institiúid chaoch
as defined in Rialachán (AE) 2024/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31…, Article 2(1), point (23) (Sainmhínithe)
|
(23)
|
ciallaíonn ‘institiúid chaoch’:
|
(a)
|
i gcás institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais nach soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní iad: institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais, nó institiúid a dhéanann gníomhaíochtaí atá coibhéiseach leis na cinn arna ndéanamh ag institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, atá cruthaithe i ndlínse nach bhfuil aon láithreacht fhisiceach aici ann, ar a ndéantar stiúradh agus bainistiú fóinteach, agus nach bhfuil cleamhnaithe le grúpa airgeadais rialáilte;
|
|
(b)
|
i gcás soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní: eintiteas a bhfuil a n-ainmneacha luaite sa chlár arna bhunú ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí de bhun Airteagal 110 de Rialachán (AE) 2023/1114 nó eintiteas tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní gan iad a bheith ceadúnaithe nó cláraithe nó faoi réir maoirseacht AML/CFT sa tír sin;
|
|
Open in the act with Eureka
Install the extension for EUR-Lex