buanbhunaíocht
as defined in Treoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le híosleibhéal…, Article 3, point (13) (Sainmhínithe)
|
(13)
|
ciallaíonn “buanbhunaíocht” an méid seo a leanas:
|
(a)
|
áit ghnó nó áit a mheastar a bheith ina háit ghnó atá lonnaithe i ndlínse ina gcaitear leis an áit sin mar bhuanbhunaíocht i gcomhréir le conradh cánach infheidhme, ar choinníoll go ngearrann an dlínse sin cáin ar an ioncam is inchurtha ina leith i gcomhréir le foráil atá cosúil le hAirteagal 7 de Shamhailchoinbhinsiún Cánach ECFE ar Ioncam agus ar Chaipiteal, arna leasú;
|
|
(b)
|
mura bhfuil aon chonradh cánach infheidhme, áit ghnó nó áit a mheastar a bheith ina háit ghnó atá lonnaithe i ndlínse ina ngearrtar cáin ar an ioncam is inchurtha i leith na háite gnó sin ar ghlanbhonn ar shlí atá cosúil leis an tslí a ngearrtar cáin ar a cónaitheoirí féin chun críoch cánach;
|
|
(c)
|
mura bhfuil aon chóras cánach corparáide ag dlínse, áit ghnó nó áit a mheastar a bheith ina háit ghnó atá lonnaithe i ndlínse den sórt sin ar áit í a gcaithfí léi mar bhuanbhunaíocht i gcomhréir le Samhailchoinbhinsiún Cánach ECFE ar Ioncam agus ar Chaipiteal, arna leasú, ar choinníoll go mbeadh sé de cheart ag an dlínse sin cáin a ghearradh ar an ioncam a bheadh inchurtha i leith na háite gnó i gcomhréir le hAirteagal 7 den Choinbhinsiún sin; nó
|
|
(d)
|
áit ghnó nó áit a mheastar a bheith ina háit ghnó nach bhfuil cur síos air i bpointí (a) go (c) trína ndéantar oibríochtaí lasmuigh den dlínse ina bhfuil an t-eintiteas lonnaithe, ar choinníoll go ndíolmhaíonn dlínse den sórt sin an t-ioncam is inchurtha i leith na n-oibríochtaí sin;
|
|
Open in the act with Eureka
Install the extension for EUR-Lex