foraois
as defined in Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30…, Article 3(1), point (6) (Sainmhínithe)
|
(6) |
ciallaíonn “foraois” limistéar talún atá sainithe ag na híosluachanna le haghaidh mhéid an limistéir, le haghaidh chumhdach mhullaí na gcrann nó leibhéal stocála coibhéiseach, agus le haghaidh an airde a d’fhéadfadh a bheith ag na crainn agus iad aibí san áit ina bhfuil siad ag fás mar a shonraítear do gach Ballstát in Iarscríbhinn II. Cuimsítear leis limistéir ina bhfuil crainn, lena n-áirítear grúpaí de chrainn óga nádúrtha atá ag fás, nó plandálacha nach bhfuil na híosluachanna do chumhdach mhullaí na gcrann nó leibhéal stocála coibhéiseach nó íos-airde na gcrann mar a shonraítear in Iarscríbhinn II bainte amach acu fós, lena n-áirítear aon limistéar ar cuid den limistéar foraoise é de ghnáth ach nach bhfuil aon chrann ann go sealadach mar thoradh ar idirghabháil dhaonna, amhail lománú, nó mar thoradh ar chúiseanna nádúrtha, ach ar féidir a bheith ag súil leis go ndéanfaidh sé foraois arís; |
Install the extension for EUR-Lex
Also defined in
- Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá… 52021PC0706, Article 2, point (2)
(2)ciallaíonn ‘foraois’ talamh is fairsinge ná 0.5 heicteár agus í faoi chrainn is airde ná 5 mhéadar agus clúdach téastair aici is mó ná 10 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ, seachas plandálacha talmhaíochta agus talamh atá faoi úsáid talmhaíochta nó úsáid… - Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le tráchtearraí agus… 32023R1115, Article 2, point (4)
(4) ciallaíonn ‘foraois’ talamh is fairsinge ná 0,5 heicteár agus í faoi chrainn is airde ná 5 mhéadar agus clúdach téastair aici is mó ná 10 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ, seachas talamh atá faoi úsáid talmhaíochta nó úsáid talún uirbí den chuid is mó;