Eureka 32023R1230 Sign in

modhnú substaintiúil

as defined in Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaiamint na hEorpa agus ón gComhairle an 14…, Article 3, point (16) (Sainmhínithe)

(16)

ciallaíonn ‘modhnú substaintiúil’ modhnú ar tháirge innealra nó ar tháirge gaolmhar, ar mhodh fisiciúil nó digiteach tar éis an innealra sin nó an táirge gaolmhar sin a chur ar an margadh nó i seirbhís, modhnú nach bhfuil tuartha nó beartaithe ag an monaróir agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shábháilteacht an innealra nó an táirge ghaolmhair sin, trí ghuais nua a chruthú, nó trí riosca atá ann cheana a mhéadú, lena n-éilítear:

(a)

sciatha nó feistí cosanta a chur leis an innealra sin nó leis an táirge gaolmhar sin, ar gá, chun iad a phróiseáil, an córas rialaithe sábháilteachta atá ann cheana a mhodhnú, nó

(b)

bearta cosanta breise a ghlacadh chun cobhsaíocht nó neart meicniúil an innealra nó an táirge ghaolmhair sin a áirithiú;

Open in the act with Eureka

Install the extension for EUR-Lex

Also defined in