02022R0720 — GA — 11.02.2024 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2022/720 ÓN gCOIMISIÚN an 10 Bealtaine 2022 maidir le hAirteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i ndáil le catagóirí de chomhaontuithe ingearacha agus cleachtais chomhbheartaithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 134 11.5.2022, lch. 4) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
L |
1 |
22.1.2024 |
||
RIALACHÁN (AE) 2022/720 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Bealtaine 2022
maidir le hAirteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i ndáil le catagóirí de chomhaontuithe ingearacha agus cleachtais chomhbheartaithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “comhaontú ingearach” comhaontú nó cleachtas comhbheartaithe idir dhá ghnóthas nó níos mó, a oibríonn gach gnóthas díobh, chun críocha an chomhaontaithe nó an chleachtais chomhbheartaithe, ar leibhéal difriúil den slabhra táirgthe nó dáilte, agus a bhaineann leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh na páirtithe earraí nó seirbhísí áirithe a cheannach, a dhíol nó a athdhíol;
ciallaíonn “srian ingearach” srianadh iomaíochta i gcomhaontú ingearach a thagann faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh;
ciallaíonn “gnóthas iomaíoch” iomaitheoir iarbhír nó ionchasach; ciallaíonn “iomaitheoir iarbhír” gnóthas atá gníomhach sa mhargadh ábhartha céanna; ciallaíonn “iomaitheoir ionchasach” gnóthas ar dhócha dó, in éagmais an chomhaontaithe ingearaigh, ar fhoras réalaíoch agus ní mar fhéidearthacht theoiriciúil amháin, laistigh de thréimhse ghearr ama, na hinfheistíochtaí breise is gá nó costais aistrithe eile is gá a íoc chun dul isteach sa mhargadh ábhartha;
ciallaíonn “soláthróir” gnóthas a sholáthraíonn seirbhísí idirghabhála ar líne;
ciallaíonn “seirbhísí idirghabhála ar líne” seirbhísí sochaí faisnéise de réir bhrí Airteagal 1(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) a chuireann ar a gcumas do ghnóthais earraí nó seirbhísí a thairiscint:
do ghnóthas eile, d’fhonn tionscnamh idirbheart díreach a éascú idir na gnóthais sin, nó
do thomhaltóirí deiridh, d’fhonn tionscnamh idirbheart díreach a éascú idir na gnóthais sin agus tomhaltóirí deiridh,
gan beann ar cé acu a thugtar nó nach dtugtar na hidirbhearta i gcrích ar deireadh thiar;
ciallaíonn “oibleagáid gan dul in iomaíocht” aon oibleagáid dhíreach nó indíreach a fhágann nach ndéanann an ceannaitheoir earraí nó seirbhísí a rachadh in iomaíocht le hearraí nó seirbhísí an chonartha a mhonarú, a cheannach, a dhíol ná a athdhíol, sin nó aon oibleagáid dhíreach nó indíreach ar an gceannaitheoir gur ón soláthróir nó ó ghnóthas eile atá ainmnithe ag an soláthróir a cheannódh sé os cionn 80 % dá cheannacháin iomlána d’earraí nó seirbhísí an chonartha agus a n-ionadaithe ar an margadh ábhartha, arna ríomh ar bhonn luach a cheannachán sa bhliain féilire roimhe sin nó, i gcás inarb é sin an cleachtas caighdeánach sa tionscal, ar bhonn mhéid na gceannachán sin;
ciallaíonn “córas dáileacháin roghnaitheach” córas dáileacháin ina nglacann an soláthróir air féin earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol, go díreach nó go hindíreach, le dáileoirí a roghnaítear ar bhonn critéir shonraithe agus leo sin amháin, agus ina nglacann na dáileoirí orthu féin gan na hearraí nó na seirbhísí sin a dhíol le dáileoirí neamhúdaraithe laistigh den chríoch atá coimeádta ag an dáileoir chun an córas sin a oibriú;
ciallaíonn “córas dáileacháin eisiach” córas dáileacháin ina leithdháileann an soláthróir críoch nó grúpa custaiméirí go heisiach air féin nó ar chúig cheannaitheoir ar a mhéad agus ina gcuireann sé srian ar a cheannaitheoirí eile ar fad díol go gníomhach isteach sa chríoch eisiach sin nó leis an ngrúpa eisiach custaiméirí sin;
áirítear le “cearta maoine intleachtúla” cearta maoine tionsclaíche, fios gnó, cóipcheart agus cearta gaolmhara;
ciallaíonn “fios gnó” pacáiste d’fhaisnéis phraiticiúil neamhphaitinnithe, faisnéis ar toradh atá inti ar thaithí agus ar thástáil ag an soláthróir, agus atá atá rúnda, substaintiúil agus sainaitheanta; ciallaíonn “rúnda” nach bhfuil eolas ginearálta ar an bhfios gnó nó nach bhfuil rochtain éasca air; ciallaíonn “substaintiúil” go bhfuil an fios gnó tábhachtach agus úsáideach don cheannaitheoir chun earraí nó seirbhísí an chonartha a úsáid, a dhíol nó a athdhíol; ciallaíonn “sainaitheanta” go dtugtar tuairisc ar an bhfios gnó ar bhealach cuimsitheach go leor le gur féidir a dheimhniú go gcomhlíonann sé na critéir rúndachta agus shubstaintiúlachta;
áirítear le “ceannaitheoir” gnóthas a dhíolann earraí nó seirbhísí thar ceann gnóthas eile faoi chomhaontú a thagann faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh;
ciallaíonn “díolacháin ghníomhacha” díriú go gníomhach ar chustaiméirí trí chuairteanna, litreacha, ríomhphoist, glaonna nó trí mhodhanna eile cumarsáide dírí nó trí fhógraíocht agus promóisean spriocdhírithe, as líne nó ar líne, mar shampla trí bhíthin na meán cló nó na meán digiteach, lena n-áirítear meáin ar líne, seirbhísí comparáide praghsanna nó fógraíocht ar innill chuardaigh lena ndírítear ar chustaiméirí i gcríocha sonracha nó ar ghrúpaí custaiméirí sonracha, nó suíomh gréasáin a oibriú ag a bhfuil fearann barrleibhéil a chomhfhreagraíonn do chríocha ar leith, nó teangacha a úsáidtear go coitianta i gcríocha áirithe a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin, i gcás ina bhfuil na teangacha sin éagsúil leis na teangacha a úsáidtear sa chríoch ina bhfuil an ceannaitheoir bunaithe;
ciallaíonn “díolacháin éighníomhacha” díolacháin a dhéantar mar fhreagra ar iarrataí gan iarraidh ó chustaiméirí aonair, lena n-áirítear seachadadh earraí nó seirbhísí chuig an gcustaiméir, gan an díolachán a bheith tionscanta trí dhíriú go gníomhach ar an gcustaiméir áirithe, ar an ngrúpa custaiméirí áirithe nó ar an gcríoch áirithe, agus lena n-áirítear díolacháin a eascraíonn as a bheith rannpháirteach i soláthar poiblí nó as freagairt do chuirí chun tairisceana príobháideacha.
Ciallaíonn “gnóthais ghaolmhara” an méid seo a leanas:
gnóthais ina bhfuil ag páirtí sa chomhaontú, go díreach nó go hindíreach:
an chumhacht níos mó ná leath de na cearta vótála a fheidhmiú, nó
an chumhacht níos mó ná leath de chomhaltaí an bhoird maoirseachta, an bhoird bainistíochta nó na gcomhlachtaí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil thar ceann an ghnóthais a cheapadh, nó
an ceart gnóthaí an ghnóthais a bhainistiú; nó
gnóthais a bhfuil na cearta agus na cumhachtaí atá liostaithe i bpointe (a) acu go díreach nó go hindíreach, i leith páirtí sa chomhaontú; nó
gnóthais ina sealbhaíonn gnóthas dá dtagraítear i bpointe (b), go díreach nó go hindíreach, na cearta nó na cumhachtaí atá liostaithe i bpointe (a); nó
gnóthais ina bhfuil na cearta agus na cumhachtaí a liostaítear i bpointe (a) i gcomhpháirt ag páirtí sa chomhaontú in éineacht le ceann amháin nó níos mó de na gnóthais dá dtagraítear i bpointí (a), (b) nó (c), nó ina bhfuil na cearta agus na cumhachtaí sin i gcomhpháirt ag dhá cheann nó níos mó de na gnóthais dá dtagraítear i bpointí (a) (b) agus (c); nó
gnóthais ina bhfuil na cearta nó na cumhachtaí atá liostaithe i bpointe (a) i gcomhpháirt ag:
páirtithe sa chomhaontú nó a ngnóthais ghaolmhara faoi seach dá dtagraítear i bpointí (a) go (d), nó
ceann amháin nó níos mó de na páirtithe sa chomhaontú nó ceann amháin nó níos mó dá ngnóthais ghaolmhara dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) agus tríú páirtí amháin nó níos mó.
Airteagal 2
Díolúine
Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear i mír 1 maidir le comhaontuithe ingearacha a dhéantar idir gnóthais iomaíocha. Mar sin féin, beidh feidhm ag an díolúine sin i gcás ina ndéanfaidh gnóthais atá in iomaíocht le chéile comhaontú ingearach neamh-chómhalartach agus ina mbeidh ceann amháin de na rudaí seo a leanas i gceist:
tá an soláthróir gníomhach ar leibhéal réamhtheachtach mar mhonaróir, allmhaireoir, nó mórdhíoltóir, agus tá sé gníomhach ar leibhéal iartheachtach mar allmhaireoir, mórdhíoltóir nó miondíoltóir earraí, agus is allmhaireoir, mórdhíoltóir nó miondíoltóir ar an leibhéal iartheachtach atá sa cheannaitheoir, agus ní gnóthas iomaíoch é ar an leibhéal réamhtheachtach mar a gceannaíonn sé earraí an chonartha; nó
is soláthraí seirbhísí é an soláthróir ar roinnt leibhéil trádála, agus is ar leibhéal an mhiondíola a sholáthraíonn an ceannaitheoir a sheirbhísí, agus ní gnóthas iomaíoch é ar an leibhéal trádála mar a gceannaíonn sé seirbhísí an chonartha.
Airteagal 3
Tairseach maidir le sciar den mhargadh
Airteagal 4
Srianta lena mbaintear tairbhe na blocdhíolúine - cruashrianta
Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 maidir le comhaontuithe ingearacha a bhfuil sé de chuspóir acu, go díreach nó go hindíreach, leo féin nó in éineacht le tosca eile faoi rialú na bpáirtithe:
srian a chur ar chumas an cheannaitheora a phraghas díola a shocrú, gan dochar don fhéidearthacht go ndéanfadh an soláthróir praghas díola uasta a fhorchur nó praghas díola a mholadh, ar choinníoll nach praghas díola seasta ná praghas díola íosta é de thoradh brú ó aon cheann de na páirtithe nó de thoradh dreasachtaí a thairgeann siad;
i gcás ina bhfeidhmíonn an soláthróir córas dáileacháin eisiach, srian a chur ar an gcríoch ina bhféadfadh an dáileoir eisiach, nó ar an ngrúpa custaiméirí lena bhféadfadh an dáileoir eisiach, earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach, ach amháin:
srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha a dhéanann an dáileoir eisiach agus a chustaiméirí díreacha, isteach i gcríoch nó le grúpa custaiméirí atá sannta don soláthróir nó atá leithdháilte ag an soláthróir go heisiach ar chúig dháileoir eisiacha eile ar a mhéad;
srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha a dhéanann an dáileoir eisiach agus a chustaiméirí le dáileoirí neamhúdaraithe atá lonnaithe i gcríoch ina bhfeidhmíonn an soláthróir córas dáileacháin roghnaitheach le haghaidh earraí nó sheirbhísí an chonartha;
srian a chur ar áit bhunaithe an dáileora eisiach;
srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha a dhéanann dáileoir eisiach atá ag feidhmiú ar leibhéal mórdhíola na trádála le húsáideoirí deiridh,
srian a chur ar chumas an dáileora eisiach comhpháirteanna arna soláthar lena n-ionchorprú a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach le custaiméirí a bhainfeadh úsáid astu chun na hearraí den chineál céanna agus a tháirgeann an soláthróir a mhonarú;
i gcás ina mbíonn córas dáileacháin roghnaitheach á fheidhmiú ag an soláthróir,
srian a chur ar an gcríoch ina bhféadfadh comhaltaí an chórais dáileacháin roghnaithigh, nó ar na custaiméirí lena bhféadfadh na comhaltaí sin, earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach, ach amháin:
srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha a dhéanann comhaltaí an chórais dáileacháin roghnaithigh agus a gcustaiméirí díreacha, isteach i gcríoch nó le grúpa custaiméirí atá sannta don soláthróir, nó atá leithdháilte ag an soláthróir ar chúig dháileoir eisiacha ar a mhéad;
srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha a dhéanann comhaltaí an chórais dáileacháin roghnaithigh agus a gcustaiméirí le dáileoirí neamhúdaraithe atá lonnaithe laistigh den chríoch ina bhfeidhmítear an córas dáileacháin roghnaitheach;
srian a chur ar áit bhunaithe chomhaltaí an chórais dáileacháin roghnaithigh;
srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha a dhéanann comhaltaí an chórais dáileacháin roghnaithigh atá ag feidhmiú ar leibhéal mórdhíola na trádála le húsáideoirí deiridh;
srian a chur ar an gcumas comhpháirteanna, arna soláthar lena n-ionchorprú, a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach le custaiméirí a bhainfeadh úsáid astu chun na cineálacha céanna earraí agus a tháirgeann an soláthróir a mhonarú;
srian a chur ar chros-soláthairtí idir comhaltaí an chórais dáileacháin roghnaithigh atá ag feidhmiú ar na leibhéil trádála chéanna nó ar leibhéil trádála éagsúla;
srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha a dhéanann comhaltaí an chórais dáileacháin roghnaithigh atá ag feidhmiú ar leibhéal miondíola na trádála le húsáideoirí deiridh, gan dochar do phointí (c)(i)(1) agus (3);
i gcás nach bhfeidhmíonn an soláthróir córas dáileacháin eisiach ná córas dáileacháin roghnaitheach, srian a chur ar an gcríoch ina bhféadfadh an ceannaitheoir, nó ar na custaiméirí lena bhféadfadh an ceannaitheoir, earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach, ach amháin:
srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha a dhéanann an ceannaitheoir agus a chustaiméirí díreacha, isteach i gcríoch nó le grúpa custaiméirí atá sannta don soláthróir, nó atá leithdháilte ag an soláthróir ar chúig dháileoir eisiacha ar a mhéad;
srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha a dhéanann an ceannaitheoir agus a chustaiméirí le dáileoirí neamhúdaraithe atá lonnaithe i gcríoch ina bhfeidhmíonn an soláthróir córas dáileacháin roghnaitheach le haghaidh earraí nó sheirbhísí an chonartha;
srian a chur ar áit bhunaithe an cheannaitheora;
srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha a dhéanann ceannaitheoir atá ag feidhmiú ar leibhéal mórdhíola na trádála le húsáideoirí deiridh;
srian a chur ar chumas an cheannaitheora comhpháirteanna, arna soláthar lena n-ionchorprú, a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach le custaiméirí a bhainfeadh úsáid astu chun na cineálacha céanna earraí leo siúd a tháirgeann an soláthróir a mhonarú;
cosc a chur ar an gceannaitheoir nó ar a chustaiméirí úsáid éifeachtach a bhaint as an idirlíon chun earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol, toisc gur rud é sin a chuireann srian ar an gcríoch a bhféadfar earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol isteach ann, nó ar na custaiméirí a bhféadfar earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol leo, de réir bhrí phointí (b), (c) nó (d), gan dochar don fhéidearthacht an méid seo a leanas a fhorchur ar an gceannaitheoir:
srianta eile le díolacháin ar líne; nó
srianta a chur ar fhógraíocht ar líne nach é is cuspóir di cosc a chur ar úsáid bealaigh fógraíochta ar líne iomláin;
srian, arna chomhaontú idir soláthróir comhpháirteanna agus ceannaitheoir a ionchorpraíonn na comhpháirteanna sin, a chur ar chumas an tsoláthróra na comhpháirteanna a dhíol mar pháirteanna spártha le húsáideoirí deiridh nó le deisitheoirí, mórdhíoltóirí nó soláthraithe seirbhísí eile nár chuir an ceannaitheoir de chúram orthu earraí dá chuid a dheisiú nó a sheirbhísiú.
Airteagal 5
Srianta eisiata
Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 maidir leis na hoibleagáidí seo a leanas i gcomhaontuithe ingearacha:
aon oibleagáid dhíreach nó indíreach gan dul in iomaíocht, arb éiginnte a fad nó ar mó a fad ná 5 bliana;
aon oibleagáid dhíreach nó indíreach a bhfuil mar thoradh uirthi nach ndéanann an ceannaitheoir, tar éis fhoirceannadh an chonartha, earraí nó seirbhísí a mhonarú, a cheannach, a dhíol ná a athdhíol;
aon oibleagáid dhíreach nó indíreach a bhfuil mar thoradh uirthi nach ndíolann comhaltaí córais dáileacháin roghnaithigh brandaí de chuid soláthróirí iomaíocha áirithe;
aon oibleagáid dhíreach nó indíreach a bhfuil mar thoradh uirthi nach ndéanann ceannaitheoir seirbhísí idirghabhála ar líne earraí nó seirbhísí a thairiscint d’úsáideoirí deiridh, ná a dhíol ná a athdhíol leo, faoi choinníollacha níos fabhraí trí seirbhísí idirghabhála ar líne iomaíocha;
De mhaolú ar mhír 1, pointe (b), beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 maidir le haon oibleagáid dhíreach nó indíreach a bhfuil mar thoradh uirthi nach ndéanann an ceannaitheoir, tar éis fhoirceannadh an chonartha, earraí nó seirbhísí a mhonarú, a cheannach, a dhíol ná a athdhíol i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
baineann an oibleagáid le hearraí nó seirbhísí atá in iomaíocht le hearraí nó seirbhísí an chonartha;
tá an oibleagáid teoranta don áitreabh agus don talamh ónar fheidhmigh an ceannaitheoir le linn thréimhse an chonartha;
tá an oibleagáid fíor-riachtanach chun fios gnó a aistrítear ón soláthróir chuig an gceannaitheoir a chosaint;
tá fad na hoibleagáide teoranta do thréimhse 1 bhliana amháin tar éis fhoirceannadh an chonartha.
Beidh mír 1, pointe (b) gan dochar don fhéidearthacht srian a fhorchur atá gan teorainn ó thaobh ama de ar úsáid agus ar nochtadh fios gnó nach bhfuil san fhearann poiblí.
Airteagal 6
Tarraingt siar i gcásanna ar leith
Airteagal 7
Neamhfheidhmiú an Rialacháin seo
De bhun Airteagal 1a de Rialachán Uimh. 19/65/CEE, féadfaidh an Coimisiún a dhearbhú trí bhíthin rialacháin, i gcás ina gcumhdaítear os cionn 50 % de mhargadh ábhartha le líonraí comhthreomhara de shrianta ingearacha comhchosúla, nach mbeidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le comhaontuithe ingearacha ina bhfuil srianta sonracha a bhaineann leis an margadh sin.
Airteagal 8
Cur i bhfeidhm na tairsí maidir le sciar den mhargadh
Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas chun na tairseacha maidir le sciar den mhargadh dá bhforáiltear in Airteagal 3 a chur i bhfeidhm:
ríomhfar sciar an tsoláthróra den mhargadh ar bhonn sonraí maidir le luach na ndíolachán ar an margadh agus ríomhfar sciar an cheannaitheora den mhargadh ar bhonn sonraí maidir le luach na gceannachán ar an margadh. Mura bhfuil sonraí maidir le luach na ndíolachán ar an margadh ná maidir le luach na gceannachán ar an margadh ar fáil, féadfar úsáid a bhaint as meastacháin atá bunaithe ar fhaisnéis iontaofa ar an margadh, lena n-áirítear méideanna díolachán agus ceannachán ar an margadh, chun sciar an ghnóthais lena mbaineann den mhargadh a shuí;
ríomhfar an sciar den mhargadh ar bhonn na sonraí a bhaineann leis an mbliain féilire roimhe sin;
áireofar le sciar an tsoláthróra den mhargadh aon earra nó seirbhís a chuirtear ar fáil do dháileoirí atá comhtháite go hingearach lena dhíol nó lena díol;
más rud é nach mó ná 30 % an sciar den mhargadh ar dtús, ach má thagann ardú air os cionn an leibhéil sin ina dhiaidh sin, beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 fós ar feadh tréimhse 2 bhliain féilire as a chéile tar éis na bliana inar sáraíodh an tairseach 30 % den chéad uair;
an sciar den mhargadh atá i seilbh na ngnóthas dá dtagraítear in Airteagal 1(2), an dara fomhír, pointe (e), déanfar é a chionroinnt go cothrom ar na gnóthais uile a bhfuil na cearta nó na cumhachtaí a liostaítear i bpointe (a) den fhomhír sin acu;
Airteagal 9
Cur i bhfeidhm na tairsí maidir le láimhdeachas
Airteagal 10
An idirthréimhse
Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 101(1) den Chonradh le linn na tréimhse ón 1 Meitheamh 2022 go dtí an 31 Bealtaine 2023 maidir le comhaontuithe atá i bhfeidhm cheana féin an 31 Bealtaine 2022 nach gcomhlíonann na coinníollacha le haghaidh díolúine dá bhforáiltear sa Rialachán seo ach a chomhlíon, an 31 Bealtaine 2022, na coinníollacha le haghaidh díolúine dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 330/2010.
Airteagal 11
Tréimhse bhailíochta
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2022.
Rachaidh sé in éag an 31 Bealtaine 2034.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
( 1 ) Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).