staid chomhdhlúite
as defined in Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27…, Article 4(1), point (11) (Sainmhínithe)
|
(11) |
ciallaíonn "staid chomhdhlúite" an staid a eascraíonn as cur i bhfeidhm na gceanglas atá sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 7 ar mháthairghnóthas infheistíochta Aontais, máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais nó máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais amhail is dá mba aon ghnólacht infheistíochta amháin a bheadh sa ghnólacht sin maille leis na gnólachtaí infheistíochta, institiúidí airgeadais, gnóthais seirbhísí coimhdeacha agus gníomhairí faoi cheangal eile atá sa ghrúpa gnólachtaí infheistíochta; chun críocha an tsainmhínithe seo, beidh feidhm ag na téarmaí "gnólacht infheistíochta", "institiúid airgeadais", "gnóthas seirbhísí coimhdeacha" agus "gníomhaire faoi cheangal" maidir le gnóthais atá bunaithe i dtríú tíortha freisin, ar gnóthais iad a chomhlíonfadh sainmhínithe na dtéarmaí sin dá mba san Aontas a bheidís bunaithe; |