mharcáil CE
Beidh marcáil CE faoi réir na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.
Airteagal 17
Rialacha agus coinníollacha maidir le marcáil CE a fheistiú
Is é an comhlacht féin dá dtugtar fógra a fheisteoidh uimhir aitheantais an chomhlachta sin, nó feisteoidh an monaróir nó a ionadaí í, faoi threoir an chomhlachta sin.
CAIBIDIL IV
MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA
Airteagal 18
Catagóirí riosca TCP
Aicmeofar an TCP de réir na gcatagóirí riosca atá leagtha amach in Iarscríbhinn I.
Airteagal 19
Nósanna imeachta um measúnú comhréireachta
Is iad seo a leanas na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta nach mór cloí leo, le haghaidh gach catagóire riosca atá leagtha amach in Iarscríbhinn I:
Catagóir I: rialú táirgthe inmheánach (modúl A) atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV;
Catagóir II: cineálscrúdú AE (modúl B) atá leagtha amach in Iarscríbhinn V de réir cineál-chomhréireacht bunaithe ar rialú táirgthe inmheánach (modúl C) atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI;
Catagóir III: cineálscrúdú AE (modúl B) atá leagtha amach in Iarscríbhinn V agus ceann díobh seo a leanas:
cineál-chomhréireacht atá bunaithe ar rialú táirgthe inmheánach móide seiceálacha ar tháirgí faoi mhaoirseacht ag eatraimh randamacha (modúl C2), atá leagtha amach in Iarscríbhinn VII;
cineál-chomhréireacht atá bunaithe ar dhearbhú cáilíochta an phróisis táirgthe (modúl D) atá leagtha amach in Iarscríbhinn VIII.
De mhaolú air sin, féadfar leas a bhaint as an nós imeachta dá dtagraítear faoi phointe (b) i gcás TCP a tháirgtear mar aonad aonair a fheileann d'úsáideoir aonair agus a aicmítear de réir Chatagóir III.
CAIBIDIL V
FÓGRA A THABHAIRT MAIDIR LE COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA
Airteagal 20
Fógra a thabhairt
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le comhlachtaí atá údaraithe i ndáil le cúraimí um measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh faoin Rialachán seo.
Airteagal 21
Na húdaráis a thugann fógra
Airteagal 22
Na ceanglais i dtaca leis na húdaráis a thugann fógra
Airteagal 23
Oibleagáid faisnéise ar údaráis a thugann fógra
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina nósanna imeachta le haghaidh measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta, maidir le fógra a thabhairt do na comhlachtaí sin agus maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, agus faoi aon athruithe ar aon cheann acu sin.
Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.
Airteagal 24
Ceanglais a bhaineann le comhlachtaí dá dtugtar fógra
Maidir le comhlacht ar le comhlachas gnó nó cónaidhm phroifisiúnta é a dhéanann ionadaíocht ar ghnóthais atá bainteach le dearadh, monarú, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil TCP ar a ndéanann sé measúnú, féadfar a mheas gur comhlacht den sórt sin é, ar choinníoll go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choimhlint leasa ann.
Ní bheidh baint dhíreach ag comhlacht um measúnú comhréireachta, ag a bhainisteoirí barrleibhéil agus ag an bpearsanra atá freagrach as cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh le TCP a dhearadh, a mhonarú, a mhargú, a úsáid ná a chothabháil, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar aon cheann de na páirtithe sin atá i mbun na ngníomhaíochtaí sin. Ní ghabhfaidh siad d'aon ghníomhaíocht a d'fhéadfadh teacht salach ar neamhspleáchas a mbreithiúnais ná a n-ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta dá dtugtar fógra ina leith. Beidh feidhm aige seo go háirithe maidir le seirbhísí comhairleachta.
Áiritheoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a bhfochuideachtaí ná a bhfochonraitheoirí difear do rúndacht, d'oibiachtúlacht ná do neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta.
Le haghaidh gach nós imeachta um measúnú comhréireachta agus le haghaidh gach cineáil TCP a bhfuil fógra tugtha dó ina leith, beidh na nithe seo a leanas ar fáil do chomhlacht um measúnú comhréireachta i gcónaí:
pearsanra ag a bhfuil an t-eolas teicniúil agus taithí leordhóthanach iomchuí chun na cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích;
na tuairiscí is gá ar nósanna imeachta a ndéantar measúnú comhréireachta i gcomhréir leo lena n-áirithítear trédhearcacht agus cumas atáirgthe na nósanna imeachta sin. Beidh beartais agus nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm aige lena ndéanfar idirdhealú idir na cúraimí a dhéantar mar chomhlacht dá dtugtar fógra agus aon ghníomhaíochtaí eile;
na nósanna imeachta is gá maidir le feidhmiú na ngníomhaíochtaí ina dtugtar aird chuí ar mhéid gnóthais, ar an earnáil ina bhfuil sé, ar a struchtúr, ar a chasta atá teicneolaíocht an TCP i dtrácht agus ar ollchineál nó sraithchineál an phróisis táirgthe.
Beidh na hacmhainní is gá ag comhlacht um measúnú comhréireachta chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh ar bhealach iomchuí agus beidh rochtain aige ar an trealamh nó ar na saoráidí uile is gá.
Beidh na hinniúlachtaí seo a leanas ag an bpearsanra atá freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh:
oiliúint mhaith ghairme agus theicniúil ina gcumhdaítear na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta uile a bhfuil fógra tugtha don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith;
eolas sásúil ar cheanglais na measúnuithe a dhéanann siad agus údarás leordhóthanach chun na measúnuithe sin a dhéanamh;
eolas agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta atá leagtha amach in Iarscríbhinn II, ar na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme agus ar fhorálacha ábhartha reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais agus ar reachtaíocht náisiúnta;
an cumas chun deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a tharraingt suas lena dtaispeánfar gur cuireadh measúnuithe i gcrích.
Ní bheidh luach saothair na bainistíochta barrleibhéil agus an phearsanra atá freagrach as cúraimí um measúnú comhréireachta comhlachta um measúnú comhréireachta a dhéanamh ag brath ar líon na measúnuithe ná ar thorthaí na measúnuithe sin.
Airteagal 25
Toimhde comhréireachta comhlachtaí dá dtugtar fógra
I gcás ina ndéanann comhlacht um measúnú comhréireachta a léiriú go gcomhlíonann sé na critéir atá leagtha síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, nó i gcodanna díobh, nithe a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go mbeidh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 24 á gcomhlíonadh aige a mhéid a chumhdófar na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.
Airteagal 26
Fochuideachtaí agus fochonraitheoireacht comhlachtaí dá dtugtar fógra
Airteagal 27
Iarratas ar fhógra
Airteagal 28
Nós imeachta maidir le fógra a thabhairt
Ní mheasfar gur comhlacht dá dtugtar fógra chun críocha an Rialacháin seo aon chomhlacht nach comhlacht den sórt sin é.
Airteagal 29
Uimhreacha aitheantais agus liosta na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra
Sannfaidh sé aon uimhir aitheantais amháin fiú i gcás ina dtugtar fógra don chomhlacht faoi roinnt gníomhartha de chuid an Aontais.
Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar an liosta cothrom le dáta.
Airteagal 30
Athruithe ar na fógraí
Airteagal 31
Agóid in aghaidh inniúlacht na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra
Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 44(2).
Airteagal 32
Oibleagáidí oibriúcháin na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra
Lena linn sin, beidh aird acu mar sin féin ar an méid déine agus ar leibhéal na cosanta a éilítear chun comhlíonadh an TCP le ceanglais an Rialacháin seo a áirithiú.
Airteagal 33
Achomharc in aghaidh chinntí na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra
Áiritheoidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra go mbeidh nós imeachta achomhairc trédhearcach agus inrochtana ar fáil in aghaidh a gcuid cinntí.
Airteagal 34
Oibleagáid faisnéise ar údaráis dá dtugtar fógra
Cuirfidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra an méid seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra:
aon diúltú, srianadh, fionraí nó tarraingt siar i dtaca le deimhniú nó cinneadh formheasa;
aon imthosca a dhéanann difear don raon feidhme nó do na coinníollacha maidir le fógra a thabhairt;
aon iarraidh ar fhaisnéis atá faighte acu ó údaráis faireachais margaidh maidir le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;
arna iarraidh sin, gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéantar laistigh de raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile a dhéantar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí agus fochonraitheoireacht trasteorann.
Airteagal 35
Malartú taithí
Déanfaidh an Coimisiún foráil d'eagrú malartú taithí idir údaráis náisiúnta na mBallstát atá freagrach as fógra a thabhairt.
Airteagal 36
Comhordú na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra
Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh comhordú agus comhar iomchuí ann idir comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh faoin Rialachán seo agus go ndéantar an comhordú agus an comhar sin a oibriú mar is ceart i bhfoirm grúpa earnála de chomhlachtaí dá dtugtar fógra.
Glacfaidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra páirt in obair an ghrúpa sin, go díreach nó trí bhíthin ionadaithe ainmnithe.
CAIBIDIL VI
FAIREACHAS AONTAIS AR MHARGAÍ, RIALÚ AR TCP A THAGANN ISTEACH I MARGADH AN AONTAIS AGUS NÓS IMEACHTA COSANTA AN AONTAIS
Airteagal 37
Faireachas Aontais ar mhargaí agus rialú ar TCP a thagann isteach i margadh an Aontais
Beidh feidhm ag Airteagal 15(3) agus ag Airteagal 16 go hAirteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir le TCP a chumhdaítear le hAirteagal 2(1) den Rialachán seo.
Airteagal 38
Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le TCP a bhfuil riosca ag baint leis
I gcás ina bhfionnfaidh na húdaráis faireachais margaidh, le linn na meastóireachta sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nach gcomhlíonann an TCP na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh siad gan mhoill ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha na bearta ceartaitheacha uile is gá a dhéanamh ionas go gcomhlíonfaidh an TCP na ceanglais sin, ceanglóidh siad air an TCP a tharraingt siar ón margadh nó é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnach ama, a bheadh i gcomhréir leis an gcineál riosca a bheidh ann, de réir mar a fhorordóidh siad.
Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh, scéala dá réir sin, chuig an gcomhlacht ábhartha dá dtugtar fógra.
Beidh feidhm ag Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir leis na bearta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo.
Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh na mbeart sin gan mhoill.
San fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 beidh na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun TCP neamhchomhlíontach a shainaithint, ionad tionscnaimh an TCP, an cineál neamhchomhlíontachta atá líomhnaithe agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus ré na mbeart náisiúnta a glacadh agus na hargóintí a léirigh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha. Go háirithe, sonróidh na húdaráis faireachais margaidh más é ceachtar den dá ní seo a leanas is cúis leis an neamhchomhlíonadh:
mhainnigh an TCP na ceanglais maidir le sláinte nó sábháilteacht daoine chomhlíonadh; nó
easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 14 agus lena dtugar toimhde comhréireachta.
Airteagal 39
Nós imeachta cosanta an Aontais
Déanfaidh an Coimisiún a chinneadh a dhíriú chuig na Ballstáit uile agus cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl láithreach dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.
Airteagal 40
TCP comhlíontach a bhfuil riosca ag baint leis
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(3).
Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cirt leo agus a bhaineann le cosaint sláinte agus sábháilteacht daoine, déanfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme a ghlacadh gan mhoill i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 44(4).
Airteagal 41
Neamhchomhlíonadh foirmiúil
Gan dochar d'Airteagal 38, i gcás ina bhfaighidh Ballstát amach gur tharla ceann de na nithe seo a leanas, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann:
gur feistíodh marcáil CE de shárú ar Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nó ar Airteagal 17 den Rialachán seo;
nár feistíodh marcáil CE ar chor ar bith;
gur feistíodh uimhir aitheantais an chomhlachta ábhartha dá dtugtar fógra a bhí páirteach i gcéim rialála an táirgthe ar bhealach lena sáraítear Airteagal 17 nó nár feistíodh ar chor ar bith í;
nár tarraingíodh suas an dearbhú comhréireachta de chuid AE nó nár tarraingíodh suas i gceart é;
nach bhfuil an doiciméadacht theicniúil ar fáil nó nach bhfuil sí iomlán.
maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(6) nó in Airteagal 10(3), nach ann di, nó go bhfuil sí bréagach nó neamhiomlán;
nár comhlíonadh aon cheanglas riaracháin eile dá bhforáiltear in Airteagal 8 nó in Airteagal 10.
CAIBIDIL VIA
NÓSANNA IMEACHTA ÉIGEANDÁLA
Airteagal 41a
Nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm
Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 41c(7) den Rialachán seo le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh agus tar éis a dhul in éag nó a dhíghníomhachtaithe.
Airteagal 41b
Tosaíocht a thabhairt don mheasúnú comhréireachta ar TCP arna ainmniú mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime
Airteagal 41c
Maolú ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra
Beidh ar TCP atá faoi réir an fhadaithe bailíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír an fhaisnéis go gcuirfear ar an margadh é mar “earra atá ábhartha i gcás géarchéime”. Sonrófar sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír ábhar agus cur i láthair na faisnéise sin. Beidh an fhaisnéis sin, chomh maith le haon lipéadú, soiléir, soléite agus intuigthe agus, i gcás inarb ábhartha, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann.
Aon údarú arna eisiúint de bhun mhír 1, leagfar amach leis na coinníollacha agus na ceanglais faoina bhféadfar TCP a chur ar an margadh. Leagfar amach an méid seo a leanas ar a laghad sna húdaruithe den sórt sin:
tuairisc ar na nósanna imeachta trínar éiríodh le comhlíonadh na gceanglas riachtanach sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a léiriú;
aon cheanglais shonracha maidir le hinrianaitheacht TCP lena mbaineann;
dáta deiridh bhailíocht an údaraithe, nach féidir a bheith níos déanaí ná an lá deireanach den tréimhse ar ghníomhachtaíodh modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/2747;
aon cheanglais shonracha maidir leis an ngá measúnú comhréireachta leanúnach a áirithiú i dtaca le TCP lena mbaineann;
bearta atá le déanamh ar dhul in éag nó ar dhíghníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh i ndáil le TCP lena mbaineann atá curtha ar an margadh.
Airteagal 41d
Toimhde chomhréireachta atá bunaithe ar chaighdeáin agus ar shonraíochtaí coiteanna
I gcás inar ainmníodh TCP mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina liostaítear caighdeáin iomchuí nó lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna le haghaidh an TCP sin chun na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a chumhdach, sna cásanna seo a leanas:
i gcás nár foilsíodh tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus nach meastar go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta; nó
i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, a raibh gníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/2747 mar thoradh air, srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus ar foilsíodh tagairtí ina leith cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.
Airteagal 41e
Tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus do chúnamh frithpháirteach i measc na n-údarás
CAIBIDIL VII
GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS CUR CHUN FEIDHME
Airteagal 42
Cumhacht tharmligthe
Airteagal 43
An tarmligean a fheidhmiú
Tá sé ríthábhachtach go leanfadh an Coimisiún dá ghnáthchleachtas agus dul i gcomhairle le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe ó na Ballstáit, sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin.
Airteagal 44
Nós imeachta coiste
Chomh maith leis sin, féadfaidh an coiste scrúdú a dhéanamh ar aon ábhar eile i ndáil le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar tharraing an cathaoirleach nó ionadaí de chuid Ballstáit anuas é i gcomhréir lena rialacha nós imeachta.
CAIBIDIL VIII
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 45
Pionóis
Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na rialacha sin don Choimisiún faoin 21 Márta 2018, agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfadh difear dóibh.
Airteagal 46
Aisghairm
Déantar Treoir 89/686/CEE a aisghairm le héifeacht amhail ón 21 Aibreán 2018.
Déanfar na tagairtí don Treoir a aisghairtear a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear i gcomhréir leis an gclár comhghaoil in Iarscríbhinn X iad.
Airteagal 47
Forálacha idirthréimhseacha
Airteagal 48
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 21 Aibreán 2018, le heisceacht:
Airteagal 20 go hAirteagal 36 agus ag Airteagal 44 a mbeidh feidhm acu ón 21 Deireadh Fómhair 2016;
Airteagal 45(1) a mbeidh feidhm aige ón 21 Márta 2018.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
CATAGÓIRÍ RIOSCA TCP
Leagtar síos san Iarscríbhinn seo catagóirí na rioscaí a bhfuil TCP ceaptha cosaint a thabhairt d'úsáideoirí ina gcoinne.
Catagóir I
Is éard atá i gCatagóir I, go heisiach, na híosrioscaí seo a leanas:
gortú meicniúil dromchlach;
teagmháil le huisce nó le hábhair ghlantacháin lena mbaineann gníomhú lag nó teagmháil le huisce thar thréimhse fhada;
teagmháil le dromchlaí teo nach airde ná 50 °C a dteocht;
damáiste do na súile mar thoradh ar nochtadh do sholas na gréine (ach amháin le linn breathnú ar an ngrian);
dálaí atmaisféir nach dálaí de chineál foircneach iad.
Catagóir II
I gCatagóir II tá rioscaí seachas iad siúd a liostaítear i gCatagóir I agus i gCatagóir III;
Catagóir III
Is éard atá i gCatagóir III, go heisiach, na rioscaí a bhfhéadfadh iarmhairtí an-tromchúiseach a bheith mar thoradh orthu, amhail bás nó dochar doleigheasta don tsláinte a bhaineann leis na méid seo a leanas:
substaintí agus meascáin atá guaiseach don tsláinte;
atmaisféir ina bhfuil easpa ocsaigine;
oibreáin dhíobhálacha bhitheolaíocha;
radaíocht ianúcháin;
timpeallachtaí ardteochta, arb ionann a dtionchar agus an tionchar a bheadh ag aerteocht 100 °C ar a laghad;
timpeallachtaí ísealteochta, arb ionann a dtionchar agus an tionchar a bheadh ag aerteocht – 50 °C nó níos ísle;
titim anuas ó airde;
turraingí leictreacha agus oibriú leictreach;
bá;
gearrthacha trí shábha slabhracha láimhe a úsáid;
scairdeanna ardbhrú;
créachtaí piléir nó sá sceana;
torann díobhálach.
IARSCRÍBHINN II
CEANGLAIS RIACHTANACHA SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTA
RÉAMHBHARÚLACHA
|
1. |
Na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar síos sa Rialachán seo, is ceanglais éigeantacha iad. |
|
2. |
Ní bheidh feidhm ag oibleagáidí a bhaineann le ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta ach amháin i gcás inarb ann don riosca comhfhreagrach don TCP i dtrácht. |
|
3. |
Tá na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta le léirmhíniú agus le cur i bhfeidhm ar shlí lena gcuirfear san áireamh staid na teicníochta agus na cleachtais a bhí ann tráth an deartha agus an mhonaraithe, chomh maith le gnéithe teicniúla agus eacnamaíocha atá comhsheasmhach le leibhéal ard cosanta sláinte agus sábháilteachta. |
|
4. |
Déanfaidh an monaróir measúnú riosca chun na rioscaí a bhaineann lena TCP a shainaithint. Déanfaidh sé é a dhearadh agus a mhonarú ansin agus an measúnú sin á chur san áireamh. |
|
5. |
Agus an TCP á dhearadh agus á mhonarú aige, agus nuair a bheidh na treoracha á ndréachtú aige, déanfaidh an monaróir ní amháin an úsáid a bheartaítear don TCP a chur san áireamh, ach freisin na húsáidí is intuartha le réasún. I gcás inarb infheidhme, áiritheofar freisin sláinte agus sábháilteacht daoine eile seachas an t-úsáideoir. |
1. CEANGLAIS GHINEARÁLTA A BHAINEANN LE GACH TCP
Ní mór do TCP cosaint iomchuí a thabhairt ar na rioscaí ar a bhfuil sé ceaptha cosaint a thabhairt ina gcoinne.
1.1. Prionsabail an dearaidh
1.1.1. Eirgeanamaíocht
Ní mór TCP a dhearadh agus a mhonarú, ionas gur féidir leis an úsáideoir, faoi na dálaí úsáide is intuartha dá bhfuil sé beartaithe, tabhairt faoi ghníomhaíochtaí a bhfuil rioscaí ag baint leo, agus tairbhe á baint as cosaint iomchuí ar an gcaighdeán is airde is féidir.
1.1.2. Leibhéil agus cineálacha cosanta
1.1.2.1. Barrleibhéal cosanta
Is é an barrleibhéal cosanta atá le cur san áireamh sa dhearadh an leibhéal sin atá thar an leibhéal ag a gcuirfeadh srianta, de dheasca an TCP a bheith á chaitheamh, bac ar é a úsáid go héifeachtach le linn na tréimhse neamhchosanta ar an riosca nó le linn gnáthfheidhmiú na gníomhaíochta.
1.1.2.2. Cineálacha cosanta a oireann do leibhéil éagsúla riosca
I gcás ina bhféadfar le dálaí éagsúla úsáide is intuartha idirdhealú a dhéanamh idir leibhéil éagsúla den riosca céanna, ní mór cineálacha iomchuí cosanta a chur san áireamh agus an TCP á dhearadh.
1.2. Neamhurchóideacht TCP
1.2.1. Easpa rioscaí dúchasacha agus tosca núise eile
Caithfear TCP a dhearadh agus a mhonarú sa chaoi nach gcruthófar rioscaí ná tosca núise eile faoi dhálaí úsáide intuartha.
1.2.1.1. Comhábhair oiriúnacha
Maidir leis na hábhair as a ndéantar an TCP, lena n-áirítear aon táirgí a d'fhéadfadh teacht astu de bharr a ndianscaoilte, ní fhéadfaidh siad dochar díobhálach a dhéanamh do shláinte ná do shábháilteacht úsáideoirí.
1.2.1.2. Bail shásúil ar dhromchla gach comhpháirt TCP lena mbíonn teagmháil ag an úsáideoir
Aon chomhpháirt den TCP lena mbíonn teagmháil ag an úsáideoir nó ar dócha go mbeidh teagmháil léi nuair a chaitear an TCP, ní mór di bheith saor ó dhromchlaí garbha, ó fhaobhair ghéara, ó phointí géara agus óna leithéid a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le greannú iomarcach nó le gortuithe.
1.2.1.3. An t-uasbhac ceadmhach ar úsáideoirí
Aon bhac de bharr TCP ar na gníomhaíochtaí atá le déanamh, ar an staidiúir atá le glacadh ná ar an aireachtáil chéadfach, déanfar é a íoslaghdú. Thairis sin, ní féidir le húsáid an TCP gníomhaíochtaí a ghiniúint lena bhféadfaí an t-úsáideoir a chur i mbaol.
1.3. Compord agus éifeachtacht
1.3.1. TCP á chur in oiriúint do mhoirfeolaíocht an úsáideora
Ní mór TCP a dhearadh agus a mhonarú ar dhóigh go n-éascófar a shuí ceart ar an úsáideoir agus le nach mbogfaidh sé le linn na tréimhse úsáide intuartha, agus aird á tabhairt ar thosca timpeallachta, ar na gníomhaíochtaí atá le déanamh agus ar an staidiúir atá le glacadh. Chun na críche sin, caithfear bheith in ann an TCP a chur in oiriúint do mhoirfeolaíocht an úsáideora ar gach slí iomchuí, amhail trí chórais leordhóthanacha coigeartaithe agus ceangail nó trí réimse leordhóthanach toisí a chur ar fáil.
1.3.2. Éadroime agus neart
Ní mór do TCP a bheith chomh héadrom agus is féidir gan dochar a dhéanamh dá neart ná dá éifeachtacht.
Ní mór do TCP na ceanglais shonracha bhreise a chomhlíonadh chun cosaint iomchuí a thabhairt i gcoinne na rioscaí dá bhfuil sé beartaithe agus ní mór do TCP a bheith in ann tosca timpeallachta a sheasamh faoi dhálaí úsáide intuartha.
1.3.3. Comhoiriúnacht cineálacha difriúla TCP a bheartaítear lena n-úsáid go comhuaineach
I gcás ina ndéanfaidh an monaróir céanna roinnt leaganacha TCP de chineálacha éagsúla a chur ar an margadh chun a áirithiú go gcosnófar go comhuaineach baill den chorp atá cóngarach dá chéile, ní mór dóibh a bheith comhoiriúnach lena chéile.
1.3.4. Éadaí cosantacha lena bhfuil cosantóirí inbhainte
Is TCP iad éadaí cosantacha lena bhfuil consantóirí inbhainte agus déanfar iad a mheasúnú le chéile le linn na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta.
1.4. Treoracha agus faisnéis ó na monaróirí
Chomh maith le hainm agus le seoladh an mhonaróra, caithfidh an fhaisnéis ábhartha ar fad i ndáil leis an méid seo a leanas bheith ag gabháil leis na treoracha nach mór a sholáthar leis an TCP:
treoracha maidir le stóráil, le húsáid, le glanadh, le cothabháil, le seirbhísiú agus le díghalrú. Maidir le táirgí glantacháin, cothabhála nó díghalraithe arna moladh ag monaróirí, ní dhéanfaidh siad aon dochar díobhálach don TCP ná don úsáideoir nuair a úsáidtear i gcomhréir leis na treoracha ábhartha iad;
feidhmíocht arna taifeadadh le linn tástálacha teicniúla ábhartha chun leibhéil cosanta nó cineálacha cosanta arna gcur ar fáil leis an TCP a scrúdú;
i gcás inarb infheidhme, oiriúintí a d'fhéadfaí a úsáid in éineacht leis an TCP agus saintréithe na bpáirteanna breise iomchuí;
i gcás inarb infheidhme, na cineálacha cosanta a bhaineann le leibhéil éagsúla riosca agus na teorainneacha comhfhreagracha úsáide;
i gcás inarb infheidhme, mí agus bliain nó tréimhse dhífheidhmeachta an TCP nó chuid dá gcomhpháirteanna;
i gcás inarb infheidhme, an cineál pacáistíochta atá oiriúnach le haghaidh iompair;
tábhacht aon mharcanna (féach pointe 2.12);
an riosca a bhfuil an TCP deartha chun cosaint a thabhairt ina choinne;
an tagairt don Rialachán seo agus, i gcás inarb infheidhme, tagairtí do reachtaíocht eile de chuid an Aontais maidir le comhchuibhiú;
ainm, seoladh agus uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra nó na gcomhlachtaí atá bainteach le measúnú comhréireachta a dhéanamh ar an TCP,
tagairtí don chaighdeán comhchuibhithe/do na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha a úsáideadh, lena n-áirítear an dáta atá leis an gcaighdeán/ leis na caighdeáin, nó tagairtí do na sonraíochtaí teicniúla eile a úsáideadh,
an seoladh idirlín ar a bhfuil rochtain ar an dearbhú comhréireachta de chuid AE.
Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (i), (j), (k) agus (l), ní gá go mbeadh sí sna treoracha a sholáthraíonn an monaróir, i gcás ina ngabhann an dearbhú comhréireachta de chuid AE leis an TCP.
2. CEANGLAIS BHREISE A BHAINEANN LE CINEÁLACHA ÉAGSÚLA TCP
2.1. TCP ina n-ionchorpraítear córais coigeartaithe
I gcás ina n-ionchorpraítear córais coigeartaithe i TCP, ní mór na córais sin a dhearadh agus a mhonarú sa chaoi nach scriosfar de neamhthoil iad, tar éis an choigeartaithe, faoi dhálaí úsáide intuartha.
2.2. TCP lena gcumhdaítear baill an choirp atá le cosaint
Ní mór TCP a dhearadh agus a mhonarú ar bhealach lena n-íoslaghdófar an t-allas a chuirtear de bharr a úsáidte. Seachas sin ní mór é a fheistiú ar dhóigh go mbeidh sé in ann allas a shú isteach.
2.3. TCP don aghaidh, do na súile agus don chóras riospráide
Déanfar aon srianadh a dhéanann an TCP ar aghaidh, ar shúile, ar réimse radhairc nó ar chóras riospráide an úsáideora a íoslaghdú.
Caithfidh méid áirithe neodrachta optúla a bheith ag baint leis na scáileáin sin do na cineálacha sin TCP atá comhoiriúnach le méid an bheachtais agus le fad gníomhaíochtaí an úsáideora.
I gcás inar gá, caithfear TCP den sórt sin a chóireáil nó modh a chur ar fáil dó le ceochán a sheachaint.
Maidir le cineálacha TCP a bheartaítear d'úsáideoirí a bhfuil cabhair ag teastáil uathu le radharc na súl, ní mór dóibh a bheith comhoiriúnach le caitheamh spéaclaí nó lionsaí tadhaill.
2.4. TCP faoi réir dhul in aois
I gcás ina bhfuiltear ar an eolas go bhféadfadh dul in aois cur isteach go mór ar fheidhmíocht dearaidh TCP nua, ní mór mí agus bliain an mhonaraithe agus/nó, i gcás inar féidir, mí agus bliain na dífheidhmeachta, a chur in iúl ar bhealach doscriosta agus soiléir ar gach mír de TCP a chuirtear ar an margadh agus ar an bpacáistíocht.
I gcás nach mbeidh an monaróir in ann faisnéis a chur ar fáil maidir le saolré úsáide an TCP phearsanta, ní mór dó an fhaisnéis uile is gá a chur ar fáil sna treoracha chun gur féidir leis an gceannaitheoir nó leis an úsáideoir mí agus bliain na dífheidhmeachta a mheas le réasún, agus caighdeán an leagain agus coinníollacha éifeachtacha stórála, úsáide, glantacháin, seirbhísithe agus cothabhála á gcur san áireamh.
I gcás inar dócha go dtiocfaidh meathlú tapa agus suntasach ar fheidhmíocht TCP mar thoradh ar an dul in aois a bhaineann le húsáid thréimhsiúil próisis glantacháin arna mholadh ag an monaróir, ní mór don mhonaróir marcáil a fheistiú ar gach mír TCP a chuirtear ar an margadh lena léireofar an t-uaslíon oibríochtaí glantacháin is féidir a dhéanamh sula mbeidh gá ann scrúdú a dhéanamh ar an trealamh nó é a chaitheamh amach. Nuair nach bhfuil marcáiláil den sórt sin feistithe ar gach mír TCP, ní mór don mhonaróir an fhaisnéis sin a chur ar fáil sna treoracha.
2.5. TCP a d'fhéadfadh dul i bhfostú le linn úsáide
I gcás ina n-áireofar ar na dalaí úsáide is intuartha, go háirithe, an baol go rachadh an TCP i bhfostú i rud a bhíonn ag bogadh, agus an t-úsáideoir á chur i gcontúirt ar an gcaoi sin, ní mór an TCP a dhearadh agus a mhonarú sa dóigh go mbrisfear nó go stróicfear comhpháirt agus leis sin an chontúirt a dhíchur.
2.6. TCP le húsáid in atmaisféir a d'fhéadfadh a bheith pléascach
Maidir le TCP a bheartaítear lena úsáid in atmaisféir a d'fhéadfadh a bheith pléascach, ní mór é a dhearadh agus a mhonarú ar dhóigh nach féidir leis a bheith ina chúis le stua ná le splanc leictreach, leictreastatach nó tuairt-ionduchtaithe ar dócha go bhféadfadh sé cumasc pléascach a lasadh.
2.7. TCP a bheartaítear ar mhaithe le hidirghabháil thapa nó atá le cur ort nó le baint díot go tapa
Ní mór na cineálacha seo TCP a dhearadh agus a mhonarú sa dóigh go n-íoslaghdófar an méid ama is gá chun an trealamh a chur ort agus a bhaint díot.
Maidir le TCP ina bhfuil córais daingnithe a chuidíonn leis an TCP a choinneáil san áit cheart ar an úsáideoir nó lena bhaint de, caithfear bheith in ann córais den sórt sin a oibriú go tapa agus go héasca.
2.8. TCP le hidirghabháil a dhéanamh i gcásanna atá an-chontúirteach
Leis na treoracha a sholáthraíonn an monaróir maidir le TCP le hidirghabháil a dhéanamh i gcásanna atá an-chontúirteach, caithfear a chur san áireamh, go háirithe, sonraí a dhírítear ar dhaoine atá inniúil agus oilte agus atá cáilithe chun ciall a bhaint astu agus chun a áirithiú go gcuirfidh an t-úsáideoir i bhfeidhm iad.
Ní mór cur síos a dhéanamh sna treoracha sin freisin ar an nós imeachta atá le glacadh chun a áirithiú go bhfuil TCP socraithe i gceart agus feidhmiúil agus é á chaitheamh ag an úsáideoir.
I gcás ina bhfuil aláram ag gabháil leis an TCP a ghníomhachtaítear nuair nach mbíonn an gnáthleibhéal cosanta ar fáil, ní mór an t-aláram sin a dhearadh agus a shuí sa chaoi go bhféadfaidh an t-úsáideoir é a bhrath faoi dhálaí úsáide intuartha.
2.9. TCP ina n-ionchorpraítear comhpháirteanna is féidir leis an úsáideoir a shocrú nó a bhaint
Maidir le TCP ina n-ionchorpraítear comhpháirteanna is féidir leis an úsáideoir a cheangal, a shocrú nó a bhaint ar mhaithe lena n-athchur, ní mór comhpháirteanna den sórt sin a dhearadh agus a mhonarú sa chaoi go mbeifear in ann iad a cheangal, a shocrú nó a bhaint gan uirlisí a úsáid.
2.10. TCP lena cheangal le trealamh comhlántach lasmuigh den TCP
I gcás ina bhfuil córais cónaisc ag gabháil le TCP a ligeann dó ceangal le trealamh comhlántach eile, ní mór modh ceangail a dhearadh agus a mhonarú sa dóigh gur féidir é a chur ar threalamh iomchuí amháin.
2.11. TCP ina bhfuil córas imshruthaithe sreabháin
I gcás ina bhfuil córas imshruthaithe sreabháin ag gabháil le TCP caithfear an córas sin a roghnú nó a dhearadh agus a shuí sa dóigh go ndéantar athnuachan sreabháin a cheadú atá cóngarach don chuid iomlán den chorp atá le cosaint, beag beann ar ghníomhaíochtaí an úsáideora, ar iompar an choirp nó ar ghluaiseacht an úsáideora faoi dhálaí úsáide intuartha.
2.12. TCP a bhfuil marcáil amháin aitheantais nó níos mó nó táscaire amháin aitheantais nó níos mó air a bhaineann go díreach nó go hindíreach le sláinte agus le sábháilteacht
I gcás ina bhfuil TCP a bhfuil marcáil amháin aitheantais nó níos mó nó táscaire amháin aitheantais nó níos mó air a bhaineann go díreach nó go hindíreach le sláinte agus le sábháilteacht, ní mór don mharcáil nó táscairí aitheantais a bheith i bhfoirm picteagraim nó idéagraim más féidir. Caithfidh siad a bheith go hiomlán sofheicthe agus soléite agus bheith mar sin le linn thréimhse úsáide intuartha an TCP. Chomh maith leis sin, caithfidh na marcanna a bheith críochnaitheach, beacht agus sothuigthe chun aon mhíthuiscint a sheachaint. Go háirithe, i gcás ina mbíonn focail nó abairtí san áireamh i marcanna den sórt sin, ní mór iad a bheith scríofa i dteanga a thuigfidh tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile gan stró, faoi mar a chineann an Ballstát ina bhfuil an TCP á chur ar fáil ar an margadh.
Má bhíonn TCP róbheag chun na marcanna riachtanacha ar fad nó cuid dóibh a fheistiú air, ní mór an fhaisnéis ábhartha a lua ar an bpacáistíocht agus i dtreoracha an mhonaróra.
2.13. TCP atá in ann láithreacht úsáideora a fhógairt ó amharc
TCP atá ceaptha do dhálaí úsáide intuartha ina gcaithfear láithreacht úsáideora a fhógairt ó amharc agus ina haonar, ní mór dó modh (nó modhanna) nó uirlis (nó uirlisí) ina suí go breithiúnach a bheith aige chun radaíocht dhíreach nó radaíocht shofheicthe fhrithchaite de dhlús lonrúil agus ag a bhfuil airíonna fótaiméadracha agus dathmhéadracha a astú.
2.14. TCP a bhfuil níos mó ná riosca amháin ag baint leis
Caithfear TCP atá ceaptha an t-úsáideoir a chosaint ar roinnt rioscaí comhuaineacha a dhearadh agus a mhonarú sa dóigh, go háirithe, go ndéantar na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a bhaineann le gach ceann de na rioscaí sin a chomhlíonadh.
3. CEANGLAIS BHREISE IS SONRACH DO RIOSCAÍ ÁIRITHE
3.1. Cosaint ar imbhualadh meicniúil
3.1.1. Imbhualadh mar thoradh ar rudaí a thiteann nó a chaitear amach agus ar imbhuailtí codanna den chorp le bacainn
Ní mór do TCP atá ceaptha chun cosaint ó riosca mar sin a bheith in ann turraing a mhaolú chun gortú a chosc, a tharlaíonn go háirithe mar thoradh ar bhrú nó ar bhriseadh tríd an mír chosanta, go dtí leibhéal imbhuailte fuinnimh atá thar na toisí iomarcacha nó thar mhais na modhanna de mhaolú turrainge a choiscfeadh úsáid éifeachtacht an TCP don tréimhse intuartha chaithimh.
3.1.2. Titim
3.1.2.1. Cosc ar thitim mar thoradh ar shleamhnú
Caithfear boinn na gcoisbheart cosantach atá ceaptha sleamhnú a chosc a dhearadh agus a mhonarú nó a bheith feistithe le modhanna breise chun greamán leordhóthanach a áirithiú, ag brath ar chineál nó ar chruth an dromchla lena mbaineann.
3.1.2.2. Cosc ar thitim anuas ó airde
TCP atá ceaptha titim anuas ó airde a chosc, ní mór úim choirp agus córas cónaisc is féidir a cheangal le pointe seasta seachtrach iontaofa bheith ag gabháil leis. Caithfear é a dhearadh agus a mhonarú sa chaoi go n-íoslaghdaítear titim ingearach an úsáideora, faoi dhálaí úsáide intuartha, chun cásanna imbhuailte le bacainní a chosc agus nach mbaineann an fórsa coiscthe an luach tairsí amach ina dtarlaíonn gortú fisiceach nó oscailt nó briseadh aon chomhpháirt de TCP atá ina chúis titime ag an úsáideoir.
Ní mór do TCP den sórt sin a áirithiú freisin, tar éis coscánú, go gcoinnítear an t-úsáideoir san áit cheart inar féidir leis fanacht le cabhair más gá.
Ní mór gach faisnéis iomchuí a bhaineann leis an méid a leanas, go háirithe, a shonrú i dtreoracha an mhonaróra:
na saintréithe is gá don phointe seasta seachtrach iontaofa agus an glanadh íosta is gá thíos faoin úsáideoir;
an tslí cheart chun an úim choirp a chur air agus an córas cónaisc a cheangal leis an bpointe seasta seachtrach iontaofa.
3.1.3. Crith mheicniúil
TCP atá ceaptha éifeachtaí na gcreathanna meicniúla a chosc, ní mór dó a áirithiú go mbíonn maolú iomchuí ar chomhpháirteanna díobhálacha creatha don chuid den chorp atá i mbaol.
3.2. Cosc ar chomhbhrú statach a bhaineann le cuid den chorp
TCP atá ceaptha cuid den chorp a chosaint ar strus comhbhrúiteach statach, ní mór dó bheith in ann a chuid éifeachtaí a mhaolú chun gortú tromchúiseach nó gearáin ainsealacha a chosc.
3.3. Cosc ar ghortuithe meicniúla
Ní mór comhábhair TCP agus comhpháirteanna eile de atá ceaptha an corp iomlán nó cuid de a chosaint ar ghortuithe dromchlacha, mar shampla scrabhadh, polladh, gearrthacha nó greamanna, a roghnú nó a dhearadh agus a chur isteach sa chaoi go n-áiritheofar go dtugann na cineálacha sin TCP seasmhacht in aghaidh scrafa, pollta agus créachtaí (féach pointe 3.1 freisin) faoi réir na ndálaí úsáide intuartha.
3.4. Cosaint i leachtanna
3.4.1. Cosc ar bhá
TCP atá ceaptha bá a chosc, ní mór dó bheith in ann úsáideoir a d'fhéadfadh bheith traochta nó gan aithne tar éis dó titim i leacht a thabhairt ar ais go dtí an dromchla a luaithe is féidir, gan a shláinte a chur i mbaol, agus an úsáideoir a choinneáil ar snámh i suíomh a ligeann don úsáideoir análú agus an úsáideoir ag fanacht le cabhair.
Féadfaidh TCP bheith go hiomlán snámhach nó leathshnámhach ó nádúr nó féadfar é a theannadh le gás ar féidir é a scaoileadh de láimh nó go huathoibríoch, nó a theannadh ó bhéal.
Faoi dhálaí úsáide intuartha:
gan cur isteach ar a oibriú sásúil, ní mór do TCP bheith in ann na héifeachtaí a bhaineann le himbhualadh le leacht agus leis na tosca timpeallachta leachta a sheasamh;
ní mór do TCP inséidte bheith in ann teannadh go tapa agus go hiomlán.
Maidir le dálaí áirithe úsáide intuartha, ní mór do chineálacha áirithe TCP ceann de na ceanglais seo a leanas ar a laghad a chomhlíonadh:
ní mór dóibh na gléasanna inséidte ar fad, dá dtagraítear sa dara fomhír, bheith acu, agus/nó solas nó gléas fuaimchomharthaíochta;
ní mór dóibh gléas bheith acu chun an corp a ghléasadh agus a cheangal sa chaoi go bhféadfaí an t-úsáideoir a thógáil amach as an leacht;
ní mór dóibh bheith oiriúnach chun úsáid fhaidréiseach a bhaint astu le linn na tréimhse gníomhaíochta ina mbíonn teagmháil ag an úsáideoir, agus éadaí air b'fhéidir, leis an riosca a bhaineann le titim i leacht nó a bhfuil gá le tumadh an úsáideora ann.
3.4.2. Áiseanna snámhachta
Éadach atá ceaptha a áirithiú go mbeidh méid éifeachtach buacachta ar fáil, ag brath ar an úsáid intuartha, beidh sé sábháilte nuair a chaitear é agus tabharfaidh sé tacaíocht dhearfach sa mheán leachtach. Faoi dhálaí úsáide intuartha, ní fhéadfaidh an TCP sin bac a chur ar shaorghluaiseacht an úsáideora, agus ní mór dó ligean don úsáideoir snámh, go háirithe, nó beart a dhéanamh chun éalú ó chontúirt nó chun daoine eile a tharrtháil.
3.5. Cosaint ar éifeachtaí díobhálacha torainn
TCP atá ceaptha éifeachtaí díobhálacha torainn a chosc, ní mór dó bheith in ann an torann a mhaolú sa chaoi nach sáraíonn teagmháil an úsáideora na huasluachanna a leagtar síos i dTreoir 2003/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ).
Caithfear lipéadú a chuireann in iúl an leibhéal maolaithe torainn a sholáthraíonn an TCP a chur ar gach mír. Mura bhfuil sé sin indéanta, ní mór an lipéadú a ghreamú den phacáistíocht.
3.6. Cosaint ar an teas agus/nó ar dhóiteán
Caithfidh TCP atá deartha chun an corp iomlán nó cuid de a chosaint ar éifeachtaí teasa agus/nó dóiteáin toilleadh inslithe teirmigh bheith aige agus neart meicniúil atá oiriúnach do na dálaí úsáide intuartha.
3.6.1. Comhábhair TCP agus comhpháirteanna eile de
Ní mór comhábhair agus comhpháirteanna eile atá ceaptha cosaint a thabhairt ar theas radanta agus comhiomprach comhéifeacht thras-seolta bheith acu maidir le himeachtaí teasfhlosca agus bheith dodhóite go leor chun aon riosca a bhaineann le huathadhaint faoi réir na ndálaí úsáide intuartha a chosc.
Cé go gcaithfidh an dromchla seachtrach de na hábhair agus de na comhpháirteanna a bheith frithchaiteach, ní mór an chumhacht fhrithchaiteach bheith oiriúnach don dlús teasfhlosca mar thoradh ar radaíocht sa réimse infridhearg.
Comhábhair agus comhpháirteanna trealaimh, atá ceaptha lena n-úsáid ghairid i dtimpeallachtaí ardteochta agus comhábhair agus comhpháirteanna TCP ar dócha go steallfar táirgí teo amhail ábhar leáite orthu, ní mór dóibh go leor de thoilleadh teirmeach bheith acu chun an chuid is mó den teas stóráilte a choinneáil go dtí go bhfuil an t-úsáideoir imithe ón limistéar contúirte agus an TCP bainte de.
Comhábhair TCP agus comhpháirteanna eile de ar dócha go steallfar táirgí teo orthu, ní mór dóibh bheith ionsúiteach go leor ó thaobh himbhuailte meicniúla de (féach pointe 3.1).
Comhábhair TCP agus comhpháirteanna eile de a d'fhéadfadh teagmháil a dhéanamh de thaisme le bladhm agus iad siúd a úsáidtear chun trealamh tionsclaíoch nó trealamh comhraicthe dóiteáin a mhonarú, ní mór dóibhsean freisin méid neamh-inadhainteachta agus méid cosanta in aghaidh teas teirmeach nó stuatheasa bheith acu i gcomhréir leis an gcineál riosca a bhaineann leis na dálaí úsáide intuartha. Níor cheart dóibh leá nuair a nochtar do bhladhmanna iad ná cur le hiomadú bladhma.
3.6.2. TCP slán agus réidh le húsáid
Faoi dhálaí úsáide intuartha:
ní mór an teas arna thras-seoladh ag TCP don úsáideoir bheith íseal go leor chun cosc a chur, faoi aon chúinsí, ar an teas atá ann mar thoradh ar chaitheamh sa chuid den chorp a bhfuil baol ann go mbainfidh sé tairseach na péine nó laige sláinte amach;
ní mór do TCP, más gá, cosc a chur ar threá leachta nó gaile agus ní bheidh sé ina chúis le dónna de dheasca teagmhála idir a fhorchlúid chosanta agus an t-úsáideoir.
Má ionchorpraítear i TCP gléasanna cuisnithe le haghaidh ionsú teasa na heachtra trí mheán ghalú leachta nó néalúcháin, ní mór go mbeadh dearadh gléasanna den sórt sin sa dóigh is go scaoiltear aon substaint sho-ghalaithe atá ann lasmuigh den fhorchlúid chosanta amuigh agus ní i dtreo an úsáideora.
Má ionchorpraítear i TCP gléas análaithe, ní mór don ghléas sin an fheidhm chosanta a chomhlíonadh dá dtugtar fógra faoi réir na ndálaí úsáide intuartha.
Caithfidh treoracha an mhonaróra atá in éineacht le TCP, atá ceaptha le húsáid ghairid a bhaint as i dtimpeallachtaí ardteochta, na sonraí ar fad a chur ar fáil, go háirithe, maidir le huasleibhéal teagmhála an úsáideora leis an teas arna thras-seoladh ag an trealamh nuair a úsáidtear i gcomhréir lena aidhm bheartaithe é.
3.7. Cosaint ar an bhfuacht
Ní mór TCP atá ceaptha an corp iomlán nó cuid de a chosaint ar éifeachtaí an fhuachta toilleadh inslithe teirmigh a bheith aige agus neart meicniúil atá oiriúnach do na dálaí úsáide intuartha dá bhfuil sé beartaithe.
3.7.1. Comhábhair TCP agus comhpháirteanna eile de
Ní mór comhábhair agus comhpháirteanna atá oiriúnach do chosaint ar an bhfuacht comhéifeacht thras-seolta bheith acu maidir le himeachtaí teasfhlosca atá chomh híseal faoi mar a éilítear faoi réir na ndálaí úsáide intuartha. Ní mór ábhair agus comhpháirteanna solúbtha atá ceaptha lena n-úsáid i dtimpeallacht ísealteochta méid solúbthachta a choinneáil faoi mar a éilítear do na gothaí agus do na seasaimh riachtanacha í.
Comhábhair TCP agus comhpháirteanna eile de ar dócha go steallfar táirgí teo orthu, ní mór dóibh bheith ionsúiteach go leor ó thaobh himbhuailte meicniúla de (féach pointe 3.1).
3.7.2. TCP slán agus réidh le húsáid
Faoi réir na ndálaí úsáide intuartha, tá feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
ní mór an flosc arna thras-seoladh ag TCP don úsáideoir bheith íseal go leor chun nach mbainfí amach tairseach na péine nó laige sláinte, faoi chúinsí ar bith, leis an bhfuacht atá ann le linn caithimh ag áit ar bith ar an gcuid sin den chorp atá á cosaint, barra méar agus barraicíní san áireamh i gcás lámha agus cosa;
ní mór do TCP, a mhéad is féidir, treá leachta ar nós uisce báistí a chosc agus ní fhéadfaidh sé a bheith ina chúis le gortuithe de dheasca teagmhála idir a fhorchlúid chosanta agus an úsáideoir.
Má ionchorpraítear i TCP gléas análaithe, ní mór don ghléas sin an fheidhm chosanta a chomhlíonadh a shanntar dó faoi dhálaí úsáide intuartha.
Ní mór na sonraí ar fad maidir le huasleibhéal teagmháil an úsáideora leis an bhfuacht arna thras-seoladh ag an trealamh bheith ar fáil i dtreoracha an mhonaróra a bheidh ag gabháil le TCP atá ceaptha lena úsáid ghairid i dtimpeallachtaí ísealteochta.
3.8. Cosaint ar thurraing leictreach
3.8.1. Trealamh insliúcháin
Caithfear TCP atá ceaptha an corp iomlán nó cuid de a chosaint ar éifeachtaí turrainge leictrí a insliú go leordhóthanach ó na voltais ar dócha go nochtfaí an t-úsáideoir dóibh faoi na dálaí úsáide intuartha is neamhfhabhraí.
Chuige sin, ní mór na comhábhair agus na comhpháirteanna eile de na cineálacha sin TCP a roghnú agus a ionchorprú sa chaoi go n-áiritheofar go n-íoslaghdófar an sruth ligin á thomhas tríd an bhforchlúid chosanta faoi réir coinníollacha tástála le voltais amhail na cinn ar dócha go mbeifear i dteagmháil leo in situ agus, ar aon nós, atá faoi bhun uasluach gnásúil ceadaithe a chuireann i gcomhchoibhneas leis an tairseach fhulaingthe.
Ag gabháil lena bpacáistíocht, ní mór marcáil a chur ar na cineálacha TCP atá ceaptha lena úsáid go hiomlán le linn oibre nó gníomhaíochtaí a bhaineann le suiteáil leictreach a bhfuil nó ar dócha go bhfuil teannas ag baint leo, a léiríonn, go háirithe, a gcineál cosanta nó a voltas comhfhreagrach oibriúcháin, a sraithuimhir agus dáta a monaraíochta. Caithfear spás a fhágáil freisin lasmuigh d'fhorchlúid cosanta TCP den sórt sin chun an dáta maidir le tús seirbhíse agus dátaí na dtástálacha nó na n-iniúchtaí tréimhsiúla atá le déanamh a inscríobh ina dhiaidh sin.
Ní mór do threoracha an mhonaróra a chur in iúl, go háirithe, an úsáid eisiach atá beartaithe do na cineálacha sin TCP agus cineál agus minicíocht na dtástálacha tréleictreacha a bheidh le déanamh orthu le linn dóibh bheith in úsáid.
3.8.2. Trealamh seoltach
Dearfar agus déanfar TCP seoltach, atá ceaptha obair leictreach a dhéanamh ag ardvoltais, sa dóigh chun a áirithiú nach mbeidh difríocht ó thaobh poitéinsil de idir an úsáideoir agus na suiteálacha a bhfuil sé ag déanamh crioscaíola orthu.
3.9. Cosaint ar radaíocht
3.9.1. Radaíocht neamhianúcháin
Ní mór é a bheith ar chumas TCP, atá ceaptha damáiste géar agus ainsealach don tsúil a chosc ar fhoinsí radaíochta neamhianúcháin, bunús an fhuinnimh atá radaithe sna tonnfhaid dhíobhálacha a shú isteach nó a fhrithchaitheamh gan cur isteach go mór ar thras-seoladh na coda neamhurchóidí den speictream infheicthe, ar aithint chodarsnachtaí agus bheith in ann idirdhealú a dhéanamh idir dathanna nuair is gá faoi réir na ndálaí úsáide intuartha.
Chun na críche sin, caithfear trealamh cosanta súl a dhearadh agus a mhonarú agus fachtóir thras-seolta speictrim aige, do gach tonnfhad díobhálach, sa chaoi go n-íoslaghdaítear dlús soilsithe an fhuinnimh radaíoch atá in ann dul i dteagmháil le súil an úsáideora tríd an scagaire agus, faoi aon chúinsí, a áirithiú nach dtéann sé os cionn an uasluacha teagmhála cheadaithe. TCP atá deartha chun an craiceann a chosaint ar radaíocht neamhianúcháin, ní mó dó bheith in ann bunús an fhuinnimh a radaítear sna tonnfhaid dhíobhálacha a shú isteach nó a fhrithchaitheamh.
Thairis sin, ní fhéadfaidh na spéaclaí dul i léig ná a n-airíonna a chailleadh mar thoradh ar éifeachtaí radaíochta a astaítear faoi dhálaí úsáide intuartha agus caithfear uimhir an fhachtóra chosanta, a bhaineann leis an gcuar dáileacháin speictrigh dá bhfachtóir tras-seolta, a chur ar gach leagan ar an margadh.
Caithfear spéaclaí atá oiriúnach d'fhoinsí radaíochta den chineál céanna a chur in ord ardaitheach de réir a bhfachtóirí cosanta agus ní mór treoracha an mhonaróra a chur in iúl, go háirithe, an tslí chun an TCP iomchuí a roghnú ag tabhairt airde ar na dálaí iomchuí úsáide, mar shampla an t-achar ón bhfoinse agus dáileadh speictreach an fhuinnimh a radaítear ag an achar sin.
Ní mór don mhonaróir uimhir ábhartha an fhachtóra chosanta a chur ar gach leagan de threalamh scagtha cosanta súl.
3.9.2. Radaíocht ianúcháin
3.9.2.1. Cosaint ar éilliú seachtrach radaighníomhach
Caithfear comhábhair TCP nó comhpháirteanna de atá ceaptha an corp iomlán nó cuid de a chosaint ar dheannach radaighníomhach, ar gháis radaighníomhacha, ar leachtanna radaighníomhacha nó ar mheascáin radaighníomhacha a roghnú nó a dhearadh agus a ionchorprú lena áirithiú go gcoisceann an trealamh sin ar shlí éifeachtúil treá na n-ábhar salaithe faoi dhálaí úsáide intuartha.
Ag brath ar chineál nó ar bhail na n-ábhar salaithe sin, is féidir an teinne ligin ia gá a sholáthar trí neamh-tréscaoilteacht na forchlúide cosanta agus/nó trí aon mheán iomchuí eile, mar shampla córais aerála nó bhrúchóirithe atá ceaptha cúlscaipeadh na n-ábhar salaithe sin a chosc.
Ní féidir aon bhearta díthruaillíochta a bhfuil TCP faoina réir dochar a dhéanamh dá athúsáid le linn thréimhse úsáide intuartha na gcineálacha sin trealaimh.
3.9.2.2. Cosaint ar ionradaíocht sheachtrach
Caithfear TCP atá ceaptha cosaint iomlán a thabhairt d'úsáideoir ar ionradaíocht sheachtrach, nó mura féidir sin, ar mhaolú imleor, a dhearadh chun dul i ngleic le radaíocht lagleictreoin (e.g. beta) nó lagfhótóin (e.g. X, gáma).
Caithfear comhábhair agus comhpháirteanna eile na gcineálacha sin TCP a roghnú nó a dhearadh agus a ionchorprú chun an méid cosanta is gá a sholáthar faoi réir na ndálaí úsáide intuartha gan méadú a chur ar uaireanta teagmhála mar thoradh ar choisceas ghothaí, iompar coirp nó ghluaiseacht an úsáideora (féach pointe 1.3.2).
Caithfear comhartha a chur ar TCP a léiríonn cineál agus tiús coibhéiseach na gcomhábhar atá oiriúnach faoi dhálaí úsáide intuartha.
3.10. Cosaint ar shubstaintí agus ar mheascáin atá guaiseach ó thaobh sláinte agus cosaint ar oibreáin dhíobhálacha bhitheolaíocha
3.10.1. Cosaint riospráide
Maidir le TCP atá ceaptha cosaint a thabhairt don chóras riospráide ní mór a áirithiú go bhfuil sé indéanta aer inanálaithe a sholáthar don úsáideoir agus é suite in atmaisféar truaillithe agus/nó in atmaisféar nach bhfuil mórán de thiúchan ocsaigine ann.
Caithfear an t-aer inanálaithe arna soláthar ag TCP don úsáideoir a fháil trí mhodhanna iomchuí, mar shampla, tar éis scagachán an aeir thruaillithe tríd TCP nó trí sholáthar ó fhoinse sheachtrach neamhthruaillithe.
Caithfear comhábhair agus comhpháirteanna eile na gcineálacha sin TCP a roghnú nó a dhearadh agus a ionchorprú chun riospráid iomchuí úsáideora agus sláinteachas riospráide le linn na tréimhse caithimh lena mbaineann, atá faoi réir na ndálaí úsáide intuartha, a áirithiú.
Caithfidh teinne ligin na haghaidhmhíre agus an titbhrú ionanálaithe agus, ó thaobh na ngléasanna scagtha, an toilleadh íonaithe, treá truaillithe ó atmaisféar truaillithe a choinneáil íseal go leor sa chaoi nach ndéantar dochar do shláinte ná do shláinteachas an úsáideora.
Caithfear sonraí maidir le saintréithe an trealaimh a chur ar an TCP in éineacht leis na treoracha, lena chur ar chumas duine inniúil agus oilte úsáid cheart a bhaint as an TCP.
Maidir le trealamh scagtha, ní mór a chur in iúl freisin i dtreoracha an mhonaróra an teorainn ama maidir le stóráil scagairí nua a choinnítear ina bpacáistíocht bhunúil.
3.10.2. Cosaint ar theagmháil le craiceann agus súile
Ní mór go mbeadh sé ar chumas TCP atá ceaptha chun teagmháil a dhéanann an corp iomlán nó cuid de le dromchla ar a bhfuil substaintí agus meascáin atá guaiseach ó thaobh sláinte nó le hoibreáin dhíobhálacha bhitheolaíocha cosc a chur ar threá nó tréscaoileadh substaintí den sórt sin, na meascán agus na n-oibreán sin tríd an bhforchlúid chosanta faoi na dálaí úsáide intuartha atá beartaithe don TCP.
Chuige sin, caithfear comhábhair agus comhpháirteanna eile na gcineálacha sin TCP a roghnú nó a dhearadh agus a ionchorprú sa chaoi go n-áiritheofar, a mhéad is féidir, go bhfuil teinne ligin ann, a cheadóidh úsáid laethúil fhada más gá, nó mura féidir sin, teinne ligin teoranta a chiallaíonn go mbeidh srianadh ann maidir leis an tréimhse chaithimh.
Nuair a bhíonn cumhacht ardtreáiteach, de bhua a gcineáil agus na ndálaí úsáide intuartha, ag substaintí áirithe agus ag meascáin áirithe atá guaiseach ó thaobh sláinte nó ag oibreáin dhíobhálacha bhitheolaíocha a chuireann teorainn le tréimhse na cosanta arna soláthar ag an TCP i dtrácht, ní mór tástálacha caighdeánacha a dhéanamh orthu chun iad a aicmiú ar bhonn a n-oibrithe. Caithfear marcáil a chur ar TCP a chomhlíonann na sonraíochtaí tástála a léiríonn, go háirithe, ainmneacha na substaintí, nó in éagmais na n-ainmneacha, cóid na substaintí a bhí in úsáid sna tástálacha agus an ghnáth-thréimhse chosanta chomhfhreagrach. I dtreoracha an mhonaróra, ní mór sainmhíniú a thabhairt go háirithe ar na cóid (más gá), miontuairisc a thabhairt ar na tástálacha caighdeánacha agus ní mór don fhaisnéis iomchuí uile bheith iontu chun an uastréimhse cheadaithe chaithimh a dhearbhú faoi dhálaí éagsúla úsáide intuartha.
3.11. Trealamh tumadóireachta
Caithfidh an trealamh análaithe a bheith in ann an t-úsáideoir a sholáthar le haermheascán gásrach inanálaithe, faoi dhálaí úsáide intuartha agus ag cur san áireamh an uasdoimhneacht tumtha go háirithe.
Nuair is gá ó thaobh na ndálaí úsáide intuartha, caithfidh na rudaí seo a leanas bheith ar áireamh sa trealamh tumadóireachta:
culaith a chosnaíonn an t-úsáideoir i gcoinne fuacht (féach pointe 3.7) agus/nó brú a bhíonn mar thoradh ar doimhneacht an tumtha (féach pointe 3.2.);
aláram atá ceaptha rabhadh mear a thabhairt don úsáideoir nuair is dócha go dteipfidh ar sholáthair an aermheascáin ghásraigh inanálaithe (féach pointe 2.8);
gléas tarrthála a ligeann don úsáideoir filleadh ar an dromchla (féach pointe 3.4.1).
IARSCRÍBHINN III
DOICIMÉADACHT THEICNIÚIL DO TCP
Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na modhanna a úsáideann an monaróir le go gcomhlíonfadh an TCP na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme, dá dtagraítear in Airteagal 5 agus a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
Is é a bheidh sa doiciméadacht theicniúil na heilimintí seo a leanas ar a laghad:
tuairisc iomlán ar an TCP agus ar an úsáid atá bheartaithe dó;
measúnú ar na rioscaí a bhfuil an TCP beartaithe le cosaint a thabhairt ina gcoinne;
liosta de na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme maidir leis an TCP;
líníochtaí agus scéimeanna deartha agus monaraíochta maidir leis an TCP agus maidir lena chomhpháirteanna, lena fhochóimeálacha agus lena chiorcaid;
na tuairiscí agus na sainmhínithe is gá chun na líníochtaí agus na scéimeanna dá dtagraítear i bpointe (d) agus oibriú an TCP a thuiscint;
tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 14 ar cuireadh i bhfeidhm iad ar dhearadh agus ar mhonarú an TCP. Sa chás nár cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe i bhfeidhm go hiomlán, déanfar sonraíocht sa dhoiciméad ar na codanna a cuireadh i bhfeidhm;
i gcás nár cuireadh caighdeáin chomhchuibhithe i bhfeidhm nó nár cuireadh i bhfeidhm go hiomlán iad, tuairiscí ar na sonraíochtaí teicniúla eile a cuireadh i bhfeidhm chun na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a chomhlíonadh;
torthaí ríomhanna, iniúchtaí agus scrúduithe an deartha atá déanta lena fhianú go gcomhlíonann an TCP na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme;
tuarascálacha ar na tástálacha atá déanta lena fhianú go gcomhlíonann an TCP na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme agus, nuair is iomchuí, chun an cineál cosanta iomchuí a dhearbhú;
tuairisc ar na modhanna atá in úsáid ag an monaróir le linn táirgeadh an TCP lena áirithiú go gcomhlíonann an TCP táirgthe sonraíochtaí an deartha;
cóip de na treoracha agus den fhaisnéis ó na monaróirí a leagtar amach i bpointe 1.4 d'Iarscríbhinn II;
maidir le TCP a tháirgtear mar aonad aonair a fheileann d'úsáideoir aonair, na treoracha uile is gá do mhonarú TCP den sórt sin ar bhonn an bhunleagain fhormheasta;
maidir le TCP a táirgeadh i sraithcheangal inar cuireadh gach mír in oiriúint le go bhfeilfidh sé d'úsáideoir aonair, tuairisc ar na bearta atá le déanamh ag an monaróir i rith an phróisis táirgthe agus fheistithe lena áirithiú go gcomhlíonann gach mír de TCP na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme.
IARSCRÍBHINN IV
RIALÚ INMHEÁNACH TÁIRGTHE
(Modúl A)
|
1. |
Is é atá i gceist le rialú inmheánach táirgthe an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2, 3 agus 4, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé as a stuaim féin agus é féin amháin freagrach, go gcomhlíonann an TCP lena mbaineann ceanglais infheidhme an Rialacháin seo. |
|
2. |
Doiciméadacht theicniúil Dearbhóidh an monaróir an doiciméadacht theicniúil a bhfuil tuairisc uirthi in Iarscríbhinn III. |
|
3. |
Monaraíocht Déanfaidh an monaróir na bearta uile is gá sa chaoi go n-áirithíonn an próiseas táirgthe agus an faireachán air sin go gcomhlíonann TCP monaraithe an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2 agus ceanglais infheidhme an Rialacháin seo. |
|
4. |
Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta de chuid AE 4.1. Feisteoidh an monaróir marcáil CE ar gach TCP aonair a chomhlíonann ceanglais infheidhme an Rialacháin seo. 4.2. Tarraingeoidh an monaróir suas dearbhú comhréireachta de chuid AE i scríbhinn do leagan TCP, coinneoidh sé in éineacht leis an doiciméadacht theicniúil é agus cuirfidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta iad go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis don TCP a bheith curtha ar an margadh. Leis an dearbhú comhréireachta de chuid AE, sainaithneofar an TCP dá bhfuil sé tarraingthe suas. Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin. |
|
5. |
Ionadaí údaraithe D'fhéadfadh an t-ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra, a leagtar amach i bpointe 4, a chomhlíonadh thar ceann an mhonaróra agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go sonraítear sa sainordú iad. |
IARSCRÍBHINN V
CINEÁLSCRÚDÚ AE
(Modúl B)
|
1. |
Tá cineálscrúdú AE ina chuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina ndéanann comhlacht dá dtugtar fógra scrúdú ar dhearadh teicniúil TCP agus ina bhfíoraíonn sé agus ina ndearbhaíonn sé go gcomhlíonann dearadh teicniúil an TCP ceanglais an Rialacháin seo atá infheidhme maidir leis. |
|
2. |
Déanfar cineálscrúdú AE trí mheasúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht dhearadh teicniúil an TCP trí scrúdú a dhéanamh ar an doiciméadacht theicniúil, mar aon le scrúdú a dhéanamh ar eiseamal arb ionann é agus an táirge iomlán TCP a bheartaítear a tháirgeadh (cineál an táirgthe). |
|
3. |
Iarratas ar chineálscrúdú AE Cuirfidh an monaróir iarratas ar chineálscrúdú AE isteach chuig comhlacht aonair dá rogha féin dá dtugtar fógra. Is é a bheidh san iarratas:
(a)
ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t-ionadaí údaraithe a chuireann an t-iarratas isteach, a ainm agus a sheoladh siúd freisin;
(b)
dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t-iarratas céanna isteach chuig aon chomhlacht eile dá dtugtar fógra;
(c)
an doiciméadacht theicniúil a bhfuil tuairisc uirthi in Iarscríbhinn III;
(d)
an t-eiseamal/na heiseamail den TCP arb ionadaí é/iad den táirgeadh a bheartaítear Féadfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra eiseamail bhreise a iarraidh más gá chun an clár tástála a dhéanamh. Maidir le TCP ar táirgeadh é i sraithcheangal agus ar cuireadh gach mír sa tsraith sin in oiriúint le go bhfeilfeadh sé d'úsáideoir aonair, cuirfear eiseamail ar fáil arb ionann iad agus réimse d'úsáideoirí éagsúla, agus maidir le TCP a táirgeadh mar aonad aonair chun freastal ar riachtanais speisialta úsáideoir aonair, cuirfear bunmhúnla ar fáil. |
|
4. |
Cineálscrúdú AE Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra an méid a leanas:
(a)
scrúdóidh sé an doiciméadacht theicniúil le go measfar an bhfuil dearadh teicniúil an TCP leordhóthanach. Ní gá dó, agus é i mbun scrúdaithe den sórt sin, pointe (j) d'Iarscríbhinn III a chur san áireamh;
(b)
maidir le TCP ar táirgeadh i sraithcheangal é agus ar cuireadh gach mír de in oiriúint le go bhfeilfidh sé d'úsáideoir aonair, scrúdóidh an comhlacht an tuairisc ar na bearta a rinneadh le go measfar an bhfuil siad leordhóthanach;
(c)
maidir le TCP ar táirgeadh é mar aonad aonair a fheilfidh d'úsáideoir aonair, scrúdóidh sé na treoracha is gá chun TCP den sórt sin a mhonarú ar bhonn an bhunleagain fhormheasta;
(d)
fíoróidh sé gur monaraíodh an t-eiseamal/na heiseamail i gcomhréir leis an doiciméadacht theicniúil, agus sainaithneoidh sé na heilimintí a dearadh i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme de na caighdeáin chomhchuibhithe, chomh maith leis na heilimintí a dearadh i gcomhréir le sonraíochtaí teicniúla eile;
(e)
déanfaidh sé scrúduithe agus tástálacha iomchuí, nó áiritheoidh sé go bhfuil siad déanta thar a cheann, lena fháil amach an bhfuil na réitigh sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha curtha i bhfeidhm i gceart, sa chás gur roghnaigh an monaróir iad a chur i bhfeidhm;
(f)
déanfaidh sé scrúduithe agus tástálacha iomchuí, nó áiritheoidh sé go bhfuil siad déanta thar a cheann, lena fháil amach, i gcás nach bhfuil na caighdeáin chomhchuibhithe curtha i bhfeidhm, an gcomhlíonann na réitigh atá roghnaithe ag an monaróir, lena n-áirítear iad sin i sonraíochtaí teicniúla feidhmeacha eile a cuireadh i bhfeidhm, na ceanglais chomhfhreagracha sláinte agus sábháilteachta atá riachtanach agus lena fháil amach an bhfuil siad curtha i bhfeidhm i gceart. |
|
5. |
Tuarascáil mheastóireachta Dréachtóidh an comhlacht dá dtugtar fógra tuarascáil mheastóireachta ina ndéanfar taifead ar na gníomhaíochtaí atá déanta agus ar a dtorthaí i gcomhréir le pointe 4. Gan dochar dá oibleagáidí i leith na n-údarás a thugann fógra, ní scaoilfidh an comhlacht dá dtugtar fógra ábhar na tuarascála sin, go hiomlán nó go páirteach, ach amháin le comhaontú an mhonaróra. |
|
6. |
Deimhniú ar chineálscrúdú AE 6.1. Nuair a chomhlíonann an cineál na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme, eiseoidh an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú ar chineálscrúdú AE don mhonaróir. Ní rachaidh tréimhse bailíochta deimhniú nua a eisítear, agus i gcás inarb iomchuí, an tréimhse bailíochta maidir le deimhniú athnuaite, thar chúig bliana. 6.2. Is é a bheidh sa deimhniú ar chineálscrúdú AE an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:
(a)
ainm agus uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra;
(b)
ainm agus seoladh an mhonaróra agus, má chuireann ionadaí údaraithe an t-iarratas isteach, ainm agus seoladh na ionadaithe údaraithe;
(c)
aitheantas an TCP a chumhdaítear leis an deimhniú (uimhir an chineáil);
(d)
ráiteas a léiríonn go gcomhlíonann an cineál TCP na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme;
(e)
nuair atá caighdeáin chomhchuibhithe curtha i bhfeidhm nó i gcás nár cuireadh i bhfeidhm go hiomlán iad, na tagairtí a bhaineann leis na caighdeáin sin nó le codanna díobh;
(f)
nuair atá sonraíochtaí teicniúla eile curtha i bhfeidhm, a dtagairtí;
(g)
nuair is infheidhme, leibhéal/leibhéil feidhmíochta nó aicme cosanta an TCP;
(h)
maidir le TCP a tháirgtear mar aonad aonair a fheilfidh d'úsáideoir aonair, réimse éagsúlachtaí incheadaithe na bparaiméadar ábhartha bunaithe ar an mbunleagan formheasta;
(i)
an dáta eisiúna, an dáta éaga agus, nuair is iomchuí. an dáta/na dátaí athnuachana;
(j)
aon choinníoll a bhaineann le heisiúint an deimhnithe;
(k)
i gcás TCP i gcatagóir III, ráiteas a léiríonn nach n-úsáidfear an deimhniú ach in éineacht le ceann de na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 19. 6.3. Féadfaidh Iarscríbhinn amháin nó níos mó a bheith ag gabháil le deimhniú ar chineálscrúdú AE. 6.4. Nuair nach gcomhlíonann an cineál na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme, diúltóidh an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú ar chineálscrúdú AE a eisiúint agus cuirfidh sé sin in iúl don iarratasóir dá réir sin, ag léiriú go mion na cúiseanna lena dhiúltú. |
|
7. |
Athbhreithniú ar dheimhniú ar chineálscrúdú AE 7.1. Coinneoidh an comhlacht dá dtugtar fógra é féin ar an eolas maidir le hathruithe a bhaineann le staid na teicníochta atá aitheanta go ginearálta, lena gcuirtear in iúl go bhféadfadh sé nach gcomhlíonann an cineál formheasta na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a thuilleadh, agus cinnfidh sé an bhfuil imscrúdú sa bhreis ag teastáil maidir le hathruithe den sórt sin. Más amhlaidh atá, cuirfidh an comhlacht dá dtugtar fógra an monaróir ar an eolas dá réir sin. 7.2. Tabharfaidh an monaróir faisnéis don chomhlacht dá dtugtar fógra, ag a bhfuil an doiciméadacht theicniúil a bhaineann le deimhniú ar chineálscrúdú AE, ar fhaisnéis í faoi na leasuithe ar fad a rinneadh ar an gcineál formheasta agus faisnéis faoi na leasuithe uile a rinneadh ar an doiciméadacht theicniúil a bhféadfadh éifeacht a bheith acu ar chomhréireacht an TCP leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme nó leis na coinníollacha le haghaidh bhailíocht an deimhnithe sin. Beidh formheas sa bhreis ag teastáil maidir le leasuithe den sórt sin, is é sin le rá formheas breise a chuirfear isteach sa bhundeimhniú ar chineálscrúdú AE. 7.3. Áiritheoidh an monaróir go leanann an TCP ar aghaidh ag comhlíonadh na gceanglas riachtanach sláinte agus sábháilteachta is infheidhme i bhfianaise staid na teicníochta. 7.4. Iarrfaidh an monaróir ar an gcomhlacht dá dtugtar fógra athbhreithniú a dhéanamh ar an deimhniú ar chineálscrúdú AE:
(a)
i gcás ina bhfuil modhnú ar an gcineál formheasta dá dtagraítear i bpointe 7.2;
(b)
i gcás ina bhfuil athrú ar staid na teicníochta dá dtagraítear i bpointe 7.3;
(c)
ar a dhéanaí, roimh dháta éaga an deimhnithe. Ionas go bhféadfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra a chúraimí a chomhlíonadh, cuirfidh an monaróir iarratas isteach tráth nach luaithe ná 12 mhí roimh dháta éaga an deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus ar a dhéanaí 6 mhí roimhe. 7.5. Scrúdóidh an comhlacht dá dtugtar fógra an cineál TCP agus, i gcás inar gá i bhfianaise na n-athruithe a rinneadh, déanfaidh sé na tástálacha ábhartha chun go n-áiritheofar go leanfar, leis an gcineál formheasta, de na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a chomhlíonadh. Más rud é go bhfuil an comhlacht dá dtugtar fógra sásta go leanfar, leis an gcineál formheasta, de na ceanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a chomhlíonadh, déanfaidh sé an deimhniú ar chineálscrúdú AE a athnuachan. Áiritheoidh an comhlacht dá dtugtar fógra go dtabharfar an nós imeachta athbhreithnithe chun críche roimh dháta éaga an deimhnithe ar chineálscrúdú AE. 7.6. I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de phointe 7.4, beidh feidhm ag nós imeachta simplithe maidir le hathbhreithniú. Cuirfidh an monaróir an méid a leanas ar fáil don chomhlacht dá dtugtar fógra:
(a)
a ainm agus a sheoladh agus na sonraí lena sainaithnítear an deimhniú lena mbaineann ar chineálscrúdú AE;
(b)
dearbhú nach ndearnadh aon mhodhnú ar an gcineál formheasta amhail dá dtagraítear i bpointe 7.2, lena n-áirítear ábhair, fo-chomhpháirteanna nó fochóimeálacha, ná ar na caighdeáin ábhartha chomhchuibhithe ná ar na sonraíochtaí teicniúla eile a cuireadh i bhfeidhm;
(c)
dearbhú nach ndearnadh aon athrú ar staid na teicníochta amhail dá dtagraítear i bpointe 7.3;
(d)
mura bhfuil siad curtha ar fáil cheana, cóipeanna de líníochtaí reatha agus de ghrianghraif reatha den táirge, marcáil ar tháirgí agus faisnéis a sholáthraíonn an monaróir; agus
(e)
i gcás táirgí i gcatagóir III, nach bhfuil ar fáil cheana don chomhlacht dá dtugtar fógra, faisnéis faoi thorthaí na seiceálacha ar tháirgí faoi mhaoirseacht ag eatraimh randamacha a dhéantar i gcomhréir le hIarscríbhinn VII, nó faoi thorthaí na n-iniúchtaí a rinneadh ar a chóras cáilíochta a dhéantar i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII. Nuair a dhearbhóidh an comhlacht dá dtugtar fógra nach ndearnadh aon athrú ar an gcineál formheasta dá dtagraítear i bpointe 7.2. agus nach ndearnadh aon athrú ar staid na teicníochta dá dtagraítear i bpointe 7.3, cuirfear i bhfeidhm an nós imeachta simplithe maidir le hathbhreithniú agus ní dhéanfar na scrúduithe ná na tástálacha dá dtagraítear i bpointe 7.5. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra an deimhniú ar chineálscrúdú AE a athnuachan. Beidh na costais a bhaineann leis an athnuachan comhréireach le hualach riaracháin an nós imeachta simplithe. Má chinneann an comhlacht dá dtugtar fógra go ndearnadh athrú ar staid na teicníochta dá dtagraítear i bpointe 7.3, beidh feidhm ag an nós imeachta atá leagtha amach i bpointe 7.5. 7.7. Má cheapann an comhlacht dá dtugtar fógra, tar éis an athbhreithnithe, nach bhfuil an deimhniú ar chineálscrúdú AE bailí a thuilleadh, tarraingeoidh an comhlacht siar é agus ní chuirfidh an monaróir an TCP lena mbaineann ar an margadh arís. |
|
8. |
Cuirfidh gach comhlacht dá dtugtar fógra in iúl don údarás a thugann fógra dó maidir le deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus/nó le breiseanna a cuireadh leo atá eisithe nó aistarraingthe aige, agus cuirfidh sé ar fáil don údarás a thugann fógra dó, ó am go chéile nó arna iarraidh sin dó, liosta na ndeimhnithe den sórt sin agus/nó de na breiseanna a cuireadh leo atá diúltaithe, atá curtha ar fionraí nó a bhfuil teorannú déanta ar shlí eile orthu. Cuirfidh gach comhlacht in iúl d'údaráis eile a thugann fógra maidir le deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus/nó le breiseanna a cuireadh leo atá diúltaithe aige nó tarraingthe siar aige, atá curtha ar fionraí aige nó a bhfuil teorannú déanta ar shlí eile orthu agus, arna n-iarraidh sin dó, maidir le deimhnithe den sórt sin agus/nó le breiseanna a cuireadh leo atá eisithe aige. Féadfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra, arna hiarraidh sin dóibh, cóip de dheimhniú ar chineálscrúdú AE agus/nó de bhreiseanna a cuireadh leo a fháil. Tar éis iarratas réasúnaithe a fháil, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit cóip a fháil den doiciméadacht theicniúil agus de thorthaí na scrúduithe atá déanta ag an gcomhlacht dá dtugtar fógra. Maidir le deimhniú ar chineálscrúdú AE, na hiarscríbhinní agus na breiseanna a ghabhann leis, chomh maith leis an gcomhad teicniúil ina n-áirítear an doiciméadacht atá curtha isteach ag an monaróir, coinneoidh an comhlacht dá dtugtar fógra cóip díobh go ceann tréimhse cúig bliana tar éis do bhailíocht an deimhnithe sin dul in éag. |
|
9. |
Maidir le deimhniú ar chineálscrúdú AE, na hiarscríbhinní agus na breiseanna a ghabhann leis, chomh maith leis an gcomhad teicniúil a cuireadh ar fáil do na húdarás náisiúnta, coinneoidh an monaróir cóip díobh go ceann 10 mbliana tar éis don TCP a bheith curtha ar an margadh. |
|
10. |
Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra an t-iarratas dá dtagraítear i bpointe 3 a chur isteach agus na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointe 7.2, i bpointe 7.4 agus i bpointe 9 a chomhlíonadh, ar choinníoll go sonraítear sa sainordú iad. |
IARSCRÍBHINN VI
CINEÁL-CHOMHRÉIREACHT BUNAITHE AR RIALÚ INMHEÁNACH TÁIRGTHE
(Modúl C)
|
1. |
Is é atá i gceist le cineál-chomhréireacht bunaithe ar rialú inmheánach táirgthe an chuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 2 agus i bpointe 3, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé as a stuaim féin agus é féin amháin freagrach, go bhfuil an TCP lena mbaineann i gcomhréir leis an gcineál a bhfuil tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo. |
|
2. |
Monaraíocht Déanfaidh an monaróir na bearta uile is gá sa chaoi go n-áiritheofar sa phróiseas táirgthe agus san faireachán air sin go gcomhlíonann TCP monaraithe an cineál a bhfuil tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus ceanglais infheidhme an Rialacháin seo. |
|
3. |
Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta de chuid AE 3.1. Feisteoidh an monaróir marcáil CE ar gach aonad TCP a chomhlíonann an cineál a bhfuil tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus ceanglais infheidhme an Rialacháin seo. 3.2. Tarraingeoidh an monaróir suas dearbhú comhréireachta de chuid AE i scríbhinn do leagan TCP agus coinneoidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta é go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis don TCP a bheith curtha ar an margadh. Leis an dearbhú comhréireachta de chuid AE, sainaithneofar an TCP dá bhfuil sé tarraingthe suas. Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin. |
|
4. |
Ionadaí údaraithe D'fhéadfadh an t-ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra, a leagtar amach i bpointe 3, a chomhlíonadh thar ceann an mhonaróra agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go sonraítear sa sainordú iad. |
IARSCRÍBHINN VII
CINEÁL-CHOMHRÉIREACHT ATÁ BUNAITHE AR RIALÚ INMHEÁNACH TÁIRGTHE AGUS SEICEÁLACHA MAOIRSITHE AR THÁIRGÍ AG EATRAIMH RANDAMACHA
(Modúl C2)
|
1. |
Is é atá i gceist le cineál-chomhréireacht bunaithe ar rialú inmheánach táirgthe agus ar sheiceálacha maoirsithe ar tháirgí ag eatraimh randamacha an chuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí atá leagtha síos i bpointe 2, 3, i bpointe 5.2 agus i bpointe 6, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé as a stuaim féin agus é féin amháin freagrach, go bhfuil an TCP a bhí faoi réir fhorálacha phointe 4 i gcomhréir leis an gcineál a bhfuil tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo. |
|
2. |
Monaraíocht Déanfaidh an monaróir na bearta uile is gá sa chaoi go n-áiritheofar sa phróiseas táirgthe agus san faireachán air sin aonchineálacht an táirgthe agus comhréireacht TCP monaraithe leis an gcineál a bhfuil tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo. |
|
3. |
Iarratas a dhéanamh ar sheiceálacha maoirsithe ar tháirgí ag eatraimh randamacha Sula gcuirfidh sé TCP ar an margadh, cuirfidh an monaróir iarratas ar sheiceálacha maoirsithe ar tháirgí ag eatraimh randamacha chuig comhlacht aonair dá rogha féin dá dtugtar fógra. Beidh an méid a leanas san iarratas:
(a)
ainm agus seoladh an mhonaróra agus, má chuireann an t-ionadaí údaraithe an t-iarratas isteach, a ainm agus a sheoladh siúd freisin;
(b)
dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t-iarratas céanna isteach chuig aon chomhlacht eile dá dtugtar fógra;
(c)
sainaithint an TCP lena mbaineann. Nuair nach é an comhlacht roghnaithe an comhlacht a bhfuil cineálscrúdú AE déanta aige, beidh an méid a leanas san iarratas freisin:
(a)
an doiciméadacht theicniúil a bhfuil tuairisc uirthi in Iarscríbhinn III;
(b)
cóip den deimhniú ar chineálscrúdú AE. |
|
4. |
Seiceálacha ar tháirgí 4.1. Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra seiceálacha ar tháirgí chun aonchineálacht an táirgthe a fhíorú mar aon le comhréireacht an TCP leis an gcineál a bhfuil tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme. 4.2. Déanfar na seiceálacha ar tháirgí uair sa bhliain ar a laghad, ar eatraimh randamacha a shocróidh an comhlacht dá dtugtar fógra. Déanfar na chéad seiceálacha ar tháirgí tráth nach déanaí ná aon bhliain tar éis dáta eisiúna an deimhniú ar chineálscrúdú AE. 4.3. Roghnóidh an comhlacht dá dtugtar fógra sampla leordhóthanach staidrimh den TCP monaraithe ag áit lena n-aontóidh an comhlacht agus an monaróir. Scrúdófar gach mír de TCP atá sa sampla agus déanfar na tástálacha iomchuí, atá leagtha amach sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó na tástálacha coibhéiseacha atá leagtha amach i sonraíochtaí teicniúla eile, chun go fíorófar comhréireacht an TCP leis an gcineál a ndéantar tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme. 4.4. Nuair nach é an comhlacht dá dtugtar fógra, dá dtagraítear i bpointe 3, an comhlacht a d'eisigh an deimhniú ábhartha ar chineálscrúdú AE, rachaidh sé i dteagmháil leis an gcomhlacht a d'eisigh má thagann aon deacracht aníos maidir le comhréireacht an tsampla a mheasúnú. 4.5. Tá sé i gceist leis an nós imeachta samplála le haghaidh inghlacthachta atá le cur i bhfeidhm a chinneadh an áirithítear aonchineálacht an táirgthe sa phróiseas monaraíochta agus an bhfeidhmíonn sé laistigh de theorainneacha inghlactha, d'fhonn comhréireacht an TCP a áirithiú. 4.6. Má léirítear sa scrúdú agus sa tástáil nach bhfuil an táirgeadh aonchineálach nó nach gcomhlíonann an TCP an cineál a bhfuil tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE, nó na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is infheidhme, déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra bearta iomchuí chun dul i ngleic leis an locht/leis na lochtanna a taifeadadh agus déanfaidh sé sin a chur in iúl don údarás a thugann fógra. |
|
5. |
Tuarascáil ar thástáil 5.1. Cuirfidh an comhlacht dá dtugtar fógra tuarascáil ar thástáil ar fáil don mhonaróir. 5.2. Coinneoidh an monaróir an tuarascáil ar thástáil ar fáil do na húdaráis náisiúnta go ceann tréimhse deich mbliana tar éis don TCP a bheith curtha ar an margadh. 5.3. Faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra, déanfaidh an monaróir uimhir aitheantais an chomhlachta a fheistiú le linn an phróisis monaraíochta. |
|
6. |
Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta de chuid AE 6.1. Déanfaidh an monaróir marcáil CE, agus, faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 3, uimhir aitheantais an chomhlachta sin a fheistiú ar gach ítim TCP aonair atá comhréireach leis an gcineál a bhfuil tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE, agus le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo. 6.2. Tarraingeoidh an monaróir suas dearbhú comhréireachta de chuid AE i scríbhinn do gach leagan TCP agus coinneoidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta é go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis don TCP a bheith curtha ar an margadh. Leis an dearbhú comhréireachta de chuid AE, sainaithneofar an leagan TCP dá bhfuil sé tarraingthe suas. Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin. |
|
7. |
Ionadaí údaraithe Féadfaidh an t-ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra a chomhlíonadh thar ceann an mhonaróra agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go luaitear sa sainordú iad. Níl cead ag ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra atá leagtha amach i bpointe 2 a chomhlíonadh. |
IARSCRÍBHINN VIII
CINEÁL-CHOMHRÉIREACHT BUNAITHE AR DHEARBHÚ CÁILÍOCHTA AN PHRÓISIS TÁIRGTHE
(Modúl D)
|
1. |
Is é atá i gceist le cineál-chomhréireacht bunaithe ar dhearbhú cáilíochta an phróisis táirgthe an chuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí atá leagtha síos i bpointe 2, i bpointe 5 agus i bpointe 6, agus ina n-áirithíonn sé agus ina ndearbhaíonn sé as a stuaim féin agus é féin amháin freagrach, go bhfuil an TCP lena mbaineann i gcomhréir leis an gcineál a bhfuil tuairisc air sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo. |
|
2. |
Monaraíocht Oibreoidh an monaróir córas cáilíochta formheasta maidir le táirgeadh, le cigireacht ar an táirge críochnaitheach agus le tástáil an TCP lena mbaineann, mar a shonraítear i bpointe 3 é, agus beidh sé faoi réir faireachais mar a shonraítear i bpointe 4 é. |
|
3. |
Córas cáilíochta
|
|
4. |
Faireachas faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra
|
|
5. |
Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta de chuid AE
|
|
6. |
Coinneoidh an monaróir, go ceann 10 mbliana tar éis don TCP a bheith curtha ar an margadh, an méid a leanas ar fáil do na húdaráis náisiúnta:
(a)
an doiciméadacht dá dtagraítear i bpointe 3.1;
(b)
an fhaisnéis a bhaineann leis an athrú dá dtagraítear i bpointe 3.5, faoi mar a formheasadh;
(c)
cinntí agus tuarascálacha an chomhlachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 3.5, i bpointe 4.3 agus i bpointe 4.4. |
|
7. |
Cuirfidh an comhlacht dá dtugtar fógra in iúl don údarás a thugann fógra dó aon fhormheas maidir leis an gcóras cáilíochta atá eisithe nó aistarraingthe, agus cuirfidh sé ar fáil dá chomhlacht fógraíochta, ó am go chéile nó arna iarraidh sin dó, liosta na bhfhormheastaí sin maidir le córas cáilíochta den sórt sin atá diúltaithe, atá curtha ar fionraí nó a bhfuil teorannú déanta ar shlí eile orthu. Cuirfidh an comhlacht dá dtugtar fógra na comhlachtaí eile ar an eolas faoi aon fhormheas maidir leis an gcóras cáilíochta atá diúltaithe, curtha ar fionraí nó aistarraingthe aige nó a bhfuil teorannú déanta ar shlí eile orthu aige agus, arna iarraidh sin dó, faoi aon fhormheas den sórt sin atá eisithe aige i dtaca le córas cáilíochta. |
|
8. |
Ionadaí údaraithe Féadfaidh a ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointí 3.1, 3.5, 5 agus 6 a chomhlíonadh, thar ceann an mhonaróra agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go sonraítear sa sainordú iad. |
IARSCRÍBHINN IX
DEARBHÚ COMHRÉIREACHTA Uimh. … ( 4 ) DE CHUID AE
1. TCP (uimhir táirge, uimhir chineáil, baiscuimhir nó sraithuimhir):
2. Ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más infheidhme, ainm agus seoladh a ionadaí údaraithe:
3. Eisítear an dearbhú comhréireachta sin faoi fhreagracht an mhonaróra amháin:
4. Aidhm na comhréireachta (TCP a shainaithint ar mhaithe le hinrianaitheacht; féadfar íomhá dhaite atá soiléir go leor a áirithiú, nuair is gá chun an TCP a shainaithint):
5. Tá aidhm an dearbhaithe, a bhfuil tuairisc i bpointe 4 uirthi, i gcomhréir le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais: …
6. Tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha a úsáideadh, dáta an chaighdeáin san áireamh, nó tagairtí do na sonraíochtaí teicniúla eile, dáta na sonraíochta san áireamh, maidir leis an gcomhréireacht ar leith a dhearbhaítear:
7. Más infheidhme, an comhlacht dá dtugtar fógra … (ainm, uimhir)… cineálscrúdú AE déanta aige (Modúl B) agus deimhniú ar chineálscrúdú AE eisithe aige … (tagairt don deimhniú sin).
8. Más infheidhme, tá an TCP faoi réir an nós imeachta um measúnú comhréireachta … (cineál-chomhréireacht bunaithe ar rialú inmheánach táirgthe ar eatraimh randamacha mar aon le seiceálacha maoirsithe ar tháirgí (Modúl C2) nó cineál-chomhréireacht bunaithe ar dhearbhú cáilíochta an phróisis táirgthe (Modúl D)) … faoi fhaireachas an chomhlachta dá dtugtar fógra… (ainm, uimhir).
9. Faisnéis bhreise:
Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann:…
(áit agus dáta eisiúna):
(ainm, feidhm) (síniú):
IARSCRÍBHINN X
TÁBLA COMHGHAOIL
|
Treoir 89/686/CEE |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1(1) |
Airteagal 1 agus Airteagal 2(1) |
|
Airteagal 1(2) agus (3) |
Airteagal 3, pointe 1 |
|
Airteagal 1(4) |
Airteagal 2(2) |
|
Airteagal 2(1) |
Airteagal 4 |
|
Airteagal 2(2) |
Airteagal 6 |
|
Airteagal 2(3) |
Airteagal 7(2) |
|
Airteagal 3 |
Airteagal 5 |
|
Airteagal 4(1) |
Airteagal 7(1) |
|
Airteagal 4(2) |
— |
|
Airteagail 5(1), (4), (5) |
— |
|
Airteagal 5(2) |
Airteagal 14 |
|
Airteagal 6 |
Airteagal 44 |
|
Airteagal 7 |
Airteagal 37 go hAirteagal 41 |
|
Airteagal 8(1) |
Airteagal 8(2) an chéad fhomhír |
|
Airteagail 8(2) — (4) |
Airteagal 18 agus Airteagal 19 agus Iarscríbhinn I |
|
Airteagal 9 |
Airteagail 20, 24(1), 25, agus 30(1) |
|
Airteagal 10 |
Iarscríbhinn V |
|
Airteagal 11(A) |
Iarscríbhinn VII |
|
Airteagal 11(B) |
Iarscríbhinn VIII |
|
Airteagal 12(1) |
Airteagal 15 |
|
Airteagal 12(2) agus Airteagal 13 |
Airteagal 16 agus Airteagal 17 |
|
Airteagal 14 |
— |
|
Airteagal 15 |
— |
|
Airteagal 16(1) an chéad fhomhír agus (2) |
— |
|
Airteagal 16(1) an dara fomhír |
Airteagal 48(2) |
|
Iarscríbhinn I |
Airteagal 2(2) |
|
Iarscríbhinn II |
Iarscríbhinn II |
|
Iarscríbhinn III |
Iarscríbhinn III |
|
Iarscríbhinn IV |
Airteagal 16 |
|
Iarscríbhinn V |
Airteagail 24(2) — (11) |
|
Iarscríbhinn VI |
Iarscríbhinn IX |
( 1 ) Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear creat beart a bhaineann le héigeandáil sa mhargadh inmheánach agus le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (Gníomh um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh) (IO L, 2024/2747, 8.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2747/oj).
( 2 ) Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).
( 3 ) Treoir 2003/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Feabhra 2003 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (torann) (an seachtú Treoir déag ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 42, 15.2.2003, lch. 38).
( 4 ) Tá sé de rogha ag an monaróir uimhir a shannadh don dearbhú comhréireachta.