Eureka MiCA Sign in

ballstát baile

as defined in MiCA, Article 3(1), point (33) (Sainmhínithe)

(33)

ciallaíonn ‘Ballstát baile’:

(a)

i gcás ina bhfuil a oifig chláraithe nó a bhrainse san Aontas ag an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag an tairgeoir sin nó an duine sin;

(b)

i gcás nach bhfuil aon oifig chláraithe san Aontas ag an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála, seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, ach go bhfuil brainse amháin nó níos mó aige san Aontas, an Ballstát a roghnaigh an tairgeoir sin nó an duine sin as measc na mBallstát ina bhfuil brainsí aige;

(c)

i gcás ina bhfuil an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála, seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid, bunaithe i dtríú tír agus nach bhfuil aon bhrainse aige san Aontas, an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe na cripteashócmhainní a thairiscint don phobal den chéad uair nó, ar rogha an tairgeora nó an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige, an Ballstát ina ndéantar an chéad iarraidh ar na cripteashócmhainní sin a ligean isteach chun a dtrádála;

(d)

i gcás eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha, an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag an eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha;

(e)

i gcás eisitheoir comharthaí ríomh-airgid, an Ballstát ina bhfuil an t-eisitheoir comharthaí ríomh-airgid údaraithe mar institiúid creidmheasa faoi Threoir 2013/36/AE nó mar institiúid ríomh-airgid faoi Threoir 2009/110/CE;

(f)

i gcás soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;

Open in the act with Eureka

Install the extension for EUR-Lex

Also defined in