|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1392 |
26.6.2026 |
RIALACHÁN (AE) 2026/1392 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Bealtaine 2026
maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/2031 agus Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/105/CE ón gComhairle (Rialachán maidir le hábhar atáirgthe foraoise)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar amach i dTreoir 1999/105/CE ón gComhairle (3) rialacha maidir le táirgeadh d’fhonn ábhar atáirgthe foraoise a chur ar an margadh agus maidir lena mhargú. |
|
(2) |
Cumhdaítear 45 % de limistéar talún an Aontais le foraoisí agus comhlíonann siad ról ilfheidhmeach lena gcuimsítear feidhmeanna sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil, éiceolaíocha agus cultúrtha. Inter alia, tá feidhm phríomhordúil mar linn charbóin ag foraoisí sa bheartas maidir le maolú ar an athrú aeráide. Tá ábhar atáirgthe foraoise atá d’aitheantas cruthaithe, d’ardcháilíocht, oiriúnaithe don aeráid agus éagsúil fíor-riachtanach chun na róil sin a chomhlíonadh. |
|
(3) |
I bhfianaise na bhforbairtí san eolas eolaíoch nó teicniúil, nuashonrú na Rialacha agus na Rialachán i Scéim na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le Deimhniú Ábhair Atáirgthe Foraoise a bhíonn ag gluaiseacht sa Trádáil Idirnáisiúnta (‘Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE’), tosaíochtaí nua beartais an Aontais i ndáil le hinbhuanaitheacht, oiriúnú don athrú aeráide agus bithéagsúlacht agus go háirithe Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’, chomh maith leis an taithí a fuarthas le linn chur chun feidhme Threoir 1999/105/CE, ba cheart gníomh nua a chur in ionad na Treorach sin. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha nua seo ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart an gníomh sin a bheith i bhfoirm Rialacháin. |
|
(4) |
Is é is aidhm do Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE táirgeadh agus úsáid síolta, codanna de phlandaí agus plandaí a bailíodh, a próiseáladh agus a margaíodh i mbealach lena n-áirithítear ardcháilíocht agus infhaighteacht ábhair atáirgthe foraoise a spreagadh. De bharr timthriallta fáis fada foraoisí, costas fáschoillte agus cineál fadtéarmach na hinfheistíochta i bhforaoisí, tá sí fíor-riachtanach go bhfaigheadh foraoiseoirí faisnéis atá go hiomlán iontaofa maidir le tionscnamh agus saintréithe géiniteacha an ábhair atáirgthe foraoise a úsáideann siad ina bhfáschoillte. Comhlíonann Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE an riachtanas sin trí bhíthin deimhniúcháin agus inrianaitheachta. Tá ról mór aige san iarracht chun cuidiú le foraoisí an domhain a oiriúnú do dhálaí aeráide atá ag athrú. Leagtar béim ar ardéagsúlacht ghéiniteach a áirithiú laistigh de speicis agus ar éagsúlacht speiceas, lena n-áirítear trí éagsúlú sna ceapa foraoise, a chaomhnú. Mar thoradh air sin, déantar acmhainneacht oiriúnaitheach foraoisí a choinneáil ar bun agus a fheabhsú d’fhonn limistéar a athphlandú le crainn (‘athfhoraoisiú’) amach anseo agus chun foraoisí nua a chruthú (‘foraoisiú’). Féadfaidh gá a bheith le hathfhoraoisiú mar chuid de bhainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí nó i gcás ina ndearna teagmhais adhaimsire, falscaithe, galair, ráigeanna lotnaidí agus tubaistí eile difear do chodanna d’fhoraois a bhí ann cheana. |
|
(5) |
Leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip gealltanas an Choimisiúin chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus dúshláin a bhaineann leis an gcomhshaol. Is é is aidhm dó geilleagar an Aontais a chlaochlú chun todhchaí níos inbhuanaithe a chruthú. Ní mór rialacha an Aontais maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), lena mbunaítear creat an Aontais chun aeráidneodracht a bhaint amach, agus leis na trí straitéis cur chun feidhme den Chomhaontú Glas don Eoraip, arna gcur i láthair i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal EU Biodiversity Strategy for 2030 — Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (‘Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh’), i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2021 dar teideal Forging a climate-resilient Europe — the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – Straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide] (‘Straitéis Eorpach maidir le hOiriúnú’) agus i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Iúil 2021 dar teideal New EU Forest Strategy for 2030 [Straitéis Foraoiseachta nua an Aontais le haghaidh 2030] (‘Straitéis Foraoise an Aontais’). |
|
(6) |
Le Rialachán (AE) 2021/1119, ceanglaítear ar Bhallstáit agus institiúidí ábhartha an Aontais dul chun cinn leanúnach a áirithiú maidir le hacmhainneacht oiriúnaithe a fheabhsú, athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú. Ceann de na haidhmeanna atá ag Straitéis an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú, dá bhrí sin, is ea dlús a chur le hacmhainneacht an Aontais oiriúnú don athrú aeráide, trí na rialacha maidir le hábhar atáirgthe foraoise a leasú, i measc gníomhaíochtaí eile. Le dlí an Aontais, ba cheart táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise ar fud an Aontais a spreagadh. |
|
(7) |
Is iad príomhchuspóirí Straitéis Foraoiseachta an Aontais Eorpaigh foraoisiú éifeachtach agus caomhnú agus athchóiriú foraoisí san Aontas. Trí na cuspóirí sin a shaothrú, cuideofar le hionsú CO2 a mhéadú, tarlú agus méid dóiteán foraoise a laghdú, agus an bithgheilleagar a chur chun cinn, agus na prionsabail éiceolaíocha sin atá fabhrach i ndáil leis an mbithéagsúlacht á n-urramú go hiomlán ag an am céanna. Tá sé fíor-riachtanach athchóiriú foraoisí a áirithiú agus bainistiú inbhuanaithe foraoisí a athneartú chun oiriúnú don athrú aeráide agus d’athléimneacht foraoisí. I ndáil leis sin, deirtear i Straitéis Foraoiseachta an Aontais go mbeidh gá le méideanna móra ábhair atáirgthe foraoise iomchuí chun foraoisí a oiriúnú don athrú aeráide agus chun foraoisí a athchóiriú tar éis damáiste aeráide. Tuigtear leis sin iarrachtaí chun acmhainní géiniteacha foraoise a shlánú agus iad a úsáid go hinbhuanaithe, iarrachtaí ar a mbraitheann foraoiseacht atá níos aeráid-díonaí. Tá gá le hiarrachtaí chun táirgeadh agus infhaighteacht ábhar atáirgthe foraoise mar sin a mhéadú freisin, chun faisnéis níos fearr a sholáthar maidir lena oiriúnacht do dhálaí sonracha aeráide agus éiceolaíocha an limistéar a bhfuiltear chun é a chur nó a phlandú agus chun táirgeadh comhoibríoch agus aistriú an ábhair atáirgthe foraoise sin trasna teorainneacha náisiúnta laistigh den Aontas a fheabhsú. |
|
(8) |
Is é is aidhm do Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh bithéagsúlacht an Aontais a chur ar bhóthar an téarnaimh faoi 2030. Faoin straitéis sin, tá dlí an Aontais le tosaíocht a thabhairt do chaomhnú éagsúlacht speiceas agus ardéagsúlacht ghéiniteach a áirithiú laistigh de speicis agus luchtóga ábhair atáirgthe foraoise chun soláthar ábhair atáirgthe foraoise atá d’aitheantas cruthaithe, d’ardcháilíocht agus atá éagsúil go géiniteach agus atá oiriúnaithe nó inoiriúnaithe do dhálaí aeráide reatha agus dálaí aeráide réamh-mheasta a éascú. Tá caomhnú agus feabhsú bhithéagsúlacht na bhforaoisí, lena n-áirítear an éagsúlacht ghéiniteach laistigh de speicis crann aonair, fíor-riachtanach do bhainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí agus do chaomhnú acmhainní géiniteacha foraoise, agus dá bhrí sin, chun tacú le hoiriúnú foraoisí don athrú aeráide. |
|
(9) |
Tá gné fhadtéarmach thrasteorann ann toisc go bhfuil coinne leis go gcuirfear dlús mór le himirce criosanna fásra ó thuaidh, atá le feiceáil cheana, sna deacáidí atá le teacht. Dá réir sin, maidir leis an gceanglas sa Rialachán seo chun faisnéis a sholáthar faoi na limistéir ina bhfuil ábhar atáirgthe foraoise oiriúnaithe do dhálaí áitiúla, bheadh na ceanglais sin ina sócmhainní thar a bheith úsáideach d’fhoraoiseoirí. Ba cheart an deis a bheith ag údaráis inniúla na limistéir sin (‘limistéir úsáide’) a ainmniú. |
|
(10) |
I dTreoir 1999/105/CE sainmhínítear ábhar atáirgthe foraoise i ndáil lena thábhacht chun críocha foraoiseachta san Aontas uile nó i gcuid den Aontas, ach tá sé doiléir fós maidir leis na críocha foraoiseachta sin. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart a liostú i raon feidhme an Rialacháin seo na críocha dá bhfuil sé tábhachtach ábhar atáirgthe foraoise d’ardcháilíocht a úsáid. Féadfar ábhar atáirgthe foraoise a tháirgeadh lena úsáid san fhoraoisiú, san athfhoraoisiú, san éagsúlú i gceap foraoise agus i bplandú crann agus síolú díreach eile chun ceann amháin nó níos mó de na críocha seo a leanas: foraoiseacht ilfheidhmeach, táirgeadh adhmaid, bithábhair, bithmhais nó táirgí foraoise eile agus caomhnú acmhainní géiniteacha foraoise. |
|
(11) |
Mar sin féin, ba cheart an agrafhoraoiseacht a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo toisc go meastar, mar aon le talmhaíocht bheacht, feirmeoireacht orgánach, agra-éiceolaíocht agus féarthalamh buan ísealdéine, go bhfuil sí ar cheann den iliomad cleachtas talmhaíochta a chuireann le cosaint na bithéagsúlachta, seirbhísí éiceachórais agus gnéithe tírdhreacha. Aithnítear gnéithe agrafhoraoiseachta, agus go háirithe fálta sceach, mar eilimintí talmhaíochta neamhtháirgiúla lena gcosnaítear páirceanna talmhaíochta, agus ar an gcaoi sin cumhdaítear cuspóirí seachas na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo. |
|
(12) |
Léirítear sa taighde a ríthábhachtaí atá sé an measúnú agus formheas bunábhair a bhunú ar an gcríoch shonrach dá n-úsáidfear an t-ábhar atáirgthe foraoise. Anuas air sin, tá tionchar dearfach ag cur agus plandú an ábhair atáirgthe foraoise d’ardcháilíocht san áit cheart ar an gcuspóir dá n-úsáidtear an t-ábhar atáirgthe foraoise sin. Ciallaíonn cur agus plandú ‘san áit cheart’ go bhfuil an t-ábhar atáirgthe foraoise oiriúnach go géiniteach agus go feinitíopach don suíomh ina bhfástar é, lena n-áirítear na réamh-mheastacháin aeráide ábhartha ina leith. |
|
(13) |
Agus an bunábhair formheasta acu, ba cheart do na húdaráis inniúla idirdhealú a dhéanamh idir foinsí uatheascarthacha agus dúchasacha síolta, nó clampaí uatheascarthacha agus dúchasacha. Ba cheart an rogha a bheith ag oibreoirí gairmiúla an t-idirdhealú sin a léiriú i ndoiciméad an oibreora ghairmiúil. |
|
(14) |
Chun soláthar leordhóthanach ábhair atáirgthe foraoise a áirithiú de thoradh an éilimh mhéadaithe air, is gá aon bhacainn iarbhír nó fhéideartha ar an trádáil a bhaint, bacainní a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shaorghluaiseacht ábhair atáirgthe foraoise laistigh den Aontas. Ní féidir an aidhm sin a bhaint amach ach amháin má fhorchuirtear na caighdeáin is airde is féidir le rialacha ábhartha an Aontais maidir le hábhar atáirgthe foraoise. |
|
(15) |
Ba cheart riachtanais phraiticiúla a chur san áireamh i rialacha an Aontais maidir le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgeadh lena mhargú agus maidir le hábhar atáirgthe foraoise a mhargú, agus níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin ach amháin do speicis áirithe agus dá hibridí atá tábhachtach do chuspóirí an Rialacháin seo. Ba cheart na speicis sin a liostú sa Rialachán seo. |
|
(16) |
Is é is aidhm don Rialachán seo cuidiú le foraoisí athléimneacha a chothabháil agus a bhunú, éiceachórais foraoise a athchóiriú, tacú lena n-éicisheirbhísí agus planduithe crann eile a bhunú. Bainfear an méid sin amach go háirithe trí tháirgeadh inbhuanaithe, margú agus inrianaitheacht ábhair atáirgthe foraoise ardcháilíochta agus trína áirithiú go gcuirtear úsáideoirí ar an eolas, sula gceannaítear ábhar atáirgthe foraoise, faoi na dálaí sonracha aeráide agus éiceolaíocha ina raibh an bunábhar lena mbaineann lonnaithe. |
|
(17) |
Chun a áirithiú go ndéantar ábhar atáirgthe foraoise deimhnithe a oiriúnú do dhálaí aeráide agus éiceolaíocha sonracha an limistéir ina mbeartaítear é a chur nó a phlandú, ba cheart do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar shaintréithe inbhuanaitheachta an bhunábhair le linn an nós imeachta chun é a fhormheas. Ba cheart a chumhdach leis na saintréithe inbhuanaitheachta sin oiriúnú an bhunábhair sin do na dálaí sonracha aeráide agus éiceolaíocha, lena n-áirítear na fachtóirí bitheacha agus aibitheacha atá i réim sa réigiún bunáitíochta agus a fhrithsheasmhacht nó a lamháltas i gcoinne lotnaidí agus do na dálaí díobhálacha aeráide agus láithreáin inar fhás sé. |
|
(18) |
Chun an cháilíocht is airde is féidir d’ábhar atáirgthe foraoise a áirithiú, níor cheart é a bhuaint ach amháin ó bhunábhar atá cláraithe i gclár náisiúnta. Ba cheart rialacha a leagan síos maidir le buaint agus bailiú ábhair atáirgthe foraoise ó bhunábhar chun ardcháilíocht agus inrianaitheacht an ábhair atáirgthe foraoise sin a áirithiú. Chun a chur ar chumas na n-údarás inniúil maoirseacht a dhéanamh ar an mbuaint agus ar an mbailiúchán, ba cheart d’oibreoirí gairmiúla fógra a thabhairt dóibh roimh ré go bhfuil sé ar intinn acu an bhuaint a dhéanamh. |
|
(19) |
Ba cheart do na húdaráis inniúla bunábhar a mheasúnú agus a fhormheas. Ba cheart bunábhar formheasta a chlárú i gclár náisiúnta in éineacht le tagairt chláir uathúil agus trí thagairt d’aonad formheasa. |
|
(20) |
Mar sin féin, chun níos mó solúbthachta a áirithiú maidir le hábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘sainaitheanta de réir foinse’ i gcás dálaí adhaimsire agus dálaí aeráide tromchúiseacha, ba cheart an deis a bheith ag na húdaráis inniúla, ar fhormheas a fháil ón gCoimisiún, údarú a thabhairt d’oibreoirí gairmiúla bunábhar atá beartaithe le haghaidh táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir sin a fhormheas le haghaidh speicis áirithe. |
|
(21) |
Chun na forbairtí san eolas eolaíoch nó teicniúil agus sna caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme a léiriú, ba cheart é a bheith indéanta úsáid teicnící bithcheimiceacha agus móilíneacha a áireamh sa nós imeachta chun bunábhar a fhormheas mar mhodh comhlántach. |
|
(22) |
Chun forbhreathnú éifeachtach ar an ábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear agus a mhargaítear ar fud an Aontais agus forléargas éifeachtach air a áirithiú, ba cheart do gach Ballstáit clár náisiúnta den bhunábhar le haghaidh na speiceas éagsúil agus a hibridí éagsúla atá formheasta ar a chríoch a bhunú, a fhoilsiú agus a choimeád cothrom le dáta i bhformáid leictreonach. |
|
(23) |
Ar an gcúis chéanna, ba cheart don Choimisiún liosta an Aontais de bhunábhar formheasta le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise a fhoilsiú i bhformáid leictreonach, bunaithe ar na cláir náisiúnta arna soláthar ag gach Ballstát. Ba cheart faisnéis faoin mbunábhar ina bhfuil orgánach géinmhodhnaithe nó atá comhdhéanta d’orgánach géinmhodhnaithe lena n-áirítear orgánach a táirgeadh le teicnící géanómaíocha nua áirithe, a bheith i liosta sin an Aontais. |
|
(24) |
Ba cheart do na húdaráis inniúla cuí máistirdheimhniú a eisiúint le haghaidh an ábhair atáirgthe foraoise uile a dhíorthaítear ó bhunábhar formheasta. Ba cheart a áirithiú leis an máistirdheimhniú sin gur féidir an t-ábhar atáirgthe foraoise a shainaithint, ba cheart faisnéis a bheith air maidir le tionscnamh an bhunábhair agus ba cheart a sholáthair leis na sonraí is iomchuí dá úsáideoirí agus do na húdaráis inniúla atá freagrach as a rialú oifigiúil. Ba cheart é a bheith indéanta an máistirdheimhniú a eisiúint i bhfoirm leictreonach. |
|
(25) |
Ba cheart do gach Ballstát liosta náisiúnta de mháistirdheimhnithe eisithe a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta agus an liosta sin a chur ar fáil don Choimisiún agus d’údaráis inniúla na mBallstát eile go léir. |
|
(26) |
Níor cheart a bheith in ann ach ábhar atáirgthe foraoise a buanadh ó bhunábhar formheasta a dheimhniú agus a mhargú. Ba cheart ábhar atáirgthe foraoise a dheimhniú mar ábhar atá ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’ ag na húdaráis inniúla agus ní mór é a mhargú agus tagairt á déanamh do na catagóirí sin. Ba cheart na catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’ d’ábhar atáirgthe foraoise a bheith faoi réir ceanglais aonfhoirmeacha maidir le táirgeadh agus margú, chun trédhearcacht a áirithiú, chun téarmaí cothroma iomaíochta a chruthú d’oibreoirí gairmiúla ar fud an Aontais agus chun sláine an mhargaidh inmheánaigh a choimirciú. |
|
(27) |
Tá an bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise chun acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú éagsúil ó bhunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise chun críoch tráchtála mar gheall ar na critéir roghnúcháin éagsúla is infheidhme maidir leis an dá chineál bunábhair sin. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith indéanta oibreoirí gairmiúla a údarú, faoi choinníollacha áirithe, chun bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise a fhormheas chun acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú. Ba cheart d’oibreoirí gairmiúla údaraithe an t-ábhar bunúsach sin a fhormheas i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus le tagairt d’aonad formheasa, agus ba cheart dóibh sonraí an aonaid formheasa sin a chur in iúl don údarás inniúil. Is é údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann is ceart an cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbunábhar sin a áireamh sa chlár náisiúnta. |
|
(28) |
Is í an chatagóir ‘sainaitheanta de réir foinse’ an t-íoschaighdeán a cheanglaítear le haghaidh mhargú an ábhair atáirgthe foraoise, toisc nach bhfuiltear tar éis mórán roghnaithe fheinitíopaigh nó roghnú feinitíopach ar bith a dhéanamh i ndáil leis an mbunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh an ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir sin. Chun inrianaitheacht a áirithiú, ba cheart don oibreoir gairmiúil taifead a dhéanamh de shuíomh an bhunábhair óna mbailítear ábhar atáirgthe foraoise, nó, i bhfocail eile, ar a bhunáitíocht. Ba cheart tionscnamh an bhunábhair sin a lua má tá sé ar eolas. Tá sé sin i gcomhréir le Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE agus an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm Threoir 1999/105/CE. |
|
(29) |
Ar bhonn na taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm Threoir 1999/105/CE, agus Scéim Síolta Foraoise agus Plandaí ECFE á cur san áireamh, ba cheart don údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar bhunábhar atá beartaithe le haghaidh táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘roghnaithe’. Ba cheart an measúnú sin a bheith bunaithe ar bhreathnóireacht shaintréithe an bhunábhair sin agus ba cheart a chur san áireamh ann an cuspóir sonrach dá n-úsáidfear an t-ábhar atáirgthe foraoise a bhuaintear ón mbunábhar sin. Ba cheart cáilíocht fhoriomlán na catagóire sin a áirithiú. Ba cheart méid áirithe aonfhoirmeachta ar a laghad a bheith ag an daonra atáirgthe. |
|
(30) |
Chun ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘cáilithe’ a tháirgeadh, ba cheart don oibreoir gairmiúil na comhpháirteanna den bhunábhar a úsáidfear sa dearadh crosphórúcháin ar leibhéal aonair a roghnú de bharr na saintréithe den scoth atá acu a mhéid a bhaineann, mar shampla, le táirgeadh adhmaid nó oiriúnú do na dálaí aeráide agus éiceolaíocha áitiúla. Ba cheart don údarás inniúil comhdhéanamh agus dearadh crosphórúcháin molta na gcomhpháirteanna sin a fhormheas, chomh maith le leagan amach an ghoirt, na dálaí leithlisiúcháin agus suíomh an bhunábhair sin. Tá sé sin tábhachtach chun teacht leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme de bhun Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE agus chun an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm Threoir 1999/105/CE a chur san áireamh. |
|
(31) |
Ba cheart an bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhar atáirgthe foraoise sa chatagóir tástáilte a bheith faoi réir na gceanglas is déine is féidir. Ba cheart ardchéimíocht ábhair atáirgthe foraoise a mheasúnú trí bhíthin é a chur i gcomparáid le ceann amháin de na caighdeáin fhormheasta nó réamhroghnaithe, nó, de rogha, le roinnt de na caighdeáin sin. Ba cheart na caighdeáin sin a chinneadh ar bhonn na críche dá n-úsáidfear an t-ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’. Tar éis roghnú na gcomhpháirteanna den bhunábhar, ba cheart ardchéimíocht an ábhair atáirgthe foraoise a léiriú le tástáil chomparáideach nó meastachán a dhéanamh trí bhíthin meastóireacht a dhéanamh ar chomhpháirteanna géiniteacha an bhunábhair sin. Ba cheart don údarás inniúil a bheith páirteach sa phróiseas. Ba cheart dó an dearadh turgnamhach agus na tástálacha formheasa bunábhair a fhormheas, na taifid a sholáthraíonn an t-oibreoir gairmiúil dó a dheimhniú agus torthaí na dtástálacha maidir le hardchéimíocht an ábhair atáirgthe foraoise nó torthaí na meastóireachta géinití a fhormheas. Agus na tascanna sin á ndéanamh, ba cheart don údarás inniúil ailíniú a chuardach leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme de bhun Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE agus caighdeáin idirnáisiúnta eile is infheidhme, agus ba cheart an taithí a fuarthas ó Threoir 1999/105/CE a chur san áireamh. |
|
(32) |
Is ar feadh 10 mbliana ar an meán a mhaireann an measúnú ar bhunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’. Chun rochtain níos tapa ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir sin ar an margadh a áirithiú, fad atá an measúnú ar an mbunábhar fós ar bun, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit an bunábhar a fhormheas ar bhonn sealadach, go ceann tréimhse uasta 10 mbliana. Níor cheart an formheas sin a dheonú ach amháin má thugtar le fios le torthaí sealadacha na meastóireachta géinití nó torthaí na dtástálacha comparáideacha go gcomhlíonfaidh an bunábhar ceanglais an Rialacháin seo nuair a bheidh na tástálacha críochnaithe. Chun a áirithiú go leanfaidh an formheas de bheith iomchuí, ba cheart na torthaí sin a athscrúdú tar éis 10 mbliana ar a dhéanaí. |
|
(33) |
Ba cheart comhlíontacht ábhair atáirgthe foraoise mhargaithe leis na ceanglais le haghaidh na gcatagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’ a fhianú le lipéad oifigiúil. Sula ndéanfar é a mhargú nó a úsáid go díreach, agus go dtí go n-eiseofar an lipéad oifigiúil, ba cheart lipéad sealadach a bheith ar ábhar atáirgthe foraoise buainte chun inrianaitheacht a áirithiú. |
|
(34) |
Chomh maith leis an lipéad oifigiúil, ba cheart d’oibreoirí gairmiúla doiciméad oibreora ghairmiúil a eisiúint freisin. Ba cheart dó an fhaisnéis go léir ón lipéad oifigiúil, mar aon le faisnéis fhorlíontach, a chuimsiú. Tá sin riachtanach ionas go gcuirfí an t-úsáideoir ar an eolas ar bhealach chomh cuimsitheach agus is féidir faoin ábhar atáirgthe foraoise agus go dtaifeadfaí an fhaisnéis sin ar an mbealach is éifeachtaí. |
|
(35) |
Níor cheart ábhar atáirgthe foraoise géinmhodhnaithe a mhargú ach amháin má tá sé sábháilte do shláinte an duine agus don chomhshaol agus má údaraíodh é le haghaidh saothrú de bhun Threoir 2001/18/CE (5) nó Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus má bhaineann an t-ábhar atáirgthe foraoise sin leis an gcatagóir ‘tástáilte’. Níor cheart é a bheith indéanta ábhar atáirgthe foraoise a fhaightear trí theicnící géanómaíocha nua áirithe a mhargú ach amháin má chomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) 2026/1388 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus má bhaineann an t-ábhar atáirgthe foraoise sin leis an gcatagóir ‘tástáilte’. |
|
(36) |
Ba cheart faisnéis faoin mbunábhar, ina bhfuil orgánach géinmhodhnaithe nó atá comhdhéanta d’orgánach géinmhodhnaithe lena n-áirítear orgánach a táirgeadh le teicnící géanómaíocha nua áirithe, a bheith ar an lipéad oifigiúil. |
|
(37) |
Chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus cothrom iomaíochta a chruthú, ba cheart ceanglais áirithe a leagan síos maidir leis an oibleagáid atá ar oibreoirí gairmiúla inrianaitheacht agus sainaithint ábhair atáirgthe foraoise a áirithiú ag gach céim den táirgeadh agus den mhargaíocht, agus na hoibreoirí sin a chur faoi réir rialuithe oifigiúla. Sula gcuirfear ar a n-iontaoibh na gníomhaíochtaí uile nó gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh a dteastaíonn chun ábhar atáirgthe foraoise a tháirgeadh agus a mhargú faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil, ba cheart don údarás inniúil iad a údarú sin a dhéanamh. Ba cheart rialacha a leagan síos maidir leis an údarú sin a dheonú, a tharraingt siar nó a mhodhnú agus maidir leis an maoirseacht oifigiúil a dhéanfaidh na húdaráis inniúla. |
|
(38) |
Go háirithe, ba cheart don údarás inniúil na hoibreoirí gairmiúla a údarú chun an lipéad oifigiúil le haghaidh speicis agus catagóirí áirithe ábhair atáirgthe foraoise a phriontáil faoi mhaoirseacht oifigiúil. Ar an gcaoi sin tabharfar níos mó solúbthachta do na hoibreoirí gairmiúla i ndáil le margú an ábhair atáirgthe foraoise sin ina dhiaidh sin. Mar sin féin, níor cheart cead a bheith ag oibreoirí gairmiúla tosú ar an lipéad oifigiúil a eisiúint agus a phriontáil ach a gcinntear go gcomhlíonann an t-ábhar atáirgthe foraoise na ceanglais is infheidhme. Tá gá leis an údarú sin de bharr chineál oifigiúil an lipéid oifigiúil agus chun na caighdeáin cháilíochta is airde is féidir a ráthú d’úsáideoirí ábhair atáirgthe foraoise. |
|
(39) |
Sa mhéid nach bhfuil speicis áirithe agus a hibridí faoi réir na mbeart atá sa Rialachán seo, féadfaidh na Ballstáit, i gcás na speiceas agus na hibridí sin agus i ndáil lena gcríoch féin, bearta coibhéiseacha nó bearta níos déine nó bearta nach bhfuil chomh dian céanna a dhéanamh. |
|
(40) |
Chun trédhearcacht agus rialuithe níos éifeachtaí ar tháirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise a áirithiú, ba cheart do na hoibreoirí gairmiúla a bheith cláraithe sna cláir a bhunaigh na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Tá gá leis sin le haghaidh fheidhmiú an chláir oifigiúil d’oibreoirí gairmiúla agus chun clárú dúbailte a sheachaint. Na hoibreoirí gairmiúla a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, cumhdaítear iad nach mór faoi raon feidhme an chláir oifigiúil d’oibreoirí gairmiúla faoi Rialachán (AE) 2016/2031. |
|
(41) |
Sula n-aistrítear an t-ábhar atáirgthe foraoise, ba cheart d’oibreoirí gairmiúla rochtain a éascú d’úsáideoirí ionchasacha a n-ábhair atáirgthe foraoise ar an bhfaisnéis atá ar fáil cheana maidir le hoiriúnacht an ábhair atáirgthe foraoise do dhálaí aeráide agus éiceolaíocha sonracha, chun go mbeidh na húsáideoirí in ann an t-ábhar atáirgthe foraoise is iomchuí a roghnú le haghaidh a úsáide beartaithe sa suíomh atá beartaithe. |
|
(42) |
I gcás bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise sna catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’ agus ‘roghnaithe’, ba cheart do na Ballstáit, i gcás na speiceas ábhartha, na réigiúin bhunáitíochta a chríochú chun limistéir nó grúpaí limistéar ina bhfuil dálaí éiceolaíocha atá aonfhoirmeach go leor a shainaithint, ar limistéar nó grúpaí limistéar iad ina bhfuil bunábhar lena bhfuil saintréithe feinitíopacha nó géiniteacha comhchosúla. Tá gá leis sin toisc go bhfuil an t-ábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear ón mbunábhar sin le margú agus tagairt á déanamh do na réigiúin bhunáitíochta sin. |
|
(43) |
Ba cheart forálacha a leagan síos maidir le pleananna teagmhais a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta le haghaidh speiceas crainn amháin nó níos mó, ar pleananna iad is féidir leis na Ballstáit a bhunú chun a áirithiú go mbeidh siad ullamh agus go mbeidh an acmhainneacht acu soláthar leordhóthanach ábhair atáirgthe foraoise a bhunú a dteastaíonn chun limistéir a athfhoraoisiú má bhíonn teagmhais adhaimsire, falscaithe, galair, ráigeanna lotnaidí, tubaistí nó aon teagmhas díobhálach eile iontu. Ba cheart rialacha a leagan amach maidir le hábhar na bpleananna teagmhais sin, chun gníomhaíocht réamhghníomhach agus éifeachtach in aghaidh rioscaí den sórt sin, má thagann siad chun cinn, a áirithiú. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith in ann ábhar na bpleananna teagmhais sin a oiriúnú do dhálaí aeráide agus éiceolaíocha sonracha ar chríoch na mBallstát. Ba cheart a léiriú sna féidearthachtaí sin freisin na gníomhaíochtaí ullmhachta ginearálta a dhéanann na Ballstáit ar bhonn deonach faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, arna bhunú le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). |
|
(44) |
Chun a inrianaitheacht a áirithiú, ba cheart ábhar atáirgthe foraoise, le linn chéimeanna uile an táirgthe agus na margaíochta, a choinneáil i luchtóga ar leithligh faoi threoir aonaid formheasa aonair, agus faoi threoir an mháistirdheimhnithe nuair a eiseofar é. Ar chúiseanna trédhearcachta agus inrianaitheachta, ba cheart gach luchtóg d’ábhar atáirgthe foraoise a shainaithint leis an gcód luchtóige agus, ar eisiúint an mháistirdheimhnithe, le cód an mháistirdheimhnithe. |
|
(45) |
Níor cheart ach síolta a chomhlíonann caighdeáin cháilíochta áirithe a mhargú. Níor cheart iad a lipéadú ná a mhargú ach amháin i bpacáistí dúnta atá séalaithe, chun gur féidir iad a shainaithint i gceart, chun a gcáilíocht agus a n-inrianaitheacht a áirithiú, agus chun calaois a sheachaint. |
|
(46) |
Le linn tréimhsí ina mbíonn deacrachtaí sealadacha maidir le soláthairtí leordhóthanacha ábhair atáirgthe foraoise ó speicis áirithe a bhuain, ba cheart é a bheith indéanta bunábhar nó ábhar atáirgthe foraoise a chomhlíonann ceanglais cháilíochta nach bhfuil chomh dian céanna a fhormheas go sealadach, faoi réir coinníollacha áirithe. Ba cheart do na ceanglais sin, nach mbeidh chomh dian céanna, an dá rud a leanas a chumhdach: formheas bunábhair atá beartaithe le haghaidh táirgeadh catagóirí éagsúla ábhair atáirgthe foraoise nó margadh ábhair atáirgthe foraoise a chomhlíonann ceanglais cháilíochta nach bhfuil chomh dian céanna. Ní mór sin a dhéanamh chun cur chuige solúbtha a áirithiú sna limistéir ina mbíonn imthosca díobhálacha agus chun suaitheadh mhargadh inmheánach an ábhair atáirgthe foraoise a sheachaint. |
|
(47) |
Chun feidhmíocht na rialuithe oifigiúla agus na ngníomhaíochtaí oifigiúla eile i ndáil le hábhar atáirgthe foraoise a chomhchuibhiú ar fud an Aontais, ba cheart rialacha a leagan síos maidir le hainmniú na n-údarás inniúil atá freagrach as na cúraimí sin, agus maidir leis na ceanglais a bhaineann leo, agus maidir le feidhmíocht agus tarmligean féideartha na gcúraimí sin chomh maith. |
|
(48) |
Ba cheart do shaineolaithe an Choimisiúin a bheith in ann rialuithe, lena n-áirítear iniúchtaí, a dhéanamh sna Ballstáit chun cur i bhfeidhm reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais agus feidhmiú na gcóras rialaithe náisiúnta agus na n-údarás inniúil a fhíorú. |
|
(49) |
Chun prionsabail an dea-riaracháin agus muinín an phobail a áirithiú, ba cheart do na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla lena ngabhann ardleibhéal trédhearcachta a dhéanamh. Chun na críche sin, ba cheart dóibh faisnéis ábhartha a chur ar fáil don phobal, lena n-áirítear trína foilsiú ar an idirlíon, ar faisnéis í a bhaineann le heagrú agus le feidhmiú rialuithe oifigiúla, lena n-áirítear, de réir mar is ábhartha, cineál agus líon na rialuithe oifigiúla, na cásanna nár comhlíonadh, na bearta a rinneadh agus na pionóis a forchuireadh. |
|
(50) |
Níor cheart ábhar atáirgthe foraoise a allmhairiú ó thríú tíortha ach amháin más rud é go suitear go gcomhlíonann sé ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin is infheidhme maidir le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear agus a mhargaítear san Aontas. Is gá sin chun a áirithiú go dtugtar leis an ábhar atáirgthe foraoise allmhairithe sin an leibhéal cáilíochta céanna atá ag an ábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear san Aontas. Leis an gcur chuige sin, áiritheofar ní hamháin go gcomhlíonfaidh ábhar atáirgthe foraoise arna allmhairiú caighdeáin an Aontais ach go gcuirfidh sé leis an éagsúlacht ghéiniteach agus leis an inbhuanaitheacht. |
|
(51) |
D’fhéadfadh sé tarlú, de dheasca fíor-dhrochdhálaí aimsire agus aeráide, go mbeadh ganntanais ábhair atáirgthe foraoise i mBallstát amháin nó níos mó, agus nárbh fhéidir leis na Ballstáit eile, ná le tríú tíortha ar deonaíodh coibhéis ina leith, aghaidh a thabhairt ar na ganntanais sin. Dá bhrí sin, sna cásanna eisceachtúla sin, ba cheart a cheadú do na Ballstáit sin, faoi réir coinníollacha áirithe, ábhar atáirgthe foraoise a allmhairiú go sealadach ó thríú tíortha seachas na tíortha sin ar deonaíodh coibhéis ina leith. Agus measúnú á dhéanamh aige ar na coinníollacha sin, ba cheart don Choimisiún riachtanais shonracha na mBallstát lena mbaineann a chur san áireamh freisin, amhail tionscnamh agus saintréithe géiniteacha an ábhair atáirgthe foraoise lena mbaineann. |
|
(52) |
I gcás ina n-allmhairítear an t-ábhar atáirgthe foraoise san Aontas ó thríú tír, ba cheart don oibreoir gairmiúil lena mbaineann an t-údarás inniúil ábhartha a chur ar an eolas sula n-allmhaireofar an t-ábhar atáirgthe foraoise, trí chóras bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla (CBFRO) arna bhunú de bhun Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Thairis sin, ba cheart deimhniú ECFE nó deimhniú oifigiúil coibhéiseach, arna eisiúint ag an tríú tír thionscnaimh, agus taifid ina mbeidh sonraí ar an ábhar atáirgthe foraoise sin, arna soláthar ag an oibreoir gairmiúil sa tríú tír sin, a bheith ag gabháil leis an ábhar atáirgthe foraoise allmhairithe. Ba cheart lipéad ECFE nó lipéad oifigiúil coibhéiseach a cheangal leis an ábhar atáirgthe foraoise sin, toisc gur gá sin chun roghanna eolacha a áirithiú d’úsáideoirí an ábhair atáirgthe foraoise sin agus ionas gur féidir leis na húdaráis inniúla na rialuithe oifigiúla ábhartha a dhéanamh. |
|
(53) |
Chun faireachán a dhéanamh ar thionchar an Rialacháin seo agus chun go mbeidh an Coimisiún in ann measúnú a dhéanamh ar na bearta a thugtar isteach, ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt gach 5 bliana faoi na cainníochtaí d’ábhar atáirgthe foraoise a dheimhnítear de réir catagóirí in aghaidh na bliana, faoin líon na bpleananna teagmhais a ghlactar, faoi na suíomhanna gréasáin agus treoracha do phlandóirí atá ábhartha agus atá ar fáil, chomh maith leis na cainníochtaí d’ábhar atáirgthe foraoise in aghaidh an ghéinis agus an speicis a allmhairítear ó thríú tíortha, faoi na pionóis a fhorchuirtear agus faoi líon na n-oibreoirí gairmiúla a chláraítear. |
|
(54) |
Chun an Rialachán seo a chur in oiriúint d’athruithe éiceolaíocha, agus go háirithe don athrú ar na speicis crann agus ar a raonta mar thoradh ar an athrú aeráide, agus chun forbairtí san eolas eolaíoch nó teicniúil a léiriú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a leasú trí speicis crann a chur le liosta na speiceas atá faoi réir an Rialacháin seo, nó iad a bhaint de, ag brath ar chritéir áirithe a bheith á gcomhlíonadh acu nó gan iad a bheith á gcomhlíonadh a thuilleadh. |
|
(55) |
D’fhonn forbairtí san eolas eolaíochta agus teicniúil a léirmhíniú agus i Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE agus sna caighdeáin idirnáisiúnta eile is infheidhme, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le leasú a dhéanamh ar na ceanglais sin a bhaineann le formheas an bhunábhair atá beartaithe le haghaidh táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise atá le deimhniú mar ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’, agus ‘tástáilte’ agus lena chois sin na catagóirí faoina bhféadfar ábhar atáirgthe foraoise ó na cineálacha éagsúla bunábhair a mhargú. |
|
(56) |
Chun an dul chun cinn san eolas eolaíoch nó teicniúil a léiriú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an Rialachán seo a fhorlíonadh trí cheanglais áirithe a leagan amach maidir le luchtóga aonad síolta de na speicis chrainn a chumhdaítear leis an Rialachán seo seachas a hibridí, maidir le codanna de phlandaí den speiceas sin agus a hibridí, maidir le caighdeáin cháilíochta sheachtracha do Populus spp. a iomadaítear le gearrthóga gais, lena ngabhann fréamhacha nó gan fréamhacha, maidir le stoc le cur de na speicis chrainn agus a hibridí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus maidir le stoc le cur atá le margú le húsáideoirí deiridh i réigiúin ina mbíonn dálaí éicea-aeráide ar leith. |
|
(57) |
Chun soiléireacht agus cur chuige comhchuibhithe a áirithiú maidir le bunú agus cur chun feidhme na bpleananna teagmhais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a fhorlíonadh trína shonrú cad iad na gnéithe is féidir a áireamh i bplean teagmhais de bhun an Rialacháin seo. |
|
(58) |
Chun creidiúnacht an chórais um údarú na n-oibreoirí gairmiúla agus um maoirseacht oifigiúil na n-údarás inniúil a mhéadú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an nós imeachta a leagan síos lena gcuireann an t-oibreoir gairmiúil isteach ar údarú, agus lena ndeimhnítear comhlíonadh na gceanglas is infheidhme. |
|
(59) |
Chun aidhm Theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 dar teideal 2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach don Deacáid Dhigiteach], arb é an t-aistriú go teicneolaíochtaí digiteacha a oibríonn do dhaoine agus do ghnólachtaí a bhaint amach, agus chun an dul chun cinn teicniúil maidir le digitiú na seirbhísí a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a bhunú maidir le taifeadadh digiteach na bpríomhghníomhaíochtaí a bhaineann le fíorú na gceanglas a bhaineann le formheas an bhunábhair atáirgthe foraoise agus táirgeadh an ábhair sin as a n-eascraíonn eisiúint na máistirdheimhnithe, na lipéad oifigiúil agus na ndoiciméad oibreora ghairmiúil agus maidir le bunú ardáin láraithe lena nasctar na Ballstáit uile agus an Coimisiún. |
|
(60) |
Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin ar ghníomhartha tarmligthe, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus tá rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(61) |
Chun cur chuige comhréireach a áirithiú, níor cheart gur ghá, nuair is cainníochtaí beaga síolta atá á margú, go gcomhlíonfaí ceanglais áirithe. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a chinneadh cad is cainníocht bheag ann i ndáil le speicis aonair lena bhféadfaí iad a eisiamh ó cheanglais mhargaíochta áirithe. |
|
(62) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun a áirithiú gur go cruinn agus ar bhealach comhleanúnach a dhéanfaidh oibreoirí gairmiúla údaraithe an formheas ar bhunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise chun acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na coinníollacha sonracha chun measúnú a dhéanamh ar incháilitheacht oibreoirí gairmiúla atá le húdarú chun bunábhar a fhormheas agus i ndáil leis na coinníollacha chun mionsonraí an aonaid formheasa a chur in iúl don údarás inniúil. |
|
(63) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí sealadacha i soláthar ginearálta an ábhair atáirgthe foraoise, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le Ballstát amháin nó níos mó a údarú chun margú ábhair atáirgthe foraoise a cheadú go sealadach, ar ábhar atáirgthe foraoise é a chomhlíonann ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, nó ar ábhar atáirgthe foraoise é arna theacht ó bhunábhar a chomhlíonann na ceanglais sin. |
|
(64) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun so-aitheantacht agus úsáid na máistirdheimhnithe a éascú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le hábhar agus samhail an mháistirdheimhnithe a ghlacadh agus maidir le rialacha a leagan síos i ndáil leis na sásraí agus na socruithe teicniúla chun eisiúint máistirdheimhnithe cruinne iontaofa a áirithiú, agus chun an riosca calaoise a chosc, maidir leis na nósanna imeachta atá le leanúint i gcás máistirdheimhnithe a tharraingt siar agus deimhnithe athsholáthair a eisiúint, na rialacha maidir le cóipeanna deimhnithe de mháistirdheimhnithe a tháirgeadh, agus na rialacha maidir le deimhnithe leictreonacha a eisiúint agus sínithe leictreonacha a úsáid. |
|
(65) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun creat comhchuibhithe a áirithiú maidir le lipéadú agus soláthar faisnéise a bhaineann le hábhar atáirgthe foraoise, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun formáid, méid, cruth agus dath an lipéid oifigiúil agus dhoiciméad an oibreora ghairmiúil a leagan amach le haghaidh gach catagóire nó le haghaidh catagóirí sonracha ábhair atáirgthe foraoise. Agus an dath á shainiú aige, ba cheart don Choimisiún na Rialacha agus na Rialacháin atá i Scéim Síolta Foraoise agus Plandaí ECFE a chur san áireamh. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit na rialacha maidir le dath a chur i bhfeidhm de réir mar is iomchuí. |
|
(66) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun na forbairtí a bhaineann le digiteáil earnáil an ábhair atáirgthe foraoise a léiriú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le leagan amach na socruithe teicniúla le haghaidh eisiúint na máistirdheimhnithe digiteacha, na lipéad oifigiúil digiteach agus dhoiciméid dhigiteacha na n-oibreoirí gairmiúla. |
|
(67) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun a áirithiú go bhformheasfaidh na hoibreoirí gairmiúla ábhar bunúsach na catagóire ‘sainaitheanta de réir foinse’, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis an bhformheas sin a dheonú, faoi réir coinníollacha áirithe. |
|
(68) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun a áirithiú go mbainfear úsáid cheart as an maolú a bhaineann le formheas sealadach bunábhair atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i leith uaslíon na n-aonad ábhair atáirgthe foraoise agus uasmhéid an limistéir is féidir a bheith faoi réir an fhormheasa sin a shonrú. |
|
(69) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le cinneadh a dhéanamh i ndáil le heagrú turgnamh sealadach chun roghanna malartacha feabhsaithe, ar cheanglais an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le measúnú agus formheas bunábhair agus táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise, a lorg. |
|
(70) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus cur chun feidhme an chuir chuige náisiúnta nó réigiúnach maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise á chumasú an tráth céanna arb é is aidhm don mhéid sin feabhas a chur ar cháilíocht an ábhair atáirgthe foraoise lena mbaineann, ar chosaint an chomhshaoil, nó ar an rannchuidiú le cosaint na bithéagsúlachta agus le hathchóiriú éiceachóras foraoise, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le húdarú a thabhairt do na Ballstáit, faoi choinníollacha áirithe, ceanglais níos déine nó breise a ghlacadh maidir le bunábhar agus táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise a fhormheas, chun srian a chur ar fhormheas bunábhair atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘sainaitheanta de réir foinse’ nó chun toirmeasc a chur ar ábhar atáirgthe foraoise a mhargú don úsáideoir deiridh d’fhonn é a shíolú nó a phlandú ina chríoch uile nó i gcuid di i gcás nach bhfuil an t-ábhar atáirgthe foraoise sin oiriúnach do dhálaí éiceolaíocha foraoiseachta an Bhallstáit lena mbaineann agus do na críocha ábhartha. |
|
(71) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le cinneadh a dhéanamh go gcomhlíonann ábhar atáirgthe foraoise de ghéinis, speicis, nó catagóirí sonracha, agus, i gcás inarb iomchuí, a eascraíonn as cineálacha sonracha bunábhair nó as réigiún sonrach bunáitíochta, a tháirgtear i dtríú tír, ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin is infheidhme maidir le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear agus a mhargaítear san Aontas. |
|
(72) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le rialacha áirithe a leagan síos i leith socruithe aonfhoirmeacha praiticiúla i gcomhair fheidhmiú na rialuithe oifigiúla le fíorú go bhfuil na rialacha maidir le hábhar atáirgthe foraoise á gcomhlíonadh. |
|
(73) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis an bhformáid theicniúil a shonrú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an gcur isteach digiteach agus leis an bpróiseáil dhigiteach atá le húsáid le haghaidh na dtuarascálacha atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin ag na Ballstáit maidir le cainníochtaí ábhair atáirgthe foraoise dheimhnithe de réir catagóirí in aghaidh na bliana, líon na bpleananna teagmhais glactha, suíomhanna gréasáin agus treoracha do phlandóirí atá ar fáil agus ábhartha, cainníochtaí na n-ábhar atáirgthe foraoise in aghaidh an ghéinis agus an speicis a allmhairítear ó thríú tíortha, na pionóis, agus líon na n-oibreoirí gairmiúla cláraithe. |
|
(74) |
Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a thugtar don Choimisiún faoin Rialachán seo a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). |
|
(75) |
Níor cheart ach ábhar atáirgthe foraoise sláintiúil a cheadú lena mhargú ar fud an Aontais. Ábhar atáirgthe foraoise a mhargaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart dó na rialacha a leagtar síos, nó dá bhforáiltear, i bhforálacha ábhartha Rialachán (AE) 2016/2031 maidir le lotnaidí coraintín de chuid an Aontais, lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta agus lotnaidí neamhchoraintín rialáilte an Aontais, agus na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 30(1) den Rialachán sin, a chomhlíonadh freisin. |
|
(76) |
Is lotnaidí nach bhfuil faoi réir Rialachán (AE) 2016/2031 iad lotnaidí cáilíochta. Is féidir leo tarlú le linn tháirgeadh an ábhair atáirgthe foraoise agus nuair a stóráiltear an t-ábhar ar feadh tréimhse fhada faoi dhálaí taise nó bogthaise iomarcaí. Dá bhrí sin, ba cheart iad a bheith i láthair ar ábhar atáirgthe foraoise a mhargaítear i méideanna chomh híseal sin nach bhfuil aon éifeacht dhíobhálach ar cháilíocht an ábhair. |
|
(77) |
Chun feabhas a chur ar a chomhsheasmhach atá na rialacha a bhaineann le hábhar atáirgthe foraoise le rialacha Rialachán (AE) 2016/2031 maidir le pasanna plandaí, ba cheart a bheith in ann an lipéad oifigiúil le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise a nascadh leis an bpas plandaí. |
|
(78) |
Mar gheall ar shainiúlachtaí earnáil an ábhair atáirgthe foraoise, is iomchuí go ndéanfaidh an Rialachán seo a fhorálacha féin a leagan síos maidir le rialuithe oifigiúla ábhair atáirgthe foraoise. Chun a áirithiú go gcuirfear rialuithe oifigiúla a bhaineann le hábhar atáirgthe foraoise i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud na mBallstát, chun sineirgí a chruthú le córas na rialuithe oifigiúla in earnálacha comhchosúla, go háirithe sláinte plandaí, agus chun a chur ar chumas na mBallstát ionstraimí agus uirlisí atá ann cheana, amhail córas bainistíochta faisnéise le haghaidh rialuithe oifigiúla, a úsáid chun comhlíonadh na rialacha maidir le hábhar atáirgthe foraoise a fhíorú, ba cheart forálacha maidir le rialuithe oifigiúla sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm de bhreis ar fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) 2017/625 i gcás inar gá. |
|
(79) |
Tuigtear gur féidir le húdaráis inniúla na mBallstát a gcuirtear de chúram orthu cúraimí a dhéanamh faoin Rialachán seo a bheith ina n-údaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2017/625 agus, dá bhrí sin, is iad atá freagrach as na rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a eagrú i réimsí eile. |
|
(80) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) 2016/2031 agus (AE) 2017/625 a leasú dá réir. |
|
(81) |
Ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil agus trédhearcacht, ba cheart Treoir 1999/105/CE a aisghairm. |
|
(82) |
Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a chomhlíonadh, is é sin cur chuige comhchuibhithe a áirithiú i ndáil le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise, agus, dá réir sin, de bhun a éifeachtachtaí, a chastachta, agus a thionchair idirnáisiúnta, go bhféadfaí é a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a dhéanamh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní sháraíonn an Rialachán seo a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. Ina fhianaise sin, agus de réir mar is gá, tugtar maoluithe nó ceanglais shonracha isteach leis an Rialachán seo maidir le cineálacha áirithe ábhair atáirgthe foraoise agus oibreoirí gairmiúla áirithe. |
|
(83) |
I bhfianaise an ama agus na n-acmhainní a theastaíonn ó na húdaráis inniúla agus na hoibreoirí gairmiúla lena mbaineann oiriúnú do na ceanglais nua a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 17 Iúil 2031. |
|
(84) |
Chun aon suaitheadh ar tháirgeadh agus ar mhargú ábhair atáirgthe foraoise san Aontas a sheachaint, maidir le hábhar atáirgthe foraoise a táirgeadh roimh an 17 Iúil 2031 i gcomhréir le Treoir 1999/105/CE nó le rialacha náisiúnta, ba cheart a bheith in ann leanúint dá mhargú go dtí go n-ídeofar na stoic atá i gceist. Ar an gcúis chéanna, ba cheart a bheith in ann ábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear i gcomhréir le Treoir 1999/105/CE leanúint de bheith á mhargú le máistirdheimhniú arna eisiúint de bhun na Treorach sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir hábhar atáirgthe foraoise a tháirgeadh lena mhargú agus maidir le margú an ábhair.
Go háirithe, leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais maidir le tionscnamh an bhunábhair atá beartaithe le haghaidh táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise, formheas an bhunábhair sin agus clárú an bhunábhair sin, agus ceanglais maidir le hinrianaitheacht ábhair atáirgthe foraoise, rialuithe oifigiúla, catagóirí ábhair atáirgthe foraoise, aitheantas agus cáilíocht ábhair atáirgthe foraoise, deimhniú, lipéadú, pacáistíocht, allmhairí, oibreoirí gairmiúla agus pleananna teagmhais náisiúnta.
Airteagal 2
Raon feidhme agus cuspóirí
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hábhar atáirgthe foraoise a bhaineann leis na speicis crann a liostaítear in Iarscríbhinn I agus a hibridí a tháirgeadh lena mhargú agus maidir le margú an ábhair.
Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur hibridí de na speicis crann a liostaítear in Iarscríbhinn I iad hibridí má liostaítear ceann amháin ar a laghad de na máthairspeicis iontu.
2. Is iad cuspóirí an Rialacháin seo rannchuidiú le foraoisí athléimneacha a chothabháil agus a bhunú, le héiceachórais foraoise a athchóiriú agus le bithéagsúlacht foraoise, agus tacú le seirbhísí éiceachórais foraoise agus le plandú crann eile, go háirithe tríd an méid seo a leanas:
|
(a) |
táirgeadh, margú agus inrianaitheacht inbhuanaithe ábhair atáirgthe foraoise d’ardcháilíocht san Aontas; |
|
(b) |
feidhmiú cuí an mhargaidh aonair in ábhair atáirgthe foraoise; |
|
(c) |
tacú le táirgeadh inbhuanaithe adhmaid, bithábhar, bithmhaise agus táirgí foraoise eile; |
|
(d) |
tacú le caomhnú acmhainní géiniteacha foraoise; |
|
(e) |
rannchuidiú an ábhair atáirgthe foraoise leis an athrú aeráide a mhaolú, foraoisí a chur in oiriúint don athrú aeráide agus cosaint a thabhairt ar chreimeadh ithreach. |
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 31, chun leasú a dhéanamh ar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
|
(a) |
athruithe éiceolaíocha, lena n-áirítear athruithe ar na speicis crann agus ar a raonta de thoradh an athraithe aeráide; |
|
(b) |
aon fhorbairt ar eolas eolaíochta nó teicniúil. |
Ní chuirfidh na gníomhartha tarmligthe sin speicis crann leis an liosta in Iarscríbhinn I ach i gcás ina gcomhlíonann na speicis sin ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:
|
(a) |
is limistéar mór iad chomh maith le cion mór de luach eacnamaíoch de tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise san Aontas; |
|
(b) |
margaítear mar ábhar atáirgthe foraoise in dhá cheann ar a laghad de na Ballstáit iad; nó |
|
(c) |
meastar go bhfuil siad tábhachtach chun oiriúnú don athrú aeráide agus chun acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú. |
Bainfidh na gníomhartha tarmligthe sin speicis crann den liosta in Iarscríbhinn I aon uair nach gcomhlíonann na speicis sin aon cheann de na critéir a leagtar amach sa dara fomhír den mhír seo a thuilleadh.
4. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an ábhar seo a leanas:
|
(a) |
síolta agus ábhar atáirgthe plandaí eile arna gcumhdach le Treoracha 66/401/CEE (13), 66/402/CEE (14), 68/193/CEE (15), 2002/53/CE (16), 2002/54/CE (17), 2002/55/CE (18), 2002/56/CE (19), 2002/57/CE (20), 2008/72/CE (21) agus 2008/90/CE (22) ón gComhairle; |
|
(b) |
ábhar iomadaithe plandaí ornáideacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 98/56/CE (23) ón gComhairle; |
|
(c) |
ábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear lena onnmhairiú chuig tríú tíortha amháin, ar choinníoll go sainaithnítear amhlaidh é; |
|
(d) |
ábhar atáirgthe foraoise nach n-úsáidtear ach amháin le haghaidh tástáil oifigiúil, chun críocha eolaíocha nó le haghaidh obair roghnúcháin, ar choinníoll go sainaithnítear amhlaidh é trí bhearta lipéadaithe agus inrianaitheachta; |
|
(e) |
ábhar atáirgthe foraoise atá faoi réir conarthaí seirbhíse chun críocha glantacháin, dífhabhtaithe, cóireála agus iompair, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
|
Ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll a leagtar síos i bpointe (iv) den chéad fhomhír maidir le soláthraithe seirbhísí iompair.
5. Maidir le speicis crann nach liostaítear in Iarscríbhinn I agus na hibridí díobh, féadfaidh na Ballstáit, i ndáil lena gcríoch féin, bearta a ghlacadh atá coibhéiseach leis na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, nó atá níos déine nó nach bhfuil chomh dian céanna leo. Meastar gur hibridí de na speicis crann nach liostaítear in Iarscríbhinn I iad hibridí mura liostaítear aon cheann de na máthairspeicis san iarscríbhinn.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘ábhar atáirgthe foraoise’ aonaid síolta, codanna de phlandaí agus den stoc le cur a bhaineann leis na speicis crann a liostaítear in Iarscríbhinn I agus na hibridí díobh agus atá beartaithe lena n-úsáid ar mhaithe le foraoisiú, athfhoraoisiú, éagsúlú i gceap foraoise agus plandú crann agus síolú díreach eile, chun ceann amháin nó níos mó de na críocha seo a leanas:
|
|
(2) |
ciallaíonn ‘aonad síolta’ buaircíní, torthú bláthra, torthaí agus síolta atá beartaithe le haghaidh stoc le cur a tháirgeadh nó le haghaidh síolú díreach; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘an stoc le cur’ aon phlanda nó aon chuid de phlanda a úsáidtear in iomadú plandaí agus a chuimsítear leis plandaí a tógadh ó aonaid síolta, ó chodanna de phlandaí, nó ó phlandaí ó athghiniúint nádúrtha; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘codanna de phlandaí’ gearrthóga lorga, lena ngabhann fréamhacha nó gan fréamhacha, gearrthóga duilleoige agus gearrthóga fréimhe, easphlandaí nó suthanna a úsáidtear le haghaidh micriomadú, bachlóg, buinneán, fréamhacha, beangán, agus aon chuid eile de phlanda a úsáidtear le haghaidh tháirgeadh an stoic le cur; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘foraoisiú’ foraois a bhunú trí phlandú nó trí shíolú toiliúil, lena n-áirítear plandú nó síolú toiliúil de speicis crann oiriúnaithe don réigiún ar thalamh a raibh, go dtí sin, úsáid éagsúil á baint as, agus tugtar le fios leis claochlú ar an úsáid talún ó neamhfhoraois go foraois; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘athfhoraoisiú’ foraois a athbhunú trí phlandú, síolú toiliúil, iomadú fásúil nó athghiniúint nádúrtha ar thalamh a aicmítear mar fhoraois; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘bunábhar’ aon cheann de na cineálacha ábhair seo a leanas dá dtagraítear sa tábla a leagtar amach in Iarscríbhinn VI: foinse síl, clampa, síolghort, máthairchrainn fine, clón nó meascán clónach; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘foinse síl’ na crainn laistigh de limistéar sainithe, óna mbailítear ábhar atáirgthe foraoise; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘clampa’ daonra dealaithe crann atá aonfhoirmeach go leor ina chomhdhéanamh; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘síolghort’ fáschoill crann roghnaithe, cás ina sainaithnítear gach crann aonair de réir clóin nó fine, agus tá an fháschoill sin ar leithlis nó bainistítear í chun pailniú ó fhoinsí seachtracha a sheachaint nó a laghdú, agus chun barra aonad síolta minice, flúirseacha is féidir a bhuain go héasca a tháirgeadh; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘máthairchrainn fine’ crainn a úsáidtear mar chrainn tuismitheora chun sliocht a fháil le pailniú rialaithe nó oscailte ar cheann de na crainn tuismitheora shainaitheanta a úsáidtear mar chrann baineann, le pailin ó chrann tuismitheora amháin (gaol siblíneach iomláin) nó roinnt crann tuismitheora sainaitheanta nó neamhaitheanta (leathghaol siblíneach); |
|
(12) |
ciallaíonn ‘clón’ planda aonair amháin nó grúpa plandaí aonair (ramaití) a díorthaíodh ar dtús ó phlanda aonair amháin (bunphlanda) le hiomadú fásúil, mar shampla le gearrthóga, micriomadú, beangáin, buinneáin nó deighiltí, nó a díorthaíodh ar dtús ó cheall-línte; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘meascán clónach’ meascán de chlóin sainaitheanta i sciartha sainithe; |
|
(14) |
ciallaíonn ‘aonad formheasa’ an limistéar iomlán bunábhair nó ceann amháin nó níos mó de na cineálacha bunábhair atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh an ábhair atáirgthe foraoise atá údaraithe ag na húdaráis inniúla; |
|
(15) |
ciallaíonn ‘luchtóg’ aon cheann díobh seo a leanas: luchtóg síolta, luchtóg aonad síolta, luchtóg plandaí nó luchtóg de chodanna plandaí; |
|
(16) |
ciallaíonn ‘luchtóg síolta’ gearrthán síolta a bhailítear ó bhunábhar formheasta agus a phróiseáiltear go haonfhoirmeach; |
|
(17) |
ciallaíonn ‘luchtóg plandaí’ gearrthán plandaí a fásadh ó luchtóg síolta aonair nó ó stoc le cur a iomadaíodh go fásúil a tógadh i limistéar inchríochaithe agus a próiseáladh go haonfhoirmeach; |
|
(18) |
ciallaíonn ‘luchtóg aonad síolta’ gearrthán aonad síolta a bhailítear ó bhunábhar formheasta agus a phróiseáiltear go haonfhoirmeach; |
|
(19) |
ciallaíonn ‘codanna de luchtóg plandaí’ gearrthán codanna plandaí a bhailítear agus a phróiseáiltear go haonfhoirmeach; |
|
(20) |
ciallaíonn ‘cód luchtóige’ cód aitheantais luchtóige; |
|
(21) |
ciallaíonn ‘bunáitíocht’ ainm na háite ina bhfuil aon fhoinse síl nó clampa ag fás; |
|
(22) |
ciallaíonn ‘réigiún bunáitíochta’ an limistéar nó an grúpa limistéar atá faoi réir dálaí éiceolaíocha leor-aonfhoirmeacha, ina bhfaightear clampaí nó foinsí síl a léiríonn saintréithe feinitíopacha nó géiniteacha atá cosúil lena chéile, agus teorainneacha airde á gcur san áireamh, i gcás inarb iomchuí; |
|
(23) |
ciallaíonn ‘foinse síl uatheascarthach nó clampa uatheascarthach’ foinse síl nó clampa a athghineadh go leanúnach agus go nádúrtha nó a athghineadh go saorga ó ábhar atáirgthe foraoise a bailíodh san fhoinse síl chéanna nó sa chlampa céanna nó i bhfoinsí síl uatheascarthacha nó i gclampaí uatheascarthacha eile i ndlúthghaireacht don fhoinse síl nó don chlampa sin; |
|
(24) |
ciallaíonn ‘foinse síl dhúchasach nó clampa dúchasach’ foinse síl nó clampa atá suite i réigiún bunáitíochta sonrach ar cuid é de raon dáilte nádúrtha an speicis lena mbaineann, a thógtar ó shíol nó a iomadaítear go fásúil, agus a bhfuil a thionscnamh suite laistigh den réigiún bunáitíochta céanna; |
|
(25) |
ciallaíonn ‘tionscnamh’ an méid seo a leanas:
|
|
(26) |
ciallaíonn ‘suíomh an bhunábhair’ limistéar geografach nó suíomh geografach nó suíomhanna geografacha an bhunábhair de réir mar is iomchuí i gcás gach catagóire ábhair atáirgthe foraoise; |
|
(27) |
ciallaíonn ‘bunstoc’ planda, grúpa plandaí, ábhar atáirgthe foraoise, stoc DNA nó faisnéis ghéiniteach an chlóin, nó na gclón i gcás meascán clónach, ar ábhar tagartha é chun aitheantas an chlóin nó na gclón lena mbaineann a fhíorú; |
|
(28) |
ciallaíonn ‘oibreoir gairmiúil’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá i gceannas ar ábhar atáirgthe foraoise a tháirgeadh nó a mhargú, nó an dá rud; |
|
(29) |
ciallaíonn ‘táirgeadh’ na céimeanna uile a bhaineann le giniúint luchtóg ábhar atáirgthe foraoise le haghaidh margaíochta, lena n-áirítear buain, bailiú, stóráil, próiseáil agus dáileadh, agus seoladh le linn na gcéimeanna sin, chomh maith le tiontú luchtóg aonad síolta agus codanna de luchtóga plandaí agus fás, iolrú, cothabháil, stóráil agus buain luchtóg plandaí; |
|
(30) |
ciallaíonn ‘margaíocht’ na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanann oibreoir gairmiúil i ndáil le hábhar atáirgthe foraoise, bíodh sin saor in aisce nó ná bíodh:
|
|
(31) |
ciallaíonn ‘údarás inniúil’:
|
|
(32) |
ciallaíonn ‘comhlacht tarmligthe’ duine dlítheanach ar leith, ar tharmlig an t-údarás inniúil cúraimí áirithe chuige maidir le rialú oifigiúil nó cúraimí áirithe maidir le gníomhaíochtaí oifigiúla eile; |
|
(33) |
ciallaíonn ‘catagóir’ aicmiú ábhair atáirgthe foraoise mar ábhar atá sainaitheanta de réir foinse, roghnaithe, cáilithe nó tástáilte; |
|
(34) |
ciallaíonn ‘sainaitheanta de réir foinse’ catagóir ábhair atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó bhunábhar arb é atá ann foinse síl nó clampa atá suite i réigiún bunáitíochta amháin agus lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II; |
|
(35) |
ciallaíonn ‘roghnaithe’ catagóir ábhair atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó bhunábhar arb é atá ann clampa suite i réigiún bunáitíochta amháin, a roghnaíodh ar leibhéal an daonra agus lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III; |
|
(36) |
ciallaíonn ‘cáilithe’ catagóir ábhair atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó bhunábhar ar síolghoirt, máthairchrainn fine, clóin nó meascáin chlónacha é, ar roghnaíodh na comhpháirteanna de ar an leibhéal aonair agus lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn IV; |
|
(37) |
ciallaíonn ‘tástáilte’ catagóir ábhair atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó bhunábhar ar clampaí, síolghoirt, máthairchrainn fine, clóin nó meascáin chlónacha é, i gcás inar léiríodh ardchéimíocht an ábhair atáirgthe foraoise sin trí thástáil chomparáideach a dhéanamh air nó inar ríomhadh meastachán ar ardchéimíocht an ábhair atáirgthe foraoise ar bhonn na meastóireachta géinití ar chomhpháirteanna an bhunábhair, agus lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn V; |
|
(38) |
ciallaíonn ‘deimhniúchán oifigiúil’ an nós imeachta as a n-eisítear máistirdheimhniú nó lipéad oifigiúil, agus iad a eisiúint, i gcomhréir leis an Rialachán seo; |
|
(39) |
ciallaíonn ‘rialuithe oifigiúla’ gníomhaíochtaí chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla atá freagrach as na gníomhaíochtaí sin a eagrú nó ag na comhlachtaí ar tarmligeadh cuid de na gníomhaíochtaí sin chucu nó ag na daoine nádúrtha ar tarmligeadh cuid de na gníomhaíochtaí sin chucu; |
|
(40) |
ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí oifigiúla eile’ gníomhaíochtaí a bhaineann le formheas bunábhair agus le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise seachas rialuithe oifigiúla, arna gcur i bhfeidhm ag na húdaráis inniúla nó ag na comhlachtaí ar tarmligeadh cuid de na gníomhaíochtaí sin chucu nó ag na daoine nádúrtha ar tarmligeadh cuid de na gníomhaíochtaí sin chucu; |
|
(41) |
ciallaíonn ‘seiceáil dhoiciméadach’ scrúdú a dhéanamh ar mháistirdheimhnithe agus ar dhoiciméid eile; |
|
(42) |
ciallaíonn ‘orgánach géinmhodhnaithe’ orgánach géinmhodhnaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir 2001/18/CE, seachas orgánaigh a fhaightear trí theicnící an ghéinmhodhnaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I B a ghabhann leis an Treoir sin; |
|
(43) |
ciallaíonn ‘planda TGN’ planda TGN mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (9), de Rialachán (AE) 2026/1388; |
|
(44) |
ciallaíonn ‘limistéar úsáide’ an limistéar arna ainmniú ag na húdaráis inniúla ina ndéantar an t-ábhar atáirgthe foraoise a bhaineann leis na catagóirí ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’, a chur in oiriúint do dhálaí aeráide agus éiceolaíocha an limistéir sin; |
|
(45) |
ciallaíonn ‘FOREMATIS’ Córas Faisnéise um Ábhar Atáirgthe Foraoise an Choimisiúin; |
|
(46) |
ciallaíonn ‘athghiniúint nádúrtha’ athnuachan na foraoise trí phróisis nádúrtha lena n-áirítear síolú nádúrtha, péacadh, diúil nó srathú; |
|
(47) |
ciallaíonn ‘lotnaidí cáilíochta’ lotnaidí a mbaineann an méid seo a leanas leo:
|
CAIBIDIL II
Bunábhar agus ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaíonn uaidh
Airteagal 4
Bunábhar a fhormheas le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise a tháirgeadh
1. Ní úsáidfear ach bunábhar atá formheasta ag na húdaráis inniúla chun ábhar atáirgthe foraoise a tháirgeadh.
2. Déanfar bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise atá le deimhniú mar ábhar atá ‘sainaitheanta de réir foinse’ a fhormheas, má chomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II leis.
Déanfar bunábhar atá beartaithe le haghaidh táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise atá le deimhniú mar ábhar atá ‘roghnaithe’ a fhormheas, má chomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III leis.
Déanfar bunábhar atá beartaithe le haghaidh táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise atá le deimhniú mar ábhar atá ‘cáilithe’ a fhormheas, má chomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn IV leis.
Déanfar bunábhar atá beartaithe le haghaidh táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise atá le deimhniú mar ábhar atá ‘tástáilte’ a fhormheas, má chomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn V leis.
Áireofar sa mheasúnú ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na ceanglais maidir le formheas an bhunábhair a leagtar amach in Iarscríbhinní II go V, de réir mar is iomchuí, amharc-chigireachtaí, seiceálacha doiciméadacha, tástálacha agus anailísí. Féadfar modhanna comhlántacha eile a úsáid freisin, amhail teicnící bithcheimiceacha agus móilíneacha, más iomchuí iad chun críoch an fhormheasa sin.
Déanfar measúnú ar an mbunábhar le haghaidh na gcatagóirí ar fad i ndáil lena shaintréithe inbhuanaitheachta mar a leagtar amach in Iarscríbhinní II go V, agus na dálaí aeráide agus éiceolaíocha á gcur san áireamh.
Déanfar an bunábhar a fhormheas trí thagairt a dhéanamh don aonad formheasa.
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 lena leasaítear Iarscríbhinn II go V.
Leis na leasuithe sin, déanfar na rialacha maidir le formheas bunábhair atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise a chur in oiriúint chun an dul chun cinn san eolas eolaíoch nó teicniúil a léiriú, lena n-áirítear úsáid teicnící bithcheimiceacha agus móilíneacha, agus forbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta is infheidhme.
4. Ní áireofar ach bunábhar formheasta sa chlár náisiúnta de bhun Airteagal 15. Déanfar é a chlárú faoi threoir an aonaid formheasa. Sainaithneofar gach aonad formheasa sa chlár náisiúnta sin le tagairt chláir uathúil.
5. I ndiaidh formheasa, déanfaidh na húdaráis inniúla ath-iniúchadh ar an mbunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise faoi na catagóirí ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’ go tráthrialta.
6. Tarraingeofar siar formheas an bhunábhair, i gcás nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a thuilleadh.
Airteagal 5
Ceanglais maidir le hábhair atáirgthe foraoise a mhargú
1. Ní dhéanfar ábhar atáirgthe foraoise de na catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ ná ‘tástáilte’ a mhargú san Aontas ach amháin sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
tá lipéad oifigiúil ag gabháil leis arna eisiúint de bhun Airteagal 20 (‘lipéad oifigiúil’):
|
|
(b) |
comhlíonann sé mír 2; |
|
(c) |
tá doiciméad an oibreora ghairmiúil, arna eisiúint de bhun Airteagal 20, ag gabháil leis (‘doiciméad an oibreora ghairmiúil’); agus |
|
(d) |
tá sé saor ó lotnaidí cáilíochta agus ó na siomptóim a bhfuil siad mar bhonn leo, nó tá láithreacht na lotnaidí sin ar an ábhar atáirgthe foraoise sin chomh híseal sin nach ndéanann na lotnaidí sin dochar dá cháilíocht. |
2. Déanfaidh oibreoirí gairmiúla margaíocht ar an ábhar atáirgthe foraoise i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:
|
(a) |
ní dhéanfar ábhar atáirgthe foraoise de na speicis crann a liostaítear in Iarscríbhinn I agus a hibridí nádúrtha a mhargú ach amháin má tá sé sna catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ nó ‘tástáilte’ agus má díorthaíodh é ó bhunábhar a formheasadh de bhun Airteagal 4; |
|
(b) |
ní dhéanfar ábhar atáirgthe foraoise de na hibridí saorga de na speicis crann a liostaítear in Iarscríbhinn I a mhargú ach amháin má tá sé sna catagóirí ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ nó ‘tástáilte’ agus má díorthaíodh é ó bhunábhar a formheasadh de bhun Airteagal 4; |
|
(c) |
ní dhéanfar ábhar atáirgthe foraoise de na speicis crann a liostaítear in Iarscríbhinn I agus a hibridí ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe nó atá comhdhéanta díobh, lena n-áirítear plandaí TGN de chatagóir 2 mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (14), de Rialachán (AE) 2026/1388, a mhargú ach amháin sna cásanna seo a leanas:
|
|
(d) |
Ní dhéanfar ábhar atáirgthe foraoise de na speicis crann a liostaítear in Iarscríbhinn I agus na hibridí dó ina bhfuil planda TGN de chatagóir 1 nó atá comhdhéanta de mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (13), de Rialachán (AE) 2026/1388 a mhargú ach amháin sna cásanna seo a leanas:
|
|
(e) |
Le hábhar atáirgthe foraoise a mhargaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo, comhlíonfar na rialacha a leagtar síos, nó dá bhforáiltear, i bhforálacha ábhartha Rialachán (AE) 2016/2031 maidir le lotnaidí coraintín de chuid an Aontais, lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta agus lotnaidí neamhchoraintín rialáilte an Aontais, agus na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 30(1) den Rialachán sin. |
3. I gcás luchtóga síolta, ní dhéanfar ábhar atáirgthe foraoise de na speicis crann a liostaítear in Iarscríbhinn I agus na hibridí dó a mhargú ach amháin má tá faisnéis ar fáil, sa bhreis ar chomhlíonadh mhír 2 den Airteagal seo, a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
an íonacht, arna tomhas de réir an chéatadáin de réir meáchain de shíol íon, de shíol eile agus d’ábhar támh; |
|
(b) |
céatadán péactha an tsíl íon nó, i gcásanna ina bhfuil sé dodhéanta nó neamhphraiticiúil tástáil phéactha a dhéanamh, céatadán inmharthanachta an tsíl íon arna mheasúnú de réir an mhodha sonraithe; |
|
(c) |
meáchan 1 000 síol glan; |
|
(d) |
an líon síolta inghreáilte in aghaidh an chileagraim nó lítear táirge a mhargaítear mar shíolta, nó, i gcás nach féidir measúnú a dhéanamh ar an líon síolta péactha nó i gcás ina bhfuil sé neamhphraiticiúil measúnú a dhéanamh ar an líon síolta péactha, an líon síolta inmharthana in aghaidh an chileagraim nó an lítir; |
|
(e) |
i gcás hibridí saorga, an céatadán hibrideach. |
I gcás cainníochtaí beaga, ní gá na ceanglais a leagtar amach i bpointí (b), (d) agus (e) den chéad fhomhír den mhír seo a chomhlíonadh.
4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun a chinneadh a bhfuil i gceist le cainníocht bheag, dá dtagraítear i mír 3, an dara fomhír, den Airteagal seo, i gcás speicis aonair. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).
5. De mhaolú ar mhír 3, i gcás inar gá síol ó bharr an tséasúir reatha a chur ar fáil go tapa, féadfar ábhar atáirgthe foraoise a mhargú don chéad cheannaitheoir sula mbeidh an scrúdú ar phéacadh mar a leagtar síos i mír 3, an chéad fhomhír, pointí (b) agus (d), tugtha i gcrích. Cuirfidh an t-oibreoir gairmiúil an ceannaitheoir ar an eolas a luaithe is féidir faoi chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 3, an chéad fhomhír, pointí (b) agus (d). Tabharfaidh oibreoir gairmiúil a bhfuil sé ar intinn aige nó aici úsáid a bhaint as an maolú dá bhforáiltear sa mhír seo fógra do na húdaráis inniúla faoin rún sin uair amháin.
6. Maidir leis na catagóirí faoina bhféadfar an t-ábhar atáirgthe foraoise ó na cineálacha éagsúla bunábhair a mhargú, leagtar amach iad sa tábla in Iarscríbhinn VI.
7. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31(2), lena leasaítear an tábla in Iarscríbhinn VI.
Oiriúnófar sna leasuithe sin na catagóirí faoina bhféadfar ábhar atáirgthe foraoise ó na cineálacha éagsúla bunábhair a mhargú chun go léireofar an dul chun cinn san eolas eolaíoch nó teicniúil agus forbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta is infheidhme.
Airteagal 6
Bunábhar a fhormheas chun acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú
1. De mhaolú ar Airteagal 4(1), féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt d’oibreoirí gairmiúla bunábhar le haghaidh táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise a fhormheas chun acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú.
Beidh na hoibreoirí gairmiúla sin faoi réir na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2).
2. Chun údarú a fháil faoi mhír 1, déanfaidh an t-oibreoir gairmiúil an méid seo a leanas:
|
(a) |
beidh an t-eolas is gá acu chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 4(2) agus in Iarscríbhinní II go V; |
|
(b) |
beidh siad cáilithe nó fostóidh siad pearsanra cáilithe chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4(2) agus in Iarscríbhinní II go V; |
|
(c) |
beidh sé de chumas acu measúnú a dhéanamh ar leibhéal éagsúlacht ghéiniteach an bhunábhair lena mbaineann, faireachán a dhéanamh ar na pointí criticiúla d’fhormheas an bhunábhair agus taifid a choimeád ar thorthaí an fhaireacháin sin. |
3. Áiritheoidh oibreoirí gairmiúla atá údaraithe de bhun mhír 1 go bhformheasfar an bunábhar agus tagairt a dhéanamh d’aonad formheasa i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinní II go V a bhaineann le hacmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú. Cuirfidh siad sonraí an aonaid formheasa sin in iúl don údarás inniúil.
Déanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh maidir leis an mbunábhar formheasta a áireamh sa chlár náisiúnta de bhun Airteagal 15, tar éis comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 4(2) agus in Iarscríbhinní II go V a fhíorú, chun acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú.
4. I gcás nach gcomhlíonann an t-oibreoir gairmiúil ceanglais mhír 1, an dara fomhír, nó ceanglais mhír 2 den Airteagal seo a thuilleadh, beidh feidhm ag Airteagal 12 maidir le tarraingt siar nó modhnú an údaraithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
5. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na coinníollacha sonracha a bhunú maidir le measúnú a dhéanamh ar incháilitheacht na n-oibreoirí gairmiúla atá le húdarú chun bunábhar a fhormheas agus na coinníollacha maidir le sonraí an aonaid formheasa a chur in iúl don údarás inniúil.
Cuirfear san áireamh sna gníomhartha cur chun feidhme sin an fhorbairt ar na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme. Glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).
Airteagal 7
Údarú sealadach le hábhar atáirgthe foraoise a mhargú lena gcomhlíontar ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna nó a dhíorthaítear ó bhunábhar lena gcomhlíontar ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna
1. I gcás deacrachtaí sealadacha maidir le soláthar ábhair atáirgthe foraoise lena gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo i mBallstát amháin nó níos mó ach nach féidir iad a réiteach le soláthar san Aontas, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun údarú a thabhairt do Bhallstát amháin nó níos mó margú ábhair atáirgthe foraoise a cheadú go sealadach, ar ábhar atáirgthe foraoise é lena gcomhlíontar ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5(2), pointí (a) agus (b), Airteagal 5(3) agus Airteagal 8, nó a eascraíonn as bunábhar lena gcomhlíontar ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinní II go V, ar choinníoll go bhfuil gá leis an údarú sin chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí an Rialacháin seo.
Leagfar amach sna gníomhartha cur chun feidhme sin coinníollacha an údaraithe shealadaigh, eadhon:
|
(a) |
uastréimhse an údaraithe, nach mbeidh níos faide ná 12 mhí; |
|
(b) |
oibleagáidí a mhéid a bhaineann le rialuithe oifigiúla ar na hoibreoirí gairmiúla a dhéanann iarratas ar an údarú; |
|
(c) |
na Ballstáit lena mbaineann an t-údarú; |
|
(d) |
na limistéir, na hoibreoirí gairmiúla nó na speicis lena mbaineann do gach Ballstát, de réir mar is iomchuí; |
|
(e) |
an limistéar ina bhféadfar an t-ábhar atáirgthe foraoise a mhargú; |
|
(f) |
dálaí margaíochta eile de réir mar is gá do gach Ballstáit; agus |
|
(g) |
na catagóirí a bhfuil an t-údarú srianta ina leith. |
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).
2. Beidh lipéad oifigiúil agus doiciméad an oibreora ghairmiúil ag gabháil le hábhar atáirgthe foraoise atá faoi réir údarú sealadach de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Ina theannta sin, léireofar i ndoiciméad an oibreora ghairmiúil sin go gcomhlíonann an t-ábhar atáirgthe foraoise lena mbaineann ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5(2), pointí (a) agus (b), Airteagal 5(3) agus Airteagal 8, nó gur díorthaíodh é ó bhunábhar lena gcomhlíontar ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna leis na ceanglais sin a leagtar amach in Iarscríbhinní II go V.
Airteagal 8
Ceanglais speisialta maidir le cineálacha speicis agus catagóirí áirithe ábhair atáirgthe foraoise
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 31 lena bhforlíontar an Rialachán seo, de réir mar is gá, a mhéid a bhaineann leis na ceanglais de réir mar is iomchuí le haghaidh gach cineáil, speicis nó catagóire ábhair atáirgthe foraoise a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
aonaid síolta de na speicis crann a liostaítear in Iarscríbhinn I a mhéid a bhaineann le híonacht speicis; |
|
(b) |
codanna plandaí de na speicis crann a liostaítear in Iarscríbhinn I agus na hibridí dóibh a mhéid a bhaineann le cáilíocht maidir le saintréithe ginearálta, sláinte agus méid; |
|
(c) |
caighdeáin cháilíochta sheachtracha le haghaidh Populus spp. a iomadaítear le gearrthóga lorga, lena ngabhann fréamhacha nó gan fréamhacha, a mhéid a bhaineann le lochtanna agus íostoisí le haghaidh gearrthóg lorga agus lena ngabhann fréamhacha nó gan fréamhacha; |
|
(d) |
an stoc le cur de na speicis crann a liostaítear in Iarscríbhinn I agus na hibridí dóibh a mhéid a bhaineann le cáilíocht i ndáil le saintréithe ginearálta, sláinte, beocht agus cáilíocht fhiseolaíoch; |
|
(e) |
an stoc le cur atá le margú d’úsáideoirí i réigiúin ina bhfuil dálaí éicea-aeráide sonracha a mhéid a bhaineann le lochtanna, méid agus aois na bplandaí agus, i gcás inarb iomchuí, méid an choimeádáin. |
Beidh na gníomhartha tarmligthe sin bunaithe ar an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm na gceanglas ábhartha i gcás gach cineáil, speicis nó catagóire ábhair atáirgthe foraoise a mhéid a bhaineann leis na forálacha i ndáil le cigireachtaí, sampláil agus tástáil, agus leithlisiúchán. Trí bhíthin an ghnímh, oiriúnófar na ceanglais sin chun forbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta is infheidhme, an dul chun cinn san eolas eolaíoch nó teicniúil, nó na forbairtí aeráide agus éiceolaíocha a léiriú.
Airteagal 9
Pleananna teagmhais
1. Féadfaidh gach Ballstát plean teagmhais amháin nó níos mó a dhréachtú chun ullmhacht agus acmhainneacht a áirithiú chun soláthar leordhóthanach ábhair atáirgthe foraoise a bhunú chun limistéir a athfhoraoisiú a ndearna teagmhais adhaimsire, falscaithe, ráigeanna de ghalair, ráigeanna de lotnaidí, tubaistí nó aon teagmhais eile difear dóibh, de réir mar a shainaithnítear sna measúnuithe riosca náisiúnta a forbraíodh i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE.
Féadfar na pleananna teagmhais sin a ullmhú i leith speiceas amháin nó níos mó de na speicis crann a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus i leith a hibridí, arna sainaithint ag an mBallstát mar speiceas atá ábhartha go héiceolaíoch de i bhfianaise na ndálaí aeráide agus éiceolaíocha atá ann faoi láthair agus na dálaí atá réamh-mheasta agus de réir mar is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sainaitheanta a bhaineann le ganntanas ábhair atáirgthe foraoise a bheith ann.
2. Féadfar na gnéithe seo a leanas a áireamh sa phlean teagmhais, de réir mar is iomchuí de réir riachtanais na mBallstát lena mbaineann:
|
(a) |
measúnú ar an riosca go bhféadfadh ganntanas mór d’ábhair atáirgthe foraoise a bheith ann agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar shláinte an duine, ar shláinte ainmhithe agus ar shláinte plandaí, agus ar an gcomhshaol, ar bhonn dháileadh réamh-mheasta na speiceas crann dá dtagraítear i mír 1, agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, ar bhonn ionsamhlúcháin samhla aeráide; |
|
(b) |
róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an phlean teagmhais agus leis an ngníomhaíocht atá le déanamh ag na húdaráis inniúla, na hoibreoirí gairmiúla agus na gníomhaithe ábhartha eile chun soláthar ábhair atáirgthe foraoise a áirithiú i gcás go mbeadh ganntanas mór ábhair atáirgthe foraoise ann; |
|
(c) |
an comhordú le Ballstáit chomharsanachta agus le tríú tíortha comharsanachta, i gcás inarb infheidhme; |
|
(d) |
tuairisc ar na hacmhainní agus ar an bpearsanra atá le cothabháil agus le himscaradh i gcás go mbeadh ganntanas mór ábhair atáirgthe foraoise ann; |
|
(e) |
míniú ar an gcaoi a n-úsáidfear na hacmhainní agus an pearsanra i gcás go mbeadh ganntanas mór ábhair atáirgthe foraoise ann; |
|
(f) |
tuairisc ar chomhordú na ngníomhaíochtaí a dhéanfaí idir gníomhaithe rannpháirteacha i gcás go mbeadh ganntanas mór ábhair atáirgthe foraoise ann; |
|
(g) |
na prionsabail a bhaineann le hinniúlacht iomchuí phearsanra na n-údarás inniúil agus, i gcás inarb iomchuí, na gcomhlachtaí, na n-údarás poiblí, na saotharlann, na n-oibreoirí gairmiúla agus na ndaoine eile dá dtagraítear i bpointe (b); |
|
(h) |
na bearta maidir leis an gCoimisiún, na Ballstáit, na páirtithe leasmhara dá ndéantar difear agus an tsochaí shibhialta a chur ar an eolas faoi ghanntanas mór ábhair atáirgthe foraoise agus na bearta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas sin; |
|
(i) |
na socruithe maidir le ganntanas mór ábhair atáirgthe foraoise a thaifeadadh; |
|
(j) |
na modhanna maidir leis na limistéir gheografacha ina raibh ganntanas mór ábhair atáirgthe foraoise a chríochú; |
|
(k) |
na leochaileachtaí i soláthar ábhair atáirgthe foraoise a shainaithint, lena n-áirítear i dtéarmaí an tionchair shocheacnamaíoch, agus bearta chun na leochaileachtaí sin a laghdú. |
3. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar a bpleananna teagmhais agus, i gcás inar gá, tabharfaidh siad cothrom le dáta iad chun na forbairtí san eolas eolaíoch nó teicniúil maidir le dáileadh speiceas na gcrann agus hibridí a chumhdaítear leis na pleananna sin a chur san áireamh.
4. Cuirfidh na Ballstáit a bpleananna teagmhais ar fáil don Choimisiún, na Ballstáit eile agus na hoibreoirí gairmiúla ábhartha ar fad trína bhfoilsiú trí FOREMATIS.
5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 lena bhforlíontar an Rialachán trí na gnéithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a shonrú chun tacú le bunú agus cur chun feidhme na bpleananna teagmhais.
CAIBIDIL III
Oibreoirí gairmiúla a chlárú agus a údarú agus maoirseacht oifigiúil arna déanamh ag na húdaráis inniúla
Airteagal 10
Oibleagáidí d’oibreoirí gairmiúla
1. Comhlíonfaidh oibreoirí gairmiúla na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
beidh siad bunaithe san Aontas; |
|
(b) |
beidh siad cláraithe le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin i ngach Ballstát ina ndéanann siad gníomhaíochtaí a bhaineann le táirgeadh nó margú ábhair atáirgthe foraoise, i gcomhréir le hAirteagal 66 de Rialachán (AE) 2016/2031 sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 65 den Rialachán sin; |
|
(c) |
beidh siad ar fáil go pearsanta, nó ainmneoidh siad duine eile le bheith ar fáil go pearsanta, chun idirchaidreamh a dhéanamh leis na húdaráis inniúla chun feidhmiú na rialuithe oifigiúla a éascú. |
2. Cuirfidh oibreoirí gairmiúla an t-údarás inniúil ábhartha ar an eolas mura ndéanann siad na gníomhaíochtaí a bhaineann le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise a thuilleadh. Sa chás sin, déanfaidh an t-údarás inniúil a gclárú a chúlghairm.
3. Áiritheoidh oibreoirí gairmiúla inrianaitheacht agus sainaithint an ábhair atáirgthe foraoise ag gach céim den táirgeadh agus den mhargaíocht, inter alia, trí fhaisnéis a thaifeadadh faoi na hoibreoirí gairmiúla a sholáthraíonn ábhar atáirgthe foraoise agus faoi oibreoirí gairmiúla nó úsáideoirí gairmiúla dá soláthraítear ábhar atáirgthe foraoise, agus trí bhíthin na faisnéise atá ar an lipéad oifigiúil agus ar dhoiciméad an oibreora ghairmiúil. Beidh córas ag an oibreoir gairmiúil lenar féidir faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá ábhartha maidir le hinrianaitheacht agus sainaithint an ábhair atáirgthe foraoise chun críocha a sheiceálacha féin agus le haghaidh rialuithe oifigiúla.
4. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a stóráil ar feadh 10 mbliana ar a laghad ar bhealach nach féidir an fhaisnéis a bhrionnú. Tosóidh an tréimhse sin ag deireadh na bliana inar cruthaíodh doiciméad an oibreora ghairmiúil. Féadfar an fhaisnéis a stóráil i bhfoirm atá inléite go digiteach. Féadfaidh na Ballstáit ábhar na dtaifead a rialáil agus gan ach taifid dhigiteacha a éileamh.
5. Éascóidh na hoibreoirí gairmiúla rochtain na n-úsáideoirí ar an bhfaisnéis atá ar fáil cheana maidir le hábhar atáirgthe foraoise a bhaineann lena hoiriúnacht do dhálaí aeráide agus éiceolaíocha, bunaithe ar an eolas agus ar na sonraí atá ar fáil. Soláthrófar an fhaisnéis sin don úsáideoir féideartha, trí bhíthin suíomhanna gréasáin, treoracha do phlandóirí nó modhanna iomchuí uile, sula n-aistreofar an t-ábhar atáirgthe foraoise lena mbaineann.
6. A mhéid is gá chun na rialuithe oifigiúla a dhéanamh, tabharfaidh oibreoirí gairmiúla, i gcás ina gceanglaíonn na húdaráis inniúla sin, rochtain orthu seo a leanas d’fhoireann na n-údarás inniúil:
|
(a) |
an trealamh, an t-áitreabh agus áiteanna eile atá faoina rialú, lena n-áirítear bunábhar; |
|
(b) |
a gcórais bhainistithe faisnéise ríomhairithe; |
|
(c) |
an t-ábhar atáirgthe foraoise atá faoina rialú; |
|
(d) |
a ndoiciméid agus aon fhaisnéis ábhartha eile. |
7. Le linn rialuithe oifigiúla, tabharfaidh oibreoirí gairmiúla cúnamh d’fhoireann na n-údarás inniúil agus comhoibreoidh siad leis an bhfoireann sin chun a gcúraimí á gcur i gcrích.
8. Beidh na hoibleagáidí atá ar oibreoirí gairmiúla agus a leagtar amach i míreanna 6 agus 7 infheidhme freisin i gcásanna ina mbeidh rialuithe oifigiúla nó gníomhaíochtaí oifigiúla á ndéanamh ag comhlachtaí tarmligthe agus daoine nádúrtha ar tarmligeadh cúraimí rialúcháin oifigiúla áirithe nó cúraimí áirithe a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile chucu.
Airteagal 11
Údarú oibreora ghairmiúil faoi mhaoirseacht oifigiúil arna dhéanamh ag an údarás inniúil chun ábhar atáirgthe foraoise a tháirgeadh agus a mhargú
1. Féadfaidh údarás inniúil, ar iarratas ó oibreoir gairmiúil, údarú a thabhairt don oibreoir gairmiúil na gníomhaíochtaí uile nó gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil gá leo chun ábhar atáirgthe foraoise a tháirgeadh agus a mhargú faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil sin agus chun lipéad oifigiúil a eisiúint le haghaidh an ábhair atáirgthe foraoise sin.
Chun bheith incháilithe le haghaidh na n-údaruithe sin, agus ag brath ar na gníomhaíochtaí atá le húdarú, comhlíonfaidh an t-oibreoir gairmiúil na nithe seo a leanas:
|
(a) |
beidh an t-eolas is gá aige nó aici chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5 a chomhlíonadh; |
|
(b) |
beidh sé nó sí cáilithe, nó fostóidh sé nó sí pearsanra cáilithe, chun ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5:
|
|
(c) |
sainaithneoidh sé nó sí pointí criticiúla an phróisis táirgthe a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar cháilíocht agus ar aitheantas an ábhair atáirgthe foraoise a shainaithint, agus beidh sé nó sí in ann faireachán a dhéanamh ar na pointí sin, agus taifid a choimeád ar thorthaí an fhaireacháin sin; agus |
|
(d) |
beidh córais i bhfeidhm aige nó aici chun comhlíonadh na gceanglas a bhaineann le luchtóga de bhun Airteagal 19 a áirithiú agus chun an lipéad oifigiúil a eisiúint de bhun Airteagal 20. |
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31, lena bhforlíontar mír 1 den Airteagal seo trí cheann amháin nó níos mó de na heilimintí seo a leanas a leagan síos:
|
(a) |
an nós imeachta maidir le hiarratais ar údarú atá le cur isteach ag an oibreoir gairmiúil; |
|
(b) |
gníomhaíochtaí sonracha atá le déanamh ag an údarás inniúil, chun comhlíonadh mhír 1, pointí (a) go (d), den Airteagal seo a dheimhniú. |
Airteagal 12
Tarraingt siar nó modhnú údaraithe oibreora ghairmiúil
1. I gcás nach gcomhlíonann oibreoir gairmiúil ar deonaíodh údarú dó nó di de bhun Airteagal 11 na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10(1), pointe (c), Airteagal 10(5) agus Airteagal 11(1) a thuilleadh, iarrfaidh an t-údarás inniúil ar an oibreoir gairmiúil gníomhaíochtaí ceartaitheacha a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe.
2. Déanfaidh an t-údarás inniúil, gan mhoill, an t-údarú a tharraingt siar, nó a mhodhnú, de réir mar is iomchuí, mura ndéanann an t-oibreoir gairmiúil na gníomhartha ceartaitheacha dá dtagraítear i mír 1 laistigh den tréimhse shonraithe.
3. Má chinneann an t-údarás inniúil go bhfuarthas údarú an oibreora ghairmiúil go calaoiseach, forchuirfidh an t-údarás inniúil pionóis iomchuí ar an oibreoir gairmiúil.
4. I gcás nach ndéanann an t-oibreoir gairmiúil, ar bhonn sealadach nó buan, na gníomhaíochtaí a bhí faoi réir an údaraithe a thuilleadh, ar chúiseanna seachas dúnadh gnó, iarrfaidh an t-oibreoir gairmiúil an t-údarú a chur ar fionraí go sealadach nó a tharraingt siar i gcomhréir le treoracha an údaráis inniúil.
Airteagal 13
Maoirseacht oifigiúil arna déanamh ag na húdaráis inniúla
1. Chun críocha ghníomhaíochtaí na n-oibreoirí gairmiúla faoi mhaoirseacht oifigiúil na n-údarás inniúil, déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha rialta chun a áirithiú go gcomhlíonann na hoibreoirí gairmiúla na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 11(1).
2. Is éard a bheidh sna seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo cigireachtaí oifigiúla agus sampláil agus tástáil ar an ábhar atáirgthe foraoise chun a dheimhniú go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5, de réir mar is gá.
Cinnfear a mhinice a dhéanfar na seiceálacha sin ar bhonn measúnú ar an riosca féideartha nach gcomhlíonfaidh an t-ábhar atáirgthe foraoise na ceanglais sin.
3. Féadfar a áireamh sna seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 córais tagartha a thabhairt isteach chun aitheantas an ábhair atáirgthe foraoise a fhíorú go géiniteach, cuir i gcás teicnící bithcheimiceacha agus móilíneacha.
CAIBIDIL IV
Clárú an bhunábhair agus críochú na réigiún bunáitíochta
Airteagal 14
Críochú réigiún bunáitíochta le haghaidh catagóirí áirithe
1. Maidir leis na speicis ábhartha de bhunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise sna catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’ agus ‘roghnaithe’, críochóidh na Ballstáit na réigiúin bhunáitíochta.
2. Déanfaidh na húdaráis inniúla léarscáileanna ina léireofar críochuithe na réigiún bunáitíochta a tharraingt suas agus a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin. Cuirfidh siad na léarscáileanna sin ar fáil don Choimisiún agus d’údaráis inniúla na mBallstát eile ar FOREMATIS.
Airteagal 15
Clár náisiúnta an bhunábhair
1. Déanfaidh gach Ballstát clár náisiúnta den bhunábhar le haghaidh na speiceas éagsúil atá formheasta ar a chríoch de bhun Airteagail 4, 6 agus 22 a bhunú, a fhoilsiú i bhformáid leictreonach, agus a choimeád cothrom le dáta.
Cuirfidh sé an clár sin ar fáil i bhformáid leictreonach agus san fhormáid arna úsáid ag FOREMATIS don Choimisiún agus do na Ballstáit eile trí FOREMATIS.
2. Úsáidfidh na Ballstáit an fhormáid arna húsáid ag FOREMATIS chun gach aonad formheasa a chur i láthair sa chlár náisiúnta.
3. Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad ar an gclár náisiúnta:
|
(a) |
ainm eolaíoch an ghéinis agus an speicis agus, i gcás inarb iomchuí, an t-ainm coitianta i dteanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais; |
|
(b) |
an chatagóir ábhair atáirgthe foraoise; |
|
(c) |
an cineál bunábhair; |
|
(d) |
tagairt an chláir; |
|
(e) |
suíomh an bhunábhair, rud a chiallaíonn ainm gearr, i gcás inarb iomchuí, agus ceann de na tacair sonraí seo a leanas:
|
|
(f) |
méid gach foinse síl, clampa nó síolghoirt, a léirítear i heicteáir nó i líon na gcrann; |
|
(g) |
tionscnamh:
|
|
(h) |
críoch amháin nó críocha úsáide ábhair atáirgthe foraoise dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (1); |
|
(i) |
faisnéis eile is ábhartha don bhunábhar; |
|
(j) |
i gcás ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’, léiriú ar cé acu den dá rud thíos atá ann:
|
|
(k) |
i gcás ábhar atáirgthe foraoise de chatagóirí ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’, faisnéis faoi áit táirgthe shliocht na dtuismitheoirí fine, clóin nó meascáin chlónacha, rud a chiallaíonn an áit nó an suíomh geografach beacht ar táirgeadh an t-ábhar atáirgthe foraoise; |
|
(l) |
i gcás ina bhfuil rochtain ag an bpobal ar bhunachar sonraí de chuid an údaráis inniúil, nasc chuig an mbunachar sonraí sin, lena n-áirítear na máistirdheimhnithe agus na cóid a chomhfhreagraíonn do na haonaid formheasa faoi seach nó nasc chuig an ardán dá dtagraítear in Airteagal 18(9), pointe (b); |
|
(m) |
faisnéis maidir leis na critéir roghnúcháin a cuireadh i bhfeidhm chun bunábhar a fhormheas i gcomhréir le hIarscríbhinní II go V, de réir mar is infheidhme, mar aon le doiciméadacht nó fianaise a úsáideadh chun tionscnamh an bhunábhair lena mbaineann a chinneadh. |
Léireofar suíomh an bhunábhair dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír trí úsáid a bhaint as an gcóras comhordanáidí aonfhoirmeach arna shonrú ag FOREMATIS.
Chun críocha phointe (g)(iii) den chéad fhomhír, i gcás síolghoirt ag céim níos faide chun cinn sa phórú, féadfar faisnéis ó thaifid phórúcháin a úsáid in ionad na faisnéise faoi thionscnamh agus réigiún nó réigiúin bhunáitíochta.
4. De mhaolú ar Airteagal 4, cláróidh na húdaráis inniúla ina gcláir náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an bunábhar a áirítear láithreach, roimh an 17 Iúil 2031, ina gcláir náisiúnta féin dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Threoir 1999/105/CE, gan an nós imeachta clárúcháin a leagtar amach i mír 2 den Airteagal sin a chur i bhfeidhm.
Airteagal 16
Liosta an Aontais de bhunábhar formheasta
Ar bhonn na gclár náisiúnta arna mbunú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 15, foilseoidh an Coimisiún liosta dar teideal ‘Liosta an Aontais de Bhunábhar Formheasta le haghaidh Tháirgeadh Ábhair Atáirgthe Foraoise’.
Cuirfear an liosta sin ar fáil i bhformáid leictreonach trí FOREMATIS.
CAIBIDIL V
Máistirdheimhniú, lipéadú agus pacáistiú
Airteagal 17
An bunábhar a bhuain agus a bhailiú
1. Laistigh de thréimhse réasúnta sula ndéanfar an t-ábhar atáirgthe foraoise a bhuain, tabharfaidh an t-oibreoir gairmiúil fógra don údarás inniúil go bhfuil sé beartaithe aige é a bhuain chun go mbeidh an t-údarás inniúil in ann rialuithe oifigiúla a eagrú.
2. I gcás ina ndéantar ábhar atáirgthe foraoise ó na speicis crann a liostaítear in Iarscríbhinn I agus a hibridí a bhuain chun críoch eile seachas margú mar ábhar atáirgthe foraoise laistigh den Aontas, cuirfidh an t-oibreoir gairmiúil in iúl gurb amhlaidh an cás san fhógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
3. Le linn bhailiú agus phróiseáil an ábhair atáirgthe foraoise roimh mhargaíocht nó úsáid dhíreach, cuirfear lipéad sealadach ar an ábhar atáirgthe foraoise buainte, arna eisiúint ag an oibreoir gairmiúil, ar a mbeidh tagairt uathúil don bhunábhar, don dáta bailithe, d’ainm an oibreora ghairmiúil, agus don chainníocht bhuainte. Cuirfear an lipéad oifigiúil in ionad an lipéid sin a luaithe a chomhlíonfar na ceanglais ábhartha.
4. Féadfaidh an t-údarás inniúil na coinníollacha teicniúla a bheidh le breithniú le linn lománaíochta agus bailithe a shainiú.
5. Áiritheoidh an t-oibreoir gairmiúil atá freagrach as ábhar atáirgthe foraoise a bhuain nach gcuirfidh an bhuaint isteach ar athghiniúint an bhunábhair fhormheasta chun acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú.
6. Áiritheoidh an t-oibreoir gairmiúil atá freagrach as ábhar atáirgthe foraoise a bhuain, a eastóscadh, a ghlanadh agus a phacáistiú, i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme, go mbeidh luchtóga na n-aonad síl agus codanna de luchtóga plandaí aonchineálach go leor sula ndéanfar iad a mhargú nó a úsáid.
7. Ar feadh tréimhse 10 mbliana ar a laghad, coinneoidh oibreoirí gairmiúla taifid ina mbeidh sonraí na gcoinsíneachtaí uile a coinníodh agus a margaíodh agus, arna iarraidh sin, cuirfidh siad ar fáil don údarás inniúil iad.
Airteagal 18
Máistirdheimhniú
1. Dearbhófar leis an máistirdheimhniú aitheantais (‘máistirdheimhniú’) go gcomhlíonann an t-ábhar atáirgthe foraoise ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
díorthaíodh é ó aonad aonair de bhunábhar formheasta i gcomhréir le hAirteagal 4(2), an seachtú fomhír; |
|
(b) |
díorthaíodh é ó fhorleathadh fásúil ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 19(2); |
|
(c) |
díorthaíodh é ó mheascán luchtóg síolta nó de chodanna de luchtóga plandaí i gcomhréir le hAirteagal 19(3); |
|
(d) |
allmhairíodh é agus déantar a dheimhniú oifigiúil a ionadú i gcomhréir le hAirteagal 27(3), pointe (a). |
2. Eiseoidh na húdaráis inniúla an máistirdheimhniú don ábhar atáirgthe foraoise, ar a bhfuil cód uathúil, ar iarratas ó oibreoir gairmiúil, a luaithe is féidir tar éis an t-ábhar atáirgthe foraoise a bhuain nó na síolta a eastóscadh, ag brath ar na himthosca agus ar chineál an ábhair atáirgthe foraoise, nó tar éis an t-ábhar atáirgthe foraoise a allmhairiú, agus tagairt chláir uathúil an bhunábhair á léiriú.
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar amach ábhar agus samhlacha an mháistirdheimhnithe, agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
an tsamhail den mháistirdheimhniú le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó fhoinsí síl agus clampaí; |
|
(b) |
an tsamhail den mháistirdheimhniú le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó shíolghoirt nó máthairchrainn fine; agus |
|
(c) |
an tsamhail den mháistirdheimhniú le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó chlóin agus meascáin chlónacha. |
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).
4. I gcás ina ndéanfaidh oibreoir gairmiúil iomadú fásúil ábhair atáirgthe foraoise ina dhiaidh sin, i gcomhréir le hAirteagal 19(2), tabharfaidh an t-oibreoir gairmiúil sin fógra don údarás inniúil ina leith sin agus eiseofar máistirdheimhniú nua de bhun mhír 2 den Airteagal seo.
5. I gcás ina dtarlóidh meascadh i gcomhréir le hAirteagal 19(3), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh tagairtí cláir na gcomhpháirteanna de na meascáin inaitheanta, agus eiseofar máistirdheimhniú nua nó doiciméad eile de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Tabharfaidh an t-oibreoir gairmiúil fógra don údarás inniúil go bhfuil sé beartaithe aige meascadh a dhéanamh laistigh de thréimhse réasúnta sula ndéanfar é. Féadfaidh an t-údarás inniúil cinneadh a dhéanamh maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas measctha.
6. I gcás ina bhforoinnfear luchtóg dá dtagraítear in Airteagal 19(1) ina luchtóga níos lú nach bpróiseálfar go haonfhoirmeach agus a bheidh faoi réir iomadú fásúil ina dhiaidh sin, eiseofar máistirdheimhniú nua de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus déanfar tagairt do chód an mháistirdheimhnithe roimhe sin.
7. Arna iarraidh sin don oibreoir gairmiúil, eiseoidh na húdaráis inniúla máistirdheimhniú de bhun mhír 2 in ionad máistirdheimhniú arna eisiúint de bhun Threoir 1999/105/CE. Sa chás sin, beidh an ráiteas seo a leanas ar an máistirdheimhniú: ‘Comhlíonann an bunábhar ceanglais Threoir 1999/105/CE.’
8. Féadfar máistirdheimhniú a eisiúint i bhfoirm leictreonach (‘máistirdheimhniú leictreonach’).
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach na socruithe teicniúla maidir le máistirdheimhnithe leictreonacha a eisiúint agus sínithe leictreonacha a úsáid, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na máistirdheimhnithe leictreonacha an tAirteagal seo leo agus go ndéanfar iad sin a eisiúint ar mhodh iomchuí, inchreidte agus éifeachtach. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).
9. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 31, lena bhforlíontar an tAirteagal seo trí na rialacha seo a leanas a leagan amach:
|
(a) |
taifeadadh digiteach de na príomhghníomhaíochtaí a bhaineann le fíorú na gceanglas i ndáil le formheas an bhunábhair as a n-eascraíonn eisiúint an mháistirdheimhnithe; |
|
(b) |
ardán láraithe a bhunú lena nasctar na Ballstáit go léir agus an Coimisiún chun próiseáil na máistirdheimhnithe sin, rochtain orthu, agus a n-úsáid a éascú. |
10. Déanfaidh gach Ballstát liosta náisiúnta de mháistirdheimhnithe eisithe a bhunú agus a choinneáil cothrom le dáta agus cuirfidh siad an liosta sin ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, arna iarraidh sin.
11. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
na nósanna imeachta agus na socruithe teicniúla lena áirithiú go n-eisítear máistirdheimhnithe atá beacht agus iontaofa agus chun riosca calaoise a chosc; |
|
(b) |
na nósanna imeachta atá le leanúint i gcás ina n-aistarraingítear máistirdheimhnithe agus chun máistirdheimhnithe athsholáthair a eisiúint; |
|
(c) |
rialacha maidir le cóipeanna deimhnithe de mháistirdheimhnithe a tháirgeadh. |
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).
Airteagal 19
Luchtóga
1. Déantar an t-ábhar atáirgthe foraoise, le linn chéimeanna uile an táirgthe agus na margaíochta, a choinneáil i luchtóga ar leithligh, agus tagairt á déanamh d’aonaid aonair formheasa, agus don mháistirdheimhniú a luaithe a eiseofar é.
Sainaithneofar gach luchtóg ábhair atáirgthe foraoise leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
cód luchtóige; le linn na buainte, féadfaidh an cód luchtóige feidhmiú mar chód an mháistirdheimhnithe fad a bheidh an máistirdheimhniú ag fanacht lena eisiúint ag an údarás inniúil; |
|
(b) |
an chríoch nó na críocha dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (1); |
|
(c) |
cód an mháistirdheimhnithe, ar eisiúint an mháistirdheimhnithe; |
|
(d) |
ainm eolaíoch an ghéinis agus an speicis, agus i gcás inarb iomchuí, an t-ainm coiteann i dteanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais; |
|
(e) |
an chatagóir ábhair atáirgthe foraoise; |
|
(f) |
an cineál bunábhair; |
|
(g) |
an tagairt chláir; |
|
(h) |
an réigiún bunáitíochta le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise sna catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’ agus ‘roghnaithe’ nó ábhar atáirgthe foraoise eile, i gcás inarb iomchuí; |
|
(i) |
an tionscnamh, i gcás inarb infheidhme, agus léiriú an bhfuil an bunábhar dúchasach, andúchasach nó de thionscnamh anaithnid agus, más ábhar dúchasach é, an bhfuil sé uatheascarthach nó neamh-uatheascarthach; |
|
(j) |
i gcás aonaid síolta, bliain an aibithe; |
|
(k) |
aois agus cineál an stoic le cur de shíológa nó gearrthóga, cé acu foghearrthóga, athphlandaí nó stoc le cur a choimeádtar i gcoimeádáin atá ann; |
|
(l) |
i gcás na catagóire ‘tástáilte’, léiriú ar cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas maidir leis an ábhar atáirgthe foraoise:
|
2. Gan dochar do mhír 1, coinneoidh oibreoirí gairmiúla aon ábhar atáirgthe foraoise ar leithligh, atá faoi réir iomadú fásúil ina dhiaidh sin, agus sainaithneoidh siad é mar iomadú fásúil. Sna cásanna sin, cuirfear an t-ábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear ón iomadú fásúil ina dhiaidh sin sa chatagóir chéanna leis an ábhar atáirgthe foraoise bunaidh.
3. Gan dochar do mhír 1, beidh meascadh luchtóga síolta nó codanna de luchtóga plandaí faoi réir ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas, de réir mar is infheidhme:
|
(a) |
laistigh de na catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’ nó ‘roghnaithe’, beidh feidhm ag meascadh maidir le luchtóga síolta ó dhá aonad formheasa nó níos mó laistigh de réigiún bunáitíochta amháin; |
|
(b) |
ní dhéanfar meascadh ach amháin laistigh den speiceas céanna, den réigiún bunáitíochta céanna agus den chatagóir chéanna; |
|
(c) |
i gcás meascadh luchtóga síolta ó fhoinsí síl agus clampaí sa chatagóir ‘sainaitheanta de réir foinse’, deimhneofar an luchtóg nua chomhcheangailte mar ‘luchtóga síolta a dhíorthaítear ó fhoinse síl’; |
|
(d) |
i gcás meascadh luchtóga síolta a dhíorthaítear ó bhunábhar andúchasach le luchtóga síolta bunábhar de thionscnamh anaithnid, deimhneofar go bhfuil an luchtóg nua chomhcheangailte ‘de thionscnamh anaithnid.’; |
|
(e) |
i gcás meascadh luchtóga síolta a dhíorthaítear ó aonaid formheasa amháin ón mbliain chéanna nó ó bhlianta éagsúla aibiúcháin, taifeadfar na blianta iarbhír aibiúcháin agus an sciar de shíolta ó gach bliain; |
|
(f) |
i gcás meascadh codanna de luchtóga plandaí a dhíorthaítear ó aonad formheasa amháin ó bhliain bhailiúcháin amháin nó ó bhlianta éagsúla aibiúcháin, taifeadfar na blianta iarbhír bailiúcháin agus an sciar de chodanna de phlandaí ó gach bliain. |
I gcás meascadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), (c) nó (d), féadfar an cód aitheantais don réigiún bunáitíochta a úsáid in ionad na tagartha cláir dá dtagraítear i mír 1, pointe (g). Meascfar an luchtóg a eascraíonn as sin ar bhealach ina mbeidh sí aonchineálach.
Airteagal 20
Lipéad oifigiúil agus doiciméad oibreora ghairmiúil
1. Déanfar lipéad oifigiúil a eisiúint agus a phriontáil le haghaidh gach luchtóige d’ábhar atáirgthe foraoise lena mhargú, agus tagairt á déanamh do chód an mháistirdheimhnithe agus don chód luchtóige, is iad na daoine nó na húdaráis seo a leanas a dhéanfaidh an méid sin:
|
(a) |
an t-údarás inniúil; nó |
|
(b) |
an t-oibreoir gairmiúil údaraithe nó duine atá ar conradh ag an oibreoir gairmiúil sin faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil. |
Dearbhófar leis an lipéad oifigiúil sin go gcomhlíontar ceanglais Airteagail 5 agus 19 agus, de réir mar is infheidhme, Airteagal 8.
Ní gá lipéad oifigiúil a eisiúint agus a phriontáil i gcás go leor ábhar atáirgthe foraoise a shealbhaítear agus a thairgtear chun críche díola. Sa chás sin, áfach, soláthrófar tagairt do chód an mháistirdheimhnithe agus don chód luchtóige.
2. Áiritheofar leis an lipéad oifigiúil sainaithint uathúil agus inrianaitheacht na luchtóige tríd an lipéad sin a bheith ag gabháil leis an luchtóg sin le linn na margaíochta dá dtagraítear i mír 1.
3. Agus luchtóga d’ábhar atáirgthe foraoise á seachadadh d’úsáideoir eile, déanfaidh an t-oibreoir gairmiúil, sa bhreis ar an lipéad oifigiúil, doiciméad oibreora ghairmiúil a eisiúint agus a phriontáil le haghaidh gach luchtóige seachadta a fhéadfar a chomhcheangal le nóta seachadta nó sonrasc.
4. Maidir le lipéid oifigiúla:
|
(a) |
beidh siad barántúil agus beacht; |
|
(b) |
tarraingeofar suas iad i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Aontais agus, i gcás inarb ábhartha, i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit is ceann scríbe. |
5. Beidh ar an lipéad oifigiúil na heilimintí uile a liostaítear in Airteagal 19(1), pointí (a) go (e), (g) agus (l), mar aon leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
cód clárúcháin an oibreora ghairmiúil soláthair a bhfuil an lipéad oifigiúil á eisiúint aige nó ar eisigh an t-údarás inniúil an lipéad oifigiúil dó; agus |
|
(b) |
i gcás ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’, a bhfuil a bhunábhar formheasta faoi Airteagal 23, na focail ‘formheasta ar bhonn sealadach’. |
Féadfaidh cuid neamhoifigiúil a bheith ar an lipéad oifigiúil ina n-áirítear eilimint amháin nó níos mó de dhoiciméad an oibreora ghairmiúil dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo.
Ina theannta sin, féadfaidh eilimint dhigiteach a bheith ar an lipéad oifigiúil, amhail cód QR, ina mbeidh aon cheann de na heilimintí dá dtagraítear sa mhír seo.
6. Beidh an lipéad oifigiúil ceangailte leis an taobh amuigh de na pacáistí, de bhearta, d’eangacha, de choimeádáin nó de phlandaí aonair. I gcás ina bhfuil an lipéad oifigiúil comhcheangailte le pas plandaí, beidh feidhm ag Airteagal 88 de Rialachán (AE) 2016/2031.
7. Beidh an méid seo a leanas i ndoiciméad an oibreora ghairmiúil:
|
(a) |
na heilimintí uile dá dtagraítear i mír 5, an chéad fhomhír; |
|
(b) |
na heilimintí uile dá dtagraítear in Airteagal 19(1) nach luaitear i mír 5 den Airteagal seo; |
|
(c) |
ainm agus seoladh an oibreora ghairmiúil; |
|
(d) |
cainníocht an ábhair atáirgthe foraoise a sholáthraítear; |
|
(e) |
i gcás inarb infheidhme, Ballstát nó Ballstáit táirgthe an ábhair atáirgthe foraoise lena mbaineann; |
|
(f) |
i gcás inarb infheidhme, tríú tír thionscnaimh an ábhair atáirgthe foraoise lena mbaineann; |
|
(g) |
ainm agus seoladh fhaighteoir an ábhair atáirgthe foraoise lena mbaineann; |
|
(h) |
dáta eisiúna dhoiciméad an oibreora ghairmiúil; |
|
(i) |
cód dhoiciméad an oibreora ghairmiúil; |
|
(j) |
léiriú ar cé acu ar iomadaíodh an t-ábhar atáirgthe foraoise go fásúil nó nár iomadaíodh go fásúil é; agus |
|
(k) |
an fhaisnéis bhreise i gcás luchtóga síolta a leagtar amach in Airteagal 5(3); i gcás cainníochtaí beaga síolta, áfach, dá dtagraítear in Airteagal 5(3), ní cheanglófar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (b) agus (d) den mhír sin a léiriú ar dhoiciméad an oibreora ghairmiúil. |
8. I dteannta na n-eilimintí a liostaítear i mír 7, féadfar an méid seo a leanas a áireamh i ndoiciméad an oibreora ghairmiúil:
|
(a) |
léiriú ar cé acu a dhíorthaítear nó nach ndíorthaítear ábhar atáirgthe foraoise ó bhunábhar uatheascarthach nó neamh-uatheascarthach, má chláraítear amhlaidh de bhun Airteagal 15(3), pointe (g); |
|
(b) |
aon fhaisnéis bhreise a mheasann an t-oibreoir gairmiúil a bheith iomchuí chun an t-ábhar atáirgthe foraoise lena mbaineann a mhargú. |
9. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach formáid, méid, cruth agus dath an lipéid oifigiúil agus dhoiciméad an oibreora ghairmiúil le haghaidh na gcatagóirí uile nó catagóirí sonracha nó cineálacha eile ábhair atáirgthe foraoise.
Sonrófar sna gníomhartha cur chun feidhme sin na heilimintí seo a leanas:
|
(a) |
tuairisc ar an ábhar; |
|
(b) |
dath an lipéid le haghaidh catagóirí speisialta de chineálacha eile ábhair atáirgthe foraoise; |
|
(c) |
faisnéis bhreise i gcás síolta agus cainníochtaí beaga síolta; |
|
(d) |
faisnéis bhreise i gcás géinis nó speicis shonracha. |
Agus dath an lipéid á shonrú aige de bhun an dara fomhír, pointe (b), den mhír seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE agus caighdeáin idirnáisiúnta eile is infheidhme.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun na míre seo a chur i bhfeidhm maidir le húsáid an datha don lipéad oifigiúil agus do dhoiciméad an oibreora ghairmiúil, dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (b), den mhír seo.
10. Féadfar lipéad oifigiúil nó doiciméad oibreora ghairmiúil a eisiúint i bhfoirm leictreonach (‘lipéad oifigiúil leictreonach’ nó ‘doiciméad oibreora ghairmiúil leictreonach’). Sa chás sin, beidh tagairt chlóite, amhail cód QR, ag gabháil leis an ábhar atáirgthe foraoise lena mbaineann.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach na socruithe teicniúla maidir le lipéid oifigiúla leictreonacha nó doiciméid oibreora ghairmiúil leictreonacha a eisiúint lena áirithiú go gcomhlíonfar leo an tAirteagal seo agus go n-eiseofar iad sin ar mhodh iomchuí, inchreidte agus éifeachtach. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).
11. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 lena bhforlíontar an tAirteagal seo trí na rialacha seo a leanas a leagan amach:
|
(a) |
taifeadadh digiteach na bpríomhghníomhaíochtaí chun ábhar atáirgthe foraoise a tháirgeadh agus a mhargú arna ndéanamh ag na hoibreoirí gairmiúla agus ag na húdaráis inniúla as a n-eascraíonn eisiúint na lipéad oifigiúil agus dhoiciméid an oibreora ghairmiúil; |
|
(b) |
ardán láraithe a bhunú lena nasctar na Ballstáit agus an Coimisiún chun próiseáil na dtaifead sin, rochtain orthu, agus a n-úsáid a éascú. |
Airteagal 21
Pacáistíocht d’aonaid síolta
Ní dhéanfar aonaid síolta a mhargú ach amháin i bpacáistí dúnta, lena n-áirítear eangacha nó coimeádáin eile, atá séalaithe. Déanfar na pacáistí sin a shéalú ar bhealach ina mbeidh aon cheann dá n-oscailt infheicthe agus inrianaithe.
Ní bheidh gá le séalú i gcás síolta imchoimeádacha.
CAIBIDIL VI
Maoluithe ar Airteagal 4
Airteagal 22
Formheas ó oibreoirí gairmiúla i ndáil le bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘sainaitheanta de réir foinse’
1. De mhaolú ar Airteagal 4(1), féadfaidh na húdaráis inniúla, ar fhormheas ón gCoimisiún, na hoibreoirí gairmiúla a údarú chun bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘sainaitheanta de réir foinse’ a fhormheas i gcás speicis shonracha, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
bíonn dálaí adhaimsire agus adhaeráide sa réigiún bunáitíochta, an áit a bhfuil an bunábhar suite; |
|
(b) |
bíonn tionchar ag na dálaí adhaimsire agus adhaeráide sin ar thimthriall atáirgthe an bhunábhair agus laghdaítear leis na dálaí sin minicíocht na mblianta measa, rud a laghdaíonn infhaighteacht rialta ábhair atáirgthe foraoise d’ardcháilíocht; |
|
(c) |
tá áit na buainte iargúlta agus tá sé thar a bheith deacair do na húdaráis inniúla rochtain a fháil uirthi le linn bhuain an ábhair atáirgthe foraoise. |
2. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena dtabharfar an formheas do gach Ballstát ar feadh tréimhse shainithe. Deonófar an formheas arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).
Airteagal 23
Formheas sealadach bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’
1. De mhaolú ar Airteagal 4(2), féadfaidh na Ballstáit bunábhar atá beartaithe le haghaidh táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’ a fhormheas, go ceann uastréimhse 10 mbliana, i gcás ina dtacaíonn torthaí sealadacha na meastóireachta géinití nó na dtástálacha comparáideacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn V leis an toimhde, nuair a bheidh na tástálacha críochnaithe, go gcomhlíonfaidh an bunábhar na ceanglais le haghaidh formheasa faoin Rialachán seo.
2. Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar an t-uaslíon aonad formheasa agus uasmhéid an limistéir a fhéadfaidh a bheith faoi réir an fhormheasa sin.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).
Airteagal 24
Turgnaimh shealadacha chun roghanna malartacha níos fearr ar ghnéithe áirithe den Rialachán seo a lorg
1. De mhaolú ar Airteagail 4 agus 5, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le turgnaimh shealadacha a eagrú lena lorgaítear roghanna malartacha níos fearr ar ghnéithe áirithe den Rialachán seo a bhaineann leis na speicis crann a liostaítear in Iarscríbhinn I agus a hibridí, na ceanglais maidir le formheas bunábhair agus táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).
Ní dhéanfar na turgnaimh sin ach amháin má bhíonn dhá Bhallstát ar a laghad rannpháirteach iontu, arna iarraidh sin dóibh.
D’fhéadfadh trialacha teicniúla nó eolaíochta a bheith sna turgnaimh sin lena scrúdófar indéantacht agus oiriúnacht na gceanglas nua i gcomparáid leo siúd a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5.
2. Sonrófar sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas:
|
(a) |
na speicis crann lena mbaineann agus, más iomchuí, an bhunáitíocht; |
|
(b) |
dálaí na dturgnamh in aghaidh an speiceas crainn nó na hibride; |
|
(c) |
fad an turgnaimh; |
|
(d) |
oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe na mBallstát rannpháirteach. |
3. Sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, cuirfear an fhorbairt ar an méid seo a leanas san áireamh:
|
(a) |
na modhanna le haghaidh tionscnamh an bhunábhair a chinneadh lena n-áirítear úsáid teicnící bithcheimiceacha agus móilíneacha; |
|
(b) |
na modhanna le haghaidh chaomhnú agus úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní géiniteacha foraoise, agus caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme á gcur san áireamh; |
|
(c) |
na modhanna le haghaidh táirgthe agus atáirgthe, lena n-áirítear próisis táirgthe nuálacha a úsáid; |
|
(d) |
na modhanna le haghaidh scéimeanna crosphórúcháin a dhearadh i gcomhair comhpháirteanna den bhunábhar; |
|
(e) |
na modhanna le haghaidh an mheasúnaithe ar shaintréithe an bhunábhair agus ábhair atáirgthe foraoise; |
|
(f) |
na modhanna le haghaidh rialú an ábhair atáirgthe foraoise lena mbaineann. |
Oiriúnóidh na gníomhartha cur chun feidhme sin dá dtagraítear i mír 1 d’fhorbairt teicnící le haghaidh táirgeadh an ábhair atáirgthe foraoise lena mbaineann, agus beidh siad bunaithe ar aon triail agus tástáil chomparáideach a dhéanfaidh na Ballstáit.
4. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar thorthaí na dturgnamh arna ndéanamh de bhun an Airteagail seo agus tabharfaidh sé achoimre orthu i dtuarascáil, agus an gá atá le hAirteagail 1, 4 nó 5 a leasú á thabhairt le fios, i gcás inar gá.
Airteagal 25
Údarú chun ceanglais níos déine nó ceanglais bhreise a ghlacadh
1. De mhaolú ar Airteagal 4, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena n-údarófar Ballstát, arna iarraidh sin dó, an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
ceanglais táirgthe níos déine ná na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 4 nó ceanglais táirgthe bhreise a ghlacadh, a mhéid a bhaineann leis na ceanglais le haghaidh fhormheas an bhunábhair agus le haghaidh tháirgeadh an ábhair atáirgthe foraoise, i gcríoch iomlán an Bhallstáit lena mbaineann nó i gcuid di, ar choinníoll nach bhforchuirtear leis na ceanglais sin, nó nach mbeidh mar thoradh orthu, aon toirmeasc nó srian ar ábhar atáirgthe foraoise a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, nó ar a ghluaiseacht laistigh di agus tríthi, lena gcomhlíontar an Rialachán seo; |
|
(b) |
srian a chur, ina chríoch, ar fhormheas bunábhair atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘sainaitheanta de réir foinse’; |
|
(c) |
toirmeasc a chur ar ábhar atáirgthe foraoise sonraithe a mhargú don úsáideoir deiridh d’fhonn é a chur nó a phlandú ina chríoch uile nó i gcuid di i gcás nach bhfuil an t-ábhar atáirgthe foraoise sin oiriúnach do dhálaí éiceolaíocha foraoiseachta an Bhallstáit lena mbaineann agus chun na gcríoch ábhartha. |
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).
2. Áireofar an méid seo a leanas in iarraidh an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
na dréachtfhorálacha ina mbeidh na ceanglais a bheidh beartaithe; agus |
|
(b) |
réasúnú maidir le gá agus comhréireacht na gceanglas sin. |
3. Ní thabharfar an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
|
(a) |
leis na bearta a iarrfar, áiritheofar ar a laghad ceann amháin de na nithe seo a leanas:
|
|
(b) |
beidh gá leis na bearta a iarrfar agus beidh siad i gcomhréir lena gcuspóir de bhun phointe (a); agus |
|
(c) |
beidh údar leis na bearta ar bhonn na ndálaí sonracha aeráide agus éiceolaíocha sa Bhallstát lena mbaineann. |
4. Na Ballstáit a bhfuil ceanglais bhreise nó ceanglais níos déine glactha acu de bhun Airteagal 7 de Threoir 1999/105/CE, áiritheoidh siad, faoin 17 Iúil 2032, go gcomhlíonann na bearta sin an Rialachán seo. Cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh na gníomhaíochtaí a rinneadh chun an comhlíonadh sin a áirithiú.
CAIBIDIL VII
Allmhairí Ábhair Atáirgthe Foraoise
Airteagal 26
Allmhairí ar bhonn choibhéis an Aontais
1. Ní dhéanfar ábhar atáirgthe foraoise a allmhairiú chuig an Aontas ó thríú tíortha ach amháin más rud é go suitear, de bhun mhír 2, go gcomhlíonann sé ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin is infheidhme maidir le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear agus a mhargaítear san Aontas.
2. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun a chinneadh go gcomhlíonann ábhar atáirgthe foraoise de ghéinis, speicis, catagóirí agus, i gcás inarb iomchuí, a dhíorthaítear ó chineálacha sonracha bunábhair nó ó réigiún sonrach bunáitíochta, a tháirgtear i dtríú tír, ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin is infheidhme maidir le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear agus a mhargaítear san Aontas.
Ní ghlacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme sin ach amháin ar bhonn an mhéid seo a leanas:
|
(a) |
scrúdú críochnúil ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí arna gcur ar fáil ag an tríú tír lena mbaineann; |
|
(b) |
toradh sásúil iniúchta arna dhéanamh ag an gCoimisiún sa tríú tír lena mbaineann, i gcás inar mheas an Coimisiún gur ghá an t-iniúchadh sin; |
|
(c) |
cé acu atá nó nach bhfuil an tríú tír sin rannpháirteach i Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE. |
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2) agus leagfar amach iontu coinníollacha allmhairiúcháin iomchuí.
3. Nuair a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, breithneoidh an Coimisiún cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn na córais, le haghaidh fhormheas agus chlárú an bhunábhair agus tháirgeadh agus mhargú an ábhair atáirgthe foraoise ón mbunábhar sin ina dhiaidh sin, atá i bhfeidhm sa tríú tír lena mbaineann na ráthaíochtaí céanna a ndéantar foráil dóibh in Airteagail 4 agus 5 agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 14, le haghaidh na gcatagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’.
4. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, arna iarraidh sin do Bhallstát amháin ar a laghad, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun allmhairiú ábhair atáirgthe foraoise de speicis áirithe ó thríú tír nach gcomhlíonann ceanglais na míreanna sin a cheadú go sealadach más rud é:
|
(a) |
go bhfuil ganntanas ábhair atáirgthe foraoise den speiceas lena mbaineann i mBallstát amháin nó níos mó, mar shampla ganntanas arb iad teagmhais adhaimsire, falscaithe, galair, ráigeanna lotnaidí, tubaistí nó aon teagmhais dhíobhálacha eile is cúis leis, agus nach féidir leis na Ballstáit eile nó na tríú tíortha ar deonaíodh coibhéis ina leith aghaidh a thabhairt ar an nganntanas sin i gcomhréir le mír 2; agus |
|
(b) |
tá fianaise curtha isteach ag an mBallstát nó ag na Ballstáit lena mbaineann go bhfuil an ganntanas ábhair atáirgthe foraoise sin ann agus gurb é is cúis leis. |
Leagfar amach sna gníomhartha cur chun feidhme sin na coinníollacha allmhairiúcháin.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).
Airteagal 27
Fógra agus deimhnithe ábhair atáirgthe foraoise a allmhairítear ó thríú tíortha
1. Cuirfidh oibreoir gairmiúil, a allmhairíonn an t-ábhar atáirgthe foraoise isteach san Aontas, an t-údarás inniúil ábhartha ar an eolas roimh an allmhairiú tríd an gcóras bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla (CBFRO) dá dtagraítear in Airteagal 131 de Rialachán (AE) 2017/625.
2. Beidh na nithe seo a leanas ag gabháil le hábhar atáirgthe foraoise allmhairithe:
|
(a) |
deimhniú ECFE nó deimhniú oifigiúil coibhéiseach arna eisiúint ag an tríú tír thionscnaimh; |
|
(b) |
lipéad ECFE nó lipéad oifigiúil coibhéiseach; agus |
|
(c) |
taifid ina mbeidh sonraí ar an ábhar atáirgthe foraoise sin, arna soláthar ag an oibreoir gairmiúil sa tríú tír sin. |
3. Tar éis ábhar atáirgthe foraoise a allmhairiú isteach san Aontas, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann an méid seo a leanas:
|
(a) |
cuirfidh sé máistirdheimhniú nua arna eisiúint sa Bhallstát sin in ionad an deimhnithe ECFE nó an deimhnithe oifigiúil choibhéisigh dá dtagraítear i mír 2, pointe (a); agus |
|
(b) |
lipéad oifigiúil nua a chur in ionad an lipéid ECFE nó in ionad an lipéid oifigiúil choibhéisigh dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), nó lipéad oifigiúil nua a chur i gceangal leis an lipéad ECFE sin nó leis an lipéad oifigiúil coibhéiseach; beidh doiciméad oibreora ghairmiúil ag gabháil leis an lipéad oifigiúil nua. |
4. Sa mháistirdheimhniú nua agus sa lipéad oifigiúil nua dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) agus (b), faoi seach, beidh tagairt do na doiciméid bhunaidh chomhfhreagracha.
CAIBIDIL VIII
Rialuithe Oifigiúla
Airteagal 28
Rialuithe oifigiúla ar ábhar atáirgthe foraoise
1. Ainmneoidh na Ballstáit a n-údarás inniúil nó a n-údaráis inniúla agus cuirfidh siad an fhreagracht orthu rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a eagrú nó a dhéanamh. Féadfaidh na húdaráis inniúla sin a bheith mar an gcéanna leis na húdaráis arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2017/625.
2. Beidh socruithe i bhfeidhm ag na húdaráis inniúla chun an méid seo a leanas a áirithiú:
|
(a) |
éifeachtacht agus oiriúnacht rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile; |
|
(b) |
neamhchlaontacht, cáilíocht agus comhsheasmhacht rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile; |
|
(c) |
nach bhfuil aon choinbhleachtaí leasa ag na baill foirne a dhéanann rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile; |
|
(d) |
go mbeidh na cáilíochtaí cuí ag na baill foirne a bheidh i mbun rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile agus go mbeidh an taithí chuí acu agus go mbeidh oiliúint chuí orthu chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh; agus |
|
(e) |
go mbeidh saoráidí agus trealamh iomchuí ar fáil don fhoireann chun rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh. |
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), ní bheidh aon choinbhleacht leasa i gceist le gníomhaíochtaí tráchtála a bhaineann le hábhar atáirgthe foraoise a dhéanann foireann na n-údarás inniúil thar ceann a mBallstáit.
3. Beidh na cumhachtaí dlí ag na húdaráis inniúla chun rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh agus beidh na nósanna imeachta dlíthiúla i bhfeidhm acu chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag an bhfoireann ar áitreabh, agus ar dhoiciméid, na n-oibreoirí gairmiúla.
4. Déanfaidh na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla ar na hoibreoirí gairmiúla uile ar bhonn riosca agus a mhinice is iomchuí, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
|
(a) |
rioscaí sainaitheanta neamhchomhlíontachta leis an Rialachán seo agus éabhlóid na rioscaí sin; |
|
(b) |
na gníomhaíochtaí atá faoi rialú na n-oibreoirí gairmiúla; agus |
|
(c) |
aon fhaisnéis lena léireofaí an dóchúlacht go gcuirfí ceannaitheoirí ábhair atáirgthe foraoise amú, go háirithe maidir le cineál, aitheantas, airíonna, comhdhéanamh, cainníocht, tír thionscnaimh, nó bunáitíocht an ábhair atáirgthe foraoise. |
5. Féadfaidh na Ballstáit táillí nó muirir a bhailiú chun na costais a bhaineann le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a chumhdach.
6. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha ar fáil chun an fhoireann agus na hacmhainní eile is gá a sholáthar chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh. Tá feidhm aige sin freisin i gcás cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil agus cúraimí áirithe a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile a tharmligean.
7. Féadfaidh údaráis inniúla cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil a tharmligean chuig comhlachtaí tarmligthe nó chuig daoine nádúrtha de bhun Airteagal 28(1) agus Airteagail 29 go 31, cé is moite d’Airteagal 29, pointe (b)(iv), de Rialachán (AE) 2017/625. Na húdaráis inniúla a tharmlig cúraimí áirithe i ndáil le rialú oifigiúil nó cúraimí áirithe a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile chuig comhlachtaí tarmligthe nó chuig daoine nádúrtha, eagróidh siad iniúchtaí nó cigireachtaí ar na comhlachtaí nó ar na daoine sin de réir mar is gá chun a áirithiú go ndéanfar na cúraimí sin go hiomchuí. Seachnóidh údaráis inniúla dúbailt iniúchtaí agus cigireachtaí, agus aon chreidiúnú do na comhlachtaí tarmligthe á chur san áireamh acu i gcomhréir leis na caighdeáin is ábhartha do na cúraimí tarmligthe.
8. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirtear an Coimisiún ar an eolas faoi na sonraí teagmhála agus faoi aon athruithe maidir leis na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin ar fáil don phobal freisin, lena n-áirítear ar an idirlíon.
9. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir le socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha chun na rialuithe oifigiúla a dhéanamh chun comhlíonadh na rialacha maidir le hábhar atáirgthe foraoise a fhíorú i ndáil leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
sonrú na socruithe dá dtagraítear i mír 2; |
|
(b) |
oibleagáidí sonracha tuairiscithe na gcomhlachtaí tarmligthe agus na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear i mír 7. |
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).
10. Aon chinneadh a dhéanfaidh an t-údarás inniúil de bhun Airteagal 66(3) agus (6), Airteagal 137(3) nó Airteagal 138(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/625 maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, beidh sé faoi réir cheart achomhairc na ndaoine sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
11. Na modhanna a úsáidtear le haghaidh samplála agus anailísí, tástálacha agus diagnóisí saotharlainne chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(3) a chinneadh, comhlíonfaidh siad rialacha an Chomhlachais Idirnáisiúnta um Thástáil Síolta, nó caighdeáin idirnáisiúnta inchomparáide eile, lena mbunaítear na modhanna sin nó na critéir feidhmíochta do na modhanna sin.
Airteagal 29
Trédhearcacht rialuithe oifigiúla
Déanfaidh na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla a mbeidh leibhéal ard trédhearcachta ag baint leo. Cuirfidh siad ar fáil don phobal, lena n-áirítear trína bhfoilsiú ar an idirlíon, faisnéis ábhartha a bhaineann le heagrú agus le déanamh rialuithe oifigiúla.
Airteagal 30
Rialuithe an Choimisiúin sna Ballstáit
Féadfaidh saineolaithe ón gCoimisiún rialuithe a dhéanamh, lena n-áirítear iniúchtaí, i ngach Ballstát chun cur i bhfeidhm na rialacha agus feidhmiú na gcóras rialaithe náisiúnta a chumhdaítear leis an Rialachán seo a fhíorú.
Eagrófar rialuithe den sórt sin i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát. Is ar bhonn riosca-bhunaithe a dhéanfar iad agus d’fhéadfadh fíoruithe ar an láthair a bheith san áireamh leo.
Déanfaidh na Ballstáit bearta leantacha iomchuí chun aon easnaimh shonracha nó chórasacha arna sainaithint trí na rialuithe faoin Airteagal seo a leigheas.
CAIBIDIL IX
Forálacha nós imeachta
Airteagal 31
An tarmligean a fheidhmiú
1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.
2. Déanfar an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 2(3), Airteagal 4(3), Airteagal 5(7), Airteagal 8, Airteagal 9(5), Airteagal 11(2), Airteagal 18(9) agus Airteagal 20(11) a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 16 Iúil 2026. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an tarmligean cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na chéad tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadú den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(3), Airteagal 4(3), Airteagal 5(7), Airteagal 8, Airteagal 9(5), Airteagal 11(2), Airteagal 18(9) agus Airteagal 20(11) a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinneadh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(3), Airteagal 4(3), Airteagal 5(7), Airteagal 8, Airteagal 9(5), Airteagal 11(2), Airteagal 18(9) nó Airteagal 20(11) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle fógra a fháil faoin ngníomh sin nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 32
Nós imeachta coiste
1. Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.
CAIBIDIL X
Tuairisciú, pionóis agus leasuithe ar Rialacháin (AE) 2016/2031 agus (AE) 2017/625
Airteagal 33
Tuairisciú
1. Faoin 17 Iúil 2036, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, tarchuirfidh na Ballstáit tuarascáil chuig an gCoimisiún maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
na cainníochtaí d’ábhar atáirgthe foraoise deimhnithe de réir catagóire in aghaidh na bliana; |
|
(b) |
líon na bpleananna teagmhais náisiúnta arna nglacadh dá dtagraítear in Airteagal 9; |
|
(c) |
faisnéis faoi na suíomhanna gréasáin ábhartha atá ar fáil agus faoi threoracha do phlandóirí lena gcuirtear comhairle ar fáil maidir leis an úsáid is fearr a bhaint as ábhar atáirgthe foraoise; |
|
(d) |
na cainníochtaí d’ábhar atáirgthe foraoise in aghaidh an ghéinis agus an speicis arna n-allmhairiú ó thríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 26; |
|
(e) |
na pionóis arna bhforchur de bhun Airteagal 34; agus |
|
(f) |
líon na n-oibreoirí gairmiúla cláraithe. |
2. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar an fhormáid theicniúil, lena n-áirítear maidir le tíolacadh agus próiseáil dhigiteach, le haghaidh na tuarascála dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).
Airteagal 34
Pionóis
1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan mhoill agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
2. Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le pionóis airgeadais is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo arna ndéanamh trí chleachtais chalaoiseacha nó trí chleachtais mheabhlacha. trí chleachtais chalaoiseacha nó cleachtais mheabhlacha, go ndéanfar, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an buntáiste eacnamaíoch don oibreoir gairmiúil a léiriú leo ar a laghad nó, más iomchuí, céatadán de láimhdeachas an oibreora ghairmiúil.
3. I gcás inarb infheidhme, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh rialacha a chur i bhfeidhm maidir le pionóis a leagtar síos faoi Airteagal 139 de Rialachán (AE) 2017/625.
Airteagal 35
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/2031
Leasaítear Rialachán (AE) 2016/2031 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 37, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: ‘4. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme, de réir mar is iomchuí, chun bearta a leagan amach chun láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais a chosc ar na plandaí lena mbaineann le haghaidh plandaithe, dá dtagraítear in Airteagal 36, pointe (f), den Rialachán seo. Bainfidh na gníomhartha cur chun feidhme sin, i gcás inarb iomchuí, le tabhairt isteach agus le gluaiseacht na bplandaí sin laistigh den Aontas. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Beidh feidhm ag na gníomhartha cur chun feidhme sin gan dochar do na bearta arna nglacadh de bhun Threoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 68/193/CEE, 98/56/CE, 2002/54/CE, 2002/55/CE, 2002/56/CE, 2002/57/CE, 2008/72/CE agus 2008/90/CE.’ |
|
(2) |
in Airteagal 83, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: ‘5a. I gcás plandaí le haghaidh plandú atá táirgthe, nó margaithe, mar chatagóirí “sainaitheanta de réir foinse”, “roghnaithe”, “cáilithe” nó “tástáilte” dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2026/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), beidh pas plandaí, i bhfoirm ar leith, i dteannta an lipéid oifigiúil a tháirgfear i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin sin. I gcás ina bhfuil feidhm ag an mír seo,
(*1) Rialachán (AE) 2026/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2026 maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/2031 agus Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/105/CE ón gComhairle (Rialachán maidir le hábhar atáirgthe foraoise) (IO L, 2026/1392, 26.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1392/oj).’;" |
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn VII i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 36
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/625
Leasaítear Rialachán (AE) 2017/625 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: ‘2a. Beidh feidhm ag Airteagail 8, 13 agus 28 go 33 seachas Airteagal 29, pointe (b)(iv) agus Airteagal 33, pointe (a), Airteagail 43 go 46, Airteagail 65 go 68, Airteagal 69(1), (2) agus (4), Airteagail 70, 71, 72, 75, 88, 89, 102 go 108 agus 120, Airteagal 130(1), (2), (3), (5) agus (6) agus Airteagail 131 go 138, de réir mar is ábhartha, maidir le rialuithe arna ndéanamh chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i Rialachán (AE) 2026/1392 (*2) (*2) Rialachán (AE) 2026/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2026 maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/2031 agus Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/105/CE ón gComhairle (Rialachán maidir le hábhar atáirgthe foraoise) (IO L, 2026/1392, 26.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1392/oj).’." |
|
(2) |
in Airteagal 2, Airteagal 3, pointe 3, Airteagail 31 agus 44, Airteagal 45(3), Airteagail 65, 66, 67, 71, 88, 102, 106, 107, 108, 120, 130, 131 agus 132, Airteagal 133(1), an chéad fhomhír, agus Airteagal 138, cuirtear na focail ‘Airteagal 1(2) agus (2a)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 1(2)’ |
CAIBIDIL XI
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 37
Treoir 1999/105/CE a Aisghairm
Aisghairtear Treoir 1999/105/CE.
Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe sin a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 38
Bearta idirthréimhseacha
1. Ábhar atáirgthe foraoise a táirgeadh roimh an 17 Iúil 2031 i gcomhréir le Treoir 1999/105/CE nó le rialacha náisiúnta, féadfar leanúint dá mhargú go dtí go mbeidh na stoic ídithe.
2. Ábhar atáirgthe foraoise a mhargaítear i gcomhréir le mír 1 beidh lipéad ag gabháil leis ina luafar go mbaineann sé le ‘Ábhar atáirgthe foraoise nach bhfuil formheasta faoi Rialachán (AE) 2026/1392 maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise’.
3. Ábhar atáirgthe foraoise a táirgeadh roimh an 17 Iúil 2031 i gcomhréir le Treoir 1999/105/CE, féadfar leanúint dá mhargú ar bhonn máistirdheimhniú arna eisiúint de bhun na Treorach sin.
Airteagal 39
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 17 Iúil 2031.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 20 Bealtaine 2026.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
N. IOANNIDES
(1) IO C, C/2024/1583, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1583/oj.
(2) Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (IO C, C/2025/3768, 17.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3768/oj) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 21 Aibreán 2026 (IO C, C/2026/2570, 30.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2570/oj/) Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Treoir 1999/105/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1999 maidir le hábhar atáirgthe foraoise a mhargú (IO L 11, 15.1.2000, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1999/105/oj).
(4) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1119/oj).
(5) Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/18/oj).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1829/oj).
(7) Rialachán (AE) 2026/1388 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2026 maidir le plandaí a fhaightear trí theicnící géanómaíocha nua áirithe agus a dtáirgí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/625 (IO L, 2026/1388, 26.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1388/oj).
(8) Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj).
(9) Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra an Aontais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/1313/oj).
(10) Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj).
(11) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.
(12) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
(13) Treoir 66/401/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síol plandaí farae a mhargú (IO 125, 11.7.1966, lch. 2298/66, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1966/401/oj).
(14) Treoir 66/402/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síol gránach a mhargú (IO 125, 11.7.1966, lch. 2309/66, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1966/402/oj).
(15) Treoir 68/193/CEE ón gComhairle an 9 Aibreán 1968 maidir le hábhar iomadaithe fhásúil na fíniúna a mhargú (IO L 93, 17.4.1968, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1968/193/oj).
(16) Treoir 2002/53/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an gcatalóg choiteann de chineálacha speiceas plandaí talmhaíochta (IO L 193, 20.7.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/53/oj).
(17) Treoir 2002/54/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol biatais a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/54/oj).
(18) Treoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol glasraí a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/55/oj).
(19) Treoir 2002/56/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le prátaí síl biatais a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/56/oj).
(20) Treoir 2002/57/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol plandaí ola agus plandaí snáithín a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 74, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/57/oj).
(21) Treoir 2008/72/CE ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le hábhar iomadaithe agus plandaithe glasraí, seachas síol, a mhargú (IO L 205, 1.8.2008, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/72/oj).
(22) Treoir 2008/90/CE ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 maidir le hábhar iomadaithe plandaí torthaí agus plandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí a mhargú (IO L 267, 8.10.2008, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/90/oj).
(23) Treoir 98/56/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le margú ábhair iomadaithe plandaí ornáideacha (IO L 226, 13.8.1998, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/56/oj).
(24) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia. (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/178/oj).
IARSCRÍBHINN I
Liosta na speiceas crann
|
Abies alba Mill. |
Pinus cembra L. |
|
Abies cephalonica Loudon |
Pinus contorta Douglas ex Loudon |
|
Abies grandis (Douglas ex D.Don) Lindl. |
Pinus halepensis Mill. |
|
Abies nordmanniana (Steven) Spach |
Pinus heldreichii Christ |
|
Acer campestre L. |
Pinus mugo Turra |
|
Acer monspessulanum L. |
Pinus nigra J.F. Arnold |
|
Acer opalus Mill. |
Pinus peuce Griseb. |
|
Acer platanoides L. |
Pinus pinaster Aiton |
|
Acer pseudoplatanus L. |
Pinus pinea L. |
|
Alnus cordata (Loisel.) Duby |
Pinus radiata D. Don |
|
Alnus glutinosa (L.) Gaertn. |
Pinus sylvestris L. |
|
Alnus incana (L.) Moench |
Pinus taeda L. |
|
Alnus lusitanica Vít et al. |
Pinus uncinata Mill. ex Mirb. |
|
Betula pendula Roth. |
Populus spp. |
|
Betula pubescens Ehrh. |
Pyrus communis var. pyraster L. |
|
Carpinus betulus L. |
Prunus avium (L.) L. |
|
Carpinus orientalis Mill. |
Prunus padus L. |
|
Castanea sativa Mill. |
Pseudotsuga menziesii (Mirb.) Franco |
|
Cedrus atlantica (Endl.) G. Manetti ex Carrière |
Quercus cerris L. |
|
Cedrus libani A. Rich. |
Quercus frainetto Ten. |
|
Celtis australis L. |
Quercus ilex L. |
|
Ceratonia siliqua L. |
Quercus petraea (Matt.) Liebl. |
|
Chamaecyparis lawsoniana (A. Murray bis) Parl. |
Quercus pubescens Willd. |
|
Corylus colurna L. |
Quercus robur L. |
|
Cupressus sempervirens L. |
Quercus rubra L. |
|
Fagus orientalis Lipsky |
Quercus suber L. |
|
Fagus sylvatica L. |
Robinia pseudoacacia L. |
|
Fraxinus angustifolia Vahl |
Salix alba L. |
|
Fraxinus ornus L. |
Sorbus aria (L.) Crantz |
|
Fraxinus excelsior L. |
Sorbus aucuparia L. |
|
Juglans spp. |
Sorbus domestica L. |
|
Larix decidua Mill. |
Sorbus torminalis (L.) Crantz |
|
Larix kaempferi (Lamb.) Carrière |
Taxus baccata L. |
|
Larix sibirica Ledeb. |
Thuja plicata Donn ex D.Don. |
|
Malus sylvestris (L.) Mill. |
Tilia cordata Mill. |
|
Olea europaea L. |
Tilia platyphyllos Scop. |
|
Ostrya carpinifolia Scop. |
Tilia tomentosa Moench |
|
Picea abies Karst. |
Ulmus glabra Huds. |
|
Picea sitchensis (Bong.) Carrière |
Ulmus laevis Pall. |
|
Pinus brutia Ten. |
Ulmus minor Mill. |
IARSCRÍBHINN II
Ceanglais maidir le formheas bunábhar atá beartaithe le haghaidh thairgeadh ábhair atairgthe foraoise sa chatagóir ‘sainaitheanta de réir foinse’
A. Ceanglais ghinearálta:
1. Measúnú ar bhunábhar
Déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an bhfoinse síl nó ar an gclampa i leith na gcríoch dá bhfuil sé beartaithe an t-ábhar atáirgthe foraoise a úsáid, dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (1), agus cinnfidh sé na critéir roghnúcháin ar bhonn na gcríoch sin. Léireofar na críocha sin i gclár náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann. Is beag roghnú feinitíopach den bhunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise sa chatagóir seo atá ag teastáil, nó níl sé ag teastáil in aon chor.
2. Tionscnamh
Cinnfear é le fianaise stairiúil (e.g. leabharliosta, doiciméadacht arna coimeád ag na húdaráis inniúla, institiúidí taighde nó aon eagraíocht eile) nó le modh iomchuí eile (e.g. trialacha bunáitíochta), lena n-áirítear teicnící bithcheimiceacha agus móilíneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, cé acu dúchasach/andúchasach an fhoinse síl nó an clampa nó cé acu atá nó nach bhfuil an tionscnamh ar eolas, agus, más dúchasach, cé acu atá sé nó sí uatheascarthach nó neamh uatheascarthach. I gcás bunábhar andúchasach, luafar an tionscnamh má tá sé ar eolas.
3. Cineál ábhair bhunúsaigh agus suíomh
Is éard a bheidh sa bhunábhar foinse síl nó clampa atá suite laistigh de réigiún bunáitíochta amháin.
B. Ceanglais shonracha:
1. Líon na gcrann is féidir a bhaint agus atá aibí go gnéasach
Beidh foinsí síl nó clampaí comhdhéanta, más féidir, de ghrúpa crann amháin atá aibí go gnéasach nó níos mó. Beidh na crainn sin, más féidir, dáilte go maith agus beidh líon leordhóthanach díobh i limistéar faoi leith chun éagsúlacht ghéiniteach a chothabháil, de réir an eolais eolaíoch atá ar fáil, chun éifeachtaí neamhfhabhracha ionphórúcháin a sheachaint agus chun crosphailniú leordhóthanach idir na crainn sin a áirithiú. Baileofar an t-ábhar atáirgthe foraoise ón líon is fearr plandaí den bhunábhar formheasta, agus na dálaí nádúrtha á gcur san áireamh.
2. Aonfhoirmeacht
Taispeánfar sna clampaí, más féidir, gnáthleibhéal éagsúlachta aonair i saintréithe moirfeolaíocha. Bainfear crainn lagmheasa i gcás inar gá. Ní bheidh feidhm ag na ceanglais sin maidir le foinsí síl.
3. Saintréithe inbhuanaitheachta
Beidh foinsí síl nó clampaí oiriúnaithe do na dálaí aeráide agus éiceolaíocha lena n-áirítear na fachtóirí bitheacha agus aibitheacha atá i réim sa réigiún bunáitíochta, más féidir. Léireoidh na crainn, más féidir, frithsheasmhacht nó láidreacht i ndáil le lotnaidí agus na dálaí díobhálacha aeráide agus suímh san áit ina mbeidh siad ag fás.
4. Ceanglais shonracha eile maidir le tréithe áirithe agus táirgí foraoise eile
Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar an bhfoinse síl nó ar an gclampa i ndáil le tréithe áirithe nó le táirgeadh táirgí foraoise áirithe agus, i gcás inarb iomchuí, glacfaidh siad ceanglais shonracha eile maidir leis na tréithe nó na táirgí sin. I gcás ina bhfuil feidhm ag na ceanglais sin, sonrófar iad i gcomhréir le hAirteagal 15(3), pointe (m).
IARSCRÍBHINN III
Ceanglais maidir le formheas bunábhar atá beartaithe le haghaidh thairgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘roghnaithe’
A. Ceanglais ghinearálta
1. Measúnú ar bhunábhar
Déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an gclampa i leith na gcríoch dá bhfuil sé beartaithe an t-ábhar atáirgthe foraoise a úsáid, dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (1), agus cinnfidh sé na critéir roghnúcháin ar bhonn na gcríoch sin. Léireofar na críocha sin i gclár náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.
2. Tionscnamh
Cinnfear é le fianaise stairiúil (e.g. leabharliosta, doiciméadacht arna coimeád ag na húdaráis inniúla, institiúidí taighde nó aon eagraíocht eile) nó le modh iomchuí eile (e.g. trialacha bunáitíochta), lena n-áirítear teicnící bithcheimiceacha agus móilíneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, cé acu dúchasach/andúchasach é an clampa nó cé acu atá nó nach bhfuil an tionscnamh ar eolas, agus, más dúchasach, cé acu uatheascarthach/neamh-uatheascarthach é. I gcás bunábhar andúchasach, luafar an tionscnamh má tá sé ar eolas.
3. Aois agus forbairt
Le haois nó le céim forbartha na gcrann sna clampaí, is féidir breithiúnas soiléir a dhéanamh ar na critéir a thugtar le haghaidh roghnú na gcrann sin.
4. Cineál ábhair bhunúsaigh agus suíomh
Is éard a bheidh sa bhunábhar clampa atá suite laistigh de réigiún bunáitíochta amháin.
B. Ceanglais shonracha
1. Leithlisiú
|
(a) |
Na críocha ‘foraoiseacht ilfheidhmeach’, ‘táirgeadh adhmaid, bithábhar, bithmhaise nó táirgí foraoise eile’: Déanfar clampaí a leithlisiú, más féidir, ag achar leordhóthanach ó chlampaí de dhroch-cháilíocht den speiceas céanna nó ó chlampaí de speiceas gaolmhar ar féidir hibridí a chruthú leis an speiceas i gceist. Tabharfar aird ar leith ar an gceanglas sin i gcás ina bhfuil na clampaí atá timpeall clampaí uatheascarthacha/dúchasacha neamh-uatheascarthach/andúchasach nó i gcás nach bhfuil an tionscnamh ar eolas. |
|
(b) |
An chríoch ‘acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú’: Déanfar clampaí a leithlisiú, más féidir, ag achar leordhóthanach ó chlampaí den speiceas céanna nó ó chlampaí de speiceas gaolmhar ar féidir hibridí a chruthú leis an speiceas i gceist. Tabharfar aird ar leith ar an gceanglas sin i gcás ina bhfuil na clampaí atá timpeall clampaí uatheascarthacha/dúchasacha neamh-uatheascarthach/andúchasach nó i gcás nach bhfuil an tionscnamh ar eolas. |
2. Líon na gcrann is féidir a bhaint agus atá aibí go gnéasach
|
(a) |
Na críocha ‘foraoiseacht ilfheidhmeach’, ‘táirgeadh adhmaid, bithábhar, bithmhaise nó táirgí foraoise eile’: Beidh clampaí comhdhéanta de ghrúpa crann amháin atá aibí go gnéasach nó níos mó. Beidh na crainn sin dáilte go maith agus beidh líon leordhóthanach díobh i limistéar faoi leith chun éagsúlacht ghéiniteach a chothabháil, chun éifeachtaí neamhfhabhracha ionphórúcháin a sheachaint agus chun crosphailniú leordhóthanach idir na crainn sin a áirithiú. |
|
(b) |
An chríoch ‘acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú’: Beidh clampaí comhdhéanta, más féidir, de ghrúpa crann amháin atá aibí go gnéasach nó níos mó. Beidh na crainn sin, más féidir, dáilte go maith agus beidh líon leordhóthanach díobh i limistéar faoi leith chun éagsúlacht ghéiniteach a chothabháil, de réir an eolais eolaíoch atá ar fáil, chun éifeachtaí neamhfhabhracha ionphórúcháin a sheachaint agus chun crosphailniú leordhóthanach idir na crainn sin a áirithiú. Baileofar an t-ábhar atáirgthe foraoise ón líon is fearr plandaí den bhunábhar formheasta, agus na dálaí nádúrtha á gcur san áireamh. |
3. Aonfhoirmeacht
|
(a) |
Na críocha ‘foraoiseacht ilfheidhmeach’, ‘táirgeadh adhmaid, bithábhar, bithmhaise nó táirgí foraoise eile’: Taispeánfar sna clampaí gnáthleibhéal éagsúlachta aonair i saintréithe moirfeolaíocha. Níl feidhm ag an gceanglas seo maidir le táirgeadh bithmhaise. Nuair is gá, bainfear crainn lagmheasa amach. |
|
(b) |
An chríoch ‘acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú’: Taispeánfar sna clampaí, más féidir, gnáthleibhéal éagsúlachta aonair i saintréithe moirfeolaíocha. Nuair is gá, bainfear crainn lagmheasa amach. |
4. Saintréithe inbhuanaitheachta
|
(a) |
Na críocha ‘foraoiseacht ilfheidhmeach’, ‘táirgeadh adhmaid, bithábhar, bithmhaise nó táirgí foraoise eile’: Beidh na clampaí oiriúnaithe do na dálaí aeráide agus éiceolaíocha lena n-áirítear na fachtóirí bitheacha agus aibitheacha atá i réim sa réigiún bunáitíochta. Léireoidh na crainn, frithsheasmhacht nó láidreacht i ndáil le lotnaidí agus na dálaí díobhálacha aeráide agus suímh san áit ina mbeidh siad ag fás. |
|
(b) |
An chríoch ‘acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú’: Beidh na clampaí oiriúnaithe, más féidir, do na dálaí aeráide agus éiceolaíocha lena n-áirítear na fachtóirí bitheacha agus aibitheacha atá i réim sa réigiún bunáitíochta. Léireoidh na crainn, más féidir, frithsheasmhacht nó láidreacht i ndáil le lotnaidí agus na dálaí díobhálacha aeráide agus suímh san áit ina mbeidh siad ag fás. |
5. Táirgeadh méide
|
(a) |
Na críocha ‘foraoiseacht ilfheidhmeach’, ‘táirgeadh adhmaid, bithábhar, bithmhaise nó táirgí foraoise eile’: Beidh an méid a tháirgfear níos fearr ná an meánmhéid inghlactha a tháirgtear faoi choinníollacha éiceolaíocha agus bainistíochta comhchosúla de ghnáth. |
|
(b) |
An chríoch ‘acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú’: Níl aon cheanglas táirgthe méide ann. |
6. Cáilíocht an adhmaid
|
(a) |
Na críocha ‘foraoiseacht ilfheidhmeach’, ‘táirgeadh adhmaid, bithábhar, bithmhaise nó táirgí foraoise eile’: Beidh cáilíocht an adhmaid níos fearr ná an mheáncháilíocht inghlactha a bhíonn ann faoi choinníollacha éiceolaíocha agus bainistíochta comhchosúla de ghnáth. Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le táirgeadh bithábhar, bithmhaise ná táirgí foraoise eile. |
|
(b) |
An chríoch ‘acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú’: Níl aon cheanglas cáilíochta adhmaid ann. |
7. Foirm nó nós fáis
|
(a) |
Na críocha ‘foraoiseacht ilfheidhmeach’, ‘táirgeadh adhmaid, bithábhar, bithmhaise nó táirgí foraoise eile’: Maidir le crainn, léireoidh siad gnéithe moirfeolaíocha an-mhaith, go háirithe díríocht agus ciorclaíocht an ghais, nós brainsiúcháin fabhrach, méid beag na ngéag agus dea-sciotadh nádúrtha. Anuas air sin, beidh sciar na gcrann gabhlach agus iad siúd a léireoidh snáithe bíseach íseal agus nuair is gá, bainfear na crainn sin. Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le táirgeadh bithábhar, bithmhaise ná táirgí foraoise eile. |
|
(b) |
An chríoch ‘acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú’: Níl aon cheanglas maidir le foirm ná nós fáis ann. |
8. Ceanglais shonracha eile maidir le tréithe áirithe agus táirgí foraoise eile
Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar an gclampa i ndáil le tréithe áirithe nó i ndáil le táirgeadh táirgí foraoise áirithe agus, i gcás inarb iomchuí, glacfaidh siad ceanglais shonracha eile maidir leis na tréithe nó na táirgí sin. I gcás ina bhfuil feidhm ag na ceanglais sin, sonrófar iad i gcomhréir le hAirteagal 15(3), pointe (m).
|
|
|
Críocha |
||
|
|
|
Foraoiseacht ilfheidhmeach |
Táirgeadh adhmaid, bithábhar, bithmhaise nó táirgí foraoise eile |
AAcmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú |
|
Ceanglais shonracha |
Leithlisiú |
(x) |
(x) |
(x) |
|
Líon na gcrann is féidir a bhaint agus atá aibí go gnéasach |
x |
x |
(x) |
|
|
Aonfhoirmeacht |
x |
x (seachas táirgeadh bithmhaise) |
(x) |
|
|
Saintréithe inbhuanaitheachta |
x |
x |
(x) |
|
|
Táirgeadh méide |
x |
x |
— |
|
|
Cáilíocht an adhmaid |
x |
x (i gcás táirgeadh adhmaid amháin) |
— |
|
|
Foirm nó nós fáis |
x |
x (i gcás táirgeadh adhmaid amháin) |
— |
|
|
Ceanglais shonracha eile (tréithe nó táirgí sonracha) |
I gcás inarb infheidhme |
I gcás inarb infheidhme |
I gcás inarb infheidhme |
|
|
x = infheidhme; (x) = infheidhme, más féidir; – = neamh-infheidhme |
||||
IARSCRÍBHINN IV
Ceanglais maidir le formheas bunábhar atá beartaithe le haghaidh thairgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘cáilithe’
I. Síolghoirt
A. Ceanglais ghinearálta
|
(a) |
Formheasfaidh an t-údarás inniúil críocha an tsílghoirt i ndáil leis na críocha dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (1). Léireofar na críocha sin i gclár náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann. Roghnófar clóin chomhpháirteacha nó crainn aonair finte de bharr a saintréithe den scoth ag brath ar na críocha roghnaithe. |
|
(b) |
Formheasfaidh agus cláróidh an t-údarás inniúil dearadh trasach clón comhpháirteach nó finte agus leagan amach gort, clóin chomhpháirteacha nó finte agus más iomchuí glúin ghaoil clón comhpháirteach, cé mhéad acu atá ann agus cé mhéad ramait atá ann in aghaidh an chlóin i gcás síolghort clónach, leithlisiú, nó más féidir, aon srian atá ar shreabhadh pailine, suíomh pailine agus aon athrú a thagann orthu sin. |
|
(c) |
Maidir leis na clóin chomhpháirteacha nó finte, déanfar iad a phlandú nó beidh siad plandaithe de réir plean a bheidh formheasta ag an údarás inniúil agus bunaithe ar bhealach ina mbeifear in ann gach comhpháirt a shainaithint. Cuirfear san áireamh an chothromaíocht is fearr is féidir idir líon éifeachtach na gclón comhpháirteach nó na bhfinte comhpháirteacha agus an neartú géiniteach. |
|
(d) |
Tabharfar tuairisc ar thanúchán a dhéanfar i síolghoirt in éineacht leis na critéir roghnúcháin a úsáidtear le haghaidh an tanúcháin sin agus cláróidh an t-údarás inniúil é. |
|
(e) |
Déanfar na síolghoirt a bhainistiú agus buainfear na síolta ar dhóigh go mbainfear amach na críocha a bhaineann leis na síolghoirt. I gcás síolghort atá beartaithe le haghaidh hibridí saorga a tháirgeadh, cinnfear céatadán na hibridí san ábhar atáirgthe foraoise le teicnící móilíneacha. |
B. Ceanglais shonracha
Déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar na clóin nó finte comhpháirteanna i ndáil le tréithe áirithe nó le táirgeadh táirgí áirithe (i.e. critéir roghnúcháin), agus aois agus forbairt, saintréithe inbhuanaitheachta, táirgeadh méide, cáilíocht an adhmaid, foirm nó nós fáis agus tréithe sonracha úsáideacha eile á gcur san áireamh, de réir mar is iomchuí. I gcás ina bhfuil feidhm ag na ceanglais sin, léireofar iad i gcomhréir le hAirteagal 15(3), pointe (m).
II. Máthairchrainn fine
A. Ceanglais ghinearálta
|
(a) |
Formheasfaidh an t-údarás inniúil críocha mháthairchrainn fine i ndáil leis na críocha dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (1). Léireofar na críocha sin i gclár náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann. Roghnófar máthairchrainn fine de bharr a saintréithe den scoth ag brath ar na críocha roghnaithe. |
|
(b) |
Formheasfaidh agus cláróidh an t-údarás inniúil an dearadh trasach agus an córas pailniúcháin, na comhpháirteanna, leithlisiú, nó, más féidir, aon srian atá ar shreabhadh pailine, suíomh pailine, agus aon athrú a thagann ar na saintréithe sin. |
|
(c) |
Déanfaidh an t-údarás inniúil céannacht, líon agus cion na máthairchrann i meascán a fhormheas agus a chlárú. |
|
(d) |
I gcás mháthairchrainn atá beartaithe le haghaidh hibridí saorga a tháirgeadh, cinnfear céatadán na hibridí san ábhar atáirgthe foraoise le teicnící móilíneacha. |
B. Ceanglais shonracha
Déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar mháthairchrainn fine i ndáil le tréithe áirithe nó le táirgeadh táirgí foraoise áirithe agus, i gcás inarb iomchuí, glacfaidh sé ceanglais shonracha maidir leis na tréithe nó na táirgí sin (i.e. critéir roghnúcháin), agus aois agus forbairt, saintréithe inbhuanaitheachta, táirgeadh méide, cáilíocht an adhmaid, foirm nó nós fáis agus tréithe sonracha úsáideacha eile á gcur san áireamh, de réir mar is iomchuí. I gcás ina bhfuil feidhm ag na ceanglais sin, léireofar iad i gcomhréir le hAirteagal 15(3), pointe (m).
III. Clóin
A. Ceanglais ghinearálta
|
1. |
Déanfaidh an t-údarás inniúil clóin atá inaitheanta trí shaintréithe sainiúla, nó atá inrianaithe trí thimthriallta iomadaithe nó trí theicnící móilíneacha, de réir mar is iomchuí, a fhormheas agus a chlárú. |
|
2. |
Suífear luach na gclón aonair leis an mbreathnú agus an measúnú cáilíochtúil ar na saintréithe de na clóin sin nó beidh siad léirithe ag turgnamh fada leordhóthanach. |
|
3. |
Maidir le bunphlandaí nó ceall-línte a úsáidtear chun clóin a tháirgeadh, roghnófar iad de bharr a saintréithe den scoth, agus na críocha dá bhfuil sé beartaithe an t-ábhar atáirgthe foraoise a thiocfaidh as a úsáid, dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (1), á gcur san áireamh. |
|
4. |
Cuirfidh an t-údarás inniúil srian leis an bhformheas, srian d’uaslíon blianta nó d’uaslíon ramaití táirgthe. |
B. Ceanglais shonracha
Déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar na bunphlandaí nó na ceall-línte i ndáil le tréithe áirithe nó le táirgeadh táirgí foraoise áirithe agus, i gcás inarb iomchuí, glacfaidh sé ceanglais shonracha maidir leis na tréithe nó na táirgí sin (i.e. critéir roghnúcháin), agus aois agus forbairt, saintréithe inbhuanaitheachta, táirgeadh méide, cáilíocht an adhmaid, foirm nó nós fáis agus tréithe sonracha úsáideacha eile á gcur san áireamh, de réir mar is iomchuí. I gcás ina bhfuil feidhm ag na ceanglais sin, léireofar iad i gcomhréir le hAirteagal 15(3), pointe (m).
IV. Meascáin chlónacha
A. Ceanglais ghinearálta
|
1. |
Comhlíonfaidh meascáin chlónacha na ceanglais a leagtar amach i gcuid III, roinn A, pointí (1), (2) agus (3). |
|
2. |
Formheasfaidh an t-údaras inniúil aitheantas, líon agus sciar na gclón comhpháirteach i meascán, mar aon leis an modh roghnúcháin agus an bunstoc, agus cláróidh sé iad. Beidh éagsúlacht ghéiniteach leordhóthanach i ngach meascán. |
|
3. |
Cuirfidh an t-údarás inniúil srian leis an bhformheas, srian d’uaslíon blianta nó d’uaslíon ramaití táirgthe. |
B. Ceanglais shonracha
Comhlíonfaidh meascáin chlónacha na ceanglais a leagtar amach i gcuid III, roinn B.
IARSCRÍBHINN V
Ceanglais maidir le formheas bunábhar atá beartaithe le haghaidh thairgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tastáilte’
1. CEANGLAS LE hAGHAIDH NA dTÁSTÁLACHA UILE
(a) Ginearálta
Más clampa é an bunábhar, comhlíonfaidh sé na ceanglais ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Más aon cheann díobh seo a leanas an bunábhar: síolghort, máthairchrainn fine, clón nó meascán clónach, comhlíonfaidh sé na ceanglais ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Cinnfidh an t-údarás inniúil na critéir roghnúcháin bunaithe ar an gcríoch dá bhfuil sé beartaithe an t-ábhar atáirgthe foraoise a úsáid.
Na tástálacha a shocrófar chun an t-ábhar bunúsach a fhormheas, déanfar iad a ullmhú, a leagan amach, a sheoladh agus léirmhíneofar na torthaí i gcomhréir le nósanna imeachta atá aitheanta go hidirnáisiúnta. I gcás tástálacha comparáideacha, cuirfear an t-ábhar atáirgthe foraoise i gcomparáid le caighdeán formheasta nó réamhroghnaithe amháin nó níos mó, dá dtagraítear i bpointe 3(b).
(b) Saintréithe atá le scrúdú
|
(i) |
Déanfar na tástálacha a dhearadh chun measúnú a dhéanamh ar na saintréithe a shonraítear i bpointe (ii) agus tabharfar iad sin le fios i gcás gach tástála i dtaifid na dtástálacha. |
|
(ii) |
Tabharfar aird ar shaintréithe a mheastar a bheith tábhachtach i bhfianaise na críche dá bhfuil sé beartaithe an t-ábhar atáirgthe foraoise a úsáid. Déanfar meastóireacht ar na saintréithe sin i ndáil le dálaí éiceolaíocha an réigiúin ina ndéantar an tástáil lena n-áirítear dálaí aeráide agus éiceolaíocha atá ann faoi láthair agus a bhfuiltear ag súil leo amach anseo. |
(c) Doiciméadacht
Coimeádfaidh na húdaráis inniúla nó, i gcás inarb infheidhme, na hoibreoirí gairmiúla taifid ina dtabharfar tuairisc ar na heilimintí seo a leanas: na suíomhanna tástála, lena n-áirítear an suíomh, an aeráid, an ithir, úsáid roimhe seo, bunú, bainistiú agus aon damáiste mar gheall ar thosca aibitheacha agus bitheacha, mar aon leis na torthaí go léir tráth na meastóireachta. I gcás ina gcoimeádann na hoibreoirí gairmiúla na taifid sin, cuirfear ar fáil do na húdaráis inniúla iad.
(d) Na tástálacha a chur ar bun
|
(i) |
Déanfar gach sampla d’ábhar atáirgthe foraoise a thógáil, a phlandú agus a bhainistiú ar an mbealach céanna, a mhéid is féidir de réir na gcineálacha ábhair planda. |
|
(ii) |
Bunófar gach tástáil ar dhearadh atá bailí ó thaobh staidrimh de ionas gur féidir meastóireacht a dhéanamh ar shaintréithe aonair gach comhpháirte atá faoi scrúdú. |
(e) Anailís ar na torthaí agus bailíocht na dtorthaí
|
(i) |
Déanfar anailís ar na sonraí ó na tástálacha trí úsáid a bhaint as modhanna staidrimh atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus cuirfear na torthaí i láthair le haghaidh gach saintréithe a ndéantar scrúdú uirthi. |
|
(ii) |
Cuirfear ar fáil go hinrochtana an mhodheolaíocht a úsáideadh don tástáil agus na torthaí mionsonraithe a fuarthas, más féidir. |
|
(iii) |
Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina ndearnadh an tástáil limistéar imscartha a ainmniú, agus cuirfidh sé faisnéis ar fáil trí FOREMATIS maidir le haon saintréithe de chuid an ábhair atáirgthe foraoise a d’fhéadfadh teorainn a chur lena úsáideacht. |
|
(iv) |
Má chruthaítear le linn na dtástálacha nach bhfuil, ar a laghad, saintréithe an bhunábhair ónar táirgeadh an t-ábhar atáirgthe foraoise sin ag an ábhar atáirgthe foraoise, ní dheimhneofar an t-ábhar atáirgthe foraoise sin mar ábhar ‘tástáilte’. |
2. CEANGLAIS LE hAGHAIDH MEASTÓIREACHT GHÉINITEACH AR NA COMHPHÁIRTEANNA DEN BHUNÁBHAR
|
(a) |
Féadfar meastóireacht ghéiniteach a dhéanamh ar chomhpháirteanna na gcineálacha bunábhair seo a leanas: sílghoirt, máthairchrainn fine, clóin agus meascáin chlónacha. |
|
(b) |
Doiciméadacht Tá gá le doiciméadacht bhreise le haghaidh fhormheas an bhunábhair, doiciméadacht ina soláthrófar faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:
|
|
(c) |
Nósanna imeachta tástála
|
|
(d) |
Léirmhíniú
|
3. CEANGLAIS MAIDIR LE TÁSTÁIL CHOMPARÁIDEACH AR ÁBHAR ATÁIRGTHE FORAOISE
(a) Sampláil an ábhair atáirgthe foraoise
|
(i) |
Beidh an sampla den ábhar atáirgthe foraoise le haghaidh tástáil chomparáideach fíorionadaíoch ar an ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ón mbunábhar atá le formheas. |
|
(ii) |
Maidir le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear go gnéasach le haghaidh tástáil chomparáideach:
|
(b) Caighdeáin
|
(i) |
Beidh eolas ar fheidhmíocht na gcaighdeán a úsáidtear chun comparáid a dhéanamh sna tástálacha ar feadh tréimhse leorfhada, más féidir, sa réigiún ina bhfuil an tástáil le déanamh. Léirítear sna caighdeáin, i bprionsabal, an bunábhar ar léiríodh go bhfuil sé úsáideach chun críoch ábhartha tráth a thosaítear an tástáil, agus i ndálaí éiceolaíocha dá bhfuil sé beartaithe chun an t-ábhar atáirgthe foraoise a dheimhniú. Maidir leis na caighdeáin a úsáidtear chun comparáid a dhéanamh sna tástálacha, a mhéid is féidir:
|
|
(ii) |
Maidir le tástáil chomparáideach hibridí saorga, áireofar an dá speiceas de mháthairchrainn sna caighdeáin, más féidir. |
|
(iii) |
Úsáidfear caighdeáin iomadúla aon uair is féidir. I gcás ina mbeidh údar leis, féadfar an t-ábhar atáirgthe foraoise is oiriúnaí a bhfuil tástáil á déanamh air nó meán na gcomhpháirteanna den tástáil a chur in ionad na gcaighdeán. |
|
(iv) |
Úsáidfear na caighdeáin chéanna sna tástálacha uile thar réimse is leithne de dhálaí suímh is féidir. |
(c) Léirmhíniú
|
(i) |
Léireofar ardchéimíocht staidrimh shuntasach i gcomparáid leis na caighdeáin i gcás saintréith thábhachtach amháin ar a laghad. |
|
(ii) |
Tuairisceofar aon saintréith lena ngabhann tábhacht eacnamaíoch nó tábhacht chomhshaoil agus lena léirítear torthaí atá i bhfad níos laige ná na caighdeáin, agus déanfar a n-éifeachtaí a chúiteamh le saintréithe fabhracha. |
4. FORMHEAS SEALADACH
Féadfaidh réamh-mheasúnú ar thrialacha óga a bheith mar bhonn faoin bhformheas sealadach. Déanfar athscrúdú ar mhaímh d’ardchéimíocht atá bunaithe ar mheasúnú luath tar éis 10 mbliana ar a dhéanaí.
5. TÁSTÁLACHA LUATHA
Féadfaidh an t-údarás inniúil glacadh le tástálacha plandlann, tithe gloine agus saotharlann le haghaidh formheas sealadach nó formheas deiridh, más féidir a léiriú go bhfuil comhghaolú dlúth idir an tsaintréith sprice agus na saintréithe a ndéantar measúnú orthu de ghnáth i dtástálacha ar chéim na foraoise. Comhlíonfaidh saintréithe eile atá le tástáil na ceanglais a leagtar amach i bpointe 3.
IARSCRÍBHINN VI
Catagóirí faoina bhféadfar ábhar atáirgthe atáirgthe foraoise ó na cinéalacha éagsúla bunábhair a mhargú
|
An cineál bunábhair |
Catagóir ábhair atáirgthe foraoise |
|||
|
Sainaitheanta de réir foinse |
Roghnaithe |
Cáilithe |
Tástáilte |
|
|
Foinse síl |
x |
|
|
|
|
Clampa |
x |
x |
|
x |
|
Síolghort |
|
|
x |
x |
|
Máthairchrainn fine |
|
|
x |
x |
|
Clón |
|
|
x |
x |
|
Meascán clónach |
|
|
x |
x |
IARSCRÍBHINN VII
Leasú ar Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/2031
In Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/2031, cuirtear isteach na codanna seo a leanas:‘CUID E
Pasanna plandaí le haghaidh gluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais, i dteannta leis an lipéad oifigiúil, dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 83(5), pointe (a)
|
(1) |
Beidh na heilimintí seo a leanas sa phas plandaí le haghaidh gluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais, a léirítear, i dteannta le comhlipéad, leis an lipéad oifigiúil le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise dá dtagraítear in Airteagal 83(5a):
Beidh an pas plandaí socraithe sa chomhlipéad díreach os cionn an lipéid oifigiúil agus beidh sé ar aon leithead leis an lipéad oifigiúil sin. |
|
(2) |
Beidh feidhm le pointe (2) de Chuid A dá réir sin. |
CUID F
Pasanna plandaí le haghaidh tabhairt isteach i gcriosanna cosanta agus gluaiseacht laistigh de chriosanna cosanta, i dteannta leis an lipéad oifigiúil, dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 83(5a), pointe (b)
|
(1) |
Beidh na heilimintí seo a leanas sa phas plandaí le haghaidh tabhairt isteach i gcriosanna cosanta agus gluaiseacht laistigh de chriosanna cosanta, a léirítear, i dteannta le comhlipéad, leis an lipéad oifigiúil le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise dá dtagraítear in Airteagal 83(5a):
Beidh an pas plandaí socraithe ar an gcomhlipéad díreach os cionn an lipéid oifigiúil le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise agus beidh sé ar aon leithead leis an lipéad oifigiúil sin. |
|
(2) |
Beidh feidhm ag pointe (2) de Chuid B de réir mar is cuí.’ |
IARSCRÍBHINN VIII
Tábla comhghaoil
|
Treoir 1999/105/CE |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
|
Airteagal 2, pointe (a) |
Airteagal 3, pointe (1) |
|
Airteagal 2, pointe (b)(i) |
Airteagal 3, pointe (2) |
|
Airteagal 2, pointe (b)(ii) |
Airteagal 3, pointe (4) |
|
Airteagal 2, pointe (b)(iii) |
Airteagal 3, pointe (3) |
|
Airteagal 2, pointe (c) |
Airteagal 3, pointe (7) |
|
Airteagal 2, pointe (c)(i) |
Airteagal 3, pointe (8) |
|
Airteagal 2, pointe (c)(ii) |
Airteagal 3, pointe (9) |
|
Airteagal 2, pointe (c)(iii) |
Airteagal 3, pointe (10) |
|
Airteagal 2, pointe (c)(iv) |
Airteagal 3, pointe (11) |
|
Airteagal 2, pointe (c)(v) |
Airteagal 3, pointe (12) |
|
Airteagal 2, pointe (c)(vi) |
Airteagal 3, pointe (13) |
|
Airteagal 2, pointe (d)(i) |
Airteagal 3, pointe (23) |
|
Airteagal 2, pointe (d)(ii) |
Airteagal 3, pointe (24) |
|
Airteagal 2, pointe (e) |
Airteagal 3, pointe (25) |
|
Airteagal 2, pointe (f) |
Airteagal 3, pointe (21) |
|
Airteagal 2, pointe (g) |
Airteagal 3, pointe (22) |
|
Airteagal 2, pointe (h) |
Airteagal 3, pointe (29) |
|
Airteagal 2, pointe (i) |
Airteagal 3, pointe (30) |
|
Airteagal 2, pointe (j) |
Airteagal 3, pointe (28) |
|
Airteagal 2, pointe (k) |
Airteagal 3, pointe (31) agus pointe (32) |
|
Airteagal 2, pointe (l)(i) |
Airteagal 3, pointe (34) |
|
Airteagal 2, pointe (l)(ii) |
Airteagal 3, pointe (35) |
|
Airteagal 2, pointe (l)(iii) |
Airteagal 3, pointe (36) |
|
Airteagal 2, pointe (l)(iv) |
Airteagal 3, pointe (37) |
|
Airteagal 3(1) |
Airteagal 2(3) |
|
Airteagal 3(2) |
Airteagal 2(5) |
|
Airteagal 3(3) |
— |
|
Airteagal 3(4) |
Airteagal 2(4), pointe (c) |
|
Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(1) |
|
Airteagal 4(2), pointe (a) |
Airteagal 4(2), an chéad fhomhír go dtí an ceathrú fomhír |
|
Airteagal 4(2) pointe (b) |
Airteagal 4(2), an seachtú fomhír agus Airteagal 4(4) |
|
Airteagal 4(3), pointe (a) |
Airteagal 4(6) |
|
Airteagal 4(3) pointe (b) |
Airteagal 4(5) |
|
Airteagal 4(4) |
Airteagal 6, Iarscríbhinn III, Cuid B |
|
Airteagal 4(5) |
Airteagal 23 |
|
Airteagal 5 |
Airteagal 5(2), pointe (c) |
|
Airteagal 6(1), pointe (a) |
Airteagal 5(2), pointe (a) |
|
Airteagal 6(1), pointe (b) agus (c) |
Airteagal 5(2) pointe (b) |
|
Airteagal 6(1), pointe (d) |
Airteagal 5(2), pointe (c) |
|
Airteagal 6(2) |
Airteagal 5(6) |
|
Airteagal 6(3) |
Airteagal 8 |
|
Airteagal 6(4) |
Airteagal 10(1) pointe (b) |
|
Airteagal 6(5), pointe (a) |
Airteagal 2(4), pointe (d); Airteagal 6(1) go (4) |
|
Airteagal 6(5) pointe (b) |
— |
|
Airteagal 6(6) |
Airteagal 6(5) |
|
Airteagal 6(7) |
Airteagal 7 |
|
Airteagal 6(8) |
— |
|
Airteagal 7 |
Airteagal 25(1), pointe (a) |
|
Airteagal 8 |
Airteagal 25(1) pointe (b) |
|
Airteagal 9(1) |
Airteagal 14(1) |
|
Airteagal 9(2) |
Airteagal 14(2) |
|
Airteagal 10(1) |
Airteagal 15(1) |
|
Airteagal 10(2) |
Airteagal 15(2) agus (3) |
|
Airteagal 10(3) |
— |
|
Airteagal 11 |
Airteagal 16 |
|
Airteagal 12(1) |
Airteagal 18(2) |
|
Airteagal 12(2) |
Airteagal 18(4) |
|
Airteagal 12(3) |
Airteagal 18(5) |
|
Airteagal 13(1) |
Airteagal 19(1) |
|
Airteagal 13(2) |
Airteagal 19(2) |
|
Airteagal 13(3), pointe (a) |
Airteagal 19(3), an chéad fhomhír, pointe(a) |
|
Airteagal 13(3) pointe (b) |
Airteagal 19(3), an chéad fhomhír, pointe (c) |
|
Airteagal 13(3), pointe (c) |
Airteagal 19(3), an chéad fhomhír, pointe (d) |
|
Airteagal 13(3), pointe (d) |
Airteagal 19(3), an dara fomhír |
|
Airteagal 13(3), pointí (e) agus (f) |
Airteagal 19(3), an chéad fhomhír, pointí (e) agus (f) |
|
Airteagal 14(1), abairt réamhráiteach |
Airteagal 5(1), pointe (a); Airteagal 20 (1) |
|
Airteagal 14(1), pointe (a) |
Airteagal 20(1) |
|
Airteagal 14(1) pointe (b) |
Airteagal 20(7), pointe (c) |
|
Airteagal 14(1), pointe (c) |
Airteagal 20(7), pointe (d) |
|
Airteagal 14(1), pointe (d) |
Airteagal 20(5) pointe (b) |
|
Airteagal 14(1), pointe (e) |
Airteagal 20(7), pointe (j) |
|
Airteagal 14(2) |
Airteagal 5(3); Airteagal 20(7), pointe (k) |
|
Airteagal 14(3) |
Airteagal 5(5) |
|
Airteagal 14(4) |
Airteagal 5(3), an dara fomhír agus Airteagal 5(4) |
|
Airteagal 14(5) |
— |
|
Airteagal 14(6) |
Airteagal 20(9), an dara fomhír, pointe (b), agus an tríú agus an cúigiú fomhír |
|
Airteagal 14(7) |
Airteagal 19(1), pointe (l)(i) |
|
Airteagal 15 |
Airteagal 21 |
|
Airteagal 16(1) |
Airteagal 28(4) |
|
Airteagal 16(2) |
Airteagal 36, pointe (1) |
|
Airteagal 16(3) |
Airteagal 10(3), (4) agus (6) |
|
Airteagal 16(4) |
— |
|
Airteagal 16(5) |
Airteagal 28(4) |
|
Airteagal 16(6) |
Airteagal 30 |
|
Airteagal 17(1) |
— |
|
Airteagal 17(2) |
Airteagal 25(1), pointe (c) |
|
Airteagal 17(3) |
Airteagal 25(2) |
|
Airteagal 17(4) |
— |
|
Airteagal 18(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 7(1) |
|
Airteagal 18(1), an dara fomhír |
Airteagal 7(2) |
|
Airteagal 18(2) |
Airteagal 7(1) |
|
Airteagal 19 |
Airteagal 26 |
|
Airteagal 20 |
— |
|
Airteagal 21 |
Airteagal 24 |
|
Airteagal 22 |
Airteagal 5(2), pointe (e) |
|
Airteagal 23 |
Airteagal 2(3); Airteagal 4(3); Airteagal 5(7) |
|
Airteagal 24 |
Airteagal 5(4); Airteagal 6(5); Airteagal 7(1); Airteagal 18(3); Airteagal 18(8), an dara fomhír; Airteagal 18(11); Airteagal 20(9); Airteagal 20(10), san dara fomhír; Airteagal 22(2); Airteagal 23(2); Airteagal 24; Airteagal 25(1); Airteagal 26(2), (3) agus (4); Airteagal 28(9); Airteagal 33(2) |
|
Airteagal 25 |
Airteagal 2(3); Airteagal 4(3); Airteagal 5(7); Airteagal 8; Airteagal 9(5); Airteagal 11(2); Airteagal 18(9); Airteagal 20(11) |
|
Airteagal 26 |
Airteagail 31 agus 32 |
|
Airteagal 27 |
Airteagal 38 |
|
Airteagal 28 |
— |
|
Airteagal 29 |
Airteagal 37 |
|
Airteagal 30 |
Airteagal 39 |
|
Airteagal 31 |
— |
|
Iarscríbhinn I |
Iarscríbhinn I |
|
Iarscríbhinn II |
Iarscríbhinn II |
|
Iarscríbhinn III |
Iarscríbhinn III |
|
Iarscríbhinn IV |
Iarscríbhinn IV |
|
Iarscríbhinn V |
Iarscríbhinn V |
|
Iarscríbhinn VI |
Iarscríbhinn VI |
|
Iarscríbhinn VII |
Airteagal 8 |
|
Iarscríbhinn VIII |
Airteagal 18(3) |
|
Iarscríbhinn IX |
Iarscríbhinn VIII |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1392/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)