Eureka 52021PC0709 Sign in

fógróir

as defined in Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir…, Article 3, point (6) (Sainmhínithe)

(6)ciallaíonn ‘fógróir’:

(a)maidir le loingsiú dramhaíola de thionscnamh Ballstáit, aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach faoi dhlínse náisiúnta an Bhallstáit sin a bheartaíonn nó a dhéanann loingsiú dramhaíola agus ar a sanntar an dualgas maidir le fógra a thabhairt, agus a liostaítear thíos:

(i)an táirgeoir dramhaíola bunaidh;

(ii)an táirgeoir dramhaíola nua a dhéanann oibríochtaí sula seolfar an loingsiú,

(iii)bailitheoir a bhfuil an loingsiú dramhaíola bailithe le chéile aige nó aici agus a bhfuil le tosú ó shuíomh aonair fógartha, ó chainníochtaí beaga éagsúla den chineál céanna dramhaíola arna mbailiú ó fhoinsí éagsúla;

(iv)déileálaí nó bróicéir ag gníomhú thar ceann aon cheann de na catagóirí a shonraítear i bpointí (i), (ii) nó (iii);

(v)i gcás ina bhfuil gach ceann de na daoine a shonraítear thuas anaithnid nó dócmhainneach, sealbhóir na dramhaíola;

(b)maidir le dramhaíl a allmhairiú isteach san Aontas, nó é a iompar tríd an Aontas, ar dramhaíl nach de thionscnamh Ballstáit í, aon cheann de na daoine nádúrtha nó na daoine dlítheanacha seo a leanas faoi dhlínse náisiúnta na tíre seolta a bheartaíonn nó a dhéanann loingsiú dramhaíola nó a bhfuil rún aige loingsiú dramhaíola a dhéanamh nó a rinne loingsiú dramhaíola:

(i)an duine a ainmnítear le dlí na tíre seolta;

(ii)in éagmais duine a ainmnítear le dlí na tíre seolta, sealbhóir na dramhaíola an tráth a rinneadh an t‑onnmhairiú;

Open in the act with Eureka

Install the extension for EUR-Lex

Also defined in