Eureka 32024R2642 Sign in

cistí

as defined in Rialachán (AE) 2024/2642 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024 maidir le…, Article 1, point (g)

(g)

ciallaíonn ‘cistí’ sócmhainní airgeadais agus leasanna de gach cineál, lena n-áirítear ach nach bhfuil teoranta don mhéid seo a leanas:

(i)

airgead tirim, seiceanna, éilimh ar airgead, dréachtaí, orduithe airgid agus ionstraimí íocaíochta eile;

(ii)

taiscí le hinstitiúidí airgeadais nó le heintitis eile, iarmhéideanna ar chuntais, fiachais agus oibleagáidí fiachais;

(iii)

urrúis agus ionstraimí fiachais a thrádáiltear go poiblí nó go príobháideach, lena n-áirítear stoic agus scaireanna, deimhnithe in ionannas urrús, bannaí, nótaí, barántais, bintiúir agus conarthaí díorthach;

(iv)

ús, díbhinní nó ioncam eile ar shócmhainní nó luach a fhabhraíonn astu nó arna nginiúint astu;

(v)

creidmheas, ceart fritháirimh, ráthaíochtaí, bannaí feidhmíochta nó gealltanais airgeadais eile;

(vi)

litreacha creidmheasa, billí luchta, billí díolacháin;

(vii)

doiciméid ina bhfuil cruthúnas ar leas i gcistí nó in acmhainní airgeadais;

Open in the act with Eureka

Install the extension for EUR-Lex

Also defined in