Eureka 32018R1046 Sign in

bunghníomh

as defined in Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an…, Article 2, point (4) (Sainmhínithe)

(4)

ciallaíonn “bunghníomh” gníomh dlíthiúil, seachas moladh nó tuairim, lena soláthraítear bunús dlí do ghníomhaíocht agus do chur chun feidhme an chaiteachais chomhfhreagraigh a iontráiltear sa bhuiséad nó cur chun feidhme na ráthaíochta buiséadaí nó an chúnaimh airgeadais arna dtacú leis an mbuiséad, agus arb é a d’fhéadfadh a bheith ann ceann ar bith de na foirmeacha seo a leanas:

(a)

i gcur chun feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Conradh Euratom), i bhfoirm rialacháin, treorach nó cinnidh de réir bhrí Airteagal 288 CFAE; nó

(b)

i gcur chun feidhme Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), féadfaidh bunghníomh a bheith i gceann de na foirmeacha a shonraítear in Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(2), Airteagal 33, agus Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) CAE;

Open in the act with Eureka

Install the extension for EUR-Lex