Eureka 32022L2523 Sign in

eintiteas tréshreafa

as defined in Treoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le híosleibhéal…, Article 3, point (12) (Sainmhínithe)

(12)

ciallaíonn “eintiteas tréshreafa” eintiteas a mhéid atá sé trédhearcach go fioscach maidir lena ioncam, a chaiteachas, a bhrabús nó a chaillteanas sa dlínse inar cruthaíodh é mura bhfuil sé ina chónaitheoir chun críoch cánach ná faoi réir cáin chumhdaithe ar a ioncam nó ar a bhrabús i ndlínse eile;

meastar eintiteas tréshreafa:

(a)

ina eintiteas atá trédhearcach ó thaobh cánach de i ndáil lena ioncam, lena chaiteachas, lena bhrabús nó lena chaillteanas a mhéid atá sé trédhearcach go fioscach sa dlínse ina bhfuil a úinéir lonnaithe;

(b)

ina eintiteas hibrideach droim ar ais i ndáil lena ioncam, lena chaiteachas, lena bhrabús nó lena chaillteanas a mhéid nach bhfuil sé trédhearcach go fioscach sa dlínse ina bhfuil a úinéir lonnaithe;

chun críocha an tsainmhínithe seo, ciallaíonn “eintiteas atá trédhearcach go fioscach” eintiteas a gcaitheann dlíthe dlínse lena ioncam, lena chaiteachas, lena bhrabús nó lena chaillteanas amhail is gur dhíorthaigh nó gur thabhaigh úinéir an eintitis sin go díreach é go comhréireach lena leas san eintiteas sin;

déileálfar le leas úinéireachta in eintiteas nó i mbuanbhunaíocht ar comheintiteas é mar eintiteas atá á shealbhú trí struchtúr atá trédhearcach ó thaobh cánach de má shealbhaítear an leas úinéireachta sin go hindíreach trí shlabhra d'eintitis thrédhearcacha chánach;

comheintiteas nach cónaitheoir chun críoch cánach é agus nach bhfuil faoi réir cáin chumhdaithe nó cáin bhreisiúcháin náisiúnta cháilithe bunaithe ar a áit bhainistíochta, ar áit a chruthaithe nó ar chritéir chomhchosúla, déileálfar leis mar eintiteas tréshreafa agus eintiteas atá trédhearcach ó thaobh cánach de i ndáil lena ioncam, a chaiteachas, a bhrabús nó a chaillteanas a mhéid is gurb amhlaidh an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil a úinéirí lonnaithe i ndlínse ina gcaitear leis an eintiteas mar eintiteas atá trédhearcach go fioscach;

(b)

nach bhfuil áit ghnó aige sa dlínse inar cruthaíodh é; agus

(c)

nach bhfuil an t-ioncam, an caiteachas, an brabús ná an caillteanas inchurtha i leith buanbhunaíochta;

Open in the act with Eureka

Install the extension for EUR-Lex