príomhbhunaíocht
as defined in GDPR, Article 4, point (16) (Sainmhínithe)
(a) maidir le rialaitheoir a bhfuil bunaíochtaí i níos mó ná Ballstát amháin aige, an áit a bhfuil a riarachán lárnach san Aontas, mura rud é go nglactar na cinntí maidir le críocha agus modhanna próiseála na sonraí pearsanta i mbunaíocht eile de chuid an rialaitheora san Aontas agus go bhfuil an chumhacht ag an mbunaíocht sin chun a chur faoi deara cinntí den sórt sin a chur chun feidhme, agus sa chás sin meastar gurb í an bhunaíocht a ghlac cinntí den sórt sin an phríomh-bhunaíocht; (b) i ndáil le próiseálaí a bhfuil bunaíochtaí i níos mó ná Ballstát amháin aige, an áit a bhfuil a riarachán lárnach san Aontas, nó mura bhfuil aon riarachán lárnach ag an bpróiseálaí san Aontas, bunaíocht an phróiseálaí san Aontas ina ndéantar na príomhghníomhaíochtaí próiseála i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta de chuid an phróiseálaí a mhéid atá an próiseálaí faoi réir oibleagáidí sonracha faoin Rialachán seo;
Install the extension for EUR-Lex
Also defined in
- Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos rialacha chun mí-úsáid… 52022PC0209, Article 2, point (w)
(w)ciallaíonn ‘príomhbhunaíocht’ ceannoifig nó oifig chláraithe an tsoláthraí seirbhísí ábhartha na sochaí faisnéise ina ndéantar na príomhfheidhmeanna airgeadais agus an rialú oibríochtúil a fheidhmiú. CAIBIDIL II OIBLEAGÁIDÍ AR SHOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ ÁBHARTHA NA SOCHAÍ FAISNÉISE CHUN MÍ‑ÚSÁID… - Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le rialachas sonraí… 32022R0868, Article 2, point (14)
(14) ciallaíonn “príomhbhunaíocht” duine dlítheanaigh áit a riaracháin lárnaigh san Aontas; - Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le haghaidh a thabhairt ar… 32021R0784, Article 2, point (9)
(9) ciallaíonn “príomhbhunaíocht” ceannoifig nó oifig chláraithe an tsoláthraí seirbhísí óstála ina ndéantar na príomhfheidhmeanna airgeadais agus an rialú oibríochtúil a fheidhmiú.