tagarmharc sonraí rialáilte
as defined in Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8…, Article 3(1), point (24) (Sainmhínithe)
|
(24)
|
ciallaíonn “tagarmharc sonraí rialáilte” tagarmharc arna chinneadh trí fhoirmle ó na nithe seo a leanas a chur i bhfeidhm:
|
(a)
|
sonraí ionchuir arna rannchuidiú go hiomlán agus go díreach ó na nithe seo a leanas:
|
(i)
|
ionad trádála mar a shainmhínítear i bpointe (24) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE nó ionad trádála i dtríú tír a bhfuil an Coimisiún tar éis cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh ina leith á rá go meastar go bhfuil éifeacht choibhéiseach ag creat dlíthiúil agus maoirseachta na tíre sin laistigh de bhrí Airteagal 28(4) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó margadh rialáilte a mheastar a bheith coibhéiseach faoi Airteagal 2a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ach i ngach cás le tagairt do shonraí idirbhirt maidir le hionstraimí airgeadais amháin;
|
|
(ii)
|
socrú foilsithe formheasta mar a shainmhínítear i bpointe (52) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE nó soláthraí téipe comhdhlúite mar a shainmhínítear i bpointe (53) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, i gcomhréir le ceanglais trédhearcachta éigeantacha iarthrádála, ach amháin ag tagairt do shonraí idirbhirt maidir le hionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála;
|
|
(iii)
|
sásra tuairiscthe formheasta mar a shainmhínítear i bpointe (54) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, ach amháin ag tagairt do shonraí idirbhirt maidir le hionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála agus nach mór a nochtadh i gcomhréir leis na ceanglais trédhearcachta éigeantacha iarthrádála;
|
|
(iv)
|
malartú leictreachais dá dtagraítear i bpointe (j) d'Airteagal 37(1) de Threoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
|
|
(v)
|
malartán gáis nádúrtha mar a shainmhínítear i bpointe (j) d'Airteagal 41(1) de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
|
|
(vi)
|
ardán ceant dá dtagraítear in Airteagal 26 nó in Airteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún;
|
|
(vii)
|
soláthraí seirbhíse ar chuige a sheachfhoinsigh an riarthóir tagarmhairc an bailiúchán sonraí i gcomhréir le hAirteagal 10, ar choinníoll go bhfaighidh an soláthróir seirbhíse na sonraí go hiomlán agus go díreach ón eintiteas dá dtagraítear i bpointe (i) go pointe (vi);
|
|
|
(b)
|
glanluachanna sócmhainní cistí infheistíochta;
|
|
Open in the act with Eureka
Install the extension for EUR-Lex