|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/38 |
15.1.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/38 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Nollaig 2024
lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a bhrath agus chun ullmhú dóibh agus freagairt orthu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (An Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3) agus Airteagal 322(1), pointe (a), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (3),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (4),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá úsáid teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, agus spleáchas orthu, anois ina ngnéithe bunúsacha i ngach earnáil den ghníomhaíocht eacnamaíoch agus den tsochaí i bhfianaise idirnascthacht agus idirspleáchas údaráis riaracháin poiblí, ghnólachtaí agus shaoránaigh na mBallstát a bheith ag méadú i gcónaí thar earnálacha agus thar theorainneacha, rud a thugann leochaileachtaí féideartha isteach ag an am céanna. |
|
(2) |
Tá méid, minicíocht agus tionchar teagmhas cibearshlándála ag méadú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda, lena n-áirítear ionsaithe ar an slabhra soláthair chun críocha cibirspiaireachta, bogearraí éirice nó cur isteach. Is bagairt mhór iad ar fheidhmiú córas gréasáin agus faisnéise. I bhfianaise thimpeallacht na bagartha atá ag athrú go tapa, is gá ullmhacht mhéadaithe a bheith ag baint le creat cibearshlándála an Aontais mar gheall ar an mbagairt ó theagmhais mhórscála chibearshlándála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le suaitheadh suntasach nó damáiste suntasach ar bhonneagar criticiúil. Téann an bhagairt sin níos faide ná cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus is dócha go leanfaidh sí de bheith ann i bhfianaise an iliomad gníomhaithe a bhfuil baint acu leis an teannas geopholaitiúil atá ann faoi láthair. Is féidir le teagmhais den sórt sin bac a chur ar sholáthar seirbhísí poiblí toisc gur minic a dhírítear cibirionsaithe ar sheirbhísí poiblí áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta agus bonneagar poiblí áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, agus go mbíonn na húdaráis áitiúla an-leochaileach ina leith, lena n-áirítear mar gheall ar a n-acmhainní teoranta. Is féidir leo freisin bac a chur ar shaothrú gníomhaíochtaí eacnamaíocha, lena n-áirítear in earnálacha ardchiticiúlachta nó in earnálacha criticiúla eile, caillteanais shuntasacha airgeadais a ghiniúint, an bonn a bhaint ó mhuinín na n-úsáideoirí, damáiste mór a dhéanamh don gheilleagar agus do chórais dhaonlathacha an Aontais, agus d’fhéadfaidís iarmhairtí sláinte nó iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith bagrach don bheatha a bheith acu fiú. Thairis sin, tá teagmhais chibearshlándála dothuartha, toisc gur minic a thagann siad chun cinn agus go bhforbraítear iad go tapa, nach gcoinnítear i limistéar geografach sonrach ar leith iad, agus go dtarlaíonn siad ag an am céanna nó go scaiptear iad ar an toirt ar fud go leor tíortha. Tá sé tábhachtach dlúthchomhar a bheith ann idir an earnáil phoiblí, an earnáil phríobháideach, an saol acadúil, an tsochaí shibhialta agus na meáin. |
|
(3) |
Is gá seasamh iomaíoch na tionsclaíochta agus seirbhísí san Aontas a neartú ar fud an gheilleagair dhigitigh agus tacú lena gclaochlú digiteach, trí leibhéal na cibearshlándála sa Mhargadh Aonair Digiteach a threisiú mar a mholtar i dtrí thogra éagsúla ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Is gá athléimneacht saoránach, gnólachtaí, lena n-áirítear micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus gnólachtaí nuathionscanta, agus eintitis a oibríonn bonneagar criticiúil, a mhéadú i gcoinne cibearbhagairtí atá ag dul i méid, ar bagairtí iad a bhféadfadh tionchar tubaisteach a bheith acu ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar. Dá bhrí sin, tá gá le hinfheistíocht i mbonneagar agus i seirbhísí agus cumais a chothú chun scileanna cibearshlándála a fhorbairt lena dtacófar le brath níos tapa agus le freagairt níos tapa ar chibearbhagairtí agus cibirtheagmhais. Ina theannta sin, tá cúnamh de dhíth ar na Ballstáit chun ullmhú níos fearr do theagmhais shuntasacha chibearshlándála agus do theagmhais mhórscála chibearshlándála agus chun freagairt orthu comh maith le cúnamh maidir leis an téarnamh tosaigh uathu Ag tógáil ar na struchtúir atá ann cheana agus i ndlúthchomhar leo, ba cheart don Aontas a acmhainneachtaí a mhéadú sna réimsí sin freisin, go háirithe maidir le sonraí i leith cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a bhailiú agus a anailísiú. |
|
(4) |
Tá roinnt beart déanta ag an Aontas cheana chun leochaileachtaí a laghdú agus chun athléimneacht bonneagair chriticiúil agus eintiteas i gcoinne rioscaí a mhéadú, go háirithe Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), Treoracha 2013/40/AE (6) agus (AE) 2022/2555 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Moladh (AE) 2017/1584 (8) ón gCoimisiún. Ina theannta sin, sa Mholadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 maidir le cur chuige comhordaithe uile-Aontais chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú, iarrtar ar na Ballstáit bearta a dhéanamh, agus oibriú i gcomhar lena chéile, leis an gCoimisiún agus le húdaráis phoiblí ábhartha eile chomh maith leis na heintitis lena mbaineann, chun feabhas a chur ar athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a úsáidtear chun seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthar sa mhargadh inmheánach. |
|
(5) |
Mar gheall ar na rioscaí cibearshlándála atá ag dul i méid agus ar thimpeallacht bhagartha chasta fhoriomlán, agus riosca soiléir ann go mbeidh iarmhairtí tapa teagmhas ag dul ó Bhallstát amháin go Ballstát eile agus ó thríú tír go dtí an tAontas, is gá an dlúthpháirtíocht a neartú ar leibhéal an Aontais chun cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a bhrath, ullmhú dóibh, freagairt orthu agus téarnamh uathu ar bhealach níos fearr, go háirithe trí chumais na struchtúr atá ann cheana a threisiú. Thairis sin, iarradh sna conclúidí ón gComhairle an 23 Bealtaine 2022 maidir le seasamh cibearshlándála an Aontais Eorpaigh ar an gCoimisiún togra a thíolacadh maidir le Ciste Freagartha Éigeandála nua. |
|
(6) |
Sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 10 Samhain 2022 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le Beartas an Aontais maidir leis an gCibearchosaint, fógraíodh Tionscnamh an Aontais um Chibear-Dhlúthpháirtíocht a bhfuil na cuspóirí seo aige: cumais choiteanna braite, feasachta staide agus freagartha san Aontas a neartú trí chur in úsáid bonneagair de Lárionaid Oibríochtaí Slándála (SOCanna) de chuid an Aontais a chur chun cinn, trí thacú le cibearchúltaca a fhorbairt de réir a chéile ar leibhéal an Aontais le seirbhísí ó sholáthraithe príobháideacha iontaofa agus trí eintitis chriticiúla a thástáil le haghaidh leochaileachtaí féideartha bunaithe ar mheasúnuithe riosca an Aontais. |
|
(7) |
Is gá brath agus feasacht staide cibearbhagairtí agus cibirtheagmhas a neartú ar fud an Aontais agus dlúthpháirtíocht a neartú trí fheabhas a chur ar ullmhacht agus cumais na mBallstát agus an Aontais teagmhais shuntasacha chibearshlándála agus teagmhais mhórscála chibearshlándála a chosc agus freagairt orthu. Dá bhrí sin, ba cheart líonra uile-Eorpach de chibearmhoil (an ‘Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála’) a bhunú chun cumais chomhordaithe braite agus feasachta staide a fhorbairt, lena dtreiseofar cumais braite bagairtí agus comhroinnte faisnéise an Aontais; ba cheart Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála a bhunú chun tacú leis na Ballstáit arna iarraidh sin dóibh ullmhú do theagmhais shuntasacha chibearshlándála agus teagmhais mhórscála chibearshlándála, freagairt orthu, tionchar teagmhais chibearshlándála shuntasacha agus teagmhais mhórscála chibearshlándála a mhaolú agus téarnamh a thionscnamh uathu agus chun tacú le húsáideoirí eile agus iad ag freagairt ar theagmhais shuntasacha chibearshlándála agus ar theagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála; agus ba cheart Sásra Eorpach um Athbhreithniú ar Theagmhais Chibearshlándála a bhunú chun athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar theagmhais shuntasacha chibearshlándála nó ar theagmhais mhórscála chibearshlándála. Ba cheart na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun an Rialacháin seo a dhéanamh agus urraim chuí á tabhairt d’inniúlachtaí na mBallstát agus ba cheart dóibh na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag líonra CSIRTanna, ag an ngréasán Eorpach um Eagrú an idirchaidrimh maidir le Cibirghéarchéimeanna (EU-CyCLONe) nó ag an nGrúpa Comhair (Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise), a bunaíodh go léir de bhun Threoir (AE) 2022/2555, a chomhlánú agus gan na gníomhaíochtaí sin a dhúbláil. Tá na gníomhaíochtaí sin gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). |
|
(8) |
Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, is gá Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) a leasú in áiteanna áirithe. Go háirithe, ba cheart Rialachán (AE) 2021/694 a leasú leis an Rialachán seo a mhéid a bhaineann le cuspóirí oibríochtúla nua a chur isteach a bhaineann leis an gCóras Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála agus leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála faoi Chuspóir Sonrach 3 den Chlár don Eoraip Dhigiteach (CED), arb é is aidhm dó athléimneacht, sláine agus iontaofacht an Mhargaidh Aonair Dhigitigh a ráthú, acmhainneachtaí a neartú chun faireachán a dhéanamh ar chibirionsaithe agus cibearbhagairtí agus freagairt dóibh, agus comhar agus comhordú trasteorann maidir leis an gcibearshlándáil a threisiú. D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag an gCóras Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála maidir le tacú leis na Ballstáit i dtaobh cibearbhagairtí a réamh-mheas agus cosaint a thabhairt orthu, agus d’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag Cúltaca Cibearshlándála an Aontais maidir le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit, d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus do thríú tíortha atá comhlachaithe le CED, agus iad ag freagairt do theagmhais shuntasacha chibearshlándála, teagmhais mhórscála chibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála, agus na tionchair sin a mhaolú. D’fhéadfadh damáiste suntasach ábhartha nó neamhábhartha agus rioscaí tromchúiseacha slándála poiblí agus sábháilteachta a bheith i gceist leis an tionchar sin. I bhfianaise na ról sonrach a d’fhéadfadh a bheith ag an gCóras Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála agus ag Cúltaca Cibearshlándála an Aontais, ba cheart Rialachán (AE) 2021/694 a leasú leis an Rialachán seo a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht eintiteas dlítheanach atá bunaithe san Aontas ach atá á rialú ó thríú tíortha, i gcás ina bhfuil fíor-riosca ann nach mbeidh na huirlisí, an bonneagar agus na seirbhísí is gá agus atá leordhóthanach, nó an teicneolaíocht, an saineolas agus an acmhainneacht, ar fáil san Aontas agus inar mó na tairbhí a bhaineann leis na heintitis sin a áireamh ná an riosca slándála. Ba cheart na coinníollacha sonracha faoina bhféadfar tacaíocht airgeadais a dheonú do ghníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme an Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála agus Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a bhunú agus ba cheart na sásraí rialachais agus comhordúcháin is gá chun na cuspóirí atá beartaithe a bhaint amach a shainiú. Ba cheart tuairiscí ar ghníomhaíochtaí atá beartaithe faoi na cuspóirí oibríochtúla nua a bheith san áireamh i leasuithe eile ar Rialachán (AE) 2021/694, chomh maith le táscairí intomhaiste chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcuspóirí oibríochtúla nua sin. |
|
(9) |
Chun freagairt an Aontais ar chibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a neartú, tá comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta iontaofa a bhfuil an dearcadh céanna acu ríthábhachtach. Sa chomhthéacs sin, ba cheart comhpháirtithe idirnáisiúnta atá iontaofa agus a bhfuil an dearcadh céanna acu a thuiscint mar thíortha a roinneann na prionsabail a spreag cruthú an Aontais, eadhon an daonlathas, an smacht reachta, an uilíocht agus dodhealaitheacht chearta an duine agus na mbunsaoirsí, an meas ar dhínit an duine, prionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus an meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta, agus nach mbaineann an bonn ó leasanna bunúsacha slándála an Aontais ná a Bhallstát. D’fhéadfadh comhar den sórt sin a bheith tairbhiúil freisin i leith na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin Rialachán seo, go háirithe an Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála agus Cúltaca Cibearshlándála an Aontais. Le Rialachán (AE) 2021/694, ba cheart foráil a dhéanamh, faoi réir coinníollacha áirithe infhaighteachta agus slándála, maidir le tairiscintí don Chóras Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála agus do Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a bheith oscailte d’eintitis dhlítheanacha arna rialú ó thríú tíortha, faoi réir ceanglais slándála. Agus measúnú á dhéanamh ar an riosca slándála a bhaineann leis an soláthar a oscailt ar an mbealach sin, tá sé tábhachtach na prionsabail agus na luachanna atá ag an Aontas le comhpháirtithe idirnáisiúnta a bhfuil an dearcadh céanna acu leis a chur i gcuntas, i gcás ina mbaineann na prionsabail agus na luachanna sin le leasanna slándála bunriachtanacha an Aontais. Ina theannta sin, i gcás ina mbíonn ceanglais slándála den sórt sin á mbreithniú faoi Rialachán (AE) 2021/694, d’fhéadfaí roinnt gnéithe a chur i gcuntas, amhail struchtúr corparáideach agus próiseas cinnteoireachta eintitis, slándáil sonraí agus faisnéise rúnaicmithe nó íogaire agus a áirithiú nach mbeidh torthaí na gníomhaíochta faoi réir rialú nó srianta ag tríú tíortha neamh-incháilithe. |
|
(10) |
Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maoiniú gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo i Rialachán (AE) 2021/694, ar cheart é a bheith i gcónaí mar an bunghníomh ábhartha le haghaidh na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear faoi Chuspóir Sonrach 3 de CED. Tá foráil le déanamh sna cláir oibre ábhartha maidir le coinníollacha sonracha rannpháirtíochta maidir le gach gníomhaíocht, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/694. |
|
(11) |
Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin i Rialachán (AE, Euratom)2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus cinntear leo, go háirithe, an nós imeachta maidir le buiséad an Aontais a bhunú agus a chur chun feidhme, agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha ar fhreagracht gníomhaithe airgeadais. Áirítear leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE freisin córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint arna bhunú i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). |
|
(12) |
Cé go bhfuil bearta maidir le cosc agus ullmhacht fíor-riachtanach chun feabhas a chur ar athléimneacht an Aontais agus aghaidh á tabhairt aige ar theagmhais shuntasacha chibearshlándála, ar theagmhais mhórscála chibearshlándála, agus ar theagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála, ní féidir tarlú, uainiú agus méid na dteagmhas sin a thuar de bharr a gcineáil. D’fhéadfadh éagsúlacht shuntasach a bheith idir na hacmhainní airgeadais is gá chun freagairt leormhaith a áirithiú ó bhliain go bliain agus ba cheart a bheith in ann iad a chur ar fáil láithreach. Dá bhrí sin, chun prionsabal buiséadach na hintuarthachta a thabhairt chun réitigh leis an ngá freagairt go tapa do riachtanais nua, ní mór cur chun feidhme airgeadais na gclár oibre a oiriúnú. Dá bhrí sin, ní iomchuí tabhairt anonn leithreasuithe nár úsáideadh a údarú, ach amháin don bhliain dár gcionn agus do Chúltaca Cibearshlándála an Aontais agus do na gníomhaíochtaí lena dtacaítear le cúnamh frithpháirteach amháin, chomh maith le tabhairt anonn na leithreasuithe a údaraítear de bhun Airteagal 12(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509. |
|
(13) |
Chun cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a chosc, a bhrath, measúnú a dhéanamh orthu, freagairt orthu, agus téarnamh uathu ar bhealach níos éifeachtaí, is gá eolas níos cuimsithí a fhorbairt faoi na bagairtí ar shócmhainní criticiúla agus ar bhonneagar criticiúil ar chríoch an Aontais, lena n-áirítear a ndáileadh geografach, a n-idirnasc agus a dtionchar féideartha i gcás cibirionsaithe lena ndéantar difear don bhonneagar sin. Áirítear le cur chuige réamhghníomhach chun cibearbhagairtí a shainaithint, a mhaolú agus a chosc acmhainneacht mhéadaithe ardchumas braite. Ba cheart roinnt Cibearmhol Trasteorann idiroibritheach a bheith sa Chóras Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála, agus déanann gach ceann acu trí Chibearmhol Náisiúnta nó níos mó a ghrúpáil le chéile. Leis an mbonneagar sin, ba cheart freastal ar leasanna agus riachtanais chibearshlándála náisiúnta agus ar leasanna agus riachtanais chibearshlándála an Aontais, lena ndéantar teicneolaíocht úrscothach a ghiaráil le haghaidh ardbhailiúchán sonraí agus faisnéise atá ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, anaithnidithe agus uirlisí anailísíochta ábhartha lena bhfeabhsaítear cibearchumais chomhordaithe braitea agus bhainistithe agus lena soláthraítear feasacht staide fíor-ama. Ba cheart don bhonneagar sin fónamh chun seasamh na cibearshlándála a fheabhsú, trí bhrath, comhiomlánú agus anailísiú sonraí agus faisnéise a mhéadú agus é mar aidhm leis cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a chosc agus ar an gcaoi sin eintitis agus líonraí an Aontais atá freagrach as bainistiú cibirghéarchéime san Aontas a chomhlánú agus tacú leo, go háirithe EU-CyCLONe. |
|
(14) |
Is ar bhonn deonach a ghlacfaidh na Ballstáit páirt sa Chóras Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála. Ba cheart do gach Ballstát eintiteas aonair a ainmniú ar an leibhéal náisiúnta a mbeidh sé de chúram air comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí braite cibearbhagairtí sa Bhallstát sin. Leis na Cibearmhoil Náisiúnta sin, ba cheart gníomhú mar phointe tagartha agus mar thairseach ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh rannpháirtíocht sa Chóras Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála agus ba cheart a áirithiú go gcomhroinnfear agus go mbaileofar faisnéis faoi chibearbhagairtí ó eintitis phoiblí agus phríobháideacha ar an leibhéal náisiúnta ar bhealach éifeachtach agus cuíchóirithe. D’fhéadfadh Cibearmhoil Náisiúnta an comhar agus an chomhroinnt faisnéise idir eintitis phoiblí agus phríobháideacha a neartú agus d’fhéadfaidís tacú freisin le malartú sonraí agus faisnéise ábhartha le pobail earnála agus trasearnála ábhartha, lena n-áirítear Lárionaid ábhartha um Chomhroinnt agus Anailísiú Faisnéise (‘ISACanna’) ón tionscal. Tá dlúthchomhar comhordaithe idir eintitis phoiblí agus phríobháideacha lárnach chun cibear-athléimneacht an Aontais a neartú. Tá comhordú den sórt sin thar a bheith luachmhar i gcomhthéacs faisnéis faoi chibearbhagairtí a chomhroinnt chun feabhas a chur ar an gcibearchosaint ghníomhach. Mar chuid de chomhar agus comhroinnt faisnéise den sórt sin, d’fhéadfadh Cibearmhoil Náisiúnta faisnéis shonrach a iarraidh agus a fháil. Leis an Rialachán seo, ní chuirtear oibleagáid ar na Cibearmhoil Náisiúnta sin, ná ní chumhachtaítear leo, iarrataí den sórt sin a fhorfheidhmiú. I gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, d’fhéadfaí a bheith san áireamh san fhaisnéis a iarrtar nó a fhaightear sonraí teiliméadrachta, sonraí braiteora agus sonraí logála ó eintitis, amhail soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe, a oibríonn in earnálacha ardchriticiúlachta nó earnálacha criticiúla eile laistigh den Bhallstát sin, chun feabhas a chur ar bhrath tapa cibearbhagairtí agus cibirtheagmhas a d’fhéadfadh a bheith ann ag céim níos luaithe, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar an bhfeasacht staide. Murab é an Cibearmhol Náisiúnta an t-údarás inniúil arna ainmniú nó arna bhunú ag an mBallstát ábhartha de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh sé comhordú leis an údarás inniúil sin i leith iarrataí ar shonraí den sórt sin agus i leith iad a fháil. |
|
(15) |
Mar chuid den Chóras Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála, ba cheart roinnt Cibearmhoil Trasteorann a bhunú. Leis na Cibearmhoil Trasteorann sin, ba cheart Cibearmhoil Náisiúnta ó thrí Bhallstát ar a laghad a thabhairt le chéile, chun a áirithiú gur féidir na tairbhí a bhaineann le brath bagairtí trasteorann agus comhroinnt agus bainistiú faisnéise a bhaint amach ina n-iomláine. Ba cheart é a bheith mar chuspóir ginearálta ag Cibearmhoil Trasteorann acmhainneachtaí a neartú chun cibearbhagairtí a anailísiú, a chosc agus a bhrath agus chun tacú le táirgeadh faisnéise ardcháilíochta cibearbhagartha, go háirithe trí fhaisnéis ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, anaithnidithe a chomhroinnt i dtimpeallacht iontaofa agus shlán, ó fhoinsí éagsúla, idir phoiblí agus phríobháideach, agus trí uirlisí úrscothacha a chomhroinnt agus a úsáid go comhpháirteach, agus cumais braite, anailíse agus coisc a fhorbairt go comhpháirteach i dtimpeallacht iontaofa agus shlán. Leis na Cibearmhoil Trasteorann, ba cheart acmhainneacht bhreise nua a sholáthar, lena gcuirtear le SOCanna agus CSIRTanna atá ann cheana agus le gníomhaithe ábhartha eile, lena n-áirítear líonra CSIRTanna, agus lena gcomhlánaítear iad. |
|
(16) |
Maidir le Ballstát arna roghnú ag an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála (ECCC) arna bhunú ag Rialachán (AE) 2021/887 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) tar éis glao ar léirithe spéise chun Cibearmhol Náisiúnta a chur ar bun nó chun cumais Cibearmhoil Náisiúnta atá ann cheana a fheabhsú, ba cheart dó uirlisí, bonneagar nó seirbhísí ábhartha a cheannach i gcomhpháirt le ECCC. Ba cheart do Bhallstát den sórt sin a bheith incháilithe chun deontas a fháil chun na huirlisí, an bonneagar nó na seirbhísí a oibriú. Ba cheart do Cuibhreannas Óstach, ina bhfuil trí Bhallstát ar a laghad, a roghnaigh ECCC tar éis glao ar léirithe spéise chun Cibearmhol Trasteorann a chur ar bun nó chun cumais Cibearmhoil Trasteorann atá ann cheana a fheabhsú uirlisí, bonneagar nó seirbhísí ábhartha a cheannach i gcomhpháirt le ECCC. Ba cheart don Chuibhreannas Óstach a bheith incháilithe chun deontas a fháil chun na huirlisí, an bonneagar nó na seirbhísí a oibriú. Ba cheart do ECCC agus d’údaráis chonarthacha ábhartha ó na Ballstáit a roghnaítear tar éis na nglaonna ar léirithe spéise sin an nós imeachta soláthair chun go gceannófaí na huirlisí, an bonneagar nó na seirbhísí ábhartha a chur i gcrích go comhpháirteach. Ba cheart soláthar den sórt sin a bheith i gcomhréir le hAirteagal 168(2) de Rialachán (AE, Euratom)2024/2509, agus le Rialacha Airgeadais ECCC. Dá bhrí sin, níor cheart eintitis phríobháideacha a bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh sna glaonna ar léirithe spéise maidir le huirlisí, bonneagar nó seirbhísí a cheannach go comhpháirteach le ECCC, ná deontais a fháil chun na huirlisí, an bonneagar nó na seirbhísí sin a oibriú. Mar sin féin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann páirt a thabhairt d’eintitis phríobháideacha i mbunú, i bhfeabhsú agus in oibriú a gCibearmhol Náisiúnta agus a gCibearmhol Trasteorann ar bhealaí eile a mheasann siad a bheith iomchuí, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta. D’fhéadfadh eintitis phríobháideacha a bheith incháilithe freisin chun cistiú a fháil ón Aontas de bhun Rialachán (AE) 2021/887 chun tacaíocht a sholáthar do Chibearmhoil Náisiúnta. |
|
(17) |
Chun feabhas a chur ar bhrath cibearbhagairtí agus ar fheasacht staide san Aontas, ba cheart an Ballstát a roghnaítear, tar éis glao ar léirithe spéise, chun Cibearmhol Náisiúnta a chur ar bun nó feabhas a chur ar chumais Cibearmhoil Náisiúnta gealltanas a thabhairt iarratas a dhéanamh ar pháirt a ghlacadh i gCibearmhol Trasteorann. Mura bhfuil Ballstát ina rannpháirtí i gCibearmhol Trasteorann laistigh de dhá bhliain ón dáta a fhaightear na huirlisí, an bonneagar nó na seirbhísí, nó a fhaigheann sé cistiú deontais, cibé acu is túisce a tharlóidh, níor cheart dó a bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí tacaíochta breise de chuid an Aontais laistigh de chreat an Chórais Eorpaigh um Rabhadh Cibearshlándála chun feabhas a chur ar chumais a Chibearmhoil Náisiúnta. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh eintitis ó na Ballstáit a bheith rannpháirteach fós i nglaonna ar thograí maidir le hábhair eile faoi CED nó cláir chistiúcháin eile an Aontais, lena n-áirítear glaonna ar acmhainneachtaí le haghaidh cibearbhraite agus comhroinnt faisnéise, ar choinníoll go gcomhlíonann na heintitis sin na critéir incháilitheachta atá bunaithe sna cláir sin. |
|
(18) |
Déanann CSIRTanna faisnéis a mhalartú laistigh de líonra CSIRTanna, i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555. Ba cheart an Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála a bheith ina chumas nua atá comhlántach le líonra CSIRTanna trí rannchuidiú le feasacht staide de chuid an Aontais a fhorbairt lena bhféadfar cumais an líonra sin a threisiú. Ba cheart do Chibearmhoil Trasteorann comhordú agus comhoibriú go dlúth le líonra CSIRTanna. Ba cheart dóibh gníomhú trí shonraí a chomhthiomsú agus faisnéis ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis anaithnidithe maidir le cibearbhagairtí ó eintitis phoiblí agus phríobháideacha a chomhroinnt, luach na sonraí agus na faisnéise sin a fheabhsú trí anailís shaineolach agus bonneagar agus uirlisí úrscothacha arna bhfáil go comhpháirteach, agus rannchuidiú le ceannasacht theicneolaíoch an Aontais, lena uathriail straitéiseach oscailte, lena iomaíochas agus lena athléimneacht agus le cumais an Aontais a fhorbairt. |
|
(19) |
Ba cheart Cibearmhoil Trasteorann a bheith mar phointe lárnach lena gceadófar comhthiomsú leathan sonraí ábhartha agus faisnéise faoi chibearbhagairtí, agus lena n-éascaítear faisnéis faoi bhagairtí a scaipeadh i measc tacar mór éagsúil geallsealbhóirí, amhail Foirne Práinnfhreagartha Ríomhaire (CERTanna), CSIRTanna, ISACanna, agus oibreoirí bonneagair chriticiúil. Ba cheart do chomhaltaí an Chuibhreannais Óstaigh an fhaisnéis ábhartha atá le comhroinnt i measc rannpháirtithe an Chibearmhoil Trasteorann lena mbaineann a shonrú sa chomhaontú cuibhreannais. D’fhéadfaí a bheith san áireamh leis an bhfaisnéis a mhalartaítear i measc rannpháirtithe i gCibearmhol Trasteorann, mar shampla, sonraí ó líonraí agus ó bhraiteoirí, fothaí faisnéise faoi bhagairtí, táscairí maidir le cur i mbaol, agus faisnéis chomhthéacsaithe faoi theagmhais, cibearbhagairtí, neasteagmhais, leochaileachtaí, teicnící agus nósanna imeachta, teaicticí sáraíochta, faisnéis a bhaineann go sonrach le gníomhaithe bagartha, rabhaidh chibearshlándála agus moltaí maidir le cumraíocht uirlisí cibearshlándála chun cibirionsaithe a bhrath. Ina theannta sin, ba cheart do Chibearmhoil Trasteorann comhaontuithe comhair a dhéanamh lena chéile. Leis na comhaontuithe comhair sin, ba cheart, go háirithe, prionsabail maidir le comhroinnt faisnéise agus idir-inoibritheacht a shonrú. Ba cheart a gclásail a bhaineann le hidir-inoibritheacht, go háirithe formáidí agus prótacail maidir le comhroinnt faisnéise, a bheith faoi threoir ag treoirlínte idir-inoibritheachta arna n-eisiúint ag Gníomhaireacht an Aontais um Chibearshlándáil arna bunú le Rialachán (AE) 2019/881 (ENISA) agus, dá bhrí sin, ba cheart na treoirlínte sin a bheith mar thúsphointe acu. Ba cheart na treoirlínte sin a eisiúint go pras chun a áirithiú gur féidir le Cibearmhoil Trasteorann iad a chur i gcuntas go luath. Ba cheart caighdeáin idirnáisiúnta agus dea-chleachtais agus feidhmiú aon Chibearmhol Trasteorann atá bunaithe a chur i gcuntas iontu. |
|
(20) |
Ba cheart do Chibearmhoil Trasteorann agus líonra CSIRTanna oibriú i ndlúthchomhar le chéile chun sineirgí agus comhlántacht gníomhaíochtaí a áirithiú. Chun na críche sin, ba cheart dóibh teacht ar chomhaontú maidir le socruithe nós imeachta maidir le comhar agus comhroinnt faisnéise ábhartha. D’fhéadfaí a bheith san áireamh leis sin faisnéis ábhartha a chomhroinnt maidir le cibearbhagairtí agus teagmhais shuntasacha chibearshlándála agus a áirithiú go gcomhroinnfear le líonra CSIRTanna taithí ar uirlisí úrscothacha, go háirithe an intleacht shaorga agus teicneolaíocht anailísíochta sonraí, a úsáidtear laistigh de na Cibearmhoil Trasteorann. |
|
(21) |
Is réamhriachtanas fíor-riachtanach í feasacht staide chomhroinnte i measc na n-údarás ábhartha le haghaidh ullmhacht agus comhordú uile-Aontais maidir le teagmhais shuntasacha chibearshlándála agus teagmhais mhórscála chibearshlándála. Le Treoir (AE) 2022/2555, bunaítear EUCyCLONe chun tacú le bainistiú comhordaithe teagmhas agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála ar an leibhéal oibríochtúil agus chun malartú tráthrialta faisnéise ábhartha i measc na mBallstát agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a áirithiú. Le Treoir (AE) 2022/2555, bunaítear freisin líonra CSIRTanna chun comhar oibríochtúil tapa éifeachtach a chur chun cinn i measc na mBallstát uile. Chun feasacht staide a áirithiú agus dlúthpháirtíocht a neartú, i gcásanna ina bhfaigheann Cibearmhoil Trasteorann faisnéis a bhaineann le teagmhas mórscála cibearshlándála a d’fhéadfadh a bheith ann nó atá fós ar siúl, ba cheart dóibh faisnéis ábhartha a sholáthar do líonra CSIRTanna agus faisnéis a chur in iúl, mar luathrabhadh, do EU-CyCLONe. Go háirithe, ag brath ar an gcás, d’fhéadfadh faisnéis theicniúil, faisnéis faoi chineál agus cúiseanna an ionsaitheora nó an ionsaitheora fhéideartha, agus faisnéis neamhtheicniúil ardleibhéil faoi theagmhas mórscála cibearshlándála a d’fhéadfadh a bheith ann nó atá ar siúl faoi láthair a bheith san áireamh san fhaisnéis atá le comhroinnt. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar an bprionsabal ‘ar bhonn riachtanais eolais’ agus ar chineál na faisnéise a chomhroinntear a d’fhéadfadh a bheith íogair. Le Treoir (AE) 2022/2555, athdhearbhaítear freisin freagrachtaí an Choimisiúin sa Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM) a bunaíodh le Cinneadh 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), agus a fhreagracht maidir le tuarascálacha anailíseacha a chur ar fáil le haghaidh Shocruithe Comhtháite an Aontais maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (Socruithe IPCR) de bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 (14). I gcás ina gcomhroinneann Cibearmhoil Trasteorann faisnéis ábhartha agus luathrabhaidh a bhaineann le teagmhas mórscála cibearshlándála a d’fhéadfadh a bheith ann nó atá fós ar siúl le EU-CyCLONe agus leis an líonra CSIRTanna, tá sé ríthábhachtach an fhaisnéis sin a chomhroinnt trí na líonraí sin le húdaráis na mBallstát agus leis an gCoimisiún. I ndáil leis sin, foráiltear le Treoir (AE) 2022/2555 gurb é cuspóir EU-CyCLONe tacú le bainistiú comhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála ar an leibhéal oibríochtúil agus malartú tráthrialta faisnéise ábhartha a áirithiú i measc na mBallstát agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais. Áirítear ar chúraimí EU-CyCLONe feasacht staide chomhroinnte a fhorbairt le haghaidh na dteagmhas agus na ngéarchéimeanna sin. Tá sé ríthábhachtach go n-áiritheoidh EU-CyCLONe, i gcomhréir leis an gcuspóir sin agus lena chúraimí, go ndéantar faisnéis den sórt sin a chur ar fáil láithreach d’ionadaithe ábhartha na mBallstát agus don Choimisiún. Chuige sin, tá sé ríthábhachtach go n-áireofaí forálacha iomchuí i rialacha nós imeachta EU-CyCLONe. |
|
(22) |
Ba cheart d’eintitis atá rannpháirteach sa Chóras Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála ardleibhéal idir-inoibritheachta a áirithiú eatarthu féin, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, a mhéid a bhaineann le formáidí sonraí, tacsanomaíocht, agus uirlisí láimhseála sonraí agus anailísíochta sonraí. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin bealaí cumarsáide slána, íosleibhéal slándála shraith na feidhme, deais feasachta staide agus táscairí. Ba cheart an obair atá déanta cheana i gcomhthéacs chur chun feidhme Threoir (AE) 2022/2555 a chur i gcuntas i nglacadh comhthacsanomaíochta agus i bhforbairt teimpléid i gcás tuarascálacha staide chun cur síos a dhéanamh ar chúiseanna cibearbhagairtí agus rioscaí a bhraitear. |
|
(23) |
Chun malartú sonraí agus faisnéise ábhartha maidir le cibearbhagairtí ó fhoinsí éagsúla a chumasú, ar bhonn mórscála, i dtimpeallacht iontaofa agus shlán, ba cheart uirlisí, trealamh agus bonneagar atá úrscothach agus an-slán, chomh maith le pearsanra oilte, a bheith ag eintitis atá rannpháirteach sa Chóras Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála. Leis sin, ba cheart a bheith in ann feabhas a chur ar acmhainneachtaí braite comhchoiteanna agus rabhaidh thráthúla d’údaráis agus d’eintitis ábhartha, go háirithe trí úsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí intleachta saorga agus anailísíochta sonraí is déanaí. |
|
(24) |
Trí shonraí agus faisnéis ábhartha a bhailiú, a anailísiú, a chomhroinnt agus a mhalartú, ba cheart don Chóras Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála ceannasacht theicneolaíoch agus uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a fheabhsú i réimse na cibearshlándála, an iomaíochais agus na hathléimneachta. Le comhthiomsú sonraí coimeádta ardcháilíochta, d’fhéadfaí rannchuidiú freisin le forbairt ardteicneolaíochtaí na hintleachta saorga agus na hanailísíochta sonraí. Tá maoirseacht dhaonna agus, chuige sin, lucht saothair oilte ríthábhachtach i gcónaí chun sonraí ardcháilíochta a chomhthiomsú go héifeachtach. |
|
(25) |
Cé gur tionscadal sibhialtach é an Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála, d’fhéadfadh an pobal cibearchosanta leas a bhaint as cumais shibhialtacha braiteal agus feasachta staide níos láidre a fhorbraítear chun bonneagar criticiúil a chosaint. |
|
(26) |
Le malartú faisnéise idir rannpháirtithe an Chórais Eorpaigh um Rabhadh Cibearshlándála, ba cheart ceanglais dhlíthiúla atá ann cheana agus go háirithe dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh, chomh maith le rialacha iomaíochta an Aontais lena rialaítear malartú faisnéise. Ba cheart d’fhaighteoir na faisnéise bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme lena gcosnófar cearta agus saoirsí na ndaoine is ábhar do na sonraí, a mhéid is gá sonraí pearsanta a phróiseáil, agus na sonraí a scriosadh a luaithe nach bhfuil gá leo a thuilleadh chun na críche atá luaite agus ba cheart dó a chur in iúl don eintiteas a chuir na sonraí ar fáil gur scriosadh na sonraí. |
|
(27) |
Tá sé ríthábhachtach rúndacht agus slándáil faisnéise a chaomhnú do gach ceann de na trí cholún den Rialachán seo, cibé acu chun comhroinnt nó malartú faisnéise a spreagadh i gcomhthéacs an Chórais Eorpaigh um Rabhadh Cibearshlándála, chun leasanna na n-eintiteas atá ag cur isteach ar thacaíocht faoin Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála a chaomhnú, nó chun a áirithiú gur féidir le tuarascálacha faoin Sásra Eorpach um Athbhreithniú ar Theagmhais Chibearshlándála ceachtanna úsáideacha a fhoghlaim gan tionchar diúltach a bheith acu ar na heintitis dá ndéanann na teagmhais difear. Braitheann rannpháirtíocht na mBallstát agus na n-eintiteas sna sásraí sin ar chaidrimh iontaoibhe idir a gcomhpháirteanna. I gcás ina bhfuil faisnéis rúnda de bhun rialacha an Aontais nó rialacha náisiúnta, ba cheart comhroinnt nó malartú na faisnéise sin faoin Rialachán seo a theorannú don mhéid atá ábhartha agus comhréireach le cuspóir na comhroinne nó an mhalartaithe. Le comhroinnt nó malartú den sórt sin, ba cheart rúndacht na faisnéise sin a chaomhnú freisin, lena n-áirítear slándáil agus leasanna tráchtála aon eintiteas lena mbaineann a chosaint. D’fhéadfaí comhroinnt nó malartú faisnéise de bhun an Rialacháin seo a dhéanamh trí úsáid a bhaint as comhaontuithe neamhnochta, nó treoir maidir le dáileadh faisnéise amhail an prótacal soilse tráchta (TLP). Tá an TLP le tuiscint mar bhealach chun faisnéis a sholáthar faoi aon teorainneacha i ndáil le faisnéis a scaipeadh a thuilleadh. Úsáidtear é i mbeagnach gach CSIRT agus i roinnt ISACanna. Sa bhreis ar na ceanglais ghinearálta sin, a mhéid a bhaineann leis an gCóras Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála, ba cheart rialacha sonracha a leagan síos i gcomhaontuithe na gCuibhreannas Óstach maidir leis na coinníollacha le haghaidh comhroinnt faisnéise laistigh den Chibearmhol Trasteorann lena mbaineann. D’fhéadfaí a éileamh leis na comhaontuithe sin, go háirithe, nach ndéanfaí faisnéis a chomhroinnt ach amháin i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta. |
|
(28) |
Maidir le cur in úsáid Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, tá gá le rialacha sonracha rúndachta. Déanfar tacaíocht a iarraidh, a mheasúnú agus a sholáthar i gcomhthéacs géarchéime agus i ndáil le heintitis a oibríonn in earnálacha íogaire. Ionas go bhfeidhmeoidh an Cúltaca go héifeachtach, tá sé fíor-riachtanach go mbeidh úsáideoirí agus eintitis in ann an fhaisnéis uile is gá a chomhroinnt, agus rochtain uirthi a sholáthar, gan mhoill, ionas go bhféadfaidh gach eintiteas a chion a dhéanamh sa mheasúnú ar iarrataí agus i gcur in úsáid na tacaíochta. Dá réir sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo nach n-úsáidfear nó nach gcomhroinnfear an fhaisnéis sin ach amháin i gcás inar gá sin le haghaidh oibríocht an Chúltaca, agus níor cheart an fhaisnéis sin atá rúnda nó rúnaicmithe de bhun an dlí náisiúnta agus dhlí an Aontais a úsáid agus a chomhroinnt ach amháin i gcomhréir leis an dlí sin. Ina theannta sin, ba cheart d’úsáideoirí a bheith in ann i gcónaí, i gcás inarb iomchuí, prótacail chomhroinnte faisnéise amhail TLP a úsáid chun teorainneacha a shonrú tuilleadh. Cé go bhfuil lánrogha ag úsáideoirí ina leith sin, tá sé tábhachtach, agus na teorainneacha sin á gcur i bhfeidhm acu, go gcuirfí i gcuntas na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe maidir le moill ar mheasúnú nó ar sheachadadh na seirbhísí arna n-iarraidh. Chun Cúltaca éifeachtúil a bheith ann, tá sé tábhachtach go ndéanfadh an t-údarás conarthach na hiarmhairtí sin a shoiléiriú don úsáideoir sula gcuirfidh sé iarraidh isteach. Tá na coimircí sin teoranta d’iarraidh agus do sholáthar seirbhísí Cúltaca agus ní dhéanann siad difear do mhalartú faisnéise i gcomhthéacsanna eile, amhail soláthar an Chúltaca. |
|
(29) |
I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar rioscaí agus an líon teagmhas a dhéanann difear do na Ballstáit, is gá ionstraim tacaíochta géarchéime a bhunú, eadhon an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála, chun feabhas a chur ar athléimneacht an Aontais i gcoinne teagmhais shuntasacha chibearshlándála, teagmhais mhórscála chibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála agus gníomhaíochtaí na mBallstát a chomhlánú trí thacaíocht airgeadais éigeandála le haghaidh ullmhachta, freagairt ar theagmhais agus téarnamh tosaigh seirbhísí bunriachtanacha. Ós rud é gur próiseas cuimsitheach é téarnamh iomlán ó theagmhas chun feidhmiú an eintitis dá ndearna an teagmhas difear a athbhunú ón staid roimh an teagmhas agus go bhféadfadh sé gur próiseas fada é a mbeadh costais shuntasacha ag baint leis, ba cheart an tacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a theorannú do chéim thosaigh an phróisis téarnaimh, as a dtiocfaidh athbhunú feidhmiúlachtaí bunúsacha na gcóras. Leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála, ba cheart cur in úsáid mear agus éifeachtach cúnaimh a chumasú in imthosca sainithe agus faoi dhálaí soiléire agus faireachán agus meastóireacht chúramach a éascú ar conas a úsáideadh acmhainní. Cé gur ar na Ballstáit atá an príomhchúram i dtaobh teagmhais agus géarchéimeanna a chosc, ullmhú do na teagmhais agus na géarchéimeanna sin agus freagairt orthu, is leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála a dhéantar dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit a chur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). |
|
(30) |
Leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála, ba cheart tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit lena gcomhlánaítear a mbearta agus a n-acmhainní féin, agus roghanna tacaíochta eile atá ann cheana i gcás freagairt ar theagmhais shuntasacha chibearshlándála agus teagmhais mhórscála chibearshlándála agus téarnamh tosaigh uathu, amhail na seirbhísí a sholáthraíonn ENISA i gcomhréir lena sainordú, an fhreagairt chomhordaithe agus an cúnamh ó líonra CSIRTanna, an tacaíocht maolaithe ó EU-CyCLONe, chomh maith le cúnamh frithpháirteach idir na Ballstáit lena n-áirítear i gcomhthéacs Airteagal 42(7) CAE agus Foirne Mearfhreagartha Cibirtheagmhas an bhuanchomhair struchtúrtha (PESCO) arna mbunú de bhun Chinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle (15). Ba cheart aghaidh a thabhairt ann ar an ngá atá lena áirithiú go mbeidh modhanna speisialaithe ar fáil chun tacú le hullmhacht do theagmhais chibearshlándála ar fud an Aontais agus i dtríú tíortha atá comhlachaithe le CED, freagairt ar na teagmhais sin agus téarnaimh uathu. |
|
(31) |
Tá an Rialachán seo gan dochar do nósanna imeachta agus creataí chun freagairt ar ghéarchéimeanna a chomhordú ar leibhéal an Aontais, go háirithe an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta a bunaíodh faoi Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), Socruithe IPCR agus Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún (17). Leis an tacaíocht a chuirtear ar fáil faoin Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála, féadfar an cúnamh a chuirtear ar fáil i gcomhthéacs an chomhbheartais eachtraigh agus slándála agus an chomhbheartais slándála agus cosanta a chomhlánú, lena n-áirítear trí na Foirne Mearfhreagartha Cibirtheagmhas, agus cineál sibhialtach an tSásra á chur i gcuntas. Is féidir leis an tacaíocht a chuirtear ar fáil faoin Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme i gcomhthéacs Airteagal 42(7) CAE a chomhlánú, lena n-áirítear cúnamh arna sholáthar ag Ballstát amháin do Bhallstát eile, nó a bheith mar chuid den fhreagairt chomhpháirteach idir an tAontas agus na Ballstáit nó i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 222 CFAE. Ba cheart cur chun feidhme an Rialacháin seo a chomhordú freisin le cur chun feidhme na mbeart faoi Bhosca Uirlisí na Cibearthaidhleoireachta, i gcás inarb iomchuí. |
|
(32) |
Cúnamh a sholáthraítear faoin Rialachán seo, ba cheart é a bheith ag tacú agus comhlántach leis na gníomhaíochtaí a dhéanann na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta. Chuige sin, ba cheart dlúthchomhar agus comhairliúchán idir na Ballstáit, an Coimisiún, ENISA, agus, i gcás inarb ábhartha, ECCC a áirithiú. Agus tacaíocht á hiarraidh acu faoin Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála, ba cheart do na Ballstáit faisnéis ábhartha a sholáthar lena dtugtar bonn cirt don ghá atá le tacaíocht. |
|
(33) |
Le Treoir (AE) 2022/2555, ceanglaítear ar na Ballstáit údarás bainistíochta cibirghéarchéime amháin nó níos mó a ainmniú nó a bhunú agus a áirithiú go bhfuil acmhainní leormhaithe acu chun a gcúraimí a dhéanamh ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil. Ceanglaítear léi freisin ar na Ballstáit cumais, sócmhainní agus nósanna imeachta is féidir a chur in úsáid i gcás géarchéime a shainaithint chomh maith le plean náisiúnta freagartha ar theagmhais agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála a ghlacadh ina leagtar amach na cuspóirí agus na socruithe maidir le teagmhais agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála a bhainistiú. Ceanglaítear ar na Ballstáit freisin CSIRT amháin nó níos mó a bhunú a mbeidh freagrachtaí láimhseála teagmhas de chúram orthu i gcomhréir le próiseas dea-shainithe agus lena gcumhdaítear ar a laghad na hearnálacha, na fo-earnálacha agus na cineálacha eintiteas faoi raon feidhme na Treorach sin, agus a áirithiú go bhfuil acmhainní leormhaithe acu chun a gcúraimí a dhéanamh go héifeachtach. Tá an Rialachán seo gan dochar do ról an Choimisiúin maidir le comhlíontacht na mBallstát le hoibleagáidí Threoir (AE) 2022/2555 a áirithiú. Leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála, ba cheart cúnamh a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí atá dírithe ar ullmhacht a threisiú chomh maith le gníomhaíochtaí freagartha ar theagmhais chun tionchar teagmhas suntasach cibearshlándála agus teagmhas mórscála cibearshlándála a mhaolú, chun tacú leis an téarnamh tosaigh nó chun feidhmiúlachtaí bunúsacha na seirbhísí arna soláthar ag eintitis a oibríonn in earnálacha ardchriticiúlachta nó eintitis a oibríonn in earnálacha criticiúla eile a athbhunú. |
|
(34) |
Mar chuid de na gníomhaíochtaí ullmhachta, chun cur chuige comhsheasmhach a chur chun cinn agus an tslándáil a neartú ar fud an Aontais agus a mhargaidh inmheánaigh, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil chun tástáil agus measúnú a dhéanamh ar chibearshlándáil eintiteas a oibríonn in earnálacha ardchriticiúlachta arna sainaithint de bhun Threoir (AE) 2022/2555 ar bhealach comhordaithe, lena n-áirítear trí chleachtadh agus oiliúint. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ENISA, leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise agus le EU-CyCLONe, earnálacha nó fo-earnálacha ábhartha a shainaithint go tráthrialta, ar cheart dóibh a bheith incháilithe chun tacaíocht airgeadais a fháil le haghaidh tástáil chomhordaithe ullmhachta ar leibhéal an Aontais. Ba cheart na hearnálacha nó na fo-earnálacha a roghnú ó na hearnálacha ardchriticiúlachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555. Ba cheart an tástáil chomhordaithe ullmhachta a bheith bunaithe ar chásanna riosca agus modheolaíochtaí coiteanna. Agus earnálacha á roghnú agus cásanna riosca á bhforbairt, ba cheart measúnuithe riosca agus cásanna riosca ábhartha uile-Aontais a chur i gcuntas, lena n-áirítear an gá atá le dúbláil a sheachaint, amhail an mheastóireacht riosca agus na cásanna riosca arna n-iarraidh sna conclúidí ón gComhairle maidir le seasamh cibearshlándála an Aontais a fhorbairt arna ndéanamh ag an gCoimisiún, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) agus an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, i gcomhar le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha sibhialta agus míleata agus líonraí bunaithe, lena n-áirítear EU-CyCLONe, chomh maith leis an measúnú riosca ar líonraí cumarsáide agus bonneagar cumarsáide arna iarraidh ag an nGlao Aireachta Comhpháirteach ó Nevers agus arna dhéanamh ag an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, le tacaíocht ón gCoimisiún agus ó ENISA, agus i gcomhar le Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach arna bhunú le Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), na measúnuithe riosca slándála comhordaithe ar leibhéal an Aontais atá le déanamh de bhun Airteagal 22 de Threoir (AE) 2022/2555 agus an tástáil athléimneachta digití oibríochtúla dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). Agus earnálacha á roghnú, ba cheart an Moladh ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe uile-Aontais chun go neartófaí athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a chur i gcuntas freisin. |
|
(35) |
Ina theannta sin, leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil i leith gníomhaíochtaí ullmhachta eile agus tacú le hullmhacht in earnálacha eile, nach gcumhdaítear le tástáil chomhordaithe ullmhachta eintiteas a oibríonn in earnálacha ardchriticiúlachta nó eintiteas a oibríonn in earnálacha criticiúla eile. D’fhéadfaí cineálacha éagsúla gníomhaíochta náisiúnta ullmhachta a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin. |
|
(36) |
Nuair a fhaigheann na Ballstáit deontais chun tacú le gníomhaíochtaí ullmhachta, féadfaidh eintitis in earnálacha ardchriticiúlachta páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí sin ar bhonn deonach. Is dea-chleachtas é go ndéanfaidh eintitis rannpháirteacha, tar éis na ngníomhaíochtaí sin, plean feabhsúcháin a tharraingt suas chun aon mholtaí a thagann as sin maidir le bearta sonracha a chur chun feidhme chun an tairbhe is mó is féidir a bhaint as an ngníomhaíocht ullmhachta. Cé go bhfuil sé tábhachtach go n-iarrfaidh na Ballstáit, mar chuid de na gníomhaíochtaí, go ndéanfadh eintitis rannpháirteacha pleananna feabhsúcháin den sórt sin a tharraingt suas agus a chur chun feidhme, ní chuirtear oibleagáid ar na Ballstáit ná ní chumhachtaítear dóibh leis an Rialachán seo iarrataí den sórt sin a fhorfheidhmiú. Tá iarrataí den sórt sin gan dochar do na ceanglais ar eintitis agus do chumhachtaí maoirseachta le haghaidh údaráis inniúla i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2555. |
|
(37) |
Leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil freisin le haghaidh gníomhaíochtaí freagartha ar theagmhais chun tionchar teagmhas suntasach cibearshlándála, teagmhas mórscála cibearshlándála agus teagmhas cibearshlándála coibhéiseach ar mhórscála a mhaolú, chun tacú le téarnamh tosaigh nó chun feidhmiú seirbhísí fíor-riachtanacha a athbhunú. I gcás inarb iomchuí, ba cheart leis an sásra sin UCPM a chomhlánú chun cur chuige cuimsitheach a áirithiú chun freagairt ar thionchar teagmhas ar shaoránaigh. |
|
(38) |
Ba cheart don Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála tacú le cúnamh teicniúil arna chur ar fáil ag Ballstát amháin do Bhallstát eile dá ndéanann teagmhas suntasach cibearshlándála nó teagmhas mórscála cibearshlándála difear, lena n-áirítear ag CSIRTanna dá dtagraítear in Airteagal 11(3), pointe (f) de Threoir (AE) 2022/2555. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a chuireann an cúnamh sin ar fáil iarrataí a chur isteach chun costais a bhaineann le foirne saineolaithe a sheoladh faoi chuimsiú an chúnaimh fhrithpháirtigh a chumhdach. D’fhéadfaí speansais taistil, lóistín agus liúntais laethúla saineolaithe cibearshlándála a áireamh ar na costais incháilithe. |
|
(39) |
I bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá ag gnóthais phríobháideacha maidir le teagmhais chibearshlándála mhórscála agus teagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála a bhrath agus maidir le hullmhú dóibh agus freagairt orthu, tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt don luach a bhaineann le comhar deonach pro bono leis na gnóthais sin, trína dtairgeann siad seirbhísí gan luach saothair i gcás teagmhas agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála agus teagmhas agus géarchéimeanna cibearshlándála coibhéiseacha ar mhórscála. D’fhéadfadh ENISA, i gcomhar le EU-CyCLONe, faireachán a dhéanamh ar éabhlóid na dtionscnamh pro bono sin agus comhlíonadh na gcritéar is infheidhme maidir le soláthraithe iontaofa seirbhísí slándála bainistithe faoin Rialachán seo a chur chun cinn, lena n-áirítear i ndáil le hiontaofacht gnóthas príobháideach, a dtaithí chomh maith leis an gcumas faisnéis íogair a láimhseáil ar bhealach slán. |
|
(40) |
Mar chuid den Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála, ba cheart Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a chur ar bun de réir a chéile, ina mbeidh seirbhísí ó sholáthraithe iontaofa seirbhísí slándála bainistithe chun tacú leis an bhfreagairt agus chun gníomhaíochtaí téarnaimh a thionscnamh i gcás teagmhas suntasach cibearshlándála, teagmhas mórscála cibearshlándála nó teagmhas cibearshlándála coibhéiseach ar mhórscála a dhéanann difear do na Ballstáit, d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí nó do ghníomhaireachtaí an Aontais, nó do thríú tíortha atá comhlachaithe le CED. Le Cúltaca Cibearshlándála an Aontais, ba cheart infhaighteacht agus ullmhacht seirbhísí a áirithiú. Ba cheart, dá bhrí sin, seirbhísí a ghealltar roimh ré a bheith ar áireamh ann, lena n-áirítear, mar shampla, acmhainneachtaí atá ar fuireachas agus ar féidir iad a imscaradh faoi ghearrfhógra. Ba cheart do na seirbhísí ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais tacú leis na húdaráis náisiúnta cúnamh a chur ar fáil d’eintitis dá ndéantar difear a oibríonn in earnálacha ardchriticiúlachta nó d’eintitis dá ndéantar difear a oibríonn in earnálacha criticiúla eile mar chomhlánú ar a ngníomhaíochtaí féin ar an leibhéal náisiúnta. Leis na seirbhísí ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, ba cheart a bheith in ann tacaíocht a thabhairt d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais freisin, faoi choinníollacha comhchosúla. D’fhéadfadh Cúltaca Cibearshlándála an Aontais rannchuidiú freisin le seasamh iomaíoch na hearnála tionsclaíochta agus seirbhísí san Aontas a neartú ar fud an gheilleagair dhigitigh, lena n-áirítear micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide chomh maith le gnólachtaí nuathionscanta, lena n-áirítear trí infheistíocht sa taighde agus sa nuálaíocht a dhreasú. Tá sé tábhachtach creat Eorpach ENISA um scileanna cibearshlándála a chur i gcuntas agus na seirbhísí do Chúltaca Cibearshlándála an Aontais á soláthar. Agus tacaíocht á hiarraidh acu ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, ba cheart d’úsáideoirí faisnéis iomchuí a chur san áireamh ina n-iarratas maidir leis an eintiteas dá ndéantar difear agus maidir leis an tionchar féideartha, faisnéis faoin tseirbhís a iarradh as an gCúltaca, agus an tacaíocht a tugadh don eintiteas dá ndéantar difear ar an leibhéal náisiúnta, agus ba cheart an tacaíocht sin a chur i gcuntas agus measúnú á dhéanamh ar an iarraidh ón iarratasóir. Chun comhlántacht a áirithiú le cineálacha eile tacaíochta atá ar fáil don eintiteas dá ndéantar difear, ba cheart a bheith san iarraidh freisin, i gcás ina mbeidh fáil orthu, faisnéis maidir le socruithe conarthacha atá i bhfeidhm le haghaidh freagairt ar theagmhais agus seirbhísí téarnaimh tosaigh, chomh maith le conarthaí árachais a d’fhéadfadh an cineál teagmhais sin a chumhdach. |
|
(41) |
Chun a áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtach as cistiú ón Aontas, ba cheart a bheith in ann seirbhísí réamhgheallta faoi Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a thiontú, i gcomhréir leis an gconradh ábhartha, ina seirbhísí ullmhachta a bhaineann le teagmhais a chosc agus freagairt orthu, i gcás nach n-úsáidfear na seirbhísí réamhgheallta sin le haghaidh freagairt ar theagmhais le linn na tréimhse a bhfuil siad réamhgheallta lena linn. Ba cheart na seirbhísí sin a bheith comhlántach leis na gníomhaíochtaí ullmhachta atá le bainistiú ag ECCC agus níor cheart dóibh na gníomhaíochtaí sin a dhúbláil. |
|
(42) |
Maidir le hiarrataí ar thacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais ó údaráis bainistíochta cibirghéarchéime na mBallstát agus CSIRTanna, nó ó CERT-EU, thar ceann institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, ba cheart don údarás conarthach measúnú a dhéanamh orthu. I gcás inar cuireadh de chúram ar ENISA Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a riar agus a oibriú, is é ENISA an t-údarás conarthach sin. Ba cheart don Choimisiún iarrataí ar thacaíocht ó thríú tíortha atá comhlachaithe le CED a mheasúnú. Chun cur isteach agus measúnú iarrataí ar thacaíocht a éascú, d’fhéadfadh ENISA ardán slán a bhunú. |
|
(43) |
I gcás ina bhfaightear iarrataí comhthráthacha iolracha, ba cheart na hiarrataí sin a chur in ord tosaíochta i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo. I bhfianaise chuspóirí ginearálta an Rialacháin seo, ba cheart a bheith ar áireamh sna critéir sin scála agus déine an teagmhais, an cineál eintitis dá ndéantar difear, tionchar féideartha an teagmhais ar na Ballstáit agus ar na húsáideoirí dá ndéantar difear, cineál féideartha trasteorann an teagmhais agus an riosca iarmharta, agus na bearta a rinne an t-úsáideoir cheana chun cabhrú leis an bhfreagairt agus leis an téarnamh tosaigh. I bhfianaise na gcuspóirí céanna sin agus ós rud é go bhfuil iarrataí ó úsáideoirí na mBallstát ceaptha go heisiach chun tacú, ar fud an Aontais, le heintitis a oibríonn in earnálacha ardchriticiúlachta nó eintitis a oibríonn in earnálacha criticiúla eile, is iomchuí tosaíocht níos airde a thabhairt d’iarrataí ó úsáideoirí na mBallstát i gcás ina measfar dhá iarraidh nó níos mó a bheith comhionann de réir na gcritéar sin. Tá an méid sin gan dochar d’aon oibleagáidí a d’fhéadfadh a bheith ag na Ballstáit, faoi chomhaontuithe óstacha ábhartha, chun bearta a dhéanamh chun institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a chosaint agus chun cúnamh a thabhairt dóibh. |
|
(44) |
Ba cheart don Choimisiún an fhreagracht fhoriomlán a bheith air as Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a chur chun feidhme. I bhfianaise na taithí fairsinge a fuair ENISA le gníomhaíocht tacaíochta cibearshlándála, is é ENISA an ghníomhaireacht is oiriúnaí chun Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún oibriú agus riar Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a chur de chúram go páirteach ar ENISA, nó go hiomlán, i gcás ina measann an Coimisiún gurb iomchuí sin. Ba cheart an cúram a chur i gcrích i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme faoi Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 agus go háirithe ba cheart é a bheith faoi réir na gcoinníollacha ábhartha i leith síniú comhaontú ranníocaíochta a bheith comhlíonta. Aon ghnéithe d’oibriú agus de riar Chúltaca Cibearshlándála an Aontais nach gcuirtear de chúram ar ENISA, ba cheart iad a bheith faoi réir bhainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún, lena n-áirítear sula síneofar an comhaontú ranníocaíochta. |
|
(45) |
Ba cheart ról lárnach a bheith ag na Ballstáit i mbunú, imscaradh agus iar-imscaradh Chúltaca Cibearshlándála an Aontais. Ós rud é gurb é Rialachán (AE) 2021/694 an bunghníomh le haghaidh gníomhaíochtaí lena gcuirtear Cúltaca Cibearshlándála an Aontais chun feidhme, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí faoi Chúltaca Cibearshlándála an Aontais sna cláir oibre ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/694. De bhun mhír 6 den Airteagal sin, glacfaidh an Coimisiún na cláir oibre sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, tosaíochtaí agus éabhlóid Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a chinneadh. |
|
(46) |
Níor cheart do na conarthaí a bhunaítear faoi chuimsiú Chúltaca Cibearshlándála an Aontais difear a dhéanamh don chaidreamh gnólacht le gnólacht ná do na hoibleagáidí atá ann cheana idir an t-eintiteas dá ndéantar difear nó úsáideoirí agus an soláthraí seirbhísí. |
|
(47) |
Chun soláthraithe seirbhísí príobháideacha a roghnú chun seirbhísí a sholáthar i gcomhthéacs Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, is gá tacar critéar íosta agus ceanglais a bhunú ar cheart iad a chur san áireamh sa ghlao ar thairiscintí chun na soláthraithe sin a roghnú, chun a áirithiú go bhfreastalófar ar na riachtanais atá ag údaráis na mBallstát, ag eintitis a oibríonn in earnálacha ardchriticiúlachta agus ag eintitis a oibríonn in earnálacha criticiúla eile. Chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na mBallstát, agus seirbhísí á soláthar acu le haghaidh Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, ba cheart don údarás conarthach, i gcás inarb iomchuí, critéir roghnúcháin agus ceanglais sa bhreis orthu sin a leagtar síos sa Rialachán seo a fhorbairt. Tá sé tábhachtach go spreagfaí rannpháirtíocht soláthraithe beaga atá gníomhach ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil. |
|
(48) |
Agus soláthraithe á roghnú le cur san áireamh i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais, ba cheart é a bheith d’aidhm ag an údarás conarthach a áirithiú go bhfuil soláthraithe i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais, ina iomláine, atá in ann freastal ar riachtanais teanga na n-úsáideoirí. Chuige sin, sula n-ullmhaíonn an t-údarás conarthach sonraíochtaí tairisceana, ba cheart dó a fhiosrú an bhfuil ceanglais shonracha teanga ag úsáideoirí féideartha Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, ionas gur féidir seirbhísí tacaíochta Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a sholáthar i dteanga as measc theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais nó na mBallstát, teanga ar dócha go dtuigfidh an t-úsáideoir nó an t-eintiteas dá ndéantar difear í. I gcás ina n-éilíonn úsáideoir níos mó ná teanga amháin chun seirbhísí tacaíochta Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a sholáthar agus gur soláthraíodh na seirbhísí sin sna teangacha sin don úsáideoir sin, ba cheart an t-úsáideoir a bheith in ann a shonrú, san iarraidh ar thacaíocht Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, cé acu de na teangacha sin ba cheart na seirbhísí a sholáthar maidir leis an teagmhas sonrach is cúis leis an iarraidh. |
|
(49) |
Chun tacú le bunú Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, tá sé tábhachtach go n-iarrfaidh an Coimisiún ar ENISA scéim iarrthach um dheimhniú cibearshlándála a ullmhú le haghaidh seirbhísí slándála bainistithe de bhun Rialachán (AE) 2019/881, sna réimsí a chumhdaítear leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála. |
|
(50) |
Chun tacú le cuspóirí an Rialacháin seo maidir le feasacht choiteann staide a chur chun cinn, athléimneacht an Aontais a fheabhsú agus freagairt éifeachtach ar theagmhais shuntasacha chibearshlándála agus teagmhais mhórscála chibearshlándála a chumasú, ba cheart don Choimisiún nó do EU-CyCLONe, a bheith in ann a iarraidh ar ENISA, le tacaíocht ó líonra CSIRTanna agus le formheas ó na Ballstáit lena mbaineann, athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar chibearbhagairtí, ar leochaileachtaí arb eol go bhféadfaí teacht i dtír orthu agus ar ghníomhaíochtaí maolaithe i ndáil le teagmhas suntasach cibearshlándála nó teagmhas mórscála cibearshlándála ar leith. Tar éis do ENISA athbhreithniú agus measúnú ar theagmhas a chur i gcrích, ba cheart dó tuarascáil ar athbhreithniú teagmhais a ullmhú, i gcomhar leis an mBallstát lena mbaineann, le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear ionadaithe ón earnáil phríobháideach, an Coimisiún agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile an Aontais. Agus an tuarascáil maidir le hathbhreithniú ar theagmhais shonracha ag tógáil ar an gcomhar le geallsealbhóirí, lena n-áirítear geallsealbhóirí ón earnáil phríobháideach, ba cheart é a bheith d’aidhm aici measúnú a dhéanamh ar chúiseanna, tionchar agus maolú teagmhais, tar éis dó tarlú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an ionchur agus ar na ceachtanna a chomhroinneann na soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe a chomhlíonann coinníollacha an ionracais ghairmiúil is airde, na neamhchlaontachta agus an tsaineolais theicniúil is gá mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart an tuarascáil a sheachadadh chuig EU-CyCLONe, chuig líonra CSIRTanna, agus chuig an gCoimisiún agus ba cheart í a úsáid chun cur lena gcuid oibre chomh maith le hobair ENISA. I gcás ina mbaineann an teagmhas le tríú tír atá comhlachaithe le CED, ba cheart don Choimisiún an tuarascáil a sholáthar don Ardionadaí freisin. |
|
(51) |
Agus cineál dothuartha cibirionsaithe á chur i gcuntas, agus ós rud é gur minic nach gcoinnítear i limistéar geografach sonrach iad agus go bhfuil riosca ard iarmharta ag baint leo, rannchuidítear leis an Aontas, ina iomláine, a chosaint, agus go háirithe a mhargadh inmheánach agus a thionsclaíocht, le neartú athléimneacht na dtíortha comharsanachta agus a n-acmhainneachta freagairt go héifeachtach do theagmhais shuntasacha chibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála ar mhórscála. D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí sin rannchuidiú a thuilleadh le cibearthaidhleoireacht an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart do thríú tíortha atá comhlachaithe le CED a bheith in ann tacaíocht a iarraidh ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, ina gcríocha uile nó i gcuid díobh, i gcás ina bhforáiltear dó sin sa chomhaontú trína bhfuil an tríú tír comhlachaithe le CED. Ba cheart don Aontas tacú leis an gcistiú do thríú tíortha atá comhlachaithe le CED faoi chuimsiú comhpháirtíochtaí ábhartha agus ionstraimí cistiúcháin do na tíortha sin. Leis an tacaíocht sin, ba cheart seirbhísí a chumhdach i réimse na freagartha ar theagmhais shuntasacha chibearshlándála nó teagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála agus i réimse an téarnaimh tosaigh uathu. |
|
(52) |
Na coinníollacha a leagtar síos le haghaidh Chúltaca Cibearshlándála an Aontais agus soláthraithe iontaofa seirbhísí slándála bainistithe sa Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith acu agus tacaíocht á tabhairt do thríú tíortha atá comhlachaithe le CED. Ba cheart do thríú tíortha atá comhlachaithe le CED a bheith in ann an tacaíocht a iarraidh ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais nuair is eintitis a oibríonn in earnálacha ardchriticiúlachta nó eintitis a oibríonn in earnálacha criticiúla eile iad na heintitis ar a ndírítear agus a bhfuil tacaíocht á hiarraidh acu ina leith ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais agus i gcás ina mbíonn suaitheadh oibríochtúil suntasach mar thoradh ar na teagmhais a bhraitear nó ina bhféadfadh éifeachtaí iarmharta a bheith acu san Aontas. Níor cheart do thríú tíortha atá comhlachaithe le CED a bheith incháilithe chun tacaíocht a fháil ach amháin i gcás ina ndéantar foráil shonrach do thacaíocht den sórt sin sa chomhaontú trína bhfuil siad comhlachaithe le CED. Ina theannta sin, níor cheart do na tríú tíortha sin a bheith incháilithe ach amháin fad a chomhlíontar trí chritéar. Ar an gcéad dul síos, ba cheart don tríú tír téarmaí ábhartha an chomhaontaithe sin a chomhlíonadh go hiomlán. Ar an dara dul síos, i bhfianaise chineál comhlántach Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, ba cheart bearta leormhaithe a bheith déanta ag an tríú tír chun ullmhú le haghaidh teagmhais shuntasacha chibearshlándála nó teagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála. Ar an tríú dul síos, ba cheart soláthar na tacaíochta as Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a bheith comhsheasmhach le beartas an Aontais i leith na tíre sin agus leis an gcaidreamh foriomlán léi agus le beartais eile an Aontais i réimse na slándála. I gcomhthéacs a mheasúnaithe ar chomhlíonadh an tríú critéar sin, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an Ardionadaí chun deonú na tacaíochta sin a ailíniú leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála. |
|
(53) |
Féadfaidh soláthar tacaíochta do thríú tíortha atá comhlachaithe le CED difear a dhéanamh don chaidreamh le tríú tíortha agus do bheartas slándála an Aontais, lena n-áirítear i gcomhthéacs an chomhbheartais eachtraigh agus slándála agus an chomhbheartais slándála agus cosanta. Dá réir sin, is iomchuí go dtabharfar cumhachtaí cur chun feidhme don Chomhairle chun an tréimhse inar féidir tacaíocht den sórt sin a chur ar fáil a údarú agus a shonrú. Ba cheart don Chomhairle gníomhú ar bhonn togra ón gCoimisiún, agus aird chuí á tabhairt ar mheasúnú an Choimisiúin ar na trí chritéar. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid céanna maidir le hathnuachaintí agus le tograí chun gníomhartha den sórt sin a leasú nó a aisghairm. I gcás ina measann an Chomhairle, in imthosca eisceachtúla, go bhfuil athrú suntasach tagtha ar na himthosca i ndáil leis an tríú critéar, ba cheart don Chomhairle a bheith in ann gníomhú ar a tionscnamh féin gníomh cur chun feidhme a leasú nó a aisghairm, gan fanacht le togra ón gCoimisiún. Is dócha go n-éileoidh athruithe suntasacha den sórt sin gníomhaíocht phráinneach, go mbeidh impleachtaí tábhachtacha ar leith acu ar an gcaidreamh le tríú tíortha, agus nach mbeidh gá le measúnú mionsonraithe roimh ré ón gCoimisiún ina leith. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún comhoibriú leis an Ardionadaí maidir le hiarrataí ar thacaíocht ó thríú tíortha atá comhlachaithe le CED agus cur chun feidhme na tacaíochta a dheonaítear do thríú tíortha den sórt sin. Ba cheart don Choimisiún aon tuairimí a chuirfidh ENISA ar fáil maidir leis na hiarrataí agus an tacaíocht sin a chur i gcuntas freisin. Ba cheart don Choimisiún an Chomhairle a chur ar an eolas faoi thoradh mheasúnú na n-iarrataí, lena n-áirítear breithnithe ábhartha arna ndéanamh ina leith sin, agus faoi na seirbhísí a chuirtear in úsáid. |
|
(54) |
Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2023 maidir leis an Acadamh Cibirscileanna, aithníodh an ganntanas gairmithe oilte. Tá gá leis na scileanna sin chun cuspóirí an Rialacháin seo a shaothrú. Tá géarghá ag an Aontas le gairmithe a bhfuil na scileanna agus na hinniúlachtaí acu chun cibirionsaithe a chosc, a bhrath, agus a dhíspreagadh agus chun an tAontas, lena n-áirítear an bonneagar is criticiúla atá aige, a chosaint ar ionsaithe den sórt sin agus chun a athléimneacht a áirithiú. Chuige sin, tá sé tábhachtach comhar a spreagadh i measc geallsealbhóirí, lena n-áirítear ón earnáil phríobháideach, ón saol acadúil agus ón earnáil phoiblí. Tá sé chomh tábhachtach céanna sineirgí a chruthú, i gcríocha uile an Aontais, chun infheistíocht a dhéanamh san oideachas agus san oiliúint chun cruthú coimircí a chur chun cinn chun imirce daoine oilte a sheachaint agus nach leathnaíonn an bhearna scileanna níos mó i roinnt réigiún ná i réigiúin eile. Tá sé práinneach an bhearna scileanna cibearshlándála a dhúnadh, agus béim ar leith á leagan ar an mbearna idir na hinscní sa lucht saothair cibearshlándála a laghdú chun láithreacht na mban agus rannpháirtíocht na mban i ndearadh an rialachais dhigitigh a chur chun cinn. |
|
(55) |
Chun borradh a chur faoin nuálaíocht sa Mhargadh Aonair Digiteach, tá sé tábhachtach taighde agus nuálaíocht sa chibearshlándáil a neartú d’fhonn rannchuidiú le hathléimneacht na mBallstát agus uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a mhéadú, ar cuspóirí de chuid an Rialacháin seo iad araon. Tá sineirgí ríthábhachtach chun comhar agus comhordú a neartú i measc na ngeallsealbhóirí éagsúla, lena n-áirítear ón earnáil phríobháideach, ón tsochaí shibhialta agus ón saol acadúil. |
|
(56) |
Ba cheart leis an Rialachán seo aird a thabhairt ar an tiomantas a leagtar amach sa Dearbhú Comhpháirteach an 26 Eanáir 2022 ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún dar teideal ‘Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití’ chun leasanna dhaonlathais, dhaoine, ghnólachtaí agus institiúidí poiblí an Aontais a chosaint ar rioscaí cibearshlándála agus ar chibearchoireacht, lena n-áirítear sáruithe sonraí agus goid nó cúbláil céannachta. |
|
(57) |
Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun cineálacha agus líon na seirbhísí freagartha is gá le haghaidh Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a shonrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (20). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(58) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun sonrú breise a dhéanamh ar na socruithe mionsonraithe nós imeachta chun seirbhísí tacaíochta Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a leithdháileadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21). |
|
(59) |
Gan dochar do na rialacha a bhaineann le buiséad bliantúil an Aontais faoi na Conarthaí, ba cheart don Choimisiún na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo a chur i gcuntas agus measúnú á dhéanamh aige ar riachtanais bhuiséadaithe agus foirne ENISA. |
|
(60) |
Ba cheart don Choimisiún meastóireacht thráthrialta a dhéanamh ar na bearta a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart an chéad mheastóireacht den sórt sin a dhéanamh sa chéad 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus gach 4 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin, agus uainiú an athbhreithnithe ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil arna bhunú de bhun Airteagal 312 CFAE á chur i gcuntas. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Chun measúnú a dhéanamh ar na heilimintí éagsúla is gá, lena n-áirítear méid na faisnéise a chomhroinntear laistigh den Chóras Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála, ba cheart don Choimisiún é féin a bhunú go heisiach ar fhaisnéis atá ar fáil go héasca nó a chuirtear ar fáil go deonach. Agus forbairtí geopholaitiúla á gcur i gcuntas agus chun leanúnachas agus forbairt bhreise na mbeart a leagtar síos sa Rialachán seo tar éis 2027 a áirithiú, tá sé tábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le buiséad iomchuí a leithdháileadh sa chreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh 2028 go 2034. |
|
(61) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon seasamh iomaíoch na n-earnálacha tionsclaíochta agus seirbhísí san Aontas a threisiú ar fud an gheilleagair dhigitigh agus rannchuidiú le ceannasacht theicneolaíoch agus uathriail straitéiseach oscailte an Aontais i réimse na cibearshlándála, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus cuspóirí
1. Leis an Rialachán seo, leagtar síos bearta chun acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a bhrath, chun ullmhú dóibh agus chun freagairt orthu, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
líonra uile-Eorpach de chibearmhoil (Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála) a bhunú chun cumais braite chomhordaithe agus feasachta coitinne staide a fhorbairt agus a fheabhsú; |
|
(b) |
Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála a bhunú chun tacú leis na Ballstáit ullmhú do theagmhais shuntasacha chibearshlándála agus teagmhais mhórscála chibearshlándála, freagairt orthu, tionchar na dteagmhas sin a mhaolú agus téarnamh uathu a thionscnamh agus chun tacú le húsáideoirí eile freagairt ar theagmhais shuntasacha chibearshlándála nó ar theagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála; |
|
(c) |
Sásra Eorpach um Athbhreithniú ar Theagmhais Chibearshlándála a bhunú chun athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar theagmhais shuntasacha chibearshlándála nó ar theagmhais mhórscála chibearshlándála. |
2. Saothraítear leis an Rialachán seo na cuspóirí ginearálta maidir le seasamh iomaíoch tionscail agus seirbhísí san Aontas a threisiú ar fud an gheilleagair dhigitigh, lena n-áirítear micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide mar aon le gnólachtaí nuathionscanta, agus rannchuidiú le ceannasacht theicneolaíoch agus uathriail straitéiseach oscailte an Aontais i réimse na cibearshlándála, lena n-áirítear trí bhorradh a chur faoin nuálaíocht sa Mhargadh Aonair Digiteach. Saothraítear leis na cuspóirí sin trí dhlúthpháirtíocht a neartú ar leibhéal an Aontais, an t-éiceachóras cibearshlándála a threisiú, cibear-athléimneacht na mBallstát a fheabhsú agus scileanna, fios gnó, cumais agus inniúlachtaí an lucht saothair a fhorbairt i ndáil leis an gcibearshlándáil.
3. Déanfar gnóthú na gcuspóirí ginearálta dá dtagraítear i mír 2 a shaothrú leis na cuspóirí sonracha seo a leanas:
|
(a) |
acmhainneachtaí braite comhordaithe coiteanna an Aontais agus feasacht choiteann staide ar chibearbhagairtí agus ar chibirtheagmhais a neartú; |
|
(b) |
ullmhacht eintiteas a oibríonn in earnálacha ardchriticiúlachta nó eintiteas a oibríonn in earnálacha criticiúla eile a threisiú ar fud an Aontais agus an dlúthpháirtíocht a neartú trí thástáil chomhordaithe ullmhachta agus acmhainneachtaí feabhsaithe freagartha agus téarnaimh a fhorbairt chun teagmhais shuntasacha chibearshlándála, teagmhais mhórscála chibearshlándála nó teagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála a láimhseáil, lena n-áirítear an fhéidearthacht tacaíocht freagartha ar theagmhais chibearshlándála an Aontais a chur ar fáil do thríú tíortha atá comhlachaithe le CED; |
|
(c) |
feabhas a chur ar athléimneacht an Aontais agus rannchuidiú le freagairt éifeachtach ar theagmhais trí athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar theagmhais shuntasacha chibearshlándála nó teagmhais mhórscála chibearshlándála, lena n-áirítear ceachtanna a foghlaimíodh agus, i gcás inarb iomchuí, moltaí a thabhairt. |
4. Déanfar na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo agus aird chuí á tabhairt ar inniúlachtaí na mBallstát agus beidh siad comhlántach leis na gníomhaíochtaí a dhéanann líonra CSIRTanna, EU-CyCLONe agus an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise.
5. Tá an Rialachán seo gan dochar do na feidhmeanna bunriachtanacha Stáit atá ag na Ballstáit, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú, an smacht reachta a chaomhnú agus an tslándáil náisiúnta a choimirciú. Fanfaidh an tslándáil náisiúnta, go háirithe, ina freagracht ar gach Ballstát faoi leith agus air siúd amháin.
6. Beidh comhroinnt nó malartú faisnéise atá rúnda faoin Rialachán seo de bhun rialacha an Aontais nó rialacha náisiúnta teoranta don mhalartú sin atá ábhartha agus comhréireach le cuspóir na comhroinnte nó an mhalartaithe sin. Le comhroinnt nó malartú faisnéise den sórt sin, caomhnófar rúndacht na faisnéise, agus cosnófar slándáil agus leasanna tráchtála na n-eintiteas lena mbaineann. Ní bhéarfaidh sé soláthar faisnéise a mbeadh a nochtadh contrártha do leasanna bunúsacha na mBallstát maidir leis an tslándáil náisiúnta, leis an tslándáil phoiblí nó leis an gcosaint.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘Cibearmhol Trasteorann’ ardán iltíre, arna bhunú le comhaontú cuibhreannais i scríbhinn lena dtugtar le chéile i struchtúr gréasáin comhordaithe Cibearmhoil Náisiúnta ó thrí Bhallstát ar a laghad, agus atá ceaptha chun faireachán, brath agus anailís ar chibearbhagairtí a fheabhsú chun teagmhais a chosc agus chun tacú le táirgeadh faisnéise maidir le cibearbhagairtí, go háirithe trí shonraí agus faisnéis ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, anaithnidithe a mhalartú, chomh maith le huirlisí úrscothacha a chomhroinnt agus cibearbhrath, anailís agus cumais choisc agus chosanta a fhorbairt go comhpháirteach i dtimpeallacht iontaofa; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘Cuibhreannas Óstach’ cuibhreannas atá comhdhéanta de Bhallstáit rannpháirteacha, a chomhaontaigh Cibearmhol Trasteorann a bhunú agus rannchuidiú le fáil uirlisí, bonneagair nó seirbhísí le haghaidh Cibearmhol Trasteorann agus lena oibriú. |
|
(3) |
ciallaíonn ‘CSIRT’ CSIRT arna ainmniú nó arna bhunú de bhun Airteagal 10 de Threoir (AE) 2022/2555; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘eintiteas’ eintiteas mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (38), de Threoir (AE) 2022/2555; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘eintitis a oibríonn in earnálacha ardchriticiúlachta’ na cineálacha eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘eintitis a oibríonn in earnálacha criticiúla eile’ na cineálacha eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘riosca’ riosca mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (9), de Threoir (AE) 2022/2555; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘cibearbhagairt’ cibearbhagairt mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán (AE) 2019/881; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘teagmhas’ teagmhas mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (6), de Threoir (AE) 2022/2555; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘teagmhas suntasach cibearshlándála’ teagmhas lena gcomhlíontar na critéir a leagtar amach in Airteagal 23(3) de Threoir (AE) 2022/2555; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘mórtheagmhas’ mórtheagmhas mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22); |
|
(12) |
ciallaíonn ‘teagmhas mórscála cibearshlándála’ teagmhas mórscála cibearshlándála mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (7), de Threoir (AE) 2022/2555; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘teagmhas cibearshlándála coibhéiseach ar mhórscála’, i gcás institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, mórtheagmhas agus, i gcás tríú tíortha atá comhlachaithe le CED, teagmhas is cúis le leibhéal suaite is mó ná acmhainneacht tríú tír atá comhlachaithe le CED freagairt air; |
|
(14) |
ciallaíonn ‘tríú tír atá comhlachaithe le CED’ tríú tír ar páirtí í i gcomhaontú leis an Aontas lena gceadaítear di a bheith rannpháirteach sa Chlár don Eoraip Dhigiteach de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2021/694; |
|
(15) |
ciallaíonn ‘údarás conarthach’ an Coimisiún nó, a mhéid atá oibriú agus riar Chúltaca Cibearshlándála an Aontais curtha de chúram ar ENISA de bhun Airteagal 14(5), ENISA; |
|
(16) |
ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí slándála bainistithe’ soláthraí seirbhísí slándála bainistithe mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (40), de Threoir (AE) 2022/2555; |
|
(17) |
ciallaíonn ‘soláthraithe iontaofa seirbhísí slándála bainistithe’ soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe a roghnaítear le háireamh i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 17. |
CAIBIDIL II
AN CÓRAS EORPACH UM RABHADH CIBEARSHLÁNDÁLA
Airteagal 3
An Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála a bhunú
1. Líonra uile-Eorpach bonneagair atá comhdhéanta de Chibearmhoil Náisiúnta agus Cibearmhoil Trasteorann a thagann le chéile ar bhonn deonach, bunófar an Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála chun tacú le forbairt ardchumas chun go gcuirfidh an tAontas feabhas ar chumais braite, anailíse agus próiseála sonraí i ndáil le cibearbhagairtí agus chun teagmhais a chosc san Aontas.
2. Déanfaidh an Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála an méid seo a leanas:
|
(a) |
rannchuidiú le cosaint níos fearr agus freagairt níos fearr ar chibearbhagairtí trí thacú le heintitis ábhartha, go háirithe CSIRTanna, líonra CSIRTanna, EU-CyCLONe agus na húdaráis inniúla arna n-ainmniú nó arna mbunú de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555, agus oibriú i gcomhar leo agus a gcumais a threisiú; |
|
(b) |
sonraí agus faisnéis ábhartha maidir le cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais ó fhoinsí éagsúla laistigh de na Cibearmhoil Trasteorann a chomhthiomsú agus faisnéis anailísithe nó chomhiomlánaithe a chomhroinnt trí Chibearmhoil Trasteorann, i gcás inarb ábhartha le líonra CSIRTanna; |
|
(c) |
táirgeadh faisnéise ardcháilíochta inghníomhaithe agus faisnéise maidir le cibearbhagairtí a bhailiú agus tacú leis, trí úsáid a bhaint as uirlisí úrscothacha agus ardteicneolaíochtaí, agus an fhaisnéis sin a chomhroinnt agus faisnéis maidir le cibearbhagairtí a chomhroinnt; |
|
(d) |
rannchuidiú le feabhas a chur ar bhrath comhordaithe cibearbhagairtí agus ar fheasacht choiteann staide ar fud an Aontais, agus le rabhaidh a eisiúint, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, trí mholtaí nithiúla a sholáthar d’eintitis; |
|
(e) |
seirbhísí agus gníomhaíochtaí a chur ar fáil do phobal na cibearshlándála san Aontas, lena n-áirítear rannchuidiú le harduirlisí agus ardteicneolaíochtaí, amhail uirlisí intleachta saorga agus anailísíochta sonraí, a fhorbairt. |
3. Tacófar le gníomhaíochtaí lena gcuirtear an Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála chun feidhme trí chistiú ón gClár don Eoraip Dhigiteach (CED) agus cuirfear chun feidhme iad i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/694, go háirithe Cuspóir Sonrach 3 de.
Airteagal 4
Cibearmhoil Náisiúnta
1. I gcás ina gcinnfidh Ballstát a bheith rannpháirteach sa Chóras Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála, ainmneoidh sé nó, i gcás inarb infheidhme, bunóidh sé Cibearmhol Náisiúnta chun críocha an Rialacháin seo.
2. Eintiteas aonair a bheidh i gCibearmhol Náisiúnta agus é ag gníomhú faoi údarás Ballstáit. Féadfaidh CSIRT, nó, i gcás inarb infheidhme, údarás náisiúnta bainistíochta cibirghéarchéime nó údarás inniúil eile arna ainmniú nó arna bhunú de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555, nó eintiteas eile a bheith i gceist. Beidh na nithe seo a leanas fíor i leith an Chibearmhoil Náisiúnta:
|
(a) |
beidh sé d’acmhainneacht aige gníomhú mar phointe tagartha agus mar thairseach chuig eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha eile ar an leibhéal náisiúnta chun faisnéis faoi chibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a bhailiú agus a anailísiú agus chun rannchuidiú le Cibearmhol Trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 5; agus |
|
(b) |
beidh sé in ann sonraí agus faisnéis atá ábhartha do chibearbhagairtí agus do chibirtheagmhais a bhrath, a chomhiomlánú agus a anailísiú, amhail faisnéis maidir le cibearbhagairtí, trí theicneolaíochtaí úrscothacha go háirithe a úsáid, agus é mar aidhm aige teagmhais a chosc. |
3. Mar chuid de na feidhmeanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh Cibearmhoil Náisiúnta comhoibriú le heintitis san earnáil phríobháideach chun sonraí agus faisnéis ábhartha a mhalartú chun cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a bhrath agus a chosc, lena n-áirítear comhoibriú le pobail earnála agus trasearnála de chuid eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2022/2555. I gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, féadfar sonraí teiliméadrachta, braiteora agus logála a áireamh san fhaisnéis a iarrann nó a fhaigheann Cibearmhoil Náisiúnta.
4. Geallfaidh Ballstát arna roghnú de bhun Airteagal 9(1) iarratas a dhéanamh ar a Chibearmhol Náisiúnta a bheith rannpháirteach i gCibearmhol Trasteorann.
Airteagal 5
Cibearmhoil Trasteorann
1. I gcás ina bhfuil trí Bhallstát ar a laghad tiomanta dá áirithiú go n-oibreoidh a gCibearmhoil Náisiúnta le chéile chun a gcuid gníomhaíochtaí cibearbhraite agus faireacháin ar bhagairtí a chomhordú, féadfaidh na Ballstáit sin Cuibhreannas Óstach a bhunú chun críocha an Rialacháin seo.
2. Beidh Cuibhreannas Óstach comhdhéanta de thrí Bhallstát rannpháirteacha ar a laghad a bhfuil sé comhaontaithe acu uirlisí, bonneagar agus seirbhísí a bhunú agus rannchuidiú le fáil uirlisí, bonneagair nó seirbhísí le haghaidh Cibearmhol Trasteorann, agus lena oibriú, i gcomhréir le mír 4.
3. I gcás ina roghnófar Cuibhreannas Óstach i gcomhréir le hAirteagal 9(3), tabharfaidh a chomhaltaí comhaontú cuibhreannais i scríbhinn i gcrích:
|
(a) |
lena leagfar amach na socruithe inmheánacha chun an comhaontú maidir le hóstáil agus úsáid dá dtagraítear in Airteagal 9(3) a chur chun feidhme; |
|
(b) |
lena mbunófar Cibearmhol Trasteorann an Chuibhreannais Óstaigh; agus |
|
(c) |
lena n-áireofar na clásail shonracha a cheanglaítear de bhun Airteagal 6(1) agus (2). |
4. Is éard a bheidh i gCibearmhol Trasteorann ardán iltíre arna bhunú le comhaontú cuibhreannais i scríbhinn dá dtagraítear i mír 3. Tabharfaidh sé le chéile i struchtúr líonra comhordaithe Cibearmhoil Náisiúnta Bhallstáit an Chuibhreannais Óstaigh. Dearfar é chun feabhas a chur ar an bhfaireachán, ar an mbrath agus ar an anailís a dhéantar ar chibearbhagairtí, chun teagmhais a chosc agus chun tacú le táirgeadh na faisnéise maidir le cibearbhagairtí, go háirithe trí shonraí agus faisnéis ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, anaithnidithe a mhalartú, chomh maith le trí uirlisí úrscothacha a chomhroinnt agus cumais chibearbhraite, anailíse, choisc agus chosanta a fhorbairt go comhpháirteach i dtimpeallacht iontaofa.
5. Déanfaidh comhalta den Chuibhreannas Óstach comhfhreagrach, ag gníomhú dó mar chomhordaitheoir, nó an Cuibhreannas Óstach má tá pearsantacht dhlítheanach aige, ionadaíocht ar Chibearmhol Trasteorann chun críoch dlíthiúil. Leithdháilfear freagracht as comhlíontacht an Chibearmhoil Trasteorann leis an Rialachán seo agus as an gcomhaontú maidir le hóstáil agus úsáid sa chomhaontú cuibhreannais i scríbhinn dá dtagraítear i mír 3.
6. Féadfaidh Ballstát dul isteach i gCuibhreannas Óstach atá ann cheana le comhaontú ó chomhaltaí an Chuibhreannais Óstaigh. Déanfar an comhaontú cuibhreannais i scríbhinn dá dtagraítear i mír 3 agus an comhaontú maidir le hóstáil agus úsáid a mhodhnú dá réir. Ní dhéanfaidh sé sin difear do chearta úinéireachta an Lárionaid Eorpaigh um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála (ECCC) ar na huirlisí, na bonneagair nó na seirbhísí arna soláthar go comhpháirteach leis an gCuibhreannas Óstach sin cheana.
Airteagal 6
Comhar agus comhroinnt faisnéise laistigh de Chibearmhoil Trasteorann agus eatarthu
1. Áiritheoidh comhaltaí Cuibhreannais Óstaigh go gcomhroinnfidh a gCibearmhoil Náisiúnta, i gcomhréir leis an gcomhaontú cuibhreannais i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 5(3), faisnéis ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, anaithnidithe, amhail faisnéis a bhaineann le cibearbhagairtí, neasteagmhais, leochaileachtaí, teicnící agus nósanna imeachta, táscairí maidir le cur i mbaol, teaicticí sáraíochta, faisnéis a bhaineann go sonrach le gníomhaithe bagartha, rabhaidh chibearshlándála agus moltaí maidir le cumraíocht uirlisí cibearshlándála chun cibirionsaithe a bhrath, ina measc féin laistigh den Chibearmhol Trasteorann i gcás ina ndéantar an méid seo a leanas le comhroinnt faisnéise den sórt sin:
|
(a) |
brath cibearbhagairtí a chothú agus a fheabhsú agus treisiú a dhéanamh ar chumais líonra CSIRTanna teagmhais a chosc agus freagairt orthu nó a dtionchar a mhaolú; |
|
(b) |
an leibhéal cibearshlándála a fheabhsú, mar shampla trí fheasacht a mhúscailt i ndáil le cibearbhagairtí, cumas scaipthe bagairtí den sórt sin a theorannú nó bac a chur leis, tacú le réimse cumas cosantach, feabhsúchán agus nochtadh leochaileachta, bagairtí a bhrath, teicnící srianta agus coisc, straitéisí maolaithe, céimeanna freagartha agus téarnaimh nó taighde comhoibritheach ar bhagairtí idir eintitis phoiblí agus phríobháideacha a chur chun cinn. |
2. Leis an gcomhaontú cuibhreannais i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 5(3), bunófar an méid seo a leanas:
|
(a) |
gealltanas faisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chomhroinnt i measc chomhaltaí an Chuibhreannais Óstaigh, agus na coinníollacha faoina gcomhroinnfear an fhaisnéis sin; |
|
(b) |
creat rialachais lena soiléireofar agus lena ndreasófar comhroinnt na faisnéise ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, anaithnidithe dá dtagraítear i mír 1 ag na rannpháirtithe uile; |
|
(c) |
spriocanna maidir le rannchuidiú le harduirlisí agus ardteicneolaíochtaí, amhail uirlisí intleachta saorga agus anailísíochta sonraí, a fhorbairt. |
Féadfar a shonrú sa chomhaontú cuibhreannais i scríbhinn go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chomhroinnt i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlí náisiúnta.
3. Déanfaidh Cibearmhoil Trasteorann comhaontuithe comhair a thabhairt i gcrích le chéile, lena sonrófar na prionsabail maidir le hidir-inoibritheacht agus comhroinnt faisnéise i measc na gCibearmhol Trasteorann. Cuirfidh Cibearmhoil Trasteorann an Coimisiún ar an eolas faoi na comhaontuithe comhair arna dtabhairt i gcrích.
4. Déanfar comhroinnt faisnéise dá dtagraítear i mír 1 idir Cibearmhoil Trasteorann a áirithiú trí ardleibhéal idir-inoibritheachta. Chun tacú leis an idir-inoibritheacht sin, eiseoidh ENISA, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, gan moill mhíchuí agus in aon chás an 5 Feabhra 2026, treoirlínte maidir le hidir-inoibritheacht lena sonrófar go háirithe formáidí agus prótacail comhroinnte faisnéise, agus caighdeáin idirnáisiúnta agus dea-chleachtais á gcur i gcuntas, chomh maith le feidhmiú aon Chibearmhol Trasteorann atá bunaithe. Beidh ceanglais idir-inoibritheachta dá bhforáiltear sna comhaontuithe comhair de Chibearmhoil Trasteorann bunaithe ar na treoirlínte arna n-eisiúint ag ENISA.
Airteagal 7
Comhar agus comhroinnt faisnéise le líonraí ar leibhéal an Aontais
1. Oibreoidh Cibearmhoil Trasteorann agus líonra CSIRTanna i ndlúthchomhar le chéile, go háirithe chun faisnéis a chomhroinnt. Chuige sin, tiocfaidh siad ar chomhaontú faoi shocruithe nós imeachta maidir le comhar agus comhroinnt faisnéise ábhartha agus, gan dochar do mhír 2, maidir leis na cineálacha faisnéise atá le comhroinnt.
2. I gcás ina bhfaigheann na Cibearmhoil Trasteorann faisnéis a bhaineann le teagmhas mórscála cibearshlándála a d’fhéadfadh a bheith ann nó atá fós ar siúl, áiritheoidh siad, chun críche feasachta coitinne staide, go soláthrófar faisnéis ábhartha chomh maith le luathrabhaidh d’údaráis na mBallstát agus don Choimisiún trí EU-CyCLONe agus líonra CSIRTanna gan moill mhíchuí.
Airteagal 8
Slándáil
1. Áiritheoidh na Ballstáit atá rannpháirteach sa Chóras Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála ardleibhéal cibearshlándála, lena n-áirítear rúndacht agus slándáil sonraí, chomh maith le slándáil fhisiciúil líonra an Chórais Eorpaigh um Rabhadh Cibearshlándála, agus áiritheoidh siad go ndéanfar an líonra a bhainistiú agus a rialú go leormhaith sa chaoi go gcosnófar ar bhagairtí é agus go n-áiritheofar slándáil an líonra sin agus slándáil na gcóras, lena n-áirítear slándáil na sonraí agus na faisnéise a chomhroinntear tríd an líonra.
2. Áiritheoidh na Ballstáit atá rannpháirteach sa Chóras Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála nach ndéanfaidh comhroinnt na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 6(1) laistigh den Chóras Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála le haon eintiteas seachas údarás nó comhlacht poiblí Ballstáit difear diúltach do leasanna slándála an Aontais ná na mBallstát.
Airteagal 9
Cistiú an Chórais Eorpaigh um Rabhadh Cibearshlándála
1. Tar éis glao ar léirithe spéise do Bhallstáit a bhfuil sé beartaithe acu a bheith rannpháirteach sa Chóras Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála, roghnóidh ECCC na Ballstáit chun páirt a ghlacadh le ECCC i soláthar comhpháirteach uirlisí, bonneagair nó seirbhísí, chun Cibearmhoil Náisiúnta a chur ar bun nó chun feabhas a chur ar chumais na gCibearmhol Náisiúnta a ainmnítear agus a bhunaítear de bhun Airteagal 4(1). Féadfaidh ECCC deontais a dhámhachtain ar na Ballstáit roghnaithe chun oibriú na n-uirlisí, an bhonneagair nó na seirbhísí sin a chistiú. Leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas, cumhdófar suas le 50 % de chostais fála na n-uirlisí, an bhonneagair nó na seirbhísí, agus suas le 50 % de na costais oibriúcháin. Déanfaidh na Ballstáit roghnaithe na costais eile a chumhdach. Sula seolfar an nós imeachta chun na huirlisí, an bonneagar nó na seirbhísí a fháil, tabharfaidh ECCC agus na Ballstáit roghnaithe comhaontú i gcrích maidir le hóstáil agus úsáid lena rialófar úsáid na n-uirlisí, an bhonneagair nó na seirbhísí.
2. I gcás nach bhfuil Cibearmhol Náisiúnta Ballstáit rannpháirteach i gCibearmhol Trasteorann laistigh de 2 bhliain ón dáta a fuarthas na huirlisí, an bonneagar nó na seirbhísí, nó a fuair sé cistiú deontais, cibé acu is túisce a tharla, ní bheidh an Ballstát incháilithe le haghaidh tacaíocht bhreise ón Aontas faoin gCaibidil seo go dtí go mbeidh sé tar éis dul isteach i gCibearmhol Trasteorann.
3. Tar éis glao ar léirithe spéise, roghnóidh ECCC Cuibhreannas Óstach chun páirt a ghlacadh i soláthar comhpháirteach uirlisí, bonneagair nó seirbhísí in éineacht le ECCC. Féadfaidh ECCC deontas a dhámhachtain ar an gCuibhreannas Óstach chun oibriú na n-uirlisí, an bhonneagair nó na seirbhísí sin a chistiú. Leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas, cumhdófar suas le 75 % de chostais fála na n-uirlisí, an bhonneagair nó na seirbhísí, agus suas le 50 % de na costais oibriúcháin. Déanfaidh an Cuibhreannas Óstach na costais eile a chumhdach. Sula seolfar an nós imeachta chun uirlisí, bonneagar nó seirbhísí a fháil, tabharfaidh ECCC agus an Cuibhreannas Óstach comhaontú i gcrích maidir le hóstáil agus úsáid lena rialófar úsáid na n-uirlisí, an bhonneagair nó na seirbhísí.
4. Ullmhóidh ECCC, gach dhá bhliain ar a laghad, mapáil ar na huirlisí, an bonneagar nó na seirbhísí is gá agus ar cháilíocht leormhaith chun Cibearmhoil Náisiúnta agus Cibearmhoil Trasteorann a bhunú nó cumas na Cibearmhol sin agus a n-infhaighteacht a fheabhsú, lena n-áirítear ó eintitis dhlítheanacha atá bunaithe nó a mheastar a bheith bunaithe sna Ballstáit agus atá faoi rialú ag na Ballstáit nó ag náisiúnaigh de chuid na mBallstát. Agus an mhapáil á hullmhú aige, rachaidh ECCC i gcomhairle le líonra CSIRTanna, le haon Chibearmhoil Trasteorann atá ann cheana, le ENISA agus leis an gCoimisiún.
CAIBIDIL III
SÁSRA UM ÉIGEANDÁIL CHIBEARSHLÁNDÁLA
Airteagal 10
An Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála a bhunú
1. Bunaítear Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála chun tacú le feabhas a chur ar athléimneacht an Aontais i leith cibearbhagairtí agus chun ullmhú do thionchar gearrthéarmach a bhíonn ag teagmhais shuntasacha chibearshlándála, teagmhais mhórscála chibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála, agus chun an tionchar sin a mhaolú, de mheon na dlúthpháirtíochta.
2. I gcás na mBallstát, cuirfear gníomhaíochtaí faoin Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála ar fáil arna iarraidh sin agus beidh siad comhlántach le hiarrachtaí agus gníomhaíochtaí na mBallstát chun ullmhú do theagmhais, freagairt orthu agus téarnamh uathu.
3. Tacófar leis na gníomhaíochtaí lena gcuirfear an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála chun feidhme le cistiú ó CED agus cuirfear chun feidhme iad i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/694, go háirithe Cuspóir Sonrach 3 de.
4. Déanfar na gníomhaíochtaí faoin Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála a chur chun feidhme go príomha trí ECCC i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/887. Mar sin féin, déanfaidh an Coimisiún agus ENISA gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme Cúltaca Cibearshlándála an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 11, pointe (b),den Rialachán seo a chur chun feidhme.
Airteagal 11
Cineálacha gníomhaíochta
Leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála, tacófar leis na cineálacha gníomhaíochta seo a leanas:
|
(a) |
gníomhaíochtaí ullmhachta, eadhon:
|
|
(b) |
gníomhaíochtaí lena dtacaítear le freagairt ar theagmhais shuntasacha chibearshlándála, teagmhais mhórscála chibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála agus lena dtionscnaítear téarnamh uathu, atá le soláthar ag soláthraithe iontaofa seirbhísí slándála bainistithe atá rannpháirteach i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais a bhunaítear faoi Airteagal 14; |
|
(c) |
gníomhaíochtaí lena dtacaítear le cúnamh frithpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 18. |
Airteagal 12
Tástáil ullmhachta chomhordaithe na n-eintiteas
1. Leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála, tacófar le tástáil ullmhachta chomhordaithe dheonach na n-eintiteas a oibríonn in earnálacha ardchriticiúlachta.
2. D’fhéadfadh gníomhaíochtaí ullmhachta, amhail tástáil treáite, agus measúnú ar bhagairtí a bheith i gceist leis an tástáil ullmhachta chomhordaithe.
3. Soláthrófar tacaíocht do ghníomhaíochtaí ullmhachta faoin Airteagal seo do na Ballstáit i bhfoirm deontas go príomha agus faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna cláir oibre ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/694.
4. Chun tacú le tástáil ullmhachta chomhordaithe na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 11, pointe (a)(i), den Rialachán seo ar fud an Aontais, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, EU-CyCLONe agus ENISA, na hearnálacha nó na fo-earnálacha lena mbaineann a shainaithint ó na hearnálacha ardchriticiúlachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2022/2555 a bhféadfar glao ar thograí chun deontais a dhámhachtain a eisiúint ina leith. Is ar bhonn deonach a bheidh na Ballstáit rannpháirteach sna glaonna ar thograí sin.
5. Agus na hearnálacha nó na fo-earnálacha dá dtagraítear i mír 4 á sainaithint aige, cuirfidh an Coimisiún i gcuntas measúnuithe riosca comhordaithe agus tástáil athléimneachta ar leibhéal an Aontais agus torthaí na measúnuithe nó na tástála sin.
6. Déanfaidh an Grúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise i gcomhar leis an gCoimisiún, le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) agus le ENISA, agus, laistigh de shainchúram a shainordaithe, le EU-CyCLONe, cásanna riosca agus modheolaíochtaí comhchoiteanna a fhorbairt le haghaidh na tástála ullmhachta comhordaithe dá dtagraítear in Airteagal 11, pointe (a)(i), agus, i gcás inarb iomchuí, le haghaidh gníomhaíochtaí ullmhachta eile dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) den Airteagal sin.
7. I gcás ina nglacann eintiteas a oibríonn in earnáil ardchriticiúlachta páirt go deonach i dtástáil ullmhachta chomhordaithe agus go mbíonn moltaí i leith bearta sonracha mar thoradh ar an tástáil sin, ar moltaí iad a d’fhéadfadh an t-eintiteas rannpháirteach a chomhtháthú i bplean feabhsúcháin, déanfaidh an t-údarás Ballstáit atá freagrach as an tástáil ullmhachta chomhordaithe, i gcás inarb iomchuí, athbhreithniú ar an obair leantach a dhéanfaidh na heintitis rannpháirteacha maidir leis na bearta sin d’fhonn ullmhacht a threisiú.
Airteagal 13
Gníomhaíochtaí ullmhachta eile
1. Leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála, tacófar le gníomhaíochtaí ullmhachta nach gcumhdaítear le hAirteagal 12. Áireofar ar na gníomhaíochtaí sin gníomhaíochtaí ullmhachta le haghaidh eintitis in earnálacha nach bhfuil sainaitheanta le haghaidh tástáil ullmhachta chomhordaithe de bhun Airteagal 12. D’fhéadfadh gníomhaíochtaí den sórt sin tacú le faireachán leochaileachta, faireachán riosca, cleachtaí agus oiliúint.
2. Déanfar tacaíocht do ghníomhaíochtaí ullmhachta faoin Airteagal seo a sholáthar do na Ballstáit arna iarraidh sin agus go príomha i bhfoirm deontas agus faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna cláir oibre ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/694.
Airteagal 14
Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a bhunú
1. Bunaítear Cúltaca Cibearshlándála an Aontais, chun cúnamh a thabhairt, arna iarraidh sin, d’úsáideoirí dá dtagraítear i mír 3 i dtaobh freagairt ar theagmhais shuntasacha chibearshlándála, teagmhais mhórscála chibearshlándála nó teagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála, nó tacaíocht a thabhairt ina leith sin, agus téarnamh ó theagmhais den sórt sin a thionscnamh.
2. Beidh seirbhísí freagartha ó sholáthraithe iontaofa seirbhísí slándála bainistithe i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais, ar soláthraithe iad a roghnófar i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 17(2). Féadfar seirbhísí réamhgheallta a áireamh i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais. Beifear in ann seirbhísí réamhgheallta soláthraí iontaofa seirbhísí slándála bainistithe a thiontú ina seirbhísí ullmhachta a bhaineann le teagmhais a chosc agus freagairt orthu i gcásanna nach n-úsáidtear na seirbhísí réamhgheallta sin le haghaidh freagairt ar theagmhais le linn na tréimhse a bhfuil na seirbhísí sin réamhgheallta ina leith. Beifear in ann Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a chur in úsáid arna iarraidh sin sna Ballstáit uile, in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus i dtríú tíortha atá comhlachaithe le CED dá dtagraítear in Airteagal 19(1).
3. Beidh úsáideoirí na seirbhísí arna soláthar ag Cúltaca Cibearshlándála an Aontais comhdhéanta de na nithe seo a leanas:
|
(a) |
údaráis bainistíochta cibirghéarchéime na mBallstát agus CSIRTanna dá dtagraítear, faoi seach, in Airteagal 9(1) agus (2) agus Airteagal 10 de Threoir (AE) 2022/2555; |
|
(b) |
CERT-EU i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841; |
|
(c) |
údaráis inniúla amhail foirne freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí agus údaráis bainistíochta cibirghéarchéime i dtríú tíortha atá comhlachaithe le CED i gcomhréir le hAirteagal 19(8). |
4. Is ar an gCoimisiún a bheidh an fhreagracht fhoriomlán as Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a chur chun feidhme. Cinnfidh an Coimisiún tosaíochtaí agus forbairt Chúltaca Cibearshlándála an Aontais i gcomhar leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise agus, i gcomhréir le ceanglais na n-úsáideoirí dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh sé maoirseacht ar chur chun feidhme an Chúltaca agus áiritheoidh sé comhlántacht, comhsheasmhacht, sineirgí agus naisc le gníomhaíochtaí tacaíochta eile faoin Rialachán seo chomh maith le gníomhaíochtaí agus cláir eile de chuid an Aontais. Déanfar na tosaíochtaí sin a athbhreithniú agus, más iomchuí, déanfar iad a athrú gach 2 bhliain. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na tosaíochtaí sin agus faoi aon athruithe a dhéantar orthu.
5. Gan dochar do fhreagracht fhoriomlán an Choimisiúin as cur chun feidhme Chúltaca Cibearshlándála an Aontais dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo agus faoi réir comhaontú ranníocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 19 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, cuirfidh an Coimisiún oibriú agus riar Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, ina iomláine nó i bpáirt, de chúram ar ENISA. Leanfaidh na gnéithe sin nach gcuirtear de chúram ar ENISA de bheith faoi réir bhainistíocht dhíreach an Choimisiúin.
6. Ullmhóidh ENISA, gach 2 bhliain ar a laghad, mapáil ar na seirbhísí is gá ó na húsáideoirí dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo. Áireofar leis an mapáil freisin infhaighteacht na seirbhísí sin, lena n-áirítear ó eintitis dhlítheanacha atá bunaithe nó a mheastar a bheith bunaithe sna Ballstáit agus atá faoi rialú ag na Ballstáit nó ag náisiúnaigh de chuid na mBallstát. Agus an infhaighteacht sin á mapáil ag ENISA, déanfaidh sé measúnú ar scileanna agus ar acmhainneacht lucht saothair cibearshlándála an Aontais atá ábhartha do chuspóirí Chúltaca Cibearshlándála an Aontais. Nuair a bheidh an mhapáil á hullmhú ag ENISA, rachaidh sé i gcomhairle leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, le EU-CyCLONe, leis an gCoimisiún agus, i gcás inarb infheidhme, leis an mBord Idirinstitiúideach um Chibearshlándáil (IICB) arna bhunú de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841. Agus infhaighteacht seirbhísí á mapáil ag ENISA, rachaidh sé i gcomhairle freisin le geallsealbhóirí ábhartha sa tionscal cibearshlándála, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe. Ullmhóidh ENISA mapáil chomhchosúil, tar éis dó an Chomhairle a chur ar an eolas agus tar éis dul i gcomhairle le EU-CyCLONe, leis an gCoimisiún agus, i gcás inarb ábhartha, leis an Ardionadaí, chun riachtanais na n-úsáideoirí dá dtagraítear i mír 3, pointe (c), den Airteagal seo a shainaithint.
7. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chineálacha agus líon na seirbhísí freagartha is gá le haghaidh Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a shonrú. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á n-ullmhú ag an gCoimisiún, cuirfidh sé an mhapáil dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo i gcuntas agus féadfaidh sé comhairle a mhalartú agus comhoibriú leis an nGrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise agus le ENISA.
Airteagal 15
Iarrataí ar thacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais
1. Féadfaidh na húsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3) seirbhísí a iarraidh ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais chun tacú le freagairt ar theagmhais shuntasacha chibearshlándála, teagmhais mhórscála chibearshlándála nó teagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála agus téarnamh uathu a thionscnamh.
2. Chun tacaíocht a fháil ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, déanfaidh na húsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3) gach beart iomchuí chun éifeachtaí an teagmhais a bhfuil an tacaíocht á hiarraidh ina leith a mhaolú, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, cúnamh teicniúil díreach a sholáthar, agus acmhainní eile chun cúnamh a thabhairt don fhreagairt ar an teagmhas agus d’iarrachtaí téarnaimh.
3. Déanfar iarrataí ar thacaíocht a tharchur chuig an údarás conarthach mar seo a leanas:
|
(a) |
i gcás na n-úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (a), den Rialachán seo, tríd an bpointe teagmhála aonair arna ainmniú nó arna bhunú de bhun Airteagal 8(3) de Threoir (AE) 2022/2555; |
|
(b) |
i gcás an úsáideora dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (b), déanfaidh an t-úsáideoir iarrataí den sórt sin a tharchur; |
|
(c) |
i gcás na n-úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (c), tríd an bpointe teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 19(9). |
4. I gcás iarrataí ó na húsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (a), cuirfidh na Ballstáit líonra CSIRTanna agus, i gcás inarb iomchuí, EU-CyCLONe ar an eolas faoi iarrataí a n-úsáideoirí ar fhreagairt ar theagmhais agus ar thacaíocht téarnaimh tosaigh de bhun an Airteagail seo.
5. Áireofar na nithe seo a leanas in iarrataí ar thacaíocht freagartha ar theagmhais agus ar thacaíocht téarnaimh tosaigh:
|
(a) |
faisnéis iomchuí maidir leis an eintiteas dá ndéantar difear agus tionchar féideartha an teagmhais ar na nithe seo a leanas:
|
|
(b) |
faisnéis maidir leis an tseirbhís iarrtha, mar aon le húsáid bheartaithe na tacaíochta iarrtha, lena n-áirítear léiriú ar na riachtanais mheasta; |
|
(c) |
faisnéis iomchuí faoi bhearta arna ndéanamh chun an teagmhas a n-iarrtar an tacaíocht ina leith a mhaolú, dá dtagraítear i mír 2; |
|
(d) |
i gcás inarb ábhartha, faisnéis atá ar fáil faoi chineálacha eile tacaíochta atá ar fáil don eintiteas a ndéantar difear dó. |
6. Déanfaidh ENISA, i gcomhar leis an gCoimisiún agus EU-CyCLONe, teimpléad a fhorbairt chun cur isteach na n-iarrataí ar thacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a éascú.
7. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe nós imeachta mionsonraithe a shonrú tuilleadh maidir leis an gcaoi a bhfuil seirbhísí tacaíochta Chúltaca Cibearshlándála an Aontais le hiarraidh agus an chaoi a bhfuil freagairt le tabhairt ar na hiarrataí sin de bhun an Airteagail seo, Airteagal 16(1) agus Airteagal 19(10), lena n-áirítear socruithe chun iarrataí den sórt sin a chur isteach agus chun na freagairtí agus na teimpléid le haghaidh na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 16(9) a sholáthar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24 (2).
Airteagal 16
An tacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a chur chun feidhme
1. I gcás na n-iarrataí ó úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointí (a) agus (b), déanfaidh an t-údarás conarthach iarrataí ar thacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a mheasúnú. Tarchuirfear freagra chuig na húsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointí (a) agus (b), gan mhoill agus in aon chás tráth nach déanaí ná 48 n-uair an chloig ón uair a chuirtear isteach an iarraidh chun éifeachtacht na tacaíochta a áirithiú. Cuirfidh an t-údarás conarthach torthaí an phróisis in iúl don Chomhairle agus don Choimisiún.
2. Maidir le faisnéis a chomhroinntear le linn seirbhísí Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a iarraidh agus a sholáthar, déanfaidh na páirtithe uile a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo an méid seo a leanas:
|
(a) |
úsáid agus comhroinnt na faisnéise sin a theorannú don mhéid is gá chun a n-oibleagáidí nó a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh faoin Rialachán seo; |
|
(b) |
gan aon fhaisnéis atá rúnda nó rúnaicmithe de bhun dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a úsáid ná a chomhroinnt ach amháin i gcomhréir leis an dlí sin; agus |
|
(c) |
malartú faisnéise éifeachtach, éifeachtúil agus slán a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, trí phrótacail comhroinnte faisnéise ábhartha, lena n-áirítear an prótacal soilse tráchta, a úsáid agus a urramú. |
3. Agus measúnú á dhéanamh ar iarrataí aonair faoi Airteagal 16(1) agus Airteagal 19(10), déanfaidh an t-údarás conarthach nó an Coimisiún, de réir mar is infheidhme, measúnú ar dtús i dtaobh an bhfuil na critéir dá dtagraítear in Airteagal 15(1) agus (2) comhlíonta. Más amhlaidh atá, déanfaidh sé measúnú ar fhad agus ar chineál na tacaíochta is iomchuí, ag féachaint don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 1(3), pointe (b), agus do na critéir seo a leanas, i gcás inarb ábhartha:
|
(a) |
scála agus déine an teagmhais; |
|
(b) |
cineál an eintitis dá ndéantar difear, agus tosaíocht níos airde á tabhairt do theagmhais lena ndéantar difear d’eintitis fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2022/2555; |
|
(c) |
tionchar féideartha an teagmhais ar an mBallstát nó na Ballstáit, ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais nó ar thríú tíortha atá comhlachaithe le CED dá ndéantar difear; |
|
(d) |
cineál féideartha trasteorann an teagmhais agus an riosca iarmharta do Bhallstáit eile, d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais nó do thríú tíortha atá comhlachaithe le CED; |
|
(e) |
na bearta arna ndéanamh ag an úsáideoir chun cúnamh a thabhairt don fhreagairt, agus iarrachtaí téarnaimh tosaigh, dá dtagraítear in Airteagal 15(2). |
4. Chun tús áite a thabhairt d’iarrataí, i gcás iarrataí comhthráthacha ó úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), cuirfear na critéir dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo i gcuntas, i gcás inarb ábhartha, gan dochar do phrionsabal an chomhair dhílis idir na Ballstáit agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. I gcás ina meastar go bhfuil dhá iarraidh nó níos mó comhionann faoi na critéir sin, tabharfar tosaíocht níos airde d’iarrataí ó úsáideoirí na mBallstát. I gcás inar cuireadh oibriú agus riar Chúltaca Cibearshlándála an Aontais de chúram ar ENISA, go hiomlán nó go páirteach, de bhun Airteagal 14(5, oibreoidh ENISA agus an Coimisiún i ndlúthchomhar le chéile chun tús áite a thabhairt d’iarrataí i gcomhréir leis an mír seo.
5. Soláthrófar seirbhísí Chúltaca Cibearshlándála an Aontais i gcomhréir le comhaontuithe sonracha idir an soláthraí iontaofa seirbhísí slándála bainistithe agus an t-úsáideoir dá dtugtar an tacaíocht faoi Chúltaca Cibearshlándála an Aontais. Féadfar na seirbhísí sin a sholáthar i gcomhréir le comhaontuithe sonracha idir an soláthraí iontaofa seirbhísí slándála bainistithe, an t-úsáideoir agus an t-eintiteas dá ndéantar difear. Áireofar ar gach comhaontú dá dtagraítear sa mhír seo, inter alia, coinníollacha dliteanais.
6. Beidh na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 5 bunaithe ar theimpléid arna n-ullmhú ag ENISA, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, le húsáideoirí eile Chúltaca Cibearshlándála an Aontais.
7. Ní iompróidh an Coimisiún, ENISA ná úsáideoirí Chúltaca Cibearshlándála an Aontais dliteanas conarthach i leith damáiste a dhéantar do thríú páirtithe leis na seirbhísí a sholáthraítear faoi chuimsiú chur chun feidhme Chúltaca Cibearshlándála an Aontais.
8. Ní fhéadfaidh úsáideoirí úsáid a bhaint as seirbhísí Chúltaca Cibearshlándála an Aontais arna soláthar mar fhreagairt ar iarraidh faoi Airteagal 15(1) ach amháin chun tacú le freagairt ar theagmhais shuntasacha chibearshlándála, teagmhais mhórscála chibearshlándála nó teagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála, agus téarnamh uathu a thionscnamh. Ní fhéadfaidh siad na seirbhísí sin a úsáid ach amháin i leith na nithe seo a leanas:
|
(a) |
eintitis a oibríonn in earnálacha ardchriticiúlachta nó eintitis a oibríonn in earnálacha criticiúla eile, i gcás úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (a), agus eintitis choibhéiseacha i gcás úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (c); agus |
|
(b) |
institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, i gcás an úsáideora dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (b). |
9. Laistigh de dhá mhí ó dheireadh tacaíochta, soláthróidh úsáideoirí a bhfuil tacaíocht faighte acu tuarascáil achomair ar an tseirbhís a soláthraíodh, ar na torthaí a baineadh amach agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh, mar a leanas:
|
(a) |
don Choimisiún, do ENISA, do líonra CSIRTanna agus do EU-CyCLONe i gcás úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (a); |
|
(b) |
don Choimisiún, do ENISA agus do IICB i gcás an úsáideora dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (b); |
|
(c) |
don Choimisiún i gcás úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (c). |
Déanfaidh an Coimisiún aon tuarascáil achomair a fhaigheann sé ó úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3) de bhun na chéad fhomhíre, pointe (c), den mhír seo a tharchur chuig an Ardionadaí.
10. I gcás ina gcuirfear oibriú agus riar Chúltaca Cibearshlándála an Aontais de chúram ar ENISA, go hiomlán nó go páirteach, de bhun Airteagal 14(5) den Rialachán seo, tuairisceoidh ENISA don Choimisiún agus rachaidh sé i gcomhairle leis ar bhonn tráthrialta ina leith sin. Sa chomhthéacs sin, seolfaidh ENISA láithreach chuig an gCoimisiún aon iarrataí a fhaigheann sé ó úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (c), den Rialachán seo agus, i gcás inar gá chun críocha beartaithe tosaíochta faoin Airteagal seo, aon iarrataí atá faighte aige ó úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (a) nó (b), den Rialachán seo. Beidh na hoibleagáidí sa mhír seo gan dochar d’Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/881.
11. I gcás úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointí (a) agus (b), tuairisceoidh an t-údarás conarthach don Ghrúpa Comhair maidir le Slándáil Gréasáin agus Faisnéise, ar bhonn tráthrialta agus faoi dhó sa bhliain ar a laghad, maidir le húsáid agus torthaí na tacaíochta.
12. I gcás na n-úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (c), tuairisceoidh an Coimisiún don Chomhairle agus cuirfidh sé an tArdionadaí ar an eolas ar bhonn tráthrialta agus faoi dhó sa bhliain ar a laghad, maidir le húsáid agus torthaí na tacaíochta.
Airteagal 17
Soláthraithe iontaofa seirbhísí slándála bainistithe
1. Le linn nósanna imeachta soláthair chun Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a bhunú, gníomhóidh an t-údarás conarthach i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 agus i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
|
(a) |
a áirithiú go mbeidh na seirbhísí a áirítear i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais, nuair a ghlactar iad ina n-iomláine, de chineál go n-áireofar i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais seirbhísí a fhéadfar a imscaradh i ngach Ballstát, agus ceanglais náisiúnta maidir le seirbhísí den sórt sin a sholáthar, lena n-áirítear maidir le teangacha, deimhniú nó creidiúnú, á gcur san áireamh go háirithe; |
|
(b) |
a áirithiú go gcosnófar leasanna bunriachtanacha slándála an Aontais agus a Bhallstát; |
|
(c) |
a áirithiú go dtabharfar breisluach an Aontais le Cúltaca Cibearshlándála an Aontais, trí rannchuidiú leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/694, lena n-áirítear forbairt scileanna cibearshlándála san Aontas a chur chun cinn. |
2. Agus seirbhísí á soláthar le haghaidh Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, cuirfidh an t-údarás conarthach na critéir agus ceanglais seo a leanas sna doiciméid soláthair:
|
(a) |
léireoidh an soláthraí go sealbhaíonn a phearsanra an leibhéal is airde ionracais ghairmiúil, neamhspleáchais agus freagrachta agus an inniúlacht theicniúil is gá chun na gníomhaíochtaí a dhéanamh ina réimse sonrach, agus go n-áirithítear buaine agus leanúnachas an tsaineolais chomh maith leis na hacmhainní teicniúla is gá; |
|
(b) |
comhlíonfaidh an soláthraí, agus aon fhochuideachtaí agus fochonraitheoirí ábhartha, na rialacha is infheidhme maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe agus beidh bearta iomchuí i bhfeidhm acu, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, comhaontuithe eatarthu, chun faisnéis rúnda a bhaineann leis an tseirbhís a chosaint, agus go háirithe fianaise, torthaí agus tuarascálacha; |
|
(c) |
cuirfidh an soláthraí cruthúnas leordhóthanach ar fáil go bhfuil a struchtúr rialaithe trédhearcach, nach dócha go gcuirfeadh sé isteach ar a neamhchlaontacht agus ar cháilíocht a sheirbhísí nó go mbeadh sé ina chúis le coinbhleachtaí leasa; |
|
(d) |
beidh imréiteach slándála iomchuí ag an soláthraí, ar a laghad i gcás an phearsanra atá beartaithe chun na seirbhísí a chur in úsáid, i gcás ina n-éileoidh Ballstát sin; |
|
(e) |
beidh an leibhéal ábhartha slándála ag an soláthraí le haghaidh a chóras TF; |
|
(f) |
beidh na crua-earraí agus na bogearraí is gá chun tacú leis an tseirbhís iarrtha ag an soláthraí, ar crua-earraí agus bogearraí iad nach mbeidh leochaileachtaí iontu arb eol go bhféadfaí teacht i dtír orthu, lena n-áireofar na nuashonruithe slándála is déanaí agus lena gcomhlíonfar, in aon chás, aon fhoráil is infheidhme de Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23); |
|
(g) |
beidh an soláthraí in ann a léiriú go bhfuil taithí aige ar sheirbhísí comhchosúla a sholáthar d’údaráis náisiúnta ábhartha, d’eintitis a oibríonn in earnálacha ardchriticiúlachta nó d’eintitis a oibríonn in earnálacha criticiúla eile; |
|
(h) |
beidh an soláthraí in ann an tseirbhís a sholáthar laistigh de thréimhse ama ghearr sna Ballstáit inar féidir leis an tseirbhís a sholáthar; |
|
(i) |
beidh an soláthraí in ann an tseirbhís a sholáthar i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais nó de chuid Ballstáit de réir mar a éilítear, i gcás inarb infheidhme, ag na Ballstáit nó ag na húsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointí (b) agus (c), i gcás inar féidir leis an soláthraí an tseirbhís a sholáthar; |
|
(j) |
nuair a bheidh scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála do sheirbhísí slándála bainistithe de bhun Rialachán (AE) 2019/881 i bhfeidhm, déanfar an soláthraí a dheimhniú i gcomhréir leis an scéim sin laistigh de thréimhse 2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm na scéime; |
|
(k) |
áireoidh an soláthraí sa tairiscint na coinníollacha tiontaithe le haghaidh aon seirbhísí freagartha ar theagmhais nár úsáideadh agus a d’fhéadfaí a thiontú ina seirbhísí ullmhachta a bhaineann go dlúth le freagairt ar theagmhais, amhail cleachtaí nó oiliúint. |
3. Chun seirbhísí a sholáthar do Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, féadfaidh an t-údarás conarthach, i gcás inarb iomchuí, critéir agus ceanglais a fhorbairt sa bhreis orthu sin dá dtagraítear i mír 2, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit.
Airteagal 18
Gníomhaíochtaí lena dtacaítear le cúnamh frithpháirteach
1. Leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála, soláthrófar tacaíocht do chúnamh teicniúil ó Bhallstát amháin do Bhallstát eile dá ndéanann teagmhas suntasach cibearshlándála nó teagmhas mórscála cibearshlándála difear, lena n-áirítear i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(3), pointe (f), de Threoir (AE) 2022/2555.
2. Soláthrófar an tacaíocht don chúnamh frithpháirteach teicniúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i bhfoirm deontas agus faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna cláir oibre ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/694.
Airteagal 19
Tacaíocht do thríú tíortha atá comhlachaithe le CED
1. Féadfaidh tríú tír atá comhlachaithe le CED tacaíocht a iarraidh ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais i gcás ina ndéantar foráil sa chomhaontú, trína bhfuil sí comhlachaithe le CED, maidir le rannpháirtíocht i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais. Áireofar sa chomhaontú sin forálacha lena gceanglófar ar an tríú tír atá comhlachaithe le CED lena mbaineann na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 2 agus 9 den Airteagal seo a chomhlíonadh. Chun críche rannpháirtíochta tríú tír i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais, féadfar comhlachas atá teoranta don chuspóir oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (g), de Rialachán (AE) 2021/694 a áireamh sa chomhlachas páirteach de thríú tír le CED.
2. Laistigh de 3 mhí tar éis an comhaontú dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt i gcrích agus in aon chás sula bhfaighidh siad aon tacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, tabharfaidh an tríú tír atá comhlachaithe le CED faisnéis don Choimisiún faoina chumais cibear-athléimneachta agus bainistithe riosca, lena n-áirítear faisnéis ar a laghad faoi bhearta náisiúnta arna ndéanamh chun ullmhú do theagmhais shuntasacha chibearshlándála nó teagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála, chomh maith le faisnéis faoi eintitis náisiúnta fhreagracha, lena n-áirítear foirne freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí nó eintitis choibhéiseacha, a gcumais agus na hacmhainní a leithdháiltear orthu. Soláthróidh an tríú tír atá comhlachaithe le CED nuashonruithe ar an bhfaisnéis sin ar bhonn tráthrialta agus uair sa bhliain ar a laghad. Soláthróidh an Coimisiún an fhaisnéis sin don Ardionadaí agus do ENISA chun cur i bhfeidhm mhír 11 a éascú.
3. Déanfaidh an Coimisiún measúnú tráthrialta, agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, ar na critéir seo a leanas i leith gach tríú tír atá comhlachaithe le CED dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
i dtaobh an bhfuil téarmaí an chomhaontaithe dá dtagraítear i mír 1 á gcomhlíonadh ag an tír sin, a mhéid a bhaineann na téarmaí sin le rannpháirtíocht i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais; |
|
(b) |
i dtaobh an bhfuil bearta leormhaithe déanta ag an tír sin chun ullmhú le haghaidh teagmhais shuntasacha chibearshlándála nó teagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála, bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2; agus |
|
(c) |
i dtaobh an bhfuil soláthar na tacaíochta comhsheasmhach le beartas an Aontais i leith na tíre sin agus leis an gcaidreamh foriomlán léi agus i dtaobh an bhfuil sé comhsheasmhach le beartais eile an Aontais i réimse na slándála. |
Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Ardionadaí agus an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír á dhéanamh aige, maidir leis an gcritéar dá dtagraítear i bpointe (c) den fhomhír sin.
I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go gcomhlíonann tríú tír atá comhlachaithe le CED na coinníollacha uile dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle chun gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le mír 4 lena n-údaraítear tacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais a sholáthar don tír sin.
4. Féadfaidh an Chomhairle na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 a ghlacadh. Beidh feidhm ag na gníomhartha cur chun feidhme sin ar feadh bliain amháin ar a mhéad. Féadfar iad a athnuachan. Féadfar a bheith ar áireamh orthu teorainn nach lú ná 75 lá ar líon na laethanta ar féidir tacaíocht a thabhairt ina leith mar fhreagairt ar iarraidh aonair.
Chun críocha an Airteagail seo, gníomhóidh an Chomhairle go gasta agus glacfaidh sí, mar riail, na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo laistigh d’ocht seachtaine den togra ábhartha ón gCoimisiún a bheith glactha de bhun mhír 3, an tríú fomhír.
5. Féadfaidh an Chomhairle gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 4 a leasú nó a aisghairm aon tráth, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún.
I gcás ina measfaidh an Chomhairle go bhfuil athrú suntasach ann maidir leis an gcritéar dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír, pointe (c), féadfaidh an Chomhairle gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 4 a leasú nó a aisghairm, ag gníomhú di ar thionscnamh cuí-réasúnaithe Ballstáit amháin nó níos mó.
6. Agus a cumhachtaí cur chun feidhme faoin Airteagal seo á bhfeidhmiú aici, cuirfidh an Chomhairle na critéir dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír, i bhfeidhm agus míneoidh sí a measúnú ar na critéir sin. Go háirithe, nuair a ghníomhaíonn sí ar a tionscnamh féin de bhun mhír 5, an dara fomhír, míneoidh an Chomhairle an t-athrú suntasach dá dtagraítear san fhomhír sin.
7. Comhlíonfar leis an tacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais do thríú tír atá comhlachaithe le CED aon choinníollacha sonracha a leagtar síos sa chomhaontú dá dtagraítear i mír 1.
8. Beidh údaráis inniúla amhail foirne freagartha ar theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí nó eintitis choibhéiseacha agus údaráis bhainistíochta cibirghéarchéime san áireamh in úsáideoirí ó thríú tíortha atá comhlachaithe le CED atá incháilithe chun seirbhísí a fháil ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais.
9. Gach tríú tír atá comhlachaithe le CED agus atá incháilithe do thacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, ainmneoidh sí údarás chun gníomhú mar phointe teagmhála aonair chun críche an Rialacháin seo.
10. Déanfaidh an Coimisiún iarrataí ar thacaíocht ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais faoin Airteagal seo a mheasúnú. Ní fhéadfaidh an t-údarás conarthach tacaíocht a thabhairt do thríú tír ach amháin i gcás ina mbeidh, agus fad a bheidh, gníomh cur chun feidhme ón gComhairle arna ghlacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo i bhfeidhm lena n-údaraítear an tacaíocht sin i leith na tíre sin. Tarchuirfear freagra chuig na húsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (c), gan moill mhíchuí.
11. Ar iarraidh ar thacaíocht faoin Airteagal seo a fháil, cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas láithreach. Coinneoidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas maidir leis an measúnú ar an iarraidh. Comhoibreoidh an Coimisiún freisin leis an Ardionadaí maidir leis na hiarrataí arna bhfáil agus maidir le cur chun feidhme na tacaíochta arna deonú do thríú tíortha atá comhlachaithe le CED ó Chúltaca Cibearshlándála an Aontais. Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún aon tuairimí a chuirfidh ENISA ar fáil i leith na n-iarrataí sin i gcuntas freisin.
Airteagal 20
Comhordúchán le sásraí bainistíochta géarchéime an Aontais
1. I gcás ina dtarlaíonn teagmhas suntasach cibearshlándála, teagmhas mórscála cibearshlándála nó teagmhas cibearshlándála coibhéiseach ar mhórscála de dheasca tubaiste mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, nó ina bhfuil tubaiste mar thoradh air, comhlánófar leis an tacaíocht dá bhforáiltear faoin Rialachán seo chun freagairt ar theagmhas den sórt sin gníomhaíochtaí faoin gCinneadh sin agus gan dochar dó.
2. I gcás teagmhas cibearshlándála mórscála nó teagmhas cibearshlándála coibhéiseach ar mhórscála ar ina leith a ghníomhachtaítear Socruithe Comhtháite an Aontais maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 (Socruithe IPCR), déanfar an tacaíocht a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo chun freagairt ar theagmhas den sórt sin a láimhseáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta ábhartha faoi Shocruithe IPCR.
CAIBIDIL IV
SÁSRA EORPACH UM ATHBHREITHNIÚ AR THEAGMHAIS CHIBEARSHLÁNDÁLA
Airteagal 21
Sásra Eorpach um Athbhreithniú ar Theagmhais Chibearshlándála
1. Arna iarraidh sin don Choimisiún nó do EU-CyCLONe, déanfaidh ENISA, le tacaíocht ó líonra CSIRTanna agus le formheas na mBallstát lena mbaineann, athbhreithniú agus measúnú ar chibearbhagairtí, ar leochaileachtaí arb eol go bhféadfaí teacht i dtír orthu agus ar ghníomhaíochtaí maolaithe i ndáil le teagmhas suntasach cibearshlándála nó teagmhas mórscála cibearshlándála ar leith. I ndiaidh athbhreithniú agus measúnú ar theagmhas a chur i gcrích agus é mar aidhm acu leas a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh chun teagmhais amach anseo a sheachaint nó a mhaolú, soláthróidh ENISA tuarascáil maidir le hathbhreithniú ar theagmhas do EU-CyCLONe, do líonra CSIRTanna, do na Ballstáit lena mbaineann agus don Choimisiún chun tacú leo a gcúraimí a dhéanamh, go háirithe i bhfianaise na gcúraimí a leagtar amach in Airteagail 15 agus 16 de Threoir (AE) 2022/2555. I gcás ina mbíonn tionchar ag teagmhas ar thríú tír atá comhlachaithe le CED, soláthróidh ENISA an tuarascáil don Chomhairle freisin. Sna cásanna sin, soláthróidh an Coimisiún an tuarascáil don Ardionadaí.
2. Chun an tuarascáil maidir le hathbhreithniú ar theagmhas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ullmhú, comhoibreoidh ENISA leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear ionadaithe ó na Ballstáit, an Coimisiún, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, an lucht tionscail, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí slándála bainistithe agus úsáideoirí seirbhísí cibearshlándála, agus baileoidh sé aiseolas uathu. I gcás inarb iomchuí, i gcomhar le CSIRTanna agus, i gcás inarb ábhartha, leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú nó arna mbunú de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555, comhoibreoidh ENISA le heintitis dá ndéanann teagmhais shuntasacha chibearshlándála nó teagmhais mhórscála chibearshlándála difear. Na hionadaithe a dtéitear i gcomhairle leo, nochtfaidh siad aon choinbhleacht leasa a d’fheadfadh a bheith ann.
3. Leis an tuarascáil maidir le hathbhreithniú ar theagmhas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cumhdófar athbhreithniú agus anailís ar an teagmhas cibearshlándála suntasach sonrach nó teagmhas mórscála cibearshlándála, lena n-áirítear na príomhchúiseanna, na leochaileachtaí arb eol go bhféadfaí teacht i dtír orthu agus na ceachtanna a foghlaimíodh. Áiritheoidh ENISA go gcomhlíonfaidh an tuarascáil dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta maidir le faisnéis íogair nó rúnaicmithe a chosaint. Má iarrann na Ballstáit ábhartha nó úsáideoirí eile dá dtagraítear in Airteagal 14(3) dá ndéanann an teagmhas difear amhlaidh, beidh na sonraí agus an fhaisnéis sa tuarascáil anaithnidithe. Ní áireofar ann aon mhionsonraí maidir le leochaileachtaí a dtagtar i dtír orthu go gníomhach agus atá fós neamhphaisteáilte.
4. I gcás inarb iomchuí, déanfar moltaí sa tuarascáil maidir le hathbhreithniú ar theagmhas chun seasamh cibearshlándála an Aontais a fheabhsú agus féadfar dea-chleachtais agus ceachtanna a foghlaimíodh ó gheallsealbhóirí ábhartha a áireamh uirthi.
5. Féadfaidh ENISA leagan den tuarascáil maidir le hathbhreithniú ar theagmhas atá ar fáil go poiblí a eisiúint. Ní bheidh sa tuarascáil sin ach faisnéis phoiblí iontaofa, nó faisnéis iontaofa eile le toiliú na mBallstát lena mbaineann agus, maidir le faisnéis a bhaineann le húsáideoir dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (b) nó (c), le toiliú an úsáideora sin.
CAIBIDIL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 22
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/694
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
|
(3) |
leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
|
|
(4) |
in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Leis an gClár, féadfar cistiú a sholáthar in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, lena n-áirítear go háirithe trí sholáthar mar phríomhfhoirm, nó deontais agus duaiseanna. I gcás inar gá earraí agus seirbhísí nuálacha a sholáthar chun cuspóir gníomhaíochta a bhaint amach, ní fhéadfar deontais a dhámhachtain ach ar thairbhithe arb údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha iad mar a shainmhínítear i dTreoracha 2014/24/AE (*3) agus 2014/25/AE (*4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. I gcás inar gá earraí nó seirbhísí nuálacha nach bhfuil ar fáil fós ar bhonn tráchtála ar mhórscála a sholáthar chun cuspóirí gníomhaíochta a bhaint amach, féadfaidh an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach dámhachtain conarthaí iomadúla a údarú laistigh den nós imeachta soláthair céanna. Ar chúiseanna slándála poiblí a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach a éileamh go mbeadh áit feidhmíochta an chonartha lonnaithe laistigh de chríoch an Aontais. Agus nósanna imeachta soláthair á gcur chun feidhme le haghaidh Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, féadfaidh an Coimisiún agus ENISA gníomhú mar chomhlacht lárnach ceannaigh chun soláthar a dhéanamh thar ceann nó in ainm tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán seo. Féadfaidh an Coimisiún agus ENISA gníomhú mar mhórdhíoltóir freisin, trí sholáthairtí agus seirbhísí a cheannach, a stocáil agus a athdhíol nó a dheonú, lena n-áirítear iad a ligean ar cíos, do na tríú tíortha sin. De mhaolú ar Airteagal 168(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5), is leor an iarraidh ó thríú tír aonair chun sainordú a thabhairt don Choimisiún nó do ENISA gníomhú. Agus nósanna imeachta soláthair á gcur chun feidhme le haghaidh Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, féadfaidh an Coimisiún agus ENISA gníomhú mar chomhlacht lárnach ceannaigh chun soláthar a dhéanamh thar ceann nó in ainm institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais. Féadfaidh an Coimisiún agus ENISA gníomhú mar mhórdhíoltóir freisin, trí sholáthairtí agus seirbhísí a cheannach, a stocáil agus a athdhíol nó a dheonú, lena n-áirítear iad a ligean ar cíos, d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais. De mhaolú ar Airteagal 168(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 is leor an iarraidh ó institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht aonair de chuid an Aontais chun sainordú a thabhairt don Choimisiún nó do ENISA gníomhú. Féadfaidh an Clár maoiniú i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha a sholáthar freisin. (*3) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65)." (*4) Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243)." (*5) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj)’." |
|
(5) |
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: ‘Airteagal 16a Coinbhleachtaí rialacha I gcás gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme an Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála, is iad na rialacha a leagtar amach in Airteagail 4, 5 agus 9 de Rialachán (AE) 2025/38 na rialacha is infheidhme. I gcás coinbhleacht idir forálacha an Rialacháin seo agus Airteagail 4, 5 agus 9 de Rialachán (AE) 2025/38., is ag Airteagail 4, 5 agus 9 den Rialachán sin a bheidh forlámhas agus beidh feidhm acu maidir leis na gníomhaíochtaí sonracha sin. I gcás Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, leagtar síos rialacha sonracha maidir le rannpháirtíocht tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár in Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2025/38. I gcás coinbhleacht idir forálacha an Rialacháin seo agus Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2025/38, beidh forlámhas ag Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2025/35 agus beidh feidhm aige maidir leis na gníomhaíochtaí sonracha sin.’ |
|
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19: ‘Airteagal 19 Deontais Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais agus féadfar suas le 100 % de na costais incháilithe a chumhdach leo, gan dochar do phrionsabal an chómhaoinithe a leagtar síos in Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais. Dámhfar agus bainisteofar deontais den sórt sin mar a shonraítear le haghaidh gach cuspóra shonraigh. Féadfaidh ECCC tacaíocht i bhfoirm deontas a dhámhachtain go díreach gan glao ar thograí do na Ballstáit arna roghnú de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2025/38 agus an Cuibhreannas Óstach dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2025/38, i gcomhréir le hAirteagal 195(1), pointe (d), den Rialachán Airgeadais. Féadfaidh ECCC tacaíocht i bhfoirm deontas le haghaidh an tSásra um Éigeandáil Chibearshlándála a dhámhachtain go díreach ar Bhallstáit gan glao ar thograí, i gcomhréir le hAirteagal 195(1), pointe (d), den Rialachán Airgeadais. Maidir le gníomhaíochtaí lena dtacaítear le cúnamh frithpháirteach dá bhforáiltear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2025/38, cuirfidh ECCC an Coimisiún agus ENISA ar an eolas faoi iarrataí ó na Ballstáit ar dheontais dhíreacha gan glao ar thograí. Maidir le gníomhaíochtaí lena dtacaítear le cúnamh frithpháirteach dá bhforáiltear in Airteagal 18, de Rialachán (AE) 2025/38, agus i gcomhréir le hAirteagal 193(2), an dara fomhír, pointe (a), den Rialachán Airgeadais, féadfar na costais, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, a mheas mar chostais incháilithe fiú más rud é gur tabhaíodh iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.’ |
|
(7) |
leasaítear Iarscríbhinní I agus II i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 23
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 14(7) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 5 Feabhra 2025. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 14(7) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 14(7) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 24
Nós imeachta coiste
1. An Coiste Comhordúcháin um an gClár don Eoraip Dhigiteach dá dtagraítear in Airteagal 31(1) de Rialachán (AE) 2021/694, tabharfaidh sé cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 25
Meastóireacht agus athbhreithniú
1. Faoin 5 Feabhra 2027 agus gach 4 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmiú na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
2. Áireofar go háirithe sa mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 na nithe seo a leanas:
|
(a) |
líon na gCibearmhol Náisiúnta agus na gCibearmhol Trasteorann arna mbunú, méid na faisnéise arna comhroinnt, lena n-áirítear, más féidir, an tionchar ar obair líonra CSIRTanna, agus a mhéid a rannchuidigh siad sin le brath coiteann agus feasacht choiteann staide an Aontais ar chibearbhagairtí agus ar chibirtheagmhais a neartú agus le teicneolaíochtaí úrscothacha a fhorbairt; agus úsáid an chistiúcháin ó CED le haghaidh uirlisí, bonneagar nó seirbhísí cibearshlándála arna soláthar go comhpháirteach; agus, má tá an fhaisnéis ar fáil, leibhéal an chomhair idir Cibearmhoil Náisiúnta agus pobail earnála agus trasearnála eintiteas fíor-riachtanach agus tábhachtach dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2022/2555; |
|
(b) |
úsáid agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí faoin Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála lena dtacaítear leis an ullmhacht, lena n-áirítear oiliúint, freagairt agus téarnamh tosaigh ar theagmhais shuntasacha chibearshlándála, teagmhais mhórscála chibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála choibhéiseacha ar mhórscála, lena n-áirítear úsáid an chistiúcháin ó CED agus na ceachtanna a foghlaimíodh agus na moltaí ó chur chun feidhme an tSásra um Éigeandáil Chibearshlándála; |
|
(c) |
úsáid agus éifeachtacht Chúltaca Cibearshlándála an Aontais maidir le cineál úsáideoirí, lena n-áirítear úsáid an chistiúcháin ó CED, glacadh seirbhísí, lena n-áirítear cineál na seirbhísí sin, an meán-am chun freagairt ar na hiarrataí agus chun Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a imscaradh, céatadán na seirbhísí a tiontaíodh ina seirbhísí ullmhachta a bhain le teagmhais a chosc agus freagairt orthu agus na ceachtanna a foghlaimíodh agus na moltaí ó chur chun feidhme Chúltaca Cibearshlándála an Aontais; |
|
(d) |
rannchuidiú an Rialacháin seo le staid iomaíoch an tionscail agus na seirbhísí san Aontas a neartú ar fud an gheilleagair dhigitigh, lena n-áirítear micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide mar aon le gnólachtaí nuathionscanta, agus an rannchuidiú leis an gcuspóir foriomlán scileanna agus acmhainneachtaí cibearshlándála an lucht saothair a threisiú. |
3. Ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an Rialachán seo a leasú.
Airteagal 26
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) Tuairim an 18 Aibreán 2023 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).
(2) IO C 349, 29.9.2023, lch. 167.
(3) IO C, C/2024/1049, 9.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1049/oj.
(4) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 2 Nollaig 2024.
(5) Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).
(6) Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013 maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2005/222/CGB ón gComhairle (IO L 218, 14.8.2013, lch. 8).
(7) Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).
(8) Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála (IO L 239, 19.9.2017, lch. 36).
(9) Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).
(10) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
(11) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/2092/oj).
(12) Rialachán (AE) 2021/887 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin (IO L 202, 8.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/887/oj).
(13) Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/1313/oj).
(14) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1993 ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Socruithe Comhtháite an Aontais Eorpaigh maidir le Freagairt Pholaitiúil ar Ghéarchéimeanna (IO L 320, 17.12.2018, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2018/1993/oj).
(15) Cinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle an 11 Nollaig 2017 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach (IO L 331, 14.12.2017, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/2315/oj).
(16) Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
(17) Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna cibearshlándála mórscála (IO L 239, 19.9.2017, lch. 36).
(18) Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC), lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 (IO L 321, 17.12.2018, lch. 1).
(19) Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1).
(20) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj? locale=ga.
(21) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj? locale=ga).
(22) Rialachán (AE, Euratom) 2023/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (IO L, 2023/2841, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2841/oj?locale=ga).
(23) Rialachán (AE) 2024/2847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013 agus (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht) (IO L, 2024/2847, 20.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2847/oj.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na roinne ‘Cuspóir Sonrach 3 – an Chibearshlándáil agus Iontaoibh’: ‘Cuspóir Sonrach 3 – an Chibearshlándáil agus Iontaoibh Leis an gClár, spreagfar treisiú, tógáil agus fáil acmhainneachtaí bunriachtanacha chun geilleagar digiteach, sochaí agus daonlathas an Aontais a áirithiú trí acmhainneacht thionsclaíoch agus iomaíochas cibearshlándála an Aontais a threisiú, agus trí chumais na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí araon a fheabhsú chun saoránaigh agus gnólachtaí a chosaint ar chibearbhagairtí, lena n-áirítear trí thacú le Treoir (AE) 2016/1148 a chur chun feidhme. Áireofar an méid seo a leanas sna gníomhaíochtaí tosaigh agus, i gcás inarb iomchuí, sna gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin faoin gcuspóir seo:
|
|
(2) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na roinne ‘Cuspóir Sonrach 3 – an Chibearshlándáil agus Iontaoibh’: ‘Cuspóir Sonrach 3 – an Chibearshlándáil agus Iontaoibh
|
Tá ráiteas déanta maidir leis an gníomh seo agus is féidir teacht ar i IO C, C/2025/308, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/308/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/38/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)