Eureka 32025R0040 Sign in

monaróir

as defined in Rialachán (AE) 2025/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig…, Article 3(1), point (13) (Sainmhínithe)

(13)

ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn pacáistíocht nó táirge pacáistithe; mar sin féin:

(a)

faoi réir phointe (b), i gcás ina ndeartar nó ina monaraítear don duine nádúrtha nó dlítheanach sin pacáistíocht nó táirge pacáistithe faoi ainm nó faoi thrádmharc an duine sin, gan beann ar aon trádmharcanna eile a bheith infheicthe ar an bpacáistíocht nó ar an táirge pacáistithe, ciallaíonn ‘monaróir’ an duine nádúrtha nó dlítheanach sin;

(b)

i gcás, maidir leis an duine nádúrtha nó dlítheanach a ndeartar nó a monaraítear an phacáistíocht nó an táirge pacáistithe faoi ainm nó faoi thrádmharc an duine sin, ina dtagann sé faoin sainmhíniú ar mhicrifhiontar a leagtar amach i Moladh 2003/361/CE de réir mar is infheidhme an 11 Feabhra 2025, agus ina bhfuil an duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn an phacáistíocht don duine nádúrtha nó dlítheanach a ndeartar nó a monaraítear an phacáistíocht faoi nó faoi thrádmharc an duine sin lonnaithe sa Bhallstát céanna, ciallaíonn ‘monaróir’ an duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn an phacáistíocht;

Open in the act with Eureka

Install the extension for EUR-Lex

Also defined in