Eureka 32018R1046 Sign in

lamháltas

as defined in Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an…, Article 2, point (14) (Sainmhínithe)

(14)

ciallaíonn “conradh lamháltais” conradh ar mhaithe le leas airgid arna thabhairt i gcrích i scríbhinn idir oibreoir eacnamaíoch amháin nó níos mó agus údarás conarthach amháin nó níos mó de réir bhrí Airteagal 174 agus Airteagal 178, d’fhonn cur i gcrích nó soláthar agus bainistiú seirbhísí a chur de chúram ar oibreoir eacnamaíoch (an “lamháltas”), agus i gcás:

(a)

gurb é atá sa luach saothair an ceart leas a bhaint as na hoibreacha nó as na seirbhísí, é sin amháin, nó é sin maille le híocaíocht;

(b)

agus an conradh lamháltais á dhámhachtain, go n-aistrítear riosca oibriúcháin don lamháltóir maidir le leas a bhaint as na hoibreacha nó na seirbhísí sin, a bhféadfadh sé gur riosca éilimh nó riosca soláthair nó an dá riosca a bheadh ann. Measfar gur ghlac an lamháltóir riosca oibriúcháin i gcás, faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin, nach ráthaítear go n-athghnóthóidh sé, agus na hoibreacha nó na seirbhísí lena mbaineann á n-oibriú aige, na hinfheistíochtaí a rinneadh nó na costais a tabhaíodh;

Open in the act with Eureka

Install the extension for EUR-Lex

Also defined in