ranníocaíocht phoiblí
as defined in Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an…, Article 2, point (28) (Sainmhínithe)
|
(28) |
ciallaíonn “ranníocaíocht phoiblí” aon ranníocaíocht le haghaidh maoiniú oibríochtaí arb é is foinse di buiséad na n-údarás poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, nó buiséad aon ghrúpáil Eorpach um chomhar críochach (GECC) arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an buiséad de chuid an Aontais a chuirtear ar fáil do na Cistí, buiséad comhlachtaí dlí phoiblí nó buiséad comhlachas de chuid na n-údarás poiblí nó na gcomhlachtaí dlí phoiblí agus, chun an ráta cómhaoinithe do chláir CSE+ nó do thosaíochtaí a chinneadh, is féidir aon acmhainní airgeadais arna ranníoc go comhchoiteann ag fostóirí agus ag oibrithe a áireamh ar na buiséid sin; |