|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2853 |
18.11.2024 |
TREOIR (AE) 2024/2853 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Deireadh Fómhair 2024
maidir le dliteanas i leith táirgí lochtacha agus lena n-aisghairtear Treoir 85/374/CEE ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, is gá a áirithiú nach saobhtar an iomaíocht agus nach gcuirtear bac ar ghluaiseacht earraí. Le Treoir 85/374/CEE ón gComhairle (3), leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le dliteanas i leith táirgí lochtacha agus é mar aidhm leis deireadh a chur leis na héagsúlachtaí idir córais dlí na mBallstát a d’fhéadfadh iomaíocht a shaobhadh agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do ghluaiseacht earraí laistigh den mhargadh inmheánach. Dá ndéanfaí comhchuibhiú níos fearr ar na rialacha comhchoiteanna maidir le dliteanas i leith táirgí lochtacha a leagtar síos sa Treoir sin, rannchuideofaí tuilleadh leis na cuspóirí sin a bhaint amach, agus bheadh níos mó cosanta ann do shláinte nó do mhaoin tomhaltóirí agus daoine nádúrtha eile ag an am céanna. |
|
(2) |
Is é an dliteanas gan locht ar thaobh na n-oibreoirí eacnamaíocha fós an t-aon bhealach amháin chun aghaidh a thabhairt go leormhaith ar an bhfadhb maidir le cionroinnt chothrom riosca a bhaineann le táirgeadh teicneolaíoch nua-aimseartha. |
|
(3) |
B’ionstraim éifeachtach agus thábhachtach í Treoir 85/374/CEE go dtí seo, ach bheadh gá le hathbhreithniú a dhéanamh uirthi i bhfianaise na bhforbairtí a bhaineann le teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear intleacht shaorga (IS), samhlacha nua gnó an gheilleagair chiorclaigh agus slabhraí nua soláthair domhanda, as ar tháinig neamhréireachtaí agus éiginnteacht dhlíthiúil, go háirithe maidir le brí an téarma ‘táirge’. Tá sé léirithe freisin sa taithí a fuarthas ón Treoir sin a chur i bhfeidhm go mbíonn deacrachtaí ag daoine díobhálaithe cúiteamh a fháil mar gheall ar shrianta ar éilimh ar chúiteamh a dhéanamh agus mar gheall ar dhúshláin maidir le fianaise a bhailiú chun dliteanas a chruthú, go háirithe i bhfianaise na castachta teicniúla agus eolaíche atá ag méadú. Áirítear leis sin éilimh chúitimh ar dhamáiste a bhaineann le teicneolaíochtaí nua. Dá bhrí sin, spreagfadh an t-athbhreithniú ar an Treoir sin feidhmiú céimneach agus glacadh teicneolaíochtaí nua den sórt sin, lena n-áirítear IS, agus d’áiritheofaí ag an am céanna go mbeadh an leibhéal céanna cosanta ag éilitheoirí gan beann ar an teicneolaíocht lena mbaineann agus go mbainfeadh gach gnólacht tairbhe as deimhneacht dhlíthiúil níos mó agus as cothroime iomaíochta. |
|
(4) |
Bheadh gá freisin le hathbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 85/374/CEE chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht le reachtaíocht maidir le sábháilteacht táirgí agus faireachas margaidh a áirithiú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ina theannta sin, ní mór nóisin bhunúsacha agus coincheapa bunúsacha a shoiléiriú chun comhleanúnachas agus deimhneacht dhlíthiúil agus cothroime iomaíochta sa mhargadh inmheánach a áirithiú, agus chun cásdlí de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le déanaí a léiriú. |
|
(5) |
I bhfianaise chineál fairsing na leasuithe a theastódh chun go mbeadh Treoir 85/374/CEE éifeachtach i gcónaí agus chun soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart an Treoir sin a aisghairm agus an Treoir seo a chur ina hionad. |
|
(6) |
Chun a áirithiú go mbeadh córas an Aontais maidir le dliteanas táirgí ina chóras cuimsitheach, ba cheart feidhm a bheith ag dliteanas gan locht i leith táirgí lochtacha maidir le gach maoin inchorraithe, lena n-áirítear bogearraí, lena n-áirítear nuair a bhíonn siad comhtháite i maoin inchorraithe eile nó suiteáilte i maoin dhochorraithe. |
|
(7) |
Níor cheart feidhm a bheith ag dliteanas i leith táirgí lochtacha maidir le damáiste a thagann as taismí núicléacha, a mhéid a chumhdaítear dliteanas i leith damáiste den sórt sin le coinbhinsiúin idirnáisiúnta arna ndaingniú ag na Ballstáit. |
|
(8) |
Chun fíormhargadh inmheánach a chruthú ina mbeidh ardleibhéal aonfhoirmeach cosanta do thomhaltóirí agus daoine nádúrtha eile, agus chun cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a léiriú, níor cheart do na Ballstáit, i ndáil le hábhair laistigh de raon feidhme na Treorach seo, forálacha atá níos déine nó nach bhfuil chomh dian céanna leis na forálacha a leagtar síos sa Treoir seo a choinneáil ar bun ná a thabhairt isteach. |
|
(9) |
Faoi dhlí náisiúnta na mBallstát, d’fhéadfadh duine díobhálaithe éileamh ar dhamáistí a dhéanamh ar bhonn dliteanas conarthach nó ar fhorais dliteanais neamhchonarthaigh nach mbaineann le dliteanas an mhonaróra i leith lochtacht táirge mar a bhunaítear sa Treoir seo. Baineann sé sin, mar shampla, le dliteanas atá bunaithe ar bharánta nó ar locht nó le diandliteanas oibreoirí as damáiste arb iad airíonna de chuid orgánaigh a eascraíonn as innealtóireacht ghéiniteach is cúis leis. Níor cheart go ndéanfaí difear leis an Treoir seo, d’fhorálacha den dlí náisiúnta den sórt sin a bhfuil sé mar chuspóir leo, inter alia, tomhaltóirí agus daoine nádúrtha eile a chosaint go héifeachtach. |
|
(10) |
I mBallstáit áirithe, tá daoine díobhálaithe i dteideal éilimh a dhéanamh faoi chóras náisiúnta speisialta dliteanais ar dhamáiste arb iad táirgí cógaisíochta is cúis leis, rud a fhágann go bhfuil cosaint éifeachtach daoine nádúrtha bainte amach cheana féin san earnáil cógaisíochta. Níor cheart go ndéanfaí difear leis an Treoir seo don cheart éilimh den sórt sin a dhéanamh. Thairis sin, níor cheart leasuithe ar chórais speisialta dliteanais den sórt sin a chosc a fhad is nach mbaineann siad an bonn d’éifeachtacht an chórais dliteanais dá bhforáiltear sa Treoir seo ná dá cuspóirí. |
|
(11) |
Ní thagann scéimeanna cúitimh atá lasmuigh de chomhthéacs na gcóras dliteanais, amhail córais sláinte náisiúnta, scéimeanna slándála sóisialta nó scéimeanna árachais, faoi raon feidhme na Treorach seo agus níor cheart, dá bhrí sin, go gcuirfí cosc orthu. Mar shampla, tá scéimeanna i bhfeidhm ag roinnt Ballstát chun cúiteamh a sholáthar i leith táirgí cógaisíochta is cúis le díobháil gan iad a bheith lochtach. |
|
(12) |
Le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leagtar síos prionsabail chomhchoiteanna agus forálacha tagartha a bhfuil sé beartaithe feidhm a bheith acu sa reachtaíocht earnála uile maidir le táirgí. Chun comhsheasmhacht leis an gCinneadh sin a áirithiú, ba cheart forálacha áirithe den Treoir seo, go háirithe na sainmhínithe, a ailíniú leo. |
|
(13) |
Is féidir le táirgí sa ré dhigiteach a bheith inláimhsithe nó doláimhsithe. Tá bogearraí, amhail córais oibriúcháin, dochtearraí, ríomhchláir, feidhmchláir nó córais IS ag éirí níos coitianta ar an margadh agus tá ról acu, atá ag éirí níos tábhachtaí, maidir le sábháilteacht táirgí. Is féidir bogearraí a chur ar an margadh mar tháirge aonair nó is féidir iad a chomhtháthú ina dhiaidh sin i dtáirgí eile mar chomhpháirt, agus is féidir leo damáiste a dhéanamh trína rith. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart a shoiléiriú sa Treoir seo gur táirge iad bogearraí chun críocha dliteanas gan locht a chur i bhfeidhm, gan beann ar mhodh a sholáthair nó a úsáide, agus dá bhrí sin gan beann ar cibé an bhfuil na bogearraí stóráilte ar fheiste, an bhfaightear rochtain orthu trí líonra cumarsáide nó trí néalteicneolaíochtaí, nó an soláthraítear trí shamhail bogearraí mar sheirbhís iad. Ní ceart a mheas, áfach, gur táirge í faisnéis, agus níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag rialacha dliteanais táirgí maidir le hábhar comhad digiteach, amhail comhaid meán nó ríomhleabhair nó cód foinse na mbogearraí ann féin. Ba cheart caitheamh le forbróir nó táirgeoir bogearraí, lena n-áirítear soláthraithe córas IS de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), mar mhonaróir. |
|
(14) |
Is féidir le saor-bhogearraí foinse oscailte, trína ndéantar an cód foinse a chomhroinnt go hoscailte agus trínar féidir le húsáideoirí na bogearraí nó leaganacha modhnaithe díobh a rochtain, a úsáid, a mhodhnú agus a athdháileadh gan bhac, rannchuidiú le taighde agus nuálaíocht ar an margadh. Tá bogearraí den sórt sin faoi réir ceadúnas lena dtugtar an tsaoirse d’aon duine na bogearraí a rith, a chóipeáil, a dháileadh, staidéar a dhéanamh orthu, iad a athrú agus a fheabhsú. Chun nach gcuirfear bac ar nuálaíocht ná ar thaighde, níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le saor-bhogearraí foinse oscailte a fhorbraítear nó a sholáthraítear lasmuigh de ghníomhaíocht tráchtála ós rud é, de réir sainmhínithe, nach gcuirtear ar an margadh táirgí a fhorbraítear nó a sholáthraítear amhlaidh. Níor cheart forbairt bogearraí den sórt sin nó rannchuidiú le bogearraí den sórt sin a thuiscint mar iad a chur ar fáil ar an margadh. Níor cheart soláthar bogearraí den sórt sin ar stórtha oscailte a mheas mar iad a chur ar fáil ar an margadh, ach amháin má tharlaíonn sé sin le linn gníomhaíocht tráchtála. I bprionsabal, níor cheart soláthar saor-bhogearraí foinse oscailte ag eagraíochtaí neamhbhrabúis a mheas mar sholáthar a dhéantar i gcomhthéacs gnó, ach amháin má tharlaíonn an soláthar sin le linn gníomhaíocht tráchtála. Mar sin féin, i gcás ina soláthraítear bogearraí mar mhalairt ar phraghas, nó mar mhalairt ar shonraí pearsanta a úsáidtear ar shlí eile seachas chun feabhas a chur ar shlándáil, ar chomhoiriúnacht nó ar idir-inoibritheacht na mbogearraí amháin, agus go soláthraítear iad dá bhrí sin le linn gníomhaíocht tráchtála, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo. |
|
(15) |
Maidir le saor-bhogearraí foinse oscailte a sholáthraítear lasmuigh de ghníomhaíocht tráchtála, i gcás ina ndéanann monaróir iad a chomhtháthú ina dhiaidh sin mar chomhpháirt i dtáirge le linn gníomhaíocht tráchtála agus, ar an gcaoi sin, go gcuirtear ar an margadh iad, ba cheart é a bheith indéanta an monaróir sin a chur faoi dhliteanas i leith damáiste arb í lochtacht na mbogearraí sin is cúis leis ach ní monaróir na mbogearraí toisc nach mbeadh na coinníollacha maidir le táirge nó comhpháirt a chur ar an margadh comhlíonta ag monaróir na mbogearraí. |
|
(16) |
Cé nach táirgí iad comhaid dhigiteacha iontu féin a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, ba cheart comhaid monaraíochta digití, ina bhfuil an fhaisnéis fheidhmiúil is gá chun ítim inláimhsithe a tháirgeadh trí rialú uathoibrithe innealra nó uirlisí a chumasú, amhail druilirí, deileanna, muilte agus printéirí 3T, a mheas mar tháirgí chun cosaint daoine nádúrtha a áirithiú i gcásanna ina bhfuil na comhaid sin lochtach. Mar shampla, ba cheart dliteanas faoin Treoir seo a bheith mar thoradh ar chomhad dearaidh ríomhchuidithe lochtach a úsáidtear chun earra priontáilte 3T a chruthú is cúis le díobháil, i gcás ina ndéantar an comhad sin a fhorbairt nó a sholáthar le linn gníomhaíocht tráchtála. Chun amhras a sheachaint, ba cheart a shoiléiriú gur táirgí iad amhábhair, amhail gás agus uisce, agus leictreachas. |
|
(17) |
Tá sé ag éirí níos coitianta seirbhísí digiteacha a chomhtháthú i dtáirge, nó a idirnascadh le táirge, sa chaoi is go gcuirfeadh éagmais na seirbhíse cosc ar an táirge ceann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh. Cé nár cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le seirbhísí iontu féin, is gá dliteanas gan locht a leathnú chuig seirbhísí digiteacha comhtháite nó idirnasctha den sórt sin ós rud é go gcinntear sábháilteacht an táirge leo a oiread agus a chinntear le comhpháirteanna fisiciúla nó digiteacha. Ba cheart na seirbhísí gaolmhara sin a mheas mar chomhpháirteanna den táirge a bhfuil siad comhtháite ann nó a bhfuil siad idirnasctha leis i gcás ina bhfuil siad faoi rialú mhonaróir an táirge sin. Áirítear ar shamplaí de sheirbhísí gaolmhara soláthar leanúnach sonraí tráchta i gcóras loingseoireachta, seirbhís faireacháin sláinte a bhraitheann ar bhraiteoirí táirge fhisiciúil chun gníomhaíocht fhisiciúil nó méadracht sláinte an úsáideora a rianú, seirbhís rialaithe teochta lena ndéantar faireachán agus rialáil ar theocht cuisneora chliste, nó seirbhís ghlórchúntóra lenar féidir táirge amháin nó níos mó a rialú trí úsáid a bhaint as orduithe gutha. Níor cheart caitheamh le seirbhísí rochtana idirlín mar sheirbhísí gaolmhara, ós rud é nach féidir iad a mheas mar chuid de tháirge atá faoi rialú monaróra agus go mbeadh sé míréasúnta monaróirí a chur faoi dhliteanas i leith damáiste arb iad easnaimh i seirbhísí rochtana idirlín is cúis leis. Mar sin féin, táirge a bhraitheann ar sheirbhísí rochtana idirlín agus a mhainníonn sábháilteacht a choinneáil ar bun i gcás ina gcailltear nascacht, d’fhéadfadh go mbeadh sé lochtach faoin Treoir seo. |
|
(18) |
Ba cheart a mheas go bhfuil seirbhísí gaolmhara agus comhpháirteanna eile, lena n-áirítear nuashonruithe agus uasghráduithe bogearraí, faoi rialú an mhonaróra i gcás ina bhfuil siad comhtháite i dtáirge, nó idirnasctha le táirge, nó soláthartha, ag an monaróir nó i gcás ina n-údaraíonn nó ina dtoilíonn an monaróir a gcomhtháthú, a n-idirnascadh nó a soláthar ag tríú páirtí, mar shampla i gcás ina dtoilíonn monaróir d’fhearas tí cliste soláthar nuashonruithe bogearraí ag tríú páirtí le haghaidh fhearas an mhonaróra nó i gcás ina gcuireann monaróir seirbhís ghaolmhar nó comhpháirt ghaolmhar i láthair mar chuid den táirge, fiú má sholáthraíonn tríú páirtí é. Níor cheart a mheas gur thoiligh monaróir le comhtháthú nó idirnascadh trí fhoráil a dhéanamh maidir leis an bhfhéidearthacht theicniúil chun comhtháthú nó idirnascadh a dhéanamh nó trí bhrandaí áirithe a mholadh nó gan toirmeasc a chur ar sheirbhísí nó comhpháirteanna gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ann, agus ar na boinn sin amháin. |
|
(19) |
A luaithe a chuirtear táirge ar an margadh, ba cheart a mheas go bhfanfaidh sé faoi rialú an mhonaróra i gcás ina gcoinníonn an monaróir an cumas nuashonruithe bogearraí nó uasghráduithe bogearraí a sholáthar é féin nó trí thríú páirtí. |
|
(20) |
Mar aitheantas ar an bhfíoras go bhfuil ábharthacht agus luach sócmhainní doláimhsithe ag méadú, ba cheart díothú nó truailliú sonraí, amhail comhaid digiteacha a scriosadh ó thiomántán crua, a chúiteamh freisin, lena n-áirítear an costas chun na sonraí a athshlánú nó a athbhunú. Chun daoine nádúrtha a chosaint, is gá cúiteamh a bheith ar fáil do chaillteanais ábhartha a eascraíonn ní hamháin as bás nó díobháil phearsanta, amhail costais sochraide nó leighis nó ioncam caillte, agus as damáiste do mhaoin, ach freisin as díothú nó truailliú sonraí. Ní bhíonn caillteanas ábhartha mar thoradh go huathoibríoch ar dhíothú nó truailliú sonraí más féidir leis an íospartach na sonraí a aisghabháil gan aon chostas, amhail i gcás ina bhfuil cúltaca de na sonraí ann nó inar féidir na sonraí a íoslódáil arís, nó i gcás ina ndéanann oibreoir eacnamaíoch sonraí nach bhfuil ar fáil go sealadach a athbhunú nó a athchruthú, mar shampla i dtimpeallacht fhíorúil. Tá díothú nó truailliú sonraí éagsúil le sceitheadh sonraí nó le sáruithe ar rialacha cosanta sonraí, agus, dá bhrí sin, ní dhéantar difear leis an Treoir seo do chúiteamh as sáruithe ar Rialachán (AE) 2016/679 (6) nó (AE) 2018/1725 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó ar Threoir 2002/58/CE (8) nó (AE) 2016/680 (9) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
(21) |
Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart a shoiléiriú leis an Treoir seo go n-áirítear le díobháil phearsanta damáiste do shláinte shíceolaíoch a aithnítear ó thaobh leighis de agus a dheimhnítear ó thaobh leighis de a dhéanann difear do shláinte ghinearálta an íospartaigh agus a bhféadfadh teiripe nó cóireáil leighis a bheith ag teastáil ina leith, agus an tAicmiú Idirnáisiúnta Galar ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, inter alia, á chur i gcuntas. |
|
(22) |
I gcomhréir le cuspóir na Treorach seo i dtaobh cúiteamh a chur ar fáil do dhaoine nádúrtha amháin, níor cheart damáiste do mhaoin a úsáidtear go heisiach chun críoch gairmiúil a chúiteamh faoin Treoir seo. Chun aghaidh a thabhairt ar riosca dlíthíochta a d’fhéadfadh a bheith ann i líon iomarcach cásanna, níor cheart cúiteamh a dhéanamh faoin Treoir seo i leith díothú nó truailliú sonraí a úsáidtear chun críoch gairmiúil, fiú mura n-úsáidtear iad go heisiach chun na gcríoch sin. |
|
(23) |
Cé gur cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do chúiteamh iomlán agus cuí i leith na gcaillteanas ábhartha uile a eascraíonn as bás nó díobháil phearsanta, nó as damáiste do mhaoin nó as maoin a scriosadh, agus as díothú nó truailliú sonraí, ba cheart do na Ballstáit na rialacha maidir le cúiteamh a ríomh a leagan síos. Ina theannta sin, ba cheart cúiteamh a chur ar fáil le haghaidh caillteanais neamhábhartha a eascraíonn as damáiste a chumhdaítear leis an Treoir seo, amhail pian agus fulaingt, a mhéid is féidir caillteanais den sórt sin a chúiteamh faoin dlí náisiúnta. |
|
(24) |
Maidir le cineálacha damáiste seachas na cinn dá bhforáiltear sa Treoir seo, amhail fíorchaillteanas eacnamaíoch, sáruithe príobháideachais nó idirdhealú, níor cheart dóibh astu féin dliteanas a spreagadh faoin Treoir seo. Mar sin féin, níor cheart leis an Treoir seo difear a dhéanamh don cheart chun cúitimh as aon damáiste, lena n-áirítear damáiste neamhábhartha, faoi chórais dliteanais eile. |
|
(25) |
Chun daoine nádúrtha a chosaint, ba cheart cúiteamh a dhéanamh i leith damáiste d’aon mhaoin ar le duine nádúrtha é. Ós rud é go bhfuil úsáid á baint níos mó agus níos mó as maoin chun críoch príobháideach agus gairmiúil araon, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le cúiteamh a thabhairt i leith damáiste do mhaoin úsáide measctha den sórt sin. I bhfianaise chuspóir na Treorach seo maidir le daoine nádúrtha a chosaint, ba cheart maoin a úsáidtear go heisiach chun críoch gairmiúil a eisiamh óna raon feidhme. |
|
(26) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh nó, i gcás inarb ábhartha, a chuirtear i seirbhís le linn gníomhaíocht tráchtála, cibé acu ar íocaíocht nó saor in aisce, mar shampla táirgí a sholáthraítear i gcomhthéacs feachtas urraíochta nó táirgí a mhonaraítear chun seirbhís a mhaoinítear ó chistí poiblí a sholáthar, ós rud é go bhfuil gné eacnamaíoch nó ghnó ag baint leis an modh soláthair sin mar sin féin. Tá an coincheap ‘cur i seirbhís’ ábhartha do tháirgí nach gcuirtear ar an margadh sula n-úsáidtear iad den chéad uair, mar is féidir gurb amhlaidh i gcás ardaitheoirí, innealra nó feistí leighis. |
|
(27) |
A mhéid a fhoráiltear leis an dlí náisiúnta, ba cheart feidhm a bheith ag an gceart chun cúitimh do dhaoine díobhálaithe maidir le híospartaigh dhíreacha, a fhulaingíonn damáiste arb é táirge lochtach is cúis dhíreach leis, agus maidir le híospartaigh indíreacha, a fhulaingíonn damáiste mar thoradh ar dhamáiste don íospartach díreach. |
|
(28) |
Agus castacht mhéadaithe táirgí, samhlacha gnó agus slabhraí soláthair á gcur i gcuntas, agus ós rud é go bhfuil sé mar aidhm leis an Treoir seo a áirithiú gur féidir le tomhaltóirí agus daoine nádúrtha eile a gceart chun cúiteamh a fháil a fheidhmiú go héasca i gcás damáiste arb iad táirgí lochtacha is cúis leis, tá sé tábhachtach go n-áiritheodh na Ballstáit go soláthróidh údaráis nó comhlachtaí inniúla cosanta tomhaltóirí an fhaisnéis ábhartha uile do thomhaltóirí a ndéantar difear dóibh chun a chur ar a gcumas a gceart chun cúitimh a fheidhmiú go héifeachtach i gcomhréir leis an Treoir seo. Agus an méid sin á dhéanamh acu, is iomchuí do na Ballstáit aird a thabhairt ar na hoibleagáidí atá ann cheana maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlí cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú, go háirithe na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Tá sé tábhachtach go ndéanfadh údaráis nó comhlachtaí náisiúnta cosanta tomhaltóirí aon fhaisnéis ábhartha a dtagann siad ar an eolas fúithi a mhalartú go rialta agus go gcomhoibreoidh siad go dlúth leis na húdaráis um fhaireachas margaidh. Is féidir leis na Ballstáit na húdaráis nó na comhlachtaí inniúla cosanta tomhaltóirí a spreagadh freisin chun faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí ionas gur fearr a bheidh siad in ann a gceart chun cúitimh a fheidhmiú go héifeachtach i gcomhréir leis an Treoir seo. |
|
(29) |
Ní dhéantar difear leis an Treoir seo do na modhanna éagsúla chun sásamh a lorg ar an leibhéal náisiúnta, cibé acu trí imeachtaí cúirte, réitigh neamhchúirte, réiteach malartach díospóidí nó caingne ionadaíocha faoi Threoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) nó faoi scéimeanna náisiúnta comhshásaimh. |
|
(30) |
Chun sláinte agus maoin daoine nádúrtha a chosaint, ba cheart lochtacht táirge a chinneadh ní faoi threoir a oiriúnacht lena úsáid, ach faoi threoir na heaspa sábháilteachta a bhfuil duine i dteideal a bheith ag dréim léi nó a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. Ba cheart anailís oibiachtúil ar an tsábháilteacht a bhfuil an pobal i gcoitinne i dteideal a bheith ag dréim léi agus gan tagairt don tsábháilteacht a bhfuil aon duine ar leith i dteideal a bheith ag dréim léi a bheith i gceist leis an measúnú ar lochtacht. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar an tsábháilteacht a bhfuil an pobal i gcoitinne i dteideal a bheith ag dréim léi trí aird a thabhairt, inter alia, ar an gcríoch atá beartaithe don táirge, an úsáid atá intuartha le réasún, cur i láthair, saintréithe oibiachtúla agus airíonna oibiachtúla an táirge atá i gceist, lena n-áirítear a shaolré ionchasach, chomh maith le ceanglais shonracha an ghrúpa úsáideoirí dá bhfuil an táirge beartaithe. Tá riosca an-ard go háirithe ag baint le roinnt táirgí, amhail feistí leighis a chothaíonn na beatha, go ndéanfaí damáiste leo do dhaoine, rud is cúis dá réir sin le hionchais sábháilteachta an-ard. Chun na hionchais sin a chur i gcuntas, ba cheart é a bheith indéanta do chúirt a chinneadh go bhfuil táirge lochtach gan a lochtacht iarbhír a shuí, i gcás ina mbaineann sé leis an tsraith táirgeachta chéanna le táirge faoina bhfuil sé cruthaithe cheana go bhfuil sé lochtach. |
|
(31) |
Ba cheart cur i láthair an táirge a chur i gcuntas sa mheasúnú ar lochtacht. Ní féidir a mheas, áfach, go bhfuil rabhaidh nó faisnéis eile a sholáthraítear le táirge leordhóthanach chun táirge atá lochtach ar bhealach eile a dhéanamh sábháilte, ós rud é gur cheart lochtacht a chinneadh faoi threoir na sábháilteachta a bhfuil an pobal i gcoitinne i dteideal a bheith ag dréim léi. Dá bhrí sin, ní féidir dliteanas faoin Treoir seo a sheachaint go díreach trí na fo-iarmhairtí uile is féidir a shamhlú de chuid táirge a liostú. Agus lochtacht táirge á cinneadh, cuimsítear le húsáid atá intuartha le réasún freisin mí-úsáid nach bhfuil míréasúnach faoi na himthosca, amhail iompraíocht intuartha úsáideora innealra mar thoradh ar easpa airde nó iompraíocht intuartha grúpaí úsáideoirí áirithe, amhail leanaí. |
|
(32) |
Chun an leitheadúlacht mhéadaitheach maidir le táirgí idirnasctha a léiriú, ba cheart éifeachtaí atá intuartha le réasún táirgí eile ar an táirge atá i gceist, mar shampla laistigh de chóras tí cliste, a chur i gcuntas agus measúnú á dhéanamh ar shábháilteacht táirge. Ba cheart an éifeacht ar shábháilteacht táirge maidir le haon chumas foghlaim a dhéanamh nó gnéithe nua a fháil tar éis é a chur ar an margadh nó é a chur i seirbhís a chur i gcuntas freisin, chun an t-ionchas dlisteanach a léiriú go ndeartar bogearraí táirge agus bunalgartaim táirge ar bhealach lena gcuirtear cosc ar iompraíocht ghuaiseach táirge. Dá bhrí sin, monaróir a dhearann táirge atá in ann iompraíocht gan choinne a fhorbairt, ba cheart don mhonaróir sin leanúint de bheith faoi dhliteanas i leith iompraíocht is cúis le díobháil. Chun an fíoras a léiriú go bhfanann, sa ré dhigiteach, go leor táirgí faoi rialú an mhonaróra tar éis iad a chur ar an margadh, ba cheart an uair a fhágann táirge rialú an mhonaróra a chur i gcuntas freisin agus sábháilteacht táirge á measúnú. Is féidir a fháil freisin go bhfuil táirge lochtach mar gheall ar a leochaileacht chibearshlándála, mar shampla i gcás nach gcomhlíonann an táirge ceanglais maidir le cibearshlándáil atá ábhartha don tsábháilteacht. |
|
(33) |
Chun cineál na dtáirgí a léiriú arb é is cuspóir leo damáiste a chosc, amhail sásra rabhaidh ar nós aláram deataigh, ba cheart a chur i gcuntas sa mheasúnú ar lochtacht táirge den sórt sin a mhainneachtain an cuspóir sin a chomhlíonadh. |
|
(34) |
Chun ábharthacht na reachtaíochta maidir le sábháilteacht táirgí agus faireachas margaidh a léiriú chun an leibhéal sábháilteachta a chinntiú a bhfuil duine i dteideal a bheith ag dréim leis, ba cheart a shoiléiriú gur cheart ceanglais sábháilteachta táirge ábhartha, lena n-áirítear ceanglais maidir le cibearshlándáil atá ábhartha don tsábháilteacht, agus idirghabhálacha arna ndéanamh ag údaráis inniúla, amhail aisghairmeacha táirgí a eisiúint, nó ag oibreoirí eacnamaíocha iad féin, a chur i gcuntas sa mheasúnú ar lochtacht. Níor cheart, áfach, toimhde lochtachta a chruthú le hidirghabhálacha den sórt sin iontu féin. |
|
(35) |
Ar mhaithe le rogha an tomhaltóra agus chun nuálaíocht, taighde agus rochtain éasca ar theicneolaíochtaí nua a spreagadh, níor cheart go mbainfí de thátal as táirge níos fearr a bheith ann nó a chur ar an margadh ina dhiaidh sin as féin go bhfuil táirge lochtach. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart go mbainfí de thátal as soláthar nuashonruithe nó uasghráduithe do tháirge go bhfuil leagan den táirge a bhí ann roimhe sin lochtach. |
|
(36) |
Éilítear le cosaint daoine nádúrtha go bhféadfar aon mhonaróir a bhfuil baint aige leis an bpróiseas táirgthe a chur faoi dhliteanas, a mhéid atá an táirge nó comhpháirt a sholáthraíonn an monaróir sin lochtach. Áirítear leis sin aon duine a chuireann é féin nó í féin i láthair mar an monaróir trí ainm, trádmharc nó gné idirdhealaitheach eile a chur ar tháirge, nó trí údarú a thabhairt do thríú páirtí a ainm, trádmharc nó gné idirdhealaitheach eile a bhaineann leis nó léi a chur ar tháirge, ós rud é, tríd an méid sin a dhéanamh, go dtugann an duine sin le tuiscint go bhfuil baint aige nó aici leis an bpróiseas táirgthe nó go bhfuil sé nó sí ag glacadh freagracht as. I gcás ina gcomhtháthaíonn monaróir comhpháirt lochtach ó mhonaróir eile i dtáirge, ba cheart don duine díobhálaithe a bheith in ann cúiteamh a lorg as an damáiste céanna ó mhonaróir an táirge agus ó mhonaróir na comhpháirte araon. I gcás ina gcomhtháthaítear comhpháirt i dtáirge nach bhfuil faoi rialú mhonaróir an táirge sin, ba cheart do dhuine díobhálaithe a bheith in ann cúiteamh a lorg ón monaróir comhpháirteanna i gcás inar táirge í an chomhpháirt féin faoin Treoir seo. |
|
(37) |
Chun a áirithiú go mbeidh éileamh in-fhorfheidhmithe ar chúiteamh ag daoine díobhálaithe i gcás ina bhfuil monaróir táirge bunaithe lasmuigh den Aontas, ba cheart é a bheith indéanta allmhaireoir an táirge agus ionadaí údaraithe an mhonaróra, arna gceapadh i ndáil le cúraimí sonraithe faoi reachtaíocht an Aontais, mar shampla faoin reachtaíocht maidir le sábháilteacht táirgí agus faireachas margaidh, a chur faoi dhliteanas. Tá sé léirithe i bhfaireachas margaidh go mbaineann na slabhraí soláthair uaireanta le hoibreoirí eacnamaíocha nach n-oireann go héasca, mar gheall ar a gcineál nuálach, do shlabhraí soláthair traidisiúnta faoin gcreat dlíthiúil atá ann cheana. Is amhlaidh atá, go háirithe i gcás soláthraithe seirbhíse próiseála orduithe, a dhéanann go leor de na feidhmeanna céanna is atá ag allmhaireoirí ach d’fhéadfadh sé nach mbíonn siad ag teacht i gcónaí leis an sainmhíniú traidisiúnta ar allmhaireoir i ndlí an Aontais. Tá ról atá ag éirí níos suntasaí ag soláthraithe seirbhíse próiseála orduithe mar oibreoirí eacnamaíocha, rud a chumasaíonn agus a éascaíonn rochtain ar mhargadh an Aontais le haghaidh táirgí ó thríú tíortha. Tá an t-athrú sin ó thaobh na hábharthachta de léirithe cheana sa chreat maidir le sábháilteacht táirgí agus faireachas margaidh, go háirithe Rialacháin (AE) 2019/1020 (12) agus (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith indéanta soláthraithe seirbhíse próiseála orduithe a chur faoi dhliteanas, ach i bhfianaise chineál coimhdeach a róil, níor cheart iad a bheith faoi dhliteanas ach amháin i gcás nach bhfuil aon allmhaireoir ná ionadaí údaraithe bunaithe san Aontas. Ar mhaithe le dliteanas a threorú ar bhealach éifeachtach i leith monaróirí, allmhaireoirí, ionadaithe údaraithe agus soláthraithe seirbhíse próiseála orduithe, níor cheart é a bheith indéanta dáileoirí a chur faoi dhliteanas ach amháin i gcás ina mainníonn siad oibreoir eacnamaíoch ábhartha atá bunaithe san Aontas a shainaithint go pras. |
|
(38) |
Tá fás tagtha ar dhíol ar líne ar bhonn leanúnach comhsheasmhach, rud a chruthaigh samhlacha nua gnó agus gníomhaithe nua sa mhargadh, amhail ardáin ar líne. Le Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus le Rialachán (AE) 2023/988 rialaítear, inter alia, freagracht agus cuntasacht na n-ardán ar líne maidir le hábhar neamhdhleathach, lena n-áirítear i ndáil le díol táirgí. Nuair a dhéanann ardáin ar líne ról an mhonaróra, an allmhaireora, an ionadaí údaraithe, an tsoláthraí seirbhíse próiseála orduithe nó an dáileora i leith táirge lochtach, ba cheart dóibh a bheith faoi réir an dliteanais chéanna leis na hoibreoirí eacnamaíocha sin. I gcás nach bhfuil ach ról mar idirghabhálaí ag ardáin ar líne i ndíol táirgí idir trádálaithe agus tomhaltóirí, cumhdaítear iad le díolúine choinníollach ó dhliteanas faoi Rialachán (AE) 2022/2065. Mar sin féin, foráiltear le Rialachán (AE) 2022/2065 nach bhfuil ardáin ar líne a lamhálann do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe díolmhaithe ó dhliteanas faoi dhlí cosanta tomhaltóirí i gcás ina gcuireann siad an táirge i láthair nó ina gcumasaíonn siad an t-idirbheart sonrach atá i gceist ar bhealach eile a thabharfadh le fios do ghnáth-thomhaltóir go bhfuil an táirge á sholáthar ag an ardán ar líne féin nó ag trádálaí atá ag gníomhú faoina údarás nó faoina rialú. I gcomhréir leis an bprionsabal sin, nuair a chuireann ardáin ar líne an táirge i láthair mar sin nó nuair a chumasaíonn siad an t-idirbheart sonrach ar shlí eile, ba cheart é a bheith indéanta iad a chur faoi dhliteanas ar an mbealach céanna le dáileoirí faoin Treoir seo. Dá bhrí sin, maidir le forálacha na Treorach seo a bhaineann le dáileoirí, ba cheart feidhm a bheith ar aon dul leo maidir le hardáin ar líne den sórt sin. Ciallaíonn sé sin nár cheart ardáin ar líne den sórt sin a bheith faoi dhliteanas ach amháin i gcás ina gcuireann siad an táirge i láthair nó nuair a chumasaíonn siad an t-idirbheart sonrach ar bhealach eile a thabharfadh le fios do ghnáth-thomhaltóir go bhfuil an táirge á sholáthar ag an ardán ar líne féin nó ag trádálaí atá ag gníomhú faoina údarás nó faoina rialú, agus i gcás ina mainníonn an t-ardán ar líne oibreoir eacnamaíoch ábhartha atá bunaithe san Aontas a shainaithint go pras, agus sa chás sin amháin. |
|
(39) |
San aistriú ó gheilleagar líneach go geilleagar ciorclach, tá táirgí deartha sa chaoi go mbeidh siad níos marthanaí, níos in-athúsáidte, níos indeisithe agus níos in-uasghrádaithe. Tá an tAontas ag cur chun cinn freisin cineálacha nuálacha agus inbhuanaithe táirgthe agus tomhaltais a chuireann fad le feidhmiúlacht táirgí agus comhpháirteanna, amhail athmhonarú, athchóiriú agus deisiú, mar a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2020 dar teideal A new Circular Economy Action Plan – For a cleaner and more competitive Europe [Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach – I gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche]. Nuair a dhéantar modhnú substaintiúil ar tháirge agus nuair a chuirtear ar fáil ar an margadh é nó a chuirtear i seirbhís é ina dhiaidh sin, meastar gur táirge nua é. I gcás ina ndéantar an modhnú lasmuigh de rialú an mhonaróra bunaidh, ba cheart é a bheith indéanta an duine a rinne an modhnú substaintiúil a chur faoi dhliteanas mar mhonaróir an táirge mhodhnaithe, ós rud é go bhfuil an duine sin freagrach faoi dhlí ábhartha an Aontais as an táirge a bheith ag comhlíonadh ceanglais sábháilteachta. Ba cheart a chinneadh cibé an bhfuil modhnú substaintiúil ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i ndlí ábhartha an Aontais agus i ndlí ábhartha náisiúnta maidir le sábháilteacht táirgí, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2023/988. I gcás nach leagtar síos critéir den sórt sin maidir leis an táirge atá i gceist, modhnuithe a athraíonn feidhmeanna bunaidh beartaithe an táirge nó a dhéanann difear dá chomhlíonadh leis na ceanglais sábháilteachta is infheidhme nó a athraíonn a phróifíl riosca, ba cheart a mheas gur modhnuithe substaintiúla iad. I gcás ina ndéanann an monaróir bunaidh modhnú substaintiúil, nó ina bhfuil rialú aige air, agus i gcás ina bhfágann modhnú substaintiúil den sórt sin go bhfuil an táirge lochtach, níor cheart don mhonaróir sin a bheith in ann dliteanas a sheachaint trína áitiú gur tháinig an lochtacht chun bheith ann tar éis dó an táirge a chur ar an margadh nó é a chur i seirbhís. Ar mhaithe le cionroinnt chothrom riosca sa gheilleagar ciorclach, ba cheart oibreoir eacnamaíoch a dhéanann modhnú substaintiúil, seachas an monaróir bunaidh, a dhíolmhú ó dhliteanas más féidir leis an oibreoir eacnamaíoch a chruthú go mbaineann an damáiste le cuid den táirge nach ndéanann an modhnú difear dó. Níor cheart oibreoirí eacnamaíocha a dhéanann deisiúcháin nó oibríochtaí eile nach mbaineann modhnuithe substaintiúla leo a bheith faoi réir dliteanais faoin Treoir seo. |
|
(40) |
Ós rud é gur féidir táirgí a dhearadh ar bhealach lenar féidir modhnuithe a dhéanamh trí athruithe a dhéanamh ar bhogearraí, lena n-áirítear uasghráduithe, ba cheart feidhm a bheith ag na prionsabail chéanna maidir le modhnuithe a dhéantar trí bhíthin nuashonrú nó uasghrádú bogearraí agus le modhnuithe a dhéantar ar bhealaí eile. I gcás ina ndéantar modhnú substaintiúil trí nuashonrú nó uasghrádú bogearraí, nó mar gheall ar fhoghlaim leanúnach córais IS, ba cheart a mheas go bhfuil an táirge atá modhnaithe go substaintiúil curtha ar fáil ar an margadh nó curtha i seirbhís tráth a dhéantar an modhnú go hiarbhír. |
|
(41) |
I gcás nach n-éiríonn le híospartaigh cúiteamh a fháil toisc nach gcuirtear aon duine faoi dhliteanas faoin Treoir seo nó toisc go bhfuil na daoine atá faoi dhliteanas dócmhainneach nó gur scoir siad de bheith ann, is féidir leis na Ballstáit scéimeanna náisiúnta earnála cúitimh atá ann cheana a úsáid nó scéimeanna nua a bhunú faoin dlí náisiúnta chun daoine díobhálaithe a d’fhulaing damáiste arb iad táirgí lochtacha is cúis leis a chúiteamh go hiomchuí. Is faoi na Ballstáit atá sé a chinneadh an ndéantar scéimeanna cúitimh den sórt sin a chistiú go hiomlán nó go páirteach ó ioncam poiblí nó príobháideach. |
|
(42) |
I bhfianaise an dliteanais a fhorchuirtear ar oibreoirí eacnamaíocha gan beann ar an locht, agus d’fhonn cionroinnt chothrom riosca a bhaint amach, ba cheart an dualgas a bheith ar dhuine a éilíonn cúiteamh as damáiste arb é táirge lochtach is cúis leis an damáiste, lochtacht an táirge agus an nasc cúisíoch idir an dá cheann a chruthú, i gcomhréir leis an gcaighdeán cruthúnais is infheidhme faoin dlí náisiúnta. Is minic, áfach, go mbíonn daoine a éilíonn cúiteamh as damáiste faoi mhíbhuntáiste suntasach i gcomparáid le monaróirí maidir le rochtain ar fhaisnéis faoin dóigh ar táirgeadh táirge agus faoin dóigh a n-oibríonn sé agus maidir leis an bhfaisnéis sin a thuiscint. Leis an neamhshiméadracht faisnéise sin, is féidir an bonn a bhaint de chionroinnt chothrom an riosca, go háirithe i gcásanna a bhaineann le castacht theicniúil nó eolaíoch. Is gá, dá bhrí sin, rochtain éilitheoirí ar fhianaise atá le húsáid in imeachtaí dlíthiúla a éascú. Áirítear ar fhianaise den sórt sin doiciméid nach mór don chosantóir a chruthú ex novo tríd an bhfianaise atá ar fáil a thiomsú nó a aicmiú. Agus measúnú á dhéanamh acu ar an iarraidh ar nochtadh fianaise, ba cheart do chúirteanna náisiúnta a áirithiú go bhfuil rochtain den sórt sin teoranta don rochtain sin atá riachtanach agus comhréireach, inter alia chun cuardaigh neamhshonracha ar fhaisnéis nach bhfuil ábhartha do na himeachtaí a sheachaint agus chun faisnéis rúnda a chosaint, amhail faisnéis a thagann faoi raon feidhme pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil agus rúin trádála i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, go háirithe Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Agus castacht cineálacha áirithe fianaise á cur san áireamh, mar shampla fianaise a bhaineann le táirgí digiteacha, ba cheart do chúirteanna náisiúnta a bheith in ann a cheangal go gcuirfí fianaise den sórt sin i láthair ar bhealach atá inrochtana go héasca agus intuigthe go héasca, faoi réir coinníollacha áirithe. |
|
(43) |
Leis an Treoir seo, ní chomhchuibhítear na rialacha maidir le nochtadh fianaise ach amháin a mhéid a rialaítear na hábhair sin léi. Áirítear ar na hábhair nach rialaítear leis an Treoir seo rialacha maidir le nochtadh fianaise i ndáil leis an méid seo a leanas: nósanna imeachta réamhthrialach; cé chomh sonrach is a chaithfidh iarraidh ar fhianaise a bheith; tríú páirtithe; cásanna de chaingne dearbhaitheacha; agus smachtbhannaí i gcás neamhchomhlíonadh na hoibleagáide fianaise a nochtadh. |
|
(44) |
I bhfianaise an fhíorais go bhféadfadh rochtain ar fhianaise atá ar fáil don éilitheoir a bheith ag teastáil ó chosantóirí chun cur i gcoinne éileamh ar chúiteamh faoin Treoir seo, ba cheart an deis a bheith ag cosantóirí rochtain a fháil ar fhianaise freisin. Ar an gcaoi chéanna le hiarraidh ar nochtadh arna déanamh ag an éilitheoir, agus measúnú á dhéanamh acu ar iarraidh an chosantóra ar nochtadh fianaise, ba cheart do chúirteanna náisiúnta a áirithiú go bhfuil rochtain den sórt sin teoranta don rochtain sin atá riachtanach agus comhréireach, inter alia, chun cuardaigh neamhshonracha ar fhaisnéis nach bhfuil ábhartha do na himeachtaí a sheachaint agus chun faisnéis rúnda a chosaint. |
|
(45) |
Maidir le rúin trádála mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2016/943, ba cheart cumhacht a thabhairt do chúirteanna náisiúnta bearta sonracha a dhéanamh chun rúndacht rún trádála a áirithiú le linn na n-imeachtaí agus ina ndiaidh, agus cothromaíocht chóir agus chomhréireach á baint amach idir leasanna shealbhóir an rúin trádála maidir le rúndacht agus leasanna an duine díobhálaithe. Ba cheart a áireamh ar bhearta den sórt sin ar a laghad bearta chun srian a chur ar rochtain ar dhoiciméid ina bhfuil rúin trádála nó rúin trádála líomhnaithe agus chun rochtain ar éisteachtaí a shrianadh do líon teoranta daoine, nó chun rochtain a cheadú ar dhoiciméid fholaithe nó ar thras-scríbhinní éisteachtaí agus orthu amháin. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le bearta den sórt sin, is iomchuí go gcuirfidh cúirteanna náisiúnta i gcuntas an gá atá leis an gceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, leasanna dlisteanacha na bpáirtithe agus, i gcás inarb iomchuí, leasanna dlisteanacha tríú páirtithe, agus an díobháil fhéideartha do cheachtar de na páirtithe i ndíospóid, agus, i gcás inarb iomchuí, do thríú páirtithe, a eascraíonn as bearta den sórt sin a dheonú nó a dhiúltú. |
|
(46) |
Is gá dualgas cruthúnais an éilitheora a mhaolú ar an gcoinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Is sásra comhchoiteann iad toimhdí infhrisnéise fíorais chun deacrachtaí fianaiseacha éilitheora a mhaolú agus chun cur ar chumas cúirte a shuí go bhfuil lochtacht nó nasc cúisíoch ann ar fhíoras eile atá cruthaithe, agus cearta an chosantóra á gcaomhnú. Chun dreasacht a chur ar fáil chun an oibleagáid faisnéis a nochtadh a chomhlíonadh, ba cheart do chúirteanna náisiúnta a thoimhdiú go bhfuil táirge lochtach i gcás ina mainníonn cosantóir oibleagáid den sórt sin a chomhlíonadh. Glacadh go leor ceanglais éigeantacha sábháilteachta chun tomhaltóirí agus daoine nádúrtha eile a chosaint ar an riosca díobhála, lena n-áirítear faoi Rialachán (AE) 2023/988. Chun an dlúthghaol idir na rialacha sábháilteachta táirgí agus na rialacha dliteanais a threisiú, ba cheart toimhde lochtachta a bheith mar thoradh ar neamhchomhlíonadh ceanglas den sórt sin. Áirítear leis sin cásanna nach bhfuil na modhanna chun faisnéis a logáil faoi oibriú an táirge feistithe sa táirge mar a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. Ba cheart feidhm a bheith leis sin freisin maidir le mífheidhm fhollasach, amhail buidéal gloine a phléascann le linn úsáid atá intuartha le réasún, ós ualach gan ghá é a éileamh ar éilitheoir lochtacht a chruthú i gcás inarb amhlaidh do na himthosca nach bhfuil aon amhras ann ach gurb ann don locht. Cumhdaítear le húsáid atá intuartha le réasún an úsáid dá bhfuil táirge beartaithe i gcomhréir leis an bhfaisnéis arna soláthar ag an monaróir nó ag an oibreoir eacnamaíoch a chuireann ar an margadh é, an ghnáthúsáid arna cinneadh le dearadh agus déanamh an táirge, agus úsáid is féidir a thuar le réasún i gcás ina bhféadfadh úsáid den sórt sin eascairt as iompraíocht an duine, ar iompraíocht í atá dleathach agus intuartha go héasca. |
|
(47) |
I gcás ina suitear go bhfuil táirge lochtach agus gurb í an lochtacht atá i gceist is cúis de ghnáth leis an gcineál damáiste a tharla, bunaithe go príomha ar chásanna comhchosúla, níor cheart a cheangal ar an éilitheoir an nasc cúisíoch a chruthú agus ba cheart a thoimhdiú gurb ann dó. |
|
(48) |
Ba cheart do na cúirteanna náisiúnta a thoimhdiú go bhfuil lochtacht táirge nó an nasc cúisíoch idir an damáiste agus an lochtacht, nó an dá rud, i gcás, d’ainneoin nochtadh faisnéise an chosantóra, ina mbeadh sé thar a bheith deacair don éilitheoir, go háirithe mar gheall ar chastacht theicniúil nó eolaíoch an cháis, an lochtacht nó an nasc cúisíoch, nó an dá rud, a chruthú. Ba cheart dóibh é sin a dhéanamh agus imthosca uile an cháis á gcur i gcuntas. I gcásanna den sórt sin, tríd an ngnáthchaighdeán cruthúnais a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta a fhorchur, rud a éilíonn ardleibhéal dóchúlachta go minic, bhainfí an bonn d’éifeachtacht an chirt chun cúitimh. Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil saineolas ag monaróirí agus go bhfuil siad níos eolaí ná an duine díobhálaithe, agus chun cionroinnt chothrom riosca a chothabháil agus, ag an am céanna, aisiompú an dualgais cruthúnais a sheachaint, níor cheart é a bheith de cheangal ar an éilitheoir sin a léiriú, i gcás ina mbaineann deacrachtaí an éilitheora le lochtacht a chruthú, ach gur dócha go raibh an táirge lochtach, nó, i gcás ina mbaineann deacrachtaí an éilitheora leis an nasc cúisíoch a chruthú, ach gur dócha gurb í lochtacht an táirge is cúis leis an damáiste. Ba cheart do chúirteanna náisiúnta castacht theicniúil nó eolaíoch a chinneadh ar bhonn cás ar chás, agus tosca éagsúla á gcur i gcuntas. Ba cheart a áireamh ar na tosca sin cineál casta an táirge, amhail feiste leighis nuálach; cineál casta na teicneolaíochta a úsáidtear, amhail meaisínfhoghlaim; cineál casta na faisnéise agus na sonraí atá le hanailísiú ag an éilitheoir; agus cineál casta an naisc chúisíoch, amhail nasc idir táirge cógaisíochta nó táirge bia agus tús reachta sláinte nó nasc lena gceanglófaí ar an éilitheoir, chun é a chruthú, míniú a thabhairt ar oibriú inmheánach córais IS. Ba cheart do na cúirteanna náisiúnta measúnú a dhéanamh ar dheacrachtaí iomarcacha ar bhonn cás ar chás freisin. Cé gur cheart d’éilitheoir argóintí a thabhairt chun deacrachtaí iomarcacha a léiriú, níor cheart cruthúnas ar dheacrachtaí den sórt sin a bheith ag teastáil. Mar shampla, maidir le héileamh a bhaineann le córas IS, níor cheart a cheangal ar an éilitheoir, chun go gcinnfeadh an chúirt go bhfuil deacrachtaí iomarcacha ann, saintréithe sonracha an chórais IS a mhíniú ná a mhíniú conas a dhéanann na saintréithe sin níos deacra é an nasc cúisíoch a shuí. Ba cheart an deis a bheith ag an gcosantóir gach gné den éileamh, lena n-áirítear deacrachtaí iomarcacha a bheith ann, a chonspóid. |
|
(49) |
Ar mhaithe le cionroinnt chothrom riosca, ba cheart oibreoirí eacnamaíocha a dhíolmhú ó dhliteanas más féidir leo a chruthú go bhfuil imthosca sonracha um shaoradh ann. Níor cheart dóibh a bheith faoi dhliteanas i gcás inar féidir leo a chruthú gur duine seachas iad féin ba chúis leis an táirge an próiseas monaraíochta a fhágáil in aghaidh a dtola nó gurbh é comhlíonadh na gceanglas dlí an chúis go díreach le lochtacht an táirge. |
|
(50) |
Is é an nóiméad a chuirtear an táirge ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís é an nóiméad nuair a fhágann an táirge rialú an mhonaróra de ghnáth, agus i gcás dáileoirí is é an nóiméad a chuireann siad an táirge ar fáil ar an margadh. Ba cheart, dá bhrí sin, monaróirí a dhíolmhú ó dhliteanas i gcás ina gcruthaíonn siad gur dócha nach raibh an lochtacht ba chúis leis an damáiste ann nuair a chuir siad an táirge ar an margadh nó nuair a chuir siad i seirbhís é nó gur tháinig an lochtacht chun bheith ann tar éis an nóiméid sin. Ós rud é, le teicneolaíochtaí digiteacha, gur féidir le monaróirí rialú a fheidhmiú taobh amuigh den nóiméad a chuirtear an táirge ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís é, áfach, ba cheart do mhonaróirí a bheith faoi dhliteanas i gcónaí as lochtacht a thagann chun bheith ann tar éis an nóiméid sin mar thoradh ar bhogearraí nó ar sheirbhísí gaolmhara atá faoina rialú, bíodh sé i bhfoirm nuashonruithe nó uasghráduithe nó algartaim mheaisínfhoghlama. Ba cheart bogearraí nó seirbhísí gaolmhara den sórt sin a mheas a bheith faoi rialú an mhonaróra i gcás ina soláthraíonn an monaróir sin iad nó i gcás ina n-údaraíonn an monaróir sin iad nó ina dtoilíonn sé ar shlí eile a soláthar ag tríú páirtí. Mar shampla, má chuirtear teilifís chliste i láthair mar a bhfuil fís-fheidhmchlár san áireamh, ach go gceanglaítear ar an úsáideoir an feidhmchlár a íoslódáil ó shuíomh gréasáin tríú páirtí tar éis an teilifís a cheannach, ba cheart don mhonaróir teilifíse a bheith faoi dhliteanas i gcónaí, taobh le monaróir an fhís-fheidhmchláir, i leith damáiste arb í aon lochtacht de chuid an fhís-fheidhmchláir is cúis leis, cé nár tháinig an lochtacht chun bheith ann ach tar éis don teilifís a bheith curtha ar an margadh. |
|
(51) |
Maidir leis an bhféidearthacht atá ann d’oibreoirí eacnamaíocha dliteanas a sheachaint trína chruthú gur tháinig an lochtacht chun bheith ann tar éis dóibh an táirge a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís, ba cheart srian a chur leis an bhféidearthacht sin nuair a bhaineann lochtacht an táirge le heaspa nuashonruithe bogearraí nó uasghráduithe bogearraí atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí cibearshlándála agus chun sábháilteacht an táirge a choinneáil ar bun. Is féidir le leochaileachtaí den sórt sin difear a dhéanamh do tháirge ar shlí go bhfuil sé ina chúis le damáiste de réir bhrí na Treorach seo. Mar aitheantas do fhreagrachtaí na monaróirí faoi dhlí an Aontais maidir le sábháilteacht táirgí le linn a saolré, amhail faoi Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), níor cheart monaróirí a dhíolmhú ó dhliteanas ach oiread i leith damáiste arb iad a dtáirgí lochtacha is cúis leis nuair a eascraíonn an lochtacht as a mainneachtain na nuashonruithe nó uasghráduithe slándála bogearraí a sholáthar, ar nuashonruithe nó uasghráduithe iad atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí na dtáirgí sin mar fhreagairt ar rioscaí cibearshlándála atá ag forbairt. Níor cheart feidhm a bheith ag dliteanas den sórt sin i gcás nach dtagann soláthar nó suiteáil bogearraí den sórt sin faoi rialú an mhonaróra, mar shampla i gcás nach suiteálann úinéir an táirge nuashonrú nó uasghrádú arna sholáthar chun leibhéal sábháilteachta an táirge a áirithiú nó a choinneáil ar bun. Ní fhorchuirtear leis an Treoir seo aon oibleagáid nuashonruithe nó uasghráduithe a sholáthar do tháirge. |
|
(52) |
Ar mhaithe le cionroinnt chothrom riosca, ba cheart oibreoirí eacnamaíocha a dhíolmhú ó dhliteanas má chruthaíonn siad go bhfuil staid an eolais eolaíoch agus theicniúil, arna cinneadh le tagairt don leibhéal is airde d’eolas oibiachtúil a bhfuil fáil air agus ní le tagairt d’eolas iarbhír an oibreora eacnamaíoch atá i gceist, le linn na tréimhse ina raibh an táirge faoi rialú an mhonaróra, de chineál nach bhféadfaí an lochtacht a aimsiú. |
|
(53) |
Is féidir cásanna teacht chun cinn ina bhfuil dhá pháirtí nó níos mó faoi dhliteanas i leith an damáiste chéanna, go háirithe i gcás ina ndéantar comhpháirt lochtach a chomhtháthú i dtáirge is cúis le damáiste. I gcás den sórt sin, ba cheart don duine díobhálaithe a bheith in ann cúiteamh a lorg ón monaróir a chomhtháthaigh an chomhpháirt lochtach ina tháirge agus ó mhonaróir na comhpháirte lochtaí féin. Chun cosaint daoine nádúrtha a áirithiú, ba cheart do na páirtithe uile a bheith faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i gcásanna den sórt sin. |
|
(54) |
Tá leibhéal ard nuálaíochta riachtanach go háirithe in earnáil na mbogearraí. D’fhonn tacú le hacmhainneacht nuálach micrifhiontar agus fiontar beag a mhonaraíonn bogearraí, ba cheart é a bheith indéanta d’fhiontair den sórt sin teacht ar chomhaontú ar bhonn conarthach le monaróirí a dhéanann a mbogearraí a chomhtháthú i dtáirge nach lorgóidh an monaróir cúlárach ón monaróir bogearraí i gcás ina bhfuil comhpháirt bogearraí lochtach ina cúis le díobháil. Ba cheart comhaontuithe conarthacha den sórt sin, a úsáidtear cheana i roinnt Ballstát, a cheadú, ós rud é go bhfuil monaróir an táirge ina iomláine faoi dhliteanas in aon chás i leith aon lochtacht sa táirge, lena n-áirítear i gcomhpháirteanna. Mar sin féin, níor cheart dliteanas i leith duine díobhálaithe a theorannú ná a eisiamh riamh le comhaontú conarthach den sórt sin. |
|
(55) |
Is féidir le cásanna teacht chun cinn ina rannchuidíonn gníomhartha agus neamhghníomhartha duine seachas oibreoir eacnamaíoch a d’fhéadfadh a bheith faoi dhliteanas, sa bhreis ar lochtacht an táirge, le cúis an damáiste a fulaingíodh, amhail tríú páirtí a bhaineann leas as leochaileacht chibearshlándála táirge. Ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí, i gcás ina bhfuil táirge lochtach, mar shampla i ngeall ar leochaileacht a fhágann nach bhfuil an táirge chomh sábháilte lena bhfuil an pobal i gcoitinne i dteideal a bheith ag dréim leis, níor cheart dliteanas an oibreora eacnamaíoch a laghdú nó a dhícheadú mar thoradh ar ghníomhartha nó neamhghníomhartha den sórt sin ag tríú páirtí. Mar sin féin, ba cheart é a bheith indéanta dliteanas an oibreora eacnamaíoch a laghdú nó a dhícheadú i gcás inar rannchuidigh daoine díobhálaithe iad féin go faillíoch le cúis an damáiste, mar shampla i gcás inar mhainnigh an duine díobhálaithe go faillíoch nuashonruithe nó uasghráduithe arna soláthar ag an oibreoir eacnamaíoch a shuiteáil, rud a mhaolódh nó a sheachnódh an damáiste. |
|
(56) |
Bhainfí an bonn den chuspóir maidir le daoine nádúrtha a chosaint dá bhféadfaí dliteanas oibreora eacnamaíoch a theorannú nó a eisiamh trí fhorálacha conarthacha. Dá bhrí sin, níor cheart aon mhaoluithe conarthacha a cheadú. Ar an gcúis chéanna, níor cheart a bheith in ann dliteanas a theorannú nó a eisiamh le forálacha an dlí náisiúnta, amhail trí uasteorainneacha airgeadais a leagan síos ar dhliteanas oibreora eacnamaíoch. |
|
(57) |
Ós rud é go dtéann táirgí in aois le himeacht ama agus go bhforbraítear caighdeáin níos airde sábháilteachta de réir mar a thagann staid na heolaíochta agus na teicneolaíochta chun cinn, bheadh sé míréasúnta monaróirí a chur faoi dhliteanas ar feadh tréimhse neamhtheoranta ama mar gheall ar lochtacht a gcuid táirgí. Dá bhrí sin, ba cheart an dliteanas a bheith faoi réir tréimhse réasúnta ama, eadhon 10 mbliana ón tráth a chuirtear táirge ar an margadh nó ón tráth a chuirtear i seirbhís é (‘an tréimhse éaga’), gan dochar d’éilimh atá ar feitheamh in imeachtaí dlíthiúla. Chun a sheachaint go ndéanfaí an fhéidearthacht um chúiteamh as damáiste arb é táirge lochtach is cúis leis a shrianadh go míréasúnta, ba cheart an tréimhse éaga a fhadú go 25 bliana i gcásanna ina bhfuil siomptóim díobhála pearsanta mall ag teacht chun cinn de réir fianaise leighis. |
|
(58) |
Ós rud é gur táirgí nua go bunúsach iad táirgí a mhodhnaítear go substaintiúil, ba cheart do thréimhse éaga nua tosú tar éis táirge a mhodhnú go substaintiúil agus a chur ar fáil ar an margadh nó a chur i seirbhís ina dhiaidh sin, mar shampla mar thoradh ar athmhonarú. Níor cheart do nuashonruithe nó uasghráduithe nach ionann iad agus modhnú substaintiúil ar an táirge difear a dhéanamh don tréimhse éaga a bhfuil feidhm aici maidir leis an mbuntáirge. |
|
(59) |
Maidir leis an bhféidearthacht dá bhforáiltear sa Treoir seo trínar féidir le hoibreoir eacnamaíoch dliteanas a sheachaint i gcás ina gcruthaíonn sé nach raibh staid an eolais eolaíoch agus theicniúil tráth a cuireadh táirge ar an margadh nó a cuireadh i seirbhís é nó le linn na tréimhse ina raibh an táirge faoi rialú an mhonaróra de chineál a d’fhágfadh go bhféadfaí locht a aimsiú, an ‘cosaint riosca forbartha’ mar a thugtar air, d’fhéadfaí a mheas i mBallstáit áirithe go gcuireann an fhéidearthacht sin teorainn mhíchuí le cosaint daoine nádúrtha. Dá bhrí sin, ba cheart do Bhallstát a bheith in ann maolú ar an bhféidearthacht sin trí bhearta nua a thabhairt isteach, nó bearta atá ann cheana a leasú, chun dliteanas a leathnú i gcásanna den sórt sin chuig cineálacha sonracha táirgí má mheastar é a bheith riachtanach agus comhréireach agus má mheastar go bhfuil údar leis de bharr cuspóirí a bhaineann le leas an phobail, amhail na cuspóirí sin a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, eadhon an beartas poiblí, an tslándáil phoiblí agus an tsláinte phoiblí. Chun trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú d’oibreoirí eacnamaíocha a oibríonn ar fud an Aontais, ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún faoi mhaolú den sórt sin ar chosaint riosca forbartha a úsáid, agus ba cheart dó na Ballstáit eile a chur ar an eolas ansin. Chun cur chuige comhleanúnach ar fud na mBallstát agus comhsheasmhacht le cuspóirí na Treorach seo a éascú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann tuairimí neamhcheangailteacha a eisiúint maidir leis na bearta nó na leasuithe atá beartaithe. Chun go mbeidh am ann chun tuairim a eisiúint, ba cheart do Bhallstát a mholann bearta nó leasuithe den sórt sin na bearta nó na leasuithe sin atá beartaithe a choinneáil ar stad go ceann 6 mhí tar éis fógra a bheith tugtha don Choimisiún ina leith, ach amháin má eisíonn an Coimisiún tuairim roimhe sin. Ba cheart tuairim den sórt sin a eisiúint tar éis dlúthchomhar idir an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún, agus tuairimí na mBallstát eile, más ann dóibh, á gcur i gcuntas. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus chun leanúnachas na socruithe a bunaíodh faoi Threoir 85/374/CEE a éascú, ba cheart é a bheith indéanta freisin do Bhallstát maoluithe atá ann cheana ar chosaint riosca forbartha a choinneáil ar bun ina chóras dlí. |
|
(60) |
Chun léirmhíniú comhchuibhithe na Treorach seo ag na cúirteanna náisiúnta a éascú, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit breithiúnais chríochnaitheacha chúirte a fhoilsiú maidir le dliteanas i leith táirgí faoin Treoir seo, rud a chiallaíonn na breithiúnais sin nach féidir achomharc a dhéanamh ina gcoinne nó nach féidir achomharc a dhéanamh ina gcoinne a thuilleadh. Chun an t-ualach riaracháin a theorannú, níor cheart é a bheith de cheangal ar na Ballstáit ach breithiúnais ó chúirteanna náisiúnta achomhairc nó ó chúirteanna na céime is airde a fhoilsiú. |
|
(61) |
Chun cur leis an tuiscint ar an gcaoi a gcuirtear an Treoir seo i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta, chun leasa an phobail, cleachtóirí dlí, acadóirí agus na mBallstát, i measc nithe eile, ba cheart don Choimisiún bunachar sonraí a chur ar bun agus a choinneáil ar bun a bhfuil rochtain éasca air agus atá ar fáil go poiblí ina bhfuil na breithiúnais ábhartha agus tagairtí do bhreithiúnais ábhartha arna dtabhairt ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. |
|
(62) |
Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo. De bhun mhír 22 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (17), ba cheart an mheastóireacht sin a bhunú ar chúig chritéar, mar atá éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach, agus ba cheart í a bheith mar bhonn le measúnuithe tionchair ar bhearta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Ina thuarascáil mheastóireachta, ba cheart don Choimisiún an mhodheolaíocht do na ríomhanna a úsáideadh ina mheastóireacht a sholáthar. Is den tábhacht go mbaileoidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha uile ar bhealach ina ndéantar ró-rialáil agus ualach riaracháin a sheachaint do na Ballstáit agus do na hoibreoirí eacnamaíocha, trí úsáid a bhaint as faisnéis ó gach foinse ábhartha agus iontaofa, lena n-áirítear institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, údaráis inniúla náisiúnta agus comhlachtaí agus eagraíochtaí a aithnítear go hidirnáisiúnta. |
|
(63) |
Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, níl feidhm ag an Treoir seo maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís roimh an 9 Nollaig 2026. Is gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le socruithe idirthréimhseacha chun dliteanas leanúnach a áirithiú faoi Threoir 85/374/CEE i leith damáiste arb iad táirgí lochtacha a cuireadh ar an margadh nó a cuireadh i seirbhís roimh an dáta sin is cúis leis. |
|
(64) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, iomaíocht neamhshaofa agus ardleibhéal cosanta do dhaoine nádúrtha a áirithiú, a ghnóthú go leordhóthanach mar gheall ar chineál uile-Aontais an mhargaidh in earraí agus, de bharr éifeachtaí comhchuibhithe na rialacha comhchoiteanna maidir le dliteanas, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus cuspóir
Leis an Treoir seo, leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le dliteanas oibreoirí eacnamaíocha i leith damáiste a fhulaingíonn daoine nádúrtha agus arb iad táirgí lochtacha is cúis leis, agus maidir le cúiteamh i leith damáiste den sórt sin.
Is é cuspóir na Treorach seo rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí agus do dhaoine nádúrtha eile ag an am céanna.
Airteagal 2
Raon feidhme
1. Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís tar éis an 9 Nollaig 2026.
2. Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le saor-bhogearraí foinse oscailte a fhorbraítear nó a sholáthraítear lasmuigh de ghníomhaíocht tráchtála.
3. Níl feidhm ag an Treoir maidir le damáiste a thagann as taismí núicléacha a mhéid a chumhdaítear dliteanas i leith damáiste den sórt sin le coinbhinsiúin idirnáisiúnta arna ndaingniú ag na Ballstáit.
4. Ní dhéanann an Treoir seo difear don mhéid seo a leanas:
|
(a) |
infheidhmeacht dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoracha 2002/58/CE agus (AE) 2016/680; |
|
(b) |
aon cheart atá ag duine díobhálaithe faoi rialacha náisiúnta a bhaineann le dliteanas conarthach nó a bhaineann le dliteanas neamhchonarthach ar fhoras seachas lochtacht táirge dá bhforáiltear sa Treoir seo, lena n-áirítear rialacha náisiúnta lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme; |
|
(c) |
aon cheart atá ag duine díobhálaithe faoi aon chóras dliteanais speisialta a bhí sa dlí náisiúnta an 30 Iúil 1985. |
Airteagal 3
Leibhéal an chomhchuibhithe
Ní dhéanfaidh na Ballstáit forálacha a imíonn ó na cinn a leagtar síos sa Treoir seo a choinneáil ar bun ná a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta, lena n-áirítear forálacha a bheadh níos déine nó nach mbeadh chomh dian céanna, chun leibhéal éagsúil cosanta do thomhaltóirí agus do dhaoine nádúrtha eile a bhaint amach, mura bhforáiltear a mhalairt sa Treoir seo.
Airteagal 4
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘táirge’ gach maoin inchorraithe, fiú má tá siad comhtháite i maoin inchorraithe eile nó i maoin dhochorraithe, nó idirnasctha leo; áirítear leis sin leictreachas, comhaid monaraíochta digití, amhábhair agus bogearraí; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘comhad monaraíochta digití’ leagan digiteach de mhaoin inchorraithe nó teimpléad digiteach do mhaoin inchorraithe, ina bhfuil an fhaisnéis fheidhmiúil is gá chun ítim inláimhsithe a tháirgeadh trí rialú uathoibrithe ar innealra nó ar uirlisí a chumasú; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘seirbhís ghaolmhar’ seirbhís dhigiteach a chomhtháthaítear i dtáirge, nó atá idirnasctha le táirge, ar bhealach a chuirfeadh éagmais na seirbhíse sin cosc ar an táirge ceann amháin nó níos mó dá chuid feidhmeanna a dhéanamh; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘comhpháirt’ aon ítim, cibé acu ítim inláimhsithe nó doláimhsithe, amhábhar nó seirbhís ghaolmhar, a chomhtháthaítear i dtáirge, nó atá idirnasctha le táirge; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘rialú an mhonaróra’ an méid seo a leanas:
|
|
(6) |
ciallaíonn ‘sonraí’ sonraí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18); |
|
(7) |
ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ aon soláthar táirge lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ táirge a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘cur i seirbhís’ an chéad úsáid a bhaintear as táirge san Aontas le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce, in imthosca nár cuireadh an táirge sin ar an margadh sular úsáideadh den chéad uair é; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach ar fíor an méid seo a leanas ina leith:
|
|
(11) |
ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige nó aici ó mhonaróir chun gníomhú thar ceann an mhonaróra sin maidir le cúraimí sonraithe; |
|
(12) |
ciallaíonn ‘allmhaireoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann táirge ó thríú tír ar mhargadh an Aontais; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse próiseála orduithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a thairgeann, le linn gníomhaíocht tráchtála, dhá cheann ar a laghad de na seirbhísí seo a leanas: trádstóráil, pacáistiú, seolachán agus seoladh táirge, gan úinéireacht a bheith ag an duine sin ar an táirge sin, seachas i gcás seirbhísí poist mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), seirbhísí seachadta beartán mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2018/644 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), agus aon seirbhís poist nó seirbhís iompair lastais eile; |
|
(14) |
ciallaíonn ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair a chuireann táirge ar fáil ar an margadh, seachas monaróir nó allmhaireoir an táirge sin; |
|
(15) |
ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ monaróir táirge nó comhpháirte, soláthraí seirbhíse gaolmhaire, ionadaí údaraithe, allmhaireoir, soláthraí seirbhíse próiseála orduithe nó dáileoir; |
|
(16) |
ciallaíonn ‘ardán ar líne’ ardán ar líne mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (i), de Rialachán (AE) 2022/2065; |
|
(17) |
ciallaíonn ‘rún trádála’ rún trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/943; |
|
(18) |
ciallaíonn ‘modhnú substaintiúil’ modhnú ar tháirge tar éis é a bheith curtha ar an margadh nó curtha i seirbhís:
|
CAIBIDIL II
FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE DLITEANAS I LEITH TÁIRGÍ LOCHTACHA
Airteagal 5
Ceart chun cúitimh
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon duine nádúrtha a fhulaingíonn damáiste arb é táirge lochtach is cúis leis (‘an duine díobhálaithe’) i dteideal cúitimh i gcomhréir leis an Treoir seo.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na daoine seo a leanas éilimh ar chúiteamh de bhun mhír 1 a dhéanamh freisin:
|
(a) |
duine ar éirigh leis nó léi, nó a seachaíodh, maidir le ceart an duine dhíobhálaithe de bhua dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta nó conartha; nó |
|
(b) |
duine atá ag gníomhú thar ceann duine díobhálaithe amháin nó níos mó de bhua dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta. |
Airteagal 6
Damáiste
1. Ní bheidh feidhm ag an gceart chun cúitimh de bhun Airteagal 5 ach amháin maidir leis na cineálacha damáiste seo a leanas:
|
(a) |
bás nó díobháil phearsanta, lena n-áirítear damáiste do shláinte shíceolaíoch a aithnítear ó thaobh leighis de; |
|
(b) |
damáiste d’aon mhaoin nó scriosadh aon mhaoine, cé is moite den mhéid seo a leanas:
|
|
(c) |
díothú nó truailliú sonraí nach n-úsáidtear chun críoch gairmiúil. |
2. Leis an gceart chun cúitimh de bhun Airteagal 5, cumhdófar na caillteanais ábhartha uile a eascraíonn as an damáiste dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Cumhdófar freisin leis an gceart chun cúitimh caillteanais neamhábhartha a eascraíonn as an damáiste dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a mhéid is féidir iad a chúiteamh faoin dlí náisiúnta.
3. Ní dhéanann an tAirteagal seo difear don dlí náisiúnta a bhaineann le cúiteamh as damáiste faoi chórais dliteanais eile.
Airteagal 7
Lochtacht
1. Measfar táirge a bheith lochtach i gcás nach gcuireann sé an tsábháilteacht ar fáil a bhfuil duine i dteideal a bheith ag dréim léi nó a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
2. Agus measúnú á dhéanamh ar lochtacht táirge, cuirfear na himthosca uile san áireamh, lena n-áirítear:
|
(a) |
cur i láthair agus saintréithe an táirge, lena n-áirítear a lipéadú, a dhearadh, a ghnéithe teicniúla, a chomhdhéanamh agus a phacáistiú agus na treoracha maidir lena chóimeáil, lena shuiteáil, lena úsáid agus lena chothabháil; |
|
(b) |
úsáid an táirge atá intuartha le réasún; |
|
(c) |
an éifeacht ar an táirge maidir le haon chumas leanúint ar aghaidh ag foghlaim nó gnéithe nua a fháil tar éis é a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís; |
|
(d) |
an éifeacht atá intuartha le réasún ar an táirge de tháirgí eile a bhféadfaí a bheith ag dréim leis go n-úsáidfí iad in éineacht leis an táirge, lena n-áirítear trí bhíthin idirnascadh; |
|
(e) |
an nóiméad a cuireadh an táirge ar an margadh nó a cuireadh i seirbhís é nó, i gcás ina gcoimeádann an monaróir rialú ar an táirge tar éis an nóiméid sin, an nóiméad a d’fhág an táirge rialú an mhonaróra; |
|
(f) |
ceanglais ábhartha sábháilteachta táirgí, lena n-áirítear ceanglais maidir le cibearshlándáil atá ábhartha don tsábháilteacht; |
|
(g) |
aon aisghairm táirge nó aon idirghabháil ábhartha eile a bhaineann le sábháilteacht táirgí a dhéanann údarás inniúil nó oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 8; |
|
(h) |
riachtanais shonracha an ghrúpa úsáideoirí a bhfuil an táirge beartaithe lena n-úsáid acu; |
|
(i) |
i gcás táirge a bhfuil sé de chuspóir aige damáiste a chosc, aon mhainneachtain de chuid an táirge an cuspóir sin a chomhlíonadh. |
3. Ní mheasfar táirge a bheith lochtach ar an gcúis amháin gur cuireadh táirge níos fearr, lena n-áirítear nuashonruithe nó uasghráduithe do tháirge, ar an margadh nó i seirbhís cheana féin nó ina dhiaidh sin.
Airteagal 8
Oibreoirí eacnamaíocha atá faoi dhliteanas i leith táirgí lochtacha
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hoibreoirí eacnamaíocha seo a leanas faoi dhliteanas i leith damáiste i gcomhréir leis an Treoir seo:
|
(a) |
monaróir táirge lochtaigh; |
|
(b) |
monaróir comhpháirte lochtaí, i gcás ina ndearnadh an chomhpháirt sin a chomhtháthú i dtáirge, nó a idirnascadh le táirge, faoi rialú an mhonaróra agus gurbh é ba chúis leis an táirge a bheith lochtach, agus gan dochar do dhliteanas an mhonaróra dá dtagraítear i bpointe (a); agus |
|
(c) |
i gcás monaróir táirge nó comhpháirte atá bunaithe lasmuigh den Aontas, agus gan dochar do dhliteanas an mhonaróra sin:
|
Cumhdófar freisin le dliteanas an mhonaróra dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), aon damáiste arb í comhpháirt lochtach is cúis leis i gcás ina ndearnadh í a chomhtháthú i dtáirge, nó a idirnascadh le táirge, faoi rialú an mhonaróra sin.
2. Aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhodhnaíonn táirge go substaintiúil lasmuigh de rialú an mhonaróra agus a chuireann ar fáil ar an margadh nó a chuireann i seirbhís ina dhiaidh sin é, measfar gur monaróir de chuid an táirge sin an duine sin chun críocha mhír 1.
3. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás nach féidir oibreoir eacnamaíoch as measc na n-oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 agus atá bunaithe san Aontas a shainaithint, go mbeidh gach dáileoir táirge lochtaigh faoi dhliteanas sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
iarrann an duine díobhálaithe ar an dáileoir sin oibreoir eacnamaíoch a shainaithint as measc na n-oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 1 agus atá bunaithe san Aontas, nó a dháileoir féin a sholáthair an táirge sin dó a shainaithint; agus |
|
(b) |
mainníonn an dáileoir sin oibreoir eacnamaíoch nó a dháileoir féin, dá dtagraítear i bpointe (a), a shainaithint laistigh de mhí amháin tar éis dó an iarraidh dá dtagraítear i bpointe (a) a fháil. |
4. Beidh feidhm ag mír 3 den Airteagal freisin maidir le haon soláthraí ardáin ar líne a fhágann gur féidir le tomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe agus nach oibreoir eacnamaíoch é, ar choinníoll go ndéantar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2022/2065 a chomhlíonadh.
5. I gcás nach bhfaigheann íospartaigh cúiteamh toisc nach féidir aon cheann de na daoine dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 a chur faoi dhliteanas faoin Treoir seo, nó toisc go bhfuil na daoine atá faoi dhliteanas dócmhainneach nó toisc gur scoir siad de bheith ann, féadfaidh na Ballstáit scéimeanna naisiúnta earnála cúitimh atá ann cheana a úsáid nó scéimeanna nua den sórt sin a bhunú faoin dlí náisiúnta, agus b’fhearr go maoineofar iad gan ioncaim phoiblí, chun daoine díobhálaithe a d’fhulaing damáiste arb iad táirgí lochtacha is cúis leis a chúiteamh go hiomchuí.
Airteagal 9
Fianaise a nochtadh
1. Áiritheoidh na Ballstáit, arna iarraidh sin do dhuine atá ag éileamh cúitimh in imeachtaí os comhair cúirt náisiúnta i leith damáiste arb é táirge lochtach is cúis leis (‘an t-éilitheoir’) agus a bhfuil fíorais agus fianaise curtha i láthair ag an duine sin atá leordhóthanach chun tacú le sochreidteacht an éilimh ar chúiteamh, go gceanglófar ar an gcosantóir fianaise ábhartha atá ar fáil don chosantóir a nochtadh, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.
2. Áiritheoidh na Ballstáit, arna iarraidh sin do chosantóir a bhfuil fíorais agus fianaise curtha i láthair aige nó aici atá leordhóthanach chun a léiriú go bhfuil gá ag an gcosantóir le fianaise chun cur i gcoinne éileamh ar chúiteamh, go gceanglófar ar an éilitheoir, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, fianaise ábhartha atá ar fáil don éilitheoir a nochtadh.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nochtadh na fianaise de bhun mhíreanna 1 agus 2, agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, teoranta don mhéid atá riachtanach agus comhréireach.
4. Áiritheoidh na Ballstáit, agus cinneadh á dhéanamh acu an bhfuil nochtadh na fianaise arna iarraidh sin do pháirtí riachtanach agus comhréireach, go ndéanfaidh na cúirteanna náisiúnta leasanna dlisteanacha na bpáirtithe uile lena mbaineann, lena n-áirítear tríú páirtithe, a mheas, go háirithe i ndáil le faisnéis rúnda agus rúin trádála a chosaint.
5. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gceanglaítear ar chosantóir faisnéis a nochtadh ar rún trádála nó rún trádála líomhnaithe í, go dtabharfar de chumhacht do na cúirteanna náisiúnta, ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó pháirtí nó ar a dtionscnamh féin, chun na bearta sonracha is gá a dhéanamh chun rúndacht na faisnéise sin a chaomhnú nuair a úsáidtear í nó nuair a dhéantar tagairt di le linn na n-imeachtaí dlíthiúla nó ina ndiaidh.
6. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gceanglaítear ar pháirtí fianaise a nochtadh, go dtabharfar de chumhacht do chúirteanna náisiúnta, ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ón bpáirtí freasúrach nó i gcás ina measann an chúirt náisiúnta lena mbaineann gurb iomchuí é agus go bhfuil sé i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a cheangal go gcuirfear fianaise den sórt sin i láthair ar bhealach inrochtana go héasca agus intuigthe go héasca, má mheasann an chúirt náisiúnta go bhfuil an cur i láthair sin comhréireach ó thaobh costas agus iarrachta don pháirtí atá faoi cheangal.
7. Ní dhéanann an tAirteagal seo difear do rialacha náisiúnta a bhaineann le nochtadh réamhthrialach fianaise, i gcás inarb ann do rialacha den sórt sin.
Airteagal 10
Dualgas cruthúnais
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar ar an éilitheoir lochtacht an táirge, an damáiste a fulaingíodh agus an nasc cúisíoch idir an lochtacht sin agus an damáiste sin a chruthú.
2. Toimhdeofar lochtacht an táirge i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
mainníonn an cosantóir fianaise ábhartha a nochtadh de bhun Airteagal 9(1); |
|
(b) |
léiríonn an t-éilitheoir nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais éigeantacha maidir le sábháilteacht táirgí a leagtar síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta atá beartaithe chun cosaint a thabhairt in aghaidh riosca an damáiste a d’fhulaing an duine díobhálaithe; nó |
|
(c) |
léiríonn an t-éilitheoir gur mífheidhm fhollasach an táirge ba chúis leis an damáiste le linn úsáid is intuartha le réasún nó faoi ghnáthimthosca. |
3. Toimhdeofar go bhfuil an nasc cúisíoch idir lochtacht an táirge agus an damáiste i gcás ina suitear go bhfuil an táirge lochtach agus gur de chineál é an damáiste a rinneadh agus damáiste a bhíonn comhsheasmhach de ghnáth leis an locht atá i gceist.
4. Toimhdeoidh cúirt náisiúnta lochtacht an táirge nó an nasc cúisíoch idir a lochtacht agus an damáiste, nó an dá rud, sna cásanna seo a leanas, d’ainneoin nochtadh na fianaise i gcomhréir le hAirteagal 9 agus imthosca ábhartha uile an cháis á gcur san áireamh:
|
(a) |
tá deacrachtaí iomarcacha ag an éilitheoir, go háirithe mar gheall ar chastacht theicniúil nó eolaíoch, le lochtacht an táirge nó an nasc cúisíoch idir a lochtacht agus an damáiste, nó an dá rud, a chruthú; agus |
|
(b) |
léiríonn an t-éilitheoir gur dócha go bhfuil an táirge lochtach nó go bhfuil nasc cúisíoch idir lochtacht an táirge agus an damáiste, nó an dá rud. |
5. Beidh sé de cheart ag an gcosantóir aon cheann de na toimhdí dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4 a fhrisnéis.
Airteagal 11
Díolúine ó dhliteanas
1. Ní bheidh oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 8 faoi dhliteanas i leith damáiste arb é táirge lochtach is cúis leis má chruthaíonn an t-oibreoir eacnamaíoch sin aon cheann díobh seo a leanas:
|
(a) |
i gcás monaróra nó allmhaireora, nár chuir sé an táirge ar an margadh nó nár chuir sé i seirbhís é; |
|
(b) |
i gcás dáileora, nár chuir sé an táirge ar fáil ar an margadh; |
|
(c) |
gur dóigh nach raibh an lochtacht ba chúis leis an damáiste ann an tráth ar cuireadh an táirge ar an margadh, an tráth ar cuireadh i seirbhís é nó, i gcás dáileora, an tráth ar cuireadh ar fáil ar an margadh é, nó gur tháinig an lochtacht sin chun bheith ann tar éis an nóiméid sin; |
|
(d) |
go bhfuil an lochtacht ba chúis leis an damáiste mar thoradh ar chomhlíonadh ceanglas dlí ag an táirge; |
|
(e) |
nach raibh staid an eolais eolaíoch agus theicniúil, tráth ar cuireadh an táirge ar an margadh nó ar cuireadh i seirbhís é nó le linn na tréimhse ina raibh an táirge faoi rialú an mhonaróra, de shórt a d’fhágfadh go bhféadfaí an lochtacht a aimsiú; |
|
(f) |
i gcás monaróir comhpháirte lochtaí, dá dtagraítear in Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, pointe (b) go bhfuil lochtacht an táirge inar comhtháthaíodh an chomhpháirt inchurtha i leith dhearadh an táirge sin nó i leith na dtreoracha a thug monaróir an táirge sin do mhonaróir na comhpháirte sin; |
|
(g) |
i gcás duine a mhodhnaíonn táirge dá dtagraítear in Airteagal 8(2), go mbaineann an lochtacht ba chúis leis an damáiste le cuid den táirge nach ndearna an modhnú difear di. |
2. De mhaolú ar mhír 1, phointe (c), ní dhíolmhófar oibreoir eacnamaíoch ó dhliteanas i gcás ina bhfuil lochtacht táirge ann mar gheall ar aon cheann díobh seo a leanas, ar an gcoinníoll go bhfuil sé faoi rialú an mhonaróra:
|
(a) |
seirbhís ghaolmhar; |
|
(b) |
bogearraí, lena n-áirítear nuashonruithe bogearraí nó uasghráduithe bogearraí; |
|
(c) |
easpa nuashonruithe bogearraí nó uasghráduithe bogearraí is gá chun sábháilteacht a choinneáil ar bun; |
|
(d) |
modhnú substaintiúil ar an táirge. |
CAIBIDIL III
FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE DLITEANAS
Airteagal 12
Dliteanas oibreoirí eacnamaíocha iomadúla
1. Gan dochar don dlí náisiúnta maidir le cearta ranníoca nó cúláraigh, i gcás ina bhfuil dhá oibreoir eacnamaíocha nó níos mó faoi dhliteanas i leith an damáiste chéanna de bhun na Treorach seo, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar iad a chur faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach.
2. Monaróir a chomhtháthaíonn bogearraí mar chomhpháirt i dtáirge, ní bheidh ceart cúláraigh ag monaróir den sórt sin i gcoinne monaróir comhpháirte bogearraí lochtaí is cúis le damáiste sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
bhí monaróir na comhpháirte bogearraí lochtaí ina mhicrifhiontar nó ina fhiontar beag, tráth ar cuireadh an chomhpháirt bogearraí sin ar an margadh, is é sin le rá fiontar ar micrifhiontar é mar a shainmhínítear in Airteagal 2(3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (21) nó ar fiontar beag é mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) den Iarscríbhinn sin nuair a dhéantar measúnú air in éineacht lena fhiontair chomhpháirtíochta uile mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2) den Iarscríbhinn sin agus fiontair nasctha mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) den Iarscríbhinn sin, más ann dóibh; agus |
|
(b) |
tháinig an monaróir a chomhtháthaigh an chomhpháirt bogearraí lochtach sa táirge ar chomhaontú ar bhonn conarthach le monaróir na comhpháirte bogearraí lochtaí go ndéanfaí an ceart sin a tharscaoileadh. |
Airteagal 13
Dliteanas a laghdú
1. Gan dochar don dlí náisiúnta maidir leis na cearta ranníoca nó cúláraigh, áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar dliteanas oibreora eacnamaíoch a laghdú ná a dhícheadú i gcás inarb iad lochtacht táirge agus gníomh nó neamhghníomh de chuid tríú páirtí araon is cúis leis an damáiste.
2. Féadfar dliteanas oibreora eacnamaíoch a laghdú nó a dhícheadú i gcás inarb iad lochtacht an táirge agus locht an duine dhíobhálaithe nó aon duine as a bhfuil an duine díobhálaithe freagrach araon is cúis leis an damáiste.
Airteagal 14
Ceart cúláraigh
I gcás ina bhfuil níos mó ná oibreoir eacnamaíoch amháin faoi dhliteanas i leith an damáiste chéanna, beidh oibreoir eacnamaíoch a chúitigh an duine díobhálaithe i dteideal leigheasanna a lorg i gcoinne oibreoirí eacnamaíocha eile atá faoi dhliteanas de bhun Airteagal 8 i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
Airteagal 15
Dliteanas a eisiamh nó a theorannú
Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar dliteanas oibreora eacnamaíoch de bhun na Treorach seo a theorannú nó a eisiamh, maidir leis an duine díobhálaithe, le foráil chonarthach nó leis an dlí náisiúnta.
Airteagal 16
Tréimhse theorann
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag tréimhse theorann 3 bliana maidir le tionscnamh imeachtaí chun cúiteamh a éileamh i leith damáiste a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo. Rithfidh an tréimhse theorann ón lá ar tháinig an duine díobhálaithe ar an eolas, nó ar cheart le réasún gur tháinig an duine díobhálaithe ar an eolas, faoin méid seo a leanas ar fad:
|
(a) |
an damáiste; |
|
(b) |
an lochtacht; |
|
(c) |
céannacht an oibreora eacnamaíoch ábhartha is féidir a chur faoi dhliteanas i leith an damáiste sin faoi Airteagal 8. |
2. Ní dhéanfar difear leis an Treoir seo don dlí náisiúnta lena rialaítear fionraí nó briseadh na tréimhse teorann dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 17
Tréimhse éaga
1. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh duine díobhálaithe i dteideal cúitimh a thuilleadh de bhun na Treorach seo ar dhul in éag tréimhse 10 mbliana, mura rud é go ndearna an duine díobhálaithe sin, idir an dá linn, imeachtaí a thionscnamh i gcoinne oibreoir eacnamaíoch is féidir a chur faoi dhliteanas de bhun Airteagal 8. Tosóidh an tréimhse sin ó na dátaí seo a leanas:
|
(a) |
an dáta ar cuireadh an táirge lochtach ba chúis leis an damáiste ar an margadh nó ar cuireadh i seirbhís é; nó |
|
(b) |
i gcás táirge atá modhnaithe go substaintiúil, an dáta ar cuireadh an táirge sin ar fáil ar an margadh nó ar cuireadh i seirbhís é tar éis é a bheith modhnaithe go substaintiúil. |
2. Mar eisceacht ó mhír 1, i gcás nach raibh duine díobhálaithe in ann imeachtaí a thionscnamh laistigh de 10 mbliana ó na dátaí dá dtagraítear i mír 1, de bharr folacht díobhála pearsanta, ní bheidh an duine díobhálaithe i dteideal cúitimh a thuilleadh de bhun na Treorach seo ar dhul in éag tréimhse 25 bliana, mura rud é go ndearna an duine díobhálaithe sin, idir an dá linn, imeachtaí a thionscnamh i gcoinne oibreoir eacnamaíoch is féidir a chur faoi dhliteanas de bhun Airteagal 8.
CAIBIDIL IV
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 18
Maolú ar chosaint riosca forbartha
1. Féadfaidh na Ballstáit, de mhaolú ar Airteagal 11(1), pointe (e), bearta atá ann cheana a choinneáil ar bun ina gcórais dlí trína mbeadh oibreoirí eacnamaíocha faoi dhliteanas fiú má chruthaíonn siad nach raibh staid oibiachtúil an eolais eolaíoch agus theicniúil, tráth ar cuireadh an táirge ar an margadh nó ar cuireadh i seirbhís é nó le linn na tréimhse ina raibh an táirge faoi rialú an mhonaróra, de shórt a d’fhágfadh go bhféadfaí an lochtacht a aimsiú.
Aon Bhallstát ar mian leis bearta a choinneáil ar bun i gcomhréir leis an mír seo, cuirfidh sé téacs na mbeart in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 9 Nollaig 2026. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas faoi sin.
2. Féadfaidh na Ballstáit, de mhaolú ar Airteagal 11(1), pointe (e), bearta a thabhairt isteach ina gcórais dlí nó bearta ina gcórais dlí a leasú trína mbeadh oibreoirí eacnamaíocha faoi dhliteanas fiú má chruthaíonn siad nach raibh staid oibiachtúil an eolais eolaíoch agus theicniúil, tráth ar cuireadh an táirge ar an margadh nó ar cuireadh i seirbhís é nó le linn na tréimhse ina raibh an táirge faoi rialú an mhonaróra, de shórt a d’fhágfadh go bhféadfaí an lochtacht a aimsiú.
3. Maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 2:
|
(a) |
beidh siad teoranta do chatagóirí sonracha táirgí; |
|
(b) |
beidh cuspóirí leas an phobail mar údar leo; agus |
|
(c) |
beidh siad comhréireach sa mhéid go bhfuil siad oiriúnach chun na cuspóirí atá á saothrú a bhaint amach agus ní rachaidh siad thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. |
4. Aon Bhallstát ar mian leis beart dá dtagraítear i mír 2 a thabhairt isteach nó a leasú, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi théacs an bhirt atá beartaithe agus tabharfaidh sé údar maidir leis an gcaoi a gcomhlíonann an beart sin mír 3. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas faoi sin.
5. Féadfaidh an Coimisiún, laistigh de 6 mhí tar éis dó fógra a fháil de bhun mhír 4, tuairim a eisiúint maidir le téacs an bhirt atá beartaithe agus maidir leis an údar atá leis an mbeart sin, agus aon bharúlacha a fuarthas ó Bhallstáit eile á gcur i gcuntas. An Ballstát ar mian leis an beart sin a thabhairt isteach nó a leasú, coinneoidh sé an beart sin ar stad go ceann 6 mhí tar éis dó fógra a thabhairt don Choimisiún, ach amháin má eisíonn an Coimisiún a thuairim roimhe sin.
Airteagal 19
Trédhearcacht
1. Foilseoidh na Ballstáit, i bhformáid leictreonach a bhfuil rochtain éasca uirthi, aon bhreithiúnas críochnaitheach a thugann a gcúirteanna achomhairc náisiúnta nó cúirteanna na céime is airde atá acu in imeachtaí a sheoltar de bhun na Treorach seo. Foilseofar breithiúnas den sórt sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
2. Déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí atá inrochtana go héasca agus ar fáil go poiblí ina bhfuil na breithiúnais dá dtagraítear i mír 1 a chur ar bun agus a choinneáil ar bun.
Airteagal 20
Meastóireacht
Déanfaidh an Coimisiún faoin 9 Nollaig 2030, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, meastóireacht ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Áireofar sna tuarascálacha sin faisnéis faoi chostas agus tairbhí thrasuí na Treorach seo, comparáid le tíortha ECFE agus infhaighteacht árachais dliteanais táirgí.
Airteagal 21
Aisghairm agus foráil idirthréimhseach
Aisghairtear Treoir 85/374/CEE le héifeacht ón 9 Nollaig 2026. Beidh feidhm aici fós, áfach, maidir le táirgí arna gcur ar an margadh nó arna gcur i seirbhís roimh an dáta sin.
Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 22
Trasuí
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 9 Nollaig 2026. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 23
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 24
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh in Strasbourg, an 23 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
ZSIGMOND B. P.
(1) IO C 140, 21.4.2023, lch. 34.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2024.
(3) Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha (IO L 210, 7.8.1985, lch. 29).
(4) Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 i ndáil le creat coiteann maidir le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).
(5) Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).
(6) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(8) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).
(9) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(10) Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).
(11) Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).
(12) Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).
(13) Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (IO L 135, 23.5.2023, lch. 1).
(14) Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).
(15) Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar fháil, ar úsáid agus ar nochtadh neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).
(16) Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).
(17) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(18) Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le rialachas sonraí Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an Gníomh um Rialachas Sonraí) (IO L 152, 3.6.2022, lch. 1).
(19) Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir le comhrialacha chun an margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú (IO L 15, 21.1.1998, lch. 14).
(20) Rialachán (AE) 2018/644 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le seirbhísí seachadta beartán trasteorann (IO L 112, 2.5.2018, lch. 19).
(21) Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
IARSCRÍBHINN
Tábla comhghaoil
|
Treoir 85/374/CEE |
An Treoir seo |
|
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
|
— |
Airteagal 2(2) |
|
— |
Airteagal 3 |
|
Airteagal 2 |
Airteagal 4, pointe (1) |
|
— |
Airteagal 4, pointí (2) go (9), (11) agus (13) go (18) |
|
Airteagal 3(1) |
Airteagal 4, pointe (10), agus Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b) |
|
Airteagal 3(2) |
Airteagal 4, pointe (12), agus Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, pointe (c)(i) |
|
— |
Airteagal 5 |
|
Airteagal 3(3) |
Airteagal 8(3) |
|
— |
Airteagal 8(1), an chéad fhomhír, pointe (c)(ii) agus (iii), agus an dara fomhír, agus (2), (4) agus (5) |
|
— |
Airteagal 9 |
|
Airteagal 4 |
Airteagal 10(1) |
|
— |
Airteagal 10(2) go (5) |
|
Airteagal 5 |
Airteagal 12(1) |
|
— |
12(2) |
|
Airteagal 6 |
Airteagal 7 |
|
Airteagal 7 |
Airteagal 11 |
|
Airteagal 8 |
Airteagal 13 |
|
— |
Airteagal 14 |
|
Airteagal 9, an chéad mhír, pointe (a) |
Airteagal 6(1), pointe (a) |
|
Airteagal 9, an chéad mhír, pointe (b) |
Airteagal 6(1), pointe (b) |
|
— |
Airteagal 6(1), pointe (c) |
|
— |
Airteagal 6(2) |
|
Airteagal 9, an dara fomhír |
Airteagal 6(3) |
|
Airteagal 10 |
Airteagal 16 |
|
Airteagal 11 |
Airteagal 17(1) |
|
— |
Airteagal 17(2) |
|
Airteagal 12 |
Airteagal 15 |
|
— |
Airteagal 19 |
|
Airteagal 13 |
Airteagal 2(5), pointí (b) agus (c) |
|
— |
Airteagal 2(5), pointe (a) |
|
Airteagal 14 |
Airteagal 2(3) |
|
— |
Airteagal 18(1) |
|
Airteagal 15(1), pointe (b) |
Airteagal 18(2) |
|
Airteagal 15(2) agus (3) |
Airteagal 18(3), (4) agus (5) |
|
Airteagal 16 |
— |
|
Airteagal 17 |
Airteagal 2(1) |
|
— |
Airteagal 20 |
|
— |
Airteagal 21 |
|
Airteagal 18 |
— |
|
Airteagal 19 |
Airteagal 22(1) |
|
Airteagal 20 |
Airteagal 22(2) |
|
Airteagal 21 |
Airteagal 20 |
|
— |
Airteagal 23 |
|
Airteagal 22 |
Airteagal 24 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2853/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)