02022R2472 — GA — 13.12.2023 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2022/2472 ÓN gCOIMISIÚN an 14 Nollaig 2022 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach, in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 327 21.12.2022, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
L |
1 |
23.11.2023 |
||
RIALACHÁN (AE) 2022/2472 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Nollaig 2022
lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach, in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
|
CLÁR |
|
|
CAIBIDIL I FORÁLACHA COITEANNA |
|
|
CAIBIDIL II CEANGLAIS NÓS IMEACHTA |
|
|
CAIBIDIL III CATAGÓIRÍ CABHRACH |
|
|
Roinn 1 |
Cabhair i bhfabhar FBManna atá gníomhach i dtáirgeadh talmhaíochta príomhúil, i bpróiseáil táirgí talmhaíochta agus i dtáirgí talmhaíochta a chur ar an margadh |
|
Roinn 2 |
Cabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil sa talmhaíocht |
|
Roinn 3 |
Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfabhar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha |
|
Roinn 4 |
Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr tubaistí nádúrtha in earnáil na talmhaíochta a shlánú |
|
Roinn 5 |
Cabhair le haghaidh taighde, forbartha agus nuálaíochta |
|
Roinn 6 |
Cabhair i bhfabhar na foraoiseachta |
|
Roinn 7 |
Cabhair i bhfabhar FBManna i limistéir thuaithe |
|
CAIBIDIL IV FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA |
|
CAIBIDIL I
Forálacha coiteanna
Airteagal 1
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na catagóirí cabhrach seo a leanas:
cabhair i bhfabhar micrifhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna):
atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta, eadhon táirgeadh talmhaíochta príomhúil, próiseáil táirgí talmhaíochta agus táirgí talmhaíochta a chur ar an margadh, cé is moite d’Airteagail 14, 15, 16, 18, 23 agus 25 go 31, nach mbeidh feidhm acu ach amháin maidir le FBManna atá gníomhach sa táirgeadh talmhaíochta príomhúil;
atá gníomhach i ngníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta i limistéir thuaithe a thagann lasmuigh de raon feidhme Airteagal 42 den Chonradh, a mhéid a dheonaítear an chabhair sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115 agus a gcómhaoiníonn an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) í nó a dheonaítear mar mhaoiniú náisiúnta breise le haghaidh na mbeart cómhaoinithe sin. De mhaolú air sin, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair do bhardais a thairbhíonn go díreach nó go hindíreach de thionscadail CLLD, de bhun Airteagail 60 agus 61 den Rialachán seo.
cabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil sa talmhaíocht dá dtagraítear in Airteagail 33, 34 agus 35, nach mbeidh feidhm aici ach amháin maidir le gnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh talmhaíochta príomhúil;
cabhair le haghaidh infheistíochtaí do chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha atá suite ar ghabháltais talmhaíochta agus i bhforaoisí;
cabhair i bhfabhar an damáiste a tharlaíonn de bharr tubaistí nádúrtha in earnáil na talmhaíochta a shlánú;
cabhair le haghaidh taighde, forbartha agus nuálaíochta in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta;
cabhair i bhfabhar na foraoiseachta.
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
scéimeanna cabhrach dá dtagraítear in Airteagail 14, 17, 41 go 44 agus 46, scéimeanna cabhrach dá dtagraítear in Airteagail 49 agus 50, má chomhlíonann siad coinníollacha Airteagal 12, ó 6 mhí tar éis dóibh teacht i bhfeidhm. Mar sin féin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go leanfaidh feidhm de bheith ag an Rialachán seo maidir le scéim cabhrach ar feadh tréimhse is faide ná 6 mhí, tar éis measúnú a dhéanamh ar an bplean meastóireachta ábhartha ar thug an Ballstát fógra don Choimisiún ina leith. Agus na pleananna meastóireachta á gcur isteach, cuirfidh na Ballstáit isteach freisin an fhaisnéis go léir a bheidh de dhíth ar an gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar na pleananna meastóireachta agus chun cinneadh a ghlacadh;
aon athrú ar na scéimeanna dá dtagraítear i bpointe (a) seachas modhnuithe nach ndéantar difear leo do chomhoiriúnacht na scéime cabhraí faoin Rialachán seo nó nach ndéantar difear suntasach leo d’ábhar an phlean meastóireachta fhormheasta;
cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le honnmhairiú chuig tríú tíortha nó Ballstáit, eadhon cabhair atá nasctha go díreach leis na cainníochtaí a onnmhairítear, le bunú agus oibriú gréasáin dáileacháin nó le costais reatha eile atá nasctha le gníomhaíocht onnmhairíochta;
cabhair a bhraitheann ar úsáid táirgí intíre seachas táirgí allmhairithe.
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
scéimeanna cabhrach nach n-eisiatar go sainráite leo cabhair aonair a íoc i bhfabhar gnóthas atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair a dheonaigh an Ballstát céanna neamhdhleathach agus ar neamhréir leis an margadh inmheánach, cé is moite díobh seo a leanas:
scéimeanna cabhrach chun an damáiste a tharlaíonn de bharr tubaistí nádúrtha a shlánú i gcomhréir le hAirteagal 37;
scéimeanna cabhrach le haghaidh tionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail (“CLLD”) nó i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí Nuálaíochta um tháirgiúlacht agus inbhuaine talmhaíochta (“CEN”) i gcomhréir le hAirteagail 40 61;
cabhair ad hoc le gnóthas dá dtagraítear i bpointe (a).
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair le haghaidh gnóthais a bhfuil deacrachtaí acu cé is moite de chabhair a dheonaítear:
le haghaidh gníomhaíochtaí faisnéise in earnáil na talmhaíochta agus na foraoiseachta i gcomhréir le hAirteagail 21 agus 47;
le haghaidh bearta cur chun cinn i bhfoirm foilseacháin arb é is aidhm dóibh feasacht an phobail i gcoitinne a mhúscailt ar tháirgí talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 24(2), pointe (b);
chun cúiteamh a dhéanamh as na costais a bhaineann le galair ainmhithe agus lotnaidí plandaí a chosc, a rialú agus a dhíothú i gcomhréir le hAirteagal 26(8) agus (9);
chun na costais a bhaineann le baint agus scriosadh an stoic a fuair bás a chumhdach i gcomhréir le hAirteagal 27(2), pointí (c), (d) agus (e), agus Airteagal 28(3), pointe (d);
le haghaidh mhíbhuntáistí a bhaineann le limistéir Natura 2000 i gcomhréir le hAirteagal 33;
chun an damáiste a tharlaíonn de bharr tubaistí nádúrtha a shlánú i gcomhréir le hAirteagal 37;
le haghaidh gnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail CLLD agus i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN nó a bhaineann tairbhe astu, i gcomhréir le hAirteagail 40 agus 61;
sna cásanna seo a leanas, ar choinníoll gur caillteanais nó damáistí a tharla de bharr an teagmhais i gceist an chúis leis an ngnóthas chun bheith ina ghnóthas a bhfuil deacrachtaí aige:
chun an damáiste a tharlaíonn de bharr teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú i gcomhréir le hAirteagal 25;
chun an damáiste a tharlaíonn de bharr galair ainmhithe agus lotnaidí plandaí a shlánú i gcomhréir le hAirteagal 26(9) agus Airteagal 26(10);
chun an damáiste a tharlaíonn de bharr ainmhithe cosanta a shlánú i gcomhréir le hAirteagal 29;
chun damáiste d’fhoraoisí a athshlánú i gcomhréir le hAirteagal 43(2), pointe (d).
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair a bhfuil baint ag sárú neamh-inscartha ar dhlí an Aontais léi féin, nó leis na coinníollacha a ghabhann léi, nó lena modh maoiniúcháin, go háirithe:
cabhair a bhfuil deonú na cabhrach faoi réir na hoibleagáide go n-úsáidfidh an tairbhí earraí a tháirgtear sa náisiún nó seirbhísí náisiúnta;
cabhair lena sriantar an fhéidearthacht go ndéanfaidh na tairbhithe torthaí taighde, forbartha agus nuálaíochta a shaothrú i mBallstáit eile.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “cabhair ad hoc” cabhair nach ndeonaítear ar bhonn scéim cabhrach;
ciallaíonn “teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha” dálaí aimsire neamhfhabhracha amhail sioc, stoirmeacha agus clocha sneachta, oighear, báisteach throm nó sheasta nó triomach dian a scriosann, i gcás na talmhaíochta, breis agus 30 % den mheántáirgeadh a ríomhtar ar bhonn na tréimhse 3 bliana nó 4 bliana roimhe sin nó den mheántáirgeadh a ríomhtar ar bhonn na tréimhse 5 bliana nó 8 mbliana roimhe sin, seachas an iontráil is airde agus is ísle; i gcás na foraoiseachta, níos mó na 20 % den acmhainneacht foraoiseachta;
ciallaíonn “comhairle” comhairle iomlán a thugtar faoi chuimsiú an chonartha cheannainn chéanna;
ciallaíonn “gníomhaíocht talmhaíochta” gníomhaíocht arna cinneadh ag Ballstát ina Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2021/2115;
ciallaíonn “limistéar talmhaíochta” aon limistéar arna chinneadh ag Ballstát ina Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2021/2115;
ciallaíonn “gabháltas talmhaíochta” aonad lena gcuimsítear talamh, áitribh agus saoráidí a úsáidtear le haghaidh táirgeadh príomhúil talmhaíochta;
ciallaíonn “táirgeadh talmhaíochta” na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, cé is moite de na táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );
ciallaíonn “earnáil na talmhaíochta” na gnóthais uile atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta, i bpróiseáil táirgí talmhaíochta agus i dtáirgí talmhaíochta a mhargú;
ciallaíonn “córais agrafhoraoiseachta” córais úsáide talún ina bhfástar crainn i gcomhar le talmhaíocht ar an talamh chéanna;
ciallaíonn “cabhair” aon bheart lena gcomhlíontar na critéir uile a leagtar síos in Airteagal 107(1) den Chonradh;
ciallaíonn “cabhair a dheonaítear faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT” tacaíocht a dheonaítear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115 mar chabhair a chómhaoiníonn CETFT nó mar mhaoiniú náisiúnta breise ar an gcabhair chómhaoinithe sin;
ciallaíonn “déine cabhrach” méid comhláin na cabhrach a léirítear mar chéatadán de na costais incháilithe, sula n-asbhaintear aon cháin nó muirear eile;
ciallaíonn “scéim cabhrach” aon ghníomh ar féidir, gan bearta cur chun feidhme eile a cheangal, dámhachtainí cabhrach aonair a dhéanamh ar a bhonn do ghnóthais a shainmhínítear laistigh den ghníomh ar bhealach ginearálta teibí agus aon ghníomh ar féidir cabhair nach bhfuil nasctha le tionscadal sonrach a dheonú ar a bhonn do ghnóthas amháin nó do roinnt gnóthas ar feadh tréimhse éiginnte agus le haghaidh méid éiginnte;
ciallaíonn “prionsabal an fheidhmithe neamhspleách” nach bhfuil coinníollacha an idirbhirt idir na páirtithe conarthacha éagsúil ó na cinn sin a shonrófaí idir gnóthais neamhspleácha agus nach bhfuil aon eilimint chlaonpháirteachais iontu. Aon idirbheart a thagann as nós imeachta oscailte, trédhearcach agus neamhchoinníollach, meastar go bhfuil sé de réir phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách;
ciallaíonn “bearta bithshlándála” bearta bainistíochta agus fisiciúla arna gceapadh chun an riosca maidir le tabhairt isteach, forbairt agus leathadh galar go dtí, ó, agus laistigh den mhéid seo a leanas a laghdú:
an daonra ainmhithe;
bunaíocht, crios, deighleog, modh iompair nó aon saoráidí, áitreabh nó láthair eile.
ciallaíonn “pórleabhar” leabhar de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 2, pointe (12) de Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 );
ciallaíonn “Plean Straitéiseach CBT” Plean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/2115;
ciallaíonn “oibreacha caipitlithe” oibreacha, a dhéanann feirmeoir go pearsanta nó a dhéanann oibreoirí an fheirmeora ar an bhfeirm, lena gcruthaítear sócmhainn;
ciallaíonn “scéimeanna feirmeoireachta carbóin” scéimeanna cabhrach a bhaineann le cleachtais bhainistíochta talún as a n-eascraíonn méadú ar an stóráil carbóin i mbithmhais bheo, ábhar orgánach marbh agus ithreacha tríd an gceapadh carbóin a fheabhsú agus/nó scaoileadh an charbóin san atmaisféar a laghdú;
ciallaíonn “teagmhas turraingeach” teagmhas neamhthuartha de chineál bitheach nó aibitheach a tharlaíonn de bharr gníomhaíocht dhaonna as a dtagann suaití móra ar struchtúir foraoisí, rud a dhéanann damáiste eacnamaíoch mór d’earnáil na foraoiseachta ar deireadh;
ciallaíonn “an dáta a dheonaítear an chabhair” an dáta a thugtar an ceart dlíthiúil don tairbhí an chabhair a fháil faoin gcóras dlíthiúil náisiúnta is infheidhme;
ciallaíonn “bearta rialaithe agus díothúcháin” bearta maidir le galair ainmhithe a bhfuil údarás inniúil an Bhallstáit tar éis ráig a shainaithint go foirmiúil ina leith, nó maidir le lotnaidí plandaí nó speicis choimhthíocha ionracha a bhfuil údarás inniúil tar éis a admháil go foirmiúil ina leith go bhfuil siad ann;
ciallaíonn “plean meastóireachta” doiciméad lena gcumhdaítear scéim cabhrach amháin nó níos mó agus ina bhfuil ar a laghad na gnéithe seo a leanas: na cuspóirí a mbeidh meastóireacht le déanamh orthu, na ceisteanna ar mheastóireacht, na táscairí toraidh, an modh beartaithe chun an mheastóireacht a dhéanamh, na ceanglais maidir le bailiú sonraí, uainiú beartaithe na meastóireachta lena n-áirítear an dáta a chuirfear na tuarascálacha eatramhacha agus na tuarascálacha meastóireachta deiridh isteach, an tuairisc ar an gcomhlacht neamhspleách a dhéanfaidh an mheastóireacht nó na critéir a úsáidfear chun í a roghnú agus na rialacha mionsonraithe chun an mheastóireacht a chur ar fáil go poiblí;
ciallaíonn “stoc a fuair bás” ainmnithe a maraíodh trí eotanáis le diagnóis chinnte nó dá huireasa nó ainmhithe a fuair bás, lena n-áirítear ainmhithe marbh-bheirthe agus gan bhreith, ar fheirm nó ar aon áitreabh nó le linn a n-iompartha, ach nár maraíodh lena gcaitheamh ag an duine;
ciallaíonn “crainn a fhásann go tapa” foraois ghearruainíochta, ina ndéantar an íostréimhse roimh leagan a shocrú ag tréimhse nach gairide ná 8 mbliana agus an uastréimhse roimh leagan a shocrú ag tréimhse nach faide ná 20 bliain;
ciallaíonn “scéim comharbachta fhioscach” scéim i bhfoirm buntáistí cánach ar leagan leasaithe í de scéim a bhí ann roimhe sin i bhfoirm buntáistí cánach agus ar scéim í a chuirtear in ionad na scéime sin;
ciallaíonn “costais sheasta a eascraíonn as páirt a ghlacadh i scéim cáilíochta” na costais a thabhaítear nuair atáthar ag dul isteach i scéim cáilíochta dá dtugtar tacaíocht agus an ranníocaíocht bhliantúil le haghaidh rannpháirteachas sa scéim sin, lena n-áirítear, i gcás inar gá, caiteachas ar sheiceálacha a cheanglaítear chun comhlíonadh shonraíochtaí na scéime cáilíochta a fhíorú;
ciallaíonn “bithbhreosla atá bunaithe ar bhia” bithbhreosla a tháirgtear ó bharra bia agus beatha, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/2001;
ciallaíonn “bia-earraí” bia-earraí nach táirgí talmhaíochta iad agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 );
ciallaíonn “coibhéis deontais chomhláin” an méid cabhrach dá soláthrófaí i bhfoirm deontais don tairbhí í, sula n-asbhaintear aon cháin nó muirear eile;
ciallaíonn “cabhair aonair”:
cabhair ad hoc;
dámhachtainí cabhrach do thairbhithe aonair ar bhonn scéim cabhrach;
ciallaíonn “sócmhainní doláimhsithe” sócmhainní nach bhfuil foirm fhisiciúil ná airgeadais acu amhail paitinní, ceadúnais, fios gnó nó maoin intleachtúil eile;
ciallaíonn “infheistíochtaí chun caighdeán de chuid an Aontais a chomhlíonadh” infheistíochtaí a dhéantar chun caighdeán de chuid an Aontais a chomhlíonadh tar éis dhul in éag na hidirthréimhse dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais;
ciallaíonn “fiontair mhóra” gnóthais nach gcomhlíonann na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn I;
ciallaíonn “táirgí talmhaíochta a mhargú” coimeád nó taispeáint d’fhonn díola, tairisceana díola, seachadta nó aon mhodh eile a bhaineann le margú, cé is moite den chéad díol a dhéanann feirmeoir le hathdhíoltóirí nó le próiseálaithe agus aon ghníomhaíocht lena n-ullmhaítear táirge le haghaidh an chéad díola sin; díol a dhéanann feirmeoir le tomhaltóirí deiridh, meastar gur táirgí talmhaíochta a mhargú é sin má dhéantar é in áitribh nó saoráidí ar leithligh a choinnítear chun na críche sin;
ciallaíonn “cistí frithpháirteacha” scéim arna creidiúnú ag an mBallstát i gcomhréir lena dhlí náisiúnta le haghaidh feirmeoirí cleamhnaithe chun iad féin a chur faoi árachas, trína ndéantar íocaíochtaí cúitimh le feirmeoirí cleamhnaithe in aghaidh caillteanais eacnamaíocha a bhaineann dóibh;
ciallaíonn “limistéir Natura 2000” limistéir speisialta thalmhaíochta nó limistéir foraoise dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 92/43/CEE agus in Airteagal 3 de Threoir 2009/147/CE;
ciallaíonn “tubaistí nádúrtha” creathanna talún, maidhmeanna sléibhe, scriorrthaí talún agus tuillte, tornádónna, spéirlingí, brúchtaí bolcánacha agus falscaithe de thionscnamh nádúrtha;
ciallaíonn “infheistíocht neamhtháirgiúil” infheistíocht nach dtagann méadú suntasach ar luach ná brabúsacht an ghabháltais aisti;
ciallaíonn “oibríochtaí roimh phróiseáil thionsclaíoch” leagan, teasc, sniogadh, gearradh suas, stóráil, cóireáil chosantach agus triomú adhmaid agus gach oibríocht oibre eile roimh shábhadh tionsclaíoch adhmaid ag muileann sábhadóireachta; chomh maith leis an tsábhmhuilleoireacht i gcás gurb é 20,000 m3 acmhainneacht próiseála uasta ionchur an lomán cruinn le haghaidh na sábhmhuilleoireachta in aghaidh na bliana;
ciallaíonn “teagmhais dhíobhálacha aeráide eile” dálaí aimsire neamhfhabhracha nach dtagann faoin sainmhíniú ar theagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha;
ciallaíonn “na réigiúin is forimeallaí” na réigiúin dá dtagraítear in Airteagal 349, an chéad mhír, den Chonradh;
ciallaíonn “lotnaid plandaí”: aon speiceas, tréithchineál nó bithchineál d’oibreán plandaí, ainmhí nó pataigineach a dhéanann díobháil do phlandaí nó do tháirgí plandaí;
ciallaíonn “táirgeadh príomhúil talmhaíochta” táirgeadh táirgí de bhunús na hithreach agus na feirmeoireachta stoic, a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, gan aon oibríocht eile a dhéanamh lena n-athraítear cineál na dtáirgí sin;
ciallaíonn “próiseáil táirgí talmhaíochta” aon oibríocht ar tháirge talmhaíochta as a dtagann táirge ar táirge talmhaíochta é freisin, cé is moite de ghníomhaíochtaí ar an bhfeirm is gá chun táirge ainmhí nó planda a ullmhú le haghaidh an chéad díola;
ciallaíonn “grúpa táirgeoirí nó eagraíocht táirgeoirí” grúpa nó eagraíocht a chuirtear ar bun chun críche ceann amháin díobh seo a leanas:
táirgeacht agus aschur táirgeoirí ar comhaltaí de ghrúpaí nó eagraíochtaí táirgeoirí den sórt sin iad a oiriúnú do riachtanais an mhargaidh;
earraí a chur ar an margadh go comhpháirteach, lena n-áirítear ullmhúchán le haghaidh díola, lárú díolachán agus soláthar do bhulc-cheannaitheoirí;
comhrialacha maidir le faisnéis táirgeachta a bhunú, agus aird ar leith á tabhairt ar bhaint agus infhaighteacht;
gníomhaíochtaí eile a d’fhéadfadh grúpaí táirgeoirí nó eagraíochtaí táirgeoirí a dhéanamh, amhail scileanna gnó agus margaíochta a fhorbairt, próisis nuálaíochta a eagrú agus a éascú, comhbhainistiú ar thalamh na gcomhaltaí, úsáid a bhaint as cleachtais saothraithe agus teicnící táirgthe atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de, cleachtais agus teicníochtaí fónta i dtaca le leas ainmhithe;
ciallaíonn “ainmhí cosanta” aon ainmhí a chosnaítear le reachtaíocht an Aontais nó leis an reachtaíocht náisiúnta, lena n-áirítear speiceas ainmhithe dá bhforáiltear rialacha sonracha le reachtaíocht náisiúnta chun an daonra a chaomhnú;
ciallaíonn “mapaí den chabhair réigiúnach” an liosta limistéar arna n-ainmniú ag Ballstát i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sna Treoirlínte maidir le státchabhair réigiúnach ( 7 ) agus arna bhformheas ag an gCoimisiún;
ciallaíonn “airleacan inaisíoctha” iasacht le haghaidh tionscadail a íoctar i dtráthchuid amháin nó i dtráthchodanna a mbraitheann coinníollacha aisíoctha na hiasachta ar thoradh an tionscadail;
ciallaíonn “eagraíocht taighde agus leata eolais” eintiteas, beag beann ar a stádas dlíthiúil nó bealach maoiniúcháin, arb é an phríomhsprioc atá aige taighde bunúsach, taighde tionscail nó forbairt thurgnamhach a dhéanamh go neamhspleách, nó torthaí na ngníomhaíochtaí sin a leathadh go forleathan ar mhodh teagaisc, foilseacháin nó aistrithe eolais.
ciallaíonn “na hoileáin bheaga Aeigéacha” na hoileáin bheaga dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 );
ciallaíonn “FBM” nó “micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide” gnóthais a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn I;
ciallaíonn “tús na n-oibreacha ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht” tús na ngníomhaíochtaí nó na n-oibreacha tógála i ndáil leis an infheistíocht, pé acu is luaithe, nó an chéad ghealltanas atá ceangailteach ó thaobh an dlí de chun trealamh a ordú nó seirbhísí a úsáid nó aon ghealltanas eile a fhágann gur tionscadal nó gníomhaíocht dhochúlaithe é nó í; ní mheastar gur tús na n-oibreacha nó na gníomhaíochta é talamh a cheannach ná obair ullmhúcháin a dhéanamh amhail ceadúnais a fháil agus staidéir féidearthachta a dhéanamh;
ciallaíonn “seirbhísí fóirdheontais” cineál cabhrach i gcás ina ndeonaítear an chabhair don tairbhí deiridh go hindíreach, ar cabhair chomhchineáil í, agus ina n-íoctar an chabhair le soláthraí na seirbhíse nó na gníomhaíochta i gceist;
ciallaíonn “sócmhainní inláimhsithe” sócmhainní arb é atá iontu talamh, foirgnimh agus gléasra, innealra agus trealamh;
ciallaíonn “costas idirbhirt” costas breise atá nasctha le gealltanas a chomhlíonadh, ach nach bhfuil inchurtha go díreach i leith a chur chun feidhme ná nach n-áirítear sna costais ná san ioncam a tarscaoileadh agus a chúitítear go díreach; agus ar féidir é a ríomh ar bhonn costas caighdeánach;
ciallaíonn “costais na dtástálacha ESI (Einceifileapaite Spúinseach In-tarchurtha) agus ESB (Einceifileapaite Spúinseach Bhólachta)” na costais uile, lena n-áirítear na costais a bhaineann le trealaimh tástála agus le samplaí a thógáil, a iompar, a thástáil, a stóráil agus a scriosadh, rud a bhfuil gá leis le haghaidh samplála agus tástáil saotharlainne i gcomhréir le Caibidil C d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; ( 9 );
ciallaíonn “crainn le haghaidh roschoill ghearruainíochta” speicis crann de chód AC 06 02 9041 atá le sainmhíniú ag na Ballstáit arb é atá iontu barra ilbhliantóg adhmadach, a leanann a bhfréamhstoc nó a mbunáin de bheith sa talamh tar éis na buainte, agus a bhfásfaidh péacáin nua an séasúr ina dhiaidh sin agus le huas-timthriall buainte a bheidh le cinneadh ag na Ballstáit;
ciallaíonn “gnóthas atá i gcruachás” gnóthas a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (18) de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014;
ciallaíonn “caighdeán de chuid an Aontais” caighdeán éigeantach a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais lena socraítear an leibhéal nach mór do ghnóthais aonair a bhaint amach, go háirithe maidir leis an gcomhshaol, le sláinteachas agus le leas ainmhithe; mar sin féin, caighdeáin nó spriocanna a shocraítear ar leibhéal an Aontais atá ceangailteach ar na Ballstáit ach nach bhfuil ceangailteach ar ghnóthais aonair, ní mheastar gur caighdeáin de chuid an Aontais iad;
ciallaíonn “feirmeoir óg” feirmeoir arna chinneadh ag Ballstát ina Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Rialachán (AE) 2021/2115.
Airteagal 3
Coinníollacha maidir le díolúine
Beidh scéimeanna cabhrach, cabhair aonair a dheonaítear faoi scéimeanna cabhrach agus cabhair ad hoc comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(2) nó (3) den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh iad ar choinníoll go bhfuil an chabhair sin i gcomhréir leis na coinníollacha uile a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo agus leis na coinníollacha sonracha don chatagóir ábhartha cabhrach a leagtar síos i gCaibidil III den Rialachán seo.
Airteagal 4
Tairseacha maidir le fógra a thabhairt
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon chabhair aonair, a sáraíonn coibhéis deontais chomhláin na cabhrach na tairseacha seo a leanas:
cabhair le haghaidh infheistíochtaí i ngabháltais talmhaíochta atá nasctha le táirgeadh príomhúil talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 14: EUR 600 000 in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail infheistíochta;
cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dtaca le hathshuíomh foirgnimh feirme as a dtagann nuachóiriú saoráidí nó méadú ar acmhainneacht táirgeachta dá dtagraítear in Airteagal 16(4): EUR 600 000 in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail infheistíochta;
cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dtaca le próiseáil táirgí talmhaíochta agus táirgí talmhaíochta a chur ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 17: EUR 7,5 milliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail infheistíochta;
cabhair le haghaidh gealltanais maidir le leas ainmhithe, dá dtagraítear in Airteagal 31: EUR 500 in aghaidh an aonaid bheostoic in aghaidh na bliana;
cabhair le haghaidh míbhuntáistí i ndáil le limistéir Natura 2000 dá dtagraítear in Airteagal 33: EUR 500 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana sa tréimhse tosaigh d’uasmhéid cúig bliana agus EUR 200 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin;
cabhair le haghaidh gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide, dá dtagraítear in Airteagal 34: EUR 600 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana le haghaidh barra bliantúla, EUR 900 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana le haghaidh barra speisialaithe ilbhliantúla agus EUR 450 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana le haghaidh úsáidí talún eile;
cabhair le haghaidh na feirmeoireachta orgánaí dá dtagraítear in Airteagal 35: EUR 600 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana le haghaidh barra bliantúla, EUR 900 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana le haghaidh barra speisialaithe ilbhliantúla agus EUR 450 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana le haghaidh úsáidí talún eile;
cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfabhar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha atá suite ar an ngabháltas talmhaíochta nó i bhforaoisí dá dtagraítear in Airteagal 36: EUR 600 000 in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail infheistíochta;
cabhair le haghaidh taighde agus forbartha in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta dá dtagraítear in Airteagal 38: EUR 7,5 milliún in aghaidh an tionscadail;
cabhair le haghaidh costais a thabhaíonn gnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN dá dtagraítear in Airteagal 39: EUR 2 mhilliún in aghaidh an ghnóthais, in aghaidh an tionscadail;
méid teoranta cabhrach le haghaidh gnóthais atá ag tairbhiú de thionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN dá dtagraítear in Airteagal 40: EUR 500 000 in aghaidh an tionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN.
cabhair le haghaidh foraoisiú agus cruthú coillearnaí dá dtagraítear in Airteagal 41: EUR 7,5 milliún in aghaidh an tionscadail bunaíochta;
cabhair le haghaidh córais agrafhoraoiseachta dá dtagraítear in Airteagal 42: EUR 7,5 milliún in aghaidh an tionscadail bunaíochta de chuid an chórais agrafhoraoiseachta;
cabhair le haghaidh infheistíochtaí chun athléimneacht agus luach comhshaoil éiceachórais na bhforaoisí a fheabhsú dá dtagraítear in Airteagal 44: EUR 7,5 milliún in aghaidh an tionscadail infheistíochta;
cabhair le haghaidh míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar dá dtagraítear in Airteagal 45: EUR 500 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana sa tréimhse tosaigh nach faide ná cúig bliana agus EUR 200 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin;
cabhair le haghaidh seirbhísí foraoise, comhshaoil agus aeráide agus caomhnú foraoisí dá dtagraítear in Airteagal 46: EUR 200 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana, cé is moite den chabhair dá dtagraítear in Airteagal 46, mír 8;
cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha in earnáil na foraoiseachta dá dtagraítear in Airteagal 48: EUR 200 000 in aghaidh an ghnóthais in aghaidh na bliana;
cabhair le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar i ndáil le forbairt, nuachóiriú nó oiriúnú earnáil na foraoiseachta dá dtagraítear in Airteagal 49: EUR 7,5 milliún in aghaidh an tionscadail infheistíochta;
cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoiseachta agus i dtáirgí foraoiseachta a phróiseáil, a úsáid agus a mhargú dá dtagraítear in Airteagal 50: EUR 7,5 milliún in aghaidh an tionscadail infheistíochta;
cabhair le haghaidh infheistíochtaí le haghaidh seirbhísí bunúsacha agus bonneagair i limistéir thuaithe dá dtagraítear in Airteagal 55: EUR 10 milliún in aghaidh an tionscadail infheistíochta;
cabhair le haghaigh na gcostas a thabhaíonn FBManna atá ag glacadh páirt i dtionscadail CLLD, a n-ainmnítear iad mar fhorbairt áitiúil LEADER faoi CETFT dá dtagraítear in Airteagal 60: EUR 2 mhilliún in aghaidh an ghnóthais, in aghaidh an tionscadail;
méid teoranta cabhrach le haghaidh FBManna atá ag tairbhiú de thionscadail CLLD dá dtagraítear in Airteagal 61: EUR 200 000 in aghaidh an tionscadail CLLD.
Airteagal 5
Trédhearcacht na cabhrach
Chun críche an Rialacháin seo, measfar na foirmeacha cabhrach seo a leanas a bheith ina gcabhair thrédhearcach:
cabhair ar deontais, fóirdheontais ráta úis agus seirbhísí fóirdheonaithe í;
cabhair arb iasachtaí í ina ríomhtar an choibhéis deontais chomhláin ar bhonn an ráta tagartha i réim tráth a íoctar an deontas;
cabhair ar ráthaíochtaí í i gcás ina bhfuil feidhm ag ceann de na nithe seo a leanas:
má ríomhadh an choibhéis deontais chomhláin bunaithe ar phréimheanna tearmainn a leagtar síos i bhfógra ón gCoimisiún;
i gcás ina nglactar, sula gcuirtear an chabhair chun feidhme, an mhodheolaíocht chun coibhéis deontais chomhláin na ráthaíochta a ríomh ar bhonn an Fhógra maidir le ráthaíochtaí, tar éis an fógra faoin modheolaíocht sin a bheith tugtha don Choimisiún i gcomhréir le haon rialachán maidir le státchabhair arna ghlacadh ag an gCoimisiún is infheidhme ag an am sin, agus sa chás ina sonraítear go sainráite sa mhodheolaíocht fhormheasta cineál na ráthaíochta agus cineál an idirbhirt fholuitigh i gceist i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo;
cabhair i bhfoirm buntáistí cánach, i gcás ina ndéantar foráil sa bheart maidir le huasteorainn lena n-áirithítear nach sáraítear an tairseach is infheidhme;
cabhair i bhfoirm airleacain inaisíoctha, mura dtéann méid ainmniúil iomlán an airleacain inaisíoctha thar na tairseacha is infheidhme faoin Rialachán seo nó má ghlactar, sula gcuirtear an beart chun feidhme, leis an modheolaíocht chun coibhéis deontais chomhláin an airleacain inaisíoctha a ríomh i ndiaidh an fógra mar gheall air a bheith tugtha don Choimisiún;
cabhair i bhfoirm díol nó léas sócmhainní inláimhsithe faoi rátaí margaidh i gcás ina leagtar síos an luach le meastóireacht ag saineolaí neamhspleách roimh an idirbheart nó faoi threoir tagarmharc atá ar fáil go poiblí, a nuashonraítear go tráthrialta agus a bhfuil glacadh coitianta leis.
Chun críche an Rialacháin seo, ní mheasfar go bhfuil na foirmeacha cabhrach seo a leanas ina gcabhair thrédhearcach:
cabhair arb instealltaí caipitil í;
cabhair ar bearta maoiniúcháin riosca í.
Airteagal 6
Éifeacht dreasachta
Measfar go bhfuil éifeacht dreasachta ag cabhair má chuireann an tairbhí iarratas i scríbhinn faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann le haghaidh na cabhrach sula gcuirtear tús leis an obair ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san iarratas ar chabhair:
ainm agus méid an ghnóthais;
tuairisc ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht, lena n-áirítear an dáta tosaithe agus an dáta críochnaithe;
suíomh an tionscadail nó na gníomhaíochta;
liosta na gcostas incháilithe;
cineál (deontas, iasacht, ráthaíocht, airleacan inaisíoctha nó eile) agus méid an chaiteachais phoiblí is gá le haghaidh an tionscadail/na gníomhaíochta.
Cabhair ad hoc a dheonaítear d’fhiontair mhóra, measfar go bhfuil éifeacht dreasachta aici más rud é, mar aon lena áirithiú go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar síos i mír 2, go bhfíoraíonn an Ballstát, roimh an gcabhair ad hoc lena mbaineann a dheonú, go suitear leis an doiciméadacht a ullmhaíonn an tairbhí go mbeidh ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas mar thoradh ar an gcabhair:
méadú suntasach ar raon feidhme an tionscadail nó na gníomhaíochta mar gheall ar an gcabhair;
méadú suntasach ar an méid iomlán a chaith an tairbhí ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht mar gheall ar an gcabhair;
méadú suntasach ar luas chur i gcrích an tionscadail nó na gníomhaíochta lena mbaineann;
i gcás cabhair ad hoc infheistíochta, nach ndéanfaí an tionscadal nó an ghníomhaíocht amhlaidh sa limistéar tuaithe lena mbaineann nó nach mbeadh sé nó sí sách brabúsach don tairbhí sa limistéar tuaithe lena mbaineann d’uireasa na cabhrach.
Níl feidhm ag na ceanglais sin maidir le bardais, ar údaráis áitiúla fhéinrialaitheacha iad ag a bhfuil buiséad bliantúil níos lú ná EUR 10 milliún agus níos lú ná 5 000 áitritheoir.
De mhaolú ar mhír 2 agus mhír 3, measfar go bhfuil éifeacht dreasacht le bearta i bhfoirm buntáistí cánach má chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
leis an mbeart, bunaítear ceart chun cabhrach i gcomhréir le critéir oibiachtúla agus gan lánrogha an Bhallstáit a fheidhmiú a thuilleadh;
glacadh an beart agus bhí sé i bhfeidhm sular cuireadh tús leis an obair ar thionscadal nó ar ghníomhaíocht lena bhfuiltear ag cabhrú, ach amháin i gcás scéimeanna comharbachta fioscacha ina raibh an ghníomhaíocht cumhdaithe cheana féin ag scéimeanna eile i bhfoirm buntáistí cánach.
Ina theannta sin, de mhaolú ar mhíreanna 2, 3 agus 4, ní gá éifeacht dreasachta a bheith ag na cineálacha seo cabhrach nó measfar go bhfuil éifeacht dreasachta acu:
scéimeanna cabhrach le haghaidh comhdhlúthú talún i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 15 nó in Airteagal 53 agus i gcás an méid seo a leanas:
leis an scéim cabhrach, bunaítear ceart chun cabhrach i gcomhréir le critéir oibiachtúla agus gan discréid an Bhallstáit a fheidhmiú a thuilleadh; agus
glacadh an scéim cabhrach agus tá sí i bhfeidhm sular thabhaigh an tairbhí na costais incháilithe faoi Airteagal 15 nó Airteagal 53;
cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí faisnéise in earnáil na talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagail 21 agus 22, arb é atá i gceist leis an fhaisnéis a chur ar fáil do líon neamhshainithe tairbhithe;
cabhair le haghaidh bearta cur chun cinn i bhfoirm foilseacháin arb é is aidhm dóibh feasacht an phobail i gcoitinne a mhúscailt ar tháirgí talmhaíochta i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 24(2), pointe (b);
cabhair chun cúiteamh a dhéanamh as caillteanais a tharla de bharr teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 25;
cabhair chun cúiteamh a dhéanamh as costais a bhaineann le galair ainmhithe agus lotnaidí plandaí a chosc, a rialú agus a dhíothú agus ar chaillteanais a tharla de bharr na ngalar ainmhithe nó na lotnaidí plandaí sin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26;
cabhair chun na costais a bhaineann le stoc a fuair bás a bhaint agus a scriosadh i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 27(2), pointí (c), (d), (e) agus (f) agus in Airteagal 28(3)(d);
cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr ainmhithe cosanta a shlánú i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 29;
cabhair le haghaidh míbhuntáistí i ndáil le limistéir Natura 2000 dá dtagraítear in Airteagal 33;
cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfabhar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha atá suite ar ghabháltais talmhaíochta nó i bhforaoisí i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 36;
cabhair chun an damáiste a tharla de bharr tubaistí nádúrtha in earnáil na talmhaíochta a shlánú i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 37;
cabhair le haghaidh taighde, forbartha agus nuálaíochta in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 38;
cabhair chun damáiste d’fhoraoisí a athchóiriú i gcomhréir le hAirteagal 43(2), pointe (d), i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 43;
cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí faisnéise in earnáil na foraoiseachta i gcomhréir le hAirteagal 47 agus 48, arb é atá i gceist leis an fhaisnéis a chur ar fáil do líon neamhshainithe tairbhithe;
cabhair le haghaidh caomhnú acmhainní géiniteacha san fhoraoiseacht i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 51;
cabhair le haghaidh rannpháirtíocht feirmeoirí i scéimeanna cáilíochta le haghaidh cadáis agus bia-earraí i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 58;
cabhair le haghaidh gnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail CLLD agus i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN, nó a bhaineann tairbhe astu, más rud é go gcomhlíontar na coinníollacha ábhartha in Airteagail 39, 40, 60 agus 61.
Airteagal 7
Déine cabhrach agus costais incháilithe
Airteagal 8
Carnadh
Cabhair lena ngabhann costais incháilithe in-sainaitheanta, a dhíolmhaítear ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh faoin Rialachán seo, féadfar í a charnadh leis an méid seo a leanas:
aon Státchabhair eile, fad a bhaineann na bearta sin le costais incháilithe in-sainaitheanta éagsúla;
aon Státchabhair eile, i ndáil leis na costais incháilithe chéanna, bídís ag forluí go páirteach nó go hiomlán ar a chéile, ach amháin mura ndéantar an uasdéine cabhrach nó an méid cabhrach is airde is infheidhme maidir leis an gcabhair faoin Rialachán seo a shárú de dheasca an charntha sin, agus sa chás sin amháin.
Cabhair gan costais incháilithe in-sainaitheanta, féadfar í a charnadh le státchabhair eile gan costais incháilithe in-sainaitheanta, suas leis an tairseach mhaoiniúcháin iomláin ábhartha is airde a shocraítear in imthosca sonracha gach cáis leis an rialachán seo nó le rialachán blocdhíolúine eile nó le cinneadh a ghlacann an Coimisiún.
Airteagal 9
Foilsiú agus faisnéis
Áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go bhfoilseofar an méid seo a leanas i modúl an Choimisiúin maidir le trédhearcacht dámhachtana ( 10 ) nó ar shuíomh gréasáin cuimsitheach státchabhrach ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach:
an fhaisnéis achomair dá dtagraítear in Airteagal 11 nó nasc chuici;
téacs iomlán gach cabhrach dá dtagraítear in Airteagal 11, lena n-áirítear aon leasú, nó nasc lena dtugtar rochtain ar an téacs iomlán;
an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn III maidir le gach deonú cabhrach aonair níos mó ná iad seo a leanas:
EUR 10 000 le haghaidh tairbhithe atá gníomhach in earnáil an táirgthe phríomhúil talmhaíochta;
EUR 100 000 le haghaidh tairbhithe atá gníomhach in earnáil próiseáilte táirgí talmhaíochta, in earnáil táirgí talmhaíochta a mhargú, in earnáil na foraoiseachta nó le haghaidh gníomhaíochtaí a thagann lasmuigh de raon feidhme Airteagal 42 den Chonradh.
Maidir le scéimeanna cabhrach i bhfoirm buntáistí cánach, measfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 a bheith comhlíonta má fhoilsíonn na Ballstáit an fhaisnéis atá de dhíth maidir le méideanna cabhrach aonair sna réimsí seo in EUR milliúin:
0,01- 0,1 le haghaidh táirgeadh príomhúil talmhaíochta agus é sin amháin;
0,1–0,5;
0,5–1;
1 go 2;
2 go 5;
5 go 10;
10 go 30;
30 agus níos mó ná sin.
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin:
an achoimre dá dtagraítear i mír 1;
na naisc chuig na suíomhanna gréasáin maidir le státchabhair de chuid na mBallstát uile, dá dtagraítear i mír 1.
CAIBIDIL II
Ceanglais nós imeachta
Airteagal 10
Tairbhe na blocdhíolúine a tharraingt siar
I gcás ina ndeonaíonn Ballstát cabhair nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i gCaibidlí I, II agus III den Rialachán seo, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó an fhéidearthacht a thabhairt don Bhallstát a thuairimí a chur in iúl, cinneadh a ghlacadh ina ndearbhaítear go gcuirfear fógra chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 108(3) den Chonradh, maidir leis na bearta cabhrach ar fad nó cuid de na bearta cabhrach a ghlacfaidh an Ballstát lena mbaineann amach anseo, ar bearta iad lena gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo seachas sin. Féadfar an chabhair a bhfuil fógra le tabhairt maidir léi a bheith teoranta do chineálacha áirithe cabhrach, do chabhair a dheonaítear i bhfabhar tairbhithe áirithe nó do chabhair a ghlacann údaráis áirithe de chuid an Bhallstáit lena mbaineann.
Airteagal 11
Dáta
Beidh faisnéis i dtaca leis an méid seo a leanas sa tuarascáil bhliantúil freisin:
galair ainmhithe nó lotnaidí plandaí dá dtagraítear in Airteagal 26;
faisnéis mheitéareolaíoch faoi chineál, uainíocht, méid coibhneasta agus suíomh na dteagmhas aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 25 nó tubaistí nádúrtha in earnáil na talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 37;
Airteagal 12
Meastóireacht
Maidir le scéimeanna cabhrach atá faoi réir an cheanglais maidir le meastóireacht de bhun mhír 1, tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta mar seo a leanas:
laistigh de 20 lá oibre ó theacht i bhfeidhm na scéime, más rud é go bhfuil buiséad státchabhrach na scéime os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain faoi leith nó EUR 750 milliún thar a tréimhse iomlán;
laistigh de 30 lá oibre tar éis athraithe shuntasaigh a mhéadaíonn buiséad na scéime go dtí os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain faoi leith nó EUR 750 milliún thar thréimhse iomlán na scéime;
laistigh de 30 lá oibre tar éis caiteachas os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain a thaifeadadh sna cuntais oifigiúla.
Airteagal 13
Faireachán
Coimeádfaidh na Ballstáit taifid mhionsonraithe ina mbeidh an fhaisnéis agus an doiciméadacht tacaíochta is gá lena léiriú go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar síos sa Rialachán seo. Coimeádfar na taifid sin ar feadh 10 mbliana ón dáta a dheonaítear an chabhair ad hoc nó a dheonaítear an chabhair dheiridh faoi scéim cabhrach. Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, laistigh de thréimhse 20 lá oibre nó tréimhse níos faide den sórt sin de réir mar a leagfar síos san iarraidh, an fhaisnéis agus an doiciméadacht tacaíochta go léir a thabhairt don Choimisiún a mheasann an Coimisiún gur gá chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
CAIBIDIL III
Catagóirí cabhrach
Airteagal 14
Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i ngabháltais talmhaíochta atá nasctha le táirgeadh príomhúil talmhaíochta
Leis an infheistíocht, saothrófar ceann amháin de na cuspóirí seo a leanas ar a laghad:
feidhmiú agus inbhuanaitheacht fhoriomlán an ghabháltais talmhaíochta a fheabhsú, go háirithe trí na costais táirgeachta a laghdú nó an táirgeadh a fheabhsú nó a athúsáid;
an comhshaol nádúrtha, dálaí sláinteachais nó caighdeáin leasa ainmhithe a fheabhsú;
an bonneagar i ndáil le forbairt, oiriúnú agus nuachóiriú talmhaíochta a chruthú agus a fheabhsú, lena n-áirítear rochtain ar thalamh feirme, comhdhlúthú talún agus feabhsú talún, éifeachtúlacht fuinnimh, soláthar fuinnimh inbhuanaithe agus coigilt uisce nó fuinnimh;
athchóiriú ar tháirgeadh talmhaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann a ndearnadh damáiste dó de bharr tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, galair ainmhithe agus lotnaidí plandaí, ainmhithe cosanta agus cosc a chur le damáistí a tharla de dheasca na dteagmhas agus na dtosca sin; más féidir an damáiste a nascadh leis an athrú aeráide, déanfaidh na tairbhithe, i gcás inarb iomchuí, bearta oiriúnaithe don athrú aeráide a chur san áireamh leis an athchóiriú.
cur le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, lena n-áirítear trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus trí cheapadh carbóin a fheabhsú, agus trí fhuinneamh inbhuanaithe agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn freisin;
cur le bithgheilleagar inbhuanaithe ciorclach agus forbairt inbhuanaithe agus bainistíocht éifeachtúil ar acmhainní nádúrtha, idir an t-uisce, an ithir agus an t-aer a chothú, lena n-áirítear tríd an spleáchas ar cheimiceáin a laghdú;
cur le cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú, seirbhísí éiceachórais a fheabhsú agus gnáthóga agus tírdhreacha a chaomhnú.
I gcás ina ndéantar an infheistíocht chun bithbhreoslaí a tháirgeadh, ní mó acmhainneacht na saoráidí táirgeachta ná coibhéis an mheánídithe breosla bhliantúil a bhaineann leis an ngabháltas talmhaíochta agus ní dhíolfar an bithbhreosla a tháirgtear ar an margadh.
I gcás ina ndéantar an infheistíocht le haghaidh fuinneamh teirmeach agus leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite a tháirgeadh ar ghabháltais talmhaíochta, ní fhónfaidh na saoráidí táirgeachta ach amháin do riachtanais fuinnimh an tairbhí féin agus ní mó acmhainneacht táirgeachta na saoráidí ná coibhéis an chomh-mheánídithe fuinnimh bhliantúil le haghaidh fuinneamh teirmeach agus leictreachas ar an ngabháltas talmhaíochta, lena n-áirítear an teaghlach feirme. Ní fhéadfar leictreachas a dhíol leis an ngreille ach amháin fad a urramaítear an meánteorainn féinídithe bhliantúil.
I gcás ina ndéanann níos mó ná tairbhí amháin an infheistíocht chun fónamh dá riachtanais bithbhreoslaí agus fuinnimh féin, déanfar an meánídiú bliantúil a charnadh go dtí an méid atá coibhéiseach le meánídiú bliantúil na dtairbhithe uile.
Beidh infheistíochtaí i mbonneagar fuinnimh in-athnuaite lena n-ídítear nó lena dtáirgtear fuinneamh i gcomhréir leis na caighdeáin íosta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, i gcás inarb ann do na caighdeáin sin ar an leibhéal náisiúnta.
Infheistíochtaí i suiteálacha, arb é is príomhchuspóir dóibh leictreachas a tháirgeadh ó bhithmhais, ní bheidh siad incháilithe le haghaidh cabhrach mura mbaintear úsáid as céatadán íosta fuinnimh teasa, a bheidh le cinneadh ag na Ballstáit.
Bunóidh na Ballstáit tairseacha le haghaidh na gcionta uasta gránach agus barra eile atá stáirse-shaibhir, siúcraí agus barra ola a úsáidtear chun bithfhuinneamh a tháirgeadh, lena n-áirítear bithbhreoslaí, le haghaidh cineálacha suiteálacha éagsúla, i gcomhréir le hAirteagal 26 de Threoir (AE) 2018/2001. Beidh cabhair le haghaidh tionscadail infheistíochta bithfhuinnimh teoranta do bhithfhuinneamh atá i gcomhréir leis na critéir inbhuanaitheachta is infheidhme agus a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.
Cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas leis an gcabhair:
na costais a bhaineann le maoin dhochorraithe a thógáil, a fháil, lena n-áirítear í a léasú, nó a fheabhsú, lena n-áirítear infheistíochtaí i sreangú éighníomhach inmheánach nó i gcáblú struchtúrtha éighníomhach le haghaidh líonraí sonraí agus, más gá, an chuid choimhdeach den líonra éighníomhach ar an réadmhaoin phríobháideach lasmuigh den fhoirgneamh, agus gan talamh a ceannaíodh a bheith incháilithe ach amháin a mhéid nach mó ná 10 % de na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann;
innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainne;
costais ghinearálta atá nasctha leis an gcaiteachas dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b), amhail táillí ailtirí, innealtóirí agus comhairliúcháin, táillí i ndáil le comhairle faoi inbhuanaitheacht comhshaoil agus eacnamaíoch, fuinneamh inbhuanaithe, éifeachtúlacht fuinnimh agus táirgeadh agus úsaid fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear staidéir féidearthachta; leanfaidh staidéir féidearthachta de bheith ina gcaiteachas incháilithe fiú amháin, más rud é, bunaithe ar a dtorthaí, nach dtabhaítear aon chaiteachas faoi phointe (a) ná faoi phointe (b);
sealbhú, forbairt nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta agus réiteach cosúil, agus sealbhú paitinní, ceadúnas, cóipcheart agus trádmharcanna;
speansais le haghaidh infheistíochtaí neamhtháirgiúla atá nasctha leis na cuspóirí sonracha comhshaoil agus na cuspóirí a bhaineann leis an aeráid dá dtagraítear i mír 3, pointí (e), (f) agus (g);
i gcás uisciú, na costais a bhaineann le hinfheistíochtaí lena gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
tugadh fógra don Choimisiún maidir le plean bainistíochta abhantraí, i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ), don limistéar ina iomláine ina bhfuil an infheistíocht le déanamh, agus d’aon limistéar eile ina bhféadfadh an infheistíocht difear a dhéanamh don chomhshaol; na bearta a glacadh faoin bplean bainistíochta abhantraí i gcomhréir le hAirteagal 11 den Treoir sin agus atá ábhartha d’earnáil na talmhaíochta, beidh siad sonraithe i gclár ábhartha na mbeart;
méadrú uisce lena gcumasófar úsáid uisce a thomhas ar leibhéal na hinfheistíochta dá dtugtar tacaíocht, tá sé curtha i bhfeidhm nó cuirfear i bhfeidhm é mar chuid den infheistíocht;
infheistíocht chun feabhas a chur ar shuiteáil uisciúcháin atá ann cheana nó ar chuid d’infrastruchtúr uisciúcháin, déanfar measúnú ex ante ar an infheistíocht sin chun coigilteas uisce lena léirítear paraiméadair theicniúla na suiteála nó an infrastruchtúir atá ann cheana a chur ar fáil;
má dhéanann an infheistíocht dochar do dhobharlaigh screamhuisce nó uisce dromchla ar sainaithníodh sa phlean bainistithe abhantraí ábhartha gur lú ná maith a stádas ar chúiseanna a bhaineann le cainníocht uisce, nó má léirítear i measúnuithe úrscothacha leochaileachta agus riosca aeráide ( 13 ) go bhféadfadh na dobharlaigh sin a bhfuil stádas maith acu a stádas a chailleadh ar chúiseanna a bhaineann le cainníocht uisce mar thoradh ar thionchair an athraithe aeráide, bainfear amach laghdú éifeachtach ar úsáid uisce, rud a chuirfidh le baint amach agus cothabháil dea-stádas na ndobharlach sin, dá bhforáiltear in Airteagal 4(1) de Threoir 2000/60/CE. Ní bheidh feidhm ag coinníollacha a leagtar amach san abairt roimhe seo maidir le hinfheistíocht i suiteáil atá ann cheana nach ndéantar difear léi ach amháin d’éifeachtúlacht fuinnimh ná maidir le hinfheistíocht i gcruthú taiscumair ná maidir le hinfheistíocht in úsáid uisce athchúrsáilte nach ndéantar difear léi do dhobharlach screamhuisce nó uisce dromchla;
socróidh an Ballstát céatadáin maidir le coigilteas a d’fhéadfaí a dhéanamh ar uisce agus maidir le laghdú éifeachtach ar úsáid uisce mar choinníoll incháilitheachta, lena áirithiú go dtiocfaidh laghdú éifeachtach ar an méid uisce ag sreabhadh tríd an trealamh i gcomparáid le leibhéil 2014–2020 agus dá bhrí sin cúlú ar leibhéal na huaillmhéine comhshaoil a sheachaint:
ní fhéadfar tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí in úsáid uisce athshlánaithe mar sholáthar uisce malartach ach amháin má tá soláthar agus úsáid an uisce sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 );
i gcás infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh athchóiriú a dhéanamh ar an táirgeadh talmhaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann a ndearnadh damáiste dó de dheasca tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, galair ainmhithe, lotnaidí plandaí nó ainmhithe cosanta, sna costais incháilithe féadfar costais a áireamh, ar costais iad a thabhaítear chun an táirgeadh talmhaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann a athchóiriú chuig an leibhéal ar a raibh sé sular tharla na teagmhais sin;
i gcás infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh cosc a chur le damáiste a tharlaíonn de bharr tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, galair ainmhithe, lotnaidí plandaí nó ainmhithe cosanta, féadfar na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí coisctheacha sonracha a áireamh sna costais incháilithe.
Ní mheasfar gur costas incháilithe é caipiteal oibre.
Ní dheonófar cabhair i leith an méid seo a leanas:
teidlíochtaí íocaíochta a cheannach;
bliantóga a cheannach agus a phlandú cé is moite de chabhair lena gcumhdaítear na costais dá dtagraítear i mír 6, pointe (h);
oibreacha draenála;
ainmhithe a cheannach cé is moite de chabhair lena gcumhdaítear na costais dá dtagraítear i mír 6, pointe (h) agus madraí cosanta a cheannach;
sreangú nó cáblú do líonraí sonraí lasmuigh den réadmhaoin phríobháideach.
Féadfar an déine cabhrach a mhéadú go dtí 80 % ar a mhéad le haghaidh na n-infheistíochtaí seo a leanas:
infheistíochtaí atá nasctha le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí a bhaineann go sonrach leis an gcomhshaol agus leis an aeráid dá dtagraítear i mír 3, pointí (e), (f) agus (g) nó le leas ainmhithe;
infheistíochtaí ó fheirmeoirí óga;
infheistíochtaí sna réigiúin is forimeallaí nó sna hoileáin bheaga Aeigéacha.
Féadfar an déine cabhrach a mhéadú go dtí 100 % ar a mhéad le haghaidh na n-infheistíochtaí seo a leanas:
infheistíochtaí neamhtháirgiúla atá nasctha leis na cuspóirí dá dtagraítear i mír 3, pointí (e), (f) agus (g);
infheistíochtaí le haghaidh athchóiriú ar an acmhainneacht táirgeachta dá dtagraítear i mír 3, pointe (d) agus infheistíochtaí a bhaineann le cosc a chur ar dhamáiste a tharlaíonn de bharr tubaistí nádúrtha, tarluithe eisceachtúla, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, nó ainmhithe cosanta, agus maolú riosca a dhéanamh maidir leis an damáiste sin.
Beidh an déine cabhrach le haghaidh uisciúcháin faoi mhír 6, pointe (f), teoranta d’aon ráta amháin nó níos mó nach mó iad ná:
80 % de na costais incháilithe le haghaidh infheistíochtaí uisciúcháin ar an bhfeirm dá ndéantar faoi mhír 6, pointe (f)(iii);
100 % de na costais incháilithe le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar lasmuigh den fheirm sa talmhaíocht atá le húsáid le haghaidh uisciúcháin;
65 % de na costais incháilithe le haghaidh infheistíochtaí uisciúcháin eile ar an bhfeirm.
Airteagal 15
Cabhair le haghaidh comhdhlúthú talún talmhaíochta
Beidh cabhair le haghaidh comhdhlúthú talún talmhaíochta comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo agus i gcás ina ndeonaítear í i bhfabhar costais dhlíthiúla agus ina bhfuil sí teoranta dóibh siúd, lena n-áirítear costais suirbhéireachta, suas le 100 % de na fíorchostais arna dtabhú.
Airteagal 16
Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dtaca le foirgnimh fheirme a athshuíomh
Déanfar an leas poiblí atá ann chun údar a thabhairt le deonú cabhrach faoin Airteagal seo a shonrú sna rialacha ábhartha de chuid an Bhallstáit lena mbaineann.
Chun críche na míre seo, mura ndéantar ach amháin foirgneamh nó saoráidí nua a chur in ionad foirgneamh nó saoráidí atá ann cheana, gan bunathrú a dhéanamh ar an táirgeadh ná ar an teicneolaíocht atá i gceist, ní mheasfar go bhfuil baint aige sin leis an nuachóiriú.
Airteagal 17
Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dtaca le próiseáil táirgí talmhaíochta nó táirgí talmhaíochta a mhargú
Cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas leis an gcabhair:
maoin dhochorraithe a thógáil, a fháil, lena n-áirítear í a léasú, nó a fheabhsú, lena n-áirítear infheistíochtaí i sreangú éighníomhach inmheánach nó i gcáblú struchtúrtha éighníomhach le haghaidh líonraí sonraí agus, más gá, an chuid choimhdeach den líonra éighníomhach ar an réadmhaoin phríobháideach lasmuigh den fhoirgneamh, agus gan ceannach talún a bheith incháilithe ach amháin a mhéid nach mó ná 10 % de na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann;
innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainne;
costais ghinearálta atá nasctha leis an gcaiteachas dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b), amhail táillí ailtirí, innealtóirí agus comhairliúcháin, táillí i ndáil le comhairle faoi inbhuanaitheacht comhshaoil agus eacnamaíoch, lena n-áirítear staidéir féidearthachta; leanfaidh staidéir féidearthachta de bheith ina gcaiteachas incháilithe fiú amháin, más rud é, bunaithe ar a dtorthaí, nach dtabhaítear aon chaiteachas faoi phointe (a) ná faoi phointe (b);
sealbhú, forbairt nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta agus réiteach cosúil, agus sealbhú paitinní, ceadúnas, cóipcheart, trádmharcanna.
Féadfar an déine cabhrach a mhéadú go dtí 80 % ar a mhéad le haghaidh na n-infheistíochtaí seo a leanas:
infheistíochtaí atá nasctha le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí a bhaineann go sonrach leis an gcomhshaol agus leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointí (e), (f) agus (g) nó le feabhsú ar leas ainmhithe;
infheistíochtaí ó fheirmeoirí óga;
infheistíochtaí sna réigiúin is forimeallaí nó sna hoileáin bheaga Aeigéacha.
Airteagal 18
Cabhair nuathionscanta le haghaidh feirmeoirí óga agus cabhair nuathionscanta le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta
Airteagal 19
Cabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na talmhaíochta
Ní dheonófar cabhair dóibh siúd a leanas:
eagraíochtaí táirgeachta, eintitis nó comhlachtaí amhail cuideachtaí nó comharchumainn, arb é is cuspóir dóibh gabháltas talmhaíochta amháin nó níos mó a bhainistiú agus ar táirgeoirí aonair iad go bunúsach, dá bhrí sin;
comhlachais talmhaíochta, a thugann faoi chúraimí amhail tacaíocht fhrithpháirteach agus seirbhísí ionadúcháin ar an bhfeirm agus bainistíochta feirme, i ngabháltais na gcomhaltaí nach bhfuil baint acu le soláthar a oiriúnú go comhpháirteach don mhargadh;
grúpaí, eagraíochtaí nó comhlachais táirgeoirí a bhfuil a gcuspóirí ar neamhréir le hAirteagal 152(1), pointe (c), le hAirteagal 152(3), nó le hAirteagal 156 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.
Cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas leis an gcabhair:
na costais a bhaineann le háitreabh oiriúnach a fháil ar cíos;
trealamh oifige a shealbhú;
costais foirne riaracháin;
forchostais agus táillí dlí agus riaracháin;
sealbhú crua-earraí ríomhaireachta agus sealbhú nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta agus réiteach cosúil.
I gcás ina gceannaítear an t-áitreabh, beidh na costais incháilithe a bhaineann leis an áitreabh teoranta do chostais chíosa ar rátaí an mhargaidh.
Ní íocfaidh na Ballstáit an tráthchuid dheiridh ach amháin tar éis chur chun feidhme ceart an bhirt a fhíorú.
Airteagal 20
Cabhair le haghaidh rannpháirtíocht táirgeoirí táirgí talmhaíochta i scéimeanna cáilíochta
Na catagóirí cabhrach seo a leanas le haghaidh táirgeoirí táirgí talmhaíochta agus grúpaí díobh sin, beidh siad comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin iad:
cabhair le haghaidh rannpháirtíocht nua i scéimeanna cáilíochta i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 go 6 den Airteagal seo agus i gCaibidil I;
cabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le bearta rialúcháin éigeantacha i ndáil le scéimeanna cáilíochta ar thug an t-údarás inniúil fúthu, nó ar tugadh fúthu thar a cheann, de bhun reachtaíocht an Aontais nó na reachtaíochta náisiúnta, i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2, 4, 6, 7 agus 8 den Airteagal seo agus i gCaibidil I;
cabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde margaidh, ceapadh agus dearadh táirgí agus cabhair chun iarratais a ullmhú le haghaidh scéimeanna cáilíochta a aithint i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2, 6, 7 agus 8 den Airteagal seo agus i gCaibidil I.
Deonófar an chabhair dá dtagraítear i mír 1 i leith na scéimeanna cáilíochta seo a leanas:
scéimeanna cáilíochta a bhunaítear fúthu seo a leanas:
Cuid II, Teideal II, Caibidil I, Roinn 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i dtaca le fíon;
Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012;
Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 );
Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 17 );
Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 18 );
scéimeanna cáilíochta, lena n-áirítear scéimeanna deimhniúcháin d’fheirmeacha, do tháirgí talmhaíochta, a n-aithníonn na Ballstáit go gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:
sainiúlacht an táirge deiridh a tháirgtear faoi na scéimeanna cáilíochta sin, déanfar í a dhíorthú ó oibleagáidí soiléire chun ceann amháin seo a leanas a ráthú:
beidh an scéim cáilíochta a bheith ar oscailt do na táirgeoirí uile;
maidir leis an scéim cáilíochta, beidh sonraíochtaí ceangailteacha ann don táirge deiridh agus déanfaidh na húdaráis phoiblí nó do chomhlacht cigireachta neamhspleách comhlíonadh na sonraíochtaí sin a fhíorú;
beidh an scéim cáilíochta a bheith trédhearcach agus inrianaitheacht iomlán táirgí talmhaíochta a dhearbhú;
na scéimeanna deonacha deimhniúcháin le haghaidh táirgí talmhaíochta a aithníonn an Ballstát lena mbaineann mar scéim lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Teachtaireacht ón gCoimisiún — treoirlínte maidir le dea-chleachtas AE do scéimeanna deonacha deimhniúcháin le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí ( 19 ).
Íocfar í leis an gcomhlacht atá freagrach as bearta rialúcháin, leis an soláthraí taighde nó leis an soláthraí comhairleoireachta.
Airteagal 21
Cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí malartaithe eolais agus faisnéise
Féadfar malartuithe gearrthéarmacha maidir le bainistíocht feirme agus cuairteanna feirme a áireamh leis an gcabhair freisin.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na gníomhaíochtaí lena dtacaítear faoin Airteagal seo comhsheasmhach leis an tuairisc a thugtar ar na Córais um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKIS) sa Phlean Straitéiseach CBT.
Féadfar costais infheistíochta ábhartha a chumhdach le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí taisealbhaidh.
Cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas leis an gcabhair:
na costais a bhaineann le heagrú na ngníomhaíochtaí gairmoiliúna, éadála scileanna, lena n-áirítear cúrsaí oiliúna, ceardlanna, comhdhálacha agus oiliúnú, gníomhaíochtaí taisealbhaidh nó gníomhaíochtaí faisnéise;
na costais taistil agus chóiríochta agus na speansais per diem de chuid na rannpháirtithe;
an costas a bhaineann le seirbhísí ionadúcháin a sholáthar le linn neamhláithreacht na rannpháirtithe;
i gcás tionscadail taisealbhaidh i ndáil le hinfheistíochtaí:
maoin dhochorraithe a thógáil, a shealbhú, lena n-áirítear an mhaoin sin a léasú, nó a fheabhsú, gan ceannach talún a bheith incháilithe ach amháin a mhéid nach mó ná 10 % de na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann;
innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainne;
costais ghinearálta atá nasctha leis an gcaiteachas dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii), amhail táillí ailtirí, innealtóirí agus comhairliúcháin, táillí i ndáil le comhairle faoi inbhuanaitheacht chomhshaoil agus eacnamaíoch, lena n-áirítear staidéir féidearthachta; leanfaidh staidéir féidearthachta de bheith ina gcaiteachas incháilithe fiú amháin más rud é, bunaithe ar a dtorthaí, nach dtabhaítear aon chaiteachas faoi phointe (i) agus faoi phointe (ii);
sealbhú, forbairt nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta agus réiteach cosúil, agus sealbhú paitinní, ceadúnas, cóipcheart agus trádmharcanna.
Is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré an tionscadail taisealbhaidh, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh leo go ginearálta, agus na costais sin amháin, a mheasfar a bheith incháilithe.
Cabhair le haghaidh na gcostas ar sholáthar seirbhísí athsholáthair dá dtagraítear i mír 3, pointe (c), féadfar í a íoc go díreach le soláthraí na seirbhísí athsholáthair.
Maidir le soláthar na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh grúpaí táirgeoirí nó eagraíochtaí eile, gan beann ar a méid, tabhairt faoi sin.
Maidir le soláthar na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2, i gcás inar grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí a thugann faoi sin, ní bheidh ballraíocht sna grúpaí ná sna heagraíochtaí sin mar choinníoll chun rochtain a fháil ar na gníomhaíochtaí sin.
Aon ranníocaíocht a dhéanann neamhchomhaltaí le costais riaracháin an ghrúpa táirgeoirí nó na heagraíochta táirgeoirí lena mbaineann, beidh sí teoranta do na costais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar.
I gcás tionscadail taisealbhaidh dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), beidh an t-uasmhéid cabhrach teoranta do EUR 100 000 le linn 3 bliana fhioscacha.
Airteagal 22
Cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na gníomhaíochtaí lena dtacaítear faoin Airteagal seo comhsheasmhach leis an tuairisc a thugtar ar na Córais um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKIS) sa Phlean Straitéiseach CBT.
Beidh an chomhairle nasctha le haon chuspóir sonrach amháin ar a laghad a shonraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2021/2115 agus cumhdófar ceann amháin ar a laghad díobh seo a leanas léi:
oibleagáidí a eascraíonn as na ceanglais reachtúla bhainistíochta agus na caighdeáin GAEC ábhartha a bhunaítear faoi Theideal III, Caibidil I, Roinn 2 de Rialachán (AE) 2021/2115;
na ceanglais mar a leagann na Ballstáit síos iad chun Treoir 2000/60/CE, Treoir 92/43/CEE, Treoir 2009/147/CE, Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 20 ), Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 21 ), Rialachán (AE) 2016/2031, Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 22 ), Airteagal 55 ó Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 23 ) agus Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 24 ) a chur chun feidhme;
cleachtais feirme a sheachnaíonn go dtagann frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha chun cinn mar a thagraítear di sa Teachtaireacht faoin gcur chuige Aon Sláinte Amháin – Plean Gníomhaíochta maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha ( 25 );
cosc ar riosca agus bainistíocht riosca;
nuachóiriú, neartú iomaíochais, comhtháthú earnálach, díriú ar an margadh agus cur chun cinn na fiontraíochta agus na nuálaíochta, go háirithe chun tionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN a ullmhú agus a chur chun feidhme;
teicneolaíochtaí digiteacha sa talmhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 114, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2115;
bainistiú inbhuanaithe cothaitheach, lena n-áirítear, ar a dhéanaí, ó 2024 amach, Uirlis Inbhuanaitheachta Feirme i ndáil le Cothaithigh a úsáid, dá dtagraítear in Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2021/2115;
coinníollacha fostaíochta agus oibleagáidí fostóirí chomh maith le sláinte agus sábháilteacht cheirde, agus tacaíocht shóisialta i bpobail talmhaíoch;
táirgeadh inbhuanaithe beatha, meastóireacht ar bheatha ó thaobh cion cothaitheach agus luachanna beatha, doiciméadú, pleanáil agus rialú beatha ainmhithe feirme bunaithe ar riachtanais de.
Maidir le soláthar na seirbhísí comhairleacha, féadfaidh grúpaí táirgeoirí nó eagraíochtaí eile, gan beann ar a méid, tabhairt faoi sin.
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil soláthraí na seirbhíse comhairlí neamhchlaonta agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa aige.
I gcás inar grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí a thugann faoi sholáthar seirbhísí comhairleacha, ní bheidh ballraíocht sna grúpaí ná sna heagraíochtaí sin mar choinníoll chun rochtain a fháil ar an tseirbhís.
Maidir le haon ranníocaíocht a dhéanann neamhchomhaltaí le costais riaracháin an ghrúpa táirgeoirí nó na heagraíochta táirgeoirí lena mbaineann, beidh sí teoranta do na costais a bhaineann leis an tseirbhís chomhairleach a sholáthar.
Airteagal 23
Cabhair le haghaidh seirbhísí ionadúcháin ar an bhfeirm
Maidir le soláthar na seirbhísí ionadúcháin ar an bhfeirm, féadfaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí, gan beann ar a méid, tabhairt faoi sin. Sa chás sin, ní bheidh ballraíocht sna grúpaí ná sna heagraíochtaí sin mar choinníoll chun rochtain a fháil ar an tseirbhís.
Airteagal 24
Cabhair le haghaidh bearta cur chun cinn i bhfabhar táirgí talmhaíochta
Cumhdófar na costais le haghaidh an méid seo a leanas leis an gcabhair:
eagrú comórtas, aontaí trádála agus taispeántas agus rannpháirtíocht iontu;
foilseacháin arb é is aidhm dóibh feasacht an phobail i gcoitinne ar tháirgí talmhaíochta a mhúscailt.
Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le tagairtí do thionscnamh táirgí talmhaíochta a chumhdaítear leo seo a leanas:
scéimeanna cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointe (a), ar choinníoll go bhfuil an tagairt ag freagairt go díreach don tagairt atá cosanta ag an Aontas;
scéimeanna cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointí (b) agus (c), ar choinníoll go bhfuil an tagairt tánaisteach sa teachtaireacht.
Leis an gcabhair, cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas le haghaidh eagrú comórtas, aontaí trádála agus taispeántas agus rannpháirtíocht iontu:
táillí rannpháirtíochta;
costais taistil agus costais le haghaidh iompar ainmhithe agus le haghaidh iompar na dtáirgí a chumhdófar leis an ngníomhaíocht cur chun cinn;
costais a bhaineann le foilseacháin agus suíomhanna gréasáin lena bhfógraítear an ócáid;
áitreabh taispeántais agus seastáin a fháil ar cíos agus na costais a bhaineann lena suiteáil agus lena ndíchóimeáil;
duaiseanna siombalacha suas le luach EUR 3 000 in aghaidh na duaise agus in aghaidh buaiteoir comórtais.
Leis an gcabhair, cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas a bhaineann le foilseacháin arb é is aidhm dóibh feasacht an phobail i gcoitinne ar tháirgí talmhaíochta a mhúscailt:
costais a bhaineann le foilseacháin sna meáin chlóite agus leictreonacha, le suíomhanna gréasáin, agus le míreanna sna meáin leictreonacha, ar an raidió nó ar an teilifís, arb é is aidhm dóibh faisnéis fhíorasach a chur i láthair faoi thairbhithe ó réigiún ar leith nó táirge talmhaíochta ar leith a tháirgeadh, ar choinníoll gur faisnéis neodrach í agus go bhfuil comhdheiseanna ag na tairbhithe uile lena mbaineann ionadaíocht a fháil san fhoilseachán;
costais a bhaineann le heolas eolaíoch agus faisnéis fhíorasach a leathadh faoin méid seo a leanas:
na scéimeanna cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 20(2) atá ar oscailt do tháirgí talmhaíochta ó Bhallstáit eile agus ó thríú tíortha;
táirgí talmhaíochta cineálacha agus a dtairbhí cothaitheacha agus cineálacha úsáide a mholadh dóibh.
Déanfar an ghníomhaíocht a dheonú ar cheann de na bealaí seo a leanas:
mar chabhair chomhchineáil;
ar bhonn aisíoc na bhfíorchostas arna dtabhú ag an tairbhí;
maidir le cabhair le haghaidh duaiseanna siombalacha, in airgead tirim freisin.
I gcás ina ndeonaítear an chabhair ina cabhair chomhchineáil, beidh an chabhair i bhfoirm seirbhís fóirdheontais.
Maidir le soláthar na mbeart cur chun cinn, féadfaidh grúpaí táirgeoirí nó eagraíochtaí eile, gan beann ar a méid, tabhairt faoi sin.
Cabhair le haghaidh duaiseanna siombalacha dá dtagraítear i mír 4, pointe (e), ní íocfar le soláthraí na mbeart cur chun cinn í ach amháin má dámhadh an duais iarbhír agus ar choinníoll go gcuirtear cruthúnas ar an dámhachtain i láthair.
I gcás inar grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí a thugann faoi sholáthar an bhirt cur chun cinn, ní bheidh ballraíocht sna grúpaí ná sna heagraíochtaí sin mar choinníoll rannpháirtíochta. Aon ranníocaíocht a dhéanann neamhchomhaltaí le táillí riaracháin an ghrúpa táirgeoirí nó na heagraíochta táirgeoirí lena mbaineann, beidh sí teoranta don chostas a bhaineann leis na gníomhaíochtaí cur chun cinn a sholáthar.
Airteagal 25
Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú
Cabhair chun damáiste a tharlaíonn de bharr teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú, beidh an chabhair sin faoi réir na gcoinníollacha carnacha a leanas:
d’aithin údarás inniúil an Bhallstáit go hoifigiúil go bhfuil tréithe ag roinnt leis an teagmhas gur teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha atá ann;
tá nasc cúisíoch díreach ann idir an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha agus an damáiste a rinneadh don ghnóthas.
I gcás ina n-íoctar an chabhair le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí, ní sháróidh méid na cabhrach an méid cabhrach a bhfuil an gnóthas sin incháilithe lena aghaidh.
Maidir leis an damáiste a thabhaítear de dheasca an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, déanfar é a ríomh ar leibhéal an tairbhí aonair. Féadfaidh an chabhair a bheith ag baint leo seo a leanas:
caillteanas ioncaim a thagann as scrios iomlán nó páirteach ar an táirgeadh talmhaíochta agus ar an modh táirgeachta dá dtagraítear i mír 8;
damáiste ábhartha dá dtagraítear i mír 9.
Ríomhfar an caillteanas ioncaim le dealú an méid seo a leanas:
an toradh atá ar chainníocht na dtáirgí talmhaíochta a táirgeadh i mbliain an teagmhaisdhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, nó gach bliain ina dhiaidh sin dá ndéantar difear le scrios iomlán nó páirteach ar an modh táirgeachta, an toradh atá ar an gcainníocht sin a iolrú faoin meánphraghas díola a fuarthas le linn na bliana sin;
ón méid seo a leanas:
an toradh atá ar mheánchainníocht bhliantúil na dtáirgí talmhaíochta a táirgeadh sa tréimhse 3 bliana roimh an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, nó ar mheán 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana roimh an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, an toradh atá ar an méid sin, cé is moite den iontráil is airde agus is ísle, a iolrú faoin meánphraghas díola a fuarthas.
I gcás inar bunaíodh FBM níos lú ná 3 bliana ón dáta a tharla an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, déanfar an tagairt don tréimhse 3 bliana i mír 8, pointe (b) a thuiscint mar thagairt don chainníocht a tháirg agus a dhíol meánghnóthas den mhéid céanna den iarratasóir, eadhon micrifhiontar nó fiontar beag nó fiontar meánmhéide, faoi seach, san earnáil náisiúnta nó réigiúnach a ndearnadh an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha difear di.
Féadfar an caillteanas ioncaim a ríomh ar leibhéal an táirgthe bhliantúil ar an bhfeirm nó ar leibhéal na mbarr nó ar leibhéal an bheostoic.
Féadfar méid an chaillteanais ioncaim a mhéadú le costais eile a thabhaíonn an tairbhí de dheasca an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha.
Laghdófar méid an chaillteanais ioncaim sin le haon chostas nár tabhaíodh de dheasca an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha.
Féadfar innéacsanna a úsáid chun táirgeadh talmhaíochta an tairbhí a ríomh ar choinníoll go gceadaítear leis an modh ríomha a úsáidtear fíorchaillteanas an tairbhí a chinneadh sa bhliain ar leith.
Ní sháróidh sé an costas deisiúcháin ná an laghdú ar an margadhluach cothrom ba shiocair leis an tubaiste, eadhon an difríocht idir luach na sócmhainne go díreach roimh an teagmhas díobhálach aeráide agus go díreach i ndiaidh an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha.
I gcás ina ríomhtar caillteanas ioncaim an tairbhí dá dtagraítear i mír 8 ar bhonn leibhéal na mbarr nó leibhéal an bheostoic, ní chuirfear ach amháin an damáiste ábhartha i ndáil leis an mbarr sin nó leis an mbeostoc sin san áireamh.
Féadfar an déine cabhrach a mhéadú suas go 90 % i limistéir ina bhfuil sriantaí nádúrtha.
Airteagal 26
Cabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le galair ainmhithe nó lotnaidí plandaí a chosc, a rialú agus a dhíothú agus cabhair chun damáiste a tharlaíonn de bharr galair ainmhithe nó lotnaidí plandaí a shlánú
Beidh an chabhair faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
ní íocfar í ach i ndáil le galair ainmhithe nó lotnaidí plandaí arb ann do rialacha de chuid an Aontais nó rialacha náisiúnta ina leith, cibé acu a leagtar síos leis an dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin iad;
beidh sí ina cuid de cheann amháin díobh seo a leanas:
clár poiblí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach chun an galar ainmhithe nó an lotnaid plandaí lena mbaineann a chosc, a rialú nó a dhíothú;
bearta éigeandála a d’fhorchuir údarás inniúil an Bhallstáit;
bearta chun lotnaid plandaí a dhíothú nó a shrianadh atá á gcur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 18, Airteagal 28(1) agus (2) agus Airteagal 29(1) agus (2), 30(1) agus 33(1) de Rialachán (AE) 2016/2031;
bearta chun galair ainmhithe a chosc, a rialú agus a dhíothú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429.
Sa chlár agus sna bearta dá dtagraítear i bpointe (b), beidh tuairisc ar na bearta coisc, rialúcháin nó díothúcháin lena mbaineann.
I gcás ina n-íoctar an chabhair le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí, ní sháróidh méid na cabhrach an méid cabhrach a bhfuil an gnóthas sin incháilithe lena aghaidh.
I gcás beart maidir le galar ainmhithe, lotnaidí plandaí nó speiceas coimhthíoch ionrach, a chiallaíonn speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ( 27 ) agus speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát mar a shainmhínítear in Airteagal 3(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014, nár tharla fós (“bearta coisctheacha”), cumhdóidh an chabhair na costais incháilithe seo a leanas:
seiceálacha sláinte;
anailísí, lena n-áirítear diagnóisic in vitro;
tástálacha agus bearta eile maidir le scagadh, lena n-áirítear tástálacha ESI agus ESB;
ceannach, stóráil, dáileadh agus riar vacsaíní, cógas, substaintí cóireála ainmhithe agus táirgí cosanta plandaí agus táirgí bithicídeacha;
marú nó ciondíothú ainmhithe nó scrios táirgí ainmhithe agus plandaí agus glanadh agus dífhabhtú nó dífhíniú an ghabháltais agus an trealaimh;
bearta bithshlándála a leagan amach nó a fheabhsú.
I gcás bearta rialaithe agus díothúcháin, cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas leis an gcabhair:
tástálacha agus bearta eile maidir le scagadh i gcás galair ainmhithe, lena n-áirítear tástálacha ESI agus ESB;
ceannach, stóráil, dáileadh agus riar vacsaíní, cógas, substaintí cóireála ainmhithe agus táirgí cosanta plandaí;
marú nó ciondíothú agus scrios ainmhithe agus scrios táirgí atá nasctha leo, nó scrios plandaí, lena n-áirítear iad siúd a fhaigheann bás nó a scriostar de dheasca vacsaíní nó bearta eile a ordaíonn na húdaráis phoiblí inniúla;
na costais a bhaineann le glanadh, dífheithidiú agus díghalrú an ghabháltais agus an trealaimh, bunaithe ar eipidéimeolaíocht agus sainghnéithe na pataigine nó an veicteora.
I gcás cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr galair ainmhithe nó lotnaidí plandaí a shlánú, ní ríomhfar an cúiteamh ach ar an mbonn seo a leanas amháin:
margadhluach na n-ainmhithe a maraíodh nó a ciondíothaíodh nó a fuair bás nó margadhluach na dtáirgí, atá nasctha leo, nó na bplandaí a scriosadh:
de dheasca an ghalair ainmhithe nó na lotnaide plandaí;
mar chuid de chlár poiblí nó de bheart dá dtagraítear i mír 2, pointe (b);
caillteanas ioncaim de dheasca oibleagáidí coraintín, deacrachtaí i dtaca le hathstocáil nó le hathchur agus uainíocht éigeantach na mbarr a fhorchuirtear mar chuid de chlár poiblí nó de bheart dá dtagraítear i mír 2, pointe (b);
costais athsholáthair an trealaimh a scriosadh faoi ordú údaráis inniúla an Bhallstáit.
Chun críche na chéad fhomhíre, pointe (a), bunófar an margadhluach sin ar bhonn luach na n-ainmhithe, na dtáirgí agus na bplandaí go díreach sular eascair aon amhras faoin ngalar ainmhithe nó faoin lotnaid plandaí nó sular deimhníodh go raibh an chúis amhrais ann.
Déanfar an cúiteamh a ríomhtar i gcomhréir le mír 10 a laghdú:
le haon chostas nár tabhaíodh go díreach de dheasca an ghalair ainmhithe nó na lotnaide plandaí a thabhódh an tairbhí murach sin;
le haon ioncam arna dhéanamh trí dhíol táirgí a bhaineann leis na hainmhithe a maraíodh agus a dealaíodh agus leis na plandaí a scriosadh chun críche coisctheacha nó díothúcháin ar ordú na n-údarás inniúil.
An chabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr galair ainmhithe nó lotnaidí plandaí a shlánú, beidh sí teoranta do na costais agus don damáiste a d’eascair as na galair ainmhithe agus na lotnaidí plandaí a ndearnadh údarás inniúil an Bhallstáit an méid seo a leanas ina leith:
d’aithin sé ráig go foirmiúil, i gcás galar ainmhithe;
thug sé aitheantas foirmiúil go raibh siad ann, i gcás lotnaidí plandaí.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar cabhair i ndáil leis na costais incháilithe dá dtagraítear sna forálacha seo a leanas a dheonú go díreach leis an tairbhí ar bhonn aisíoc na bhfíorchostas a thabhaíonn an tairbhí:
mír 8, pointí (d) agus (e) agus mír 9, pointe (b), i gcás galair ainmhithe nó lotnaidí plandaí;
mír 8, pointe (e), agus mír 9, pointe (c), i gcás lotnaidí plandaí agus le haghaidh ghlanadh agus dhífhabhtú an ghabháltais agus an trealaimh.
Airteagal 27
Cabhair le haghaidh earnáil an bheostoic agus cabhair le haghaidh stoc a fuair bás
Cumhdófar na costais le haghaidh an méid seo a leanas leis an gcabhair:
na costais riaracháin a bhaineann le bunú agus coinneáil pórleabhar;
na tástálacha a dhéanann tríú páirtithe nó a dhéantar thar a gceann, chun cainníocht ghéiniteach nó toradh beostoic a chinneadh, cé is moite de rialuithe a dhéanann úinéir an bheostoic agus gnáthrialuithe ar cháilíocht an bhainne;
baint an stoic a fuair bás;
scrios an stoic a fuair bás;
baint agus scrios an stoic a fuair bás i gcás ina maoinítear an chabhair trí tháillí nó trí ranníocaíochtaí éigeantacha chun scrios an stoic sin a fuair bás a mhaoiniú, ar choinníoll go bhfuil na táillí nó na ranníocaíochtaí sin teoranta d’earnáil na feola agus go ndéantar iad a fhorchur go díreach uirthi;
na costais a bhaineann le baint agus scrios an stoic a fuair bás i gcás ina bhfuil oibleagáid ann tástálacha ESI a dhéanamh ar an stoc lena mbaineann a fuair bás nó i gcás ráig galair ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 26(3).
Maidir leis an gcabhair le haghaidh chostais na bpréimheanna a íocann feirmeoirí le haghaidh árachais lena gcumhdaítear na costais a bhaineann leis an stoc a fuair bás a bhaint agus a scriosadh dá dtagraítear i mír 2, pointe (e) den Airteagal seo, beidh sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 28(2).
Chun riar na cabhrach dá dtagraítear i mír 2, pointí (c), (d), (e) agus (f) a éascú, féadfar an chabhair a íoc le hoibreoirí eacnamaíocha nó le comhlachtaí a chomhlíonann na coinníollacha sin a leanas:
tá siad gníomhach go hiartheachtach ó na gnóthais atá gníomhach in earnáil an bheostoic;
soláthraíonn siad seirbhísí atá nasctha le baint agus scrios an stoic a fuair bás.
Beidh an déine cabhrach teoranta don mhéid seo a leanas:
70 % de na costais ar thástálacha dá dtagraítear i mír 2, pointe (b);
75 % de na costais a bhaineann le scrios dá dtagraítear i mír 2, pointe (d);
100 % de na costais riaracháin dá dtagraítear i mír 2, pointe (a) agus de na costais a bhaineann le baint agus scriosadh dá dtagraítear i mír 2, pointí (c), (e) agus (f).
Airteagal 28
Cabhair chun préimheanna árachais a íoc agus chun ranníocaíochtaí airgeadais a dhéanamh leis na cistí frithpháirteacha
Maidir le cabhair chun préimheanna árachais a íoc:
ní bheidh sí ina bacainn le hoibriú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí árachais;
ní bheidh sí teoranta d’árachas a sholáthraíonn cuideachta árachais amháin nó grúpa cuideachtaí;
ní bheidh sí faoi réir an choinníll go nglactar an conradh árachais le cuideachta a bunaíodh sa Bhallstát lena mbaineann.
►M1 Beartófar an t-árachas nó an ranníocaíocht leis an gciste frithpháirteach chun caillteanais a thabhaítear de bharr aon cheann díobh seo a leanas a chumhdach: ◄
tubaistí nádúrtha;
teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha agus teagmhais dhíobhálacha aeráide eile;
galair ainmhithe nó lotnaid plandaí nó ainmhithe cosanta;
cúiteamh as na préimheanna árachais le haghaidh árachais lena gcumhdaítear na costais a bhaineann leis an stoc a fuair bás a bhaint agus a scriosadh.
►M1 Maidir leis an árachas nó an ranníocaíocht leis an gciste frithpháirteach: ◄
ní chúiteofar leis ach amháin an costas a bhaineann leis na caillteanais dá dtagraítear i mír 3 a shlánú;
ní cheanglófar leis ná ní shonrófar leis cineál ná cainníocht an táirgthe talmhaíochta amach anseo.
Comhlíonfaidh an ciste frithpháirteach lena mbaineann na coinníollacha carnacha seo a leanas:
creidiúnóidh an t-údarás inniúil é i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;
bearta trédhearcacha i leith íocaíochtaí isteach sa chiste agus aistarraingtí amach as;
rialacha soiléireachta lena leagtar síos freagrachtaí as fiacha ar bith a thabhaítear.
Airteagal 29
Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr ainmhithe cosanta a shlánú
Féadfar an méid seo a leanas a áireamh sna costais incháilithe:
ainmhithe a maraíodh nó plandaí a scriosadh: bunaítear na costais incháilithe ar mhargadhluach na n-ainmhithe a maraíodh nó na bplandaí a scriosadh de dheasca na n-ainmhithe cosanta;
costais indíreacha: costais tréidliachta a eascraíonn as cóireáil a chur ar ainmhithe gortaithe agus costais saothair a bhaineann le hainmhithe atá ar iarraidh a chuardach, le caillteanas ioncaim i ngeall ar thorthaí táirgeachta níos ísle atá nasctha le hionsaithe a rinne na hainmhithe cosanta;
an damáiste ábhartha do na sócmhainní a leanas: trealamh feirme, innealra agus foirgnimh agus stoic feirme; beidh ríomh an damáiste ábhartha bunaithe ar chostas deisiúcháin na sócmhainne dá ndéantar dochar nó ar luach eacnamaíoch na sócmhainne sin roimh an teagmhas ba chúis leis an damáiste; beidh sé faoi bhun an chostais deisiúcháin nó an laghdaithe ar an margadhluach cothrom mar thoradh ar an teagmhas ba chúis leis an damáiste, is é sin an difríocht idir luach na sócmhainne go díreach sular tharla an teagmhas agus go díreach ina dhiaidh.
Laghdófar an méid sin le haon chostas nár tabhaíodh de dheasca an teagmhais ba chúis leis an damáiste, a thabhódh an tairbhí murach sin.
Airteagal 30
Cabhair le haghaidh caomhnú acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht
Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “caomhnú in situ” acmhainní géiniteacha a chaomhnú in éiceachórais agus i ngnáthóga nádúrtha, agus daonraí speiceas inmharthana nó daonraí fiaphórtha inmharthana a chothabháil agus a athshlánú ina dtimpeallachtaí nádúrtha féin agus, i gcás pórtha ainmhithe clóis nó i gcás speiceas plandaí saothraithe, sa timpeallacht feirme inar fhorbair siad a gcuid saintréithe féin;
ciallaíonn “caomhnú ar an bhfeirm” caomhnú agus forbairt in situ ar leibhéal na feirme;
ciallaíonn “caomhnú ex situ” caomhnú ábhair ghéinitigh le haghaidh talmhaíochta lasmuigh dá ghnáthóg nádúrtha;
ciallaíonn “bailiú ex situ” bailiú ábhair ghéinitigh le haghaidh talmhaíochta a chothaítear lasmuigh dá ghnáthóg nádúrtha.
Maidir leis na gealltanais pórtha áitiúla a thógáil, ar pórtha iad a bhfuil an baol ann go gcaillfear don fheirmeoireacht iad, nó acmhainní géiniteacha plandaí atá i mbaol ó chreimeadh géiniteach a chaomhnú, áireofar ceann de na nithe seo a leanas ar na gealltanais sin:
tógtar ainmhithe feirme ar pórtha áitiúla iad;
caomhnaítear acmhainní géiniteacha plandaí atá oiriúnaithe go nádúrtha do na dálaí áitiúla agus réigiúnacha agus atá i mbaol creimeadh géiniteach.
Cumhdófar na costais le haghaidh na n-oibríochtaí seo a leanas leis an gcabhair:
gníomhaíochtaí dírithe: gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun cinn caomhnú, tréithriú, bailiú agus úsáid in situ agus ex situ acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht, lena n-áirítear fardail ghréasánbhunaithe de na hacmhainní géiniteacha a chaomhnaítear in situ faoi láthair, agus fardail de bhailithe ex situ agus de bhunachair sonraí;
gníomhaíochtaí comhbheartaithe: gníomhaíochtaí lena gcuirtear malartú faisnéise chun cinn le haghaidh caomhnú, tréithriú, bailiú agus úsáid acmhainní géiniteacha i dtalmhaíocht an Aontais, i measc eagraíochtaí inniúla sna Ballstáit;
bearta tionlacain: gníomhaíochtaí faisnéise, leata agus comhairleacha a bhfuil baint ag eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ag páirtithe leasmhara ábhartha eile leo, cúrsaí oiliúna agus ullmhú tuarascálacha teicniúla.
Airteagal 31
Cabhair le haghaidh gealltanais maidir le leas ainmhithe
Maidir le gealltanais i ndáil le leas ainmhithe atá incháilithe chun cabhair a fháil, soláthrófar caighdeáin uasghrádaithe ó thaobh modhanna táirgeachta in aon cheann de na réimsí a leanas:
uisce, beatha, cúram sláinte ainmhithe i gcomhréir leis na riachtanais nádúrtha a bhaineann le hainmhithe;
dálaí tithíochta lena gcuirtear le compord agus saoirse gluaiseachta na n-ainmhithe, amhail lamháltais maidir le spás breise, dromchlaí urláir, solas nádúrtha, rialáil mhiocraeráide, mar aon le dálaí tithíochta amhail tithíocht saorbhreithe nó tithíocht grúpa, ag brath ar na riachtanais nádúrtha a bhaineann le hainmhithe;
dálaí lenar féidir le hainmhithe iompraíocht nádúrtha a chleachtadh, amhail an timpeallacht mhaireachtála a shaibhriú nó scoitheadh mall
rochtain ar an taobh amuigh agus féarach;
cleachtais lena gcuirtear le stóinseacht agus fad saoil ainmhithe, lena n-áirítear pórtha a fhásann níos moille;
cleachtais a sheachnaíonn ciorrú nó coilleadh ainmhithe. I gcásanna sonracha ina meastar go bhfuil gá le hainmhithe a chiorrú nó a choilleadh, ní mór úsáid a bhaint as ainéistéisigh, anailgéise agus cógas fríth-athlastach nó imdhíonchoilleadh;
bearta sláintíochta, lena gcuirtear cosc ar ghalair neamh-tharchurtha, nach gá substaintí leighis a úsáid ina leith amhail vacsaíní, feithidicídí nó drugaí frithsheadánacha.
Airteagal 32
Cabhair le haghaidh comhair in earnáil na talmhaíochta
Féadfaidh na cineálacha comhair seo a leanas a bheith incháilithe:
comhar i measc gnóthais éagsúla san earnáil talmhaíochta, sa bhiashlabhra agus i measc gníomhaithe eile atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta, lena n-áirítear grúpaí táirgeoirí, comharchumainn agus eagraíochtaí idirchraoibhe, a chuidíonn le cuspóirí agus tosaíochtaí an bheartais forbartha tuaithe a bhaint amach;
braislí agus gréasáin a chruthú;
comharbas feirme, go háirithe le haghaidh athnuachan ghlúine ar leibhéal na feirme (beidh cabhair teoranta d’fheirmeoirí a bhfuil an aois scoir bainte amach acu, nó d’fheirmeoirí a mbeidh an aois scoir bainte amach acu faoi dheireadh na hoibríochta, arna chinneadh ag an mBallstát lena mbaineann de réir a reachtaíochta náisiúnta).
Deonófar an chabhair le haghaidh comhair a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:
treoirthionscadail;
táirgí, cleachtais, próisis agus teicneolaíochtaí nua a fhorbairt in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil an bhia a mhéid a bhaineann le táirgí talmhaíochta;
comhar i measc oibreoirí beaga in earnáil na talmhaíochta maidir le comhphróisis oibre a eagrú agus áiseanna agus acmhainní a chomhroinnt;
comhar cothrománach agus ingearach i measc gníomhaithe sa slabhra bia chun slabhraí soláthair gearra agus margaí áitiúla a bhunú agus a fhorbairt;
gníomhaíochtaí cur chun cinn i gcomhthéacs áitiúil a bhaineann le slabhraí soláthair gearra agus margaí áitiúla a fhorbairt;
gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéantar d’fhonn an t-athrú aeráide a mhaolú nó oiriúnú don athrú sin;
cineálacha cur chuige comhchoiteann i leith tionscadal comhshaoil agus cleachtas leanúnach comhshaoil, lena n-áirítear bainistiú éifeachtúil uisce, fuinneamh in-athnuaite ( 28 ) a úsáid agus tírdhreacha talmhaíochta a chaomhnú;
comhar cothrománach agus ingearach i measc gníomhaithe sa slabhra soláthair i soláthar inbhuanaithe bithmhaise lena úsáid i dtáirgeadh bia más táirge talmhaíochta a thagann as agus táirgeadh fuinnimh lena chaitheamh féin é an toradh;
straitéisí forbartha áitiúla, seachas na straitéisí sin dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1060 a chur chun feidhme, go háirithe ag grúpaí comhpháirtithe poiblí agus príobháideacha, seachas na grúpaí sin dá dtagraítear in Airteagal 31(2), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/1060.
Beidh na costais seo a leanas incháilithe, a mhéid a bhaineann siad le gníomhaíochtaí talmhaíochta:
costais na tacaíochta ullmhúcháin, an fhothaithe acmhainneachta, na hoiliúna agus an líonraithe d’fhonn ullmhú agus cur chun feidhme a dhéanamh ar thionscadal comhair;
costais staidéir ar an limistéar lena mbaineann, costais staidéir indéantachta, agus costais maidir le plean gnó nó straitéis forbartha áitiúla a tharraingt suas, seachas an ceann dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1060;
costais oibriúcháin an chomhair;
costais na n-oibríochtaí atá le cur chun feidhme, lena n-áirítear costais a bhaineann le beochan;
na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí cur chun cinn.
Airteagal 33
Cabhair le haghaidh míbhuntáistí i ndáil le limistéir Natura 2000
Ní íocfar cabhair ach amháin i ndáil leis na limistéir thalmhaíochta seo a leanas:
limistéir thalmhaíochta Natura 2000;
limistéir cosanta nádúir eile arna dteorannú ina bhfuil srianta comhshaoil atá infheidhme maidir le feirmeoireacht agus a chuidíonn le cur chun feidhme Airteagal 10 de Threoir 92/43/CEE; na limistéir atá ainmnithe faoi Natura 2000 a chumhdaítear faoi raon feidhme críochach an Phlean Straitéisigh CBT ábhartha, ní sháróidh na limistéir sin 5 % dóibh.
Airteagal 34
Cabhair le haghaidh gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide
Ní chuirfidh na Ballstáit cabhair ar fáil ach do ghealltanais a théann níos faide ná an méid a leanas:
na ceanglais reachtúla bhainistíochta ábhartha agus na caighdeáin GAEC ábhartha a bhunaítear faoi Theideal III, Caibidil I, Roinn 2 de Rialachán (AE) 2021/2115;
na híoscheanglais ábhartha maidir le leasachán agus táirgí cosanta plandaí a úsáid, agus ceanglais éigeantacha ábhartha eile arna leagan síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais;
na coinníollacha a bhunaítear maidir le cothabháil an limistéir talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 4(2), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/2115.
▼M1 —————
Gealltanais chun an fheirmeoireacht bheostoic a leathnú, comhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas ar a laghad:
déanfar iomlán an limistéir innilte a bhainistiú agus a chaomhnú chun ró-innilt nó tearc-innilt a sheachaint;
déanfar dlús beostoic a shainiú lena gcuirtear san áireamh gach beostoc féaraigh a choinnítear ar an bhfeirm nó, i gcás gealltanas chun láisteadh cothaitheach a theorannú, gach ainmhí a choinnítear ar an bhfeirm a bhaineann leis an ngealltanas atá i gceist.
Airteagal 35
Cabhair le haghaidh na feirmeoireachta orgánaí
Ní chuirfidh na Ballstáit cabhair ar fáil ach do ghealltanais a théann níos faide ná an méid a leanas:
na ceanglais reachtúla bhainistíochta ábhartha agus na caighdeáin GAEC ábhartha a bhunaítear faoi Theideal III, Caibidil I, Roinn 2 de Rialachán (EU) 2021/2115;
na híoscheanglais ábhartha maidir le leasachán agus táirgí cosanta plandaí a úsáid, leas ainmhithe, agus ceanglais éigeantacha ábhartha eile arna leagan síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais;
na coinníollacha a bhunaítear maidir le cothabháil an limistéir talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2021/2115.
Airteagal 36
Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfabhar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha atá suite ar ghabháltais talmhaíochta nó i bhforaoisí
Leis an gcabhair, cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas a bheartaítear le haghaidh chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha:
costais infheistíochta i sócmhainní inláimhsithe;
oibreacha caipitlithe.
Airteagal 37
Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr tubaistí nádúrtha in earnáil na talmhaíochta a shlánú
Beidh an chabhair faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
ní íocfar í ach amháin nuair a bheidh aitheanta ag údarás inniúil an Bhallstáit go foirmiúil gur teagmhas de chineál tubaiste nádúrtha an teagmhas;
i gcás ina bhfuil nasc cúise díreach idir an tubaiste nádúrtha agus an damáiste a dhéantar don ghnóthas.
I gcás ina n-íoctar an chabhair le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí, ní sháróidh méid na cabhrach an méid cabhrach a bhfuil an gnóthas sin incháilithe lena aghaidh.
Féadfaidh an chabhair a bheith ag baint leo seo a leanas:
caillteanas ioncaim a thagann as scrios iomlán nó páirteach ar an táirgeadh talmhaíochta agus ar an modh táirgeachta dá dtagraítear i mír 8;
damáiste ábhartha dá dtagraítear i mír 9.
Ríomhfar an caillteanas ioncaim le dealú an méid seo a leanas:
an toradh a fhaightear nuair a iolraítear an chainníocht táirgí talmhaíochta a tháirgtear le linn bhliain na tubaiste nádúrtha, nó i ngach bliain ina dhiaidh sin atá buailte ag scrios iomlán nó páirtscrios an mhodha táirgeachta, faoin meánphraghas díola le linn na bliana sin,
ón méid seo a leanas:
an toradh atá ar mheánchainníocht bhliantúil na dtáirgí talmhaíochta a táirgeadh sa tréimhse 3 bliana sular tharla an tubaiste nádúrtha, nó an meán thar 3 bliana bunaithe ar thréimhse 5 bliana sular tharla an tubaiste nádúrtha, cé is moite den iontráil is airde agus is ísle, a iolrú faoin meánphraghas díola a fuarthas.
I gcás inar bunaíodh FBM níos lú ná 3 bliana ón dáta a tharla an tubaiste nádúrtha, ní mór an tagairt do na tréimhsí 3 bliana i mír 8, pointe (b) a thuiscint mar thagairt don chainníocht a tháirg meánghnóthas den mhéid céanna den iarratasóir, eadhon micrifhiontar nó fiontar beag nó fiontar meánmhéide, faoi seach, san earnáil náisiúnta nó réigiúnach a ndearnadh an tubaiste nádúrtha difear di.
Féadfar an caillteanas ioncaim a ríomh ar leibhéal an táirgthe bhliantúil ar an bhfeirm nó ar leibhéal na mbarr nó ar leibhéal an bheostoic.
Féadfar an méid sin a mhéadú le costais eile a thabhaíonn an tairbhí a bhaineann go díreach leis an tubaiste nádúrtha.
Laghdófar an méid sin faoi aon chostas nár tabhaíodh de dheasca na tubaiste nádúrtha.
Féadfar innéacsanna a úsáid chun táirgeadh talmhaíochta bliantúil an tairbhí a ríomh ar choinníoll go gceadaítear leis an modh ríomha a úsáidtear fíorchaillteanas an tairbhí a chinneadh sa bhliain ar leith.
Ní bheidh sé níos mó ná an costas deisiúcháin ná an laghdú ar an luach margaidh cothrom mar thoradh ar an tubaiste, is é sin an difríocht idir luach na sócmhainne go díreach sular tharla an tubaiste agus go díreach ina diaidh.
Airteagal 38
Cabhair le haghaidh taighde agus forbartha in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta
Roimh dháta tosaigh an tionscadail dá dtugtar cabhair, foilseofar an fhaisnéis seo a leanas ar shuíomh gréasáin a mbeidh rochtain ag an bpobal air ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach:
go gcuirfear an tionscadal dá dtugtar cabhair i gcrích;
spriocanna an tionscadail dá dtugtar cabhair;
neasdáta le haghaidh fhoilsiú na dtorthaí a bhfuil coinne leo ón tionscadal dá dtugtar cabhair;
ionad foilsithe na dtorthaí a bhfuil coinne leo ón tionscadal dá dtugtar cabhair ar an idirlíon;
go mbeidh torthaí an tionscadail dá dtugtar cabhair ar fáil saor in aisce do na gnóthais uile atá gníomhach san earnáil nó san fho-earnáil lena mbaineann.
Is iad seo a leanas na costais incháilithe:
na costais foirne i ndáil le taighdeoirí, teicneoirí agus foireann tacaíochta eile a mhéid a fhostaítear don tionscadal iad;
costais na n-ionstraimí agus an trealaimh a mhéid a úsáidtear don tionscadal iad agus fad a úsáidtear dó sin iad; i gcás nach n-úsáidtear na hionstraimí ná an trealamh sin le haghaidh shaolré iomlán an tionscadail, is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré an tionscadail, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh leo go ginearálta, agus na costais sin amháin, a mheastar a bheith incháilithe;
costas na bhfoirgneamh agus na talún, a mhéid a úsáidtear don tionscadal iad agus fad a úsáidtear dó sin iad agus faoi na coinníollacha a leanas:
maidir le foirgnimh, is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré an tionscadail, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh go ginearálta leo, agus na costais sin amháin, a mheastar a bheith incháilithe;
maidir le talamh, is costais incháilithe iad costais a bhaineann le haistriú tráchtála nó costais chaipitil a thabhaítear iarbhír;
costais a bhaineann le taighde conarthach, le heolas agus le paitinní a cheannaítear nó a cheadúnaítear ó fhoinsí seachtracha de réir coinníollacha maidir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, mar aon leis na costais a bhaineann le seirbhísí comhairleoireachta agus seirbhísí coibhéiseacha a úsáidtear go heisiach don tionscadal;
forchostais bhreise agus speansais oibríochta eile, lena n-áirítear costais ábhar, soláthar agus táirgí comhchosúla, a thabhaítear go díreach mar thoradh ar an tionscadal.
Airteagal 39
Cabhair le haghaidh na gcostas a thabhaíonn FBManna atá ag glacadh páirt i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN
Beidh na costais seo a leanas incháilithe maidir le tionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN:
costais na tacaíochta ullmhúcháin, an fhothaithe acmhainneachta, na hoiliúna agus an líonraithe d’fhonn ullmhú agus cur chun feidhme a dhéanamh ar thionscadal de chuid Grúpa Oibríochtúil CEN;
cur chun feidhme na n-oibríochtaí formheasta;
ullmhú agus cur chun feidhme ghníomhaíochtaí comhair an ghrúpa;
costais oibriúcháin atá nasctha le cur chun feidhme thionscadal de chuid Grúpa Oibríochtúil CEN;
cur i bhfeidhm phobal CEN chun malartú idir páirtithe leasmhara a éascú ar mhaithe le faisnéis a sholáthar agus na tionscadail a chur chun cinn, agus chun tacú le tairbhithe féideartha d’fhonn oibríochtaí a fhorbairt agus iarratais a ullmhú.
Airteagal 40
Méideanna teoranta cabhrach do FBManna atá ag tairbhiú de thionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN
Airteagal 41
Cabhair le haghaidh foraoisiú agus cruthú coillearnaí
Féadfar oibríochtaí infheistíochta a chumhdach leis an gcabhair le haghaidh foraoisiú agus cruthú coillearnaí.
An chabhair le haghaidh foraoisiú agus cruthú coillearnaí i ndáil le hoibríochtaí infheistíochta, cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas léi:
maoin dhochorraithe a thógáil, a shealbhú, lena n-áirítear an mhaoin a léasú, nó a fheabhsú, gan ceannach talún a bheith incháilithe ach amháin a mhéid nach mó é ná 10 % de na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann cé is moite de cheannach talún más rud é go ndeonaítear an chabhair faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT;
innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainne;
costais ghinearálta atá nasctha leis an gcaiteachas dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), amhail táillí ailtirí, innealtóirí agus comhairliúcháin, táillí i ndáil le comhairle faoi inbhuanaitheacht comhshaoil agus eacnamaíoch, lena n-áirítear staidéir féidearthachta; leanfaidh staidéir féidearthachta de bheith ina gcaiteachas incháilithe fiú amháin, más rud é, bunaithe ar thorthaí na staidéar sin, nach dtabhaítear aon chaiteachas faoi phointí (a) ná (b);
sealbhú, forbairt nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta agus réiteach cosúil, agus sealbhú paitinní, ceadúnas, cóipcheart, trádmharcanna;
na costais a bhaineann le pleananna bainistíochta foraoisí nó le hionstraimí coibhéiseacha a bhunú.
Cabhair a dheonaítear faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT agus a sholáthraítear i bhfoirm ionstraimí airgeadais, féadfar a chuimsiú leis an gcabhair sin costais incháilithe eile seachas iad sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar choinníoll go bhfuil na costais go hiomlán incháilithe faoin bPlean Straitéiseach CBT ábhartha agus go gcuirtear an chabhair i bhfeidhm tar éis don Choimisiún an Plean Straitéiseach ábhartha a fhormheas.
Ach amháin i gcás ina soláthraítear tacaíocht faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT i bhfoirm ionstraimí airgeadais, ní mheasfar gur costas incháilithe é caipiteal oibre.
Beidh na costais bhunaíochta seo a leanas incháilithe:
costais an ábhair plandála agus iomadaithe;
na costais phlandála agus na costais atá nasctha go díreach leis an bplandáil;
na costais a bhaineann le hoibríochtaí gaolmhara eile amhail stóráil agus cóireáil na síológ leis na hábhair choisc agus chosanta is gá;
na costais a bhaineann le hathsholáthar críonadh le linn na chéad bhliana agus le hathsholáthar críonadh ar mhionscála le linn na chéad bhlianta tar éis na plandála. Ní fhéadfar tacú le hathsholáthar críonadh ar mhórscála ach faoi Airteagal 43 amháin.
Ní dheonófar cabhair chun na crainn seo a leanas a chur:
crainn le haghaidh roschoill ghearruainíochta;
crainn Nollag;
crainn a fhásann go tapa le haghaidh táirgeadh fuinnimh;
speicis andúchasacha sa limistéar, ach amháin i gcás ina soláthraítear tacaíocht faoi chuimsiú an Phlean Straitéiseach CBT;
infheistíochtaí san fhoraoisiú nach bhfuil comhsheasmhach leis na cuspóirí aeráide agus comhshaoil i gcomhréir le prionsabail inbhuanaithe maidir le bainistiú foraoisí atá sna Treoirlínte Uile-Eorpacha maidir leis an bhForaoisiú agus an Athfhoraoisiú ( 30 ).
Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le bardais, ar údaráis áitiúla fhéinrialaitheacha iad ag a bhfuil buiséad bliantúil níos lú ná EUR 10 milliún agus níos lú ná 5 000 áitritheoir.
Beidh feidhm ag na híoscheanglais chomhshaoil seo a leanas i gcomhthéacs cabhair le haghaidh foraoisiú agus cruthú coillearnaí:
De bharr roghnú na speiceas atá le cur, roghnú na limistéar agus na modhanna atá le húsáid, seachnófar foraoisiú míchuí ar ghnáthóga íogaire amhail tailte portaigh agus bogaigh agus seachnófar drochthionchar ar limistéir ardluacha ó thaobh na héiceolaíochta lena n-áirítear limistéir faoi fheirmeoireacht ardluacha nádúrtha. De bhun Threoir 92/43/CEE agus Threoir 2009/147/CE ar láithreáin ainmnithe an chláir Natura 2000, ní cheadófar ach foraoisiú atá comhsheasmhach le cuspóirí bainistíochta na láithreán lena mbaineann agus a comhaontaíodh le húdarás an Bhallstáit atá i gceannas ar chur chun feidhme an chláir Natura 2000;
de bharr roghnú speiceas crann, cineálacha crann, éicitíopaí crann agus bunáitíochta crann, cuirfear san áireamh an gá lena mbaineann athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus tubaistí nádúrtha, staid pheideolaíoch, agus hidreolaíoch an limistéir lena mbaineann, mar aon leis an ngné ionrach a d’fhéadfadh a bheith ag na speicis faoi dhálaí áitiúla mar atá sainithe ag na Ballstáit. Beidh sé de cheangal ar an tairbhí an fhoraois a chosaint agus a chaomhnú ar a laghad le linn na tréimhse ina n-íoctar an phréimh as ioncam talmhaíochta ligthe thar ceal agus as cothabháil. Áireofar air sin caomhnú, tanú nó féarach mar is iomchuí, ar mhaithe leis an bhforbairt a dhéanfar ar an bhforaois san am atá amach romhainn agus an iomaíocht le fásra luibheach a rialú agus méadú ábhar scrobarnaí inlasta a sheachaint. Maidir le speicis a fhásann go tapa, déanfaidh na Ballstáit uasteorainn ama agus íosteorainn ama maidir le leagan crann a shainiú. Ní bheidh an íostréimhse níos lú na 8 mbliana agus ní bheidh an uastréimhse níos faide ná 20 bliain;
i gcásanna nuair, de dheasca droch-dhálaí ithreach, comhshaoil nó aeráide, lena n-áirítear díghrádú an chomhshaoil, nach féidir a bheith ag súil leis go mbeadh bunú cumhdaigh foraoise ann mar a shainmhínítear i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme é, de thoradh speicis ilbhliantúla adhmadacha a chur, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann cead a thabhairt don tairbhí cumhdach fásra adhmadaigh eile a bhunú amhail toir agus toim atá in oiriúint do na dálaí áitiúla. Áiritheoidh an tairbhí an leibhéal céanna cúraim agus cosanta is infheidhme maidir le foraoisí;
i gcás oibríochtaí foraoisithe ar dá mbarr a chruthófar foraoisí de mhéid is mó ná tairseach áirithe, a shaineoidh na Ballstáit, is éard a bheidh san oibríocht ná ceachtar den dá ní seo a leanas:
ní chuirtear ach speicis atá oiriúnaithe go héiceolaíoch nó speicis atá athléimneach in aghaidh an athraithe aeráide sa limistéar bithgheografach lena mbaineann, agus a fuarthas, trí mheasúnú tionchar, nach bhfuil ina mbaol don bhithéagsúlacht ná do sheirbhísí éiceachórais, agus nach bhfuil tionchar diúltach acu ar shláinte an duine;
meascán de speiceas crann lena n-áirítear 10 % ar a laghad de chrainn leathanduilleacha de réir limistéir, nó íosmhéid de thrí speiceas nó cineál crann, arb ionann an cineál crann is lú líonmhaireachta agus 10 % den limistéar.
Airteagal 42
Cabhair le haghaidh córais agrafhoraoiseachta
Ach amháin i gcás ina soláthraítear tacaíocht i bhfoirm ionstraimí airgeadais, leis an gcabhair le haghaidh córais agrafhoraoiseachta i ndáil le hoibríochtaí infheistíochta, cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas:
maoin dhochorraithe a thógáil, a shealbhú, lena n-áirítear an mhaoin a léasú, nó a fheabhsú, gan ceannach talún a bheith incháilithe ach amháin a mhéid nach mó é ná 10 % de na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann cé is moite de cheannach talún más rud é go ndeonaítear an chabhair faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT;
innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainne;
costais ghinearálta atá nasctha leis an gcaiteachas dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), amhail táillí ailtirí, innealtóirí agus comhairliúcháin, táillí i ndáil le comhairle faoi inbhuanaitheacht comhshaoil agus eacnamaíoch, lena n-áirítear staidéir féidearthachta; leanfaidh staidéir féidearthachta de bheith ina gcaiteachas incháilithe fiú amháin más rud é nach dtabhaítear aon chaiteachas dá dtagraítear faoi phointí (a) agus (b);
sealbhú, forbairt nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta agus réiteach cosúil, agus sealbhú paitinní, ceadúnas, cóipcheart, trádmharcanna;
na costais a bhaineann le pleananna bainistíochta foraoisí nó le hionstraim choibhéiseach a bhunú.
Ach amháin i gcás ina soláthraítear tacaíocht faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT i bhfoirm ionstraimí airgeadais, ní mheasfar gur costas incháilithe é caipiteal oibre.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cabhair a sholáthraítear i bhfoirm ionstraimí airgeadais.
Na costais seo a leanas le haghaidh bhunú, athghiniúint nó athchóiriú an chórais agrafhoraoiseachta, beidh siad incháilithe:
na costais a bhaineann le crainn a chur, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis an ábhar plandála, leis an bplandáil, le stóráil agus le cóireálacha na síológ leis na hábhair choisc agus chosanta is gá;
na costais a bhaineann le foraoisí nó coillearnach eile atá ann cheana a thiontú, lena n-áirítear na costais a bhaineann le leagan crann, tanú agus prúnáil agus cosaint in aghaidh féaránach;
costais eile atá nasctha go díreach le bunú, athghiniúint nó athchóiriú córais agrafhoraoiseachta amhail costais le haghaidh staidéir féidearthachta, plean bunaíochta, scrúdú na hithreach agus ullmhú agus chosaint na hithreach;
na costais a bhaineann le féarach silva, is é sin saoráidí uisciúcháin agus cosanta le haghaidh córais féaraigh;
na costais a bhaineann leis an gcóireáil riachtanach i dtaca le bunú, athghiniúint nó athchóiriú córais agrafhoraoiseachta, lena n-áirítear uisciú agus gearradh;
na costais a bhaineann le hathchur le linn na chéad bhliana tar éis bunú, athghiniúint agus athchóiriú córais agrafhoraoiseachta.
Féadfaidh baint a bheith ag na costais chothabhála incháilithe leis na criosanna crann bunaithe, le baint lustain, prúnáil agus tanú agus gníomhaíochtaí agus infheistíochtaí cosanta amhail claíocha nó feadáin chosanta aonair.
Cinnfidh na Ballstáit struchtúr agus comhdhéanamh an chórais agrafhoraoiseachta, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
dálaí peidichlíomacha agus comhshaoil áitiúla;
speicis foraoiseachta;
an gá atá le húsáid talmhaíochta inbhuanaithe na talún a áirithiú.
Airteagal 43
Cabhair chun an damáiste d’fhoraoisí a chosc agus a athchóiriú
Cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas leis an gcabhair:
bunú bonneagair cosanta, lena n-áirítear costais chothabhála a chumhdach leis an gcabhair i gcás toitbhearnaí;
gníomhaíochtaí cosanta áitiúla ar mhionscála in aghaidh dóiteán nó guaiseacha nádúrtha eile, lena n-áirítear na costais a bhaineann le húsáid ainmhithe féaraigh, amhail seideanna, uisciúchán, sconsaí agus iompar na n-ainmhithe;
áiseanna faireacháin i dtaca le dóiteáin foraoise, lotnaidí agus galair chomh maith le trealamh cumarsáide a bhunú agus a fheabhsú;
athchóiriú a dhéanamh ar acmhainneacht fhéideartha foraoiseachta a ndearnadh damáiste dó de dheasca dóiteán, tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide eile, lotnaidí plandaí, teagmhais thurraingeacha agus teagmhais a bhaineann leis an athrú aeráide.
I gcás ina ndéantar athchóiriú ar an acmhainneacht fhéideartha foraoiseachta dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), beidh an chabhair faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
aitheantas foirmiúil ag údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann gur tharla an dóiteán, an tubaiste nádúrtha, an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, teagmhas díobhálach aeráide eile, lotnaidí plandaí, teagmhas turraingeach nó teagmhas a bhaineann leis an athrú aeráide, agus beidh an chabhair faoi réir cruthúnas a bheith curtha isteach ag na tairbhithe ar uirlisí bainistíochta riosca ábhartha iomchuí chun dul i ngleic le tarlú féideartha an teagmhais is cúis leis an damáiste amach anseo, i gcás inarb iomchuí;
aitheantas foirmiúil ag údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann gur cuireadh chun feidhme na bearta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031 chun dul i ngleic le lotnaid plandaí, nó chun lotnaid plandaí a dhíothú nó chun srian a choinneáil uirthi;
i gcás cabhair faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, cruthúnas a bheith curtha isteach ag na tairbhithe go gcuimseofar leis an athchóiriú sin bearta oiriúnúcháin i ndáil leis an athrú aeráide, seachas sa chás go mbeadh bearta oiriúnúcháin den sórt sin ina gcuid lárnach den scéim agus go mbeadh feidhm acu maidir leis na tairbhithe uile.
An liosta de speicis lotnaide plandaí a dhéanann damáiste nó a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh, áireofar é sa scéim cabhrach nó sa chabhair ad hoc a chuirfidh an Ballstát ábhartha isteach.
I gcás athbhunú na hacmhainneachta foraoiseachta dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), beidh an chabhair le haghaidh fiontair mhóra coinníollach ar fhaisnéis ábhartha ó phlean bainistíochta foraoisí nó ó ionstram choibhéiseach a chur i láthair i gcomhréir leis na Treoirlínte Ginearálta maidir le Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí san Eoraip. Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le bardais, ar údaráis áitiúla fhéinrialaitheacha iad ag a bhfuil buiséad bliantúil níos lú ná EUR 10 milliún agus níos lú ná 5 000 áitritheoir.
Maidir leis an gcabhair a dheonaítear le haghaidh na gcostas incháilithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (d) agus aon íocaíocht eile a fhaigheann an tairbhí, lena n-áirítear íocaíochtaí a dhéantar faoi bhearta náisiúnta eile nó faoi bhearta eile de chuid an Aontais nó faoi pholasaithe árachais le haghaidh na gcostas incháilithe céanna, beidh sí teoranta do 100 % de na costais incháilithe.
Airteagal 44
Cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear athléimneacht agus luach comhshaoil éiceachóras foraoisí
Ach amháin i gcás ina soláthraítear tacaíocht i bhfoirm ionstraimí airgeadais, cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas leis an gcabhair:
maoin dhochorraithe a thógáil, a shealbhú, lena n-áirítear an mhaoin a léasú, nó a fheabhsú, gan ceannach talún a bheith incháilithe ach amháin a mhéid nach mó é ná 10 % de na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann cé is moite de cheannach talún más rud é go ndeonaítear an chabhair faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT;
innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainne;
costais ghinearálta atá nasctha leis an gcaiteachas dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), amhail táillí ailtirí, innealtóirí agus comhairliúcháin, táillí i ndáil le comhairle faoi inbhuanaitheacht comhshaoil agus eacnamaíoch, lena n-áirítear staidéir féidearthachta; leanfaidh staidéir féidearthachta de bheith ina gcaiteachas incháilithe fiú amháin más rud é, bunaithe ar a dtorthaí, nach dtabhaítear aon chaiteachas faoi phointí (a) ná (b);
sealbhú, forbairt nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta agus réiteach cosúil, agus sealbhú paitinní, ceadúnas, cóipcheart agus trádmharcanna;
na costais a bhaineann le pleananna bainistíochta foraoisí nó le hionstraim choibhéiseach a bhunú.
costais an ábhair plandála agus iomadaithe;
na costais phlandála agus na costais atá nasctha go díreach leis an bplandáil;
na costais a bhaineann le hoibríochtaí gaolmhara eile amhail stóráil agus cóireáil na síológ leis na hábhair choisc agus chosanta is gá;
na costais a bhaineann le hathsholáthar críonadh le linn na chéad bhliana agus le hathsholáthar críonadh ar mhionscála le linn na chéad bhlianta tar éis na plandála. Ní fhéadfar tacú le hathsholáthar críonadh ar mhórscála ach faoi Airteagal 43 amháin.
Ach amháin i gcás ina soláthraítear tacaíocht faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT i bhfoirm ionstraimí airgeadais, ní mheasfar gur costas incháilithe é caipiteal oibre.
Airteagal 45
Cabhair le haghaidh míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar
Ní íocfar cabhair ach amháin i ndáil leis na limistéir foraoiseachta seo a leanas:
Limistéir foraoise Natura 2000;
gnéithe den tírdhreach atá ina rannchuidiú le cur chun feidhme Airteagal 10 de Threoir 92/43/CEE agus ní sháróidh siad 5 % de na limistéir a áirítear le líonra Natura 2000 a chumhdaítear le raon feidhme críochach an Phlean Straitéisigh lena mbaineann.
Airteagal 46
cabhair le haghaidh seirbhísí foraoise, comhshaoil agus aeráide agus caomhnú foraoisí
Airteagal 47
Cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí malartaithe eolais agus faisnéise in earnáil na foraoiseachta
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na gníomhaíochtaí lena dtacaítear faoin Airteagal seo ar aon dul leis an tuairisc a thugtar ar AKIS sa Phlean Straitéiseach CBT.
Féadfar a chumhdach leis an gcabhair freisin malartuithe bainistíochta foraoisí gearrthéarmacha agus cuairteanna ar fhoraoisí lena ndíreofar, go háirithe, ar mhodhanna inbhuanaithe maidir le feirmeoireacht agus foraoiseacht, agus/nó ar theicneolaíochtaí, ar fhorbairt deiseanna nua gnó agus teicneolaíochtaí nua, agus ar athléimneacht na foraoise a fheabhsú.
Féadfar costais infheistíochta ábhartha a chumhdach le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí taisealbhaidh.
Cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas leis an gcabhair:
na costais a bhaineann leis an gníomhaíocht malartaithe eolais nó faisnéise a eagrú agus a sheachadadh;
i gcás tionscadail taisealbhaidh i ndáil le hinfheistíochtaí:
maoin dhochorraithe a thógáil, a shealbhú, lena n-áirítear an mhaoin a léasú, nó a fheabhsú, gan ceannach talún a bheith incháilithe ach amháin a mhéid nach mó é ná 10 % den chaiteachas incháilithe iomlán eile a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann cé is moite de cheannach talún más rud é go ndeonaítear an chabhair faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT;
innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainne;
(iii)costais ghinearálta atá nasctha leis an gcaiteachas dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii), amhail táillí ailtirí, innealtóirí agus comhairliúcháin, táillí i ndáil le comhairle faoi inbhuanaitheacht chomhshaoil agus eacnamaíoch, lena n-áirítear staidéir féidearthachta; leanfaidh staidéir féidearthachta de bheith ina gcaiteachas incháilithe fiú amháin más rud é, bunaithe ar a dtorthaí, nach dtabhaítear aon chaiteachas faoi phointe (i) agus faoi phointe (ii);
sealbhú, forbairt nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta agus réiteach cosúil, agus sealbhú paitinní, ceadúnas, cóipcheart agus trádmharcanna;
na costais taistil, chóiríochta agus na speansais per diem de chuid na rannpháirtithe.
Ní mheasfar gur costas incháilithe é caipiteal oibre.
Airteagal 48
Cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha in earnáil na foraoiseachta
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na gníomhaíochtaí lena dtacaítear faoin Airteagal seo ar aon dul leis an tuairisc a thugtar ar AKIS sa Phlean Straitéiseach CBT.
Beidh na hacmhainní iomchuí ag na comhlachtaí a roghnaítear chun an tseirbhís chomhairleach a sholáthar i bhfoirm foirne ar a gcuirtear oiliúint rialta agus atá cáilithe agus beidh taithí chomhairleach acu agus beidh siad iontaofa i leith na réimsí ina dtugann siad comhairle.
Airteagal 49
Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar i ndáil le forbairt, nuachóiriú nó oiriúnú earnáil na foraoiseachta
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cabhair a sholáthraítear i bhfoirm ionstraimí airgeadais.
Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le bardais, ar údaráis áitiúla fhéinrialaitheacha iad ag a bhfuil buiséad bliantúil níos lú ná EUR 10 milliún agus níos lú ná 5 000 áitritheoir.
Féadfar a chumhdach leis an gcabhair infheistíochtaí i ndáil le bonneagar a bhaineann le forbairt, nuachóiriú nó oiriúnú foraoisí. Más rud é go ndeonaítear an chabhair lasmuigh de chreat Phlean Straitéiseach CBT, ní chumhdófar ach na nithe seo a leanas léi:
rochtain ar thalamh foraoise;
comhdhlúthú agus feabhsú na talún;
soláthar fuinnimh inbhuanaithe, éifeachtúlacht fuinnimh, soláthar agus coigilt uisce;
úsáid beostoic in ionad innealra;
saoráidí stórála sealadaí a bhunú.
Cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas leis an gcabhair:
maoin dhochorraithe a thógáil, a shealbhú, lena n-áirítear an mhaoin a léasú, nó a fheabhsú, gan ceannach talún a bheith incháilithe ach amháin a mhéid nach mó é ná 10 % den chaiteachas incháilithe iomlán eile a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann cé is moite de cheannach talún le haghaidh caomhnú comhshaoil más rud é go ndeonaítear an chabhair faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT;
innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas, lena n-áirítear úsáid beostoic in ionad innealra, suas le margadhluach na sócmhainne;
costais ghinearálta atá nasctha leis an gcaiteachas dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), amhail táillí ailtirí, innealtóirí agus comhairliúcháin, táillí i ndáil le comhairle faoi inbhuanaitheacht comhshaoil agus eacnamaíoch, lena n-áirítear staidéir féidearthachta; leanfaidh staidéir féidearthachta de bheith ina gcaiteachas incháilithe fiú amháin, más rud é, bunaithe ar a dtorthaí, nach dtabhaítear aon chaiteachas faoi phointe (a) ná faoi phointe (b);
sealbhú, forbairt nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta nó réiteach cosúil, agus sealbhú paitinní, ceadúnas, cóipcheart agus trádmharcanna;
na costais a bhaineann le pleananna bainistíochta foraoisí agus a n-ionstraimí coibhéiseacha a bhunú.
Ach amháin i gcás ina soláthraítear tacaíocht faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT i bhfoirm ionstraimí airgeadais, ní mheasfar gur costas incháilithe iad na costais seo a leanas:
costais, seachas na costais dá dtagraítear i mír 5, pointí (a) agus (b), i dtaca le conarthaí léasúcháin, amhail corrlach an léasóra, costais athmhaoiniúcháin úis, forchostais agus muirir árachais agus
caipiteal oibre.
Féadfar an déine cabhrach a mhéadú go dtí 80 % ar a mhéad le haghaidh na n-infheistíochtaí seo a leanas:
infheistíochtaí atá nasctha le haon cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha comhshaoil agus na cuspóirí a bhaineann leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointí (e), (f) agus (g);
infheistíochtaí sna réigiúin is forimeallaí nó sna hoileáin bheaga Aeigéacha.
Airteagal 50
Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoiseachta agus i dtáirgí foraoiseachta a phróiseáil, a úsáid agus a mhargú
Cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas leis an gcabhair:
maoin dhochorraithe a thógáil, a shealbhú, lena n-áirítear an mhaoin a léasú, nó a fheabhsú, gan ceannach talún a bheith incháilithe ach amháin a mhéid nach mó é ná 10 % den chaiteachas incháilithe iomlán eile a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann cé is moite de cheannach talún le haghaidh caomhnú comhshaoil más rud é go ndeonaítear an chabhair faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT;
innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainne;
costais ghinearálta atá nasctha leis an gcaiteachas dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), amhail táillí ailtirí, innealtóirí agus comhairliúcháin, táillí i ndáil le comhairle faoi inbhuanaitheacht comhshaoil agus eacnamaíoch, lena n-áirítear staidéir féidearthachta; leanfaidh staidéir féidearthachta de bheith ina gcaiteachas incháilithe fiú amháin, más rud é, bunaithe ar a dtorthaí, nach dtabhaítear aon chaiteachas faoi phointe (a) ná faoi phointe (b);
sealbhú, forbairt nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta nó réiteach cosúil, agus sealbhú paitinní, ceadúnas, cóipcheart agus trádmharcanna;
na costais a bhaineann le pleananna bainistíochta foraoisí agus lena gcoibhéis a bhunú.
Ach amháin i gcás ina soláthraítear tacaíocht faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT i bhfoirm ionstraimí airgeadais, ní mheasfar gur costas incháilithe iad na costais seo a leanas:
costais i dtaca le conarthaí léasúcháin, amhail corrlach an léasóra, costais athmhaoiniúcháin úis, forchostais agus muirir árachais agus
caipiteal oibre.
Féadfar an déine cabhrach a mhéadú go dtí 80 % ar a mhéad le haghaidh na n-infheistíochtaí seo a leanas:
infheistíochtaí atá nasctha le haon cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha comhshaoil agus na cuspóirí a bhaineann leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointí (e), (f) agus (g);
infheistíochtaí sna réigiúin is forimeallaí nó sna hoileáin bheaga Aeigéacha.
Airteagal 51
Caomhnú acmhainní géiniteacha san fhoraoiseacht
Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “caomhnú in situ” caomhnú ábhair ghéinitigh in éiceachórais agus i ngnáthóga nádúrtha agus cothabháil agus gnóthú pobal speiceas inbhuanaithe ina dtimpeallacht nádúrtha;
ciallaíonn “caomhnú ar an ngabháltas foraoise” caomhnú agus forbairt in situ ar leibhéal an ghabháltais foraoise;
ciallaíonn “caomhnú ex situ” caomhnú ábhair ghéinitigh le haghaidh foraoiseachta lasmuigh dá ghnáthóg nádúrtha;
ciallaíonn “bailiú ex situ” bailiú ábhair ghéinitigh le haghaidh foraoiseachta a chothaítear lasmuigh dá ghnáthóg nádúrtha.
Cumhdófar na costais le haghaidh na n-oibríochtaí seo a leanas leis an gcabhair:
gníomhaíochtaí dírithe: gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun cinn caomhnú, tréithriú, bailiú agus úsáid in situ agus ex situ acmhainní géiniteacha san fhoraoiseacht, lena n-áirítear fardail ghréasánbhunaithe de na hacmhainní géiniteacha a chaomhnaítear in situ faoi láthair, lena n-áirítear caomhnú ar an ngabháltas foraoise, agus fardail de bhailithe ex situ agus de bhunachair sonraí;
gníomhaíochtaí comhbheartaithe: gníomhaíochtaí lena gcuirtear malartú faisnéise chun cinn le haghaidh caomhnú, tréithriú, bailiú agus úsáid acmhainní géiniteacha i bhforaoiseacht an Aontais, i measc eagraíochtaí inniúla sna Ballstáit;
bearta tionlacain: gníomhaíochtaí faisnéise, leata agus comhairleacha a bhfuil baint ag eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ag páirtithe leasmhara ábhartha eile leo, cúrsaí oiliúna agus ullmhú tuarascálacha teicniúla.
Airteagal 52
Cabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na foraoiseachta
Cumhdófar na costais seo a leanas leis an gcabhair:
na costais a bhaineann le háitreabh oiriúnach a fháil ar cíos, de réir rátaí an mhargaidh;
na costais a bhaineann le trealamh oifige a shealbhú;
costais foirne riaracháin agus costais bainisteora foraoise cháilithe;
forchostais agus táillí dlí agus riaracháin;
costais a bhaineann le sealbhú crua-earraí ríomhaireachta agus sealbhú nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta agus réiteach cosúil;
i gcás ceannach áitreabh, méid a chomhfhreagraíonn do chostais chíosa ag rátaí an mhargaidh.
Airteagal 53
Cabhair le haghaidh comhdhlúthú talún foraoiseachta
Airteagal 54
Cabhair le haghaidh comhair in earnáil na foraoiseachta
Féadfaidh na cineálacha comhair seo a leanas a bheith incháilithe:
comhar i measc gnóthais éagsúla in earnáil na foraoiseachta agus gníomhaithe eile atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta a chuidíonn chun ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2021/2115 a bhaint amach, lena n-áirítear grúpaí táirgeoirí, agus comharchumainn;
braislí agus gréasáin a chruthú.
Féadfar cabhair a dheonú le haghaidh comhair a bhaineann, go háirithe, leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:
treoirthionscadail;
táirgí, cleachtais, próisis agus teicneolaíochtaí nua a fhorbairt in earnáil na foraoiseachta;
comhar i measc oibreoirí beaga in earnáil na foraoiseachta maidir le comhphróisis oibre a eagrú agus áiseanna agus acmhainní a chomhroinnt;
comhar cothrománach agus ingearach i measc gníomhaithe sa slabhra bia chun slabhraí soláthair gearra agus margaí áitiúla a bhunú agus a fhorbairt;
gníomhaíochtaí cur chun cinn i gcomhthéacs áitiúil a bhaineann le slabhraí soláthair gearra agus margaí áitiúla a fhorbairt;
gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéantar d’fhonn an t-athrú aeráide a mhaolú nó oiriúnú don athrú sin;
straitéisí forbartha áitiúla, seachas na straitéisí sin dá dtagraítear in Airteagal 32 den sin a chur chun feidhme, go háirithe ag grúpaí comhpháirtithe poiblí agus príobháideacha, seachas na grúpaí sin dá dtagraítear in Airteagal 31(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/1060.
Beidh na costais seo a leanas incháilithe, a mhéid a bhaineann siad le gníomhaíochtaí foraoiseachta:
costais staidéir ar an limistéar lena mbaineann, costais staidéir indéantachta, agus costais maidir le plean gnó nó straitéis forbartha áitiúla a tharraingt suas, seachas an ceann dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1060;
costais oibriúcháin an chomhair, amhail tuarastal “comhordaitheora”;
costais na n-oibríochtaí atá le cur chun feidhme;
costais a bhaineann le gníomhaíochtaí cur chun cinn;
na costais a bhaineann le pleananna bainistíochta foraoisí nó ionstraimí coibhéiseacha a tharraingt suas.
Airteagal 55
Cabhair le haghaidh seirbhísí bunúsacha agus bonneagair i limistéir thuaithe
Comhlíonfaidh an chabhair an dá chritéar seo a leanas:
deonaítear í faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115 i gceann de na foirmeacha seo a leanas:
mar chabhair a chómhaoiníonn CETFT;
mar mhaoiniú náisiúnta breise don chabhair a chómhaoiníonn CETFT;
beidh sí comhionann leis an mbeart ábhartha dá bhforáiltear sa Phlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear i bpointe (a).
Cumhdófar leis an gcabhair:
infheistíochtaí i gcruthú, i bhfeabhsú nó i bhfairsingiú gach cineáil bonneagair a bhfuil a gcostais incháilithe teoranta do EUR 2 mhilliún (“bonneagar ar mhionscála”), cé is moite d’infheistíochtaí i bhfuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh agus bonneagar leathanbhanda nach mbeidh incháilithe;
infheistíochtaí i mbunú, i bhfeabhsú nó i bhfairsingiú seirbhísí bunúsacha áitiúla don daonra tuaithe, lena n-áirítear na seirbhísí sóisialta, an fhóillíocht agus an cultúr agus an bonneagar lena mbaineann;
infheistíochtaí d’úsáid phoiblí i mbonneagar áineasa, i bhfaisnéis do thurasóirí agus bonneagar turasóireachta ar mhionscála;
infheistíochtaí a bhaineann le cothabháil, le hathbhunú agus le huasghrádú oidhreachta cultúrtha agus nádúrtha sráidbhailte, agus tírdhreach tuaithe agus láithreán a bhfuil ardluach ó thaobh an dúlra orthu, lena n-áirítear gnéithe socheacnamaíocha lena mbaineann, chomh maith le gníomhaíochtaí múscailte feasachta comhshaoil;
infheistíochtaí a dhírítear ar athlonnú gníomhaíochtaí agus athchóiriú foirgneamh nó saoráidí eile lonnaithe laistigh de lonnaíochtaí tuaithe nó gar dóibh, d’fhonn cáilíocht na beatha a fheabhsú nó feidhmíocht chomhshaoil na lonnaíochta a mhéadú.
Cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas leis an gcabhair:
na costais a bhaineann le dréachtú agus nuashonrú pleananna forbartha agus bainistíochta a bhaineann le limistéir thuaithe agus a seirbhísí bunúsacha, agus le láithreáin a bhfuil ardluach ó thaobh an dúlra acu;
na costais a bhaineann le hullmhú staidéar a bhaineann leis an oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha, tírdhreacha tuaithe agus láithreáin a bhfuil ardluach ó thaobh an dúlra acu;
costais infheistíochta le haghaidh sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe;
costais a bhaineann le gníomhaíochtaí feasachta comhshaoil.
D’fhéadfadh costais oibreacha caipitlithe a bheith incháilithe do chabhair dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), freisin.
Ní mheasfar gur costas incháilithe é caipiteal oibre. Ní dheonófar an chabhair mar chabhair oibriúcháin.
Ionas nach sárófar an uasdéine cabhrach, maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 3, pointí (b), (c) agus (d), asbhainfear na glanioncaim ó na costais incháilithe ex ante ar bhonn réamh-mheastacháin réasúnta nó trí shásra aisghlámtha. De rogha air sin, le haghaidh cabhair nach mó í ná EUR 1 mhilliún, féadfar an uasdéine cabhrach a shocrú ag 80 % de na costais incháilithe.
I gcás inarb é an toradh ar athshuíomh na ngníomhaíochtaí nó ar thiontú foirgneamh nó saoráidí eile nuachóiriú ar na saoráidí sin nó méadú ar an acmhainneacht táirgeachta, de bhreis ar dhíchóimeáil, baint agus atógáil saoráidí atá ann cheana dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní sháróidh na déiní cabhrach an uasdéine cabhrach a bhunaítear sa mhapa den chabhair réigiúnach atá i bhfeidhm tráth deonaithe an chabhair sa limistéar lena mbaineann i leith na gcostas a bhaineann le nuachóiriú na saoráidí nó leis an méadú ar an acmhainneacht táirgeachta. Mura ndéantar ach amháin foirgneamh nó saoráidí nua a chur in ionad foirgneamh nó saoráidí atá ann cheana, gan bunathrú a dhéanamh ar an táirgeadh ná ar an teicneolaíocht atá i gceist, ní mheastar go bhfuil baint aige sin leis an nuachóiriú.
Airteagal 56
Cabhair nuathionscanta gnó le haghaidh gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta i limistéir thuaithe
Comhlíonfaidh an chabhair an dá chritéar seo a leanas:
deonaítear í faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115 i gceann de na foirmeacha seo a leanas:
cabhair a chómhaoiníonn CETFT;
maoiniú náisiúnta breise don chabhair dá dtagraítear i bpointe (i);
tá sí comhionann leis an mbeart ábhartha dá bhforáiltear sa Phlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear i bpointe (a).
Deonófar an chabhair do na catagóirí tairbhithe seo a leanas:
feirmeoirí nó comhaltaí de theaghlach feirme i limistéir thuaithe a bhfuil éagsúlú i ngníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta á dhéanamh acu;
micrifhiontair agus fiontair bheaga i limistéir thuaithe;
daoine nádúrtha i limistéir thuaithe.
Beidh tuairisc ar an méid seo a leanas sa phlean gnó:
staid eacnamaíoch tosaigh an tairbhí;
garspriocanna agus spriocanna chun gníomhaíochtaí nua an tairbhí a fhorbairt;
mionsonraí ar na gníomhaíochtaí is gá chun gníomhaíochtaí an tairbhí a fhorbairt, amhail mionsonraí ar infheistíochtaí, ar oiliúint agus ar chomhairle.
Mairfidh an plean gnó ar feadh 5 bliana ar a mhéad.
Airteagal 57
Cabhair le haghaidh rannpháirtíocht nua feirmeoirí i scéimeanna cáilíochta le haghaidh cadáis agus bia-earraí
Comhlíonfaidh an chabhair an dá chritéar seo a leanas:
deonaítear í faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115 i gceann de na foirmeacha seo a leanas:
cabhair a chómhaoiníonn CETFT;
maoiniú náisiúnta breise don chabhair dá dtagraítear i bpointe (i);
beidh sí comhionann leis an idirghabháil ábhartha dá bhforáiltear sa Phlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear i bpointe (a).
Deonófar cabhair le haghaidh rannpháirtíocht nua i gceann amháin de na cineálacha scéimeanna cáilíochta seo a leanas:
scéimeanna cáilíochta le haghaidh cadáis agus bia-earraí a bhunaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012;
scéimeanna cáilíochta le haghaidh cadáis agus bia-earraí, lena n-áirítear scéimeanna deimhniúcháin, a aithníonn na Ballstáit mar scéimeanna lena gcomhlíontar na critéir seo a leanas:
díorthaíonn sainiúlacht an táirgthe deiridh a tháirgtear faoi na scéimeanna cáilíochta sin ó oibleagáidí soiléire chun ceann díobh seo a leanas nó níos mó a ráthú:
tá an scéim ar fáil don uile tháirgeoir;
(iii)beidh sonraíochtaí ceangailteacha don táirge deiridh i gceist leis an scéim agus fíoróidh na húdaráis phoiblí nó comhlacht cigireachta neamhspleách comhlíonadh na sonraíochtaí sin;
is scéim thrédhearcach í lena ndearbhaítear inrianaitheacht iomlán táirgí talmhaíochta;
na scéimeanna deonacha deimhniúcháin le haghaidh bia-earraí a aithníonn an Ballstát lena mbaineann mar scéim lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Teachtaireacht ón gCoimisiún — treoirlínte maidir le dea-chleachtas AE do scéimeanna deonacha deimhniúcháin le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí ( 32 ).
Airteagal 58
Cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun cinn i dtaca le cadás agus bia-earraí a chumhdaítear le scéim cáilíochta
Comhlíonfaidh an chabhair an dá chritéar seo a leanas:
deonaítear í faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115 i gceann de na foirmeacha seo a leanas:
cabhair a chómhaoiníonn CETFT
maoiniú náisiúnta breise don chabhair dá dtagraítear i bpointe (i);
tá sí comhionann leis an mbeart ábhartha dá bhforáiltear sa Phlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear i bpointe (a).
Is iad na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí a bhfuil na saintréithe seo a leanas acu na costais incháilithe:
gur gníomhaíochtaí iad a cheaptar chun tomhaltóirí a spreagadh le bia-earraí nó cadás a chumhdaítear le scéim cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 57(3) a cheannach;
gur gníomhaíochtaí lena dtarraingítear aird ar ghnéithe nó buntáistí sonracha an bhia earra nó an chadáis, go háirithe i dtaca leis an gcáilíocht, le modh táirgeachta sonrach, le hardchaighdeáin maidir le leas ainmhithe agus le meas ar an gcomhshaol atá nasctha leis an scéim cáilíochta lena mbaineann.
Airteagal 59
Cabhair le haghaidh comhair i limistéir thuaithe
Comhlíonfaidh an chabhair an dá chritéar seo a leanas:
deonaítear í faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115 i gceann de na foirmeacha seo a leanas:
cabhair a chómhaoiníonn CETFT
maoiniú náisiúnta breise don chabhair dá dtagraítear i bpointe (i);
tá sí comhionann leis an mbeart ábhartha dá bhforáiltear sa Phlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear i bpointe (a).
Féadfaidh na cineálacha comhair seo a leanas a bheith incháilithe:
comhar idir gnóthais agus gníomhaithe eile dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo;
braislí agus gréasáin a chruthú.
Deonófar an chabhair do chomhair a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:
treoirthionscadail;
táirgí, cleachtais, próisis agus teicneolaíochtaí nua a fhorbairt in earnáil an bhia;
comhar i measc oibreoirí beaga maidir le comhphróisis oibre a eagrú agus áiseanna agus acmhainní a chomhroinnt agus chun seirbhísí turasóireachta a bhaineann le turasóireacht tuaithe a fhorbairt agus/nó a mhargú;
comhar cothrománach agus ingearach i measc gníomhaithe sa slabhra bia chun slabhraí soláthair gearra agus margaí áitiúla a bhunú agus a fhorbairt;
gníomhaíochtaí cur chun cinn i gcomhthéacs áitiúil a bhaineann le slabhra soláthair gearr agus margaí áitiúla a fhorbairt;
gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéantar d’fhonn an t-athrú aeráide a mhaolú nó oiriúnú don athrú sin;
cineálacha cur chuige comhchoiteann i leith tionscadal comhshaoil agus cleachtas leanúnach comhshaoil, lena n-áirítear bainistiú éifeachtúil uisce, fuinneamh in-athnuaite a úsáid agus tírdhreacha talmhaíochta a chaomhnú;
comhar cothrománach agus ingearach i measc gníomhaithe sa slabhra soláthair i soláthar inbhuanaithe bithmhaise le húsáid i dtáirgeadh bia agus fuinnimh agus i bpróisis thionsclaíocha;
straitéisí forbartha áitiúla, seachas na cinn sin a shainítear in Airteagal 2, pointe (19) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, a théann i ngleic le ceann amháin nó níos mó de thosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe, a chur chun feidhme, go háirithe ag grúpaí de chomhpháirtithe poiblí agus príobháideacha seachas na cinn sin a shainítear in Airteagal 32(2), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;
gníomhaíochtaí feirmeoireachta a éagsúlú ina ngníomhaíochtaí a bhaineann le cúram sláinte, le comhtháthú sóisialta, le talmhaíocht arna tacú ag an bpobal agus le hoideachas faoin gcomhshaol agus faoi bhia;
straitéisí sráidbhailte cliste a chur chun feidhme.
Beidh na costais seo a leanas incháilithe:
costais na tacaíochta ullmhúcháin, an fhothaithe acmhainneachta, na hoiliúna agus an líonraithe d’fhonn ullmhú agus cur chun feidhme a dhéanamh ar thionscadal comhair;
costais staidéir ar an limistéar lena mbaineann, costais staidéir indéantachta, agus costais maidir le plean gnó nó straitéis forbartha áitiúla a tharraingt suas, seachas an ceann dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1060;
costais a bhaineann le beochan an limistéir lena mbaineann chun tionscadal críochach comhchoiteann a dhéanamh indéanta; i gcás braislí, d’fhéadfadh líonrú i measc na mball agus baill nua a earcú a bheith i gceist leis an mbeochan freisin;
costais oibriúcháin an chomhair, amhail tuarastal “comhordaitheora”;
costais dhíreacha tionscadal sonrach a bhaineann le cur chun feidhme plean gnó, plean don chomhshaol, straitéis forbartha áitiúla seachas an ceann dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1060 nó le gníomhaíochtaí eile atá dírithe ar an nuálaíocht, lena n-áirítear tástáil;
costais le haghaidh gníomhaíochtaí cur chun cinn.
Airteagal 60
Cabhair le haghaidh tionscadail CLLD
Cabhair le haghaidh na gcostas a thabhaíonn bardais atá ag glacadh páirte i dtionscadail CLLD, dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2021/1060 agus a ainmnítear mar fhorbairt áitiúil de chuid LEADER faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe i bhfabhar tionscadail dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh, i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.
Beidh na costais seo a leanas incháilithe maidir le tionscadail CLLD:
costais na tacaíochta ullmhúcháin, an fhothaithe acmhainneachta, na hoiliúna agus an líonraithe d’fhonn straitéis CLLD a ullmhú agus a chur chun feidhme;
cur chun feidhme na n-oibríochtaí formheasta;
ullmhú agus cur chun feidhme ghníomhaíochtaí comhair;
costais oibriúcháin atá nasctha le cur chun feidhme na straitéise CLLD a bhainistiú;
cur i bhfeidhm straitéis CLLD chun malartú idir páirtithe leasmhara a éascú ar mhaithe le faisnéis a sholáthar agus an straitéis agus na tionscadail a chur chun cinn, agus chun tacú le tairbhithe féideartha d’fhonn oibríochtaí a fhorbairt agus iarratais a ullmhú.
Na costais a thabhaíonn bardais atá ag glacadh páirte i dtionscadail CLLD, dá dtagraítear i mír 1, beidh siad incháilithe do chabhair faoin Airteagal seo ar choinníoll go saothrófar iad i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:
taighde, forbairt agus nuálaíocht;
an comhshaol;
fostaíocht agus oiliúint;
cultúr agus caomhnú oidhreachta;
foraoiseacht;
cur chun cinn táirgí bia nach bhfuil liostaithe in IARSCRÍBHINN I a ghabhann leis an gConradh;
spóirt.
Airteagal 61
Méideanna teoranta cabhrach do thionscadail CLLD
Maidir le cabhair le haghaidh bardais atá ag glacadh páirt i dtionscadail CLLD dá dtagraítear in Airteagal 60(1), nó maidir le cabhair le haghaidh gnóthais atá ag tairbhiú de thionscadail den sórt sin, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar í ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.
Na costais a thabhaíonn bardais atá ag glacadh páirte i dtionscadail CLLD, dá dtagraítear i mír 1, beidh siad incháilithe do chabhair faoin Airteagal seo ar choinníoll go saothrófar iad i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:
taighde, forbairt agus nuálaíocht;
an comhshaol;
fostaíocht agus oiliúint;
cultúr agus caomhnú oidhreachta;
foraoiseacht;
cur chun cinn táirgí bia nach bhfuil liostaithe in IARSCRÍBHINN I a ghabhann leis an gConradh;
spóirt.
CAIBIDIL IV
Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha
Airteagal 62
Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 a ionadú agus leanúint dá chur i bhfeidhm
Airteagal 63
Forálacha idirthréimhseacha
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i ndeireadh thréimhse bhailíochta an Rialacháin seo, scéimeanna cabhrach a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2021/2115 agus a gcómhaoiníonn CETFT iad nó a gcómhaoinítear iad mar mhaoiniú náisiúnta breise le haghaidh na mbeart cómhaoinithe sin, leanfaidh siad de bheith díolmhaithe ar feadh fhad na clárthréimhse i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115.
Airteagal 64
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2029.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Sainmhíniú ar FBM
Airteagal 1
Fiontar
Meastar gur fiontar atá in aon eintiteas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, is cuma cén fhoirm dlíthiúil atá aige. Áirítear leis sin, go háirithe, daoine féinfhostaithe agus gnólachtaí teaghlaigh a ghabhann do ghníomhaíochtaí ceirde nó do ghníomhaíochtaí eile, agus comhpháirtíochtaí nó comhlachais a ghabhann do ghníomhaíocht eacnamaíoch rialta.
Airteagal 2
Líon foirne agus tairseacha airgeadais agus catagóirí fiontair á gcinneadh
Airteagal 3
Cineálacha fiontar a chuirtear san áireamh agus líon foirne agus méideanna airgeadais á ríomh
Mar sin féin, féadfar fiontar a rangú mar fhiontar uathrialaitheach, agus mar fhiontar nach bhfuil aon fhiontar comhpháirtíochta aige, dá bhrí sin, fiú amháin má bhaineann na hinfheisteoirí seo a leanas an tairseach 25 % sin amach nó má sháraíonn siad í, de réir bhrí mhír 3, is é sin, ina n-aonar nó i gcomhpháirt leis an bhfiontar i gceist:
corparáidí infheistíochta poiblí, cuideachtaí caipitil fiontair, daoine aonair nó grúpaí daoine aonair a bhfuil gníomhaíocht rialta maidir le hinfheistíocht caipitil fiontair acu agus a infheistíonn caipiteal cothromais i ngnólachtaí neamhluaite (“aingil ghnó”), ar choinníoll go bhfuil infheistíocht iomlán na n-aingeal gnó sin san fhiontar céanna níos lú ná EUR 1 250 000 ;
ollscoileanna nó ionaid taighde neamhbhrabúis;
infheisteoirí institiúideacha, lena n-áirítear cistí forbraíochta réigiúnaí;
údaráis áitiúla féinrialaitheacha ag a bhfuil buiséad bliantúil níos lú ná EUR 10 milliún agus níos lú ná 5 000 áitritheoir.
Is éard is “fiontair nasctha” ann fiontair a bhfuil aon cheann de na caidrimh seo a leanas eatarthu:
tá formhór de chearta vótála na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí i bhfiontar eile ag fiontar;
tá sé de cheart ag fiontar formhór de na comhaltaí den chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid fiontar eile a cheapadh nó a chur as oifig;
tá sé de cheart ag fiontar tionchar ceannasach a imirt ar fhiontar eile de bhun conradh a dhéantar leis an bhfiontar sin nó de bhun foráil ina mheabhrán nó ina airteagail chomhlachais;
déanann fiontar, ar scairshealbhóir nó comhalta fiontair eile é, rialú ina aonar, de bhun comhaontú le scairshealbhóirí nó comhaltaí eile de chuid an fhiontair sin, ar fhormhór de chearta vótála na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí san fhiontar sin.
Tá toimhde ann nach ann do thionchar ceannasach mura bhfuil baint dhíreach ná indíreach ag na hinfheisteoirí a liostaítear sa dara fomhír de mhír 2 le bainistiú an fhiontair i gceist, gan dochar dá gcearta mar scairshealbhóirí.
Fiontair ag a bhfuil aon cheann de na caidrimh a bhfuil tuairisc orthu sa chéad fhomhír trí fhiontar amháin eile nó níos mó, nó trí aon cheann de na hinfheisteoirí a luaitear i mír 2, meastar iad a bheith nasctha freisin.
Fiontair ag a bhfuil ceann amháin nó ceann eile de na caidrimh den chineál sin le duine nádúrtha nó grúpa de dhaoine nádúrtha ag gníomhú i gcomhpháirt, meastar gur fiontair nasctha iad chomh maith má thugann siad faoina ngníomhaíocht nó faoi chuid dá ngníomhaíocht sa mhargadh ábhartha céanna nó i margaí cóngaracha.
Meastar gur “margadh cóngarach” é an margadh do tháirge nó do sheirbhís atá go díreach réamhtheachtach nó iartheachtach ón margadh iomchuí.
Airteagal 4
Sonraí a úsáidtear don líon foirne agus do na méideanna airgeadais agus don tréimhse thagartha
Airteagal 5
Líon foirne
Comhfhreagraíonn an líon foirne do líon na n-aonad oibrithe bliantúla (AOB), i.e. an líon daoine a d’oibrigh go lánaimseartha laistigh den fhiontar i gceist nó thar a cheann le linn na bliana tagartha iomláine atá á meas. Cuirtear obair daoine nár oibrigh go lánaimseartha le linn na bliana iomláine, obair iad siúd a d’oibrigh go páirtaimseartha, gan beann ar an bhfad, agus obair oibrithe séasúracha san áireamh mar chodáin AOB. Ar an bhfoireann áirítear:
fostaithe;
daoine atá ag obair don fhiontar, atá faoina réir agus a mheastar a bheith ina bhfostaithe faoin dlí náisiúnta;
bainisteoirí ar úinéirí iad;
comhpháirtithe a ghabhann do ghníomhaíocht rialta san fhiontar agus a bhaineann tairbhe as buntáistí airgeadais ón bhfiontar.
Ní dhéantar printísigh ná mic léinn a ghabhann do ghairmoiliúint a bhfuil conradh printíseachta nó gairmoiliúna acu a áireamh mar dhaoine den fhoireann. Ní chuirtear tréimhsí saoire máithreachais ná tuismitheoireachta san áireamh.
Airteagal 6
Na sonraí a bhaineann le fiontar a bhunú
Leis na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirtear na sonraí a bhaineann le haon fhiontar comhpháirtíochta de chuid an fhiontair i gceist agus atá go díreach réamhtheachtach nó iartheachtach uaidh. Is i gcomhréir leis an gcéatadán úis sa chaipiteal nó sna cearta vótála (cibé acu is mó) a dhéantar comhiomlánú. I gcás tras-sealúchas, tá feidhm ag an gcéatadán is airde.
Leis na sonraí dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír cuirtear 100 % de na sonraí a bhaineann le haon fhiontar atá nasctha go díreach nó go hindíreach leis an bhfiontar i gceist, sa chás nár cuireadh na sonraí san áireamh cheana féin i gcomhdhlúthú na gcuntas.
Chun an mhír 2 chéanna a chur i bhfeidhm, ní mór sonraí na bhfiontar atá nasctha leis an bhfiontar i gceist a dhíorthú óna gcuntas agus óna sonraí eile, cinn chomhdhlúite más ann dóibh. Leis sin cuirtear, pro rata, sonraí aon fhiontair comhpháirtíochta féideartha eile de chuid an fhiontair nasctha sin, ar fiontar go díreach réamhtheachtach nó iartheachtach é, ach amháin sa chás gur cuireadh san áireamh cheana féin é sna cuntais chomhdhlúite agus céatadán leis atá i gcomhréir ar a laghad leis an gcéatadán a d’aithníodh faoin dara fomhír de mhír 2.
IARSCRÍBHINN II
Faisnéis maidir le státchabhair a bhfuil díolúine ann ina leith ar na coinníollacha atá sa Rialachán seo, tá le soláthar trí fheidhmchlár bunaithe TF an Choimisiúin mar a leagtar síos in Airteagal 11
CUID I
|
Tagairt na cabhrach |
(le comhlánú ag an gCoimisiún) |
||
|
Ballstát |
|
||
|
Uimhir thagartha an Bhallstáit |
|
||
|
Réigiún |
Ainm an Réigiúin/na Réigiún (NUTS (1)) …… |
Stádas na cabhrach réigiúnaí (2) Na réigiúin is forimeallaí Na hoileáin bheaga Aeigéacha Eile |
|
|
Údarás deonúcháin |
Ainm |
||
|
Seoladh poist |
|||
|
Seoladh gréasáin |
|||
|
Teideal an bhirt cabhrach |
…… |
||
|
Bunús dlí náisiúnta (Tagairt don fhoilseachán oifigiúil náisiúnta ábhartha) |
….… ….… |
||
|
Nasc gréasáin chuig téacs iomlán an bhirt cabhrach |
…..… |
||
|
An cineál birt |
Scéim |
||
|
Cabhair ad hoc |
Ainm an tairbhí agus an ghrúpa (3) lena mbaineann sé |
||
|
Leasú ar scéim cabhrach nó ar chabhair ad hoc atá ann cheana |
|
Tagairt chabhrach an Choimisiúin |
|
|
Fadú |
|||
|
Modhnú |
|||
|
Fad (4) |
Scéim |
ll/mm/bbbb go ll/mm/bbbb |
|
|
An dáta deonúcháin |
Cabhair ad hoc |
ll/mm/bbbb |
|
|
An earnáil nó na hearnálacha eacnamaíocha lena mbaineann |
Sonraigh ar leibhéal ghrúpa NACE (5) |
||
|
An cineál tairbhí |
FBM |
||
|
Gnóthais mhóra |
|||
|
Buiséad |
Scéim: An méid foriomlán (6) san airgeadra náisiúnta... (i méideanna iomlána) …… |
||
|
Cabhair ad hoc: An méid foriomlán (7) san airgeadra náisiúnta... (i méideanna iomlána) ….… |
|||
|
Le haghaidh ráthaíochtaí (8) |
Airgeadra náisiúnta … (méideanna iomlána) …… |
||
|
An ionstraim cabhrach |
Deontas/Fóirdheontais ráta úis |
||
|
Seirbhísí fóirdheontais |
|||
|
Iasacht/Réamhíocaíochtaí iníoctha |
|||
|
Ráthaíocht (i gcás inarb iomchuí le tagairt don chinneadh ón gCoimisiún (9)) |
|||
|
Buntáiste cánach nó díolúine chánach |
|||
|
Eile (sonraigh) …..… Sonraigh an chatagóir ghinearálta thíos ab oiriúnaí i dtéarmaí na héifeachta/feidhme: Deontas Iasacht Ráthaíocht Buntáiste cánach |
|||
|
Más cómhaoiniú ciste nó cistí de chuid AE atá ann |
Ainm an chiste nó na gcistí de chuid AE: …..… …..… |
Méid an chistiúcháin (in aghaidh an chiste de chuid AE) …… |
Airgeadra náisiúnta … (méideanna iomlána) …… |
|
(1)
NUTS – Ainmníocht na nAonad Críche maidir le Staidreamh. De ghnáth, sonraítear an réigiún ar leibhéal 2.
(2)
Sonraigh, le do thoil, má dheonaítear an chabhair i bhfabhar gnóthas atá gníomhach i gceann de na limistéir réamhshainithe. Seachas sin, roghnaigh an bosca “eile”.
(3)
Chun críocha na rialacha iomaíochta a leagtar síos sa Chonradh agus chun críocha an Rialacháin seo is éard is gnóthas ann aon eintiteas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, is cuma cén stádas dlíthiúil atá aige ná cén bealach a mhaoinítear é. Rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais gur cheart eintitis atá á rialú ag an eintiteas céanna (ar bhonn dlíthiúil nó de facto) a mheas mar aon ghnóthas amháin.
(4)
An tréimhse ar féidir leis an údarás deonúcháin gealltanas a thabhairt an chabhair a dheonú.
(5)
NACE Rev. 2 — Aicmiú Staidrimh Gníomhaíochtaí Eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach. De ghnáth, sonrófar an earnáil ag leibhéal grúpa.
(6)
I gcás scéim cabhrach: sonraigh méid foriomlán an bhuiséid atá beartaithe faoin scéim nó an caillteanas cánach measta d’fhad iomlán na scéime le haghaidh na n-ionstraimí cabhrach uile atá sa scéim.
(7)
I gcás dámhachtain cabhrach ad hoc: Sonraigh méid foriomlán na cabhrach nó an chaillteanais cánach.
(8)
I gcás ráthaíochtaí, sonraigh méid (uasta) na n-iasachtaí a ráthaítear.
(9)
I gcás inarb iomchuí, tagairt don chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an mhodheolaíocht chun an choibhéis deontais chomhláin a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 5(2)(c)(ii) den Rialachán seo. |
|||
CUID II
le soláthar trí chóras fógartha leictreonach bunaithe an Choimisiúin mar a leagtar síos in Airteagal 11
Cuir in iúl cé acu foráil de ABER faoina gcuirtear an beart cabhrach chun feidhme.
|
Príomhchuspóirí (Is féidir níos mó ná cuspóir amháin a bheith i gceist; sa chás sin, sonraigh na cuspóirí uile) |
Uasdéine na cabhrach in % |
An t-uasmhéid cabhrach san airgeadra náisiúnta i méideanna iomlána |
|
□Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i ngabháltas talmhaíochta atá nasctha le táirgeadh príomhúil talmhaíochta (Airteagal 14) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh comhdhlúthú talún talmhaíochta (Airteagal 15) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dtaca le hathshuíomh foirgneamh feirme (Airteagal 16) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dtaca le próiseáil táirgí talmhaíochta agus táirgí talmhaíochta a mhargú (Airteagal 17) |
|
|
|
□Cabhair nuathionscanta le haghaidh feirmeoirí óga agus cabhair nuathionscanta le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta (Airteagal 18) |
|
|
|
□Cabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na talmhaíochta (Airteagal 19) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh rannpháirtíocht táirgeoirí táirgí talmhaíochta i scéimeanna cáilíochta (Airteagal 20) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí malartaithe eolais agus faisnéise (Airteagal 21) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha (Airteagal 22) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh seirbhísí ionadúcháin ar an bhfeirm (Airteagal 23) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh na mbeart cur chun cinn i bhfabhar táirgí talmhaíochta (Airteagal 24) |
|
|
|
□Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú (Airteagal 25) |
|
|
|
|
An cineál teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha: |
□ sioc □ stoirm □ cloichshneachta □ oighear □ báisteach throm nó sheasta □ spéirling □ triomach tromchúiseach □ eile Sonraigh: |
|
Dáta tarlaithe an teagmhais: |
ll/mm/bbbb go ll/mm/bbbb |
|
|
□Cabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le galair ainmhithe agus lotnaidí plandaí a chosc, a rialú agus a dhíothú agus cabhair chun damáiste a tharla de dheasca galair ainmhithe nó lotnaidí plandaí a shlánú (Airteagal 26) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh earnáil an bheostoic agus cabhair le haghaidh stoc a fuair bás (Airteagal 27) |
|
|
|
□Cabhair chun préimheanna árachais a íoc agus chun ranníocaíochtaí airgeadais a dhéanamh leis na cistí frithpháirteacha (Airteagal 28) |
|
|
|
□Cabhair chun an damáiste a dhéanann ainmhithe cosanta a shlánú (Airteagal 29) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh caomhnú acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht (Airteagal 30) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh gealltanais maidir le leas ainmhithe (Airteagal 31) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh comhair in earnáil na talamhaíochta (Airteagal 32) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh míbhuntáistí i ndáil le Natura 2000 (Airteagal 33) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide (Airteagal 34) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh na feirmeoireachta orgánaí (Airteagal 35) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfabhar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha atá suite ar ghabháltais talmhaíochta nó i bhforaoisí (Airteagal 36) |
|
|
|
□Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr tubaistí nádúrtha in earnáil na talmhaíochta a shlánú (Airteagal 37) |
|
|
|
An cineál tubaiste nádúrtha: |
□ crith talún □ maidhm shléibhe □ sciorradh talún □ tuile □ tornádó □ spéirling □ brúchtadh bolcánach □ falscaí □ eile Sonraigh: |
|
|
Dáta tarlaithe na tubaiste nádúrtha: |
ll/mm/bbbb go ll/mm/bbbb |
|
|
□Cabhair le haghaidh taighde agus forbartha in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta (Airteagal 38) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh na gcostas a thabhaíonn gnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN (Airteagal 39) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh foraoisiú agus cruthú coillearnaí (Airteagal 41) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh córais agrafhoraoiseachta (Airteagal 42) |
|
|
|
□Cabhair chun damáiste d’fhoraoisí a chosc agus a athchóiriú (Airteagal 43) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear athléimneacht agus luach comhshaoil éiceachóras foraoisí (Airteagal 44) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar (Airteagal 45) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh seirbhísí foraoise, comhshaoil agus aeráide agus caomhnú foraoisí (Airteagal 46) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí malartaithe eolais agus faisnéise in earnáil na foraoiseachta (Airteagal 47) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha in earnáil na foraoiseachta (Airteagal 48) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar i ndáil le forbairt, nuachóiriú nó oiriúnú earnáil na foraoiseachta (Airteagal 49) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoiseachta agus i dtáirgí foraoiseachta a phróiseáil, a chur in úsáid agus a mhargú (Airteagal 50) |
|
|
|
□Caomhnú acmhainní géiniteacha san fhoraoiseacht (Airteagal 51) |
|
|
|
□Cabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na foraoiseachta (Airteagal 52) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh comhdhlúthú talún foraoiseachta (Airteagal 53) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh comhair in earnáil na foraoiseachta (Airteagal 54) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh seirbhísí bunúsacha agus bonneagair i limistéir thuaithe (Airteagal 55) |
|
|
|
□Cabhair nuathionscanta gnó le haghaidh gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta i limistéir thuaithe (Airteagal 56) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh rannpháirtíocht nua feirmeoirí i scéimeanna cáilíochta le haghaidh cadáis nó bia-earraí (Airteagal 57) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun cinn i dtaca le cadás agus bia-earraí a chumhdaítear le scéim cáilíochta (Airteagal 58) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh comhair i limistéir tuaithe (Airteagal 59) |
|
|
|
□Cabhair le haghaidh tionscadail CLLD (Airteagal 60) |
|
|
IARSCRÍBHINN III
Forálacha maidir le foilsiú na faisnéise a leagtar síos in Airteagal 9(1)
Eagróidh na Ballstáit a suíomhanna gréasáin cuimsitheacha maidir le Státchabhair, ar a bhfoilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(1), ar bhealach lena gceadófar rochtain éasca ar an bhfaisnéis sin. Foilseofar faisnéis i bhformáid scarbhileoige sonraí, lenar féidir sonraí a chuardach, a asbhaint agus a fhoilsiú go héasca ar an Idirlíon, i bhformáid CSV nó XML cuir i gcás. Beidh cead ag aon pháirtí leasmhar rochtain gan srianta a fháil ar an suíomh gréasáin maidir le státchabhair. Ní cheanglófar aon chlárú úsáideora roimh ré chun rochtain a fháil ar an suíomh gréasáin maidir le státchabhair.
Foilseofar an fhaisnéis a leanas maidir le dámhachtainí indibhidiúla mar a leagtar síos in Airteagal 9, mír 1, pointe (c):
Tagairt d’uimhir aitheantais na cabhrach ( 34 );
Aitheantóir an tairbhí ( 35 );
An cineál fiontair (FBM/fiontar mór) ar an dáta a dheonaítear an chabhair;
An réigiún ina bhfuil an tairbhí lonnaithe, ar leibhéal NUTS II ( 36 ) agus, más infheidhme, na réigiúin is forimeallaí nó na hoileáin bheaga Aeigéacha;
Earnáil na gníomhaíochta ar leibhéal ghrúpa NACE ( 37 );
An ionstraim cabhrach, arna sloinneadh mar mhéid iomlán san airgeadra náisiúnta ( 38 );
Ionstraim cabhrach ( 39 ) (deontas/fóirdheontas ráta úis, iasacht/airleacain inaisíoctha/deontas inaisíoctha, ráthaíocht, buntáiste cánach nó díolúine chánach, maoiniú riosca, eile (sonraigh));
An dáta a dheonaítear an chabhair;
Cuspóir na cabhrach ( 40 );
Údarás deonúcháin.
( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).
( 2 ) IO L 336, 23.12.1994, lch. 22.
( 3 ) WT/MIN(15)/45 — WT/L/980.
( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).
( 5 ) Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha i dtaca le pórú agus trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta, muca pórúcháin hibrideacha, agus táirgí geirmeacha díobh san Aontas agus lena dtabhairt isteach san Aontas agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Treoracha 89/608/CEE agus 90/425/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an phóraithe ainmhithe (“An Rialachán maidir le Pórú Ainmhithe”), (IO L 171, 29.6.2016, lch. 66).
( 6 ) Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).
( 7 ) Treoirlínte maidir le státchabhair réigiúnach (IO C 153, 29.4.2021, lch. 1)
( 8 ) Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 41).
( 9 ) Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (IO L 147, 31.5.2001, lch. 1).
( 10 ) “Cuardach Poiblí maidir le Trédhearcacht na Státchabhrach”, ar fáil ag an suíomh gréasáin seo a leanas: https://webgate.ec.europa.eu/competition/transparency/public?lang=en
( 11 ) Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).
( 12 ) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
( 13 ) Technical guidance on the climate proofing of infrastructure in the period 2021- 2027 [Treoraíocht theicniúil ón gCoimisiún maidir le himdhíonadh an bhonneagair ó thaobh aeráide de sa tréimhse 2021-2027] (IO C 373, 16.9.2021, lch. 1).
( 14 ) Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce (IO L 177, 5.6.2020, lch. 32).
( 15 ) A mhéid a bhaineann le coincheap an rialaithe, beidh feidhm ag Caibidil II, pointe 1, den Fhógra Comhdhlúite ón gCoimisiún maidir le Dlínse faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (IO C 95, 16.4.2008, lch. 1) de réir analaí.
( 16 ) Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).
( 17 ) Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (IO L 130, 17.5.2019, lch. 1).
( 18 ) Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha táirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14).
( 19 ) Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le dea-chleachtas AE do scéimeanna deonacha deimhniúcháin le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí (IO C 341, 16.12.2010, lch. 5).
( 20 ) Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (IO L 152, 11.6.2008, lch. 1).
( 21 ) Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).
( 22 ) Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).
( 23 ) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
( 24 ) Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71).
( 25 ) Aon Sláinte Amháin – Plean Gníomhaíochta maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (COM(2017) 339 final).
( 26 ) Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).
( 27 ) Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO L 317, 4.11.2014, lch. 35).
( 28 ) Tá feidhm aige seo maidir le comhar a bhaineann le fuinneamh a tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite nó le táirgeadh bithbhreoslaí ar ghabháltais, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 14.
( 29 ) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 maidir le Timthriallta Inbhuanaithe Carbóin (COM(2021)800 final).
( 30 ) https://foresteurope.org/wp-content/uploads/2016/08/Pan-EuropeanAfforestationReforestationGuidelines.pdf
( 31 ) Treoirlínte Ginearálta maidir le Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí san Eoraip a glacadh ag an Dara Comhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip a tionóladh i Heilsincí an 16-17 Meitheamh 1993 (https://www.foresteurope.org/docs/MC/MC_helsinki_resolutionH1.pdf).
( 32 ) IO C 341, 16.12.2010, lch. 5.
( 33 ) Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).
( 34 ) Arna soláthar ag an gCoimisiún faoin nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9, mír 1 den Rialachán seo
( 35 ) I bhfianaise an leasa dhlisteanaigh i dtrédhearcacht maidir le faisnéis a chur ar fáil don phobal, agus measúnú a dhéanamh ar na riachtanais trédhearcachta leis na cearta faoi na rialacha cosanta sonraí, cinneann an Coimisiún go bhfuil údar cuí le hainm thairbhí na cabhrach a fhoilsiú nuair is duine nádúrtha nó duine dlítheanach é tairbhí na cabhrach agus go bhfuil ainm duine nádúrtha aige (féach C-92/09, Volker und Markus Schecke agus Eifert, mír 53), agus Airteagal 49(1)(g) de Rialachán 2016/679 á chur san áireamh. Is é is aidhm do na rialacha trédhearcachta comhlíonadh níos fearr, cuntasacht níos fearr, athbhreithniú piaraí agus, ar deireadh, caiteachas poiblí níos éifeachtaí a bhaint amach. Beidh forlámhas ag an aidhm sin ar chearta cosanta sonraí daoine nádúrtha a fhaigheann tacaíocht phoiblí.
( 36 ) NUTS – Ainmníocht na nAonad Críche maidir le Staidreamh. De ghnáth, sonraítear an réigiún ar leibhéal 2.
( 37 ) Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).
( 38 ) An choibhéis deontais chomhláin
( 39 ) I gcás ina ndeonaítear an chabhair le níos mó ná ionstraim cabhrach amháin, soláthrófar an méid cabhrach le hionstraim cabhrach
( 40 ) I gcás ina bhfuil cuspóirí iomadúla ag an gcabhair, soláthrófar an méid cabhrach le cuspóir.