gnóthas punainne cáilitheach
as defined in Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an…, Article 3, point (d)
|
(d)
|
ciallaíonn “gnóthas punainne cáilitheach” gnóthas:
|
(i)
|
ag tráth na hinfheistíochta ag ciste caipitil fiontair cáilitheach:
|
—
|
nach bhfuil sé ligthe isteach chun a thrádála ar mhargadh rialáilte nó ar shaoráid trádála iltaobhach (MTF) mar a shainítear i bpointe (14) agus i bpointe (15) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE,
|
|
—
|
a bhfuil níos lú ná 250 duine fostaithe aige, agus
|
|
—
|
a bhfuil láimhdeachas bliantúil aige nach mó ná EUR 50 milliún, nó clár comhordaithe bliantúil nach mó ina iomláine ná EUR 43 milliún;
|
|
|
(ii)
|
nach gnóthas comhinfheistíochta é féin é;
|
|
(iii)
|
nach ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas é:
|
—
|
institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le dul i mbun ghnó institiúidí creidmheasa, agus gabháil don ghnó sin,
|
|
—
|
cuideachta infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE,
|
|
—
|
gnóthas árachas mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus gabháil don ghnó sin, (Sócmhainneacht II),
|
|
—
|
cuideachta shealbhaíochta airgeadais mar a shainmhínítear i bpointe (19) d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE, nó
|
|
—
|
cuideachta shealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha mar a shainmhínítear i bpointe (20) d’Airteagal 4 de Threoir 2006/48/CE;
|
|
|
(iv)
|
atá bunaithe laistigh de chríoch Ballstáit, nó i dtríú tír ar choinníoll, i dtaca leis an tríú tír sin:
|
—
|
nach bhfuil sí liostaithe mar Thír agus Críoch Neamh-Chomhoibríoch ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais i ndáil leis an gComhrac i gCoinne Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta,
|
|
—
|
go bhfuil comhaontú sínithe aici le Ballstát baile an bhainisteora um chiste caipitil fiontair cáilitheach agus le gach ceann de na Ballstáit eile ina bhfuil sé ar intinn aonaid nó scaireanna an chiste caipitil fiontair cháilithigh a mhargú, ionas go ndéantar a áirithiú go bhfuil na caighdeáin a leagtar síos in Airteagal 26 de Shamhail-Choinbhinsiún Cánach an ECFE maidir le hIoncam agus le Caipiteal á gcomhlíonadh ag an tríú tír agus go n-áirithítear malartú éifeachtach faisnéise i gcúrsaí cánach, lena n-áirítear aon chomhaontuithe cánach iltaobhacha;
|
|
|
Open in the act with Eureka
Install the extension for EUR-Lex