|
(6)
|
ciallaíonn ‘institiúid airgeadais’:
|
(a)
|
gnóthas seachas institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta, a dhéanann ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointí (2) go (12), (14) agus (15) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena n-áirítear gníomhaíochtaí oifigí malairte airgeadra (bureaux de change), ach nach n-áirítear leo gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (8) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2015/2366, nó gnóthas arb é a phríomhghníomhaíocht sealúchais a fháil, lena n-áirítear cuideachta sealbhaíochta airgeadais, cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha agus cuideachta sealbhaíochta airgeadais gníomhaíochta measctha;
|
|
(b)
|
gnóthas árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (1), de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a dhéanann sé gníomhaíochtaí árachais saoil nó gníomhaíochtaí a bhaineann le hinfheistíochtaí a chumhdaítear leis an Treoir sin, lena n-áirítear cuideachtaí sealbhaíochta árachais agus cuideachtaí sealbhaíochta árachais de ghníomhaíocht mheasctha mar a shainmhínítear, faoi seach, in Airteagal 212(1), pointí (f) agus (g), de Threoir 2009/138/CE;
|
|
(c)
|
idirghabhálaí árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (3), de Threoir (AE) 2016/97 i gcás ina ngníomhóidh sé maidir le hárachas saoil agus seirbhísí árachais eile a bhaineann le hinfheistíocht, cé is moite d’idirghabhálaí árachais nach mbailíonn préimheanna nó suimeanna atá beartaithe don chustaiméir agus a ghníomhaíonn faoi fhreagracht ceann amháin nó níos mó de na gnóthais nó idirghabhálaithe árachais le haghaidh na dtáirgí a bhaineann leo faoi seach;
|
|
(d)
|
gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
|
|
(e)
|
gnóthas comhinfheistíochta, go háirithe:
|
(i)
|
gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE agus a chuideachta bhainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b), den Treoir sin nó cuideachta infheistíochta atá údaraithe i gcomhréir leis an Treoir sin agus nach bhfuil cuideachta bhainistíochta ainmnithe aici, a chuireann aonaid GCUI ar fáil lena gceannach san Aontas;
|
|
(ii)
|
ciste infheistíochta malartach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Threoir 2011/61/AE agus a bhainisteoir cistí infheistíochta malartacha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), den Treoir sin a thagann faoin raon feidhme a leagtar amach in Airteagal 2 den Treoir sin;
|
|
|
(f)
|
taisclann lárnach urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle í;
|
|
(g)
|
creidiúnaí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (2), de Threoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus in Airteagal 3, pointe (b), de Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle é;
|
|
(h)
|
idirghabhálaí creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (5), de Threoir 2014/17/AE agus in Airteagal 3, pointe (f), de Threoir 2008/48/CE é, agus na cistí á sealbhú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366 i dtaca leis an gcomhaontú creidmheasa, cé is moite den idirghabhálaí creidmheasa a dhéanann gníomhaíochtaí faoi fhreagracht creidiúnaí amháin nó níos mó nó idirghabhálaí creidmheasa amháin nó níos mó;
|
|
(i)
|
soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;
|
|
(j)
|
brainse d’institiúid airgeadais dá dtagraítear i bpointí (a) go (i), nuair atá sé lonnaithe san Aontas, cibé acu atá a ceannoifig lonnaithe i mBallstát nó i dtríú tír;
|
|