02016R0426 — GA — 29.05.2026 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2016/426 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 9 Márta 2016 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/142/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 081 31.3.2016, lch. 99) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN (AE) 2024/2748 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 9 Deireadh Fómhair 2024 |
L 2748 |
1 |
8.11.2024 |
|
RIALACHÁN (AE) 2016/426 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Márta 2016
maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/142/CE
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Raon feidhme
Chun críocha an Rialacháin seo, meastar go bhfuil “gnáthúsáid” á baint as fearas más rud é go bhfuil na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:
tá sé suiteáilte i gceart agus déantar seirbhísiú rialta air i gcomhréir le treoracha an mhonaróra;
úsáidtear é le gnáthéagsúlacht i gcáilíocht an gháis agus gnáthluaineacht sa bhrú soláthair mar a leagann na Ballstáit iad amach ina gcumarsáid de bhun Airteagal 4(1);
úsáidtear é i gcomhréir leis an gcuspóir dá bhfuil sé beartaithe nó ar bhealach is féidir a thuar go réasúnta.
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le fearais arna ndearadh go sonrach don mhéid seo a leanas:
lena n-úsáid i bpróisis thionsclaíocha a dhéantar ar áitribh thionsclaíocha;
lena n-úsáid ar aerárthaí agus ar bhonneagar iarnróid;
chun críocha taighde lena n-úsáid go sealadach i saotharlanna.
Chun críocha na míre seo, meastar fearas a bheith “deartha go sonrach” nuair nach bhfuil an dearadh beartaithe ach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanas sonrach le haghaidh próiseas sonrach nó úsáid shonrach.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “fearais” fearais a dhónn breoslaí gásacha a úsáidtear ar mhaithe le cócaráil, cuisniú, aerchóiriú, téamh spáis, uisce a théamh, soilsiú nó níochán, agus freisin dóirí brúshéidte agus gléasanna téimh atá le feistiú le dóirí den sórt sin;
ciallaíonn “feistis” gléasanna sábháilteachta, gléasanna rialaithe nó gléasanna rialála agus fo-chóimeálacha díobh, atá deartha lena gcorprú i bhfearas nó lena gcóimeáil le gurb ionann iad agus fearas;
ciallaíonn “dó” próiseas lena n-imoibríonn breosla gásach le hocsaigin chun teas nó solas a tháirgeadh;
ciallaíonn “níochán” an próiseas iomlán níocháin, lena n-áirítear triomú agus iarnáil;
ciallaíonn “cócaireacht” an ealaín nó an cleachtas bia a ullmhú nó a théamh lena chaitheamh trí úsáid a bhaint as teas agus trí úsáid a bhaint as raon leathan modhanna;
ciallaíonn “breosla gásach” aon bhreosla atá i staid ghásach ag teocht 15 °C faoi dhearbh-bhrú de 1 bhar;
ciallaíonn “próiseas tionsclaíoch” eastóscadh, fás, scagadh, próiseáil, táirgeadh, monarú nó ullmhú ábhar, plandaí, beostoc, táirgí ainmhithe, bia nó táirgí eile d'fhonn úsáid tráchtála a bhaint astu;
ciallaíonn “áitreabh tionsclaíoch” aon áit arb é próiseas tionsclaíoch a bheadh faoi réir rialacháin shonracha náisiúnta sláinte agus sábháilteachta an phríomhghníomhaíocht a dhéantar ann;
ciallaíonn “fine gáis” grúpa breoslaí gásacha a bhfuil iompar dó comhchosúil acu atá nasctha le chéile le raon innéacsanna Wobbe;
ciallaíonn “grúpa gáis” raon sonraithe de chuid innéacsanna Wobbe laistigh den fhine gáis lena mbaineann;
ciallaíonn “innéacs Wobbe” táscaire ar inmhalartacht gásbhreoslaí a úsáidtear chun fuinneamh aschuir dó na ngásbhreoslaí de chomhdhéanaimh dhifriúla i bhfearas a chur i gcomparáid lena chéile;
ciallaíonn “catagóir fearais” sainaithint ar na finte gáis agus/nó na grúpaí gáis lena ndeartar fearas chun iad a dhó go sábháilte agus ag an leibhéal feidhmíochta inmhianaithe, mar a thugtar le fios ar mharcáil chatagóir an fhearais;
ciallaíonn “éifeachtúlacht fuinnimh” an cóimheas idir aschur feidhmíochta fearais agus ionchur fuinnimh;
ciallaíonn “cur ar fáil ar an margadh” aon soláthar fearais nó feistis lena ndáileadh nó lena n-úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;
ciallaíonn “cur ar an margadh” an chéad uair a chuirtear fearas nó feisteas ar fáil ar mhargadh an Aontais;
ciallaíonn “cur i mbun seirbhíse” an chéad uair a úsáideann an t-úsáideoir deiridh fearas san Aontas;
ciallaíonn “monaróir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn fearas nó feisteas nó a chuireann faoi deara fearas nó feisteas a dhearadh nó a mhonarú, agus a mhargaíonn an fearas nó an feisteas sin faoina ainm nó faoina hainm nó faoina thrádmharc nó faoina trádmharc nó a úsáideann an fearas chun a chríoch nó a críoch féin;
ciallaíonn “ionadaí údaraithe” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige nó aici ó mhonaróir chun gníomhú thar a cheann nó thar a ceann maidir le cúraimí sonraithe;
ciallaíonn “allmhaireoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann fearas nó feisteas ó thríú tír ar mhargadh an Aontais;
ciallaíonn “dáileoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann fearas nó feisteas ar fáil ar an margadh;
ciallaíonn “oibreoirí eacnamaíocha” an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir agus an dáileoir;
ciallaíonn “sonraíocht theicniúil” doiciméad a fhorordaíonn ceanglais theicniúla atá le comhlíonadh ag fearas nó ag feisteas;
ciallaíonn “caighdeán comhchuibhithe” caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear i bpointe (c) de phointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;
ciallaíonn “creidiúnú” creidiúnú mar a shainmhínítear i bpointe 10 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;
ciallaíonn “comhlacht creidiúnaithe náisiúnta” comhlacht creidiúnaithe náisiúnta mar a shainmhínítear é i bpointe 11 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;
ciallaíonn “measúnú comhréireachta” an próiseas lena léirítear cibé acu ar comhlíonadh ceanglais riachtanacha an Rialacháin seo a bhaineann le fearas nó le feisteas nó nár comhlíonadh;
ciallaíonn “comhlacht um measúnú comhréireachta” comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta lena n-áirítear calabrú, tástáil, deimhniúchán agus cigireacht;
ciallaíonn “aisghlaoch” aon bheart a bhfuil sé d'aidhm aige fearas a cuireadh ar fáil don úsáideoir deiridh cheana féin nó feisteas a cuireadh ar fáil do mhonaróir fearas cheana féin a fháil ar ais;
ciallaíonn “tarraingt siar” aon bheart a bhfuil sé d'aidhm aige cosc a chur ar fhearas nó ar fheisteas sa slabhra soláthair a bheith á chur ar fáil ar an margadh;
ciallaíonn “reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú” aon reachtaíocht de chuid an Aontais a dhéanann comhchuibhiú ar na coinníollacha maidir le táirgí a mhargú;
ciallaíonn “marcáil CE” marcáil lena léiríonn an monaróir go bhfuil an fearas nó an feisteas i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú lena ndéantar foráil maidir lena ghreamú;
ciallaíonn “earraí atá ábhartha i gcás géarchéime” earraí atá ábhartha i gcás géarchéime mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );
ciallaíonn “modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh” modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán (AE) 2024/2747.
Airteagal 3
Cur ar fáil ar an margadh agus cur i mbun seirbhíse
Airteagal 4
Coinníollacha soláthair gáis
Airteagal 5
Ceanglais riachtanacha
Comhlíonfaidh fearais agus feistis na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus a bhfuil feidhm acu maidir leo.
Airteagal 6
Saorghluaiseacht
CAIBIDIL II
OIBLEAGÁIDÍ NA nOIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA
Airteagal 7
Oibleagáidí na monaróirí
I gcás ina bhfuil sé léirithe ag an nós imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír go bhfuil na ceanglais is infheidhme á gcomhlíonadh ag fearas nó ag feisteas, déanfaidh monaróirí dearbhú comhréireachta de chuid AE a tharraingt suas agus marcáil CE a ghreamú de.
Nuair a mheastar é a bheith iomchuí maidir leis na rioscaí a bhaineann le fearas, déanfaidh monaróirí, chun sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí agus úsáideoirí eile a chosaint, tástáil shamplach ar fhearais arna gcur ar fáil ar an margadh, gearáin a imscrúdú agus, más gá, clár um ghearáin maidir le fearais neamh-chomhréireacha agus maidir le haisghlaochanna fearas agus feisteas den sórt sin a choimeád, agus coinneoidh siad dáileoirí ar an eolas faoi aon fhaireachán den sórt sin.
I gcás nach féidir é sin a dhéanamh de bharr mhéid nó chineál an fhearais nó an fheistis, áiritheoidh monaróirí go gcuirtear an fhaisnéis is gá ar an bpacáistíocht nó ar dhoiciméad a ghabhann leis an bhfearas nó leis an bhfeisteas.
Déanfaidh monaróirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh poist ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo a léiriú ar an bhfeisteas nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar an bpacáistíocht nó ar dhoiciméad a ghabhann leis an bhfeisteas. Luafar sa seoladh pointe aonair ag ar féidir dul i dteangmháil leis an monaróir. Beidh na sonraí teagmhála i dteanga is féidir le monaróirí fearas agus leis na húdaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint go héasca.
Áiritheoidh monaróirí go bhfuil cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE ag gabháil leis an bhfeisteas ina bhfuil, inter alia, treoracha maidir le corprú nó cóimeáil, coigeartú, oibriú agus cothabháil i gcomhréir le pointe 1.7 d'Iarscríbhinn I, i dteanga is féidir le monaróirí fearas a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann.
Más rud é, áfach, go ndéantar líon mór feisteas a sheachadadh d'úsáideoir aonair, féadfaidh cóip aonair den dearbhú comhréireachta de chuid AE a bheith ag gabháil leis an mbaisc nó leis an gcoinsíneacht i dtrácht.
Airteagal 8
Ionadaithe údaraithe
Ní bheidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7(1) agus an oibleagáid maidir le doiciméadacht theicniúil a dhréachtú ina gcuid de shainordú an ionadaí údaraithe.
Déanfaidh ionadaí údaraithe na cúraimí a shonrófar sa sainordú a gheofar ón monaróir. Leis an sainordú sin, ligfear don ionadaí údaraithe an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:
an dearbhú comhréireachta de chuid AE agus an doiciméadacht theicniúil a choimeád faoina réir ag údaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh ar feadh 10 mbliana tar éis an fearas nó an feisteas a chur ar an margadh;
mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun go léireofaí comhréireacht an fhearais nó an fheistis a chur ar fáil don údarás sin;
oibriú i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon ghníomhaíocht arna déanamh chun na rioscaí a bhaineann le fearais nó le feistis atá cumhdaithe ag sainordú an ionadaí údaraithe a dhíothú.
Airteagal 9
Oibleagáidí na n-allmhaireoirí
Sula ndéanfar feisteas a chur ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh an nós imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 14 curtha i gcrích ag an monaróir. Áiritheoidh siad go ndearna an monaróir an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas, go bhfuil marcáil CE ar an bhfeisteas agus go bhfuil cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE ag gabháil leis an bhfeisteas ina bhfuil, inter alia, treoracha maidir le corprú nó cóimeáil, coigeartú, oibriú agus cothabháil i gcomhréir le pointe 1.7 d'Iarscríbhinn I, agus gur chomhlíon an monaróir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(5) agus (6).
I gcás ina measann allmhaireoir, nó ina bhfuil cúis ag allmhaireoir chun a chreidiúint, nach bhfuil fearas nó feisteas i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ní chuirfidh an t-allmhaireoir sin an fearas nó an feisteas ar an margadh go dtí go mbeidh an fearas nó an feisteas tugtha chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás inar baol an fearas nó an feisteas, cuirfidh an t-allmhaireoir an monaróir agus na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi sin.
Déanfaidh allmhaireoirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, agus an seoladh poist ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo a léiriú ar an bhfeisteas nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar phacáistíocht an fheistis nó ar dhoiciméad a ghabhann leis an bhfeisteas. Beidh na sonraí i dteanga is féidir le monaróirí fearas agus leis na húdaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint go héasca.
Áiritheoidh allmhaireoirí go bhfuil cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE ag gabháil leis an bhfeisteas ina bhfuil, inter alia, treoracha maidir le corprú nó cóimeáil, coigeartú, oibriú agus cothabháil i gcomhréir le pointe 1.7 d'Iarscríbhinn I, i dteanga is féidir le monaróirí fearas a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann.
Airteagal 10
Oibleagáidí na ndáileoirí
Sula gcuirfear feisteas ar fáil ar an margadh, fíoróidh dáileoirí go bhfuil marcáil CE ar an bhfeisteas agus go bhfuil cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE ag gabháil leis ina bhfuil, inter alia, treoracha maidir le corprú nó cóimeáil, coigeartú, oibriú agus cothabháil i gcomhréir le pointe 1.7 d'Iarscríbhinn I, i dteanga is féidir le monaróirí fearas a thuiscint go héasca, de réir mar a chinnfidh an Ballstát i dtrácht, agus gur chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(5) agus (6) agus in Airteagal 9(3) faoi seach.
I gcás ina measann dáileoir, nó ina bhfuil cúis ag dáileoir chun a chreidiúint, nach bhfuil fearas nó feisteas i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ní chuirfidh an dáileoir sin an fearas nó an feisteas ar fáil ar an margadh go dtí go mbeidh an fearas nó an feisteas tugtha chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás inar baol an fearas nó an feisteas, cuirfidh an dáileoir an monaróir nó an t-allmhaireoir, mar aon leis na húdaráis um fhaireachas margaidh, ar an eolas faoi sin.
Airteagal 11
Cásanna ina mbaineann oibleagáidí monaróirí le hallmhaireoirí agus le dáileoirí
Measfar allmhaireoir nó dáileoir a bheith ina mhonaróir nó ina monaróir chun críocha an Rialacháin seo, agus beidh an té sin faoi réir oibleagáidí an mhonaróra faoi Airteagal 7, i gcás ina gcuireann an té sin fearas nó feisteas ar an margadh faoina ainm nó faoina hainm nó faoina thrádmharc nó faoina trádmharc, nó i gcás ina modhnaíonn an té sin fearas nó feisteas atá curtha ar an margadh cheana ar bhealach a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo.
Airteagal 12
Oibreoirí eacnamaíocha a shainaithint
Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin, an méid seo a leanas a shainaithint do na húdaráis um fhaireachas margaidh:
aon oibreoir eacnamaíoch a sholáthair fearas nó feisteas dóibh;
aon oibreoir eacnamaíoch ar sholáthair siad fearas nó feisteas dó.
Beidh oibreoirí eacnamaíocha in ann an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad mhír a thíolacadh ar feadh 10 mbliana tar éis an trátha a soláthraíodh an fearas nó an feisteas dóibh agus ar feadh 10 mbliana tar éis dóibh an fearas nó an feisteas a sholáthar.
CAIBIDIL III
COMHRÉIREACHT FEARAS AGUS FEISTEAS
Airteagal 13
Toimhde comhréireachta i dtaca le fearais agus feistis
Measfar go bhfuil fearais agus feistis atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna díobh, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I arna gcumhdach ag na caighdeáin sin nó codanna díobh.
Airteagal 14
Nósanna imeachta um measúnú comhréireachta d'fhearais agus d'fheistis
Déanfar measúnú ar chomhréireacht fearas agus feisteas arna monarú i sraitheanna le ceanglais an Rialacháin seo trí bhíthin scrúdú de chineál AE (Modúl B — cineál táirgeachta) a leagtar amach i bpointe 1 d'Iarscríbhinn III, maille le ceann amháin de na modúil seo a leanas, de rogha an mhonaróra:
cineál-chomhréireacht arna bunú ar rialú inmheánach táirgthe móide seiceálacha ar tháirge faoi mhaoirseacht ag eatraimh randamacha (Modúl C2), a leagtar amach i bpointe 2 d'Iarscríbhinn III;
cineál-chomhréireacht arna bunú ar dhearbhú cáilíochta phróiseas an táirgthe (Modúl D), a leagtar amach i bpointe 3 d'Iarscríbhinn III;
cineál-chomhréireacht arna bunú ar dhearbhú cáilíochta táirge (Modúl E), a leagtar amach i bpointe 4 d'Iarscríbhinn III;
cineál-chomhréireacht arna bunú ar fhíorú táirge (Modúl F), a leagtar amach i bpointe 5 d'Iarscríbhinn III.
Airteagal 15
Dearbhú comhréireachta de chuid AE
Airteagal 16
Prionsabail ghinearálta maidir le marcáil CE
Beidh marcáil CE faoi réir na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.
Airteagal 17
Rialacha agus coinníollacha maidir le marcáil CE a ghreamú
Airteagal 18
Inscríbhinní
CAIBIDIL IV
FÓGRA A THABHAIRT MAIDIR LE COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA
Airteagal 19
Fógra a thabhairt
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le comhlachtaí atá údaraithe i ndáil le cúraimí um measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh faoin Rialachán seo.
Airteagal 20
Údaráis a thugann fógra
Airteagal 21
Ceanglais a bhaineann le húdaráis a thugann fógra
Airteagal 22
Oibleagáid faisnéise ar údaráis a thugann fógra
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir lena gcuid nósanna imeachta chun measúnú a dhéanamh ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus fógra a thabhairt ina leith, agus chun faireachán a dhéanamh ar na comhlachtaí dá dtugtar fógra, agus maidir le haon athrú ar na nósanna imeachta sin.
Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.
Airteagal 23
Ceanglais a bhaineann le comhlachtaí dá dtugtar fógra
Féadfar a mheas gur comhlacht den sórt sin é comhlacht a bhaineann le comhlachas gnó nó le cónaidhm ghairmiúil a dhéanann ionadaíocht ar ghnólachtaí a bhíonn ag plé le dearadh, monarú, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil fearas nó feisteas a ndéanann sé measúnú orthu, ar choinníoll go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann.
Maidir le comhlacht um measúnú comhréireachta, lucht a ardbhainistíochta agus an pearsanra atá freagrach as cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích, ní bheidh baint dhíreach acu le dearadh, le monarú nó déanamh, le margaíocht, le suiteáil, le húsáid nó le cothabháil na bhfearas ná na bhfeisteas sin, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar pháirtithe a ghabhann do na gníomhaíochtaí sin. Ní ghabhfaidh d'aon ghníomhaíocht a d'fhéadfadh a bheith ar neamhréir le neamhspleáchas a mbreithiúnais ná a n-ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dtugtar fógra dóibh maidir leo. Beidh feidhm ag an gceanglas sin go háirithe maidir le seirbhísí comhairliúcháin.
Áiritheoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta nach ndéanann gníomhaíochtaí a bhfochuideachtaí ná a bhfochonraitheoirí difear do rúndacht, d'oibiachtúlacht ná do neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta.
I dtaca le gach nós imeachta um measúnú comhréireachta agus gach cineál nó catagóir fearas nó feisteas ar tugadh fógra don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith, beidh fáil ag an gcomhlacht i gcónaí ar na nithe riachtanacha seo a leanas:
pearsanra ag a bhfuil an t-eolas teicniúil is gá agus taithí leordhóthanach iomchuí chun na cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích;
tuairiscí ar na nósanna imeachta ar i gcomhréir leo a dhéantar an measúnú comhréireachta, agus trédhearcacht agus in-atáirgtheacht na nósanna imeachta sin á n-áirithiú. Beidh beartais agus nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm aige lena ndéantar idirdhealú idir na cúraimí a dhéanann sé mar chomhlacht dá dtugtar fógra agus gníomhaíochtaí eile.
na nósanna imeachta is gá maidir le gníomhaíochtaí a chur i gcrích a thugann aird chuí ar mhéid gnóthais, ar an earnáil ina n-oibríonn sé, ar a struchtúr, ar a chasta atá teicneolaíocht an fhearais nó an fheistis atá i gceist agus ar ollchineál nó cineál sraitheach an phróisis táirgthe.
Beidh gach acmhainn is gá ag comhlacht um measúnú comhréireachta chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh mar is iomchuí agus beidh rochtain acu ar gach trealamh agus ar gach áis is gá.
Beidh na nithe seo a leanas ag an bpearsanra atá freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích:
oiliúint mhaith theicniúil agus ghairme a chumhdaíonn na gníomhaíochtaí uile um measúnú comhréireachta ar tugadh fógra don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith;
eolas sásúil ar cheanglais na measúnuithe a dhéanann siad agus taithí leordhóthanach chun na measúnuithe sin a dhéanamh;
eolas agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ar na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme agus ar fhorálacha ábhartha eile de reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus den reachtaíocht náisiúnta;
an cumas deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a tharraingt suas a léiríonn go bhfuil na measúnuithe déanta.
Ní bheidh luach saothair na hardbhainistíochta ná an phearsanra atá freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích i gcomhlacht um measúnú comhréireachta ag brath ar líon na measúnuithe arna dhéanamh ná ar thorthaí na measúnuithe sin.
Airteagal 24
Toimhde comhréireachta i dtaca le comhlachtaí dá dtugtar fógra
I gcás ina léiríonn comhlacht um measúnú comhréireachta go gcomhlíonann sé na critéir atá leagtha síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, nó i gcodanna díobh a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 23 á gcomhlíonadh aige a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.
Airteagal 25
Fochuideachtaí na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra agus obair a ligean ar fochonradh acu
Airteagal 26
Iarratas ar fhógra
Airteagal 27
Nós imeachta um fhógra a thabhairt
Chun críocha an Rialacháin seo ní mheasfar gur comhlacht dá dtugtar fógra ach comhlacht den sórt sin.
Airteagal 28
Uimhreacha aitheantais agus liosta comhlachtaí dá dtugtar fógra
Sannfaidh sé uimhir amháin den sórt sin fiú i gcás ina dtugtar fógra don chomhlacht faoi roinnt gníomhartha de chuid an Aontais.
Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinnítear an liosta cothrom le dáta.
Airteagal 29
Athruithe ar fhógraí
Airteagal 30
Agóidí in aghaidh inniúlacht comhlachtaí dá dtugtar fógra
Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2).
Airteagal 31
Oibleagáidí oibríochtúla comhlachtaí dá dtugtar fógra
Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta a ngníomhaíochtaí agus aird chuí á tabhairt acu ar mhéid gnóthais, ar an earnáil ina n-oibríonn sé, ar a struchtúr, ar a chasta atá teicneolaíoch an fhearais nó an fheistis atá i gceist agus ar ollchineál nó cineál sraitheach an phróisis táirgthe.
Le linn dóibh déanamh amhlaidh, áfach, urramóidh siad an méid déine agus an leibhéal cosanta is gá chun go gcomhlíonfaidh an fearas nó an feisteas an Rialachán seo.
Airteagal 32
Achomharc i gcoinne cinntí comhlachtaí dá dtugtar fógra
Áiritheoidh comhlachtaí dá dtugtar fógra go bhfuil fáil ar nós imeachta achomhairc in aghaidh a gcinntí.
Airteagal 33
Oibleagáid faisnéise ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra
Cuirfidh comhlachtaí dá dtugtar fógra an méid seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra:
aon deimhniú nó cinneadh formheasa a dhiúltú, a shrianadh, a fhionraí nó a tharraingt siar;
aon imthosca a dhéanann difear do raon feidhme an fhógra nó do choinníollacha an fhógra;
aon iarraidh a bheidh faighte acu ó údaráis um fhaireachas margaidh maidir le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;
arna iarraidh sin, gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéantar laistigh de raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile a dhéantar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.
Airteagal 34
Malartú taithí
Déanfaidh an Coimisiún foráil go n-eagrófar malartú taithí idir údaráis náisiúnta na mBallstát atá freagrach as beartas maidir le fógra a thabhairt.
Airteagal 35
Comhlachtaí dá dtugtar fógra a chomhordú
Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirtear comhordú agus comhar iomchuí ar bun idir comhlachtaí dá dtugtar fógra faoin Rialachán seo agus go n-oibrítear go cuí é i bhfoirm grúpa nó grúpaí earnála comhlachtaí dá dtugtar fógra.
Beidh comhlachtaí dá dtugtar fógra páirteach in obair an ghrúpa sin nó na ngrúpaí sin, go díreach nó trí ionadaithe ainmnithe.
CAIBIDIL V
FAIREACHAS MARGAIDH SAN AONTAS, RIALÚ AR FHEARAIS AGUS AR FHEISTIS A THAGANN ISTEACH I MARGADH AN AONTAIS AGUS NÓS IMEACHTA COSANTA AN AONTAIS
Airteagal 36
Faireachas margaidh san Aontas agus rialú ar fhearais agus fheistis a thagann isteach i margadh an Aontais
Beidh feidhm ag Airteagal 15(3) agus ag Airteagal 16 go hAirteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir le fearais agus feistis a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
Airteagal 37
Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le fearais nó le feistis is riosca
I gcás ina bhfionnann na húdaráis um fhaireachas margaidh, i gcúrsa na meastóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nach gcomhlíonann an fearas nó an feisteas na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh siad gan mhoill ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a dhéanamh ionas go gcomhlíonfaidh an fearas nó an feisteas na ceanglais sin, go ndéanfar an fearas nó an feisteas a tharraingt siar ón margadh, nó a aisghlaoch laistigh de thréimhse réasúnach ama, i gcomhréir leis an gcineál riosca, de réir mar a fhorordóidh siad.
Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh an comhlacht ábhartha dá dtugtar fógra ar an eolas dá réir sin.
Beidh feidhm ag Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir leis na bearta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo.
Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh na mbeart sin, gan mhoill.
San fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 beidh na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an fearas nó an feisteas neamh-chomhlíontach a shainaithint, ionad tionscnaimh an fhearais nó an fheistis, cineál an neamh-chomhlíonta atá líomhnaithe agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a léirigh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha. Go háirithe, cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh in iúl cibé acu an ceachtar den dá ní seo a leanas is cúis leis an neamh-chomhlíonadh:
mainneachtain an fhearais nó an fheistis na ceanglais a bhaineann le sláinte nó sábháilteacht daoine nó le cosaint ainmhithe clóis nó maoine a chomhlíonadh; nó
easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 13 lena mbronntar toimhde comhréireachta.
Airteagal 38
Nós imeachta cosanta an Aontais
Díreoidh an Coimisiún a chinneadh ar na Ballstáit uile agus cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl láithreach dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.
Airteagal 39
Fearais nó feistis chomhlíontacha is riosca
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3).
Ar mhórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht daoine a chosaint, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 42(4).
Airteagal 40
Neamh-chomhlíonadh foirmiúil
Gan dochar d'Airteagal 37, i gcás ina bhfaigheann Ballstát amach gur tharla ceann amháin de na nithe seo a leanas, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur leis an neamh-chomhlíonadh lena mbaineann:
gur greamaíodh marcáil CE de shárú ar Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nó ar Airteagal 17 den Rialachán seo;
nár greamaíodh marcáil CE;
gur greamaíodh na hinscríbhinní dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV nó go nár greamaíodh iad de shárú ar Airteagal 18;
gur greamaíodh uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra a bhfuil baint aige leis an gcéim um rialú táirgthe de shárú ar Airteagal 17 nó nár greamaíodh í;
nár tarraingíodh an dearbhú comhréireachta de chuid AE suas nó nár tarraingíodh suas i gceart é;
nach bhfuil cóip den dearbhú comhréireachta de chuid AE ag gabháil leis an bhfeisteas;
nach bhfuil an doiciméadacht theicniúil ar fáil nó nach bhfuil sí iomlán;
go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7(6) nó in Airteagal 9(3) ar iarraidh, bréagach nó neamhiomlán;
nach bhfuil aon cheanglas riaracháin eile dá bhforáiltear in Airteagal 7 nó in Airteagal 9 comhlíonta.
CAIBIDIL VA
NÓSANNA IMEACHTA ÉIGEANDÁLA
Airteagal 40a
Nósanna imeachta éigeandála a chur i bhfeidhm
Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 40c(7) den Rialachán seo le linn mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh agus tar éis a dhul in éag nó a dhíghníomhachtaithe.
Airteagal 40b
Tosaíocht a thabhairt do mheasúnú comhréireachta ar fhearais agus feistis arna n-ainmniú mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime
Airteagal 40c
Maolú ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra
Beidh ar an bhfearas nó feisteas atá faoi réir an fhadaithe bailíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír an fhaisnéis go gcuirfear ar an margadh é nó a úsáidtear chun críocha an mhonaróra féin mar “earra atá ábhartha i gcás géarchéime”. Sonrófar sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír ábhar agus cur i láthair na faisnéise sin. Beidh an fhaisnéis sin, chomh maith le haon lipéadú, soiléir, soléite agus intuigthe agus, i gcás inarb ábhartha, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann.
Aon údarú a eisítear de bhun mhír 1, leagfar amach leis na coinníollacha agus na ceanglais faoina bhféadfar an fearas nó feisteas a chur ar an margadh nó a úsáid chun críocha an mhonaróra féin. Leagfar amach an méid seo a leanas ar a laghad sna húdaruithe sin:
tuairisc ar na nósanna imeachta, trínar éiríodh le comhlíonadh na gceanglas riachtanach is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a léiriú;
aon cheanglais shonracha maidir le hinrianaitheacht an fhearais nó an fheistis lena mbaineann;
dáta deiridh bhailíocht an údaraithe, nach féidir a bheith níos déanaí ná an lá deireanach den tréimhse ar ghníomhachtaíodh modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/2747;
aon cheanglais shonracha maidir leis an ngá measúnú comhréireachta leanúnach a áirithiú i dtaca leis an bhfearas nó feisteas lena mbaineann;
bearta atá le déanamh ar dhul in éag nó ar dhíghníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh maidir leis an bhfearas nó feisteas lena mbaineann atá curtha ar an margadh nó a úsáidtear chun críocha an mhonaróra féin.
Airteagal 40d
Toimhde chomhréireachta atá bunaithe ar chaighdeáin agus ar shonraíochtaí coiteanna
I gcás inar ainmníodh fearais nó feistis mar earraí atá ábhartha i gcás géarchéime, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena liostaítear caighdeáin iomchuí nó lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna le haghaidh na bhfearas agus na bhfeisteas sin chun na ceanglais riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a chumhdach i gceachtar de na cásanna seo a leanas:
i gcás nár foilsíodh tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus nach meastar go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta; nó
i gcás ina gcuireann suaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, a raibh gníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/2747 mar thoradh air, srian suntasach ar na féidearthachtaí atá ag monaróirí úsáid a bhaint as na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus ar foilsíodh tagairtí ina leith cheana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.
Airteagal 40e
Tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faireachais margaidh agus do chúnamh frithpháirteach i measc na n-údarás
CAIBIDIL VI
GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS NÓS IMEACHTA COISTE
Airteagal 41
An tarmligean a fheidhmiú
Tá sé an-tábhachtach go leanfaidh an Coimisiún leis an ngnáthchleachtas atá aige agus go rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe na mBallstát, sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin.
Airteagal 42
Nós imeachta coiste
Ina theannta sin, féadfaidh an coiste aon ní eile a scrúdú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar tharraing cathaoirleach an choiste nó ionadaí de chuid Ballstáit anuas é i gcomhréir lena rialacha nós imeachta.
CAIBIDIL VII
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 43
Pionóis
Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin faoin 21 Márta 2018 agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú dá éis sin a dhéanann difear dóibh.
Airteagal 44
Forálacha idirthréimhseacha
Airteagal 45
Aisghairm
Déantar Treoir 2009/142/CE a aisghairm le héifeacht ón 21 Aibreán 2018.
Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VI.
Airteagal 46
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 21 Aibreán 2018, seachas:
Airteagal 4, Airteagal 19 go hAirteagal 35 agus Airteagal 42 agus Iarscríbhinn II, a mbeidh feidhm acu ón 21 Deireadh Fómhair 2016;
Airteagal 43(1), a mbeidh feidhm aige ón 21 Márta 2018.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
CEANGLAIS RIACHTANACHA
RÉAMHBHARÚLACHA:
|
1. |
Tá na ceanglais riachtanacha a leagtar síos sa Rialachán seo éigeantach. |
|
2. |
Tá na ceanglais riachtanacha le léirmhíniú agus le cur i bhfeidhm ar shlí a chuirfidh i gcuntas an úrnuacht agus an cleachtas reatha tráth an deartha agus an mhonaraithe, chomh maith le gnéithe teicniúla agus eacnamaíocha atá comhsheasmhach le hardleibhéal éifeachtúlachta fuinnimh agus cosanta sláinte agus sábháilteachta. |
1. CEANGLAIS GHINEARÁLTA
|
1.1. |
Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas go n-oibreoidh siad go sábháilte agus nach baol iad do dhaoine, d'ainmhithe clóis nó do mhaoin, nuair a bhaintear gnáthúsáid astu. Dearfar agus déanfar feistis amhlaidh ionas go gcomhlíonfaidh siad a gcuspóir beartaithe i gceart nuair a chorprófar i bhfearas nó nuair a chóimeálfar iad le gurb ionann iad agus fearas. |
|
1.2. |
Tá an monaróir faoi oibleagáid chun anailís a dhéanamh ar na rioscaí d'fhonn na cinn a bhaineann lena fhearas nó lena fheisteas a shainaithint. Ansin dearfaidh agus déanfaidh sé é agus a mheasúnú riosca á chur i gcuntas aige. |
|
1.3. |
Agus na réitigh is iomchuí á roghnú ag an monaróir, cuirfidh an té sin na prionsabail a leagtar amach thíos i bhfeidhm, san ord seo a leanas:
(a)
rioscaí a dhíchur nó a laghdú a mhéid is féidir (dearadh agus déanamh atá sábháilte go bunúsach);
(b)
na bearta cosanta is gá a dhéanamh i ndáil le rioscaí nach féidir a dhíchur;
(c)
na rioscaí iarmharacha mar gheall ar aon easnamh sna bearta cosanta a ghlactar a chur in iúl d'úsáideoirí agus a léiriú cibé acu an gá aon réamhchúraimí ar leith. |
|
1.4. |
Agus an fearas á dhearadh agus á dhéanamh, agus na treoracha á ndréachtú ag an monaróir, smaoineoidh an té sin ní hamháin ar úsáid bheartaithe an fhearais, ach ar na húsáidí atá intuartha go réasúnach chomh maith. |
|
1.5. |
Maidir le gach fearas:
(a)
beidh treoracha maidir le suiteáil atá beartaithe don suiteálaí ag gabháil leis;
(b)
beidh treoracha maidir le húsáid agus le seirbhísiú, atá beartaithe don úsáideoir ag gabháil leis;
(c)
beidh fógraí rabhaidh iomchuí air, a nochtfar ar an bpacáistíocht freisin. |
|
1.6.1. |
Sna treoracha maidir le suiteáil atá beartaithe don suiteálaí beidh na treoracha uile maidir le suiteáil, le coigeartú agus le seirbhísiú is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibríochtaí sin i gceart ionas gur féidir an fearas a úsáid go sábháilte. Sna treoracha maidir le suiteáil atá beartaithe don suiteálaí freisin beidh faisnéis ar shonraíochtaí teicniúla an chomhéadain idir an fearas agus a thimpeallacht suiteála, rud a lamhálfaidh é a nascadh i gceart leis an líonra soláthair gáis, leis an soláthar fuinnimh chúnta, leis an soláthar aeir dócháin agus le córas aslonnaithe gáis an mhúcháin. |
|
1.6.2. |
Sna treoracha maidir le húsáid agus le seirbhísiú atá beartaithe don úsáideoir beidh an fhaisnéis uile is gá i gcomhair úsáid shábháilte, agus go háirithe tarraingeoidh siad aird an úsáideora ar aon srianta ar úsáid. Taifeadfaidh na monaróirí sna treoracha i gcás inar gá cúram breise nó nuair a bheadh sé inmholta go ndéanfadh gairmí aon ní den obair thuas. Beidh an méid seo gan dochar do cheanglais náisiúnta chuige sin é seo. Sna treoracha a ghabhann leis an bhfearas, áireoidh monaróir an fhearais an fhaisnéis go léir is gá maidir le coigeartú, oibriú agus cothabháil na bhfeisteas mar chuid den fhearas críochnaithe, de réir mar is iomchuí. |
|
1.6.3. |
Sna fógraí rabhaidh ar an bhfearas agus ar a phacáistíocht, luafar go soiléir an cineál gáis a bheidh le húsáid, brú an tsoláthair gáis, an catagóir fearas agus aon srianta ar úsáid, go háirithe an srian ar dá réir nach suiteálfar an fearas ach amháin i limistéir ina bhfuil go leor aerála chun a áirithiú go n-íoslaghdófar na rioscaí a bhaineann leis. |
|
1.7. |
Na treoracha maidir leis an bhfeisteas a chorprú i bhfearas nó a chóimeáil le gurb ionann é agus fearas agus chun é a choigeartú, a oibriú agus a chothabháil, cuirfear ar fáil iad maille leis an bhfeisteas lena mbaineann mar chuid den dearbhú comhréireachta de chuid AE. |
2. ÁBHAIR
Beidh ábhair d'fhearais nó d'fheistis oiriúnach don chríoch dá bhfuil siad beartaithe agus seasfaidh siad na dálaí meicniúla, ceimiceacha agus teirmeacha a mbeidh siad faoina réir go hintuartha.
3. DEARADH AGUS DÉANAMH
Tá feidhm freisin ag na hoibleagáidí d'fhearais a eascraíonn as na ceanglais riachtanacha a leagtar amach sa phointe seo maidir le feistis, a mhéid is ábhartha.
3.1. Ginearálta
|
3.1.1. |
Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas nach bhféadfaidh aon éagobhsaíocht, saobhadh, briseadh ná caitheamh tarlú ar dócha go ndéanfaidís díobháil dá sábháilteacht, nuair a bhaintear gnáthúsáid astu. |
|
3.1.2. |
Comhdhlúthú a tháirgtear ag an tosú agus/nó le linn úsáide, ní dhéanfaidh sé difear do shábháilteacht na bhfearas. |
|
3.1.3. |
Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas go n-íoslaghdófar an baol pléasctha i gcás dóiteán de thionscnamh seachtrach. |
|
3.1.4. |
Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas nach dtarlóidh treá uisce ná treá míchuí aeir isteach sa chiorcad gáis. |
|
3.1.5. |
I gcás gnáthluaineacht fuinnimh thánaistigh, leanfaidh fearais d'fheidhmiú go sábháilte. |
|
3.1.6. |
Ní bheidh staid neamhshábháilte mar thoradh ar luaineachtaí neamhghnácha fuinnimh thánaistigh nó teip fuinnimh thánaistigh ná ar a athchóiriú. |
|
3.1.7. |
Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas go dtiocfar roimh aon rioscaí a bhaineann le gás i ngeall ar ghuaiseacha de thionscnamh leictreach. A mhéid is ábhartha, déanfar torthaí an mheasúnaithe comhréireachta maidir le ceanglais sábháilteachta Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) nó cuspóirí sábháilteachta Threoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) a chur i gcuntas. |
|
3.1.8. |
Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas go dtiocfar roimh aon rioscaí a bhaineann le gás i ngeall ar fheiniméin leictreamaighnéadacha. A mhéid is ábhartha, déanfar torthaí an mheasúnaithe comhréireachta i ndáil le ceanglais chomhoiriúnachta leictreamaighnéadacha Threoir 2014/53/EU nó Treoir 2014/30/EU ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) a chur i gcuntas. |
|
3.1.9. |
Seasfaidh codanna brúchóirithe uile fearais na struis mheicniúla agus theirmeacha faoina gcuirtear iad gan aon dífhoirmiú a fhearann ar shábháilteacht. |
|
3.1.10. |
Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas nach mbeidh staid neamhshábháilte mar thoradh ar theip ar ghléas sábháilteachta, rialaithe nó rialála. |
|
3.1.11. |
Má tá fearas feistithe le gléasanna sábháilteachta agus rialaithe, ní chuirfidh feidhmiú na ngléasanna rialaithe feidhmiú na ngléasanna sábháilteachta ar ceal. |
|
3.1.12. |
Gach cuid d'fhearais atá socraithe nó coigeartaithe ag céim an mhonaraithe agus nár cheart don úsáideoir nó don suiteálaí iad a ionramháil, cosnófar go hiomchuí iad. |
|
3.1.13. |
Marcálfar luamháin agus gléasanna rialaithe agus socraithe eile go soiléir agus tabharfar treoracha iomchuí chun aon earráid in oibriú/úsáid a chosc. Dearfar iad amhlaidh ionas go gcoiscfear iad a oibriú de thaisme. |
3.2. Gás neamhdhóite a scaoileadh
|
3.2.1. |
Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas nach mbeidh an ráta sceite gáis contúirteach. |
|
3.2.2. |
Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas go dteorainneofar scaoileadh gáis ag aon chéim oibríochta d'fhonn carnadh contúirteach gáis neamhdhóite san fhearas a sheachaint. |
|
3.2.3. |
Fearais atá beartaithe lena n-úsáid i spásanna agus i seomraí laistigh, dearfar agus déanfar iad chun go gcoscfar scaoileadh gáis neamhdhóite i ngach cás a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le carnadh contúirteach gáis neamhdhóite i spásanna agus seomraí den sórt sin. |
|
3.2.4. |
Fearais arna ndearadh agus arna ndéanamh chun gás ina bhfuil aonocsaíd charbóin nó comhábhair thocsaineacha eile a dhó, ní baol iad do shláinte daoine agus ainmhithe clóis a nochtfar. |
3.3. Adhaint
Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas go mbeidh adhaint agus athadhaint go réidh agus go n-áiritheofar tras-soilsiú, nuair a bhaintear gnáthúsáid astu.
3.4. Dóchán
|
3.4.1. |
Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas go mbeidh an próiseas dócháin cobhsaí agus nach mbeidh tiúchan do-ghlactha substaintí díobhálacha don tsláinte sna táirgí dócháin, nuair a bhaintear gnáthúsáid astu. |
|
3.4.2. |
Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas nach scaoilfear aon táirgí dócháin de thaisme, nuair a bhaintear gnáthúsáid astu. |
|
3.4.3. |
Déanfar agus dearfar fearais a nasctar le múchán le táirgí dócháin a scaipeadh amhlaidh ionas nach scaoilfear aon táirgí dócháin i gcainníocht chontúirteach isteach sna spásanna nó sna seomraí laistigh lena mbaineann, faoi dhálaí neamhghnácha seoidirí. |
|
3.4.4. |
Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas nach mbeidh siad ina gcúis le tiúchan aonocsaíde carbóin nó substaintí eile atá dochrach don tsláinte, amhail is gur dhócha gur bhaol iad do shláinte daoine agus ainmhithe clóis a nochtfar, nuair a bhaintear gnáthúsáid astu. |
3.5. Úsáid réasúnach fuinnimh.
Dearfar agus déanfar fearais amhlaidh ionas go n-áiritheofar úsáid réasúnach fuinnimh, lena léirítear an úrnuacht agus lena gcuirtear gnéithe sábháilteachta i gcuntas.
3.6. Teocht
|
3.6.1. |
Ní shroichfidh codanna d'fhearais atá beartaithe lena suiteáil nó lena gcur i ndlúthghaireacht do dhromchlaí teocht is baol. |
|
3.6.2. |
Ní baol teocht dromchla na gcodanna fearas atá beartaithe lena láimhseáil i rith gnáthúsáide don úsáideoir. |
|
3.6.3. |
Ní baol teocht dromchla na gcodanna seachtracha fearas, cé is moite de dhromchlaí nó de chodanna a bhfuil baint acu le tarchur teasa, do shláinte agus do shábháilteacht daoine a nochtfar agus go háirithe do leanaí agus do dhaoine scothaosta faoi dhálaí oibrithe, arb ina leith a chuirfear am iomchuí le frithghníomhú i gcuntas. |
3.7. Teagmháil le bia agus uisce atá ceaptha lena chaitheamh nó lena ól ag an duine
Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ( 6 ) agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ( 7 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le hábhair agus páirteanna a úsáidtear i ndéanamh fearais, a fhéadfaidh a bheith i dtadhall le bia nó le huisce atá ceaptha lena chaitheamh nó lena ól ag an duine mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 98/83/CE ón gComhairle ( 8 ), ní lagóidh siad cáilíocht an bhia nó an uisce.
IARSCRÍBHINN II
INNEACHAR CHUMARSÁIDÍ NA mBALLSTÁT MAIDIR LEIS NA COINNÍOLLACHA SOLÁTHAIR GÁIS
1. I gcumarsáidí na mBallstát chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile dá bhforáiltear in Airteagal 4 beidh an t-inneachar seo a leanas:
|
(a) |
(i) luach calrach comhlán (GCV) i MG/m3 |
uasmhéid/íosmhéid; |
|
(ii) innéacs Wobbe i MG/m3 |
uasmhéid/íosmhéid. |
|
|
(b) |
Comhdhéanamh gáis de réir toirte i % den chion iomlán: |
|
|
— cion C1 go C5 i % (suim) |
uasmhéid/íosmhéid; |
|
|
— cion N2 + CO2 i %; |
uasmhéid/íosmhéid; |
|
|
— cion CO i %; |
uasmhéid/íosmhéid; |
|
|
— cion HC neamhsháithithe i % |
uasmhéid/íosmhéid; |
|
|
— cion hidrigine i %; |
uasmhéid/íosmhéid. |
|
|
(c) |
Faisnéis faoi chomhpháirteanna tocsaineacha atá sa bhreosla gásach. |
|
|
Sa chumarsáid sin freisin beidh ceachtar díobh seo a leanas: |
||
|
(a) |
brú soláthair ag ionraon na bhfearas i mbar: |
ainmniúil/uasmhéid/íosmhéid; |
|
(b) |
(i) brú soláthair ag an bpointe seachadta i mbar: |
ainmniúil/uasmhéid/íosmhéid; |
|
(ii) caillteanas brú inghlactha i suiteáil gáis an úsáideora deiridh in mbar: |
ainmniúil/uasmhéid/íosmhéid. |
|
2. Is mar seo a leanas a bheidh na coinníollacha tagartha d'Innéacs Wobbe agus don luach calrach comhlán:
|
(a) |
teocht thagartha dócháin: |
15 °C; |
|
(b) |
teocht thagartha tomhais toirte: |
15 °C; |
|
(c) |
brú tagartha tomhais toirte: |
1 013,25 mbar. |
IARSCRÍBHINN III
NÓSANNA IMEACHTA UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA D'FHEARAIS AGUS D'FHEISTIS
1. MODÚL B: SCRÚDÚ DE CHINEÁL AE — CINEÁL TÁIRGTHE
|
1.1. |
Scrúdú de chineál AE, sin an chuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina scrúdaíonn comhlacht dá dtugtar fógra dearadh teicniúil fearais nó feistis agus go bhfíoraíonn agus go bhfianaíonn sé go gcomhlíonann dearadh teicniúil an fhearais nó an fheistis ceanglais an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu maidir leis. |
|
1.2. |
Déanfar scrúdú de chineál AE trí leordhóthanacht dhearadh teicniúil an fhearais nó an fheistis a mheasúnú trí scrúdú ar an doiciméadacht theicniúil agus ar an bhfianaise tacaíochta dá dtagraítear i bpointe 1.3, móide scrúdú ar eiseamal, atá ionadaíoch don táirgeadh atá beartaithe, den fhearas nó den fheisteas iomlán (cineál táirgthe). |
|
1.3. |
Taiscfidh an monaróir iarratas ar scrúdú de chineál AE le comhlacht amháin dá dtugtar fógra dá rogha féin.
|
|
1.4. |
Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra an méid seo a leanas: I gcás an fhearais nó an fheistis:
1.4.1.
an doiciméadacht theicniúil agus an fhianaise tacaíochta a scrúdú chun leordhóthanacht dhearadh teicniúil an fhearais nó an fheistis a mheasúnú. I gcás an eiseamail/na n-eiseamal:
1.4.2.
a fhíorú gur monaraíodh an t-eiseamal/na heiseamail i gcomhréir leis an doiciméadacht theicniúil, agus na heilimintí a dearadh i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme ar na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha a shainaithint, mar aon leis na heilimintí a dearadh i gcomhréir le sonraíochtaí ábhartha teicniúla eile;
1.4.3.
scrúduithe agus tástálacha iomchuí a dhéanamh, nó a áirithiú go ndéanfar iad, lena sheiceáil cibé acu an bhfuil na réitigh sna caighdeáin chomhcuibhithe ábhartha curtha i bhfeidhm i gceart, i gcás gur roghnaigh an monaróir iad a chur i bhfeidhm;
1.4.4.
scrúduithe agus tástálacha iomchuí a dhéanamh, nó a áirithiú go ndéanfar iad, lena sheiceáil cibé acu ar chomhlíon na réitigh a ghlac an monaróir lena gcuirtear sonraíochtaí teicniúla eile i bhfeidhm buncheanglais chomhfhreagracha an Rialacháin seo i gcás nár cuireadh na réitigh sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha i bhfeidhm;
1.4.5.
a aontú leis an monaróir ar láthair ina ndéanfar na scrúduithe agus na tástálacha. |
|
1.5. |
Tarraingeoidh an comhlacht dá dtugtar fógra tuarascáil mheastóireachta suas ina ndéanfar taifead ar na gníomhaíochtaí atá déanta i gcomhréir le pointe 1.4 agus torthaí na ngníomhaíochtaí sin. Gan dochar dá dhualgas i leith na n-údarás a thugann fógra, ní eiseoidh an comhlacht dá dtugtar fógra inneachar na tuarascála sin, go hiomlán nó go páirteach, ach amháin le comhaontú an mhonaróra. |
|
1.6. |
I gcás ina gcomhlíonfaidh an fearas nó an feisteas ceanglais an Rialacháin seo, eiseoidh an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú ar scrúdú de chineál AE chuig an monaróir. Áireofar sa deimhniú ainm agus seoladh an mhonaróra, conclúidí an scrúdaithe, coinníollacha (más ann) maidir lena bhailíocht, na sonraí is gá chun an cineál ceadaithe a shainaithint, amhail an cineál gáis, catagóir fearas agus brú soláthair gáis, agus, más ábhartha, tuairiscí ar a fheidhmiú. Féadfaidh iarscríbhinn amháin nó níos mó a bheith ag gabháil leis an deimhniú. Beidh sa deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus ina iarscríbhinní gach faisnéis ábhartha ar a bhféadfar meastóireacht a dhéanamh ar chomhréireacht fearas nó feisteas monaraithe leis an gcineál scrúdaithe agus chun lamháil do rialú inseirbhíse. Sonrófar ann freisin aon choinníollacha a bhféadfadh a eisiúint bheith faoina réir agus beidh na tuairiscí agus na líonaíochtaí ag gabháil leis is gá chun an cineál ceadaithe a shainaithint. Beidh uastréimhse bailíochta deich mbliana ó dháta a eisiúna ag an deimhniú. I gcás nach gcomhlíonfaidh an cineál ceanglas infheidhme an Rialacháin seo, diúltóidh an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú ar scrúdú de chineál AE a eisiúint agus cuirfidh sé é sin in iúl don iarratasóir dá réir sin, agus tabharfaidh sé cúiseanna mionsonraithe lena dhiúltú. |
|
1.7. |
Coinneoidh an comhlacht dá dtugtar fógra é féin ar an eolas faoi aon athruithe ar úrnuacht a admhaítear go ginearálta a léiríonn go bhféadfadh sé nach gcomhlíonann an cineál ceadaithe a thuilleadh ceanglais infheidhme an Rialacháin seo, agus cinnfidh sí cibé acu an gá imscrúdú breise de bharr na n-athruithe sin. Más amhlaidh atá, cuirfidh an comhlacht dá dtugtar fógra é sin in iúl don mhonaróir dá réir sin. Déanfaidh an monaróir na modhnuithe uile ar an gcineál ceadaithe a fhéadfaidh difear a dhéanamh do chomhréireacht an fhearais nó an fheistis le ceanglais riachtanacha an Rialacháin seo nó do choinníollacha bailíochta an deimhnithe a chur in iúl don chomhlacht dá dtugtar fógra a bhfuil an doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an deimhniú ar scrúdú de chineál AE aige. Éileoidh na modhnuithe sin ceadú breise i bhfoirm cur leis an mbundeimhniú ar scrúdú de chineál AE. |
|
1.8. |
Cuiridh gach comhlacht dá dtugtar fógra in iúl don údarás a thugann fógra dó maidir le deimhnithe ar scrúdú de chineál AE agus/nó le haon bhreiseanna leo atá eisithe nó aistarraingthe aige, agus cuirfidh sé ar fáil don údarás a thugann fógra dó, ó am go chéile nó arna iarraidh sin dó, liosta deimhnithe den sórt sin agus/nó aon bhreiseanna leo atá diúltaithe, fionraithe nó srianta ar shlí eile. Cuirfidh gach comhlacht dá dtugtar fógra in iúl do na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra maidir le deimhnithe ar scrúdú de chineál AE agus/nó le haon bhreiseanna leo atá diúltaithe aige, aistarraingthe aige, atá curtha ar fionraí aige nó a bhfuil teorannú déanta aige ar shlí eile orthu agus, arna n-iarraidh sin dó, maidir le deimhnithe den sórt sin agus/nó le haon bhreiseanna leo atá eisithe aige. Féadfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra, ar iarraidh uathu, cóip a fháil de na deimhnithe ar scrúdú de chineál AE agus/nó na breiseanna leo. Ar iarraidh uathu, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit cóip den doiciméadacht theicniúil agus de thorthaí na scrúduithe a rinne an comhlacht dá dtugtar fógra a fháil. Coinneoidh an comhlacht dá dtugtar fógra cóip den deimhniú ar scrúdú de chineál AE, dá iarscríbhinní agus dá bhreiseanna, chomh maith leis an gcomhad teicniúil lena n-áirítear an doiciméadacht a chuir an monaróir isteach, go dtí go rachaidh bailíocht an deimhnithe sin in éag. |
|
1.9. |
Coinneoidh an monaróir cóip den deimhniú ar scrúdú de chineál AE, a iarscríbhinní agus a bhreiseanna mar aon leis an doiciméadacht theicniúil faoina réir ag na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an fearas nó an feisteas a chur ar an margadh. |
|
1.10. |
Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra an t-iarratas dá dtagraítear i bpointe 1.3 a chur isteach agus na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointe 1.7 agus i bpointe 1.9 a chomhlíonadh, ar choinníoll go sonrófar sa sainordú iad. |
2. MODÚL C2: CINEÁL-CHOMHRÉIREACHT ARNA BUNÚ AR RIALÚ INMHEÁNACH TÁIRGTHE MÓIDE SEICEÁLACHA AR THÁIRGE AG EATRAIMH RANDAMACHA
|
2.1. |
Is í an chineál-chomhréireacht arna bunú ar rialú inmheánach táirgthe móide seiceálacha ar tháirge ag eatraimh randamacha an chuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 2.2, i bpointe 2.3 agus i bpointe 2.4, agus ina n-áirithíonn agus ina bhfógraíonn an monaróir ar a fhreagracht nó ar a freagracht féin amháin go bhfuil na fearais nó na feistis lena mbaineann i gcomhréir leis an gcineál a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus go gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu maidir leo. |
|
2.2. |
Monaraíocht Déanfaidh an monaróir gach beart is gá ionas go n-áiritheoidh an próiseas monaraíochta agus a fhaireachán comhréireacht na bhfearas nó na bhfeisteas monaraithe leis an gcineál a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus le ceanglais uile an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu maidir leo. |
|
2.3. |
Seiceálacha ar tháirge Déanfaidh comhlacht dá dtugtar fógra, arna roghnú ag an monaróir, seiceálacha ar tháirge nó tabharfaidh sé go ndéanfar iad ag eatraimh bliana nó níos lú, chun caighdeán na seiceálacha inmheánacha ar an bhfearas nó ar an bhfeisteas a fhíorú, ag cur i gcuntas, inter alia, castacht teicneolaíochta na bhfearas nó na bhfeisteas agus cainníocht an táirgthe. Scrúdófar sampla leordhóthanach de na fearais nó na feistis deiridh a ghlac an comhlacht dá dtugtar fógra ar láithreán sular cuireadh ar an margadh iad, agus déanfar tástálacha iomchuí a shainaithnítear sna codanna ábhartha de na caighdeáin chomhchuibhithe agus/nó tástálacha coibhéiseacha a leagtar amach i sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile, a chur i gcrích d'fhonn a sheiceáil go gcomhlíonann an fearas nó an feisteas ceanglais ábhartha an Rialacháin seo. I gcás nach mbeidh sampla i gcomhréir leis an leibhéal cáilíochta inghlactha, déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra bearta is iomchuí. Tá sé i gceist go gcinnfeadh an nós imeachta samplála atá le cur i gcrích cibé acu an gcomhlíonann próiseas monaraíochta an fhearais nó an fheistis laistigh de theorainneacha inghlactha, d'fhonn comhréireacht an fhearais nó an fheistis a áirithiú. Déanfaidh an monaróir, faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra, uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra a ghreamú le linn an phróisis mhonaraithe. |
|
2.4. |
Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta de chuid AE
|
|
2.5. |
Ionadaí údaraithe Féadfaidh a ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra, a leagtar amach i bpointe 2.4, a chomhlíonadh thar cheann agus faoi fhreagracht an mhonaróra sin, ar choinníoll go mbeidh siad sonraithe sa sainordú. |
3. MODÚL D: CINEÁL-CHOMHRÉIREACHT ARNA BUNÚ AR DHEARBHÚ CÁILÍOCHTA PHRÓISEAS AN TÁIRGTHE
|
3.1. |
Is í an chineál-chomhréireacht arna bunú ar áirithiú cáilíochta phróiseas an táirgthe an chuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 3.2 agus i bpointe 3.5, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé ar a fhreagracht féin amháin go bhfuil na fearais nó na feistis i gcomhréir leis an gcineál a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus go sásaíonn siad ceanglais an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu maidir leo. |
|
3.2. |
Monaraíocht Oibreoidh an monaróir córas cáilíochta ceadaithe chun na fearais nó na feistis lena mbaineann mar a shonraítear i bpointe 3.3 a tháirgeadh, chun cigireacht táirge deiridh a dhéanamh orthu agus chun iad a thástáil, agus beidh sé faoi réir faireachais mar a shonraítear i bpointe 3.4. |
|
3.3. |
Córas cáilíochta
|
|
3.4. |
Faireachas faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra
|
|
3.5. |
Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta de chuid AE
|
|
3.6. |
Coinneoidh an monaróir, ar feadh tréimhse dar críoch 10 mbliana ar a laghad tar éis an fearas nó an feisteas a chur ar an margadh, na nithe seo a leanas faoina réir ag na húdaráis náisiúnta:
(a)
an doiciméadacht dá dtagraítear i bpointe 3.3.1;
(b)
an fhaisnéis a bhaineann leis an athrú dá dtagraítear i bpointe 3.3.5, arna ceadú;
(c)
cinntí agus tuarascálacha an chomhlachta dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 3.3.5, i bpointe 3.4.3 agus i bpointe 3.4.4. |
|
3.7. |
Cuirfidh gach comhlacht dá dtugtar fógra in iúl dá údarás a thugann fógra faoi cheaduithe do chórais cáilíochta atá eisithe nó aistarraingthe, agus déanfaidh sé, go tráthrialta nó ar iarraidh, liosta na gceaduithe do chórais cáilíochta a dhiúltaítear, a fhionraítear nó a shriantar ar shlí eile a chur ar fáil dá údarás a thugann fógra. Cuirfidh gach comhlacht dá dtugtar fógra in iúl do na comhlachtaí eile faoi cheaduithe do chórais cáilíochta atá diúltaithe aige, curtha ar fionraí aige, aistarraingthe aige nó a bhfuil teorannú déanta aige ar shlí eile air agus, ar iarraidh, faoi cheaduithe do chórais cáilíochta atá eisithe aige. |
|
3.8. |
Ionadaí údaraithe Féadfaidh a ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra, a leagtar amach i bpointí 3.3.1, 3.3.5, 3.5 agus 3.6 a chomhlíonadh, thar cheann agus faoi fhreagracht an mhonaróra sin, ar choinníoll go mbeidh siad sonraithe sa sainordú. |
4. MODÚL E: CINEÁL-CHOMHRÉIREACHT ARNA BUNÚ AR DHEARBHÚ CÁILÍOCHTA TÁIRGE
|
4.1. |
Is í an chineál-chomhréireacht arna bunú ar dhearbhú cáilíochta táirge, an chuid sin de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 4.2 agus i bpointe 4.5, agus ina n-áirithíonn sé agus ina ndearbhaíonn sé ar a fhreagracht féin amháin go bhfuil na fearais nó na feistis lena mbaineann i gcomhréir leis an gcineál a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus go gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu maidir leo. |
|
4.2. |
Monaraíocht Oibreoidh an monaróir córas cáilíochta ceadaithe do chigireacht agus do thástáil táirge deiridh ar na fearais nó ar na feistis lena mbaineann mar a shonraítear i bpointe 4.3, agus beidh sé faoi réir faireachais mar a shonraítear i bpointe 4.4. |
|
4.3. |
Córas cáilíochta
|
|
4.4. |
Faireachas faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra
|
|
4.5. |
Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta de chuid AE
|
|
4.7. |
Déanfaidh gach comhlacht dá dtugtar fógra ceaduithe córas cáilíochta atá eisithe nó aistarraingthe a chur in iúl dá údarás a thugann fógra, agus cuirfidh sé ar fáil, go tréimhsiúil nó air sin a iarraidh, dá údarás a thugann fógra liosta na gceaduithe córas cáilíochta atá diúltaithe, curtha ar fionraí nó a bhfuil teorannú déanta ar shlí eile air. Déanfaidh gach comhlacht dá dtugtar fógra ceaduithe córas cáilíochta a rinne sé atá diúltaithe aige, curtha ar fionraí aige, aistarraingthe aige nó a bhfuil teorannú déanta aige ar shlí eile air,, a chur in iúl do na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra, agus, arna iarraidh sin, ceaduithe córas cáilíochta a d'eisigh sé. |
|
4.8. |
Ionadaí údaraithe Féadfaidh a ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra, a leagtar amach i bpointí 4.3.1, 4.3.5, 4.5 agus 4.6 a chomhlíonadh, thar cheann agus faoi fhreagracht an mhonaróra sin, ar choinníoll go mbeidh siad sonraithe sa sainordú. |
5. MODÚL F: CINEÁL-CHOMHRÉIREACHT ARNA BUNÚ AR FHÍORÚ TÁIRGE
|
5.1. |
Is é an chineál-chomhréireacht arna bunú ar fhíorú táirge an chuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 5.2, i bpointe 5.5.1 agus i bpointe 5.6, agus ina n-áirithíonn sé agus ina ndearbhaíonn sé ar a fhreagracht féin amháin go bhfuil na fearais nó na feistis lena mbaineann, a bhí faoi réir phointe 5.3, i gcomhréir leis an gcineál a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus go sásaíonn siad ceanglais an Rialacháin sin a bhfuil feidhm acu maidir leo. |
|
5.2. |
Monaraíocht Déanfaidh an monaróir gach beart is gá ionas go n-áiritheoidh an próiseas monaraíochta agus a fhaireachán comhréireacht na bhfearas nó na bhfeisteas monaraithe leis an gcineál ceadaithe a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus le ceanglais uile an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu maidir leo. |
|
5.3. |
Fíorú Déanfaidh comhlacht dá dtugtar fógra arna roghnú ag an monaróir, scrúduithe agus tástálacha iomchuí, nó tabharfaidh sé go ndéanfar iad, chun a sheiceáil go gcomhlíonann na fearais nó feistis an cineál ceadaithe a thuairiscítear sa deimhniú ar scrúdú de chineál AE agus ceanglais iomchuí an Rialacháin seo. Déanfar na scrúduithe agus na tástálacha lena sheiceáil go gcomhlíonann na fearais nó na feistis na ceanglais iomchuí a chur i gcrích, de réir rogha an mhonaróra trí gach fearas nó feisteas a scrúdú agus a thástáil mar a shonraítear i bpointe 5.4 nó trí na fearais nó na feistis a scrúdú agus a thástáil ar bhonn staidrimh mar a shonraítear i bpointe 5.5. |
|
5.4. |
Comhréireacht a fhíorú trí gach fearas nó feisteas a scrúdú agus a thástáil
|
|
5.5. |
Comhréireacht a fhíorú ar bhonn staidrimh
|
|
5.6. |
Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta de chuid AE
|
|
5.7. |
Má aontaíonn an comhlacht dá dtugtar fógra agus faoina fhreagracht, féadfaidh an monaróir uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra a ghreamú de na fearais nó de na feistis le linn an phróisis monaraíochta. |
|
5.8. |
Ionadaí údaraithe Féadfaidh a ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra a chomhlíonadh, thar cheann agus faoi fhreagracht an mhonaróra sin, ar choinníoll go mbeidh siad sonraithe sa sainordú. Ní fhéadfaidh ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointe 5.2 agus i bpointe 5.5.1 a chomhlíonadh. |
6. MODÚL G: COMHRÉIREACHT ARNA BUNÚ AR FHÍORÚ AONAD
|
6.1. |
Is í an chomhréireacht arna bunú ar fhíorú fearas nó feisteas, an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 6.2, i bpointe 6.3 agus i bpointe 6.5, agus ina n-áirithíonn agus ina bhfógraíonn an té sin ar a fhreagracht nó ar a freagracht féin amháin go bhfuil an fearas nó an feisteas lena mbaineann, a bhí faoi réir phointe 6.4, i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin sin a bhfuil feidhm acu maidir leis. |
|
6.2. |
Doiciméadacht theicniúil Déanfaidh an monaróir an doiciméadacht theicniúil a bhunú agus a chur ar fáil don chomhlacht dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 6.4. Cumasóidh an doiciméadacht theicniúil comhréireacht an fhearais nó an fheistis a mheasúnú le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo, agus beidh anailís leordhóthanach agus measúnú ar an riosca/ar na rioscaí san áireamh. Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar léi, a mhéid is ábhartha don mheasúnú, dearadh, monaraíocht agus oibriú an fearas nó an feisteas.
|
|
6.3. |
Monaraíocht Déanfaidh an monaróir gach beart is gá ionas go n-áiritheoidh an próiseas monaraíochta agus a fhaireachán comhréireacht na bhfearas nó na bhfeisteas monaraithe le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo. |
|
6.4. |
Fíorú Déanfaidh comhlacht dá dtugtar fógra arna roghnú ag an monaróir scrúduithe agus tástálacha ábhartha a chur i gcrích, a leagtar amach sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó tástálacha coibhéiseacha a leagtar amach i sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile, chun comhréireacht na bhfearas nó na bhfeisteas a sheiceáil le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo, nó tabharfaidh sé go gcuirfear i gcrích iad. In éagmais caighdeán comhchuibhithe den sórt sin cinnfidh an comhlacht dá dtugtar fógra lena mbaineann na tástálacha iomchuí a bheidh le chur i gcrích. Má mheasann an comhlacht dá dtugtar fógra gur gá, féadfar na scrúduithe agus na tástálacha a chur i gcrích tar éis an feisteas a chorprú, an fearas a chóimeáil nó a shuiteáil. Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú comhréireachta a eisiúint i leith na scrúduithe agus na dtástálacha arna gcur i gcrích, agus greamóidh sé a uimhir aitheantais den fhearas nó de fheisteas ceadaithe, nó tabharfaidh sé go ngreamófar é faoina fhreagracht. Coinneoidh an monaróir na deimhnithe comhréireachta faoina réir ag na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana tar éis an fearas nó an feisteas a chur ar an margadh. |
|
6.5. |
Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta de chuid AE
|
|
6.6. |
Ionadaí údaraithe Féadfaidh a ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointe 6.2 agus i bpointe 6.5 a chomhlíonadh, thar cheann agus faoi fhreagracht an mhonaróra sin, ar choinníoll go mbeidh siad sonraithe sa sainordú. |
IARSCRÍBHINN IV
INSCRÍBHINNÍ
1. I dteannta mharcáil CE dá dtagraítear in Airteagal 16, beidh ar an bhfearas nó ar a phláta sonraí an fhaisnéis seo a leanas:
ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe an mhonaróra;
cineál, baiscuimhir nó sraithuimhir an fhearais, nó eilimint eile lena lamhálfar é a shainaithint;
an cineál soláthair leictreachais arna úsáid, i gcás inarb infheidhme;
marcáil chatagóir an fhearais;
an brú soláthair ainmniúil don fhearas;
an fhaisnéis is gá chun suiteáil cheart, shábháilte a áirithiú, de réir chineál an fhearais.
2. Beidh ar an bhfeisteas nó ar a phláta sonraí, a mhéid is ábhartha, an fhaisnéis dá bhforáiltear i bpointe 1.
IARSCRÍBHINN V
DEARBHÚ COMHRÉIREACHTA DE CHUID AE Uimh. … ( 9 )
1. Fearas nó feisteas / múnla fearais nó feistis (uimhir táirge, uimhir chineáil, baiscuimhir nó sraithuimhir).
2. Ainm agus seoladh an mhonaróra agus, i gcás inarb infheidhme, ionadaí údaraithe an mhonaróra sin:
3. Is faoi fhreagracht an mhonaróra amháin a eisítear an dearbhú comhréireachta seo.
4. Cuspóir an dearbhaithe (an fearas nó an feisteas lena lamhálfar inrianaitheacht a shainaithint; i gcás inar gá chun an fearas nó an feisteas a shainaithint, féadfar íomhá a áireamh): tuairisc ghinearálta ar an bhfearas nó ar an bhfeisteas;
5. Tá cuspóir an dearbhaithe a thuairiscítear i bpointe 4 i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú: …(tagairt do ghníomhartha eile de chuid an Aontais arna gcur i bhfeidhm):
6. Tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha a úsáideadh nó tagairtí do na sonraíochtaí teicniúla eile arb ina ndáil a dhearbhaítear comhréireacht:
7. Rinne an comhlacht dá dtugtar fógra … (ainm, seoladh, uimhir) … (tuairisc ar an idirghabháil) … agus d'eisigh sé an deimhniú/na deimhnithe: … (sonraí, lena n-áirítear a dháta, agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis maidir le fad agus coinníollacha a bhailíochta).
8. I gcás feisteas, treoracha i dtaobh conas ba cheart an feisteas a chorprú i bhfearas nó a chóimeáil le gurb ionann é agus fearas chun cabhrú le comhlíonadh na gceanglas riachtanach is infheidhme maidir le fearais chríochnaithe.
9. Faisnéis bhreise:
Arna shíniú thar ceann: …
(áit agus dáta eisiúna):
(ainm, feidhm) (síniú):
IARSCRÍBHINN VI
TÁBLA COMHGHAOIL
|
Treoir 2009/142/CE |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1(1), an chéad fomhír |
Airteagal 1(1) |
|
Airteagal 1(1), an dara fomhír |
Airteagal 1(3)(a) |
|
— |
Airteagal 1(3)(b) agus (c) |
|
— |
Airteagal 1(4) go (6) |
|
Airteagal 1(2) |
Airteagal 2, pointe 1, pointe 2 agus pointe 6 |
|
Airteagal 1(3) |
Airteagal 1(2) |
|
— |
Airteagal 2, pointí 3, 4, 5, 7 go 31 |
|
Airteagal 2(1) |
Airteagal 3(1) |
|
— |
Airteagal 3(2) agus 3(3) |
|
Airteagal 2(2) |
Airteagal 4(1) agus 4(4) |
|
— |
Airteagal 4(2) agus (3) |
|
Airteagal 3 |
Airteagal 5 |
|
Airteagal 4 |
Airteagal 6(1) agus (2) |
|
— |
Airteagal 6(3) |
|
— |
Airteagal 7 |
|
— |
Airteagal 8 |
|
— |
Airteagal 9 |
|
— |
Airteagal 10 |
|
— |
Airteagal 11 |
|
— |
Airteagal 12 |
|
— |
Airteagal 13 |
|
Airteagal 5(1)(a) |
— |
|
Airteagal 5(1)(b) |
— |
|
Airteagal 5(2) |
— |
|
Airteagal 6 |
— |
|
Airteagal 7 |
— |
|
Airteagal 8(1) (2) agus (4) |
Airteagal 14(1) go (3) |
|
Airteagal 8(3) agus (5) |
— |
|
Airteagal 8(6) |
Airteagal 14(4) |
|
— |
Airteagal 15 |
|
— |
Airteagal 16 |
|
Airteagal 9 |
— |
|
Airteagal 10 |
— |
|
— |
Airteagal 17 |
|
Airteagal 11 |
— |
|
Airteagal 12 |
— |
|
— |
Airteagal 18 |
|
— |
Airteagal 19 |
|
— |
Airteagal 20 |
|
— |
Airteagal 21 |
|
— |
Airteagal 22 |
|
— |
Airteagal 23 |
|
— |
Airteagal 24 |
|
— |
Airteagal 25 |
|
— |
Airteagal 26 |
|
— |
Airteagal 27 |
|
— |
Airteagal 28 |
|
— |
Airteagal 29 |
|
— |
Airteagal 30 |
|
— |
Airteagal 31 |
|
— |
Airteagal 32 |
|
— |
Airteagal 33 |
|
— |
Airteagal 34 |
|
— |
Airteagal 35 |
|
— |
Airteagal 36 |
|
— |
Airteagal 37 |
|
— |
Airteagal 38 |
|
— |
Airteagal 39 |
|
— |
Airteagal 40 |
|
— |
Airteagal 41 |
|
— |
Airteagal 42 |
|
— |
Airteagal 43 |
|
— |
Airteagal 44 |
|
Airteagal 13 |
— |
|
Airteagal 14 |
— |
|
Airteagal 15 |
— |
|
Airteagal 16 |
— |
|
— |
Airteagal 45 |
|
— |
Airteagal 46 |
|
Iarscríbhinn I |
Iarscríbhinn I |
|
— |
Iarscríbhinn II |
|
Iarscríbhinn II |
Iarscríbhinn III |
|
Iarscríbhinn III |
Iarscríbhinn IV |
|
Iarscríbhinn IV |
— |
|
Iarscríbhinn V |
— |
|
Iarscríbhinn VI |
— |
|
— |
Iarscríbhinn V |
|
— |
Iarscríbhinn VI |
( 1 ) Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear creat beart a bhaineann le héigeandáil sa mhargadh inmheánach agus le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (Gníomh um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh) (IO L, 2024/2747, 8.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2747/oj).
( 2 ) Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).
( 3 ) Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).
( 4 ) Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357).
( 5 ) Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 79).
( 6 ) Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia agus lena n-aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4).
( 7 ) Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lch. 5).
( 8 ) Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht uisce atá ceaptha le hól ag daoine (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32).
( 9 ) Tá sé de rogha ag an monaróir uimhir a shannadh don dearbhú comhréireachta.