Eureka 32025R0040 Sign in

pacáistíocht

as defined in Rialachán (AE) 2025/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig…, Article 3(1), point (1) (Sainmhínithe)

(1)

ciallaíonn ‘pacáistíocht’ earra, gan beann ar na hábhair as a ndearnadh é, a bhfuil sé beartaithe é a bheith á úsáid ag oibreoir eacnamaíoch chun táirgí a choimeád, a chosaint, a láimhseáil, a sheachadadh nó a chur i láthair chuig oibreoir eacnamaíoch eile nó chuig úsáideoir deiridh agus ar féidir é a idirdhealú ina fhormáid phacáistíochta bunaithe ar an bhfeidhm, ábhar agus dearadh atá aige, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

earra atá riachtanach chun táirge a choimeád, chun tacú leis nó chun an táirge a chaomhnú le linn a shaolré gan bheith ina chuid bhunúsach den táirge, agus a bhfuil sé beartaithe é a úsáid, a thomhailt nó a dhiúscairt in éineacht leis an táirge;

(b)

comhpháirt, agus cuid choimhdeacha, d’earra dá dtagraítear i bpointe (a) atá comhtháite san earra;

(c)

cuid choimhdeach d’earra dá dtagraítear i bpointe (a) a chuirtear ar crochadh ar an táirge go díreach, nó a cheanglaítear go díreach den táirge, a bhfuil feidhm phacáistíochta aige gan bheith ina chuid bhunúsach den táirge, agus a bhfuil sé beartaithe é a úsáid, a thomhailt nó a dhiúscairt in éineacht leis an táirge;

(d)

earra atá deartha agus a bheartaítear lena líonadh ag an díolphointe chun an táirge a dháileadh, dá ngairtear ‘pacáistíocht seirbhíse’ freisin;

(e)

earra indiúscartha a dhíoltar, a líontar nó a dheartar chun é a líonadh ag an díolphointe, agus a bhfuil feidhm phacáistíochta aige;

(f)

aonad aon fhreastail mála tae nó caife tréscaoilteach nó mála deochanna eile, nó córas bog iarúsáide ina gcoinnítear táirge tae, caife nó deoch eile, agus a bhfuil sé beartaithe é a úsáid agus a dhiúscairt in éineacht leis an táirge;

(g)

aonad aon fhreastail mála tae nó caife neamh-thréscaoilteach, nó córais dí eile, agus a bhfuil sé beartaithe é a úsáid i meaisín agus a dhéantar a úsáid agus a dhiúscairt in éineacht leis an táirge;

Open in the act with Eureka

Install the extension for EUR-Lex

Also defined in