ráta úis tagartha
as defined in Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir…, Article 3, point (33)
‑(34) ciallaíonn ‘fíordheimhniú’ nós imeachta lenar féidir leis an soláthraí seirbhísí íocaíochta fíorú a dhéanamh ar aitheantas úsáideora seirbhísí íocaíochta nó ar bhailíocht na húsáide a bhaintear as ionstraim íocaíochta shonrach, lena náirítear an úsáid a bhaintear as dintiúir shlándála phearsantaithe an úsáideora;
‑(35) ciallaíonn ‘fíordheimhniú láidir custaiméara’ fíordheimhniú bunaithe ar úsáid a bhaint as dhá eilimint nó níos mó a aicmítear mar eolas (rud nach bhfuil ar eolas ach ag an úsáideoir), seilbh (rud atá i seilbh an úsáideora amháin) agus fréimhíocht (rud is dílis don úsáideoir), atá neamhspleách ar a chéile, sa mhéid nach gcuireann sárú eilimint amháin isteach ar iontaofacht na neilimintí eile, agus ar fíordheimhniú é atá ceaptha sa chaoi go gcosnófar rúndacht na sonraí fíordheimhnithe;
ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí teicniúla’ soláthraí seirbhísí lena dtacaítear le soláthar seirbhísí íocaíochta, gan seilbh a ghlacadh aon tráth ar na cistí atá le haistriú;