Eureka 32019L1153 Sign in

faisnéis cuntas bainc

as defined in Treoir (AE) 2019/1153ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh…, Article 2, point (7) (Sainmhínithe)

(7)

ciallaíonn “faisnéis cuntas bainc” an fhaisnéis seo a leanas maidir le cuntais bhainc agus cuntais íocaíochta agus taisceadáin atá sna clárlanna láraithe cuntas bainc:

(i)

maidir le sealbhóir an chuntais custaiméara agus aon duine a bheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann an chustaiméara: an t-ainm, arna chomhlánú leis na sonraí aitheantais eile a cheanglaítear faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear pointe (a) d’Airteagal 13(1) de Threoir (AE) 2015/849 nó le huimhir aitheantais uathúil;

(ii)

maidir le húinéir tairbhiúil shealbhóir an chuntais custaiméara: an t-ainm, arna chomhlánú leis na sonraí aitheantais eile a cheanglaítear faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear i bpointe (b) d’Airteagal 13(1) de Threoir (AE) 2015/849 nó le huimhir aitheantais uathúil;

(iii)

maidir leis an gcuntas bainc nó an cuntas íocaíochta: an uimhir IBAN agus an dáta a osclaíodh agus a dúnadh an cuntas;

(iv)

maidir leis an taisceadáin: ainm an léasaí, arna chomhlánú leis na sonraí aitheantais eile a cheanglaítear faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 13(1) de Threoir (AE) 2015/849 nó le huimhir aitheantais uathúil, agus fad na tréimhse léasa;

Open in the act with Eureka

Install the extension for EUR-Lex