Eureka 32017R2394 Sign in

sárú forleathan

as defined in Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12…, Article 3, point (3) (Sainmhínithe)

(3)

ciallaíonn “sárú forleathan”:

(a)

aon ghníomh nó neamhghníomh atá contrártha do dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí, ar gníomh é a rinne díobháil, a dhéanann díobháil nó ar dóigh dó díobháil a dhéanamh, do chomhleasanna na dtomhaltóirí in dhá cheann, ar a laghad, de na Ballstáit, seachas sa Bhallstát

(i)

inar tionscnaíodh an gníomh nó inar tharla an neamhghníomh;

(ii)

ina bhfuil an trádálaí atá freagrach as an ngníomh nó as an neamhghníomh bunaithe; nó

(iii)

ina bhfuil fianaise nó sócmhainní an trádálaí a bhaineann leis an ngníomh nó leis an neamhghníomh le fáil; nó

(b)

aon ghníomhartha nó neamhghníomhartha atá contrártha do dhlíthe an Aontais lena gcosnaítear leasanna tomhaltóírí, ar gníomhartha nó neamhghníomhartha iad a rinne díobháíl, a dhéanann díobháil nó ar dóigh dóibh díobháil a dhéanamh do chomhleasanna na dtomhaltóirí agus a bhfuil tréithe coiteanna ag baint leo, lena n-áirítear an cleachtas mídhleathach céanna, an leas céanna a bheith á shárú agus ar nithe iad arna ndéanamh ag an trádálaí céanna, i gcomhthráth, i dtrí cinn, ar a laghad, de na Ballstáit;

Open in the act with Eureka

Install the extension for EUR-Lex

Also defined in

  • AI Act 32024R1689, Article 3, point (61)
    aon ghníomh nó neamhghníomh atá contrártha do dhlí an Aontais lena gcosnaítear leasanna daoine aonair agus: (a) lena ndearnadh díobháil, nó ar dóigh go ndéanfaidh díobháil leis, do chomhleasanna daoine aonair a bhfuil cónaí orthu in dhá Bhallstát, ar a laghad, seachas an Ballstát: (i) inar…