Eureka 32018L1972 Sign in

rochtain

as defined in Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig…, Article 2, point (27) (Sainmhínithe)

(27)

ciallaíonn 'rochtain' saoráidí nó seirbhísí a chur ar fáil do ghnóthas eile, faoi choinníollacha sainithe, ar bhonn eisiach nó neamheisiach, chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar, lena n-áirítear i gcás ina n-úsáidfear iad chun seirbhísí na sochaí faisnéise nó seirbhísí craolacháin inneachair. cuimsítear leis, inter alia: rochtain ar eilimintí líonra agus ar shaoráidí gaolmhara, lena bhféadfaidh ceangal trealaimh a bheith i gceist, trí mhodhanna fosaithe nó neamhfhosaithe (áirítear anseo go háirithe rochtain ar an lúb logánta agus ar shaoráidí agus ar sheirbhísí atá riachtanach chun seirbhísí a sholáthar thar an lúb logánta); rochtain ar an mbonneagar fisiceach lena n-áirítear foirgnimh, duchtanna agus crainn; rochtain ar chórais bogearraí ábhartha lena n-áirítear córais tacaíochta oibriúcháin; rochtain ar chórais faisnéise nó ar bhunachair sonraí maidir le réamhordú, soláthar, ordú, cothabháil agus iarrataí deisiúcháin, agus billeáil; rochtain ar aistriú uimhreach nó ar chórais lena dtairgtear feidhmiúlacht choibhéiseach; rochtain ar líonraí fosaithe agus móibíleacha, go háirithe le haghaidh fánaíochta; rochtain ar chórais rochtana coinníollaí le haghaidh seirbhísí teilifíse digití agus rochtain ar sheirbhísí líonra fhíorúil;

Open in the act with Eureka

Install the extension for EUR-Lex

Also defined in