iompróir
as defined in Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an…, Article 5, point (40) (Sainmhínithe)
(a) i gcomhthéacs iontrála, an duine a thabharfaidh na hearraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais, nó a ghlacfaidh freagracht as na hearraí a iompar isteach i gcríoch chustaim an Aontais. Mar sin féin, (i) i gcás iompair chomhcheangailte, ciallaíonn 'iompróir' an duine a oibreoidh an modh iompair, a ghluaiseann, agus é tugtha isteach i gcríoch chustaim an Aontais, mar mhodh gníomhach iompair é féin; (ii) i gcás tráchta muirí nó aertráchta faoi shocrú roinnte soitheach nó faoi shocrú conraitheoireachta soitheach, ciallaíonn 'iompróir' an duine a thugann conradh chun críche agus a eisíonn bille luchta nó bille iompair aeir d'iompar iarbhír na n-earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais; (b) i gcomhthéacs imeachta, an duine a thabharfaidh na hearraí amach as críoch chustaim an Aontais, nó a ghlacfaidh freagracht as na hearraí a iompar amach as críoch chustaim an Aontais; Mar sin féin: (i) i gcás iompair chomhcheangailte, nuair nach bhfuil an modh gníomhach iompair a fhágann críoch chustaim an Aontais ach ag iompar modh eile iompair, a ghluaisfidh é féin mar mhodh gníomhach iompair nuair a bhaineann an modh gníomhach iompair a cheann scríbe amach, ciallaíonn "iompróir" an duine a oibríonn an modh iompair, tar éis dó críoch chustaim an Aontais a fhágáil agus a cheann scríbe a bhaint amach; (ii) i gcás tráchta muirí nó aertráchta faoi shocrú roinnte soitheach nó faoi shocrú conraitheoireachta soitheach, ciallaíonn "iompróir" an té a thugann conradh chun críche, agus a eisíonn bille luchta nó bille iompair aeir d'iompar iarbhír na n-earraí amach as críoch chustaim an Aontais
Install the extension for EUR-Lex
Also defined in
- Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaiamint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 maidir le hinnealra agus lena… 32023R1230, bIII.lg
(g) ciallaíonn ‘iompróir’ páirt den innealra nó den táirge gaolmhar ar a dtacaítear nó ina dtacaítear le daoine agus/nó le hearraí chun go n-ardófar iad. - Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis… 32016R0399, Article 2, point (15)
15. ciallaíonn “iompróir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach arb é a ghairm daoine a iompar; - Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le beatha a chur ar an… 32009R0767, Article 3(2), point (m)
(m) ciallaíonn ‘iompróir’ substaint a úsáidtear chun breiseán bia a thuaslagadh, a chaolú, a scaipeadh nó a mhodhnú go fisiceach ar bhealach eile, lena láimhseáil, lena riar nó lena úsáid a éascú ach gan a fheidhm theicneolaíoch a athrú agus gan aon éifeacht theicneolaíoch dá cuid féin a imirt; - Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le… 02011R1169-20180101, Article 2(1), point (d)
(d) na sainmhínithe ar “breiseán bia”, “áis phróiseála” agus “iompróir” i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) agus i bpointe 5 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia ();