Eureka 32021R0784 Sign in

ábhar sceimhlitheoireachta

as defined in Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29…, Article 2, point (7) (Sainmhínithe)

(7)

ciallaíonn “ábhar sceimhlitheoireachta” ceann amháin nó níos mó de na cineálacha ábhair seo a leanas, eadhon, ábhar ina bhfuil an méid seo a leanas i gceist leis:

(a)

ábhar lena ndéantar ceann amháin de na cionta dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) d’Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2017/541 a ghríosú, i gcás ina ndéanfaidh ábhar den sórt sin, go díreach nó go hindíreach, amhail trí ghníomhartha sceimhlitheoireachta a mhóradh, déanamh cionta sceimhlitheoireachta a mholadh, ar dhóigh is cúis le baol go ndéanfaí ceann amháin nó níos mó de chionta den sórt sin;

(b)

ábhar lena n-iarrtar ar dhuine nó ar ghrúpa daoine chun ceann amháin de na cionta dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) d’Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2017/541 a dhéanamh nó chun rannchuidiú leo sin a dhéanamh;

(c)

ábhar lena n-iarrtar ar dhuine nó ar ghrúpa daoine chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta, de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2017/541;

(d)

ábhar lena ndéantar teagasc a chur ar fáil maidir le pléascáin, airm thine nó armáin eile nó substaintí guaiseacha nó díobhálacha a dhéanamh agus a úsáid, nó maidir le modhanna agus teicnící sonracha eile chun ceann de na cionta sceimhlitheoireachta dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) d’Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2017/541 a dhéanamh nó rannchuidiú leo sin a dhéanamh;

(e)

ábhar atá ina bhagairt chun ceann amháin de na cionta dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) d’Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2017/541 a dhéanamh;

Open in the act with Eureka

Install the extension for EUR-Lex