ceanglas logánaithe sonraí
as defined in Rialachán (AE) 2018/1807 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14…, Article 3, point (5) (Sainmhínithe)
|
(5) |
ciallaíonn “ceanglas logánaithe sonraí” aon oibleagáid, toirmeasc, coinníoll, teorainn nó ceanglas eile dá bhforáiltear sna forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin de chuid Ballstáit nó atá mar thoradh ar chleachtais riaracháin ghinearálta agus chomhsheasmhacha i mBallstát agus i gcomhlachtaí arna rialú leis an dlí poiblí, lena n-áirítear i réimse an tsoláthair phoiblí, gan dochar do Threoir 2014/24/AE, lena bhforchuirtear próiseáil sonraí i gcríoch Ballstáit shonraigh nó lena gcuirtear bac ar phróiseáil sonraí in aon Bhallstát eile; |