fógróir
as defined in Rialachán (AE) 2024/1157 ó PHarlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11…, Article 3, point (6) (Sainmhínithe)
|
(6)
|
ciallaíonn ‘fógróir’:
|
(a)
|
i gcás loingsiú de thionscnamh Ballstáit, aon duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha seo a leanas faoi dhlínse náisiúnta an Bhallstáit sin, a dhéanann nó a bheartaíonn loingsiú dramhaíola a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 4(1), (2) nó (3), nó a chuireann faoi deara loingsiú den sórt sin a dhéanamh, nó a bheartaíonn loingsiú den sórt sin a chur faoi deara, dá sanntar an dualgas maidir le fógra a thabhairt:
|
(i)
|
an táirgeoir dramhaíola bunaidh;
|
|
(ii)
|
an táirgeoir dramhaíola nua a dhéanann oibríochtaí roimh loingsiú as a dtagann athrú ar chineál na dramhaíola nó ar chomhdhéanamh na dramhaíola;
|
|
(iii)
|
bailitheoir a bhfuil an loingsiú, ó chainníochtaí beaga éagsúla den chineál céanna dramhaíola arna mbailiú ó fhoinsí éagsúla, bailithe le chéile aige nó aici, ar loingsiú é atá le tionscain ó shuíomh aonair ar tugadh fógra ina leith;
|
|
(iv)
|
déileálaí nó bróicéir ag gníomhú thar ceann aon cheann de na daoine dá dtagraítear i bpointe (i), (ii) nó (iii); nó
|
|
(v)
|
i gcás ina bhfuil gach ceann de na daoine dá dtagraítear i bpointí (i) go (iv) anaithnid nó dócmhainneach, sealbhóir na dramhaíola;
|
|
|
(b)
|
i gcás allmhairiú dramhaíola isteach san Aontas nó dramhaíl atá ar idirthuras tríd an Aontas, ar dramhaíl nach de thionscnamh Ballstáit í, aon cheann de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha seo a leanas faoi dhlínse náisiúnta na tíre seolta a dhéanann loingsiú nó a bheartaíonn é a dhéanamh nó a chuireann faoi deara loingsiú a dhéanamh nó a bheartaíonn loingsiú den sórt sin a chur faoi deara:
|
(i)
|
an duine a ainmnítear le dlí na tíre seolta;
|
|
(ii)
|
in éagmais duine a ainmnítear le dlí na tíre seolta, sealbhóir na dramhaíola an tráth a rinneadh an t-onnmhairiú;
|
|
|
Open in the act with Eureka
Install the extension for EUR-Lex