Eureka 32025R0101 Sign in
European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/101

31.1.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/101 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Samhain 2024

lena gcoigeartaítear na ranníocaíochtaí chun an Ciste Speisialta Dífhostaíochta a mhaoiniú a leagtar amach faoi Airteagail 28a agus 96 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (1), agus go háirithe Airteagal 112 de na Rialacháin Foirne agus Airteagail 28a agus 96 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Rialacháin Foirne,

Tar éis dul i gcomhairle leis na hionadaithe foirne ó institiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais Eorpaigh,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 28a(11) agus Airteagal 96(11) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, chuir an Coimisiún isteach tuarascáil (2) ar staid airgeadais na scéime sochar dífhostaíochta le haghaidh iarbhaill den fhoireann shealadach nó iarbhaill foirne ar conradh agus iarchúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe atá dífhostaithe i ndiaidh fhoirceannadh a seirbhíse in institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh.

(2)

Léiríonn an tuarascáil sin go bhfuil gá le coigeartú ar na ranníocaíochtaí a íocann baill foirne shealadacha, baill foirne ar conradh agus cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe leis an gCiste Dífhostaíochta chun leasa iarmhéid na scéime, ag cur san áireamh iarmhéid carnach an Chiste Dífhostaíochta le linn na tréimhse a scrúdaíodh.

(3)

Mar chuid den choigeartú ar na ranníocaíochtaí leis an scéim um árachas dífhostaíochta tá measúnú ar fhachtóirí casta beartais eacnamaíoch agus acmhainní daonna.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 28a(7) agus Airteagal 96(7) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar na ranníocaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 28a(7) agus in Airteagal 96(7) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a choigeartú go 0,51 % trí na forálacha seo a leasú mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt d’Airteagal 28a(7):

‘Socrófar an ranníocaíocht sin ar 0,51 % de bhuntuarastal an duine lena mbaineann tar éis liúntas caighdeánach EUR 1 585,45 a asbhaint gan na comhéifeachtaí ceartúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 64 de na Rialacháin Foirne a chur san áireamh.’

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt d’Airteagal 96(7):

‘Socrófar an ranníocaíocht sin ar 0,51 % de bhuntuarastal an duine lena mbaineann tar éis liúntas caighdeánach EUR 1 189,08 a asbhaint gan na comhéifeachtaí ceartúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 64 de na Rialacháin Foirne a chur san áireamh.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an chéad lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Samhain 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 56, 4.3.1968, lch. 1., ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1968/259(1)/oj.

(2)  Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – Tuarascáil 2017-2022 ar staid airgeadais na scéime sochar dífhostaíochta le haghaidh iarbhaill den fhoireann shealadach nó iarbhaill foirne ar conradh agus iarchúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe atá dífhostaithe i ndiaidh fhoirceannadh a seirbhíse in institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh (COM(2024) 54 an 6 Feabhra 2024).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/101/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)