Eureka 32013R0345 Sign in

infheistíochtaí cáilitheacha

as defined in Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an…, Article 3, point (e)

(e)

ciallaíonn “infheistíochtaí cáilitheacha” aon cheann de na hionstraimí seo a leanas:

(i)

ionstraim chothromais nó ionstraim chuasachothromais:

—

arna heisiúint ag gnóthas punainne cáilitheach agus arna fáil go díreach ag an gciste caipitil fiontair cáilitheach ón ngnóthas punainne cáilitheach,

—

arna heisiúint ag gnóthas punainne cáilitheach mar mhalairt ar urrús cothromais arna eisiúint ag an ngnóthas punainne cáilitheach, nó

—

arna heisiúint ag gnóthas ar fochuideachta faoi úinéireacht thromlaigh atá sa ghnóthas punainne cáilitheach agus a fhaigheann an ciste caipitil fiontair cáilitheach mar mhalairt ar ionstraim chothromais arna heisiúint ag an ngnóthas punainne cáilitheach;

(ii)

iasacht urraithe nó iasacht neamhurraithe arna dheonú ag an gciste caipitil fiontair cáilitheach do ghnóthas punainne cáilitheach a sealbhaíonn an ciste caipitil fiontair cáilitheach infheistíochtaí cáilitheacha cheana ann, ar choinníoll nach ndéantar níos mó ná 30 % de na ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus den chaipiteal geallta neamhghlaoite sa chiste caipitil fiontair cáilitheach a úsáid d’iasachtaí den sórt sin;

(iii)

scaireanna i ngnóthas punainne cáilitheach a fhaightear ó scairshealbhóirí láithreacha an ghnóthais sin;

(iv)

aonaid nó scaireanna de chiste caipitil fiontair cáilitheach amháin nó de roinnt cistí caipitil fiontair cáilitheacha, ar choinníoll nár infheistigh na cistí caipitil fiontair cáilitheacha sin iad féin níos mó ná 10 % dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus dá gcaipiteal geallta neamhghlaoite i gcistí caipitil fiontair cáilitheacha;

Open in the act with Eureka

Install the extension for EUR-Lex