Eureka 32017R1129 Sign in

ballstát baile

as defined in Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14…, Article 2, point (m) (Sainmhínithe)

(m)

ciallaíonn “Ballstát baile”:

(i)

i gcás gach eisitheora urrús atá bunaithe san Aontas agus nach bhfuil luaite i bpointe (ii), an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag an eisitheoir;

(ii)

i gcás aon eisiúintí d'urrúis neamhchothromais arb é EUR 1 000 ar a laghad a n-ainmníocht in aghaidh an aonaid agus i gcás aon eisiúintí d'urrúis neamhchothromais lena dtugtar an ceart aon urrúis inaistrithe a fháil nó méid airgid a fháil, de thoradh a gcomhshóite nó de thoradh na cearta a thugtar leis na hurrúis sin a fheidhmiú, ar choinníoll nach é eisitheoir na n-urrús foluiteach ná eintiteas atá i ngrúpa an eisitheora sin eisitheoir na n-urrús neamhchothromais, ná an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag an eisitheoir, nó i gcás inar ligeadh nó ina ligfear na hurrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó inar tairgeadh na hurrúis don phobal, de rogha an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. Beidh an méid céanna infheidhme maidir le hurrúis neamhchothromais in airgeadra seachas an euro, ar choinníoll go bhfuil an luach ainmniúil íosta coibhéiseach, a bheag nó a mhór, le EUR 1 000;

(iii)

i gcás gach eisitheora urrús atá bunaithe i dtríú tír agus nach luaitear i bpointe (ii), an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe na hurrúis a thairiscint don phobal den chéad uair nó ina ndéantar, de rogha an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí urrúis isteach chun a dtrádála, an chéad iarraidh urrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, faoi réir rogha eisitheoirí atá bunaithe i dtríú tír ina dhiaidh sin i gceann de na cásanna seo a leanas:

—

nár cinneadh an Ballstát baile trí rogha na n-eisitheoirí sin,

—

i gcomhréir le pointe (i)(iii) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2004/109/CE;

Open in the act with Eureka

Install the extension for EUR-Lex

Also defined in