atarchur
as defined in Treoir (AE) 2019/789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán…, Article 2, point (2) (Sainmhínithe)
|
(2)
|
ciallaíonn “atarchur” aon atarchur comhuaineach, neamhathraithe agus neamhghiorraithe, seachas atarchur ar chábla mar a shainmhínítear i dTreoir 93/83/CEE, atá beartaithe lena fháil ag an bpobal de tharchur tosaigh ó Bhallstát eile de chláir theilifíse nó raidió atá beartaithe lena bhfáil ag an bpobal, i gcás ina ndéantar an tarchur tosaigh sin le sreanga nó thar an aer, lena n-áirítear ar shatailít ach gan tarchur ar líne a chuimsiú, ar choinníoll:
|
(a)
|
go ndéanfaidh páirtí seachas an eagraíocht chraoltóireachta a rinne an chraoltóireacht tosaigh an t-atarchur, nó páirtí seachas an páirtí a ndearnadh an tarchur sin faoina rialú agus faoina fhreagracht, agus é sin gan beann ar an gcaoi a bhfaighidh an páirtí a dhéanann an t-atarchur na comharthaí cláriompartha ón eagraíocht chraoltóireachta chur críche atarchuir, agus
|
|
(b)
|
sa chás go ndéantar an t-atarchur ar sheirbhís rochtana idirlín mar a shainmhínítear i bpointe (2) den dara mír d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2015/2020, déantar é i dtimpeallacht bhainistithe;
|
|
Open in the act with Eureka
Install the extension for EUR-Lex