|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1420 |
18.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1420 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Iúil 2025
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bunú agus oibriú na mboscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach) (1), agus go háirithe Airteagal 12(10) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2024/903 tugadh isteach na boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta mar bheart tacaíochta nuálaíochta chun feabhas a chur ar fhorbairt réiteach idir-inoibritheachta nuálach agus ar idir-inoibritheacht trasteorann seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha. |
|
(2) |
Chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais shonracha nuálaíochta trasteorann agus a bhaineann le hidir-inoibritheacht atá ag údaráis earnála poiblí, féadfaidh comhlachtaí earnála poiblí nó eintitis de chuid an Aontais bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a bhunú de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2024/903. Is fóraim iad boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta chun foghlaim rialála a chruthú atá bunaithe ar shonraí a thagann ó thionscadail spriocdhírithe atá dírithe ar réitigh idir-inoibritheachta nuálacha a fhorbairt, a oiliúint, a thástáil nó a bhailíochtú. Maidir le réitigh idir-inoibritheachta, d’fhéadfadh baint a bheith ag an nuálaíocht sin le gach sraith idir-inoibritheachta (dlíthiúil, eagraíochtúil, séimeantach nó teicniúil), i gcás inar féidir a mheas faoin eilimint nuálach sin go bhfuil ní éigin nua á thabhairt isteach nó go bhfuil ní éigin atá feabhsaithe go mór á thabhairt isteach. Chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil ní éigin nua nó feabhsaithe, tá an comhthéacs ábhartha mar go bhféadfadh rud atá nuálach in earnáil nó i mBallstát amháin a bheith coitianta in earnáil nó i mBallstát eile. Is féidir leis na boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta caoi a thabhairt chun triail a bhaint as raon leathan réiteach idir-inoibritheachta nuálach atá in ann tacú ar bhealach níos fearr le hidir-inoibritheacht trasteorann seirbhísí poiblí. Forbraíonn bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta bunaithe ar cheisteanna rialála oscailte, go háirithe i gcomhthéacsanna trasteorann a phléitear leis na rialtóirí ábhartha a d’fhéadfadh teacht ó earnálacha éagsúla, ó leibhéil riaracháin éagsúla agus ó Bhallstáit éagsúla. I gcás nach bhfuil gá ach le turgnamhaíocht theicniúil, d’fhéadfadh turgnamhaíocht den sórt sin tarlú ar bhealaí eile, amhail binsí tástála nó saotharlanna nuálaíochta, agus níl bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta ag teastáil. I gcomhréir le hAirteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2024/903, is éard atá i mboscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta, mar réamhshocrú, iarrachtaí comhpháirteacha roinnt eintiteas de chuid an Aontais agus/nó comhlachtaí earnála poiblí a oibríonn le chéile i dtreo níos mó deimhneachta dlíthiúla faoi chuimsiú bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta. Sa chiall sin, bunaítear boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta trí chomhaontuithe sonracha idir na heintitis chomhoibritheacha éagsúla (amhail Meabhrán Tuisceana). Is féidir leis an gcomhar laistigh de na boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta cur leis na sásraí comhair trasteorann atá ann cheana. Ar an gcúis sin, is féidir le comhlachtaí earnála poiblí nó eintitis de chuid an Aontais atá i gcuibhreannas (e.g. Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach nó Grúpáil Eorpach um Chomhar Críochach) bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a bhunú freisin. |
|
(3) |
Chun an nuálaíocht a chothú, tá roinnt boscaí gainimh rialála náisiúnta agus uile-Aontais bunaithe nó tá siad á mbunú faoi ionstraimí reachtacha éagsúla de chuid an Aontais, amhail Bosca Gainimh Rialála Blocshlabhra an Aontais, bunú boscaí gainimh rialála intleachta saorga faoi Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus bunú na mboscaí gainimh rialála glan-nialasachta chun nuálaíocht a chur chun cinn i réimse na dteicneolaíochtaí glan-nialasachta faoi Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) ach gan bheith teoranta dóibh sin. Cé go bhféadfadh roinnt boscaí gainimh rialála a bheith earnálach, díríonn na boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta arna mbunú faoi Rialachán (AE) 2024/903 go sonrach ar réitigh nuálacha le haghaidh seirbhísí poiblí digiteacha Tras-Eorpacha. Chun ailíniú le cuspóirí Rialachán (AE) 2024/903 a áirithiú, ní mór do na boscaí gainimh sin critéir shonracha a chomhlíonadh. Feidhmíonn na critéir sin chun a chinneadh cé na boscaí gainimh rialála a bheidh le feiceáil ar an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach agus a ndéanfaidh an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach, arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2024/903, faireachán orthu. Na seicliostaí dá bhforáiltear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin agus leis na treoirlínte agus na soiléirithe a fhéadfaidh an Coimisiún a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2024/903, tacaíonn siad le comhlachtaí earnála poiblí agus le heintitis an Aontais measúnú a dhéanamh ar a gcomhlíontacht leis na critéir sin. Cuireann sé sin ar a chumas don Choimisiún a chúram a chomhlíonadh faoi Airteagal 12(9) de Rialachán (AE) 2024/903 maidir lena áirithiú go mbeidh faisnéis maidir leis na boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta ar fáil ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach. Ní hionann boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta a bheith á seiceáil agus á n-údarú ag an gCoimisiún agus measúnú ar dhlíthiúlacht ghníomhaíochtaí na rannpháirtithe laistigh de na boscaí gainimh sin. Leanfaidh na rannpháirtithe uile de bheith faoi dhliteanas iomlán as a gcuid gníomhaíochtaí mar a leagtar amach in Airteagal 12(5) de Rialachán (AE) 2024/903. Ní dhéanfar difear do chumhachtaí maoirseachta agus ceartaitheacha na n-údarás inniúil ar na boscaí gainimh sin, i gcomhréir le hAirteagal 12(4) de Rialachán (AE) 2024/903. |
|
(4) |
Cé gur féidir le boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta fóram a sholáthar le haghaidh cineálacha éagsúla comhair idir na comhordaitheoirí bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, na rialtóirí faoi seach agus gníomhaithe eile, is é is cuspóir don chomhaontú sonrach lena mbunaítear an bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta na modhanna oibre atá beartaithe idir na comhordaitheoirí bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta agus gníomhaithe eile a leagan amach go soiléir. Sa chomhaontú sonrach, ba cheart go gcuirfí faoi deara dó a bheith trédhearcach maidir leis an gcineál gníomhaithe eile atá incháilithe chun páirt a ghlacadh sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, agus ba cheart a shonrú ann cén pointe i saolré an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta ar féidir leo a bheith rannpháirteach agus na coinníollacha a bhaineann leis sin. Tá gá leis sin chun cosc a chur ar aon tosca díobhálacha ar chuspóirí an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta. Leis an gcomhaontú sonrach lena mbunaítear an bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, ba cheart trédhearcacht a chruthú freisin maidir leis na hidirghníomhaíochtaí atá beartaithe le gníomhaithe a chaithfidh a bheith rannpháirteach sa phróiseas de bhun an dlí is infheidhme, amhail Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2024/903, lena bhforáiltear go bhfuil boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta lena mbaineann próiseáil sonraí pearsanta le hoibriú faoi mhaoirseacht na n-údarás náisiúnta cosanta sonraí nó an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. Braitheann rannpháirtíocht riachtanach na n-údarás maoirseachta um chosaint sonraí ar thosca éagsúla ar nós castacht na n-oibríochtaí próiseála sonraí sna tionscadail atá beartaithe sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, catagóirí agus méid na sonraí lena mbaineann chomh maith leis na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil. Ba cheart oibriú na mboscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta faoi mhaoirseacht na n-údarás cosanta sonraí, i gcás ina mbaineann próiseáil sonraí pearsanta leis na boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta, a thuiscint mar chúram breise ar na húdaráis cosanta sonraí, a thugtar dóibh le Rialachán (AE) 2024/903, agus mar choinníoll le haghaidh oibriú cuí na mboscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta. Tar éis dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí a chur i bhfeidhm maidir le haon phróiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs chur chun feidhme Rialachán (AE) 2024/903, ba cheart na hacmhainní is gá a sholáthar d’údaráis cosanta sonraí chun a gcúraimí nua a chomhlíonadh. I gcás ina mbeidh údaráis cosanta sonraí ó Bhallstáit éagsúla agus ó leibhéal an Aontais rannpháirteach sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, is féidir le comhar na n-údarás sin cur leis na sásraí faoi seach freisin, dá dtagraítear in Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), in Airteagail 61 agus 62 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
|
(5) |
Chun a áirithiú go mbeidh rannpháirtíocht sna boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta bunaithe ar phlean sonrach i gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán (AE) 2024/903, ba cheart do na comhordaitheoirí bosca gainimh rialála tionscadal oiriúnach amháin nó níos mó a roghnú agus a áirithiú go mbunófar plean sonrach do gach ceann díobh, ina mbeidh na eilimintí uile a leagtar amach in Airteagal 12(3) de Rialachán (AE) 2024/903. Cé acu a fhorbraíonn nó nach bhforbraíonn na comhordaitheoirí bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, nó gníomhaithe eile a dtugann siad cuireadh dóibh, an plean sonrach maidir leis na tionscadail atá ar siúl sna boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta, beidh sé sin ag brath ar an struchtúr rialachais a úsáidtear don bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta. An rud ba cheart do na comhordaitheoirí bosca gainimh rialála a bhunú go soiléir le linn shaolré an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, is ea conas a chuirfidh na táirgí insoláthartha sonracha le cuspóirí foghlama rialála an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta. |
|
(6) |
Chun tacú leis na cuspóirí sin, foráiltear le hAirteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2024/903 go bhféadfaidh an Coimisiún treoirlínte agus soiléirithe a eisiúint. Cruthóidh an Coimisiún comhéadan tiomnaithe le haghaidh faisnéis maidir leis na boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta, lena gcuirfear ar fáil don phobal sonraí ábhartha maidir leis na boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta atá bunaithe agus na tionscadail atá ar siúl laistigh den bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta. Chun rochtain leathan chothrom ar na boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta a chur chun cinn, ba cheart rochtain réidh ar fhaisnéis maidir le conas bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a bhunú a bheith ar fáil go héasca do na comhordaitheoirí bosca gainimh rialála a d’fhéadfadh a bheith ann ar an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach i gcomhréir le hAirteagal 12(9) de Rialachán (AE) 2024/903. Is féidir leis an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach líonrú páirtithe leasmhara ar spéis leo bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a bhunú nó páirt a ghlacadh ann a éascú freisin. Beidh an Tairseach ina huirlis ríthábhachtach freisin chun torthaí foghlama rialála éifeachtacha a áirithiú. Foilseofar tuarascálacha deiridh agus léargais rialála ghaolmhara anseo, chomh maith leis na moltaí gaolmhara ón mBord um Eoraip Idir-inoibritheach. |
|
(7) |
Chun freastal ar na riachtanais shonracha a bhaineann le réitigh idir-inoibritheachta nuálacha a fhorbairt, a oiliúint, a thástáil agus a bhailíochtú, sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, féadfar daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile a áireamh ar chomhordaitheoirí bosca gainimh rialála, ar nós gníomhaithe eile san earnáil phoiblí, eintitis de chuid an Aontais, institiúidí taighde, gníomhaithe GovTech lena n-áirítear FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, gníomhaithe ó éiceachóras nuálaíochta IS, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir a shonraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2024/903. Ní bhaineann athruithe ar fhreagrachtaí na gcomhordaitheoirí bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta leis sin, ná athruithe ar fhreagrachtaí na rannpháirtithe ar cheart dóibh seasamh le coinníollacha sonracha an chomhaontaithe ar dhul isteach i mbosca gainimh rialála idir-inoibritheachta dóibh. Is é is cuspóir do ghníomhaithe GovTech a shonraítear in Airteagal 12(1) idirphlé rialála níos saibhre laistigh den bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a chumasú, lena ndéanfar comhroinnt na gceachtanna a foghlaimíodh a éascú agus an méid a foghlaimíodh ó thurgnamhaíocht nuálaíochta, ó rioscaí agus ó dhea-chleachtais maidir le caighdeánú a shainaithint. D’fhéadfadh rannpháirtíocht na ngníomhaithe eile sin sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta cuidiú freisin le léargas agus rochtain earnáilsonrach a fháil ó shaoráidí tástála agus turgnamhaíochta agus ó na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha. Is féidir le cuir chuige nuálacha soláthair oibriú go sineirgisteach le boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta agus tacú leo trí rochtain thráthúil ar acmhainní, ar shaineolas agus ar theicneolaíochtaí a chumasú le haghaidh turgnamhaíocht rialaithe. Áirithítear leis sin an tsolúbthacht is gá chun réitigh nuálacha a thástáil agus, an tráth céanna, a bheith ailínithe le spriocanna rialála. |
|
(8) |
Chun a áirithiú go n-urramóidh gach tionscadal a chuirtear ar siúl sna boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta príobháideachas sonraí, ní mór do na comhordaitheoirí bosca gainimh rialála agus do na gníomhaithe eile cur chuige dea-shainithe a leagan amach i leith tuilleadh próiseála a dhéanamh ar shonraí pearsanta sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, is é sin le rá, sonraí pearsanta a bailíodh go dleathach ar dtús chun críoch eile. Ba cheart an cur chuige sin a bheith i gcomhréir leis na ceanglais uile a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/903 agus le gach oibleagáid eile de bhun dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí. Maidir le bunú an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, ba cheart é a bheith sonraithe sa chomhaontú sonrach mar atá, i gcás inarb iomchuí, na heilimintí a leagtar amach in Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2024/903. Ba cheart a áirithiú sa chur chuige sin, go dtugtar aird ar leith ar chur chuige ordlathach a leanúint maidir le húsáid sonraí pearsanta, go mbeidh na sonraí a phróiseáiltear teoranta don mhéid is gá d’fheidhmiú an réitigh idir-inoibritheachta atá le forbairt nó le tástáil sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, agus nach féidir an feidhmiú sin a bhaint amach go héifeachtach trí phróiseáil a dhéanamh ar shonraí anaithnidithe, ar shonraí sintéiseacha nó ar shonraí neamhphearsanta eile, mar a leagtar amach in Airteagal 12(6)(b) de Rialachán (AE) 2024/903. I gcás ina bhféadfadh tátail nua a bhaint maidir le hábhair sonraí gheall ar phróiseáil sonraí pearsanta, ní mór do chomhordaitheoirí bosca gainimh rialála agus freisin do na gníomhaithe eile atá rannpháirteach sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta bunús dlí bailí a léiriú maidir le húsáid oibríochtúil thorthaí an bhosca gainimh. Áireofar an bunús dlí sin sa phlean sonrach de bhun Airteagal 12(3)(g) de Rialachán (AE) 2024/903, agus ní mór na coinníollacha uile faoi Airteagal 12(6) a chomhlíonadh. Gan bunús dlí den sórt sin, ní féidir sonraí pearsanta oibríochtúla ón mbosca gainimh a phróiseáil a thuilleadh. Cuirtear cosc leis an teorannú sin ar bhoscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta a úsáid go príomha le haghaidh malartú sonraí nó comparáid sonraí idir údaráis gan foras dlíthiúil cuí. |
|
(9) |
Tá cur chuige struchtúrtha maidir le meastóireacht agus faireachán fíor-riachtanach chun timpeallacht shábháilte tháirgiúil a chothú don nuálaíocht, agus cuntasacht agus sláine rialála a choinneáil ar bun laistigh den bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta an tráth céanna. Chun na críche sin, de bhun Airteagal 12(8) de Rialachán (AE) 2024/903, ní mór do chomhordaitheoirí bosca gainimh rialála tuarascálacha tráthrialta a sholáthar don Choimisiún agus don Bhord um Eoraip Idir-inoibritheach ina mbeidh achoimre ar dhul chun cinn, ar thorthaí agus ar dhúshláin. Ba cheart a chumhdach leis an tuairisciú freisin an mheastóireacht ar ghnéithe cáilíochta sonraí, ar nós cruinneas agus cothroime measúnuithe, sonraí, nó tátail a ghintear le linn oibriú an bhosca gainimh. Tá an mheastóireacht sin ríthábhachtach chun iontaofacht aschuir an bhosca gainimh atá le húsáid go hoibríochtúil a áirithiú (e.g. chun calaois a bhrath, fóirdheontais a leithdháileadh, nó stádas sibhialta a chlárú). Is féidir turgnamhaíocht i mboscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta caoi a thabhairt freisin chun meastóireacht a dhéanamh ar inbhuanaitheacht, ar éifeachtúlacht fuinnimh agus éifeachtúlacht acmhainní na réiteach idir-inoibritheachta nuálach arna bhforbairt, arna n-oiliúint, arna dtástáil nó arna mbailíochtú i gcomhthéacs an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta. Chun formhaoirseacht leanúnach a áirithiú, ba cheart go gceanglófaí leis an bpróiseas sásra a bhunú chun sonraí a bhailiú go leanúnach ó thionscadail aonair, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí rianú tráthrialta a dhéanamh ar dhul chun cinn, ar bhainistiú riosca, agus ar chaighdeáin an bhosca gainimh a chomhlíonadh. Is féidir le teimpléid agus samplaí arna soláthar ag an gCoimisiún agus atá ar fáil ar an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach tacú amach anseo le cuíchóiriú an tuairiscithe, chun é a dhéanamh níos éasca do gach páirtí torthaí na mboscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta a líonadh isteach agus a thuiscint. |
|
(10) |
D’fhéadfadh sé gur ghá an comhaontú sonrach maidir leis na boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta a athnuachan i gcás athruithe substaintiúla ar an gcomhaontú sonrach bunaidh. Féadfar a áireamh ar na hathruithe sin, i measc athruithe eile, modhnuithe maidir le líon agus céannacht na gcomhordaitheoirí bosca gainimh rialála, nó síneadh a chur leis an tráthchlár a comhaontaíodh ar dtús agus atá riachtanach chun cuspóirí an bhosca gainimh a bhaint amach. |
|
(11) |
I gcás inar leor an fhianaise a soláthraíodh leis an idirphlé rialála agus leis an turgnamhaíocht sna boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta maidir le húsáid shábháilte réitigh idir-inoibritheachta, ba cheart na réitigh idir-inoibritheachta sin a roinnt tríd an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach, i gcás inarb infheidhme, lena ngabhann téarmaí ceadúnaithe neamhshriantacha, amhail Ceadúnas Poiblí an Aontais Eorpaigh (EUPL), i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2024/903). |
|
(12) |
Ba cheart maolú leordhóthanach a bheith mar thoradh ar aon riosca mór a shainaithnítear le linn réitigh idir-inoibritheachta a fhorbairt agus a thástáil i mbosca gainimh rialála idir-inoibritheachta agus, ina éagmais sin, go gcuirfí an próiseas forbartha agus tástála ar fionraí. Leis an gcur chuige il-leibhéil bainistithe riosca a iarrtar, agus ról na mbainisteoirí riosca agus an fhormhaoirseacht a dhéanann na comhordaitheoirí bosca gainimh rialála agus na húdaráis inniúla á gcothromú, ba cheart timpeallacht shábháilte a áirithiú chun réitigh idir-inoibritheachta sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a thástáil, a oiliúint, a fhorbairt nó a bhailíochtú. Ba cheart do chomhordaitheoirí bosca gainimh rialála cinneadh a dhéanamh maidir leis an bpróiseas bainistithe riosca, an chumarsáid idir na húdaráis inniúla agus na bainisteoirí riosca a bhainistiú, agus a áirithiú go gcomhlíonann gach tionscadal laistigh den bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta an plean bainistithe riosca bunaithe. Ba cheart don bhainistiú riosca cur le nósanna imeachta bainistithe riosca eile is infheidhme agus comhlíonadh iomlán na nósanna imeachta sin a áirithiú, e.g. i réimse na cibearshlándála nó na cosanta sonraí pearsanta. Is féidir le treoirlínte agus soiléirithe maidir leis an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach cuidiú amach anseo le comhordaitheoirí bosca gainimh rialála an leagan amach iomchuí a aimsiú. |
|
(13) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an 25 Márta 2025. |
|
(14) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2024/903, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críoch an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘tionscadal’ sraith shonrach gníomhaíochtaí arb é is aidhm di réitigh idir-inoibritheachta nuálacha a fhorbairt, a oiliúint, a thástáil agus a bhailíochtú, a bheidh ar siúl i dtimpeallacht rialaithe bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta de réir plean sonrach agus ag a mbeidh baint ag rannpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 12(3) de Rialachán (AE) 2024/903; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘comhordaitheoirí bosca gainimh rialála’ eintitis de chuid an Aontais nó comhlachtaí earnála poiblí a dhéanann bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a bhunú agus a bhainistiú go comhpháirteach, lena n-áirítear maoirseacht a dhéanamh ar a mbunú, rannpháirtíocht a chomhordú, faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn, tuairisciú ar na gníomhaíochtaí agus foirceannadh; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘comhaontú sonrach’ ionstraim fhoirmiúil arna tabhairt i gcrích idir trí eintiteas de chuid an Aontais nó trí chomhlacht earnála poiblí ar a laghad ina leagtar amach na téarmaí, na róil, na freagrachtaí agus na modhanna oibre chun bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a chruthú, a rialú agus a oibriú; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘rialtóir’ comhlachtaí rialála nó údaráis rialála a dhéanann maoirseacht ar chomhlíontacht agus a fhorfheidhmíonn comhlíontacht laistigh d’earnálacha sonracha ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal na mBallstát, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil atá ábhartha do na tionscadail i mbosca gainimh rialála idir-inoibritheachta; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘plean sonrach’ plean sonrach maidir le réitigh idir-inoibritheachta nuálacha a fhorbairt, a oiliúint, a thástáil agus a bhailíochtú i mbosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, dá dtagraítear in Airteagal 12(3) de Rialachán (AE) 2024/903. |
CAIBIDIL II
BOSCA GAINIMH RIALÁLA IDIR-INOIBRITHEACHTA A BHUNÚ
Airteagal 2
FORÁLACHA GINEARÁLTA
1. Bunófar bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta trí chomhaontú sonrach idir trí eintiteas de chuid an Aontais nó trí chomhlacht earnála poiblí ar a laghad. Féadfaidh eintitis dhlítheanacha a chomhdhéanann cuibhreannas bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a bhunú, ar choinníoll go mbeidh trí eintiteas de chuid an Aontais nó trí chomhlachtaí earnála poiblí ar a laghad rannpháirteach sa chuibhreannas agus go gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.
2. Sula ndéanfar an comhaontú sonrach a chur ar bhonn foirmiúil, áiritheoidh na heintitis de chuid an Aontais nó na comhlachtaí earnála poiblí a bhunaíonn an bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta an méid seo a leanas:
|
(a) |
go gcomhlíonann an bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta na critéir a leagtar amach in Airteagal 3 agus a shonraítear sa seicliosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(b) |
gur tugadh fógra faoin mbosca gainimh rialála idir-inoibritheachta don Choimisiún agus, i gcás inarb infheidhme, gur údaraigh an Coimisiún é de bhun Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2024/903 agus Airteagal 5 den Rialachán seo. |
3. Bunófar bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta ar feadh tréimhse tosaigh nár cheart a bheith níos faide ná 3 bliana. Féadfar bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a athnuachan, de réir an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 7. Ní mór rannpháirtíocht sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a thosú agus a fhoirceannadh laistigh de shaolré an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, gan dul thar an uasfhad rannpháirtíochta i mbosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a leagtar amach in Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2024/903.
Airteagal 3
Critéir chun boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta a bhunú
1. Féadfaidh aon chomhlacht de chuid na hearnála poiblí nó aon eintiteas de chuid an Aontais a bheith rannpháirteach i mbosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a bhunú, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.
2. Ba cheart do sprioc bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta rannchuidiú leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2024/903.
3. Déanfaidh comhlachtaí earnála poiblí nó eintitis de chuid an Aontais measúnú ar an féidir páirt a ghlacadh i mbosca gainimh rialála idir-inoibritheachta atá ann cheana a bhfuil an raon feidhme céanna aige nó nascadh le boscaí gainimh rialála atá ann cheana a bhfuil raon feidhme forluiteach acu sula mbunófar bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta nua.
4. Tabharfaidh comhordaitheoirí bosca gainimh rialála comhaontú sonrach i gcrích maidir le bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a bhunú ina mbeidh, ar a laghad, na heilimintí seo a leanas:
|
(a) |
tuairisc ar chuspóir, raon feidhme agus ar tháirgí insoláthartha an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, go háirithe an chaoi a gcuireann an bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta go héifeachtach leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2024/903, na réitigh idir-inoibritheachta nuálacha a fhéadfar a fhorbairt, a oiliúint, a thástáil nó a bhailíochtú sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta agus na saincheisteanna rialála oscailte a chumhdaítear sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, chomh maith le tréimhse bheartaithe an bhosca; |
|
(b) |
plean rialachais ina leagtar amach an chaoi a n-oibreoidh an bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, lena n-áirítear bainistiú na dtionscadal sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, lena leagtar amach socruithe soiléire agus trédhearcacha le haghaidh comhar idir na rannpháirtithe, na húdaráis rialála, agus aon ghníomhaí eile a bhfuil baint aige leis an mbosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, agus ina leagtar amach róil agus freagrachtaí na rannpháirtithe a théann isteach sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta nó a imíonn as; féadfaidh na comhordaitheoirí bosca gainimh rialála teacht ar chomhaontú maidir le roinnt na gcúraimí a leagtar amach in Airteagal 9 den Rialachán seo eatarthu; |
|
(c) |
tuairisc ar shásra bainistithe riosca chun maoirseacht, faireachán agus maolú a dhéanamh ar rioscaí, lena n-áirithítear cosaint na gceart bunúsach, an tsláinte, an tsábháilteacht agus cosaint sonraí pearsanta agus beartais agus nósanna imeachta soiléire chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar na cearta bunúsacha sin, ar na caighdeáin sláinte agus sábháilteachta agus ar chosaint sonraí pearsanta; |
|
(d) |
tuairisc ar chreat chun meastóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar fud an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta agus ar na tionscadail atá ar siúl laistigh den bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, lena n-áirítear sásraí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin, ceachtanna a foghlaimíodh agus obair leantach a d’fhéadfadh a bheith ann a dhoiciméadú, agus ailíniú le cuspóirí rialála a áirithiú; |
|
(e) |
i gcás ina mbeartaítear sonraí pearsanta a phróiseáil sna tionscadail atá ar siúl sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, ina sonraítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2024/903. |
5. Tiocfaidh na comhordaitheoirí bosca gainimh rialála ar chomhaontú maidir le tionscadal amháin ar a laghad a thionscnamh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú sonrach, agus i gCaibidil III den Rialachán seo trí dhréachtphlean sonrach a bhunú.
Airteagal 4
Pointe teagmhála aonair
Ainmneoidh na comhordaitheoirí bosca gainimh rialála as a measc féin, pointe teagmhála aonair chun críoch cumarsáide leis an gCoimisiún ar feadh shaolré iomlán an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta.
Airteagal 5
Bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a fhógairt agus a údarú
1. I gcás inar mian le comhlachtaí earnála poiblí nó le heintitis de chuid an Aontais bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a bhunú, seolfaidh siad iarraidh chomhpháirteach tríd an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach.
2. Áireofar san iarraidh chomhpháirteach an fhaisnéis uile is gá don Choimisiún chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh iarrataí ó chomhlachtaí earnála poiblí amháin leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo.
3. Tabharfaidh an Coimisiún fógra don phointe teagmhála aonair faoina chinneadh maidir leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 1. I gcás cinneadh diúltach, féadfaidh na comhordaitheoirí bosca gainimh rialála iarraidh réasúnaithe ar athbhreithniú a chur isteach laistigh de 30 lá tar éis dóibh an cinneadh ón gCoimisiún a fháil. Scrúdóidh an Coimisiún an iarraidh ar athbhreithniú laistigh de 30 lá agus tabharfaidh sé fógra don phointe teagmhála aonair faoina chinneadh maidir leis an iarraidh sin ar athbhreithniú.
4. Ní bheidh dáta tosaigh bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a leagtar amach sa chomhaontú sonrach níos túisce ná an dáta a bhfaightear an fógra dá dtagraítear i mír 3.
Airteagal 6
Trédhearcacht
1. Cruthóidh an Coimisiún comhéadan tiomnaithe aonair le haghaidh faisnéise agus malartú maidir le boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta laistigh den Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach, lena n-áirítear:
|
(a) |
faisnéis ghinearálta agus treoirlínte d’eintitis de chuid an Aontais agus do chomhlachtaí earnála poiblí ar spéis leo bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a bhunú, lena n-áirítear gnéithe a chuidíonn le páirtithe leasmhara faisnéis, iarrataí agus dea-chleachtais a mhalartú; |
|
(b) |
faisnéis thiomnaithe maidir le gach ceann de na boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta atá bunaithe, lena n-áirítear critéir incháilitheachta agus roghnúcháin le haghaidh rannpháirtíocht sna boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta agus faisnéis maidir le tionscadail reatha agus dhúnta sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta. |
2. Baileoidh an pointe teagmhála aonair aon fhaisnéis atá in easnamh, a shonraítear i mír (1)(b), 10 lá ar a laghad sula gcuirfear tús le hoibríochtaí an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta agus roinnfidh sé leis an gCoimisiún í. Déanfaidh an pointe teagmhála aonair an fhaisnéis maidir le tionscadail laistigh den bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.
Airteagal 7
An bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a athnuachan
1. Féadfaidh comhordaitheoirí bosca gainimh rialála cinneadh a dhéanamh an bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a athnuachan faoi na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
Níl cuspóirí an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta bainte amach go fóill. |
|
(b) |
Níl an bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta dúnta de bhun Airteagal 8. |
2. I gcás ina gcinnfidh na comhordaitheoirí bosca gainimh rialála an bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a athnuachan, leanfaidh siad an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 5.
3. I gcás inar mian leis na comhordaitheoirí bosca gainimh rialála athruithe substaintiúla a dhéanamh ar an gcomhaontú sonrach, dá dtagraítear in Airteagal 2(1), lena n-áirítear, i measc nithe eile, modhnuithe maidir le líon agus céannacht na gcomhordaitheoirí bosca gainimh rialála, nó síneadh a chur leis an tráthchlár a comhaontaíodh ar dtús agus atá riachtanach chun cuspóirí an bhosca gainimh a bhaint amach, cuirfidh na comhordaitheoirí bosca gainimh rialála tús ansin leis an nós imeachta athnuachana mar a leagtar amach i mír 2.
Airteagal 8
Bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a dhúnadh
1. Dúnfaidh comhordaitheoirí bosca gainimh rialála an bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta i gceann de na cásanna seo a leanas:
|
(a) |
tá a chuspóirí comhlíonta ag an mbosca gainimh rialála idir-inoibritheachta; |
|
(b) |
tá dáta deiridh cinntithe an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta sroichte aige de bhun Airteagal 2(3) agus níl na comhordaitheoirí bosca gainimh rialála tagtha ar chomhaontú maidir lena athnuachan; |
|
(c) |
níor údaraigh an Coimisiún an athnuachan de bhun Airteagal 7; |
|
(d) |
níl an cistiú is gá ar fáil chun leanúint de ghníomhaíochtaí an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta. |
2. Ar dhúnadh an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, áiritheoidh na comhordaitheoirí bosca gainimh rialála go ndéanfar gach tionscadal sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a fhoirceannadh go cuí, mar a leagtar amach in Airteagal 15.
3. Déanfaidh comhordaitheoirí bosca gainimh rialála an tuarascáil chríochnaitheach dá dtagraítear in Airteagal 12(8) de Rialachán (AE) 2024/903 a thíolacadh laistigh de 3 mhí tar éis dhúnadh an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta.
CAIBIDIL III
BOSCAÍ GAINIMH RIALÁLA IDIR-INOIBRITHEACHTA A OIBRIÚ
Airteagal 9
Cearta agus oibleagáidí ginearálta chomhordaitheoirí an bhosca gainimh rialála
1. Déanfaidh comhordaitheoirí bosca gainimh rialála na hoibríochtaí sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta agus a thionscadail ghaolmhara a bhainistiú le linn shaolré an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta.
2. Tá comhordaitheoirí bosca gainimh rialála freagrach go sonrach as na cúraimí seo a leanas:
|
(a) |
cuireadh a thabhairt do rialtóirí chuig an mbosca gainimh rialála idir-inoibritheachta; |
|
(b) |
an t-idirphlé rialála leis na rialtóirí atá rannpháirteach a stiúradh maidir le bunú na dtionscadal agus maidir leis an méid a foghlaimíodh uathu; |
|
(c) |
cinneadh a dhéanamh maidir le líon na dtionscadal a bhíonn ar siúl go seicheamhach nó go comhthreomhar le linn shaolré an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta; |
|
(d) |
glaonna ar rannpháirtíocht sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a fhoilsiú ar an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach agus rannpháirtithe sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a ligean isteach, dá dtagraítear in Airteagal 10; |
|
(e) |
tionscadail a roghnú atá le reáchtáil sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, agus a fhíorú an tráth céanna go bhfanfaidh gach tionscadal faoi raon feidhme an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta agus aird ar leith á tabhairt ar na gnéithe seo a leanas:
|
|
(f) |
a áirithiú go bhfuil rannpháirtíocht bunaithe ar phlean sonrach; |
|
(g) |
teorainn ama a chinneadh le haghaidh rannpháirtíocht i dtionscadal; |
|
(h) |
cinneadh a dhéanamh maidir le síneadh a chur le tionscadal, dá dtagraítear in Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2024/903; |
|
(i) |
deireadh a chur le tionscadal, dá dtagraítear in Airteagal 15; |
|
(j) |
tuairisciú tréimhsiúil agus críochnaitheach chuig an gCoimisiún agus chuig an mBord um Eoraip Idir-inoibritheach a áirithiú; |
|
(k) |
creat bainistíochta riosca, dá dtagraítear in Airteagal 12, a bhunú. |
3. I gcás inar gá sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs na dtionscadal a bhíonn ar siúl sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, déanfaidh comhordaitheoirí bosca gainimh rialála na bearta is gá chun go mbeidh na húdaráis inniúla cosanta sonraí in ann a gcúraimí maoirseachta, dá bhforáiltear in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2024/903, a chur i gcrích go héifeachtach.
Airteagal 10
Rannpháirtithe agus gníomhaithe eile a ligean isteach
1. Foilseoidh comhordaitheoirí bosca gainimh rialála faisnéis maidir leis na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin le haghaidh rannpháirtíocht sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta ar an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach. Áireofar ar na critéir sin faisnéis a sholáthar maidir lena bhféadfadh gníomhaithe GovTech, lena n-áirítear eagraíochtaí náisiúnta nó Eorpacha um chaighdeánú, comhlachtaí faoina dtugtar fógra, saotharlanna taighde agus turgnamhaíochta, moil nuálaíochta agus cuideachtaí ar mian leo réitigh idir-inoibritheachta nuálacha a thástáil, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, a bheith rannpháirteach sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, dá bhforáiltear in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2024/903.
2. Déanfaidh comhordaitheoirí bosca gainimh rialála cinneadh maidir le hiarrataí ó eintitis eile de chuid an Aontais, ó chomhlachtaí eile earnála poiblí nó ó ghníomhaithe GovTech atá ag iarraidh páirt a ghlacadh sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta mar rannpháirtithe nó mar ghníomhaithe eile, bunaithe ar na rialacha maidir leis an mbosca gainimh rialála idir-inoibritheachta faoi seach, arna bhfoilsiú ar an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach de réir mhír 1.
3. Déanfaidh na rannpháirtithe nó na gníomhaithe eile dearbhú tiomantais a chur faoi bhráid na gcomhordaitheoirí bosca gainimh rialála ina ndéanfar foráil maidir le glacadh oibleagáidí agus an gealltanas go gcomhlíonfaidh an t-iarrthóir coinníollacha maidir le hacmhainní airgeadais, coinníollacha eagraíochtúla, daonna agus aon choinníoll eile atá ábhartha chun na críche sin.
Airteagal 11
Cearta ginearálta agus oibleagáidí na rannpháirtithe
1. Beidh na hoibleagáidí seo a leanas ar rannpháirtithe a ligtear isteach i mbosca gainimh rialála idir-inoibritheachta i gcomhréir le hAirteagal 10:
|
(a) |
rannchuidiú leis an bplean sonrach; |
|
(b) |
freagracht iomlán a ghlacadh, mar a leagtar amach in Airteagal 12(5) de Rialachán (AE) 2024/903, as dlíthiúlacht fhorbairt, oiliúint, thástáil agus bhailíochtú an réitigh idir-inoibritheachta; |
|
(c) |
a áirithiú go gcomhlíonann na réitigh idir-inoibritheachta a thástáiltear laistigh de na boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta na ceanglais dhlíthiúla uile is infheidhme agus go mbeidh aon údarú nó formheas is gá faighte acu ó na húdaráis inniúla sula gcuirfidh siad tús leis na tionscadail nó sula mbeidh na húdaráis inniúla rannpháirteach sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta; |
|
(d) |
a áirithiú, má dhéantar sonraí pearsanta a phróiseáil laistigh de bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, go bhfuil an phróiseáil sin i gcomhréir go hiomlán leis an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí agus teacht ar chomhaontú leis na húdaráis ábhartha cosanta sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2024/903, maidir leis an rannpháirtíocht a mheastar a bheidh acu sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta agus maidir lena thionscadail; |
|
(e) |
cloí leis an gcreat bainistíochta riosca, mar a leagtar amach in Airteagal 12; |
|
(f) |
tuairisciú tráthrialta a dhéanamh ar an méid atá á fhoghlaim sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, mar a shonraítear in Airteagal 13; |
|
(g) |
a áirithiú go láimhseáiltear go dleathach sonraí pearsanta a phróiseáiltear sna tionscadail mar a shonraítear in Airteagal 15(3). |
2. Féadfaidh rannpháirtithe imeacht as an mbosca gainimh rialála idir-inoibritheachta faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 14.
Airteagal 12
Bainistíocht riosca
1. Bunóidh comhordaitheoirí bosca gainimh rialála an próiseas bainistithe riosca don bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta lena gcumhdaítear an próiseas bainistithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 12(3), pointe (d), de Rialachán (AE) 2024/903. Déanfaidh comhordaitheoirí bosca gainimh rialála cuspóirí uileghabhálacha bainistithe riosca don bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a shainiú, a chur chun feidhme agus déanfaidh siad faireachán orthu, lena n-áirítear na caighdeáin shonracha bainistithe riosca is infheidhme maidir le gach tionscadal ann, agus aird chuí á tabhairt ar aon cheanglais éigeantacha bainistithe riosca de bhun dlí eile is infheidhme. Áiritheoidh comhordaitheoirí bosca gainimh rialála cumarsáid éifeachtach maidir le bainistiú riosca idir rannpháirtithe, údaráis inniúla agus páirtithe leasmhara eile.
2. Forbróidh comhordaitheoirí bosca gainimh rialála plean sonrach bainistithe riosca le haghaidh gach tionscadail a leanann an próiseas bainistithe riosca dá dtagraítear i mír 1.
3. Ceapfaidh comhordaitheoirí bosca gainimh rialála duine amháin ina measc ina bhainisteoir riosca le haghaidh gach tionscadail. Áiritheoidh an bainisteoir riosca go gcomhlíonfaidh an tionscadal an plean bainistithe riosca sonrach dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. I gcás ina sainaithneofar rioscaí, áiritheoidh an bainisteoir riosca go ndéanfar bearta maolaithe iomchuí.
4. I gcás nach bhfuil maolú riosca iomchuí indéanta, féadfaidh an bainisteoir riosca aon tionscadal nó rannpháirtí laistigh den bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a chur ar fionraí go sealadach ar mhaithe le coimirce láithreach. Cuirfidh an bainisteoir riosca na comhordaitheoirí bosca gainimh rialála agus na húdaráis ábhartha ar an eolas go pras. Déanfaidh an pointe teagmhála aonair an fhionraí shealadach sin a thuairisciú don Choimisiún.
5. Coinneoidh an bainisteoir riosca taifid ar ghníomhaíochtaí bainistithe riosca maidir leis na tionscadail faoi seach agus cuirfidh sé na taifid sin ar fáil lena n-athbhreithniú ag gach comhordaitheoir bosca gainimh rialála agus ag an gCoimisiún.
Airteagal 13
Oibleagáidí tuairiscithe
1. Bunóidh comhordaitheoirí bosca gainimh rialála sásra le haghaidh tuairisciú tréimhsiúil lena gcumhdófar ar a laghad na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 12(8) de Rialachán (AE) 2024/903. I gcás sonraí pearsanta a phróiseáil sna tionscadail, áireofar sa tuairisciú méadrachtaí lena ndéantar measúnú ar éifeachtacht an réitigh idir-inoibritheachta nuálaigh i sonraí pearsanta cáilitheacha, mar aon le cruinneas agus cothroime aschur agus inúsáidteacht na dtorthaí a tháirgtear leis an réiteach do na húdaráis ábhartha.
2. Áireofar leis an sásra sonraí a bhailiú ó gach tionscadal ar bhonn leanúnach lena n-áiritheofar go rianófar dul chun cinn, go mbainisteofar rioscaí, agus go leanfar de chuspóirí agus de cheanglais dhlíthiúla na mboscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta a chomhlíonadh. Cumhdófar leis an sásra tuairisciú ar an méid a foghlaimíodh ón idirphlé leis na rialtóirí.
3. Cuirfidh comhordaitheoirí bosca gainimh rialála na tuarascálacha tréimhsiúla faoi bhráid an Choimisiúin agus an Bhoird um Eoraip Idir-inoibritheach dá dtagraítear in Airteagal 12(8) de Rialachán (AE) 2024/903 uair amháin ar a laghad gach 6 mhí ó dháta bunaithe an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta.
4. Foilseofar na tuarascálacha uile ar an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach. Ní bheidh faisnéis rúnda sna tuarascálacha.
Airteagal 14
Imeacht na rannpháirtithe
1. Más mian le rannpháirtí imeacht as bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta sula bhfoirceannfar an tionscadal a bhfuil baint ag an rannpháirtí leis, dá dtagraítear in Airteagal 15, nó sula bhfoirceannfar an cúram sannta sa phlean sonrach, soláthróidh an rannpháirtí míniú mionsonraithe do na comhordaitheoirí bosca gainimh rialála agus don Choimisiún maidir leis na cúiseanna le himeacht.
2. Beidh na hoibleagáidí seo a leanas ar rannpháirtithe a imíonn as bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta:
|
(a) |
aon cheanglais gan chomhlíonadh atá nasctha le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar a ngníomhaíocht a chur i gcrích; |
|
(b) |
a áirithiú go ndéanfar na sonraí a bhailítear agus aon réitigh idir-inoibritheachta a fhorbraítear le linn shaolré an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a bhainistiú i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme, agus leis na coinníollacha maidir le ligean isteach sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, mar a shainíonn na comhordaitheoirí bosca gainimh; agus |
|
(c) |
gach beart is gá a ghlacadh chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le rath thionscadal an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta agus maidir le seirbhísí poiblí agus a seachadadh atá nasctha le himeacht an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta agus a thionscadail shonracha. |
3. Ar imeacht rannpháirtí as bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, déanfaidh na comhordaitheoirí bosca gainimh rialála measúnú ar na bearta is gá maidir leis na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 9.
Airteagal 15
Tionscadal a fhoirceannadh
1. Déanfaidh comhordaitheoirí bosca gainimh rialála tionscadal sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a fhoirceannadh in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
|
(a) |
tá na cuspóirí comhlíonta ag an tionscadal sula mbaintear amach an uastréimhse tosaigh; |
|
(b) |
go n-iarrann na rialtóirí atá rannpháirteach leis an mbosca gainimh rialála idir-inoibritheachta nó údaráis inniúla eile go gcuirfí deireadh leis an tionscadal agus nach féidir aon mhaolú a dhéanamh; |
|
(c) |
níl an cistiú is gá ar fáil chun leanúint de na gníomhaíochtaí; |
|
(d) |
ní chomhlíonann an tionscadal na critéir íosta a thuilleadh i dtaobh raon feidhme agus rannpháirtíochta mar atá leagtha amach i bplean sonrach an tionscadail agus ní féidir aon mhaolú a dhéanamh. |
2. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag comhordaitheoirí bosca gainimh rialála tionscadal a fhoirceannadh roimh an dáta deiridh a bhí sceidealaithe ar dtús, cuirfidh na comhordaitheoirí bosca gainimh rialála na rannpháirtithe uile ar an eolas in am trátha.
3. Sonraí pearsanta a próiseáladh go heisceachtúil chun cuspóirí tionscadail a bhaint amach, ní úsáidfear iad mar shonraí oibríochtúla lasmuigh de na tionscadail, ach amháin má tá bunús dlí cuí ann lena n-údaraítear athrú cuspóra.
4. Laistigh de 3 mhí tar éis fhoirceannadh na dtionscadal, déanfaidh comhordaitheoirí bosca gainimh rialála an méid seo a leanas:
|
(a) |
a fhoilsiú ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach nó ar thairseach, i gcatalóg nó i stór atá nasctha leis an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach, na réitigh idir-inoibritheachta agus na hábhair ghaolmhara a forbraíodh le linn an tionscadail, lena n-áirítear doiciméadacht, stair leagain, cód foinse doiciméadaithe agus tagairtí do chaighdeáin oscailte nó do shonraíochtaí teicniúla a úsáideadh, má tá na réitigh agus an t-ábhar sin i gcomhréir leis na critéir cháilíochta is infheidhme don Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach; |
|
(b) |
i gcás ina n-eisítear réitigh mar fhoinse oscailte, bain úsáid as Ceadúnas Poiblí an Aontais Eorpaigh (EUPL) nó as ceadúnas foinse oscailte iomchuí eile; |
|
(c) |
sonraigh go soiléir, má tá feidhm ag srianta comhroinnte mar gheall ar an méid seo a leanas:
|
CAIBIDIL IV
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 16
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Iúil 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2024/903, 22.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/903/oj.
(2) Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).
(3) Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (IO L 2024/1735, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1735/oj).
(4) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L, 119, 4.5.2016, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(5) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L, 295, 21.11.2018, lch. 39,ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
IARSCRÍBHINN
Seicliosta le haghaidh bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta (dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (a))
|
Uimh. |
Na critéir |
Tuairisc |
Tuairisc |
||||||||||||||||||||
|
1 |
Go bhfuil rannpháirtithe sonraithe go leordhóthanach |
|
Tabhair an fhaisnéis is gá. Cuimhnigh nach mór do thriúr comhordaitheoirí bosca gainimh rialála ar a laghad, comhlachtaí earnála poiblí agus/nó eintitis de chuid an Aontais, an bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a bhunú. |
||||||||||||||||||||
|
2 |
Go bhfuil raon feidhme, cuspóirí agus spriocanna insoláthartha sonraithe go leordhóthanach |
Raon feidhme:
Cuspóirí:
Táirgí insoláthartha:
|
Tabhair an fhaisnéis is gá. |
||||||||||||||||||||
|
3 |
Go bhfuil rialachas sonraithe go leordhóthanach |
|
Tabhair an fhaisnéis is gá. Ba cheart a léiriú sa tuairisc gur sainaithníodh agus gur breithníodh rialtóirí ábhartha agus páirtithe leasmhara eile go soiléir, agus, i gcás inarb infheidhme, go n-áirítear inti fianaise ar a n-ullmhacht chun bheith rannpháirteach sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta. |
||||||||||||||||||||
|
4 |
Go bhfuil bainistiú riosca sonraithe go leordhóthanach |
|
Tabhair an fhaisnéis is gá. |
||||||||||||||||||||
|
5 |
Go bhfuil ceanglais mheastóireachta agus tuairiscithe sonraithe go leordhóthanach |
|
Tabhair an fhaisnéis is gá. Cuimhnigh: Gur cheart go n-áireofaí leis an sásra bailiú sonraí ó thionscadail aonair ar bhonn leanúnach chun a áirithiú go rianófar dul chun cinn, go mbainisteofar rioscaí, agus go gcoinneofar ar bun comhlíontacht chuspóirí agus cheanglais dhlíthiúla an chreata. |
||||||||||||||||||||
|
6 |
Go bhfuil tuilleadh próiseála ar shonraí pearsanta sonraithe go leordhóthanach |
|
Tabhair an fhaisnéis is gá. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1420/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)