Eureka 32022L2523 Sign in

cáin bharúlach cháilithe

as defined in Treoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le híosleibhéal…, Article 3, point (37) (Sainmhínithe)

(37)

ciallaíonn “cáin bharúlach in-aisíoctha dhícháilithe” aon cháin, seachas cáin bharúlach cháilithe a fhabhraíonn nó a íocann comheintiteas a bhfuil an méid seo a leanas i gceist léi:

(a)

tá sí in-aisíoctha le húinéir tairbhiúil díbhinne a dháileann comheintiteas den sórt sin i leith na díbhinne sin nó tá sí inchreidiúnaithe ag an úinéir tairbhiúil in aghaidh dliteanas cánach seachas dliteanas cánach i leith na díbhinne sin; nó

(b)

tá sí in-aisíoctha leis an gcuideachta is dáilteoir tráth a dháiltear díbhinn ar scairshealbhóir;

chun críocha an tsainmhínithe seo, ciallaíonn “cáin bharúlach cháilithe” cáin chumhdaithe a fhabhraíonn nó a íocann comheintiteas, lena n-áirítear buanbhunaíocht, ar cáin í atá inaisíoctha nó inchreidiúnaithe le húinéir tairbhiúil na díbhinne arna dáileadh ag an gcomheintiteas nó ag an bpríomheintiteas, nó i gcás cáin chumhdaithe a fhabhraíonn nó a íocann buanbhunaíocht, díbhinn arna dáileadh ag an bpríomheintiteas, a mhéid atá an aisíocaíocht iníoctha, nó a dhéantar ceann díobh seo a leanas:

(a)

soláthraíonn dlínse seachas an dlínse a fhorchuir na cánacha cumhdaithe an creidmheas;

(b)

soláthraítear an creidmheas d'úinéir tairbhiúil na díbhinne atá faoi réir cáin ag ráta ainmnithe arb ionann é nó ar mó é ná an t-íosráta cánach, cáin a ghearrtar ar an díbhinn a fuarthas faoi dhlí náisiúnta na dlínse inar forchuireadh na cánacha cumhdaithe ar an gcomheintiteas;

(c)

soláthraítear an creidmheas do dhuine aonair arb é úinéir tairbhiúil na díbhinne agus atá ina chónaitheoir chun críoch cánach sa dlínse inar forcuireadh na cánacha cumhdaithe ar an gcomheintiteas agus atá faoi réir ráta cánach ainmniúil arb ionann é nó ar mó é ná an ráta cánach caighdeánach is infheidhme maidir le gnáthioncam; nó

(d)

soláthraítear an creidmheas d'eintiteas rialtais, d'eagraíocht idirnáisiúnta chónaitheach, d'eagraíocht neamhbhrabúsach chónaitheach, do chiste pinsin cónaitheach, d'eintiteas infheistíochta nach cuid de ghrúpa FIN é ná den ghrúpa mórscála intíre, do chuideachta árachais saoil chónaitheach a mhéid a fhaightear an díbhinn i ndáil le gníomhaíochtaí ciste pinsin cónaitheacha agus atá sí faoi réir cáin ar shlí chomhchosúil le díbhinn a fhaigheann ciste pinsin;

chun críocha phointe (d):

(i)

tá eagraíocht neamhbhrabúis, nó ciste pinsin, cónaitheach i ndlínse má chruthaítear agus má bhainistítear iad sa dlínse sin;

(ii)

tá cónaí ar eintiteas infheistíochta i ndlínse má chruthaítear agus má rialáiltear sa dlínse sin é;

(iii)

tá cónaí ar chuideachta árachais saoil sa dlínse ina bhfuil sí lonnaithe;

Open in the act with Eureka

Install the extension for EUR-Lex