Eureka CRR Sínigh isteach

scéim trasráthaíochta

as defined in CRR, Article 4(1), point (127) (Sainmhínithe)

scéim lena gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas: (a) tá na hinstitiúidí faoi chuimsiú na scéime cosanta institiúideach céanna dá dtagraítear in Airteagal 113(7); (b) tá na hinstitiúidí comhdhlúite go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 1(1)(b), (c) nó (d) nó le hAirteagal1 (2) den Seachtú Treoir 83/349/CEE ón gComhairle maidir le cuntais chomhdhlúite agus áirítear iad sa mhaoirseacht a dhéantar, ar bhonn comhdhlúite, ar an institiúid arb é máthairinstitiúid i mBallstát é de réir Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon agus atá faoi réir an cheanglais cistí dílse; (c) bunaítear máthairinstitiúid agus na fochuideachtaí sa Bhallstát céanna agus tá siad faoi réir údaraithe agus maoirseachta ag an údarás inniúil céanna; (d) tá comhaontú dliteanais conarthach nó reachtúil ag an máthairinstitiúid i mBallstát agus ag na fochuideachtaí a thugann cosaint do na hinstitiúidí sin agus a áirithíonn a gcuid leachtachta agus a gcuid sócmhainneachta go háirithe d'fhonn féimheacht a sheachaint i gcás ina bhfuil gá sin a dhéanamh; (e) tá socruithe i bhfeidhm lena áirithiú go gcuifear acmhainn airgeadais ar fáil go pras i dtéarmaí caipitil agus leachtachta más gá faoin gcomhaontú dliteanais conarthach nó reachtúil dá dtagraítear i bpointe (d); (f) déanann an t-údarás inniúil faireachán ar leordhóthanacht na socruithe dá dtagraítear i bpointe (d) agus (e) go rialta; (g) tá íostréimhse fógartha10 mbliana ag fochuideachta imeacht dá deoin féin ón socrú dliteanais; (h) tá sé de chumhacht ag an údarás inniúil cosc a chur ar fhochuideachta imeacht dá deoin féin ón socrú dliteanais

Open in the act with Eureka

Install the extension for EUR-Lex