02022R1925 — GA — 12.10.2022 — 000.002
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2022/1925 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (An Gníomh um Margaí Digiteacha) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 265 12.10.2022, lch. 1) |
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) 2022/1925 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Meán Fómhair 2022
maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (An Gníomh um Margaí Digiteacha)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le margaí a bhaineann le:
líonraí cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2018/1972;
seirbhísí cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2018/1972, seachas iad siúd a bhaineann le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir.
Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagail 101 agus 102 CFAE. Tá sé gan dochar freisin do chur i bhfeidhm:
na rialacha iomaíochta náisiúnta lena ndéantar comhaontuithe frithiomaíocha, cinntí ag comhlachais ghnóthas, cleachtais chomhbheartaithe agus mí-úsáid suíomhanna ceannasacha a thoirmeasc;
dlíthe náisiúnta iomaíochta lena ndéantar cineálacha eile iompair aontaobhaigh a thoirmeasc a mhéid atá feidhm acu maidir le gnóthais seachas geatóirí nó arb ionann iad agus oibleagáidí breise a fhorchur ar gheatóirí; agus
Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ( 1 ) ón gComhairle agus na rialacha náisiúnta a bhaineann le rialú cumasc.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “geatóir” gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige, a ainmnítear de bhun Airteagal 3;
ciallaíonn “croísheirbhís ardáin” ceann ar bith díobh seo a leanas:
seirbhísí idirghabhála ar líne;
innill chuardaigh ar líne;
seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne;
seirbhísí ardáin comhroinnte físeán;
seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir;
córais oibriúcháin;
brabhsálaithe gréasáin;
cúntóirí fíorúla;
seirbhísí néalríomhaireachta;
seirbhísí fógraíochta ar líne, lena n-áirítear aon líonraí fógraíochta, malartáin fógraíochta agus aon seirbhísí idirghabhála fógraíochta eile, arna soláthar ag gnóthas a sholáthraíonn ceann ar bith de na croísheirbhísí ardáin a liostaítear i bpointí (a) go (i);
ciallaíonn “seirbhís sochaí faisnéise” aon seirbhís mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (b) de Threoir (AE) 2015/1535;
ciallaíonn “an earnáil dhigiteach” earnáil na dtáirgí agus na seirbhísí a sholáthraítear trí bhíthin seirbhísí sochaí faisnéise, nó tríothu;
ciallaíonn “seirbhísí idirghabhála ar líne” seirbhísí idirghabhála ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 2 de Rialachán (AE) 2019/1150;
ciallaíonn “inneall cuardaigh ar líne” inneall cuardaigh ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5) de Rialachán (AE) 2019/1150;
ciallaíonn “seirbhís líonraithe shóisialta ar líne” ardán a chuireann ar chumas úsáideoirí deiridh nascadh agus cumarsáid a dhéanamh le chéile, ábhar a comhroinnt agus teacht ar úsáideoirí agus ar ábhar eile thar ghléasanna iomadúla agus, go sonrach, trí chomhráite, postálacha, físeáin agus moltaí;
ciallaíonn “seirbhís ardáin comhroinnte físeán” seirbhís ardáin comhroinnte físeán mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (aa), de Threoir 2010/13/AE;
ciallaíonn “seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir” seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Threoir (AE) 2018/1972;
ciallaíonn “córas oibriúcháin” bogearraí córais lena rialaítear bunfheidhmeanna na gcrua-earraí nó na mbogearraí agus lena gcumasaítear d’fheidhmchláir bogearraí rith orthu;
ciallaíonn “brabhsálaí gréasáin” feidhmchlár bogearraí lena gcumasaítear d’úsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar ábhar gréasáin atá á óstáil ar fhreastalaithe atá nasctha le líonraí amhail an tIdirlíon, agus idirghníomhú leis an ábhar sin, lena n-áirítear brabhsálaithe gréasáin neamhspleácha mar aon le brabhsálaithe gréasáin atá comhtháite nó leabaithe i mbogearraí nó a leithéid;
ciallaíonn “cúntóir fíorúil” bogearra ar féidir leis éilimh, cúraimí nó ceisteanna a phróiseáil, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as ionchur fuaime, amhairc nó i scríbhinn, as gothaí nó as gluaiseachtaí, agus, bunaithe ar na héilimh, cúraimí nó ceisteanna sin, go dtugann sé rochtain ar sheirbhísí eile nó go ndéanann sé gléasanna fisiceacha nasctha a rialú;
ciallaíonn “seirbhísí néalríomhaireachta” seirbhís néalríomhaireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (19) de Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );
ciallaíonn “siopaí feidhmchlár bogearraí” cineál seirbhísí idirghabhála ar líne atá dírithe ar fheidhmchláir bogearraí mar an táirge nó an tseirbhís atá á n-idirghabháil;
ciallaíonn “feidhmchlár bogearraí” aon táirge nó seirbhís dhigiteach a ritheann ar chóras oibriúcháin;
ciallaíonn “seirbhís íocaíochta” seirbhís íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3) de Threoir (AE) 2015/2366;
ciallaíonn “seirbhís theicniúil a thacaíonn le seirbhís íocaíochta” seirbhís de réir bhrí Airteagal 3, pointe (j), de Threoir (AE) 2015/2366;
ciallaíonn “córas íocaíochta le haghaidh ceannachán ionaipe” feidhmchlár bogearraí, seirbhís nó comhéadan úsáideora lena n-éascaítear ceannacháin ábhair dhigitigh nó seirbhísí digiteacha laistigh d’fheidhmchlár bogearraí, lena n-áirítear ábhar, síntiúis, gnéithe nó feidhmiúlacht, agus na híocaíochtaí ar cheannacháin den sórt sin;
ciallaíonn “seirbhís um shainaithint” cineál seirbhíse a sholáthraítear in éineacht leis na croísheirbhísí ardáin nó mar thaca leo a chumasaíonn aon chineál fíoraithe ar aitheantas úsáideoirí deiridh nó úsáideoirí gnó, gan beann ar an teicneolaíocht a úsáidtear;
ciallaíonn “úsáideoir deiridh” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith a úsáideann croísheirbhísí ardáin seachas úsáideoir gnó;
ciallaíonn “úsáideoir gnó” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith atá ag feidhmiú i gcáil tráchtála nó i gcáil ghairmiúil agus a úsáideann croísheirbhísí ardáin ar mhaithe le hearraí nó seirbhísí a sholáthar d’úsáideoirí deiridh nó le linn earraí nó seirbhísí a sholáthar d’úsáideoirí deiridh;
ciallaíonn “rangú” an tsuntasacht choibhneasta a thugtar d’earraí nó do sheirbhísí a ndéantar iad a thairiscint trí sheirbhísí idirghabhála ar líne, trí sheirbhísí líonraithe shóisialta ar líne, sheirbhísí ardáin comhroinnte físeán nó chúntóirí fhíorúla, nó an tábhacht a thugann innill chuardaigh ar líne do thorthaí cuardaigh, de réir mar a dhéanann na gnóthais a sholáthraíonn seirbhísí idirghabhála ar líne, seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne, seirbhísí ardáin comhroinnte físeán, cúntóirí fíorúla nó innill chuardaigh ar líne iad a léiriú, a eagrú nó a chur in iúl, gan beann ar an modh teicneolaíochta a úsáidtear do léiriú, d’eagrú nó do chumarsáid den sórt sin agus gan beann ar na cásanna nach léirítear nó nach gcuirtear ach aon toradh amháin in iúl;
ciallaíonn “torthaí cuardaigh” aon fhaisnéis in aon fhormáid, lena n-áirítear téacsúil, grafach, guthach nó aschuir eile, arna gcur ar ais mar fhreagairt ar chuardach, agus a bhaineann le cuardach, bíodh nó ná bíodh san fhaisnéis a chuirtear ar ais toradh íoctha nó neamhíoctha, freagra díreach nó táirge, seirbhís nó faisnéis ar bith a thairgtear i dtaca leis na torthaí orgánacha, nó a thaispeántar in éineacht leo, nó atá leabaithe go páirteach nó go hiomlán iontu;
ciallaíonn “sonraí” aon léiriú digiteach ar ghníomhartha, ar fhíorais nó ar fhaisnéis agus aon tiomsú de ghníomhartha, d’fhíorais nó d’fhaisnéis den sórt sin, lena n-áirítear mar thaifeadadh fuaime, amhairc nó closamhairc;
ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;
ciallaíonn “sonraí neamhphearsanta” sonraí seachas sonraí pearsanta;
ciallaíonn “gnóthas” eintiteas atá i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch, gan beann ar a stádas dlíthiúil ná ar an mbealach a dhéantar é a mhaoiniú, lena n-áirítear na fiontair nasctha nó na gnóthais cheangailte go léir atá mar ghrúpa trí fhiontar nó ghnóthas a bheith á rialú go díreach nó go hindíreach ag ceann eile;
ciallaíonn “rialú” an fhéidearthacht tionchar cinntitheach a imirt ar ghnóthas, de réir bhrí Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004;
ciallaíonn “idir-inoibritheacht” an cumas faisnéis a mhalartú agus úsáid fhrithpháirteach a bhaint as an bhfaisnéis a malartaíodh trí chomhéadain nó réitigh eile, ionas go mbeidh gnéithe uile na gcrua-earraí nó na mbogearraí in ann oibriú leis na crua-earraí nó na bogearraí agus le húsáideoirí sna bealaí ar fad ina bhfuil siad ceaptha feidhmiú;
ciallaíonn “láimhdeachas” an méid a dhíorthaíonn gnóthas de réir bhrí Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004;
ciallaíonn “próifíliú” próifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679;
ciallaíonn “toiliú” toiliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (11), de Rialachán (AE) 2016/679;
ciallaíonn “cúirt náisiúnta” cúirt nó binse de chuid Ballstáit de réir bhrí Airteagal 267 CFAE.
CAIBIDIL II
GEATÓIRÍ
Airteagal 3
Ainmniú geatóirí
Déanfar gnóthas a ainmniú mar gheatóir sna cásanna seo a leanas:
má tá tionchar suntasach aige ar an margadh inmheánach;
má sholáthraíonn sé croísheirbhís ardáin atá mar thairseach thábhachtach chun dul i gcion ar úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh; agus
má bhaineann sé tairbhe as suíomh daingnithe marthanach ina chuid oibríochtaí nó go bhfuil sé intuartha go mbainfidh sé tairbhe as suíomh den sórt sin go luath.
Toimhdeofar go gcomhlíonann gnóthas na ceanglais faoi seach i mír 1:
a mhéid a bhaineann le mír 1, pointe (a), i gcás ina mbaineann sé láimhdeachas bliantúil an Aontais atá comhionann le EUR 7,5 billiún nó os a chionn amach i ngach ceann de na 3 bliana airgeadais roimhe sin, nó i gcás inarb ionann agus EUR 75 bhilliún ar a laghad a mheánchaipitliú margaidh nó a mhargadhluach cothrom coibhéiseach sa bhliain airgeadais roimhe sin, agus ina soláthraíonn sé an chroísheirbhís ardáin chéanna i dtrí Bhallstát ar a laghad;
a mhéid a bhaineann le mír 1, pointe (b), i gcás ina soláthraíonn sé croísheirbhís ardáin a bhfuil ar a laghad 45 milliún úsáideoir deiridh gníomhach in aghaidh na míosa aige sa bhliain airgeadais roimhe sin atá bunaithe nó suite san Aontas agus ar a laghad 10 000 úsáideoir gnó gníomhach in aghaidh na bliana atá bunaithe san Aontas, a sainaithníodh agus a ríomhadh i gcomhréir leis an modheolaíocht agus na táscairí a leagtar amach san Iarscríbhinn;
a mhéid a bhaineann le mír 1, pointe (c), i gcás inar sásaíodh na tairseacha i bpointe (b) den mhír seo i ngach ceann de na 3 bliana airgeadais dheireanacha.
I gcás nach gcuirfidh an gnóthas a bhfuil na croísheirbhísí ardáin á soláthar aige an Coimisiún ar an eolas de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo agus nach gcuirfidh sé ar fáil an fhaisnéis ábhartha go léir atá de dhíth ar an gCoimisiún chun an gnóthas lena mbaineann a ainmniú mar gheatóir de bhun mhír 4 den Airteagal seo faoin spriocdháta arna leagan síos ag an gCoimisiún san iarraidh ar fhaisnéis de bhun Airteagal 21, beidh an Coimisiún fós i dteideal an gnóthas sin a ainmniú mar gheatóir, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don Choimisiún.
I gcás go gcomhlíonann an gnóthas a bhfuil croísheirbhís ardáin á soláthar aige an iarraidh ar fhaisnéis de bhun an dara fomhír den mhír seo nó i gcás ina soláthraítear an fhaisnéis tar éis don spriocdháta dá dtagraítear san fhomhír sin dul in éag, cuirfidh an Coimisiún an nós imeachta a leagtar amach i mír 4 i bhfeidhm.
I gcás go measann an Coimisiún nach bhfuil bunús leordhóthanach leis na hargóintí a chuir an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige faoina bhráid de bhun na chéad fomhíre toisc nach dtarraingíonn sé amhras go follasach ar na toimhdí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh sé diúltú do na hargóintí sin laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 4, gan an nós imeacht a leagtar amach in Airteagal 17(3) a chur i bhfeidhm.
I gcás go gcuireann an gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige argóintí den sórt sin a bhfuil bunús leordhóthanach leo ina dtarraingítear amhras go follasach ar na toimhdí i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, in ainneoin na chéad fhomhíre den mhír seo, laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17(3) a oscailt.
Má mheasann an Coimisiún nach raibh an gnóthas a bhfuil croísheirbhís ardáin á soláthar aige in ann a léiriú nach sásaíonn na croísheirbhísí ardáin a sholáthraíonn sé riachtanais mhír 1 den Airteagal seo, ainmneoidh sé an gnóthas sin mar gheatóir i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17(3).
Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún cuid de na heilimintí seo a leanas nó iad go léir san áireamh, sa mhéid is go bhfuil siad ábhartha don ghnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige atá á bhreithniú:
méid, lena n-áirítear láimhdeachas agus caipitliú margaidh, oibríochtaí agus suíomh an ghnóthais sin;
an líon úsáideoirí gnó a úsáideann an chroísheirbhís ardáin chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh agus líon na n-úsáideoirí deiridh;
éifeachtaí líonra agus buntáistí sonraíbhunaithe, go háirithe maidir le rochtain an ghnóthais ar shonraí pearsanta agus neamhphearsanta, agus iad a bheith á mbailiú aige, nó cumas anailísíochta an ghnóthais;
éifeachtaí scála agus raon feidhme ar bith a mbaineann an gnóthas tairbhe astu, lena n-áirítear maidir le sonraí, agus, i gcás inarb ábhartha, maidir lena ghníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas;
úsáideoirí gnó nó úsáideoirí deiridh a bheith glasáilte isteach, lena n-áirítear costais ar athrú a dhéanamh agus claontacht iompraíochta a chuireann isteach ar chumas úsáideoirí gnó agus úsáideoirí deiridh athrú nó ilfhrithing a dhéanamh;
struchtúr corparáideach ilchuideachta nó comhtháthú ceartingearach an ghnóthais sin, mar shampla, a chuireann ar chumas an ghnóthais sin tras-fhóirdheonú a dhéanamh, chun sonraí ó fhoinsí éagsúla a chomhcheangal, nó chun a sheasamh a ghiaráil; nó
saintréithe struchtúracha eile gnó nó seirbhíse.
Agus a mheasúnú á dhéanamh aige faoin mír seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh forbairtí intuartha maidir leis na gnéithe a liostaítear sa dara fomhír, lena n-áirítear aon chomhchruinnithe pleanáilte lena mbaineann gnóthas eile a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige nó seirbhísí eile á soláthar aige san earnáil dhigiteach nó a chumasaíonn sonraí a bhailiú.
I gcás nach sásaíonn gnóthas a bhfuil croísheirbhís ardáin á soláthar aige tairseacha cainníochtúla mhír 2, go ndéanann sé na bearta imscrúdaitheacha arna n-ordú ag an gCoimisiún a neamhchomhlíonadh ar bhealach suntasach, agus ina leanann an neamhchomhlíonadh sin ar aghaidh i ndiaidh don ghnóthas sin cuireadh a fháil comhlíonadh a dhéanamh laistigh de theorainn ama réasúnta agus tuairimí a chur isteach, féadfaidh an Coimisiún an gnóthas sin a ainmniú mar gheatóir bunaithe ar na fíorais atá ar fáil don Choimisiún.
Airteagal 4
Athbhreithniú ar stádas geatóirí
Féadfaidh an Coimisiún ar iarraidh a fháil nó ar a thionscnamh féin, cinneadh faoi ainmniú a glacadh de bhun Airteagal 3 a athmheas, a leasú nó a aisghairm tráth ar bith ar cheann de na cúiseanna seo a leanas:
tháinig athrú substaintiúil ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh an t-ainmniú orthu;
bunaíodh an cinneadh ainmniúcháin ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach.
Chomh maith leis sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú bliantúil ar a laghad ar cé acu a shásaíonn nó nach sásaíonn gnóthais nua a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige na ceanglais sin.
I gcás go gcinnfidh an Coimisiún, de bharr na n-athbhreithnithe de bhun na chéad fhomhíre, go bhfuil athrú tagtha ar na fíorais a raibh ainmniú na ngnóthas a bhí i mbun croísheirbhísí ardáin a sholáthar mar gheatóirí bunaithe orthu, glacfaidh sé cinneadh lena ndearbhófar, lena leasófar, nó lena n-aisghairfear an cinneadh ainmniúcháin.
Foilseoidh an Coimisiún liosta geatóirí agus liosta na gcroísheirbhísí ardáin nach mór dóibh na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidil III a chomhlíonadh ina leith agus tabharfaidh sé na liostaí sin cothrom le dáta ar bhonn leanúnach.
CAIBIDIL III
CLEACHTAIS NA NGEATÓIRÍ A CHUIREANN TEORAINN LE HINCHOIMHLINTEACHT NÓ ATÁ ÉAGÓRACH
Airteagal 5
Oibleagáidí geatóirí
Ní dhéanfaidh an geatóir aon cheann de na nithe seo a leanas:
sonraí pearsanta úsáideoirí deiridh a phróiseáil, chun críche seirbhísí fógraíochta ar líne a sholáthar, trí sheirbhísí tríú páirtithe a úsáideann croísheirbhísí ardáin an gheatóra a úsáid;
sonraí pearsanta ón gcroísheirbhís ardáin ábhartha a chomhcheangal le sonraí pearsanta ó chroísheirbhísí ardáin breise nó ó sheirbhísí eile ar bith arna soláthar ag an ngeatóir, nó le sonraí pearsanta ó sheirbhísí tríú páirtithe;
sonraí pearsanta a thras-úsáid ón gcroísheirbhís ardáin ábhartha i seirbhísí eile arna soláthar ar leithligh ag an ngeatóir, lena n-áirítear croísheirbhísí ardáin, agus vice-versa; agus
úsáideoirí deiridh a shíniú isteach i seirbhísí eile an gheatóra chun sonraí pearsanta a chomhcheangal,
mura rud é gur tugadh an rogha shonrach don úsáideoir deiridh agus gur thug sé toiliú de réir bhrí Airteagal 4, pointe (11), agus Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2016/679.
I gcás inar dhiúltaigh nó inar tharraing an t-úsáideoir deiridh siar an toiliú a tugadh chun críocha na chéad fhomhíre, ní dhéanfaidh an geatóir a iarraidh ar thoiliú chun na críche céanna breis is uair amháin laistigh d’achar bliana.
Tá an mhír seo gan dochar don fhéideartha go mbraithfidh an geatóir ar Airteagal 6(1), pointí (c), (d) agus (e) de Rialachán (AE) 2016/679, i gcás inarb infheidhme.
Soláthróidh an geatóir do gach fógróir a sholáthraíonn sé seirbhísí fógraíochta ar líne dó, nó do thríú páirtithe atá údaraithe ag fógróirí, arna iarraidh sin don fhógróir, faisnéis saor in aisce go laethúil, maidir le gach fógra a chuireann an fógróir ar taispeáint, maidir leis na nithe seo a leanas:
an praghas agus na táillí a íocann an fógróir sin, lena n-áirítear aon asbhaintí agus formhuirir, ar gach ceann de na seirbhísí ábhartha fógraíochta ar líne a sholáthraíonn an geatóir,
an luach saothair a fhaigheann an foilsitheoir, lena n-áirítear aon asbhaintí agus formhuirir, faoi réir thoiliú an fhoilsitheora; agus
an mhéadracht lena ríomhtar gach ceann de na praghsanna, na táillí agus na luachanna saothair.
I gcás nach dtoilíonn foilsitheoir leis an bhfaisnéis maidir leis an luach saothair a fhaightear a chomhroinnt, dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, soláthróidh an geatóir do gach fógróir faisnéis, agus í saor in aisce, i ndáil leis an meánluach saothair laethúil a fhaigheann an foilsitheoir sin, lena n-áirítear aon asbhaintí agus formhuirir, ar na fógraí ábhartha.
Soláthróidh an geatóir do gach foilsitheoir a sholáthraíonn sé seirbhísí fógraíochta ar líne dó, nó do thríú páirtithe atá údaraithe ag foilsitheoirí, arna iarraidh sin don fhoilsitheoir, faisnéis saor in aisce go laethúil maidir le gach fógra atá ar taispeáint ar fhardal an fhoilsitheora, maidir leis na nithe seo a leanas:
an luach saothair a fhaigheann sé agus na táillí a íocann an foilsitheoir sin, lena n-áirítear aon asbhaintí agus formhuirir, maidir le gach ceann de na seirbhísí ábhartha fógraíochta ar líne a sholáthraíonn an geatóir,
an praghas a íocann an fógróir, lena n-áirítear aon asbhaintí agus formhuirir, faoi réir thoiliú an fhógróra; agus
an mhéadracht ar a ríomhtar gach ceann de na praghsanna agus na luachanna saothair.
I gcás nach dtoilíonn fógróir leis an bhfaisnéis a chomhroinnt, soláthróidh an geatóir faisnéis saor in aisce do gach foilsitheoir maidir leis an meánphraghas laethúil a íocann an fógróir sin, lena n-áirítear aon asbhaintí agus formhuirir, ar na fógraí ábhartha.
Airteagal 6
Oibleagáidí do gheatóirí a bhféadfaí sonrú breise a dhéanamh orthu faoi Airteagal 8
Chun críocha an chéad fhomhír, cuimseoidh na sonraí nach bhfuil ar fáil go poiblí aon sonraí comhiomlánaithe agus neamh-chomhiomlánaithe a ghineann úsáideoirí gnó is féidir a thuiscint ó, nó a bhailiú trí ghníomhaíochtaí tráchtála úsáideoirí gnó nó a gcustaiméirí, lena n-áirítear sonraí cliceála, cuardaigh, amhairc agus gutha, maidir leis an croísheirbhísí ardáin ábhartha nó maidir le seirbhísí a sholáthraítear in éineacht le croísheirbhísí ardáin ábhartha an gheatóra nó mar thaca leo.
Tabharfaidh an geatóir cead do na húsáideoirí deiridh agus cuirfidh sé ar a gcumas teicniúil réamhshocruithe a athrú go héasca ar a chóras oibriúcháin, ar a chúntóir fíorúil agus ar a bhrabhsálaí gréasáin lena ndéantar úsáideoirí deiridh a sheoladh nó a stiúradh chuig táirgí nó seirbhísí a sholáthraíonn an geatóir. Cuimsíonn sé sin a iarraidh ar úsáideoirí deiridh, nuair a úsáideann na húsáideoirí deiridh innill chuardaigh ar líne, cúntóir fíorúil nó brabhsálaithe gréasáin an gheatóra atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9) den chéad uair, an t-inneall cuardaigh ar líne, cúntóir fíorúil nó brabhsálaí gréasáin a seolann nó a stiúrann córas oibriúcháin an gheatóra úsáideoirí chucu mar réamhshocrú, agus an t-inneall cuardaigh ar líne a seolann nó a stiúrann cúntóir fíorúil agus brabhsálaí gréasáin an gheatóra úsáideoirí chuige mar réamhshocrú, a roghnú ó liosta na bpríomhsholáthraithe seirbhíse atá ar fáil.
Ní bheidh cosc ar an ngeatóir bearta a dhéanamh, ar choinníoll nach rachaidh siad níos faide ná mar atá fíor-riachtanach agus comhréireach, lena áirithiú nach gcuirfidh feidhmchláir bogearraí nó siopaí feidhmchlár bogearraí ó thríú páirtithe sláine na gcrua-earraí nó an chórais oibriúcháin atá á sholáthar ag an ngeatóir i mbaol, ar choinníoll go dtugann an geatóir údar cuí le bearta comhréireacha den sórt sin.
Anuas air sin, ní choiscfear ar an ngeatóir bearta agus socruithe, seachas réamhshocruithe, a chur i bhfeidhm, ar choinníoll go bhfuil siad fíor-riachtanach agus comhréireach, lena gcuirfear ar chumas úsáideoirí deiridh slándáil a chosaint go héifeachtach maidir le feidhmchláir bogearraí tríú páirtí nó siopaí feidhmchlár bogearraí, ar choinníoll go dtugann an geatóir údar cuí leis na bearta agus socruithe seachas na réamhshocruithe.
Ní chuirfear cosc ar an ngeatóir bearta fíor-riachtanacha comhréireacha a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfidh idir-inoibritheacht sláine an chórais oibriúcháin, an chúntóra fhíorúil, na gcrua-earraí nó na ngnéithe bogearraí a sholáthraíonn an geatóir i mbaol, ar choinníoll go dtugann an geatóir údar cuí leis na bearta comhréireacha sin.
Chun na críche sin, foilseoidh an geatóir coinníollacha ginearálta na rochtana, lena n-áirítear sásra malartach um réiteach díospóidí.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cé acu a chloíonn nó nach gcloíonn na coinníollacha ginearálta a foilsíodh leis an mír seo.
Airteagal 7
Oibleagáid do gheatóirí maidir le hidir-inoibritheacht seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir
Déanfaidh an geatóir ar a laghad na feidhmiúlachtaí seo a leanas dá dtagraítear i mír 1, idir-inoibritheach i gcás go soláthraíonn an geatóir féin na feidhmiúlachtaí sin dá úsáideoirí deiridh féin:
tar éis a liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9):
teachtaireachtaí téacs ó cheann go ceann idir beirt úsáideoirí aonair deiridh;
íomhánna, teachtaireachtaí gutha, físeáin agus comhaid cheangailte eile a chomhroinnt trí chumarsáid ó cheann go ceann idir beirt úsáideoirí deiridh aonair.
laistigh de 2 bhliain ón ainmniú:
teachtaireachtaí téacs ó cheann go ceann idir grúpaí úsáideoirí aonair deiridh;
íomhánna, teachtaireachtaí gutha, físeáin agus comhaid cheangailte eile a chomhroinnt trí chumarsáid ó cheann go ceann idir comhrá grúpa agus úsáideoir deiridh aonair;
laistigh de 4 bhliain ón ainmniú:
glaonna gutha ó cheann go ceann idir beirt úsáideoirí aonair deiridh;
físghlaonna ó cheann go ceann idir beirt úsáideoirí aonair deiridh;
glaonna gutha ó cheann go ceann idir comhrá grúpa agus úsáideoir aonair deiridh;
físghlaonna ó cheann go ceann idir comhrá grúpa agus úsáideoir deiridh aonair.
Airteagal 8
Oibleagáidí do gheatóirí a chomhlíonadh
Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina sonrófar na bearta a chuirfidh an geatóir lena mbaineann chun feidhme chun na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 6 agus 7 a chomhlíonadh go héifeachtach. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin laistigh de 6 mhí ó imeachtaí a thionscnamh de bhun Airteagal 20 i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).
Agus tús á chur le himeachtaí aige ar a thionscnamh féin ar mhaithe le himchéimniú, de bhun Airteagal 13, féadfaidh bearta den sórt sin a bheith bainteach leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7.
San iarraidh uaidh, soláthróidh an geatóir aighneacht réasúnaithe chun na bearta atá sé i gceist aige a chur chun feidhme nó atá curtha chun feidhme aige a mhíniú. Thairis sin, soláthróidh an geatóir leagan neamhrúnda dá aighneacht réasúnaithe is ceadmhach a roinnt le tríú páirtithe de bhun mhír 6.
Maidir le himeachtaí de bhun mhír 2, féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh nó ar a thionscnamh féin, cinneadh a dhéanamh iad a oscailt an athuair sa chás:
inar tháinig athrú ábhartha ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh an cinneadh orthu; nó
gur bunaíodh an cinneadh ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach; nó
nach bhfuil na bearta mar atá sonraithe sa chinneadh éifeachtach.
Airteagal 9
Fionraí
Airteagal 10
Díolúine ar fhorais sláinte phoiblí agus slándáil phoiblí
Airteagal 11
Tuairisciú
Déanfaidh an geatóir an tuarascáil sin agus an achoimre neamhrúnda sin a nuashonrú go bliantúil ar a laghad.
Cuirfidh an Coimisiún nasc leis an achoimre neamhrúnda sin ar fáil ar a shuíomh gréasáin.
Airteagal 12
Oibleagáidí geatóirí maidir le nuashonrú
Beidh raon feidhme gnímh tharmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le mír 1 teoranta don mhéid seo a leanas:
oibleagáid nach bhfuil feidhm aici ach amháin maidir le croísheirbhísí ardáin áirithe a leathnú chuig croísheirbhísí ardáin eile a liostaítear in Airteagal 2, pointe (2);
oibleagáid a théann chun tairbhe d’úsáideoirí gnó áirithe nó úsáideoirí deiridh áirithe a leathnú ionas go rachaidh sé chun tairbhe d’úsáideoirí gnó eile nó d’úsáideoirí deiridh eile;
an modh a shonrú ina mbeidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6 le comhlíonadh ag geatóirí chun comhlíonadh éifeachtach na n-oibleagáidí sin a áirithiú;
síneadh a chur le hoibleagáid nach mbaineann ach le seirbhísí áirithe a sholáthraítear in éineacht le, nó mar thacaíocht do, chroísheirbhísí ardáin do sheirbhísí eile a sholáthraítear in éineacht le, nó mar thacaíocht do, chroísheirbhísí ardáin;
oibleagáid nach bhfuil feidhm aici ach maidir le cineálacha áirithe sonraí a leathnú chun go mbeidh feidhm aici maidir le cineálacha eile sonraí;
coinníollacha breise a chur isteach i gcás ina bhforchuireann oibleagáid coinníollacha áirithe ar iompar geatóra; nó
oibleagáid a chur i bhfeidhm a rialaíonn an gaol idir croísheirbhísí ardáin éagsúla an gheatóra maidir leis an ngaol idir croísheirbhís ardáin agus seirbhísí eile an gheatóra.
Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a bhunú ar imscrúdú margaidh de bhun Airteagal 19, inar sainaithníodh an gá atá leis na hoibleagáidí sin a choimeád cothrom le dáta chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais a chuireann teorainn le hinchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó atá éagórach ar an mbealach céanna leis na cleachtais ar tugadh aghaidh orthu leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7.
Measfar go gcuireann cleachtas dá dtagraítear i míreanna 1, 3 agus 4 teorainn le hinchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó é a bheith éagórach i gcás:
ina bhfuil geatóirí ag gabháil don chleachtas sin agus é in ann bac a chur ar an nuáil agus teorainn a chur leis an rogha d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí deiridh toisc:
go ndéanann sé difear d’inchoimhlinteacht chroísheirbhíse ardáin nó seirbhísí eile san earnáil dhigiteach, nó ina bhfuil an baol ann go ndéanfar difear dóibh ar bhonn marthanach de bharr bacainní iontrála a chruthú nó a neartú do ghnóthais eile nó forleathnú mar sholáthraithe croísheirbhíse ardáin nó seirbhísí eile san earnáil dhigiteach; nó
go gcuireann sé cosc ar oibreoirí eile an rochtain chéanna a bheith acu ar ionchur lárnach agus atá ag an ngeatóir; nó
ina bhfuil éagothroime idir cearta agus oibleagáidí úinéirí gnó agus go bhfuil buntáiste á fháil ag an ngeatóir as úsáideoirí gnó, ar buntáiste é atá díréireach leis an tseirbhís a sholáthraíonn an geatóir sin do na húsáideoirí gnó sin.
Airteagal 13
Frith-imchéimniú
Airteagal 14
An oibleagáid eolas a thabhairt faoi chomhchruinnithe
Tabharfaidh geatóir eolas don Choimisiún maidir le comhchruinniú den sórt sin sula gcuirfear chun feidhme é agus i ndiaidh an comhaontú a chur i gcrích, i ndiaidh an tairiscint phoiblí a fhógairt, nó i ndiaidh leas urlámhais a fháil.
Tabharfar tuairisc freisin san fhaisnéis arna cur ar fáil ag an ngeatóir, i gcás aon chroísheirbhísí ardáin ábhartha, ar a láimhdeachais bhliantúla Aontais, ar líon a n-úsáideoirí gnó gníomhacha bliantúla agus ar líon a n-úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla, faoi seach.
Cuirfidh an Coimisiún leas dlisteanach gnóthas a rúin ghnó a chosaint san áireamh.
Airteagal 15
Oibleagáid maidir le hiniúchadh
Cuirfidh an geatóir forléargas ar fáil go poiblí ar an tuairisc arna hiniúchadh dá dtagraítear i mír 1. Agus é sin á dhéanamh aige, beidh geatóir i dteideal an gá atá lena rúin ghnó a urramú a chur san áireamh. Déanfaidh an geatóir an tuairisc sin agus an forléargas neamhrúnda sin a nuashonrú go bliantúil ar a laghad.
CAIBIDIL IV
IMSCRÚDÚ MARGAIDH
Airteagal 16
Imscrúdú margaidh a thionscnamh
Maidir leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1, sonrófar an méid seo a leanas:
dáta tionscnaimh an imscrúdaithe margaidh;
tuairisc ar an gceist lena mbaineann an t-imscrúdú margaidh;
cuspóir an imscrúdaithe margaidh.
Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh atá dúnta aige a athoscailt i gcás:
inar tháinig athrú ábhartha ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh a cinneadh a glacadh de bhun Airteagal 17, 18 nó 19 orthu; nó
ina raibh an cinneadh a glacadh de bhun Airteagal 17, 18 nó 19 bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach.
Airteagal 17
Imscrúdú margaidh chun geatóirí a ainmniú
I gcás den sórt sin, féachfaidh an Coimisiún lena réamhchinntí de bhun mhír 2 den Airteagal seo a chur in iúl don ghnóthas lena mbaineann laistigh de 3 mhí ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointe (a).
Airteagal 18
Imscrúdú margaidh maidir le neamhchomhlíonadh córasach
Airteagal 19
Imscrúdú margaidh ar sheirbhísí nua agus ar chleachtais nua
Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus, i gcás inarb iomchuí, beidh an méid seo a leanas ag gabháil léi:
togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú chun seirbhísí breise laistigh den earnáil dhigiteach a chur san áireamh sa liosta de chroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), nó chun oibleagáidí nua a chur san áireamh i gCaibidil III; nó
dréachtghníomh tarmligthe lena bhforlíontar an Rialachán seo a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5 agus 6, nó dréachtghníomh tarmligthe lena leasaítear nó lena bhforlíontar an Rialachán seo maidir leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7, mar a fhoráiltear in Airteagal 12.
I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú faoi phointe (a) den dara fomhír a mholadh seirbhísí atá ann cheana a bhaint de liosta na gcroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), nó na hoibleagáidí atá ann cheana a bhaint d’Airteagal 5, 6 nó 7.
CAIBIDIL V
CUMHACHTAÍ IMSCRÚDAITHEACHA, FORFHEIDHMITHE AGUS FAIREACHÁIN
Airteagal 20
Imeachtaí a thionscnamh
Airteagal 21
Iarrataí ar fhaisnéis
Airteagal 22
An chumhacht chun agallaimh a reáchtáil agus ráitis a thógáil
Airteagal 23
Cumhachtaí chun cigireachtaí a dhéanamh
Tá sé de chumhacht ag na hoifigigh agus ag daoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún cigireacht a dhéanamh:
dul isteach in áitreabh, talamh agus modh iompair gnóthais agus comhlachais gnóthas;
scrúdú a dhéanamh ar na leabhair agus ar na taifid eile a bhaineann leis an ngnó, gan beann ar an meán ar a stóráiltear iad;
cóipeanna de na leabhair nó na taifid sin nó sleachta astu a thógáil nó a fháil i bhfoirm ar bith;
ceangal a chur ar an ngnóthas nó ar an gcomhlachas gnóthas rochtain agus mínithe a sholáthar ar a eagrú, a fheidhmiú, córas TF, algartaim, cleachtais láimhseála sonraí agus cleachtais ghnó agus na mínithe arna dtabhairt a thaifeadadh nó a dhoiciméadú trí aon mhodh teicniúil;
aon áitreabh gnó agus leabhair agus taifid a shéalú don tréimhse agus a mhéid atá riachtanach le haghaidh na cigireachta;
a iarraidh ar aon ionadaí ón ngnóthas nó ón gcomhlachas gnóthas nó ar aon bhall foirne den ghnóthas nó den chomhlachas gnóthas mínithe a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir an iniúchta agus na freagraí a thaifeadadh trí aon mhodh teicniúil.
Airteagal 24
Bearta eatramhacha
I gcás práinne, de bharr go bhfuil baol ann go mbeadh damáiste tromchúiseach agus doleigheasta i gceist le haghaidh úsáideoirí gnó nó úsáideoirí deiridh geatóirí, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena n-ordófar bearta eatramhacha in aghaidh geatóra ar bhonn cinneadh prima facie gur sáraíodh Airteagal 5, 6 nó 7. Ní ghlacfar an gníomh cur chun feidhme sin ach amháin i gcomhthéacs imeachtaí arna dtionscnamh d’fhonn go bhféadfaí cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh de bhun Airteagal 29(1). Ní bheidh feidhm aige ach ar feadh tréimhse shonraithe agus féadfar iad a athnuachan a mhéid atá sé sin riachtanach agus iomchuí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).
Airteagal 25
Gealltanais
Féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh a fháil nó ar a thionscnamh féin, na himeachtaí ábhartha a athoscailt le cinneadh, i gcás:
inar tháinig athrú ábhartha ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh an cinneadh orthu;
ina ngníomhaíonn an geatóir lena mbaineann contrártha dá ghealltanais;
ina raibh an cinneadh bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach a sholáthair na páirtithe;
nach bhfuil na gealltanais éifeachtach.
Airteagal 26
Faireachán ar oibleagáidí agus ar bhearta
Airteagal 27
Faisnéis ó thríú páirtithe
Airteagal 28
Feidhm chomhlíonta
Áiritheoidh comhlacht bainistíochta an gheatóra freisin gur bainisteoir sinsearach neamhspleách é an ceann sin ar a bhfuil freagracht ar leith as an bhfeidhm chomhlíonta.
Ní bhainfear ceann na feidhme comhlíonta gan formheas roimh ré ó chomhlacht bainistíochta an gheatóra.
Beidh na cúraimí seo a leanas ar oifigigh chomhlíontachta arna gceapadh ag an ngeatóir de bhun mhír 1:
eagrú, faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar bhearta agus gníomhaíochtaí na ngeatóirí a bhfuil sé mar aidhm leo comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú;
bainistíocht agus fostaithe an gheatóra a chur ar an eolas faoi chomhlíonadh an Rialacháin seo agus comhairle a chur ar fáil ina leith sin;
i gcás inarb infheidhme, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngealltanas arna ndéanamh ceangailteach de bhun Airteagal 25, gan dochar do chumas an Choimisiúin saineolaithe seachtracha neamhspleácha a cheapadh de bhun Airteagal 26(2);
comhoibriú leis an gCoimisiún chun críche an Rialacháin seo.
Airteagal 29
Neamhchomhlíonadh
Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagfar amach a chinneadh go bhfuil neamhchomhlíonadh ann (“an cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh”) i gcás ina gcinnfidh sé nach gcomhlíonann an geatóir ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:
aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5, 6 nó 7;
bearta arna sonrú ag an gCoimisiún i gcinneadh a glacadh de bhun Airteagal 8(2);
leigheasanna arna bhforchur de bhun Airteagal 18(1);
bearta eatramhacha arna n-ordú de bhun Airteagal 24; nó
gealltanais a ndearnadh ceangailteach de réir dlí iad de bhun Airteagal 25.
Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).
Airteagal 30
Fíneálacha
Sa chinneadh maidir le neamhchomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún fíneálacha nach mó ná 10 % dá láimhdeachas domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin a fhorchur ar gheatóir i gcás ina gcinnfidh sé nach gcomhlíonann an geatóir, d’aon ghnó nó le faillí:
aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7;
bearta arna sonrú ag an gCoimisiún i gcinneadh a glacadh de bhun Airteagal 8(2);
leigheasanna arna bhforchur de bhun Airteagal 18(1);
bearta eatramhacha arna n-ordú de bhun Airteagal 24; nó
gealltanais a ndearnadh ceangailteach de réir dlí iad de bhun Airteagal 25.
Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, lena bhforchuirtear ar ghnóthais agus, lena n-áirítear geatóirí i gcás inarb infheidhme, ar chomhlachais gnóthas, fíneálacha nach mó ná 1 % dá láimhdeachas domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin i gcás, d’aon ghnó nó le faillí:
nach soláthraíonn siad faisnéis atá riachtanach chun a n-ainmniú mar gheatóirí laistigh den teorainn ama de bhun Airteagal 3 nó ina soláthraíonn siad faisnéis atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach;
nach gcomhlíonann siad an oibleagáid fógra a thabhairt don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 3(3) a chomhlíonadh;
nach dtugann siad fógra faoi fhaisnéis nó ina ndéanann siad faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar, ar faisnéis í a cheanglaítear a thabhairt de bhun Airteagal 14;
nach gcuireann siad an tuairisc isteach, nó ina ndéanann siad faisnéis atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach a sholáthar, ar faisnéis í a cheanglaítear de bhun Airteagal 15;
nach ndéanann siad rochtain a thabhairt ar shonraí, ar algartaim nó ar fhaisnéis faoi thástáil mar fhreagra ar iarraidh arna dhéanamh de bhun Airteagal 21(3);
nach ndéanann siad faisnéis a iarradh a sholáthar laistigh den teorainn ama a socraíodh de bhun Airteagal 21(3) nó faisnéis nó míniúchán atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach a iarrtar de bhun Airteagail 21 nó a tugadh in agallamh de bhun Airteagal 22;
nach gceartaíonn siad, laistigh de theorainn ama arna socrú ag an gCoimisiún, faisnéis atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach, a thug ionadaí nó ball foirne, nó nach soláthraíonn siad nó ina ndiúltaíonn siad faisnéis iomlán a sholáthar maidir le fíorais a bhaineann le hábhar agus le cuspóir cigireachta de bhun Airteagal 23;
ina ndiúltaíonn siad géilleadh do chigireacht de bhun Airteagal 23;
nach gcomhlíonann siad na hoibleagáidí arna bhforchur ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 26;
nach dtugann siad feidhm chomhlíonta isteach i gcomhréir le hAirteagal 28; nó
nach gcomhlíonann siad na coinníollacha maidir le rochtain ar chomhad an Choimisiúin de bhun Airteagal 34(4).
I gcás nár íocadh ranníocaíochtaí den sórt sin leis an gcomhlachas gnóthas laistigh de theorainn ama arna socrú ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal go ndéanfaidh ceann ar bith de na gnóthais a raibh a gcuid ionadaithe ina gcomhaltaí de chomhlachtaí cinnteoireachta an chomhlachais sin lena mbaineann an fhíneáil a íoc go díreach.
I ndiaidh a chur de cheangal go ndéanfaí íocaíocht i gcomhréir leis an dara fomhír, féadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal ar chomhaltaí ar bith den chomhlachas gnóthas an fuílleach a íoc, i gcás inar gá a dhéanamh amhlaidh chun íocaíocht iomlán na fíneála a áirithiú.
Ní chuirfidh an Coimisiún de cheangal, áfach, go ndéanfaí íocaíocht ó ghnóthais, de bhun an dara agus an tríú fomhír, ar gnóthais iad a thaispeánann nár chuir siad cinneadh chomhlachas na ngnóthas a sháraigh an Rialachán sin chun feidhme, agus nárbh eol dóibh é a bheith ann nó gur dhealaigh siad iad féin go gníomhach uaidh sular thionscain an Coimisiún imeachtaí faoi Airteagal 20.
Ní rachaidh dliteanas airgeadais gach gnóthais maidir le híocaíocht na fíneála thar 20 % dá láimhdeachas domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin.
Airteagal 31
Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirtear íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla nach mó ná 5 % den mheánláimhdeachas domhanda laethúil sa bhliain airgeadais roimhe sin a fhorchur in aghaidh an lae ar ghnóthais, lena n-áirítear geatóirí i gcás inarb infheidhme, agus ar chomhlachais ghnóthas, arna ríomh ón dáta a socraíodh leis an gcinneadh sin, chun iallach a chur orthu:
na bearta a shonraigh an Coimisiún de bhun cinneadh faoi Airteagal 8(2) a chomhlíonadh;
an cinneadh de bhun Airteagal 18(1) a chomhlíonadh;
faisnéis atá ceart agus iomlán a sholáthar laistigh den teorainn ama a cheanglaítear de bharr iarrata ar fhaisnéis arna déanamh de bhun Airteagal 21;
rochtain ar shonraí, ar algartaim agus ar fhaisnéis faoi thástáil mar fhreagairt ar iarraidh arna déanamh de bhun Airteagal 21(3) a áirithiú agus míniúcháin orthu sin a sholáthar de réir mar a cheanglaítear le cinneadh de bhun Airteagal 21;
géilleadh do chigireacht arna hordú le cinneadh a rinneadh de bhun Airteagal 23;
cinneadh lena n-ordaítear bearta idirlinne a dhéanamh de bhun Airteagal 24 a chomhlíonadh;
gealltanais a ndearnadh ceangailteach de réir dlí iad de bhun Airteagal 25(1) a chomhlíonadh;
cinneadh de bhun Airteagal 29(1) a chomhlíonadh.
Airteagal 32
Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorchur
Brisfidh aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún chun críche imscrúdaithe margaidh nó imeachtaí maidir le sárú an tréimhse theorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur. Brisfear an tréimhse theorann le héifeacht ón dáta a thabharfar fógra faoin ngníomhaíocht do ghnóthas nó do chomhlachas gnóthas amháin ar a laghad a bhí rannpháirteach sa sárú. Áireofar iad seo a leanas go háirithe leis na gníomhaíochtaí a bhrisfidh áireamh na tréimhse:
iarrataí ar fhaisnéis ag an gCoimisiún;
údaruithe i scríbhinn chun cigireachtaí a dhéanamh arna n-eisiúint dá oifigigh ag an gCoimisiún;
tionscnamh imeachta ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20.
Airteagal 33
Tréimhsí teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú
Brisfear an tréimhse theorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú:
le fógra a thugtar maidir le cinneadh lena n-athraítear méid bunaidh na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla nó lena ndiúltaítear iarraidh ar athrú; nó
le gníomhaíocht ar bith a dhéanfaidh an Coimisiún nó a dhéanfaidh Ballstát, ag gníomhú arna iarraidh sin don Choimisiún, agus a cheaptar chun íocaíocht na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a fhorfheidhmiú.
Beidh an tréimhse theorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú ar fionraí a fhad:
a cheadaítear am le haghaidh íocaíochta; nó
a chuirtear forfheidhmiú íocaíochta ar fionraí de bhun breith ón gCúirt Bhreithiúnais nó de bhun breith ó chúirt náisiúnta.
Airteagal 34
An ceart chun éisteacht a fháil agus rochtain a fháil ar an gcomhad
Sula nglacfaidh sé cinneadh de bhun Airteagal 8, Airteagal 9(1), Airteagal 10(1), Airteagail 17, 18, 24, 25, 29 agus 30 agus Airteagal 31(2), tabharfaidh an Coimisiún deis don gheatóir nó don ghnóthas nó don chomhlachas gnóthas lena mbaineann éisteacht a fháil maidir leis na nithe seo a leanas:
na réamhchinntí ón gCoimisiún, lena n-áirítear ábhar ar bith a ndearna an Coimisiún agóid ina aghaidh; agus
bearta a d’fhéadfadh sé a bheith i gceist ag an gCoimisiún a dhéanamh i bhfianaise na réamhchinntí de bhun phointe (a) den mhír seo.
Airteagal 35
Tuairisciú bliantúil
Áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1:
achoimre ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin lena n-áirítear aon bhearta nó cinntí a glacadh agus imscrúduithe margaidh leanúnacha i dtaca leis an Rialachán seo;
na torthaí ar an bhfaireachán a rinneadh ar chur chun feidhme na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a rinne na geatóirí;
measúnú ar an tuairisc arna hiniúchadh dá dtagraítear in Airteagal 15;
forléargas ar an gcomhar idir an Coimisiún agus údaráis náisiúnta i dtaca leis an Rialachán seo;
forléargas ar na gníomhaíochtaí agus na cúraimí a rinne Grúpa Ardleibhéil na Rialtóirí Digiteacha, lena n-áirítear an chaoi a gcuirfear chun feidhme a chuid moltaí a mhéid a bhaineann le forfheidhmiú an Rialacháin seo.
Airteagal 36
Rúndacht ghairmiúil
Airteagal 37
Comhar leis na húdaráis náisiúnta
Airteagal 38
Comhar agus comhordú le húdaráis náisiúnta inniúla a fhorfheidhmíonn rialacha iomaíochta
Le tionscnamh imeachtaí ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20, bainfear d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát a fhorfheidhmíonn na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(6) an fhéidearthacht imscrúdú den sórt sin a dhéanamh nó deireadh a chur leis i gcás ina bhfuil sé ar bun cheana féin. Tuairisceoidh na húdaráis sin don Choimisiún maidir le cinntí an imscrúdaithe sin chun tacú leis an gCoimisiún ina ról mar fhorfheidhmitheoir aonair an Rialacháin seo.
Airteagal 39
Comhar leis na cúirteanna náisiúnta
Airteagal 40
An grúpa ardleibhéil
Beidh an grúpa ardleibhéil comhdhéanta de na comhlachtaí agus gréasáin Eorpacha seo a leanas:
Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach,
an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí,
an Gréasán Eorpach Iomaíochta,
an Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí, agus
Grúpa Eorpach Rialála Rialálaithe na Meán Closamhairc.
Féadfaidh an grúpa ardleibhéil a sholáthar don Choimisiún comhairle agus saineolas sna réimsí a thagann laistigh d’inniúlachtaí a chomhaltaí, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
comhairle agus moltaí laistigh dá réimsí saineolais atá ábhartha i dtaca le haon ábhar ginearálta cur chun feidhme nó forfheidhmithe an Rialacháin seo; nó
comhairle agus saineolas a chuireann cur chuige rialála comhsheasmhach chun cinn thar ionstraimí rialála éagsúla.
Airteagal 41
Iarraidh ar imscrúdú margaidh
Féadfaidh trí Bhallstát nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh de bhun Airteagal 19 mar go measann siad go bhfuil forais réasúnta ann chun amhras a bheith ann gur fíor ceann acu seo a leanas:
ba cheart seirbhís amháin nó níos mó laistigh den earnáil dhigiteach a chur leis an liosta de chroísheirbhísí ardáin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (2), nó
ní thugtar aghaidh go héifeachtach leis an Rialachán seo ar chleachtas amháin nó níos mó agus d’fhéadfadh an cleachtas nó na cleachtais sin inchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin a theorannú nó a bheith éagórach.
Airteagal 42
Caingne ionadaíocha
Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2020/1828 maidir le caingne ionadaíocha a thugtar in aghaidh sáruithe geatóirí ar fhorálacha den Rialachán seo lena ndéantar dochar do nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh leis do chomhleasanna tomhaltóirí.
Airteagal 43
Sáruithe a thuairisciú agus cosaint daoine a dhéanann tuairisciú
Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2019/1937 maidir le gach sárú ar an Rialachán seo a thuairisciú agus maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe den sórt sin.
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 44
Cinntí a fhoilsiú
Airteagal 45
Athbhreithniú ag an gCúirt Bhreithiúnais
I gcomhréir le hAirteagal 261 CFAE, tá dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir an Coimisiún fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a forchuireadh a chur ar ceal, a laghdú nó a mhéadú.
Airteagal 46
Forálacha cur chun feidhme
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos socruithe mionsonraithe chun an méid seo a leanas a chur i bhfeidhm:
foirm, inneachar agus sonraí eile fógraí agus aighneachtaí de bhun Airteagal 3;
foirm, inneachar agus sonraí eile na mbeart teicniúil a chuirfidh geatóirí chun feidhme chun comhlíonadh Airteagal 5, 6 nó 7 a áirithiú;
socruithe oibríochtúla agus teicniúla d’fhonn idir-inoibritheacht sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir de bhun Airteagail 7;
foirm, inneachar agus sonraí eile na hiarrata réasúnaithe de bhun Airteagal 8(3);
foirm, inneachar agus sonraí eile na n-iarrataí réasúnaithe de bhun Airteagail 9 agus 10;
foirm, inneachar agus sonraí eile na dtuarascálacha rialála arna seachadadh de bhun Airteagal 11;
an mhodheolaíocht agus an nós imeachta le haghaidh na tuairisce arna hiniúchadh ar theicnící a úsáidtear chun tomhaltóirí a phróifíliú dá bhforáiltear in Airteagal 15(1); agus dréachtghníomh cur chun feidhme á fhorbairt chun na críche sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus féadfaidh sé dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, an tsochaí shibhialta agus saineolaithe ábhartha eile
foirm, inneachar agus sonraí eile fógraí agus aighneachtaí arna ndéanamh de bhun Airteagail 14 agus 15;
socruithe praiticiúla do na himeachtaí a bhaineann leis na himscrúduithe margaidh de bhun Airteagail 17, 18 agus 19, agus a bhaineann le himeachtaí de bhun Airteagail 24, 25 agus 29;
na socruithe praiticiúla chun cearta éisteachta a fheidhmiú dá bhforáiltear in Airteagal 34;
na socruithe praiticiúla le haghaidh na dtéarmaí nochta dá bhforáiltear in Airteagal 34;
na socruithe praiticiúla don chomhar agus don chomhordú idir an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagail 37 agus 38; agus
na socruithe praiticiúla le haghaidh ríomh agus síneadh spriocdhátaí.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, pointe (l), den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(3).
Airteagal 47
Treoirlínte
Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh maidir le haon ghné den Rialachán seo chun a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú éifeachtach a éascú.
Airteagal 48
Caighdeánú
I gcás inarb iomchuí agus inar gá, féadfaidh an Coimisiún sainordú a thabhairt do na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú cur chun feidhme na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a éascú trí chaighdeáin iomchuí a fhorbairt.
Airteagal 49
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 50
An nós imeachta coiste
I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.
Airteagal 51
Leasú ar Threoir (AE) 2019/1937
I bPointe J de Chuid I den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/1937, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 21.9.2022, lch. 1).”
Airteagal 52
Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2020/1828, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 21.9.2022, lch. 1).”
Airteagal 53
Athbhreithniú
Airteagal 54
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 12 Aibreán 2023.
Beidh feidhm, áfach, ag Airteagal 3(6) agus (7) agus Airteagail 40, 46, 47, 48, 49 agus 50 ón 11 Deireadh Fómhair 2022 agus beidh feidhm ag Airteagal 42 agus Airteagal 43 ón 25 Meitheamh 2023.
Mar sin féin, i gcás ina dtagann an dáta an 25 Meitheamh 2023 roimh an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fhomhír den Airteagal seo, cuirfear siar cur i bhfeidhm Airteagal 42 agus Airteagal 43 go dtí an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fhomhír den Airteagal seo.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN
A. “Ginearálta”
1. Is é is aidhm don Iarscríbhinn seo an mhodheolaíocht a shonrú chun “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh le haghaidh gach croísheirbhíse ardáin a liostaítear in Airteagal 2 pointe (2). Feidhmíonn sé mar thagairt a chuireann ar chumas gnóthais a mheasúnú an gcomhlíonann a chroísheirbhisí ardáin na tairseacha cainníochtúla a leagtar amach in Airteagal 3(2) pointe (b) agus glacadh leis, dá bhrí sin, go gcomhlíonann siad an ceanglas in Airteagal 3(1) pointe (b). Beidh an tagairt sin chomh hábhartha céanna, dá bhrí sin, in aon mheasúnú níos leithne faoi Airteagal 3(8). Is faoin ngnóthas atá sé teacht ar an neastachán is fearr is féidir i gcomhréir leis na prionsabail choiteanna agus leis an modheolaíocht shonrach a leagtar amach san Iarscríbhinn seo. Ní choisceann aon ní san Iarscríbhinn seo ar an gCoimisiún, laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos i bhforálacha ábhartha an Rialacháin seo, ceangal a chur ar an ngnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige aon fhaisnéis is gá a sholáthar chun na “húsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “na húsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh. Níor cheart aon ní san Iarscríbhinn seo a bheith ina bhunús dlí chun úsáideoirí a rianú. Beidh an mhodheolaíocht atá san Iarscríbhinn seo gan dochar freisin d’aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, in Airteagal 3(3) agus (8) agus Airteagal 13(3) go háirithe. Go háirithe, ceanglaítear le comhlíonadh Airteagal 13(3) freisin go gcaithfear “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh bunaithe ar thomhas beacht nó ar an neastachán is fearr atá ar fáil – i gcomhréir leis na hacmhainneachtaí aitheantais agus ríofa iarbhír atá ag an ngnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige ag an bpointe ama ábhartha. Beidh na tomhais sin nó an neastachán is fearr dá bhfuil ar fáil ag teacht leis na tomhais a thuairiscítear faoi Airteagal 15, a bheidh san áireamh iontu.
2. Leagtar amach in Airteagal 2 pointí (20) agus (21) na sainmhínithe ar “úsáideoir deiridh” agus “úsáideoir gnó”, ar sainmhínithe iad is coiteann do gach croísheirbhís ardáin.
3. Chun líon na “n-úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus líon na “n-úsáideoirí gnó gníomhacha” a shainaithint agus a ríomh, tagraítear san Iarscríbhinn seo don choincheap “úsáideoirí uathúla”. Leis an gcoincheap “úsáideoirí uathúla”, cuimsítear “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha”, nach gcomhairtear ach uair amháin, don chroísheirbhís ardáin ábhartha, le linn tréimhse shonraithe ama (i.e. mí i gcás “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus bliain i gcás “úsáideoirí gnó gníomhacha”), is cuma cé mhéad uair a bhí siad ag plé leis an gcroísheirbhís ardáin ábhartha i gcaitheamh na tréimhse sin. Beidh an méid sin gan dochar don fhíoras gur féidir leis an duine nádúrtha nó dlítheanach céanna a bheith ina “úsáideoir deiridh gníomhach” nó ina “úsáideoir gnó gníomhach” ag an am céanna i gcás croísheirbhísí ardáin éagsúla.
B. “Úsáideoirí deiridh gníomhacha”
1. Déanfar an líon “úsáideoirí uathúla” a mhéid a bhaineann le “húsáideoirí deiridh gníomhacha” a shainaithint de réir an mhéadraigh is beaichte arna thuairisciú ag an ngnóthas a bhfuil ceann ar bith de na croísheirbhísí ardáin á sholáthar aige, go sonrach:
Meastar go mbainfeadh an riosca dúblála is lú, prima facie, le sonraí a bhailítear faoi úsáid croíseirbhísí ardáin ó thimpeallachtaí ina sínítear isteach nó ina logáiltear isteach, i ndáil le hiompar úsáideoirí ar fheistí nó ardáin éagsúla, mar shampla. Dá bhrí sin, déanfaidh an gnóthas sonraí anaithnidithe chomhiomlána a thíolacadh maidir le líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla do gach croísheirbhís ardáin faoi seach bunaithe ar thimpeallachtaí ina sínítear nó ina logáiltear isteach, más ann do na sonraí sin.
I gcás croísheirbhísí ardáin a mbíonn rochtain ag úsáideoirí deiridh orthu freisin lasmuigh de thimpeallachtaí ina sínítear nó ina logáiltear isteach, déanfaidh an gnóthas sonraí anaithnidithe chomhiomlána a thíolacadh freisin maidir le líon úsáideoirí deiridh uathúla na croísheirbhíse ardáin faoi seach bunaithe ar mhéadrach malartach a ghabhann úsáideoirí deiridh freisin lasmuigh de thimpeallachtaí ina sínítear nó ina logáiltear isteach, amhail seoltaí prótacail idirlín, aitheantóirí fianán nó aitheantóirí eile amhail clibeanna aitheantais radaimhinicíochta, ar choinníoll go bhfuil na seoltaí nó na haitheantóirí sin riachtanach go hoibiachtúil chun na croísheirbhísí ardáin a sholáthar.
2. Bunaítear an líon “úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla” ar mheánlíon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla sa chuid is mó den bhliain airgeadais. Is é is aidhm don choincheap “an chuid is mó den bhliain airgeadais” deis a thabhairt do ghnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige figiúirí asluiteacha i mbliain ar leith a fhágáil as an áireamh. Ciallaíonn figiúirí asluiteacha go bunúsach figiúirí a luíonn go mór lasmuigh de na gnáthfhigiúirí agus na figiúirí intuartha. Buaic nó laghdú ar rannpháirtíocht úsáideoirí a tharla le linn aon mhí amháin den bhliain airgeadais, d’fhéadfadh sé sin a bheith ina shampla d’fhigiúirí asluiteacha den sórt sin. Ní figiúirí asluiteacha iad figiúirí a bhaineann le tarluithe athfhillteacha bliantúla, amhail tionscnaimh díolacháin bhliantúla
C. “Úsáideoirí gnó gníomhacha”
Is ar leibhéal an chuntais, i gcás inarb infheidhme, a chinntear an líon “úsáideoirí uathúla” a mhéid a bhaineann le “húsáideoirí gnó gníomhacha” agus gach cuntas gnó ar leith comhlachaithe le húsáid croísheirbhíse ardáin arna soláthar ag an ngnóthas arb é atá ann úsáideoir gnó uathúil amháin de chuid na croísheirbhíse ardáin sin faoi seach. Mura bhfuil feidhm ag an gcoincheap “cuntas gnó” maidir le croísheirbhís ardáin ar leith, cinnfidh an gnóthas ábhartha a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige líon na n-úsáideoirí gnó uathúla trí thagairt a dhéanamh don ghnóthas ábhartha.
D. “Faisnéis a chur isteach”
1. Maidir leis an ngnóthas a chuireann faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 3(3) faoi líon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha agus líon na n-úsáideoirí gnó gníomhacha i gcás gach croísheirbhíse ardáin ar leith, beidh sé freagrach as iomláine agus cruinneas na faisnéise sin a áirithiú. I ndáil leis sin:
Beidh an gnóthas freagrach as sonraí a chur isteach le haghaidh croísheirbhís ardáin faoi seach, ionas nach ndéantar gannáireamh ná ró-áireamh ar líon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha agus líon na n-úsáideoirí gnó gníomhacha (mar shampla i gcás ina bhfuil rochtain ag úsáideoirí ar na croísheirbhísí ardáin ar ardáin nó ar fheistí éagsúla).
Beidh an gnóthas freagrach as mínithe beachta agus gonta a thabhairt ar an modheolaíocht a úsáideadh chun teacht ar an bhfaisnéis agus as aon riosca a bhaineann le líon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha agus líon na n-úsáideoirí gnó gníomhacha a ghannáireamh nó a ró-áireamh i gcás croísheirbhís ardáin faoi seach agus maidir leis na réitigh a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sin.
Cuirfidh an gnóthas sonraí ar fáil, ar sonraí iad atá bunaithe ar mhéadrach malartach, nuair a bheidh imní ar an gCoimisiún faoi chruinneas na sonraí arna soláthar ag an ngnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige.
2. Chun an líon “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus “úsáideoirí gnó gníomhacha” a ríomh:
An gnóthas a bhfuil croísheirbhís(í) ardáin á soláthar aige, ní shainaithneoidh sé croísheirbhísí ardáin a bhaineann leis an gcatagóir chéanna croísheirbhísí ardáin de bhun Airteagal 2 pointe (2) ar leithligh, go príomha ar an mbonn go soláthraítear iad agus ainmneacha fearainn éagsúla in úsáid – is cuma cé acu fearainn bharrleibhéil cód tíre (ccTLDanna) nó fearainn bharrleibhéil chineálacha (gTLDanna) – nó saintréithe geografacha éigin atá i gceist.
An gnóthas a bhfuil croísheirbhís(í) ardáin á soláthar aige, measfaidh sé gur croísheirbhísí ardáin ar leithligh iad na croísheirbhísí ardáin sin a úsáideann a n-úsáideoirí deiridh nó a n-úsáideoirí gnó, nó iad araon, iad chun críoch éagsúil, fiú más ionann a n-úsáideoirí deiridh agus a n-úsáideoirí gnó agus fiú má bhaineann siad leis an gcatagóir chéanna croísheirbhísí ardáin de bhun Airteagal 2 pointe (2).
An gnóthas a bhfuil croísheirbhís(í) ardáin á soláthar aige, measfaidh sé gur croísheirbhísí ardáin ar leithligh iad na seirbhísí sin a thairgeann an gnóthas ábhartha ar bhealach comhtháite, ach:
nach mbaineann leis an gcatagóir chéanna croísheirbhísí ardáin de bhun Airteagal 2 pointe (2) nó
,a úsáideann a n-úsáideoirí deiridh nó a n-úsáideoirí gnó, nó iad araon, iad chun críoch éagsúil, fiú más ionann a n-úsáideoirí deiridh agus a n-úsáideoirí gnó agus fiú má bhaineann siad leis an gcatagóir chéanna croísheirbhísí ardáin de bhun Airteagal 2, pointe (2).
E. “Sainmhínithe sonracha”
Leagtar amach sa tábla thíos sainmhínithe sonracha ar “úsáideoirí deiridh gníomhacha” agus ar “úsáideoirí gnó gníomhacha” le haghaidh gach croísheirbhíse ardáin.
|
Croísheirbhísí ardáin |
Úsáideoirí deiridh gníomhacha |
Úsáideoirí gnó gníomhacha |
|
Seirbhísí idirghabhála ar líne |
Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an tseirbhís idirghabhála ar líne uair amháin sa mhí ar a laghad, mar shampla, trí logáil isteach go gníomhach, fiosrú a dhéanamh, cliceáil nó scrollú nó trí idirbheart a thabhairt i gcrích tríd an tseirbhís idirghabhála ar líne uair sa mhí ar a laghad. |
Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a raibh mír amháin ar a laghad liostaithe sa tseirbhís idirghabhála ar líne acu i gcaitheamh na bliana iomláine nó a thug idirbheart i gcrích arna chumasú ag an tseirbhís idirghabhála ar líne i gcaitheamh na bliana. |
|
Innill chuardaigh ar líne |
Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an inneall cuardaigh ar líne uair sa mhí ar a laghad, mar shampla, trí fhiosrú a dhéanamh. |
Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a bhfuil suíomhanna gréasáin gnó acu (i.e. suíomh gréasáin a úsáidtear i gcáil tráchtála nó ghairmiúil) atá innéacsaithe ag innéacs an innill cuardaigh ar líne nó ar cuid den innéacs sin iad i gcaitheamh na bliana. |
|
Seirbhísí líonraithe shóisialta ar líne |
Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an tseirbhís líonraithe shóisialta ar líne uair amháin ar a laghad sa mhí, mar shampla trí logáil isteach go gníomhach, leathanach a oscailt, scrollú, cliceáil, “is maith liom” a thabhairt, fiosrú a dhéanamh, postáil nó tuairim a thabhairt. |
Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a bhfuil liostú gnó nó cuntas gnó acu sa tseirbhís líonraithe shóisialta ar líne agus a mbíonn baint acu leis an tseirbhís ar bhealach ar bith ar a laghad uair amháin i gcaitheamh na bliana, mar shampla trí logáil isteach go gníomhach, leathanach a oscailt, scrollú, cliceáil, “is maith liom” a thabhairt, fiosrú a dhéanamh, postáil nó tuairim a thabhairt nó a huirlisí a úsáid do ghnólachtaí. |
|
Seirbhísí ardáin comhroinnte físeán |
Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an tseirbhís ardáin comhroinnte físeán uair amháin sa mhí ar a laghad, mar shampla, trí dheighleán d’inneachar closamhairc a chasadh, trí fhiosrú a dhéanamh nó trí phíosa inneachair closamhairc a uaslódáil, lena n-áirítear go háirithe físeáin arna nginiúint ag úsáideoirí. |
Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a sholáthair ar a laghad píosa amháin inneachair closamhairc a uaslódáladh nó a casadh ar an tseirbhís ardáin comhroinnte físeán i gcaitheamh na bliana. |
|
Seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir |
Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a thionscain nó a ghlac páirt ar bhealach ar bith i gcumarsáid tríd an tseirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir uair amháin ar a laghad sa mhí. |
Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a d’úsáid cuntas gnó nó a thionscain nó a ghlac páirt ar bhealach ar bith i gcumarsáid tríd an tseirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun cumarsáid a dhéanamh go díreach le húsáideoir deiridh uair amháin ar a laghad i gcaitheamh na bliana. |
|
Córais oibriúcháin |
Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a d’úsáid feiste leis an gcóras oibriúcháin, a rinneadh é gníomhachtú, a nuashonrú nó a úsáid uair amháin ar a laghad sa mhí. |
Líon na bhforbróirí uathúla a d’fhoilsigh, a nuashonraigh nó a thairg feidhmchlár bogearraí nó ríomhchlár bogearraí amháin ar a laghad ag baint úsáid as an teanga ríomhchlárúcháin nó aon uirlisí forbartha bogearraí den chóras oibriúcháin, nó a ritheann ar bhealach ar bith air, i gcaitheamh na bliana. |
|
Cúntóir fíorúil |
Líon na n-úsáideoirí deiridh a raibh baint acu leis an gcúntóir fíorúil ar bhealach ar bith uair amháin ar a laghad sa mhí, amhail trína ghníomhachtú, trí cheist a chur, trí rochtain a fháil ar sheirbhís trí ordú nó trí fheiste chliste bhaile a rialú. |
Líon na bhforbróirí uathúla a thairg feidhmchlár bogearraí cúntóra fíorúil amháin ar a laghad nó feidhmiúlacht chun feidhmchlár bogearraí atá ann cheana a dhéanamh inrochtana tríd an gcúntóir fíorúil i gcaitheamh na bliana. |
|
Brabhsálaithe gréasáin |
Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu leis an mbrabhsálaí gréasáin uair amháin ar a laghad sa mhí, mar shampla trí cheist nó seoladh suímh gréasáin a chur i líne URL an bhrabhsálaí gréasáin. |
Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a bhfuil a suímh ghréasáin ghnó (i.e suíomh gréasáin a úsáidtear i dtaca le hinniúlacht ghairmiúil nó phearsanta) oscailte tríd an mbrabhsálaí gréasáin uair amháin ar a laghad sa bhliain nó a thairg breiseán, forlíontán nó uirlisí comhlántacha arna n-úsáid ar an mbrabhsálaí gréasáin i gcaitheamh na bliana. |
|
Seirbhísí néalríomhaireachta |
Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a raibh baint acu le haon seirbhísí néalríomhaireachta ó sholáthraí ábhartha na seirbhísí néalríomhaireachta uair amháin ar a laghad sa mhí, mar mhalairt ar aon chineál luacha saothair, gan beann ar cé acu a fhaightear nó nach bhfaightear an luach saothair le linn na míosa céanna. |
Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla a sholáthair aon seirbhísí néalríomhaireachta arna n-óstáil i mbonneagar néalríomhaireachta sholáthraí ábhartha na seirbhísí néalríomhaireachta i gcaitheamh na bliana. |
|
Seirbhísí fógraíochta ar líne |
Le haghaidh dhíolacháin dílseánaigh spáis fógraíochta: Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a nochtadh do thaispeáint fógraíochta uair amháin ar a laghad sa mhí. Le haghaidh seirbhísí idirghabhála fógraíochta (lena n-áirítear líonraí fógraíochta, malartuithe fógraíochta agus aon seirbhísí idirghabhála fógraíochta eile): Líon na n-úsáideoirí deiridh uathúla a nochtadh do thaispeáint fógraíochta a spreag an tseirbhís fógraíochta uair amháin ar a laghad sa mhí. |
Le haghaidh dhíolacháin dílseánaigh spáis fógraíochta: Líon na bhfógróirí uathúla a raibh taispeáint fógraíochta amháin ar a laghad ar taispeáint acu i gcaitheamh na bliana. Le haghaidh seirbhísí idirghabhála fógraíochta (lena n-áirítear líonraí fógraíochta, malartuithe fógraíochta agus aon seirbhísí idirghabhála fógraíochta eile): Líon na n-úsáideoirí gnó uathúla (lena n-áirítear fógróirí, foilsitheoirí nó idirghabhálaithe eile) a d’idirghníomhaigh tríd an tseirbhís idirghabhála fógraíochta i gcaitheamh na bliana nó a ndearna an tseirbhís fógraíochta idirghabhála freastal orthu. |
( 1 ) Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).
( 2 ) Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann slándála do líonraí agus córais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).