tairbhí
as defined in Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an…, Article 2, point (9) (Sainmhínithe)
|
(9)
|
ciallaíonn “tairbhí”:
|
(a)
|
comhlacht poiblí nó príobháideach, eintiteas, bíodh pearsantacht dhlítheanach aige nó ná bíodh, nó duine nádúrtha, atá freagrach as oibríochtaí a thionscnamh nó oibríochtaí a thionscnamh agus a chur chun feidhme araon;
|
|
(b)
|
i gcomhthéacs comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí (CPPanna), an comhlacht poiblí a bhfuil oibríocht CPP á tionscnamh aige nó an comhpháirtí príobháideach a roghnaíodh chun an oibríocht sin a chur chun feidhme;
|
|
(c)
|
i gcomhthéacs scéimeanna Státchabhrach, an gnóthas a fhaigheann an chabhair;
|
|
(d)
|
i gcomhthéacs na cabhrach de minimis arna soláthar i gcomhréir le Rialacháin (AE) Uimh. 1407/2013 nó (AE) Uimh. 717/2014 ón gCoimisiún, féadfaidh an Ballstát a chinneadh gurb é an tairbhí chun críocha an Rialacháin seo an comhlacht a dheonaíonn an chabhair, i gcás ina bhfuil sé freagrach as an oibríocht a thionscnamh nó as an oibríocht a thionscnamh agus a chur chun feidhme araon;
|
|
(e)
|
i gcomhthéacs ionstraimí airgeadais, an comhlacht a chuireann an ciste sealbhaíochta chun feidhme nó, i gcás nach bhfuil aon struchtúr ciste sealbhaíochta ann, an comhlacht a chuireann an ciste sonrach chun feidhme nó, i gcás inarb é an t-údarás bainistíochta a bhainistíonn an ionstraim airgeadais, an t-údarás bainistíochta;
|
|
Open in the act with Eureka
Install the extension for EUR-Lex
Also defined in
- Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann… 32023R1113, Article 3, point (22)
(22) ciallaíonn “tairbhí” faighteoir beartaithe an aistrithe cripteashócmhainní;
- Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha… 32018R1046, Article 2, point (5)
(5) ciallaíonn “tairbhí” duine nádúrtha nó eintiteas bíodh pearsantacht dhlítheanach aige nó ná bíodh lena bhfuil comhaontú deontais sínithe;
- Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na… 32014R0514, Article 2, point (g)
(g) ciallaíonn “tairbhí” faighteoir ranníocaíochta ón Aontas faoi thionscadal, is cuma comhlacht poiblí nó príobháideach, eagraíocht idirnáisiúnta nó Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge (“CICD”), nó Cónaidhm Idirnáisiúnta Chumainn Náisiúnta na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg.
- Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir leis an gCiste um… 32014R0223, Article 2, point (9)
(9) ciallaíonn 'tairbhí' comhlacht poiblí nó príobháideach, atá freagrach as oibríochtaí a thionscnamh nó a thionscnamh agus a chur chun feidhme;
- Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an… 32013R1316, Article 2, point (10)
(10) ciallaíonn 'tairbhí' Ballstát, eagraíocht idirnáisiúnta, gnóthas poiblí nó príobháideach a roghnaítear chun cabhair airgeadais a fháil ón Aontas faoin Rialachán seo agus i gcomhréir leis na socruithe a bunaíodh sa chlár oibre ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 17;
- Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos… 32013R1303, Article 2, point (10)
(10) ciallaíonn 'tairbhí' comhlacht poiblí nó príobháideach agus, chun críocha Rialachán CETFT agus Rialachán CEMI amháin, duine nádúrtha atá freagrach as oibríochtaí a thionscnamh nó oibríochtaí a thionscnamh agus a chur chun feidhme araon; agus i gcomhthéacs scéimeanna Státchabhrach, de réir mar…
- Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 lena leagtar síos… 32007R0680, Article 2, point (7)
7) ciallaíonn ‘tairbhí’ Ballstát amháin nó níos mó, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó comhghnóthais de réir bhrí Airteagal 171 den Chonradh, nó gnóthais nó comhlachtaí poiblí nó príobháideacha atá freagrach go hiomlán as tionscadal agus a bheartaíonn a n-acmhainní féin nó cistí arna gcur ar fáil ag…