Eureka 32024L1760 Sign in

cuideachta

as defined in Treoir (AE) 2024/1760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13…, Article 3(1), point (a) (Sainmhínithe)

(a)

ciallaíonn ‘cuideachta’ aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

duine dlítheanach atá bunaithe mar cheann de na foirmeacha dlíthiúla a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2013/34/AE;

(ii)

duine dlítheanach atá bunaithe i gcomhréir le dlí náisiúnta tríú tír i bhfoirm atá inchomparáide leis na foirmeacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2013/34/AE;

(iii)

gnóthas airgeadais rialáilte, gan beann ar a fhoirm dhlíthiúil, is:

—

institiúid creidmheasa é mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

—

gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

—

bainisteoir cistí infheistíochta malartacha (BCIM), mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), de Threoir 2011/61/AE, lena n-áirítear bainisteoir cistí caipitil fiontair Eorpacha (EuVECA), dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bainisteoir cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (EuSEF), dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus bainisteoir cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (ELTIF), dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

—

cuideachta bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (c), de Threoir 2009/65/CE

—

gnóthas árachais mar shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (1), de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

—

gnóthas athárachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (4), de Threoir 2009/138/CE;

—

institiúid le haghaidh soláthar scoir ceirde faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/2341 i gcomhréir le hAirteagal 2 di, murar roghnaigh Ballstát iomlán na Treorach sin, nó cuid de, a chur i bhfeidhm ar na hinstitiúidí sin le haghaidh soláthar scoir ceirde i gcomhréir le hAirteagal 5 den Treoir sin;

—

contrapháirtí lárnach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

—

taisclann lárnach urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

—

meán sainchuspóireach árachais nó athárachais é a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 211 de Threoir 2009/138/CE;

—

‘eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

—

cuideachta sealbhaíochta airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (20) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuideachta sealbhaíochta árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (f), de Threoir 2009/138/CE nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (h), de Threoir 2009/138/CE, is cuid de ghrúpa árachais atá faoi réir maoirseachta ar leibhéal an ghrúpa de bhun Airteagal 213 den Treoir sin agus nach bhfuil díolmhaithe ó mhaoirseacht ghrúpa de bhun Airteagal 214(2) de Threoir 2009/138/CE;

—

institiúid creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

—

gnóthas árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

—

soláthróir seirbhísí sluachistiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

—

soláthróir seirbhísí cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (15), de Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcás ina bhfuil seirbhís cripteashócmhainní amháin nó níos mó á soláthar aige mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (16), den Rialachán sin;

Open in the act with Eureka

Install the extension for EUR-Lex

Also defined in