Eureka 32024L1640 Sign in

faisnéis bhunúsach

as defined in Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31…, Article 2(1), point (33)

(33)

ciallaíonn ‘faisnéis bhunúsach’:

(a)

i ndáil le heintiteas dlítheanach:

(i)

foirm dhlíthiúil agus ainm an eintitis dhlítheanaigh;

(ii)

ionstraim an bhunaithe, agus na reachtanna más in ionstraim ar leithligh atá siad;

(iii)

seoladh na hoifige cláraithe nó oifigiúla, agus más éagsúil í, an phríomhláthair ghnó, agus an tír chruthaithe;

(iv)

liosta a ionadaithe dlíthiúla;

(v)

i gcás inarb infheidhme, liosta dá scairshealbhóirí nó dá chomhaltaí, lena n-áirítear faisnéis maidir le líon na scaireanna atá ag gach scairshealbhóir agus catagóirí na scaireanna sin agus cineál na gceart vótála gaolmhar;

(vi)

i gcás ina mbeidh fáil uirthi, an uimhir chlárúcháin, an t-aitheantóir uathúil Eorpach, an uimhir aitheantais cánach agus an tAitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh;

(vii)

i gcás fondúireachtaí, na sócmhainní a shealbhaíonn an fhondúireacht chun a críocha a shaothrú;

(b)

i ndáil le socrú dlíthiúil:

(i)

ainm nó aitheantóir uathúil an tsocraithe dhlíthiúil;

(ii)

an dintiúr iontaobhais nó a chomhionann;

(iii)

críocha an tsocraithe dhlíthiúil, más ann dóibh;

(iv)

na sócmhainní a shealbhaítear sa socrú dlíthiúil nó a bhainistítear tríd;

(v)

áit chónaithe iontaobhaithe an iontaobhais shainráite nó na ndaoine ag a bhfuil poist choibhéiseacha sa socrú dlíthiúil comhchosúil, agus, más áit éagsúil í, an áit a riartar an t-iontaobhas sainráite nó an socrú dlíthiúil comhchosúil;

Open in the act with Eureka

Install the extension for EUR-Lex

Also defined in