Eureka 52023PC0416 Sign in

An Bhruiséil,5.7.2023

COM(2023) 416 final

2023/0232(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Faireachán Ithreach agus Athléimneacht Ithreach (an Dlí maidir le Faireachán Ithreach)

{SEC(2023) 416 final} - {SWD(2023) 416 final} - {SWD(2023) 417 final} - {SWD(2023) 418 final} - {SWD(2023) 423 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

Is acmhainn ríthábhachtach theoranta neamh‑inathnuaite í an ithir agus ní féidir í a athsholáthar. Tá ithreacha sláintiúla ina mbunús fíor‑riachtanach dár ngeilleagar, dár sochaí agus dár gcomhshaol toisc go dtáirgtear bia leo, cuirtear lenár n‑athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, teagmhais adhaimsire, triomaigh agus tuilte, agus tacaítear lenár bhfolláine. Stóráiltear carbón in ithreacha sláintiúla, is mó an acmhainneacht a bhíonn iontu uisce a ionsú, a stóráil agus a scagadh agus soláthraítear seirbhísí ríthábhachtacha leo, amhail bia sábháilte agus cothaitheach agus bithmhais le haghaidh earnálacha bithgheilleagair neamhbhia.

Léirítear i bhfianaise eolaíoch 1 go bhfuil riocht míshláintiúil ar thart ar 60 go 70 % d’ithreacha an Aontais faoi láthair. Tá na Ballstáit uile ag tabhairt aghaidh ar fhadhb an díghrádaithe ithreach. Is amhlaidh atá próisis díghrádaithe ag leanúint ar aghaidh agus ag dul in olcas. Téann tiomántóirí agus tionchair na faidhbe thar theorainneacha tíortha, rud a laghdaíonn acmhainneacht na hithreach na seirbhísí ríthábhachtacha sin a sholáthar ar fud an Aontais agus i dtíortha comharsanacha. Cruthaíonn sé sin rioscaí do shláinte an duine, don chomhshaol, don aeráid, don gheilleagar agus don tsochaí, lena n‑áirítear rioscaí do shlándáil bia, cáilíocht uisce, tuilleadh tionchar ó thuilte agus triomaigh, táirgeadh bithmhaise, astaíocht charbóin agus caillteanas na bithéagsúlachta.

Rinne cogadh foghach gan údar gan chúis na Rúise in aghaidh na hÚcráine córais bhia dhomhanda a dhíchobhsú, rioscaí agus leochaileachtaí maidir le slándáil bia a threisiú ar fud an domhain, agus mhéadaigh sé an gá atá ag an Aontas a chórais bhia a dhéanamh inbhuanaithe ar feadh na gcéadta bliain amach romhainn. Na treochtaí agus an meascán de na tiomántóirí éagsúla a mbíonn tionchar acu ar shlándáil bia, tarraingíonn siad aird ar an bhfíoras nach féidir talamh slán a dhéanamh d’infhaighteacht, rochtain (inacmhainneacht), úsáid agus cobhsaíocht sa ghearrthéarma ná san fhadtéarma 2 . Sa chomhthéacs sin, tá tábhacht gheostraitéiseach ag baint le hithreacha torthúla chun ár rochtain ar bhia leordhóthanach, cothaitheach agus inacmhainne a dhaingniú san fhadtéarma. Tá an slabhra soláthair bia idirnasctha go mór agus bíonn sé cleithiúnach ar an leibhéal domhanda, agus is gníomhaí domhanda tábhachtach é an tAontas ar mhargaí bia idirnáisiúnta. Chun bia leordhóthanach a tháirgeadh do dhaonra domhanda a bhfuil coinne leis go méadóidh sé go 9-10 billiún duine faoi 2050, is amhlaidh is príomhshócmhainn iad ithreacha torthúla. Ós rud é go dtáirgtear 95 % dár mbia go díreach nó go hindíreach san acmhainn nádúrtha luachmhar teoranta sin, bíonn tionchar díreach ag an díghrádú ithreach ar shlándáil bia agus ar na margaí bia trasteorann.

Tá an brú atáthar a chur ar ithir agus ar an talamh ag méadú ar fud an domhain. San Aontas Eorpach, tá 4.2 % den chríoch saorga de thoradh na tógála talún; táthar ag leanúint den tógáil talún agus den séalú ithreach agus is é an talamh talmhaíochta a bhíonn thíos leis go príomha. Ina theannta sin, déanann an díghrádú ithreach difear do thorthúlacht fhadtéarmach fhéideartha na n‑ithreacha talmhaíochta. Meastar gurb é idir 61 % agus 73 % d’ithreacha talmhaíochta san Aontas atá thíos le creimeadh, cailliúint an charbóin orgánaigh, sáruithe cothaitheach (nítrigin), dlúthú nó salannú ithreach tánaisteach (nó meascán de na bagairtí sin). Mar shampla, is féidir go dtiocfadh laghdú 2.5-15 % ar tháirgeacht barr de bharr an dlúthaithe ithreach. Gan bainistiú agus bearta inbhuanaithe chun ithreacha a athghiniúint, is toisc lárnach a bheidh i sláinte mheathlach na hithreach i ngéarchéimeanna slándála bia amach anseo.

Tá ithreacha sláintiúla fíor‑riachtanach d’fheirmeoirí agus don éiceachóras agranamaíoch ar an bhforiomlán. Trí thorthúlacht ithreach a choinneáil ar bun nó a mhéadú san fhadtéarma, rannchuidítear chun táirgeacht chobhsaí nó níos airde fós de bharra, beatha agus bithmhais a bhaint amach, ar nithe iad a bhfuil gá leo le haghaidh earnálacha neamhbhia an bhithgheilleagair a rannchuidíonn chun ár ngeilleagar a dhí‑iontaisiú 3 , agus tugtar slándáil táirgeachta agus ionchais ghnó fhadtéarmacha d’fheirmeoirí. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh ithreacha agus talamh sláintiúil agus torthúil le fáil san aistriú i dtreo bithgheilleagar inbhuanaithe agus dá bhrí sin, is féidir cuidiú chun luach na talún a mhéadú agus a chaomhnú. Le bearta chun torthúlacht ithreach a mhéadú, is amhlaidh is féidir costais oibriúcháin feirmeacha a laghdú freisin, amhail an costas a bhaineann le hionchuir nó innealra. Féadfaidh feirmeoirí tacaíocht airgeadais a fháil le haghaidh cleachtais áirithe, e.g. faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) nó faoin togra maidir le creat deimhniúcháin de chuid an Aontais le haghaidh aistrithe carbóin 4 .

Déanann díghrádú ithreach díobháil do shláinte an duine freisin. Is é ábhar cáithníneach aerbheirthe a tháirgtear trí chreimeadh gaoithe is cúis le galair riospráide agus chardashoithíocha nó déanann sé níos measa iad. Síneann ithreacha séalaithe fad na dteochtaí arda le linn tonnta teasa agus is lú an acmhainneacht a bhíonn acu feidhmiú mar dhoirteal do thruailleáin. Déanann ithreacha éillithe dochar do shábháilteacht bia freisin. Mar shampla, i gcás thart ar 21 % d’ithreacha talmhaíochta an Aontais, tá tiúchain chaidmiam sa bharrithir a sháraíonn an teorainn le haghaidh screamhuisce. Tacaíonn ithreacha sláintiúla a bhainistítear ar bhealach inbhuanaithe le luach fóillíochta an chomhshaoil agus an dúlra freisin, agus naisc ann lenár sláinte fhisiciúil agus mheabhrach. Tá sé sin luachmhar faoin tuath, agus go háirithe i limistéir uirbeacha mar ar féidir cuidiú chun spásanna glasa sláintiúla a chruthú agus oileáin teasa a laghdú, agus feabhas a chur ar cháilíocht an aeir agus ar dhálaí tithíochta ach cleachtais bhainistíochta inbhuanaithe a ghlacadh. Tá sé ríthábhachtach feabhas a chur ar shláinte ithreach chun athléimneacht an Aontais in aghaidh teagmhais dhíobhálacha agus an t‑oiriúnú don athrú aeráide a mhéadú. Braitheann athléimneacht na hEorpa in aghaidh an athraithe aeráide ar leibhéal an ábhair orgánaigh san ithir agus ar a torthúlacht, coinneáil uisce agus acmhainneacht scagtha, agus ar a frithsheasmhacht in aghaidh an chreimthe. Cuidíonn cleachtais feirmeoireachta carbóin chun CO2 a stóráil san ithir agus rannchuidíonn siad chun an t‑athrú aeráide a mhaolú. Cuidíonn acmhainneacht na n‑ithreacha uisce a choinneáil chun rioscaí tubaiste a chosc agus freagairt dóibh araon. Nuair is féidir le hithreacha níos mó báistí a ionsú, laghdaítear déine na tuile agus maolaítear na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le tréimhsí triomaigh. Is féidir le roinnt baictéir ithreach, ar chuid de bhithéagsúlacht na n‑ithreacha sláintiúla iad, cuidiú le plandaí barr triomach a sheasamh freisin.

De réir mar a théann na guaiseacha adhaimsire a bhaineann leis an aeráid i ndéine, is amhlaidh atá méadú ag teacht ar an riosca a bhaineann le falscaithe ar fud na hEorpa. Tiocfaidh méadú ar na coinníollacha a mhéadaíonn an riosca a bhaineann le dóiteáin de thoradh an athraithe aeráide, go háirithe teas agus taise na n‑éiceachóras, lena n‑áirítear ithreacha. Tacaíonn ithreacha sláintiúla ag a bhfuil acmhainneacht fheidhmiúil coinneála uisce le héiceachórais shláintiúla foraoise a bhíonn níos athléimní in aghaidh falscaithe freisin. An tráth céanna, is féidir gur cúis le díghrádú ithreach iad falscaithe, rud a fhágann gur mó na rioscaí a bhíonn ann i leith creimeadh ithreach, sciorradh talún agus tuilte. Tríd an mbonn eolais ar ithreacha a neartú, is féidir rannchuidiú chun feabhas a chur ar mheasúnuithe riosca tubaiste lena n‑aithnítear na róil ilghnéitheacha a bhíonn ag ithreacha agus tubaistí á maolú. Le bearta chun sláinte ithreach a neartú, forbraítear athléimneacht in aghaidh an struis a eascróidh as an athrú aeráide amach anseo.

Le beartais an Aontais agus beartais náisiúnta atá i bhfeidhm faoi láthair, is amhlaidh a rannchuidíodh go mór chun feabhas a chur ar shláinte na hithreach. Mar sin féin, ní thugtar aghaidh leo ar thiomántóirí uile an díghrádaithe ithreach agus dá bhrí sin, tá bearnaí móra fós ann. Cruthaítear ithreacha go han‑mhall (e.g. tógann sé 500 bliain nó níos mó chun 2.5 cm de bharrithir nua a chruthú), ach is féidir sláinte ithreach a choinneáil ar bun nó feabhas a chur uirthi má dhéantar na bearta is iomchuí agus má chuirtear i bhfeidhm iad.

Sa chomhthéacs sin, leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip 5 treochlár uaillmhianach chun an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil ag a bhfuil geilleagar nua‑aimseartha iomaíoch atá tíosach ar acmhainní, a bhfuil sé d’aidhm aige caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus ar thionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip, ghlac an Coimisiún Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 6 , Plean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú 7 , Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide 8 agus Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh 9 .

Luadh i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 go bhfuil sé fíor‑riachtanach dlús a chur le hiarrachtaí chun torthúlacht ithreach a chosaint, creimeadh ithreach a laghdú agus ábhar orgánach ithreach a mhéadú trí chleachtais inbhuanaithe um bainistiú ithreach a ghlacadh. Luadh inti freisin go bhfuil gá le dul chun cinn mór chun láithreáin éillithe a shainaithint, ithreacha díghrádaithe a athchóiriú, na coinníollacha le haghaidh stádas maith éiceolaíoch a shainiú, cuspóirí athchóirithe a leagan síos agus feabhas a chur ar an bhfaireachán a dhéantar ar shláinte ithreach. Fógraíodh sa Straitéis Bhithéagsúlachta freisin an plean chun Straitéis Théamach Ithreach 2006 a thabhairt cothrom le dáta chun dul i ngleic leis an díghrádú ithreach agus chun gealltanais an Aontais agus gealltanais idirnáisiúnta maidir le neodracht ó thaobh díghrádú talún a chomhlíonadh.

Leagtar amach i Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh an fhís fhadtéarmach go mbeidh gach ithir i riocht sláintiúil faoi 2050, chun gnás a dhéanamh de chosaint, úsáid inbhuanaithe agus athchóiriú ithreacha, agus moltar teaglaim de bhearta deonacha agus reachtacha inti chun na haidhmeanna sin a bhaint amach. Fógraíodh sa Straitéis go molfadh an Coimisiún Dlí maidir le Sláinte Ithreach a mbeadh measúnú tionchair mar bhonn taca faoi inar cheart anailís a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla, amhail táscairí agus luachanna do shláinte ithreach, forálacha chun faireachán a dhéanamh ar ithreacha agus ceanglais maidir le húsáid inbhuanaithe ithreacha.

Leis an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol 10 , leagadh síos an cuspóir tosaíochta, faoi 2050 ar a dhéanaí, go mairfeadh daoine go maith, laistigh de theorainneacha pláinéadacha i ngeilleagar na folláine nach gcuirfí aon rud amú ann, ina mbeadh fás athghiniúnach, ina mbeadh aeráidneodracht bainte amach ag an Aontas agus ina mbeadh laghdú mór tagtha ar neamhionannais. Ar na coinníollacha cumasúcháin is gá chun an cuspóir sin a chomhlíonadh, áirítear aghaidh a thabhairt ar an díghrádú ithreach agus cosaint agus úsáid inbhuanaithe ithreach a áirithiú, lena n‑áirítear trí thogra reachtach tiomnaithe maidir le sláinte ithreach.

Tá sé éilithe ag páirtithe leasmhara institiúideacha go ndéanfaí athruithe beartais. D’iarr Parlaimint na hEorpa 11 ar an gCoimisiún creat dlíthiúil Aontais a fhorbairt le haghaidh na hithreach. Ba cheart a áireamh ann sainmhínithe agus critéir maidir le dea‑stádas ithreach agus úsáid inbhuanaithe, cuspóirí, táscairí comhchuibhithe, modheolaíocht chun faireacháin agus tuairisciú a dhéanamh, spriocanna, bearta, agus acmhainní airgeadais. Thacaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh  12 leis an gCoimisiún chun dlús a chur le hiarrachtaí chun ithreacha a chosaint ar bhealach níos fearr agus d’athdhearbhaigh sí a gealltanas i leith neodracht ó thaobh díghrádú talún. Ina theannta sin, Coiste Eorpach na Réigiún  13 , Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa  14 agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa  15 , d’iarr siad uile ar an gCoimisiún creat dlíthiúil a fhorbairt maidir le húsáid inbhuanaithe ithreach.

Tugadh aitheantas do thábhacht na sláinte ithreach ar an leibhéal domhanda freisin. Tá gealltanais tugtha ag an Aontas i gcomhthéacs idirnáisiúnta na dtrí Choinbhinsiún a tionóladh in Rio de Janeiro chun aghaidh a thabhairt ar ithreacha atá buailte ag an ngaineamhlú (Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac), chun rannchuidiú leis an maolú ar an athrú aeráide (Creat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide) agus chun gnáthóg thábhachtach a bhunú don bhithéagsúlacht (an Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht). Is sprioc i gCreat Domhanda Bithéagsúlachta nua iar‑2020 é sláinte ithreach a athchóiriú, a choinneáil ar bun agus a fheabhsú.

Rannchuidíonn an sláinte ithreach go díreach chun roinnt Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 16 (SDGanna) a bhaint amach freisin, go háirithe SDG 15.3. Tá sé d’aidhm ag an sprioc sin an gaineamhlú a chomhrac, talamh agus ithir dhíghrádaithe a athchóiriú, lena n‑áirítear talamh atá buailte ag gaineamhlú, triomach agus tuilte, agus gach iarracht a dhéanamh chun domhan neodrach ó thaobh díghrádú talún a bhaint amach faoi 2030.

Tá easpa sonraí cuimsitheacha agus comhchuibhithe ann faoi láthair maidir le sláinte ithreach ó fhaireachán ar ithreacha. Tá scéimeanna faireacháin ithreach i bhfeidhm ag roinnt Ballstát, ach tá siad ilroinnte agus níl siad ionadaíoch ná comhchuibhithe. Cuireann na Ballstáit modhanna, minicíochtaí agus dlúis samplála éagsúla i bhfeidhm, agus baineann siad úsáid as méadracht agus modhanna anailíse éagsúla freisin, rud a fhágann go mbíonn easpa comhsheasmhachta agus inchomparáideachta ann ar fud an Aontais.

Ar na cúiseanna sin uile, leis an togra seo cuirtear creat faireacháin ithreach láidir agus comhleanúnach i bhfeidhm do na hithreacha uile ar fud an Aontais, lena dtabharfar aghaidh ar an mbearna eolais ar ithreacha atá ann faoi láthair. Is córas faireacháin comhtháite ba cheart a bheith ann a bheadh bunaithe ar shonraí ar leibhéal an Aontais, sonraí na mBallstát agus sonraí príobháideacha. Beidh na sonraí sin bunaithe ar shainmhíniú coiteann ar a bhfuil i gceist le hithir shláintiúil agus beidh siad mar bhonn taca faoi bhainistiú ithreacha inbhuanaithe, chun sláinte ithreach a choinneáil ar bun nó a fheabhsú, agus dá réir sin chun ithreacha sláintiúla agus athléimneacha a bhaint amach i ngach áit ar fud an Aontais faoi 2050.

Tá an creat faireacháin ithreach ríthábhachtach chun na sonraí agus an fhaisnéis is gá chun na bearta cearta a shainiú a sholáthar. Is dócha go mbeidh forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht ann freisin de thoradh na sonraí sin agus go spreagfar taighde acadúil agus tionsclaíoch leo, mar shampla, réitigh intleachta saorga a bheadh bunaithe ar shonraí ó chórais bhraite agus ó chórais tomhais allamuigh. Is amhlaidh a thiocfaidh méadú ar an éileamh ar sheirbhísí anailíse ithreach freisin, rud a dhéanfaidh gnólachtaí agus staid FBManna speisialaithe san Aontas a dhaingniú. Tacóidh sé le forbairt na cianbhraiteachta le haghaidh ithreacha freisin agus cuirfidh sé ar a chumas don Choimisiún acmhainní a chomhthiomsú, bunaithe ar na sásraí agus ar an teicneolaíocht atá ann faoi láthair (LUCAS, Copernicus) chun seirbhísí costéifeachtúla a thairiscint do na Ballstáit leasmhara.. Tá coinne leis go mbeidh rochtain níos éasca ag feirmeoirí agus foraoiseoirí ar shonraí ithreach mar gheall ar an dul chun cinn teicneolaíochta sin, agus go mbeidh raon níos leithne tacaíochta teicniúla ann freisin ó thaobh bainistiú ithreach inbhuanaithe, lena n‑áirítear uirlisí tacaíochta cinntí, go mbeidh fáil níos fearr ar an tacaíocht sin agus go mbeidh sí níos inacmhainne, a bhuí leis an dul chun cinn sin.

D’fhéadfadh na Ballstáit agus comhlachtaí an Aontais úsáid a bhaint as sonraí sláinte ithreach a bheadh sách gráinneach chun feabhas a chur ar fhaireachán agus anailís treochta ar thriomach agus ar bhainistiú agus athléimneacht tubaiste 17 . Chuirfí feabhas ar chosc leis na sonraí sin agus dá bhrí sin, rannchuideofaí le freagairt níos fearr ar thubaistí. Bheadh sonraí gráinneacha maidir le sláinte ithreach ina n‑acmhainn úsáideach freisin chun an beartas um maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide a chur chun feidhme, agus i ndáil le slándáil bia agus brúnna ar shláinte an duine agus ar an mbithéagsúlacht freisin.

Cuideofar leis na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an acmhainneacht ag ithreacha na seirbhísí éiceachórais líonmhara atá ríthábhachtach do shláinte an duine agus don chomhshaol araon a sholáthar ach cleachtais bhainistíochta inbhuanaithe a chur i bhfeidhm. Leis na cleachtais sin, ba cheart feabhas a chur ar shábháilteacht, sláinte agus bonneagar na bpobal agus an tslí bheatha sna limistéir máguaird a chothú, e.g. agrathurasóireacht, margaí, bonneagar, cultúr agus folláine.

Tagtar ar an gconclúid i staidéir reatha ar chleachtais shonracha ar leibhéal an aonaid feirme/talún gur mó na sochair eacnamaíocha i roinnt mhaith cásanna, agus gur mó na sochair chomhshaoil i ngach cás, ná na costais a bhaineann le bainistiú ithreach inbhuanaithe 18 . Leis an togra seo, cruthaítear an creat riachtanach chun tacú le bainisteoirí ithreach go dtí go soláthróidh bainistiú ithreach inbhuanaithe agus ithreacha sláintiúla a gcuid sochar. Is féidir coinne a bheith leis go spreagfaidh sé cur in áirithe cistí náisiúnta agus cistí an Aontais le haghaidh bainistiú ithreach inbhuanaithe, agus go spreagfaidh sé cistiú ón earnáil phríobháideach freisin ó institiúidí airgeadais, infheisteoirí agus an tionscal gaolmhar, amhail gnólachtaí próiseála bia, agus go dtacóidh sé leis an gcistiú sin. Dá bhrí sin, dhéanfadh sé iomaíochas na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an mbainistiú ithreach a chomhdhlúthú. Le Misean taighde agus nuálaíochta Fhís Eorpach dar teideal ‘Comhaontú Ithreach don Eoraip’, tacaítear le huaillmhianta an Aontais freisin maidir le bainistiú talún agus ithreach inbhuanaithe tríd an mbonn eolais a sholáthar agus réitigh a chruthú le haghaidh gníomhaíocht níos leithne i leith na sláinte ithreach.

Téitear i ngleic leis an éilliú ithreach sa togra freisin. Ní mór do na Ballstáit dul i ngleic le rioscaí do‑ghlactha do shláinte an duine agus don chomhshaol arb é an t‑éilliú ithreach is cúis leo chun cuidiú chun comhshaol a bheidh saor ó thocsainí a chruthú faoi 2050. Leis an gcur chuige rioscabhunaithe atá beartaithe, is amhlaidh a bheifear in ann caighdeáin a shocrú ar an leibhéal náisiúnta ionas gur féidir na bearta laghdaithe riosca a oiriúnú do choinníollacha a bhaineann go sonrach le suíomh. Cuirfear feabhas ar chur i bhfeidhm an phrionsabail gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as leis an togra freisin agus gríosófar tuilleadh cothroime sochaíoch trí ghníomhaíocht a spreagadh a rachaidh chun sochair do theaghlaigh faoi mhíbhuntáiste a bhfuil cónaí orthu gar do láithreáin éillithe. Leis na ceanglais maidir le láithreáin éillithe a shainaithint, imscrúdú agus measúnú a dhéanamh orthu agus iad a fheabhsú, cruthófar poist agus fostaíocht fhadtéarmach (e.g. tiocfar méadú ar an éileamh ar chomhairleoirí comhshaoil, geolaithe, innealtóirí feabhsúcháin, etc.).

Is cur chuige comhréireach de réir a chéile a bheartaítear leis an reachtaíocht chun am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit a gcóras rialachais a chur ar bun, an córas faireacháin ithreach a chur i bhfeidhm, measúnú a dhéanamh ar shláinte ithreach agus tús a chur le bearta a bhaineann le bainistiú ithreach inbhuanaithe a chur i bhfeidhm.

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Le 30 bliain anuas, tá raon substaintiúil agus leathan de bhearta comhshaoil déanta ag an Aontas a bhfuil sé d’aidhm acu feabhas a chur ar cháilíocht an chomhshaoil do shaoránaigh na hEorpa agus na coinníollacha a chruthú le haghaidh ardcháilíocht saoil. Tá forálacha éagsúla i ndlí an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair atá ábhartha maidir leis an ithir, ach tá bearna shoiléir dhoshéanta i gcreat dlíthiúil reatha an Aontais agus is é is aidhm don togra seo maidir le sláinte ithreach í a dhúnadh. Leis an togra comhlánaítear an reachtaíocht chomhshaoil atá ann cheana trí chreat comhleanúnach a sholáthar ar leibhéal an Aontais le haghaidh ithreacha. Rannchuideoidh sé freisin leis na cuspóirí a leagtar amach faoin reachtaíocht chomhshaoil atá i bhfeidhm faoi láthair.

Maidir leis an éilliú ithreach, leis an togra comhlánaítear an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha, an Creat Dramhaíola agus na Treoracha maidir le Líonadh Talún, an Treoir maidir le Dliteanas Comhshaoil agus an Treoir maidir le Coireacht Chomhshaoil trí gach cineál éillithe a chumhdach, lena n‑áirítear éilliú ithreach stairiúil. Is mór an méid a rannchuideodh sé le sláinte an duine a chosaint, ar príomhchuspóir amháin é sin atáthar a shaothrú le beartas comhshaoil an Aontais.

Tá acmhainneacht ó dhúchas ag ithreacha sláintiúla uisce a ionsú, a stóráil agus a scagadh. Dá bhrí sin, tá coinne leis go rannchuideoidh an togra le cuspóirí na Treorach Réime maidir le hUisce, na Treorach maidir le Screamhuisce, na Treorach maidir le Níotráití, agus na Treorach maidir le Caighdeáin Cáilíochta Comhshaoil, trí dhul i ngleic leis an éilliú ithreach, an creimeadh ithreach agus trí fheabhas a chur ar choinneáil uisce ithreach. Rannchuideoidh ithreacha sláintiúla le cosc a chur ar thuilte freisin, rud atá ar cheann de chuspóirí na Treorach maidir le Tuilte.

Leis na forálacha maidir le bainistiú ithreach inbhuanaithe, comhlánaítear reachtaíocht an Aontais atá ann cheana maidir leis an dúlra (Treoracha AE maidir le hÉin agus Gnáthóga) trí fheabhas a chur ar an mbithéagsúlacht (mar shampla, pailneoirí fiáine a neadaíonn in ithreacha) agus ar an aer, trí chreimeadh cáithníní ithreach a chosc. Soláthraíonn ithreacha sláintiúla an bonn don bheatha agus don bhithéagsúlacht, lena n‑áirítear gnáthóga, speicis agus géinte, agus rannchuidíonn siad le truailliú aeir a laghdú.

Ina theannta sin, leis an eolas, an fhaisnéis agus na sonraí a bhailítear faoi na ceanglais faireacháin a chumhdaítear sa togra, cuideofar chun feabhas a chur ar an measúnú ar thionchair chomhshaoil na dtionscadal, na bpleananna agus na gclár arna ndéanamh faoin Treoir maidir le Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol agus faoin Treoir maidir le Measúnú Comhshaoil Straitéiseach.

Ar deireadh, tá an togra i gcomhréir le roinnt tionscnamh eile a bhaineann le beartas comhshaoil, amhail:

–Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, lena leagtar síos spriocanna chun an dúlra a chosaint a thuilleadh san Aontas agus go háirithe an togra le haghaidh rialachán maidir le hathchóiriú an dúlra 19 (an Dlí maidir le hAthchóiriú an Dúlra (NRL)). Tá sé de sprioc ag an NRL atá beartaithe go mbeadh 20 % de thalamh agus muir an Aontais cumhdaithe faoi bhearta athchóirithe faoi 2030 agus na héiceachórais uile is gá a athchóiriú a chumhdach le bearta athchóirithe faoi 2050. Is iomaí sineirge atá ann idir an NRL atá beartaithe agus an togra seo maidir le sláinte ithreach. Dá bhrí sin, is amhlaidh a threisíonn an NRL atá beartaithe agus an togra seo a chéile.

–Leis an bPlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú, leagtar amach an fhís go laghdófar an truailliú aeir, uisce agus ithreach go leibhéil nach measfar a bheith díobhálach don tsláinte ná d’éiceachórais nádúrtha a thuilleadh faoi 2050. Tá an togra seo i gcomhréir leis na tograí a bhfuil sé d’aidhm acu athbhreithniú a dhéanamh ar phríomh‑reachtaíocht an Aontais sna hearnálacha aeir agus uisce atá ann cheana agus ar an reachtaíocht maidir le gníomhaíochtaí tionsclaíocha, an reachtaíocht sin a neartú.

–An Plean Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach, lena bhfógraítear bearta chun micreaphlaistigh a laghdú agus meastóireacht ar an Treoir maidir le Sloda Séaraigh, lena ndéantar cáilíocht an tsloda a úsáidtear sa talmhaíocht a rialáil.

–An Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht, lena aithnítear go bhfuil ceimiceáin fíor‑riachtanach le haghaidh folláine sochaí nua‑aimseartha, ach a bhfuil sé d’aidhm aici saoránaigh agus an comhshaol a chosaint ar bhealach níos fearr ar a n‑airíonna guaiseacha féideartha.

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra i gcomhréir le beartais an Aontais maidir leis an aeráid, bia agus talmhaíocht.

Is cuid ríthábhachtach den Chomhaontú Glas don Eoraip é an tionscnamh sin agus is ionstraim é chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach, amhail aeráidneodracht, dúlra agus bithéagsúlacht athléimneach, truailliú nialasach, córais bhia inbhuanaithe, sláinte agus folláine an duine.

Tá cuspóirí an togra comhlántach agus i gcomhar leis an Dlí Aeráide Eorpach 20 . Rannchuideoidh siad le cuspóirí an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide tríd an Aontas a dhéanamh níos athléimní agus leis an aidhm atá aige Eoraip aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050. Cuid fhíor‑riachtanach den ghníomhaíocht is gá chun aeráidneodracht a bhaint amach is ea carbón a stóráil san ithir. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, is amhlaidh atá gá le gníomhaíocht i réimsí líonmhara, amhail aistrithe carbóin trí bhainistiú ithreach inbhuanaithe chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a chothromú a bheidh fós ann ag deireadh conaire dícharbónaithe uaillmhianaí. Leis an togra seo freisin, rannchuideofar le cuspóirí an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, beidh an tAontas níos athléimní agus laghdófar a leochaileacht i leith an athraithe aeráide, mar shampla trí fheabhas a chur ar an acmhainneacht atá ag ithreacha uisce a choinneáil.

Tá an togra go hiomlán comhlántach agus i gcomhar leis an Rialachán maidir le hÚsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht (LULUCF) 21 , a ndearnadh athbhreithniú air le déanaí ionas go mbeadh sé oiriúnach don sprioc a bhaineann le laghdú 55 % a dhéanamh ar ghlanastaíochtaí faoi 2030. Is é is aidhm do Rialachán LULUCF athbhreithnithe 22 glanaistrithe atá coibhéiseach le 310 Mt CO2 a bhaint amach in earnáil LULUCF faoi 2030 ar leibhéal an Aontais. Don tréimhse 2026‑2029, beidh sprioc náisiúnta ceangailteach ag gach Ballstát dlús a chur le haistrithe gás ceaptha teasa de réir a chéile. Leis na cuspóirí sin, ceanglaítear ar na Ballstáit uile dlús a chur le leibhéal na huaillmhéine aeráide i leith a gcuid beartas um úsáid talún. Thairis sin, le Rialachán LULUCF, ceanglaítear ar na Ballstáit córais a chur ar bun chun faireachán a dhéanamh ar stoic charbóin na hithreach, agus coinne leis go gcuirfear maolú aeráide dúlrabhunaithe chun feidhme ar bhonn níos fearr in ithreacha. An togra seo maidir le sláinte ithreach agus Rialachán LULUCF athbhreithnithe, is amhlaidh a bheidh siad ag treisiú a chéile, ós rud é go leithlisíonn ithreacha sláintiúla níos mó carbóin agus go ndéantar bainistiú ithreacha inbhuanaithe a chur chun cinn le spriocanna LULUCF. Le faireachán ithreach níos fearr agus níos ionadaíche, cuirfear feabhas ar an bhfaireachán a dhéantar ar chur chun feidhme beartais rathúil in earnáil LULUCF freisin.

Is é is aidhm don rialachán atá beartaithe le haghaidh creat deimhniúcháin maidir le haistriú carbóin 23 cur in úsáid aistrithe carbóin ar ardchaighdeán a éascú trí chreat deimhniúcháin deonach de chuid an Aontais lena ngabhfaidh sláine ard aeráide agus comhshaoil. Is samhail ghnó nua iad aistrithe carbóin sa mhargadh carbóin deonach freisin. Tá an tionscnamh sin ríthábhachtach chun acmhainneacht na hithreach carbón a ionsú agus a stóráil a áirithiú. Os a choinne sin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí an ithir a athghiniúint chuig a dea‑shláinte chun a hacmhainneacht ionsaithe agus stórála carbóin a mhéadú agus chun creidmheasanna aistrithe carbóin a ghiniúint. Thairis sin, trí cheantair ithreach a chruthú, mar a bheartaítear faoin tionscnamh maidir le hithir, agus trí na sonraí agus an t‑eolas gaolmhar a ghiniúint, éascófar cur chun feidhme an deimhniúcháin le haghaidh aistrithe carbóin.

Ar deireadh, le deimhniú comhréireach ar ithir shláintiúil, tá coinne leis go méadófar luach an deimhnithe le haghaidh aistriú carbóin agus go dtabharfar aitheantas sóisialta agus margaidh níos fearr do bhainistiú ithreach inbhuanaithe agus do tháirgí bia agus neamhbhia gaolmhara. Leis na sochair a bhaineann le hithreacha sláintiúla agus na bearta chun é sin a bhaint amach, cuideofar chun borradh a chur faoi mhaoiniú príobháideach freisin, ós rud é gur thosaigh tionscal an bhia agus gnólachtaí eile ar chláir a chur i bhfeidhm cheana féin chun íoc as éicisheirbhísí agus chun tacú le cleachtais inbhuanaithe a bhaineann le sláinte ithreach. An tráth céanna, is dócha go méadóidh ithir a dheimhnítear mar ithir shláintiúil luach na talún, e.g. chun críoch comhthaobhachta, díola nó comharbais.

Tá an togra sin i gcomhréir leis an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc 24 a bhfuil sé d’aidhm aici laghdú 50 % ar a laghad a dhéanamh ar chaillteanais cothaitheach agus an tráth céanna a áirithiú nach dtiocfaidh aon mheathlú ar thorthúlacht ithreach. Ina theannta sin, leis an togra maidir le sláinte ithreach, rannchuideofar chun córas bia an Aontais a dhéanamh níos athléimní.

Tacaíonn an togra leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an earnáil talmhaíochta faoi CBT 25 lena rialacha nua chun feidhmíocht chomhshaoil na hearnála talmhaíochta a mhéadú, rud a léirítear i bpleananna straitéiseacha CBT 2023‑2027 26 freisin. Áirítear roinnt coinníollacha éigeantacha maidir leis an gcomhshaol agus an aeráid sa bheartas sin (dea‑bhail talmhaíochta agus chomhshaoil) nach mór d’fheirmeoirí a chomhlíonadh chun tacaíocht ioncaim CBT a fháil. Tá cuid de na coinníollacha sin nasctha le cleachtais um bainistiú ithreach (amhail cleachtais chun srian a chur leis an gcreimeadh ithreach (e.g. bainistiú curaíochta), íoschumhdach ithreach agus uainíocht barr) agus tá coinne leis go gcuideoidh siad chun sláinte ithreach a choinneáil ar bun nó a fheabhsú ar ithreacha talmhaíochta. Déantar foráil le CBT freisin maidir le tacaíocht airgeadais d’fheirmeoirí a gheallann go dtabharfaidís faoi chleachtais shonracha maidir leis an gcomhshaol agus an aeráid nó go ndéanfaidís infheistíochtaí a théann níos faide ná na coinníollacha sin. De réir na bPleananna Straitéiseacha CBT a formheasadh don tréimhse 2023‑2027, faoi 2027, tacófar le leath de limistéar talmhaíochta an Aontais a úsáidtear le haghaidh feirmeoireachta le gealltanais a théann chun tairbhe don bhainistiú ithreach chun feabhas a chur ar cháilíocht na hithreach agus ar an mbithra (amhail laghdú a dhéanamh ar churaíocht, ithirchlúdach le linn tréimhsí íogaire le barra idirmheánacha, uainíocht barr, lena n‑áirítear barra léagúmacha). Trí ghné nuálaíochta CBT a neartú, tá sé beartaithe ag na Ballstáit níos mó ná 6 600 Grúpa Oibriúcháin a chur ar bun agus tá coinne leis go dtabharfaidh thart ar 1 000 díobh sin aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le sláinte ithreach. De bharr na nasc sin, ba cheart an treoir seo a chur san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 159 de Rialachán (AE) 2021/2115, nuair a dhéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, faoin 31 Nollaig 2025, ar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán sin.

Leis an togra seo maidir le hithir, leagfar síos prionsabail um bainistiú inbhuanaithe a bheidh infheidhme maidir le hithreacha arna mbainistiú san Eoraip, lena n‑áirítear ithreacha talmhaíochta. Tabharfaidh sé an tsolúbthacht do na Ballstáit na prionsabail sin a chur i bhfeidhm mar is áil leo, agus roghnú conas iad a chomhtháthú ina bpleananna straitéiseacha CBT. Leis an togra seo freisin, soláthrófar na huirlisí chun feabhas a chur ar an bhfaireachán a dhéantar ar thionchair na n‑ionstraimí tacaíochta faoi CBT.

Tá an togra seo i gcomhréir leis an togra chun an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme (LSCF) atá ann faoi láthair a chlaochlú ina Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme (LSIF) 27 , a áirítear sa Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc. Beidh sé d’aidhm ag an LSIF nua sonraí ar leibhéal na feirme maidir le hinbhuanaitheacht a bhailiú agus rannchuidiú le feabhas a chur ar sheirbhísí comhairleacha d’fheirmeoirí agus ar thagarmharcáil feidhmíochta feirme. A luaithe a bheidh an claochlú déanta air, cuirfidh an líonra nua ar a gcumas don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar fhorbairt cleachtas sonrach agra‑chomhshaoil ar leibhéal na feirme, lena n‑áirítear cleachtais um bainistiú ithreach.

Tá an togra seo i gcomhréir le cuspóirí beartais eile an Aontais arb é is aidhm dóibh uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a bhaint amach, amhail na cinn siúd faoin togra le haghaidh Gníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla 28 a bhfuil sé d’aidhm acu soláthar slán agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú do thionscal na hEorpa, agus ba cheart é a chur chun feidhme ar an mbonn sin.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Baineann forálacha an togra seo le cosaint an chomhshaoil. Dá bhrí sin, is é is bunús dlí don togra seo Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ina leagtar amach an chaoi ar cheart Airteagal 191 den Chonradh a chur chun feidhme. Le hAirteagal 191 den Chonradh, sonraítear cuspóirí bheartas comhshaoil an Aontais:

–cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú;

–sláinte an duine a chosaint;

–acmhainní nádúrtha a úsáid ar bhealach stuama réasúnach;

–bearta a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta chun dul i ngleic le fadhbanna comhshaoil réigiúnacha nó domhanda, go háirithe chun an t‑athrú aeráide a chomhrac.

Níl aon bheart sa togra a dhéanann difear d’úsáid talún.

Ós rud é gur réimse inniúlachta comhroinnte é seo idir an tAontas agus na Ballstáit, ní mór do ghníomhaíocht an Aontais prionsabal na coimhdeachta a chomhlíonadh.

•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá údar cuí le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais i bhfianaise scála agus chineál trasteorann na faidhbe, thionchar an díghrádaithe ithreach ar fud an Aontais agus na rioscaí don chomhshaol, don gheilleagar agus don tsochaí.

Is minic a mheastar go mícheart nach bhfuil sa díghrádú ithreach ach saincheist áitiúil amháin agus gannmheastar na tionchair thrasteorann a bhaineann leis. Téann tiomántóirí agus tionchair na faidhbe thar theorainneacha tíortha agus laghdaíonn siad soláthar na n‑éicisheirbhísí i dtíortha líonmhara ó tharla go mbíonn an ithir á glanadh chun siúil ag an uisce nó á séideadh ag na gaotha. Is féidir go mbíonn éilleáin soghluaiste tríd an aer, uisce dromchla agus screamhuisce, agus féadfaidh siad bogadh thar theorainneacha agus dochar a dhéanamh do bhia.

Ar bhealaí nach bhfeictear nó nach n‑aithnítear ach go hannamh, tá ithreacha sláintiúla fíor‑riachtanach chun dul i ngleic le dúshláin shochaíocha dhomhanda. Tá ról tábhachtach ag ithreacha sna timthriallta cothaitheacha, carbóin agus uisce, agus is léir nach gcuireann teorainneacha fisiciúla ná polaitiúla srian ar na próisis sin.

Dá bhrí sin, tá gá le bearta comhordaithe ag gach Ballstát chun an fhís a bhaint amach go mbeadh na hithreacha uile sláintiúil faoi 2050, mar a leagtar amach i Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh, agus chun a áirithiú go mbeidh an acmhainneacht ag an ithir éicisheirbhísí a sholáthar ar fud an Aontais san fhadtéarma.

Mura gcuirfimid deireadh leis an leibhéal díghrádaithe ithreach atá ann faoi láthair go tapa agus mura n‑athghinfimid an ithir chuig a dea‑shláinte, is amhlaidh nach mbeidh ár gcóras bia chomh táirgiúil céanna agus go mbeidh sé níos leochailí i leith an athraithe aeráide agus ag brath ar ionchuir atá dian ar acmhainní. Tá sé feicthe go bhfuil gníomhaíocht aonair ag na Ballstáit neamh‑leordhóthanach chun an scéal a chur ina cheart, ó tharla go bhfuil an díghrádú ithreach fós ag tarlú agus ag éirí níos measa fiú.

I bhfianaise nach bhfuil ach roinnt gnéithe de shláinte ithreach cumhdaithe ag reachtaíocht an Aontais, tá gá le tuilleadh gníomhaíochta ón Aontas chun na ceanglais atá i bhfeidhm faoi láthair a chomhlánú agus chun na bearnaí sa bheartas a líonadh.

Tá an togra deartha chun na coinníollacha a chruthú le haghaidh gníomhaíochta chun ithreacha a bhainistiú go hinbhuanaithe agus chun dul i ngleic leis na costais a bhaineann leis an díghrádú ithreach. Is fearr is féidir cuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe a bhaint amach ar leibhéal an Aontais i ngeall ar an scála agus na héifeachtaí a tháirgfidh sé. Tá gá le gníomhaíocht chomhordaithe ar scála sách mór chun faireachán a dhéanamh ar ithreacha agus chun iad a bhainistiú go hinbhuanaithe chun tairbhiú de shineirgí, éifeachtacht agus gnóthachain éifeachtúlachta. Tá gá le gníomhaíocht chomhordaithe freisin chun na gealltanais maidir le sláinte ithreach a rinneadh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda araon a chomhlíonadh. Tá riosca ann nach gcomhlíonfaidh an tAontas agus na Ballstáit gealltanais idirnáisiúnta agus gealltanais an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip maidir leis an gcomhshaol, an fhorbairt inbhuanaithe agus an aeráid mura ndéanfar an ithir a chosaint mar is ceart. Ar deireadh, tá gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais fíor‑riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar shaobhadh féideartha ar an margadh inmheánach agus ar iomaíocht éagórach idir gnólachtaí, ós rud é gur ann do cheanglais chomhshaoil níos lú i roinnt Ballstát.

•Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta de bhrí nach dtéann sé thar a bhfuil gá leis chun go mbeadh na hithreacha uile san Aontas sláintiúil faoi 2050. Is treoir í an ionstraim atá beartaithe a fhágann roinnt mhaith solúbthachta ag na Ballstáit chun na bearta is fearr dóibhsean a shainaithint agus chun an cur chuige a oiriúnú do dhálaí áitiúla. Tá sé sin ríthábhachtach chun sainiúlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a chur san áireamh a mhéid a bhaineann le hinathraitheacht ithreach, úsáid talún, dálaí clíomeolaíochta agus gnéithe socheacnamaíocha.

Áirithítear leis an togra go gcomhlíonfar a chuspóirí agus ceanglais ann atá réadúil agus nach dtéann thar a bhfuil gá leis araon. Ar an gcúis sin, maidir leis an rialachas, na sásraí chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar shláinte ithreach, agus na bearta a bhfuil gá leo chun na prionsabail um bainistiú ithreach inbhuanaithe a chur chun feidhme, is amhlaidh a thugtar am leordhóthanach do na Ballstáit chun na nithe sin uile a chur i bhfeidhm de réir a chéile.

Chun a áirithiú go mbainfidh an tAontas a chuid cuspóirí amach, leagtar síos leis an togra oibleagáidí maidir le faireachán agus measúnú a dhéanamh ar shláinte ithreach agus athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart a dhéantar. Leis an measúnú tionchair, rinneadh meastóireacht ar thionchair na roghanna beartais uile agus léiríodh go bhfuil na tograí comhréireach.

•An rogha ionstraime

Tá gá le cur chuige reachtach seachas cur chuige neamhreachtach chun an cuspóir fadtéarmach a bhaineann le hithir shláintiúil san Aontas faoi 2050 a chomhlíonadh. Soláthraítear creat comhleanúnach leis an togra maidir le faireachán a dhéanamh ar ithir agus bainistiú inbhuanaithe ina leith sin. Fágann an togra roinnt mhaith solúbthachta ag na Ballstáit chun na bearta is fearr dóibhsean a shainaithint agus chun an cur chuige a oiriúnú do dhálaí áitiúla. Is fearr is féidir na cuspóirí sin a shaothrú i bhfoirm treorach. An raon leathan dálaí agus úsáidí ithreach ar fud an Aontais, agus an gá atá le solúbthacht agus coimhdeacht, ciallaíonn siad gurb í treoir an ionstraim dlí is fearr chun an cuspóir sin a chomhlíonadh.

Ceanglaítear le treoir ar na Ballstáit a cuspóirí a bhaint amach agus na bearta a chur chun feidhme ina gcórais dlí shubstaintigh agus nós imeachta náisiúnta. Mar sin féin, is mó saoirse a bhíonn ag na Ballstáit le treoracha ná mar a bhíonn le rialacháin le linn dóibh beart de chuid an Aontais a chur chun feidhme, sa mhéid go bhfágtar faoi na Ballstáit é conas na bearta a leagtar amach sa treoir a chur chun feidhme.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní bhaineann le hábhar ó tharla nach bhfuil aon reachtaíocht uile‑Aontais ann faoi láthair a bhaineann go sonrach le hithir.

Leis an meastóireacht a rinneadh ar Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais go dtí 2020 (SWD(2022)284), deimhníodh gur bagairt iad an díghrádú agus an chailliúint ithreach agus an gaineamhlú ar ghnáthóga agus speicis. Luadh ann freisin go bhfuil réitigh dhúlrabhunaithe fíor‑riachtanach chun cuidiú chun astaíochtaí a laghdú agus chun oiriúnú a dhéanamh d’aeráid atá ag athrú.

•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

D’eagraigh an Coimisiún glao ar fhianaise maidir le sláinte ithreach idir an 16 Feabhra 2022 agus an 16 Márta 2022 agus fuarthas 189 bhfreagra.

Idir an 1 Lúnasa 2022 agus an 24 Deireadh Fómhair 2022, d’eagraigh an Coimisiún comhairliúchán poiblí ar líne i ndáil leis an Dlí maidir le Sláinte Ithreach a d’fhéadfadh a bheith ann i dtaobh ithreacha a chosaint, a bhainistiú go hinbhuanaithe agus a athchóiriú. Fuair sé 5 782 fhreagra.

Ó bhí 2015 ann, tá idirphlé oscailte á choinneáil ar bun ag an gCoimisiún leis na Ballstáit trí shainghrúpa de chuid an Aontais um chosaint ithreach. Ba ghnách leis an sainghrúpa teacht le chéile dhá uair sa bhliain ach tionóladh ocht n‑uaire in 2022 é chun gnéithe éagsúla den Dlí maidir le Sláinte Ithreach a phlé bunaithe ar pháipéir oibre théamacha arna n‑ullmhú ag an gCoimisiún. I mí Dheireadh Fómhair 2022, leathnaíodh an sainghrúpa chun grúpaí páirtithe leasmhara nach Ballstáit iad a chuimsiú. Tháinig an sainghrúpa le chéile dhá uair faoina chomhdhéanamh nua an 4 Deireadh Fómhair 2022 agus an 7 Feabhra 2023 agus phléigh sé an Dlí maidir le hIthir le linn na gcruinnithe sin.

D’eagraigh an Coimisiún agallaimh freisin agus sheol sé ceistneoirí spriocdhírithe chun tuairimí na saineolaithe a fháil maidir le costais, indéantacht agus tionchair beart áirithe. Bhailigh sé na freagraí idir an 14 agus an 28 Samhain 2022.

Cuirtear tuarascáil achoimre ar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin uile i gceangal leis an measúnú tionchair (Iarscríbhinn 2). Tugtar tuairisc inti ar straitéis agus modh an aiseolais a fuarthas agus tugtar forbhreathnú air. Chuir an Coimisiún tuairimí na bpáirtithe leasmhara san áireamh ina n‑iomláine le linn dó na roghanna beartais éagsúla a chur i gcomparáid (féach Iarscríbhinn 10 a ghabhann leis an measúnú tionchair).

•Saineolas a bhailiú agus a úsáid

Bhain an Coimisiún leas as saineolas an tsainghrúpa de chuid an Aontais um chosaint ithreach go substaintiúil, a phléigh páipéir théamacha éagsúla arna n‑ullmhú ag an gCoimisiún, agus as an saineolas taighde inmheánach arna fhorbairt ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde.

Bhain an Coimisiún leas as na sonraí agus an t‑eolas a bhí ar fáil go poiblí ó eagraíochtaí inniúla freisin, amhail EBT, EEA, IPBES agus Comhairle Chomhairleach Eolaíochta na nAcadamh Eorpach. Bhailigh sé tuilleadh saineolais trí chonarthaí seirbhíse agus tionscadail arna gcistiú ag an Aontas, go háirithe faoi chláir Fhís.

•Measúnú tionchair

Tá an togra bunaithe ar mheasúnú tionchair. Tar éis na saincheisteanna a cuireadh in iúl i dtuairim dhiúltach an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála an 17 Feabhra 2023 a réiteach, fuair an dréachtmheasúnú tionchair tuairim dhearfach an 28 Aibreán 2023, ach bhí roinnt agús léi. D’éiligh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála go háirithe go ndéanfaí inneachar agus indéantacht na roghanna a shoiléiriú, na rioscaí a léiriú dá mba rud é nach mbainfí amach an cuspóir maidir le hithreacha sláintiúla ar fud an Aontais faoi 2050, an anailís ar na tionchair a bheadh ann ar an iomaíochas a mhion‑difreáil agus tuilleadh soiléireachta a sholáthar maidir le tuairimí na mBallstát.

Sa mheasúnú tionchair, tugadh tuairisc ar na roghanna beartais trí úsáid a bhaint as cúig phríomhbhloc tógála:

(1) sainmhíniú ar shláinte ithreach agus bunú na gceantar ithreach,

(2) faireachán a dhéanamh ar shláinte ithreach,

(3) bainistiú ithreach inbhuanaithe,

(4) sainaithint, clárú, imscrúdú agus measúnú a dhéanamh ar láithreáin éillithe,

(5) sláinte ithreach a athchóiriú (a athghiniúint) agus láithreáin éillithe a fheabhsú.

Dearadh roghanna do gach ceann de na cúig bhloc tógála, trí sholúbthacht agus comhchuibhiú a mhodhnú go céimeanna éagsúla a chomhfhreagraíonn do réitigh fhiúntacha fhéideartha. Dearadh rogha amháin chun an leibhéal solúbthachta is airde a thabhairt do na Ballstáit, ceann eile don leibhéal comhchuibhithe is airde agus leis an tríú ceann, tugtar leibhéal idirmheánach comhchuibhithe agus solúbthachta. Cás faireacháin amháin is ea Rogha 1 gan bearta um bainistiú, athghiniúint agus feabhsúchán ithreach inbhuanaithe, ach fuarthas réidh léi go luath toisc gur measadh go raibh sí neamh‑leordhóthanach chun na cuspóirí a bhaint amach agus ionchais na bpáirtithe leasmhara a chomhlíonadh.

Leis an rogha beartais ab fhearr, tugadh na roghanna is éifeachtaí, is éifeachtúla agus is comhleanúnaí ó thaobh beartais de arna roghnú as gach bloc tógála le chéile. I gcás na mbloc tógála uile, seachas i gcás láithreáin éillithe a fheabhsú, roghnaíodh Rogha 3 lena soláthraítear leibhéal idirmheánach solúbthachta agus comhchuibhithe (agus Rogha 2 atá an‑solúbtha le haghaidh feabhsúcháin). An rogha beartais ab fhearr a d’eascair as an measúnú tionchair, bhí sí bunaithe ar chur chuige céimnithe lena dtabharfaí an t‑am do na Ballstáit sásraí a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar riocht na n‑ithreacha ar dtús agus cinneadh a dhéanamh ansin maidir leis na bearta athghiniúna a mbeadh gá leo a luaithe a bheadh na conclúidí le fáil.

Dearadh an rogha beartais ab fhearr chun dul i ngleic leis na costais a bhaineann leis an díghrádú ithreach, go háirithe na héicisheirbhísí a chailltear dá bharr. D’áiritheofaí léi go mbainfeadh an tAontas a chuspóirí beartais amach, amhail ithreacha sláintiúla agus an uaillmhian i leith truailliú nialasach faoi 2050, ar bhealach costéifeachtúil. Faightear an chuid is mó de na tairbhí trí chostais a sheachaint ach dul i ngleic leis an díghrádú ithreach. Baineann na costais is airde le bearta um bainistiú ithreach inbhuanaithe agus athghiniúint a chur chun feidhme. Measadh go mbeadh thart ar EUR 74 bhilliún de thairbhí ann in aghaidh na bliana a bhuí leis an tionscnamh. Bheadh na costais iomlána idir EUR 28-38 mbilliún in aghaidh na bliana. I gcás láithreáin éillithe, táthar thar a bheith éiginnte faoin gcostas bliantúil. Meastar gur EUR 1.9 billiún a bheidh i gceist chun láithreáin éillithe a shainaithint agus imscrúdú a dhéanamh orthu agus go mbeidh EUR 1 bhilliún in aghaidh na bliana i gceist chun láithreáin éillithe a fheabhsú.

Cé nárbh fhéidir na tionchair uile a chainníochtú agus a luacháil, measadh gurb é 1.7 cóimheas tairbhe‑costas na rogha beartais ab fhearr, ar cóimheas coimeádach agus stuama é. Ceanglaítear ar na Ballstáit léi freisin rannpháirtíocht an phobail a áirithiú, go háirithe ó bhainisteoirí ithreach, feirmeoirí agus foraoiseoirí.

Leis an aistriú chuig bainistiú ithreach inbhuanaithe, ceanglaítear go mbainfeadh infheistíochtaí na tairbhí fadtéarmacha as ithreacha sláintiúla don chomhshaol, don gheilleagar agus don tsochaí. Chun an rogha beartais ab fhearr a chur chun feidhme go rathúil, ní mór leas a bhaint as foinsí éagsúla cistiúcháin ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Dá bhrí sin, foilsítear an togra seo in éineacht le Doiciméad Inmheánach Oibre lena dtugtar forbhreathnú ar na deiseanna cistiúcháin atá le fáil faoi bhuiséad ilbhliantúil 2021‑2027 an Aontais chun ithreacha a chosaint, a bhainistiú go inbhuanaithe agus a athghiniúint. Leanann na Ballstáit d’eolas, taithí agus saineolais a roinnt ar ardáin idirnasctha éagsúla de chuid an Aontais a bhaineann le sláinte ithreach freisin.

Comhfhreagraíonn an togra don rogha beartais ab fhearr le haghaidh na mbloc tógála uile seachas an bloc tógála maidir le hathchóiriú ithreach. Níl an togra chomh dian céanna i dtéarmaí athghiniúint ithreach agus atá an rogha beartais ab fhearr atá sa mheasúnú tionchair chun srian a chur leis an ualach a chuirtear ar na Ballstáit, úinéirí talún agus bainisteoirí talún. Go háirithe, leis an togra ní cheanglaítear ar na Ballstáit aon chlár nua um bearta ná aon phlean um sláinte ithreach a chruthú. Mar sin féin, ós rud é go bhféadfadh riosca méadaithe a bheith i gceist leis an gcur chuige sin nach mbainfear amach an cuspóir maidir le hithreacha sláintiúla faoi 2050, tá sé beartaithe go ndéanfaidh an Coimisiún anailís ar an ngá atá le ceanglais níos sonraí a leagan síos chun ithreacha míshláintiúla a athchóiriú/a athghiniúint faoi 2050 i gcomhthéacs luath‑mheastóireachta ar an treoir a sceidealaítear le haghaidh 6 bliana tar éis di teacht i bhfeidhm. Beidh an anailís sin bunaithe ar mhalartuithe leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara, agus cuirfear san áireamh inti conclúidí an mheasúnaithe ar shláinte ithreach, an dul chun cinn maidir le bainistiú ithreach inbhuanaithe agus dul chun cinn an eolais maidir leis na critéir le haghaidh na dtuairisceoirí ar shláinte ithreach.

•Oiriúnacht rialála agus simpliú

I measc na n‑earnálacha gnó a bhfuil coinne leis go ndéanfaidh an tionscnamh difear dóibh, tá talmhaíocht, foraoiseacht agus na seirbhísí leathnaithe gaolmhara, gníomhaíochtaí gnó a d’éilligh an ithir, gníomhaíochtaí gnó a bhaineann le láithreáin éillithe a fheabhsú, taighde agus saotharlanna. Déanann an díghrádú ithreach dochar dá dtáirgiúlacht agus dá n‑iomaíochas. Ní thugtar a luach saothair do ghníomhaíochtaí a dhéantar chun aghaidh a thabhairt ar an díghrádú, agus bíonn tionchar aige sin ar chothrom na Féinne.

Cruthófar roinnt deiseanna fáis agus nuálaíochta ach an togra a chur chun feidhme, lena n‑áirítear deiseanna le haghaidh FBManna an Aontais, maidir le cleachtais inbhuanaithe um bainistiú ithreach a dhearadh agus a chur i bhfeidhm, agus imscrúdú agus feabhsú a dhéanamh ar ithreacha éillithe araon. Ina theannta sin, tá coinne leis go gcruthófar deiseanna do lucht taighde agus forbartha agus don ghnó ach córas faireacháin ithreach a chur ar bun chun teicneolaíochtaí agus nuálaíochtaí nua a fhorbairt d’fhonn faireachán agus measúnú a dhéanamh ar shláinte ithreach.

Chun an t‑ualach riaracháin a laghdú a thuilleadh, leis an togra ní cheanglaítear ar na Ballstáit aon chlár nua um bearta a chruthú don bhainistiú ithreach inbhuanaithe ná don athghiniúint. Ina theannta sin, baineann sé leas as réitigh dhigiteacha agus chianbhraiteachta a oiread agus is féidir. Ní thuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún ach gach 5 bliana agus tá an tuairisciú teoranta don fhaisnéis a bhfuil gá ag an gCoimisiún léi chun a ról a chomhlíonadh maidir le formhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na treorach, meastóireacht a dhéanamh uirthi agus tuairisciú d’institiúidí eile de chuid an Aontais Eorpaigh.

•Cearta bunúsacha

Leis an treoir atá beartaithe, urramaítear cearta bunúsacha agus na prionsabail a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais. Leis an togra, leagtar síos bearta chun ithreacha sláintiúla a bhaint amach faoi 2050 agus chun a áirithiú go laghdófar an t‑éilliú ithreach chuig leibhéil nach meastar a thuilleadh a bheith díobhálach do shláinte an duine agus don chomhshaol. Soláthróidh sé sin cosaint do phobail atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus eacnamaíoch a bhfuil cónaí orthu ar shuíomhanna éillithe nó gar dóibh. Féachtar leis an togra leibhéal ard cosanta comhshaoil a chomhtháthú i mbeartais an Aontais agus feabhas a chur ar cháilíocht an chomhshaoil, i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe a leagtar síos in Airteagal 37 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Cuirtear i dtéarmaí coincréiteacha leis freisin an oibleagáid maidir leis an gceart chun na beatha a chosaint mar a leagtar síos in Airteagal 2 den Chairt.

Leis an togra, rannchuidítear leis an gceart chun leighis éifeachtaigh os comhair binse, mar a leagtar síos in Airteagal 47 den Chairt, ina bhfuil forálacha mionsonraithe maidir le rochtain ar cheartas agus pionóis.

Ní rialaítear úsáid na maoine leis an togra agus urramaítear an ceart maoine a leagtar síos in Airteagal 17 den Chairt. Mar sin féin, chun na hoibleagáidí a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar shláinte ithreach a chomhlíonadh (i dtaobh samplaí ithreach a thógáil), d’fhéadfadh sé nár mhór do na húdaráis inniúla sna Ballstáit a cheangal ar úinéirí talún an ceart a thabhairt dóibh chun rochtain a fháil ar a gcuid maoine i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal freisin go gcuirfeadh úinéirí talún bearta chun feidhme chun an ithir a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Beidh impleachtaí buiséadacha ag an togra le haghaidh an Choimisiúin i dtéarmaí na n‑acmhainní daonna agus riaracháin a mbeidh gá leo.

Tiocfar méadú ar ualach oibre cur chun feidhme agus forfheidhmiúcháin an Choimisiúin de thoradh an tionscnaimh nua sin, lena leagtar síos creat nua maidir le faireachán agus measúnú ithreach, bainistiú inbhuanaithe agus athghiniúint. Beidh ar an gCoimisiún coiste nua a bhainistiú agus iomláine agus comhlíonadh na mbeart trasuímh a fhíorú. Beidh air freisin faireachán agus anailís a dhéanamh ar na sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh agus treoraíocht a sholáthar i gcás inar gá.

Cuirfidh an Coimisiún dlús leis an ngníomhaíocht maidir le faireachán ithreach a chur chun feidhme agus a chomhtháthú. Lorgóidh sé tacaíocht ón bpobal eolaíoch agus tacaíocht á fáil ón Airmheán Comhpháirteach Taighde agus trí thionscadail arna gcistiú ag an Aontas a sheoladh.

Cruthóidh an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil bonneagar nua chun anailísí a thuairisciú, chun tacú le beartais maidir le cosaint ithreach agus don obair a bhfuil gá léi chun sonraí ithreach a chomhtháthú le réimsí beartais eile. Lorgófar sineirgí le cúraimí eile. Déanfar gá a d’fhéadfadh a bheith ann le mion‑atreisiú a ghrúpáil le chéile i Ráiteas Airgeadais Reachtach ar thogra dlí atá le teacht.

Léirítear sa ráiteas airgeadais atá i gceangal leis seo na himpleachtaí buiséadacha agus na hacmhainní daonna agus riaracháin is gá.

5.EILIMINTÍ EILE

•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tar éis don treoir atá beartaithe teacht i bhfeidhm, beidh uastréimhse 2 bhliain ag na Ballstáit chun na bearta is gá chun an treoir a thrasuí a ghlacadh agus chun fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na bearta sin.

Fíoróidh an Coimisiún iomláine na mbeart trasuite a dtugann na Ballstáit fógra ina leith agus comhlíonadh na mbeart sin bunaithe ar dhoiciméid mhíniúcháin lena mínítear an ghaolmhaireacht idir comhpháirteanna den treoir agus páirteanna comhfhreagracha na n‑ionstraimí trasuite náisiúnta.

Tá roinnt forálacha sa togra lena rialaítear na socruithe faireacháin. Cuirtear creat comhleanúnach um fhaireachán ithreach i bhfeidhm leis chun sonraí a sholáthar maidir le sláinte ithreach sna Ballstáit uile agus le haghaidh na n‑ithreacha uile. Cuirfear na sonraí sin ar fáil go poiblí i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme.

Leis an gclár de na láithreáin éillithe agus de na suíomhanna a d’fhéadfadh a bheith éillithe, cuirfear ar a gcumas don Choimisiún agus do shaoránaigh, do ENRanna agus do pháirtithe leasmhara eile faireachán a dhéanamh ar na hoibleagáidí maidir le héilliú ithreach.

Leagtar amach forálacha tuairiscithe leis an togra freisin. Tá sé de cheangal ar na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún ar líon teoranta saincheisteanna gach 5 bliana.

Déantar foráil sa togra maidir le meastóireacht ar an treoir a bheidh bunaithe ar an bhfaisnéis arna tuairisciú ag na Ballstáit agus ar aon fhaisnéis eile a bheidh le fáil. Beidh an mheastóireacht ina bunús chun athbhreithniú a dhéanamh ar an treoir. Tarchuirfear príomhthorthaí na meastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún.

Tá forálacha sa togra freisin chun na rialacha a oiriúnú i gcomhréir le dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

•Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Déantar tagairt leis an treoir atá beartaithe do dhlí an chomhshaoil agus tá sé d’aidhm aici sláinte ithreach a rialáil ar leibhéal an Aontais agus an tráth céanna, leibhéal leathan solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit maidir le conas na cuspóirí a bhaint amach. Níl aon reachtaíocht tiomnaithe de chuid an Aontais ann faoi láthair maidir le hithir agus tá coincheapa agus oibleagáidí nua sa treoir atá beartaithe maidir le hithreacha a dhéanfaidh difear d’údaráis phoiblí agus do pháirtithe leasmhara sna hearnálacha talmhaíochta, foraoiseachta agus tionsclaíochta go príomha.

D’fhéadfadh sé go n‑úsáidfeadh na Ballstáit ionstraimí éagsúla dlí chun an treoir a thrasuí agus go mbeadh orthu na forálacha náisiúnta atá ann cheana a leasú. Is dócha go ndéanfar difear le cur chun feidhme na treorach ní amháin don leibhéal reachtaíochta lárnach/náisiúnta sna Ballstáit ach do leibhéil éagsúla reachtaíochta réigiúnaí agus áitiúla freisin. Dá bhrí sin, le doiciméid mhíniúcháin, cabhrófar leis an bpróiseas chun an trasuí a fhíorú agus cuideofar chun an t‑ualach riaracháin ar an gCoimisiún i dtaobh faireachán ar chomhlíonadh a laghdú. Gan iad sin, bheadh gá le hacmhainní suntasacha agus le go leor teagmhálacha leis na húdaráis náisiúnta chun na modhanna trasuímh a rianú i ngach Ballstát.

Sa chomhthéacs sin, tá sé comhréireach iarraidh ar na Ballstáit an t‑ualach a bhaineann le doiciméid mhíniúcháin a sholáthar a iompar d’fhonn an Coimisiún a ullmhú chun formhaoirseacht a dhéanamh ar thrasuí na treorach atá beartaithe, rud atá lárnach don Chomhaontú Glas don Eoraip. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt faoi bhearta trasuite mar aon le doiciméad amháin nó níos mó lena míneofar conas atá comhpháirteanna na treorach nasctha leis na codanna comhfhreagracha de na hionstraimí trasuite náisiúnta. Tá sé sin i gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin.

•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Le hAirteagal 1, leagtar amach cuspóir uileghabhálach na treorach, is é sin creat faireacháin comhleanúnach le haghaidh ithreacha a chur i bhfeidhm lena soláthrófar sonraí maidir le sláinte ithreach sna Ballstáit uile agus a áirithiú go mbeidh ithreacha an Aontais i riocht sláintiúil faoi 2050 ar a dhéanaí, ionas gur féidir leo seirbhísí líonmhara a sholáthar ar scála a bheidh leordhóthanach chun riachtanais chomhshaoil, shochaíocha agus eacnamaíocha a chomhlíonadh, agus truailliú ithreach a laghdú go leibhéil nach meastar a bheith díobhálach a thuilleadh do shláinte an duine. Leis an treoir seo, rannchuidítear le tionchair an athraithe aeráide a chosc agus a mhaolú, le hathléimneacht in aghaidh tubaistí nádúrtha a mhéadú agus le slándáil bia a áirithiú.

Le hAirteagal 2, leagtar amach raon feidhme críochach na treorach atá infheidhme maidir leis an ithir uile san Aontas.

Le hAirteagal 3, soláthraítear sainmhínithe.

Le hAirteagail 4 agus 5, leagtar amach na ceanglais rialachais. Le hAirteagal 4, luaitear nach mór do na Ballstáit ceantair ithreacha a bhunú ar fud a gcríche chun na hithreacha agus ceanglais na Treorach a bhainistiú. Le hAirteagal 4, leagtar síos critéir freisin a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid le linn dóibh na ceantair ithreach sin a bhunú. Le hAirteagal 5, ceanglaítear ar na Ballstáit na húdaráis a cheapadh a mbeidh de chúram orthu na hoibleagáidí a leagtar amach sa treoir a chomhlíonadh.

Le hAirteagal 6, tugtar tuairisc ar an gcreat faireacháin foriomlán bunaithe ar na ceantair ithreach, chun a áirithiú go ndéantar faireachán tráthrialta ar shláinte ithreach. Tugtar tuairisc ann freisin ar an gcaoi ar féidir leis an gCoimisiún tacú leis an ngníomhaíocht a dhéanann na Ballstáit maidir le faireachán ar shláinte ithreach.

Le hAirteagal 7, leagtar síos na tuairisceoirí ithreach agus na critéir chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar shláinte ithreach. Sonraítear leis gurb iad na Ballstáit a bhunóidh critéir áirithe.

Le hAirteagal 8, luaitear nach mór do na Ballstáit tomhais thráthrialta a dhéanamh ar ithreacha. Leagtar síos modheolaíochtaí leis freisin chun na pointí samplála a shainaithint agus chun na tuairisceoirí ithreach a thomhas.

Le hAirteagal 9, ceanglaítear ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar shláinte ithreach bunaithe ar thomhais thráthrialta ar ithreacha chun a shuíomh cé acu atá nó nach bhfuil na hithreacha sláintiúil.

Le hAirteagal 10, leagtar síos prionsabail um bainistiú ithreach inbhuanaithe a bhfuil sé d’aidhm acu sláinte ithreach a choinneáil ar bun nó a fheabhsú.

Le hAirteagal 11, déantar foráil maidir le prionsabail mhaolaithe nach mór do na Ballstáit a leanúint i gcás tógáil talún.

Le hAirteagal 12, leagtar síos oibleagáid uileghabhálach maidir le cur chuige rioscabhunaithe a ghlacadh chun suíomhanna a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint agus imscrúdú a dhéanamh orthu agus chun láithreáin éillithe a bhainistiú.

Le hAirteagal 13, éilítear go sainaithneofaí gach suíomh a d’fhéadfadh a bheith éillithe agus le hAirteagal 14, éilítear go ndéanfaí imscrúdú ar na suíomhanna sin chun láithreacht éillithe a shuíomh.

Tá oibleagáidí in Airteagal 15 maidir le láithreáin éillithe a bhainistiú. Leagtar amach ann nach mór do na Ballstáit measúnú riosca a dhéanamh a bhainfeadh go sonrach leis an suíomh chun a dhéanamh amach cé acu atá nó nach bhfuil rioscaí do‑ghlactha i gceist leis an suíomh éillithe do shláinte an duine nó don chomhshaol agus na bearta laghdaithe riosca is iomchuí a dhéanamh.

Le hAirteagal 16, ceanglaítear ar na Ballstáit clár de shuíomhanna éillithe agus de shuíomhanna a d’fhéadfadh a bheith éillithe a tharraingt suas. Luaitear ann nach mór an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a bheith sa chlár agus nach mór é a bheith inrochtana don phobal agus cothrom le dáta.

Tá forálacha in Airteagal 17 a bhaineann le maoiniú ón Aontas.

Tá ceanglais tuairiscithe in Airteagal 18. Luaitear ann nach mór do na Ballstáit sonraí agus faisnéis a thuairisciú don Choimisiún go tráthrialta i bhformáid leictreonach.

Le hAirteagal 19, déantar foráil maidir le rochtain ar fhaisnéis chun trédhearcacht a mhéadú.

Leagtar amach in Airteagal 20 na coinníollacha ina bhféadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Leagtar amach in Airteagal 21 na coinníollacha ina bhféadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh (Nós imeachta coiste).

Tá ceanglais in Airteagal 22 lena rialaítear rochtain ar cheartas.

Le hAirteagal 23, ceanglaítear ar na Ballstáit na rialacha a leagan síos maidir le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh faoin treoir. Ní mór na pionóis a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Déantar foráil in Airteagal 24 maidir le meastóireacht ar an treoir.

Tá ceanglais in Airteagal 25 maidir leis an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta.

Le hAirteagal 26, déantar foráil maidir le teacht i bhfeidhm na treorach seo.

Le hAirteagal 27, sonraítear gur chuig na Ballstáit a dhírítear an treoir.

2023/0232 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Faireachán Ithreach agus Athléimneacht Ithreach (an Dlí maidir le Faireachán Ithreach)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 29 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 30 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is acmhainn ríthábhachtach theoranta neamh‑inathnuaite í an ithir nach féidir a athsholáthar agus atá ríthábhachtach don gheilleagar, don chomhshaol agus don tsochaí.

(2)Bíonn riocht maith ceimiceach, bitheolaíoch agus fisiceach ar ithreacha sláintiúla ionas gur féidir leo éicisheirbhísí atá ríthábhachtach don duine agus don chomhshaol a sholáthar, amhail bia sábháilte, cothaitheach agus leordhóthanach, bithmhais, uisce glan, timthriall cothaitheach, stóráil carbóin agus gnáthóg le haghaidh na bithéagsúlachta. Mar sin féin, is amhlaidh atá meath tagtha ar idir 60 agus 70 % d’ithreacha an Aontais agus tá siad ag dul in olcas i gcónaí.

(3)Bíonn na billiúin euro le híoc ag an Aontas gach bliain de thoradh an díghrádaithe ithreach. Tá tionchar á imirt ag sláinte ithreach ar sholáthar na n‑éicisheirbhísí ag a mbíonn toradh eacnamaíoch tábhachtach. Dá bhrí sin, tá ciall fhónta eacnamaíoch le bainistiú inbhuanaithe agus athghiniúint ithreacha agus féadann siad praghas agus luach na talún san Aontas a mhéadú go mór.

(4)Leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip 31 treochlár uaillmhianach chun an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil ag a bhfuil geilleagar nua-aimseartha iomaíoch atá tíosach ar acmhainní, a bhfuil sé d’aidhm aige caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint. Mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip, ghlac an Coimisiún Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 32 , an Straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’ 33 , an Plean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú 34 , Straitéis an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú don athrú aeráide 35 agus Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh 36 .

(5)Tá an tAontas tiomanta do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus dá Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) 37 . Rannchuidíonn ithreacha sláintiúla go díreach le baint amach SDGanna éagsúla, go háirithe SDG 2 (díothú an ocrais), SDG 3 (sláinte mhaith agus dea‑bhail), SDG 6 (uisce glan agus sláintíocht), SDG 11 (cathracha agus pobail inbhuanaithe), SDG 12 (patrún freagrach tomhaltais agus táirgeachta), SDG 13 (gníomhaíocht ar son na haeráide) agus SDG 15 (beathra ar talamh). Tá sé d’aidhm ag SDG 15.3 an gaineamhlú a chomhrac, talamh agus ithir dhíghrádaithe a athchóiriú, lena n‑áirítear talamh atá buailte ag an ngaineamhlú, an triomach agus tuilte, agus gach iarracht a dhéanamh domhan neodrach ó thaobh díghrádú talún a bhaint amach faoi 2030.

(6)An tAontas agus na Ballstáit, mar pháirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, arna fhormheas le Cinneadh 93/626/CEE ón gComhairle 38 , chomhaontaigh siad ag an 15ú Comhdháil de na Páirtithe ar ‘Chreat Domhanda Bithéagsúlachta iar‑2020’ 39 a chuimsítear ann roinnt spriocanna domhanda atá dírithe ar ghníomhaíochtaí le haghaidh 2030 atá ábhartha maidir le sláinte ithreach. An méid a rannchuidíonn an dúlra le daoine, lena n‑áirítear sláinte ithreach, ba cheart é sin a athchóiriú, a choinneáil ar bun agus a fheabhsú.

(7)An tAontas agus na Ballstáit, mar Pháirtithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an gaineamhlú a chomhrac, arna fhormheas le Cinneadh 98/216/CE ón gComhairle 40 , thug siad gealltanas an gaineamhlú a chomhrac agus éifeachtaí an triomaigh a mhaolú sna tíortha atá thíos leo. Tá sé dearbhaithe ag 13 Bhallstát 41 gur páirtithe iad atá thíos leis an ngaineamhlú faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an gaineamhlú a chomhrac.

(8)I gcomhthéacs Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), meastar gur foinse charbóin agus linn charbóin iad an talamh agus an ithir go comhuaineach. An tAontas agus na Ballstáit mar pháirtithe, thug siad gealltanas bainistiú inbhuanaithe, caomhnú agus feabhsú linnte carbóin agus taiscumar carbóin a chur chun cinn.

(9)Luaitear i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 go bhfuil sé fíor‑riachtanach dlús a chur le hiarrachtaí torthúlacht ithreach a chosaint, creimeadh ithreach a laghdú agus ábhar orgánach san ithir a mhéadú trí chleachtais inbhuanaithe um bainistiú ithreach a ghlacadh. Luaitear inti freisin go bhfuil gá le dul chun cinn mór i dtaobh láithreáin ina bhfuil ithir éillithe a shainaithint, ithreacha díghrádaithe a athchóiriú, na coinníollacha le haghaidh stádas maith éiceolaíoch ithreacha a shainiú, cuspóirí athchóirithe a thabhairt isteach agus feabhas a chur ar an bhfaireachán ar shláinte ithreach.

(10)Le Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh, leagtar síos an fhís fhadtéarmach go mbeidh éiceachórais ithreach uile an Aontais i riocht sláintiúil faoi 2050 agus go mbeidh siad níos athléimní dá réir. Mar phríomhréiteach, rannchuidíonn ithreacha sláintiúla le haghaidh a thabhairt ar spriocanna an Aontais mar atá aeráidneodracht a bhaint amach agus a bheith níos athléimní in aghaidh an athraithe aeráide, geilleagar nó bithgheilleagar glan agus ciorclach a fhorbairt, an chailliúint bithéagsúlachta a aisiompú, sláinte an duine a chosaint, an gaineamhlú a stopadh agus an díghrádú talún a aisiompú.

(11)Tá cistiú ríthábhachtach chun gur féidir aistriú chuig ithreacha sláintiúla. Leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, cuirtear i láthair roinnt deiseanna cistiúcháin atá le fáil chun ithreacha a chosaint, a bhainistiú go hinbhuanaithe agus a athghiniúint. Tá ‘Comhaontú Ithreach don Eoraip’ ar cheann de na cúig mhisean de chuid an Aontais atá sa chlár Fís Eorpach agus tá sé tiomnaithe go sonrach do shláinte ithreach a chur chun cinn. Is príomhionstraim atá sa Mhisean Ithreach chun an Treoir seo a chur chun feidhme. Tá sé d’aidhm aige an t‑aistriú chuig ithreacha sláintiúla a threorú trí chlár uaillmhianach taighde agus nuálaíochta a chistiú, líonra de 100 saotharlann bheo agus teach solais a bhunú i limistéir thuaithe agus uirbeacha, forbairt creata chomhchuibhithe um fhaireachán ithreach a chur chun cinn agus feasacht a mhéadú ar thábhacht na hithreach. I measc chláir eile an Aontais lena gcuirtear i láthair cuspóirí a rannchuidíonn le hithreacha sláintiúla, tá an Comhbheartas Talmhaíochta, cistí an Bheartais Chomhtháthaithe, an Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide, clár oibre Fhís Eorpach, an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus InvestEU.

(12)Le Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh, fógraíodh go ndéanfadh an Coimisiún togra reachtach maidir le sláinte ithreach a thabhairt i láthair chun cuspóirí na Straitéise Ithreach a chumasú agus chun dea‑shláinte ithreach a bhaint amach ar fud an Aontais faoi 2050. Sa rún uaithi an 28 Aibreán 2021 maidir le cosaint ithreach 42 , chuir Parlaimint na hEorpa i dtábhacht a thábhachtaí atá sé an ithir a chosaint agus ithreacha sláintiúla a chur chun cinn san Aontas, agus é á chur san áireamh gur ann don díghrádú i gcónaí, d’ainneoin na gníomhaíochta teoranta agus éagothroime atá á déanamh i roinnt Ballstát. D’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún comhchreat dlíthiúil uile‑Aontais a dhearadh, agus lánurraim á tabhair do phrionsabal na coimhdeachta, maidir le hithir a chosaint agus a úsáid go hinbhuanaithe, agus aghaidh á tabhairt ar gach mórbhagairt ithreach.

(13)Sna conclúidí uaithi an 23 Deireadh Fómhair 2020 43 , thacaigh an Chomhairle leis an gCoimisiún agus dlús á chur le hiarrachtaí ithreacha agus bithéagsúlacht ithreach a chosaint ar bhealach níos fearr, mar acmhainn neamh‑inathnuaite ríthábhachtach.

(14)Le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 44 leagtar amach cuspóir ceangailteach maidir le haeráidneodracht san Aontas faoi 2050, agus astaíochtaí diúltacha ina dhiaidh sin, agus tús áite a thabhairt do laghduithe tapa intuartha ar astaíochtaí agus, an tráth céanna, feabhas a chur ar aistrithe trí linnte nádúrtha. De thoradh bainistiú ithreach inbhuanaithe, is amhlaidh is mó an ceapadh carbóin san ithir agus i bhformhór na gcásanna, bíonn comhthairbhí i gceist d’éiceachórais agus don bhithéagsúlacht. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Timthriallta Carbóin Inbhuanaithe 45 , cuireadh i dtábhacht, maidir leis na gníomhaíochtaí nach bhfuil amhras ach go n‑aistríonn siad carbón as an atmaisféar, an gá atá leis na gníomhaíochtaí sin a shainaithint go soiléir agus go trédhearcach, amhail creat de chuid an Aontais a fhorbairt chun aistrithe carbóin ó éiceachórais nádúrtha, lena n‑áirítear ithreacha, a dheimhniú. Thairis sin, leis an Rialachán athbhreithnithe maidir le hÚsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht, ní hamháin go gcuirtear an carbón ithreach chun tosaigh chun spriocanna a bhaint amach ar an mbealach chuig Eoraip aeráidneodrach, ach iarrtar ar na Ballstáit córas a ullmhú freisin chun faireachán a dhéanamh ar stoic carbóin na hithreach, agus úsáid á baint, inter alia, as tacar sonraí an tSuirbhé staidrimh fráma limistéir ar chumhdach/úsáid talún (LUCAS).

(15)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hoiriúnú don athrú aeráide 46 , cuireadh i dtábhacht go méadófar an soláthar uisce ghlain agus fionnuisce, go laghdófar tionchair na tuile agus go maolófar tionchar an triomaigh ach úsáid a bhaint as réitigh dhúlrabhunaithe istigh faoin tír, lena n‑áirítear feidhm na hithreach mar spúinse a athchóiriú. Tá sé tábhachtach acmhainneacht na n‑ithreacha a uasmhéadú chun uisce a choinneáil agus a íonú agus truailliú a laghdú.

(16)Leis an bPlean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú a ghlac an Coimisiún, leagtar amach an fhís le haghaidh 2050 go laghdófar an truailliú aeir, uisce agus ithreach go leibhéil nach measfar a bheith díobhálach don tsláinte ná d’éiceachórais nádúrtha a thuilleadh, agus lena bhfanfar i mbun na measarthachta lena bhfuil ár bpláinéad in ann a bheith ag teacht, lena gcruthófar, dá bhrí sin, comhshaol a bheidh saor ó thocsainí.

(17)Sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an tslándáil bia a choimirciú agus athléimneacht na gcóras bia a neartú 47 , cuireadh i dtábhacht go bhfuil an inbhuanaitheacht bia bunúsach don tslándáil bia. Is amhlaidh a bhíonn córas bia an Aontais níos athléimní a bhuí le hithreacha sláintiúla ó tharla go gcuireann siad an bonn faoi bhia cothaitheach agus leordhóthanach.

(18)Is gá bearta a leagan síos chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar shláinte ithreach, ithreacha a bhainistiú go hinbhuanaithe agus dul i ngleic le láithreáin éillithe chun ithreacha sláintiúla a bhaint amach faoi 2050, chun iad a choinneáil i riocht sláintiúil agus chun cuspóirí an Aontais maidir leis an aeráid agus an bhithéagsúlacht a chomhlíonadh, chun triomaigh agus tubaistí nádúrtha a chosc agus chun freagairt dóibh, chun sláinte an duine a chosaint agus chun an tslándáil bia agus an tsábháilteacht bia a áirithiú.

(19)Is in ithreacha a bhíonn níos mó ná 25 % den bhithéagsúlacht uile agus is iad an dara taiscumar carbóin is mó ar domhan iad. De bharr a n‑acmhainneachta carbón a ghabháil agus a stóráil, rannchuidíonn ithreacha sláintiúla le baint amach chuspóirí an Aontais maidir leis an athrú aeráide. Soláthraíonn ithreacha sláintiúla gnáthóg fhabhrach d’orgánaigh a bheith ag fás freisin agus tá siad ríthábhachtach chun an bhithéagsúlacht agus cobhsaíocht na n‑éiceachóras a fheabhsú. Tá dlúthcheangal idir an bhithéagsúlacht thíos faoin talamh agus os a chionn, agus idirghníomhaíonn sí trí chaidrimh frithpháirteacha (e.g. fungais mhíciríosa a nascann fréamhacha plandaí).

(20)Is iad tuilte, falscaithe agus teagmhais adhaimsire na rioscaí tubaiste nádúrtha is mó a bhfuil imní fúthu ar fud na hEorpa. Tá méadú ag teacht ar an imní faoi thriomaigh agus ganntanas uisce go tapa ar fud an Aontais. In 2020, mheas 24 Bhallstát go raibh triomaigh agus ganntanas uisce ina bpríomhrioscaí tubaiste atá ag teacht chun cinn nó atá bainteach leis an aeráid, i gcomparáid le 11 Bhallstát in 2015. Tá ithreacha sláintiúla ríthábhachtach don athléimneacht in aghaidh an triomaigh agus in aghaidh tubaistí nádúrtha. Le cleachtais a fheabhsaíonn coinneáil uisce agus infhaighteacht cothaitheach in ithreacha, struchtúr ithreach, bithéagsúlacht ithreach agus ceapadh carbóin, méadaítear athléimneacht na n‑éiceachóras, na bplandaí agus na mbarr chun an triomach, tubaistí nádúrtha, tonnta teasa agus teagmhais adhaimsire a sheasamh agus téarnamh a dhéanamh ina ndiaidh, ar teagmhais iad a tharlóidh ar bhonn níos minice amach anseo de bharr an athraithe aeráide. Ina dhiaidh sin, gan bainistiú iomchuí ithreach, bíonn triomach agus tubaistí nádúrtha ina gcúis le díghrádú ithreach agus is ithreacha míshláintiúla a bhíonn ann dá dheasca. Trí fheabhas a chur ar shláinte na hithreach, cuidítear chun na caillteanais eacnamaíocha agus na básanna a bhaineann le teagmhais adhaimsire de thoradh na haeráide a mhaolú, agus ba é thart ar EUR 560 billiún agus breis agus 182 000 taismeach a bhí i gceist leis sin san Aontas idir 1980 agus 2021.

(21)Rannchuidíonn sláinte ithreach go díreach le sláinte agus folláine an duine. Soláthraíonn ithreacha sláintiúla bia sábháilte agus cothaitheach, agus bíonn an acmhainneacht acu éilleáin a scagadh, rud a chaomhnaíonn cáilíocht an uisce óil. Is féidir go ndéanfadh éilliú ithreach díobháil do shláinte an duine trí ionghabháil, ionanálú nó teagmháil dheirmeach. Is chun tairbhe don duine é teagmháil a bheith aige le pobal miocróbach na hithreach sláintiúla tairbheach chun an córas imdhíonachta agus frithsheasmhacht in aghaidh galair agus ailléirgí áirithe a fhorbairt. Tacaíonn ithreacha sláintiúla le fás crann, bláthanna agus féar, agus cruthaíonn siad bonneagar glas a thairgeann luach aeistéitiúil, folláine agus cáilíocht saoil.

(22)Bíonn tionchar ag an díghrádú ithreach ar thorthúlacht, táirgeacht, frithsheasmhacht in aghaidh lotnaidí agus cáilíocht chothaitheach bia. Ós rud é go dtáirgtear 95 % dár mbia go díreach nó go hindíreach ar ithreacha agus go bhfuil an daonra domhanda ag dul i méid i gcónaí, tá sé ríthábhachtach go bhfanfaidh an acmhainn nádúrtha theoranta sin sláintiúil chun an tslándáil bia a áirithiú san fhadtéarma agus chun táirgiúlacht agus brabúsacht thalmhaíocht an Aontais a áirithiú. Le cleachtais inbhuanaithe um bainistiú ithreach, déantar sláinte ithreach a choinneáil ar bun nó a fheabhsú agus rannchuidítear le hinbhuanaitheacht agus athléimneacht an chórais bia.

(23)Is é is cuspóir fadtéarmach don Treoir ithreacha sláintiúla a bhaint amach faoi 2050. Mar chéim idirmheánach, i bhfianaise an eolais theoranta atá ann maidir le riocht ithreacha agus maidir le héifeachtacht agus costais na mbeart chun sláinte ithreach a athghiniúint, is cur chuige céimnithe a ghlactar sa treoir. Sa chéad chéim, díreofar ar chreat faireacháin ithreach a chur a bhunú agus measúnú a dhéanamh ar staid na n‑ithreacha ar fud an Aontais. Áirítear inti freisin ceanglais maidir le bearta a leagan síos chun ithreacha a bhainistiú go hinbhuanaithe agus ithreacha míshláintiúla a athghiniúint a luaithe a shuitear a riocht, ach gan oibleagáid a fhorchur maidir le hithreacha sláintiúla a bhaint amach faoi 2050 ná spriocanna idirmheánacha. Leis an gcur chuige comhréireach sin, beifear in ann bainistiú inbhuanaithe ithreach agus athghiniúint na n‑ithreacha míshláintiúla a ullmhú go maith, a dhreasú agus a chur i mbun oibre. Sa dara céim, a luaithe a bheidh torthaí an chéad mheasúnaithe ar ithreacha agus an anailís ar threochtaí le fáil, déanfaidh an Coimisiún an dul chun cinn i dtreo chuspóir 2050 agus an taithí ina leith sin a bhreithniú, agus molfaidh sé athbhreithniú ar an treoir más gá chun dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo 2050.

(24)Chun aghaidh a thabhairt ar na brúnna a chuirtear ar ithreacha agus na bearta iomchuí a shainaithint chun sláinte ithreach a choinneáil ar bun nó a athghiniúint, éilítear go gcuirfí san áireamh éagsúlacht na gcineálacha ithreach, na dálaí sonracha áitiúla agus aeráide agus an úsáid talún nó an cumhdach talún. Dá bhrí sin, is iomchuí go mbunódh na Ballstáit ceantair ithreach. Maidir le ceantair ithreach, is éard ba cheart a bheith iontu na bunaonaid rialachais chun ithreacha a bhainistiú agus bearta a dhéanamh chun na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh, go háirithe maidir le faireachán agus measúnú a dhéanamh ar shláinte ithreach. Ba cheart líon, méid geografach agus teorainneacha na gceantar ithreach le haghaidh gach Ballstáit a chinneadh chun cur chun feidhme Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 48 + a éascú. Ba cheart íoslíon ceantar ithreach a bheith i ngach Ballstát agus méid an Bhallstáit á chur san áireamh. Comhfhreagróidh an t‑íoslíon ceantar ithreach i gcás gach Ballstáit don líon aonad críochach NUTS 1 arna mbunú i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 49 .

(25)Chun rialachas iomchuí maidir le hithreacha a áirithiú, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit údarás inniúil a cheapadh le haghaidh gach ceantair ithreach. Ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit aon údarás inniúil breise a cheapadh ar an leibhéal iomchuí, lena n‑áirítear ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach.

(26)Chun go mbeidh sainmhíniú coiteann ann ar riocht sláintiúil ithreach, is gá tacar coiteann íosta de chritéir intomhaiste a shainiú, as a dtiocfaidh caillteanas criticiúil ar acmhainneacht na hithreach feidhmiú mar chóras beo ríthábhachtach agus éicisheirbhísí a sholáthar mura n‑urramaítear é. Ba cheart leibhéal na heolaíochta ithreach atá ann cheana a léiriú sna critéir sin agus is ar an eolaíocht sin ba cheart na critéir a bhunú.

(27)Chun tuairisc a thabhairt ar an díghrádú ithreach, is gá tuairisceoirí ithreach a leagan síos is féidir a thomhas nó a mheas. Cé gur mór an éagsúlacht idir cineálacha ithreach, dálaí aeráide agus úsáidí talún, leis an eolas eolaíoch atá ann faoi láthair, is féidir critéir a leagan síos ar leibhéal an Aontais le haghaidh cuid de na tuairisceoirí ithreach sin. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na critéir le haghaidh cuid de na tuairisceoirí ithreach sin a oiriúnú, bunaithe ar dhálaí sonracha náisiúnta nó áitiúla agus na critéir a shainiú le haghaidh tuairisceoirí ithreach eile nach féidir critéir choiteanna ar leibhéal an Aontais a leagan síos ina leith ag an gcéim seo. I gcás na dtuairisceoirí sin lena ndéanfaí idirdhealú idir riocht sláintiúil agus míshláintiúil ach nach féidir critéir shoiléire a shainaithint ina leith faoi láthair, níl gá ach le faireachán agus measúnú. Éascóidh sé sin forbairt na gcritéar sin amach anseo.

(28)Chun dreasachtaí a chruthú, ba cheart do na Ballstáit sásraí a bhunú chun aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí úinéirí talún agus bainisteoirí talún an ithir a choinneáil i riocht sláintiúil, lena n‑áirítear trí bhíthin deimhniúchán ar shláinte ithreach a bheadh comhlántach le creat rialála an Aontais maidir le haistrithe carbóin, agus lena dtacaítear le cur chun feidhme na gcritéar um inbhuanaitheacht fuinnimh inathnuaite a leagtar amach in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 50 . Ba cheart don Choimisiún an deimhniúchán ar shláinte ithreach a éascú trí fhaisnéis a mhalartú agus dea‑chleachtais a chur chun cinn, feasacht a mhúscailt agus measúnú a dhéanamh ar a indéanta a bheadh sé aitheantas a fhorbairt do scéimeanna deimhniúcháin ar leibhéal an Aontais, inter alia. Ba cheart sineirgí idir scéimeanna deimhniúcháin éagsúla a shaothrú a oiread is féidir chun an t‑ualach riaracháin a laghdú orthu siúd a chuireann isteach ar dheimhnithe ábhartha.

(29)Tá saintréithe speisialta ag roinnt ithreacha toisc go bhfuil siad neamhghnách ó nádúr agus gur gnáthóga neamhchoitianta don bhithéagsúlacht iad nó gur tírdhreacha uathúla atá iontu, nó toisc gur mór an modhnú a rinne daoine orthu. Ba cheart na saintréithe sin a chur san áireamh i gcomhthéacs an tsainmhínithe ar ithreacha sláintiúla agus na gceanglas maidir le riocht ithreach sláintiúla a bhaint amach.

(30)Is acmhainn theoranta í an ithir a bhíonn faoi réir iomaíocht shíor‑mhéadaitheach d’úsáidí éagsúla. Is próiseas í an tógáil talún arb iad riachtanais forbartha eacnamaíche is cúis léi go minic, lena gclaochlaítear limistéir nádúrtha agus leathnádúrtha (lena n‑áirítear talamh talmhaíochta agus foraoiseachta, gairdíní agus páirceanna) go forbairt talún saorga, agus ithir á húsáid mar ardán le haghaidh tógálacha agus bonneagair, mar fhoinse dhíreach amhábhair nó mar chartlann don atharthacht stairiúil. D’fhéadfadh an claochlú sin a bheith ina chúis le cailliúint acmhainneacht na n‑ithreacha chun éicisheirbhísí eile a sholáthar (soláthar bia agus bithmhaise, timthriall uisce agus cothaitheach, an bunús don bhithéagsúlacht agus don stóráil carbóin), agus is minic gur cailliúint bhuan í sin. Go háirithe, is minic a dhéanann an tógáil talún difear do na hithreacha talmhaíochta is torthúla, rud a chuireann an tslándáil bia i mbaol. Nochtann ithir shéalaithe lonnaíochtaí daonna do bhuaicphointí tuile níos airde agus d’éifeachtaí an oileáin teasa a bhíonn níos déine freisin. Dá bhrí sin, is gá faireachán a dhéanamh ar an tógáil talún agus an séalú ithreach agus ar na héifeachtaí a bhíonn acu ar acmhainneacht na hithreach éicisheirbhísí a sholáthar. Is iomchuí freisin prionsabail áirithe a leagan síos chun tionchair na tógála talún a mhaolú mar chuid de bhainistiú inbhuanaithe ithreach.

(31)Ba cheart an measúnú ar shláinte ithreach bunaithe ar an líonra faireacháin a bheith cruinn, agus an tráth céanna, costais an fhaireacháin sin a choimeád ar leibhéal réasúnta. Dá bhrí sin, is iomchuí critéir a leagan síos maidir le pointí samplála a bheidh ionadaíoch do riocht na hithreach faoi chineálacha ithreach, dálaí aeráide agus úsáidí talún éagsúla. Ba cheart greille na bpointí samplála a chinneadh trí úsáid a bhaint as modhanna geostaitistiúla agus ba cheart í a bheith dlúth a dóthain chun meastachán a sholáthar ar achar na n‑ithreacha sláintiúla, ar an leibhéal náisiúnta, laistigh d’éiginnteacht nach mó ná 5 %. Meastar go coitianta go soláthraíonn an luach sin meastachán atá slán ó thaobh an staidrimh de, in éineacht le dearbhú réasúnach gur baineadh amach an cuspóir.

(32)Ba cheart don Choimisiún cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus tacú leo faireachán a dhéanamh ar shláinte ithreach trí leanúint de shampláil ithreach agus tomhais ithreach ghaolmhara (ithir LUCAS) a dhéanamh agus a fheabhsú ar bhonn tráthrialta in situ mar chuid de Chlár an tSuirbhé staidrimh fráma limistéir ar chumhdach/úsáid talún (LUCAS). Chun na críche sin, déanfar Clár LUCAS a fheabhsú agus a uasghrádú chun é a ailíniú go hiomlán leis na ceanglais cháilíochta shonracha atá le comhlíonadh chun críoch na Treorach seo. Chun an t‑ualach a mhaolú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit na sonraí maidir le sláinte ithreach a scrúdaítear faoi ithir fheabhsaithe LUCAS a chur san áireamh. Ba cheart do na Ballstáit a fhaigheann tacaíocht ar an gcaoi sin na socruithe dlí is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhféadfaidh an Coimisiún an tsampláil ithreach in situ sin a dhéanamh, lena n‑áirítear ar pháirceanna faoi úinéireacht phríobháideach, agus i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta nó an reachtaíocht de chuid an Aontais is infheidhme.

(33)Tá seirbhísí cianbhraiteachta á bhforbairt ag an gCoimisiún i gcomhthéacs Copernicus mar chlár atá dírithe ar úsáideoirí, agus leis sin is amhlaidh atá siad ag tacú leis na Ballstáit freisin. Chun tráthúlacht agus éifeachtacht an fhaireacháin ar shláinte ithreach a mhéadú, agus i gcás inarb ábhartha, ba cheart do na Ballstáit sonraí cianbhraiteachta a úsáid, lena n‑áirítear aschuir ó sheirbhísí Copernicus, chun faireachán a dhéanamh ar thuairisceoirí ithreach ábhartha agus chun measúnú a dhéanamh ar shláinte ithreach. Ba cheart don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil tacú le hiniúchadh agus forbairt a dhéanamh ar tháirgí um chianbhraiteacht ithreach, chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar na tuairisceoirí ithreach ábhartha.

(34)Agus an Coimisiún ag forbairt agus ag uasghrádú fhaireachlann ithreach an Aontais atá ann cheana, ba cheart dó tairseach dhigiteach um shonraí maidir le sláinte ithreach a bhunú, ar cheart di a bheith comhoiriúnach leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí 51 agus le spásanna sonraí an Aontais, agus ar cheart di a bheith ina mol chun rochtain a sholáthar ar shonraí maidir le hithir a thagann ó fhoinsí éagsúla. Ba cheart a áireamh ar an tairseach sin go príomha na sonraí uile arna mbailiú ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún mar a cheanglaítear leis an Treoir seo. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann freisin sonraí ábhartha eile maidir le hithir arna mbailiú ag na Ballstáit nó ag aon pháirtí eile a chomhtháthú sa tairseach, agus é sin ar bhonn deonach (agus go háirithe sonraí a thagann as tionscadail faoi Fhís Eorpach agus faoin Misean ‘Comhaontú Ithreach don Eoraip’), ar choinníoll go gcomhlíonann na sonraí sin ceanglais áirithe a mhéid a bhaineann le formáid agus sonraíochtaí. Ba cheart don Choimisiún na ceanglais sin a shonrú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

(35)Is gá freisin feabhas a chur ar chomhchuibhiú na gcóras faireacháin ithreach a úsáidtear sna Ballstáit agus leas a bhaint as na sineirgí idir córais faireacháin an Aontais agus na córais náisiúnta chun sonraí níos inchomparáide a bheith ann ar fud an Aontais.

(36)Chun an úsáid is forleithne is féidir a bhaint as sonraí maidir le sláinte ithreach arna nginiúint ag an bhfaireachán a dhéantar faoin Treoir seo, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit rochtain ar na sonraí sin a éascú le haghaidh páirtithe leasmhara ábhartha, amhail feirmeoirí, foraoiseoirí, úinéirí talún agus údaráis áitiúla.

(37)Chun sláinte ithreach a chothú nó a bhreisiú, is gá bainistiú oiriúnach a dhéanamh ar ithreacha. Leis an mbainistiú inbhuanaithe ithreach, cumasófar soláthar fadtéarmach seirbhísí ithreach, lena n‑áirítear cáilíocht aeir agus uisce fheabhsaithe agus slándáil bia. Is iomchuí dá bhrí sin prionsabail um bainistiú inbhuanaithe ithreach a leagan síos chun cleachtais um bainistiú ithreach a threorú.

(38)Bíonn ról ríthábhachtach ag ionstraimí eacnamaíocha, lena n‑áirítear iad sin faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) a sholáthraíonn tacaíocht d’fheirmeoirí, san aistriú chuig bainistiú inbhuanaithe ithreacha talmhaíochta agus, ar bhonn níos lú, ithreacha foraoise. Tá sé d’aidhm ag CBT tacú le sláinte ithreach trí choinníollacht, éiciscéimeanna agus bearta forbartha tuaithe a chur chun feidhme. Is féidir tacaíocht airgeadais d’fheirmeoirí agus d’fhoraoiseoirí a chuireann cleachtais inbhuanaithe um bainistiú ithreach i bhfeidhm a ghiniúint freisin san earnáil phríobháideach. Is féidir na prionsabail um bainistiú inbhuanaithe ithreach a leagtar amach sa Treoir seo a thabhairt san áireamh sna lipéid inbhuanaitheachta deonacha i dtionscail an bhia, an adhmaid, an fhuinnimh agus sa tionscadal bithbhunaithe, mar shampla, arna bhunú ag páirtithe leasmhara príobháideacha. Is féidir leis sin táirgeoirí bia, adhmaid agus bithmhaise eile a leanann na prionsabail sin ina dtáirgeadh iad sin a léiriú i luach a dtáirgí. Soláthrófar cistiú breise le haghaidh líonra de láithreáin fhíora i gcomhair réitigh a thástáil, a léiriú agus a uas‑scálú, lena n‑áirítear ar fheirmeoireacht carbóin, trí shaotharlanna beo agus tithe solais an Mhisin Ithreach. Gan dochar don phrionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, ba cheart do na Ballstáit tacaíocht agus comhairle a sholáthar chun cuidiú le húsáideoirí talún a ndéanfar difear dóibh trí ghníomhaíocht a ghlacfar faoin Treoir seo agus riachtanais agus inniúlachtaí teoranta na bhfiontar beag agus meánmhéide go háirithe á dtabhairt san áireamh.

(39)De bhun Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 52 , ní mór do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ina bPleananna Straitéiseacha CBT ar an mbealach a bhfuil sé ceaptha go rannchuideoidh ailtireacht chomhshaoil agus aeráide na bPleananna sin le gnóthú spriocanna náisiúnta fadtéarmacha arna leagan amach sna gníomhartha reachtacha, nó ag eascairt astu, a liostaítear in Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán sin, agus a bhfuil sé ceaptha go mbeidh sí comhsheasmhach leis na spriocanna sin.

(40)Chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme na cleachtais inbhuanaithe is fearr um bainistiú ithreach , ba cheart go gceanglófaí ar na Ballstáit dlúthfhaireachán a dhéanamh ar thionchar na gcleachtas inbhuanaithe sin um bainistiú ithreach agus cleachtais agus moltaí a choigeartú de réir mar is gá, agus eolas nua ó thaighde agus nuálaíocht á thabhairt san áireamh. Tá coinne le rannpháirtíocht luachmhar chuige sin ó Mhisean Fís Eorpach ‘Comhaontú Ithreach don Eoraip’ agus go háirithe a shaotharlanna agus a ghníomhaíochtaí beo chun tacú le faireachán ithreach, oideachas ithreach agus rannpháirtíocht saoránach.

(41)Leis an athghiniúint tugtar ithreacha díghrádaithe ar ais chuig riocht sláintiúil. Agus bearta um athghiniúint ithreach á sainiú, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit toradh an mheasúnaithe um ithir shláintiúil a thabhairt san áireamh agus na bearta athghiniúna sin a oiriúnú do shaintréithe sonracha de chás, cineál, úsáid agus riocht na hithreach agus do na dálaí áitiúla, aeráide agus comhshaoil.

(42)Chun sineirgí a áirithiú idir na bearta difriúla arna ndéanamh faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shláinte ithreach, agus na bearta atá le cur i bhfeidhm chun ithreacha san Aontas a bhainistiú go hinbhuanaithe agus a athghiniúint, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na cleachtais um bainistiú ithreach inbhuanaithe agus um athghiniúint comhleanúnach le pleananna athchóirithe náisiúnta arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán (UE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 53 +; na pleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115, na cóid dea‑chleachtais talmhaíochta agus na cláir ghníomhaíochta maidir le criosanna leochaileacha ainmnithe arna nglacadh i gcomhréir le Treoir (AE) 91/676/CEE ón gComhairle 54 , na bearta caomhnaithe agus an creat gníomhaíochta tosaíochta arna bhunú le haghaidh láithreáin Natura 2000 i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE ón gComhairle 55 , na bearta chun dea‑stádas éiceolaíoch agus ceimiceach na ndobharlach a bhaint amach a áirítear i bpleananna bainistithe abhantraí arna n‑ullmhú i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 56 , na bearta um bainistiú riosca tuile arna mbunú i gcomhréir le Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 57 , na pleananna um bainistiú triomaigh arna gcur chun cinn i Straitéis an Aontais maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide 58 , na cláir ghníomhaíochta náisiúnta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 10 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an gaineamhlú a chomhrac, spriocanna a leagtar amach faoi Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 59 agus Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 60 , na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide comhtháite arna mbunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 61 , na cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir arna n‑ullmhú i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 62 , measúnuithe riosca agus pleanáil um bainistiú riosca tubaiste arna mbunú i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 63 , agus pleananna gníomhaíochta arna mbunú i gcomhréir le Rialachán (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 64 +. Ba cheart na cleachtais inbhuanaithe um bainistiú ithreach agus cleachtais um athghiniúint a bheith, a mhéid is féidir, comhtháite laistigh de na cláir, pleananna agus beartais sin a mhéid a rannchuidíonn siad le baint amach a gcuspóirí. Dá bhrí sin, a mhéid a bhaineann le táscairí agus sonraí ábhartha, amhail táscairí toraidh a bhaineann le hithir faoi Rialachán CBT agus sonraí staidrimh maidir le hionchur agus aschur talmhaíochta arna thuairisciú faoi Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 65 , ba cheart iad a bheith inrochtana do na húdaráis inniúla atá freagrach as cleachtais inbhuanaithe um bainistiú ithreach agus cleachtais um athghiniúint agus measúnú ar shláinte ithreach chun na sonraí agus na táscairí sin a thrasnascadh agus dá réir sin an measúnú is cruinne is féidir ar éifeachtacht na mbeart a roghnaíodh a chumasú.

(43)Is oidhreacht iad láithreáin éillithe de dheacáidí de ghníomhaíocht thionsclaíoch san Aontas agus d’fhéadfadh rioscaí do shláinte an duine agus don chomhshaol a bheith dá dtoradh anois agus sa todhchaí. Is gá i dtosach, dá bhrí sin, láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint agus imscrúdú a dhéanamh orthu agus ansin, i gcás ina ndeimhneofar éilliú, measúnú a dhéanamh ar na rioscaí agus bearta a dhéanamh le dul i ngleic le rioscaí do-ghlactha. D’fhéadfaí a chruthú trí imscrúdú ithreach nach bhfuil láithreán a d’fhéadfadh a bheith éillithe ina láithreán atá éillithe. Sa chás sin, níor cheart do na Ballstáit an láithreán a lipéadú a thuilleadh mar láithreán a d’fhéadfadh a bheith éillithe, mura bhfuil éilliú amhrasta bunaithe ar fhianaise nua.

(44)Chun láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint, ba cheart do na Ballstáit fianaise a bhailiú, i measc bealaí eile, trí thaighde stairiúil, teagmhais agus timpistí stairiúla sa tionscal, ceadanna comhshaoil agus fógraí ón bpobal nó ó na húdaráis.

(45)Chun a áirithiú go ndéanfar imscrúduithe ithreach ar láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe go tráthúil agus go héifeachtach, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit, anuas ar an oibleagáid chun sprioc‑am a leagan síos faoinar cheart na himscrúduithe sin a dhéanamh, imeachtaí sonracha a leagan síos lena spreagtar imscrúdú den sórt sin freisin. D’fhéadfaí a áireamh ar imeachtaí spreagtha den sórt sin iarraidh nó athbhreithniú ar chead comhshaoil nó tógála nó údarú a cheanglaítear de bhun reachtaíocht an Aontais nó reachtaíocht náisiúnta, gníomhaíochtaí um thochailt ithreach, athruithe ar úsáid talún nó idirbhearta talún nó réadmhaoine. D’fhéadfadh imscrúduithe ithreach céimeanna difriúla a leanúint, amhail staidéar deisce, cuairt ar an láithreán, réamh‑imscrúdú nó imscrúdú taiscéalaíoch, imscrúdú níos mionsonraithe nó níos tuairisciúla, agus tástáil allamuigh nó saotharlainne. D’fhéadfadh tuarascálacha bunlíne agus bearta faireacháin arna gcur chun feidhme i gcomhréir le Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 66 cáiliú chomh maith mar imscrúdú ithreach i gcás inarb iomchuí.

(46)Is gá solúbthacht a bheith ann do bhainistiú láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe agus láithreáin éillithe chun costais, tairbhí agus sainiúlachtaí áitiúla a chur san áireamh. Ba cheart do na Ballstáit dá bhrí sin cur chuige riosca‑bhunaithe a ghlacadh ar a laghad chun bainistiú a dhéanamh ar láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe agus ar láithreáin éillithe, agus an difríocht idir an dá chatagóir sin á tabhairt san áireamh, agus lena gceadaítear acmhainní a leithdháileadh agus an comhthéacs sonrach comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta á thabhairt san áireamh. Ba cheart cinntí a ghlacadh bunaithe ar chineál agus méid na rioscaí féideartha do shláinte an duine agus don chomhshaol de thoradh teagmháil le héilleáin ithreacha (e.g. teagmháil le daonraí leochaileacha amhail mná torracha, daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta agus leanaí). Ba cheart an measúnú costais agus tairbhe a bhaineann le feabhsúchán a dhéanamh a bheith dearfach. Ba cheart don réiteach feabhsúcháin optamach a bheith inbhuanaithe agus roghnaithe trí phróiseas cinnteoireachta cothromaithe ina dtugtar san áireamh na tionchair chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta. I ndáil le bainistiú láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe agus láithreáin éillithe, ba cheart an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, prionsabal an réamhchúraim agus prionsabal na comhréireachta a urramú. Ba cheart do na Ballstáit an mhodheolaíocht shonrach a leagan síos chun na rioscaí a bhaineann go sonrach le láithreáin éillithe a chinneadh. Ba cheart do na Ballstáit freisin a shainiú an rud is riosca do‑ghlactha ó láithreáin éillithe ann bunaithe ar eolas eolaíoch atá ann cheana, prionsabal an réamhchúraim, sainiúlachtaí áitiúla, agus úsáid talún reatha agus amach anseo. Chun na rioscaí a bhaineann le láithreáin éillithe a laghdú go leibhéal inghlactha do shláinte an duine agus don chomhshaol, ba cheart do na Ballstáit bearta leormhaithe um laghdú riosca a ghlacadh lena n‑áirítear feabhsúchán. Ba cheart é a bheith féideartha bearta arna ndéanamh faoi reachtaíocht eile an Aontais a cháiliú mar bhearta um laghdú riosca faoin Treoir seo i gcás ina laghdaíonn na bearta sin go héifeachtach rioscaí ó láithreáin éillithe.

(47)Ba cheart a chur san áireamh freisin i mbearta arna ndéanamh de bhun na Treorach seo cuspóirí beartais eile an Aontais, amhail cuspóirí [Rialachán (AE) xxxx/xxxx 67 +] a bhfuil sé d’aidhm leo soláthar slán agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú do thionscal na hEorpa.

(48)Tá an trédhearcacht ina comhpháirt fhíor‑riachtanach den bheartas ithreach agus áirithítear léi cuntasacht agus feasacht phoiblí, dálaí margaidh cothroma agus faireachán ar an dul chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit clár náisiúnta de láithreáin éillithe agus láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a bhunú agus a choinneáil ar bun ina mbeidh faisnéis atá sonrach don láithreán ar cheart di a bheith inrochtana don phobal i mbunachar sonraí spásúlachta geo‑thagartha ar líne. Ba cheart faisnéis a bheith sa chlár ar gá í go mbeadh an pobal ar an eolas maidir le láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe agus láithreáin éillithe a bheith ann agus iad a bhainistiú. Mar gheall nach bhfuil sé deimhnithe go fóill go bhfuil éilliú ithreach ann agus nach bhfuil sé fós ach amhrasta ar láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe, is gá an difríocht idir láithreáin éillithe agus láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a chur in iúl agus a mhíniú go maith don phobal chun imní nach bhfuil gá léi a sheachaint.

(49)Sa bhreis air sin, ceanglaítear le hAirteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) ar na Ballstáit leigheasanna a chur ar fáil atá leordhóthanach chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a áirithiú sna réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil 68 (Coinbhinsiún Aarhus), ba cheart rochtain ar cheartas a bheith ag baill an phobail lena mbaineann chun cur le cosaint an chirt chun cónaí i dtimpeallacht atá leordhóthanach do shláinte agus d’fholláine an duine.

(50)Sainordaítear i dTreoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 69 scaoileadh sonraí na hearnála poiblí i bhformáidí saor in aisce agus oscailte. Is é an cuspóir foriomlán leanúint le neartú gheilleagar sonraíbhunaithe an Aontais Eorpaigh trí chur leis an méid sonraí ón earnáil phoiblí atá ar fáil lena n‑athúsáid, iomaíocht chóir agus rochtain éasca ar fhaisnéis ón earnáil phoiblí, agus feabhas a chur ar an nuálaíocht trasteorann bunaithe ar shonraí. Is é an príomhphrionsabal gur cheart go mbeadh sonraí rialtais oscailte trí réamhshocrú agus dearadh. Tá Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 70 dírithe ar rochtain a ráthú ar fhaisnéis ar an gcomhshaol sna Ballstáit i gcomhréir le Coinbhinsiún Aarhus. Le Coinbhinsiún Aarhus agus Treoir 2003/4/CE cuimsítear oibleagáidí leathana a bhaineann le faisnéis faoin gcomhshaol a chur ar fáil, arna hiarraidh sin, agus le faisnéis den sórt sin a scaipeadh ar bhealach gníomhach. Tá raon feidhme leathan freisin le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 71 , agus cuimsítear léi faisnéis spásúil a chomhroinnt, lena n‑áirítear tacair sonraí maidir le hábhair éagsúla chomhshaoil. Tá sé tábhachtach go ndéanann forálacha na Treorach seo a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis agus le socruithe malartaithe sonraí na Treoracha sin a chomhlánú agus nach gcruthóidh siad córas dlí ar leith. Níor cheart, dá bhrí sin, gur dhochar forálacha na Treorach seo maidir le faisnéis don phobal agus faisnéis faoin bhfaireachán ar chur chun feidhme do Threoracha (AE) 2019/1024, 2003/4/CE agus 2007/2/CE.

(51)Chun a áirithiú go ndéanfar an t‑oiriúnú is gá ar na rialacha maidir le faireachán ar ithir shláintiúil, bainistiú inbhuanaithe ithreach agus bainistiú ar láithreáin éillithe, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Treoir seo a leasú chun oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch na modheolaíochtaí chun faireachán a dhéanamh ar ithir shláintiúil, an liosta prionsabal inbhuanaithe um bainistiú ithreach, an liosta táscach um bearta laghdaithe riosca, na céimeanna agus na ceanglais maidir le measúnú sonrach don láithreán agus ábhar an chláir um láithreáin éillithe agus láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 72 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus tá rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(52)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an fhormáid, struchtúr agus socruithe mionsonraithe a leagan amach chun sonraí agus faisnéis a thuairisciú go leictreonach chuig an gCoimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 73 .

(53)Ba cheart don Choimisiún meastóireacht fhianaise‑bhunaithe a dhéanamh agus, i gcás inarb ábhartha, athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir seo, 6 bliana tar éis di a theacht i bhfeidhm ar bhonn torthaí na meastóireachta ar shláinte ithreach. Ba cheart measúnú a dhéanamh sa mheastóireacht go háirithe ar an ngá le ceanglais níos sonraí a leagan amach chun a áirithiú go ndéanfar athghiniúint ar ithreacha míshláintiúla agus go mbainfear amach an cuspóir chun ithreacha sláintiúla a bhaint amach faoi 2050. Ba cheart measúnú a dhéanamh sa mheastóireacht freisin ar an ngá chun sainiú ithreacha sláintiúla a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil trí fhorálacha a chur leis maidir le tuairisceoirí nó critéir áirithe bunaithe ar fhianaise eolaíoch nua a bhaineann le cosaint ithreacha nó ar fhorais fadhb atá sonrach do Bhallstát ag eascairt as cúinsí nua comhshaoil nó aeráide. De bhun mhír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart an mheastóireacht sin a bhunú ar na critéir maidir le héifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach AE agus ba cheart í a bheith mar bhonn le measúnuithe tionchair ar bhearta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

(54)Tá gá le bearta comhordaithe ag gach Ballstát chun an fhís a bhaint amach go mbeadh na hithreacha uile sláintiúil faoi 2050 agus chun soláthar éicisheirbhísí ag ithreacha a dhaingniú ar fud an Aontais san fhadtéarma. Tá sé feicthe go bhfuil gníomhaíochtaí aonair Ballstát neamh‑leordhóthanach ó tharla go bhfuil díghrádú ithreach fós ag tarlú agus ag éirí níos measa fiú. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr fairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a dhéanamh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(55)I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin 74 , ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n‑ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Cuspóir agus Ábhar

1.Is é is cuspóir don Treoir seo creat faireacháin láidir agus comhleanúnach a chur i bhfeidhm le haghaidh na n‑ithreacha uile ar fud an Aontais agus chun sláinte ithreach a fheabhsú go leanúnach san Aontas d’fhonn ithreacha sláintiúla a bhaint amach faoi 2050 agus ithreacha sláintiúla a choinneáil i riocht sláintiúil, ionas gur féidir leo éicisheirbhísí líonmhara a sholáthar ar scála atá leordhóthanach chun riachtanais chomhshaoil, shochaíocha agus eacnamaíocha a chomhlíonadh, tionchair an athraithe aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta a chosc agus a mhaolú, an athléimneacht in aghaidh tubaistí nádúrtha agus le haghaidh slándáil bia a mhéadú agus go laghdófar éilliú ithreach go leibhéil nach meastar a bheith díobhálach a thuilleadh do shláinte an duine agus don chomhshaol.

2.Leis an Treoir seo, leagtar síos bearta maidir leis an méid seo a leanas:

(a)faireachán agus measúnú ar shláinte ithreach;

(b)bainistiú ithreach inbhuanaithe;

(c)láithreáin éillithe.

Airteagal 2

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Treoir seo maidir leis na hithreacha uile i gcríoch na mBallstát.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘ithir’ brat uachtair an domhain atá suite idir an bhuncharraig agus an dromchla talún, arb éard atá ann cáithníní mianraí, ábhar orgánach, uisce, aer agus orgánaigh bheo;

(2)ciallaíonn ‘éiceachóras’ coimpléasc dinimiciúil de phobail plandaí, ainmhithe agus miocrorgánach agus a dtimpeallacht neamhbheo agus iad ag idirghníomhú mar aonad feidhmiúil;

(3)ciallaíonn ‘éicisheirbhísí’ a mhéid a chuireann éiceachórais go hindíreach le tairbhí eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha agus eile a bhaineann daoine as na héiceachórais sin;

(4)ciallaíonn ‘sláinte ithreach’ riocht fisiciúil, ceimiceach agus bitheolaíoch na hithreach lena gcinntear a hacmhainneacht chun feidhmiú mar chóras beo ríthábhachtach agus chun éicisheirbhísí a sholáthar;

(5)ciallaíonn ‘bainistiú ithreach inbhuanaithe’ cleachtais um bainistiú ithreach a chothaíonn nó a bhreisíonn na héicisheirbhísí a sholáthraíonn an ithir gan bac a chur ar na feidhmeanna lena gcumasaítear na seirbhísí sin, nó gan bheith díobhálach d’airíonna eile an chomhshaoil;

(6)ciallaíonn ‘cleachtais um bainistiú ithreach’ cleachtais a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do thréithe fisiciúla, ceimiceacha nó bitheolaíocha ithreach;

(7)ciallaíonn ‘ithreacha bainistithe’ ithreacha ina ndéantar cleachtais um bainistíocht ithreach;

(8)ciallaíonn ‘ceantar ithreach’ an chuid de chríoch Ballstáit, mar a theorannaíonn an Ballstát sin i gcomhréir leis an Treoir seo;

(9)ciallaíonn ‘measúnú ar shláinte ithreach’ an mheastóireacht ar shláinte na hithreach bunaithe ar thomhas nó meastachán na dtuairisceoirí ithreach;

(10)ciallaíonn ‘láithreán éillithe’ limistéar marcáilte de dháileacht amháin nó roinnt dáileachtaí ina bhfuil láithreacht dheimhnithe éillithe ithreach de thoradh gníomhaíochtaí antrapaigineacha poncfhoinse;

(11)ciallaíonn ‘tuairisceoir ithreach’ paraiméadar lena dtugtar tuairisc ar shaintréith fhisiciúil, cheimiceach, nó bhitheolaíoch den tsláinte ithreach;

(12)ciallaíonn ‘talamh’ dromchla an domhain nach gcumhdaítear le huisce;

(13)ciallaíonn ‘cumhdach talún’ cumhdach fisiciúil agus bitheolaíochta de dhromchla an domhain;

(14)ciallaíonn ‘talamh nádúrtha’ limistéar nach bhfuil modhnú substaintiúil déanta ar phríomhfheidhmeanna éiceolaíocha agus comhdhéanamh speiceas limistéir i ngeall ar ghníomhaíocht dhaonna;

(15)ciallaíonn ‘talamh bhreacnádúrtha’ limistéar ina ndearnadh modhnú substaintiúil ar chluichreáin éiceolaíocha ina gcomhdhéanamh, cothromaíocht nó feidhm trí ghníomhaíochtaí daonna, ach go gcoinníonn siad ardluach i dtéarmaí bithéagsúlachta agus na héicisheirbhísí a sholáthraíonn sí;

(16)ciallaíonn ‘talamh shaorga’ talamh a úsáidtear mar ardán le haghaidh tógálacha agus bonneagair nó mar fhoinse dhíreach amhábhair nó mar chartlann oidhreachta stairiúla chun aimhleasa acmhainneacht na n‑ithreacha éicisheirbhísí eile a sholáthar;

(17)ciallaíonn ‘tógáil talún’ talamh nádúrtha agus bhreacnádúrtha a thiontú ina talamh shaorga;

(18)ciallaíonn ‘feidhm tarchuir córais’ riail mhatamaiticiúil a cheadaíonn luach tomhais a thiontú, arna ndéanamh trí úsáid a bhaint as modheolaíocht atá éagsúil le modh tagartha, ina luach a gheofaí tríd an tomhas ithreach a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an modh tagartha;

(19)ciallaíonn ‘pobal lena mbaineann’ an pobal a ndéanann nó ar dócha go ndéanfaidh díghrádú ithreach difear dó, nó a bhfuil leas aige sna nósanna imeachta cinnteoireachta a bhaineann le cur chun feidhme na n‑oibleagáidí faoin Treoir seo, lena n‑áirítear úinéirí talún agus úsáideoirí talún, chomh maith le heagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint shláinte an duine nó an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglas faoin dlí náisiúnta.

(20)ciallaíonn ‘éilliú ithreach’ láithreacht ceimiceáin nó substainte san ithir i dtiúchan a d’fhéadfadh a bheith díobhálach do shláinte an duine nó don chomhshaol;

(21)ciallaíonn ‘éilleán’ substaint a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le héilliú ithreach;

(22)ciallaíonn ‘athghiniúint’ gníomhaíocht d’aon ghnó dírithe ar ithir a chúlú ó riocht díghrádaithe go riocht sláintiúil;

(23)ciallaíonn ‘riosca’ an fhéidearthacht go mbeadh éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol de thoradh nochtadh d’éilliú ithreach;

(24)ciallaíonn ‘imscrúdú ithreach’ próiseas chun measúnú a dhéanamh ar láithreacht agus ar thiúchan éilleán san ithir a dhéantar i gcéimeanna difriúla go hiondúil;

(25)ciallaíonn ‘sainráite ó thaobh na geografaíochta de’ faisnéis dá dtagraítear agus a stóráiltear ar bhealach lenar féidir í a mhapáil agus a logánú le beachtas agus cruinneas sonrach.

(26)ciallaíonn ‘feabhsúchán ithreach’ gníomhaíocht athghiniúna a laghdaíonn, a aonraíonn nó a dhíchumasaíonn tiúchan éilleán san ithir.

Airteagal 4

Ceantair ithreach

1.Bunóidh na Ballstáit ceantair ithreach ar fud a gcríche.

Comhfhreagróidh an líon ceantar ithreach i gcás gach Ballstáit don líon aonad críochach NUTS 1 arna mbunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ar a laghad.

2.Agus méid geografach na gceantar ithreach á bhunú ag na Ballstáit, féadfaidh siad aonaid riaracháin atá ann cheana a thabhairt san áireamh agus féachfaidh siad le haonchineálacht a bhaint amach laistigh de gach ceantar ithreach maidir leis na paraiméadair seo a leanas:

(a)cineál ithreach mar a shainmhínítear in World Reference Base for Soil Resources 75 ;

(b)dálaí aeráide;

(c)crios comhshaoil mar a thugtar tuairisc air i dTuarascáil Alterra 2281 76 ;

(d)úsáid talún nó cumhdach talún mar a úsáidtear i gclár an tSuirbhé staidrimh fráma limistéir ar chumhdach/úsáid talún (LUCAS).

Airteagal 5

Údaráis inniúla

Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla atá freagrach ar leibhéal atá iomchuí chun na dualgais a leagtar síos sa Treoir seo a dhéanamh.

Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin le haghaidh gach ceantair ithreach arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 4.

Caibidil II

Faireachán agus measúnú ar shláinte ithreach

Airteagal 6

Sláinte ithreach agus creat faireacháin tógála talún

1.Bunóidh na Ballstáit creat faireacháin bunaithe ar na ceantair ithreach arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 4(1), chun a áirithiú go ndéantar faireachán tráthrialta agus cruinn ar shláinte ithreach i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hIarscríbhinní I agus II.

2.Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar shláinte ithreach agus ar thógáil talún i ngach ceantar ithreach.

3.Bunófar an creat faireacháin ar an méid a leanas:

(a)na tuairisceoirí ithreach agus na critéir um shláinte ithreach dá dtagraítear in Airteagal 7;

(b)na pointí samplála ithreach atá le cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 8(2);

(c)an tomhas ithreacha arna dhéanamh ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, más ann dó;

(d)na sonraí agus táirgí cianbhraiteachta dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, más ann dóibh;

(e)na táscairí tógála talún agus séalaithe ithreach dá dtagraítear in Airteagal 7(1).

4.Déanfaidh an Coimisiún, faoi réir chomhaontú na mBallstát lena mbaineann, tomhais ithreach thráthrialta ar shamplaí ithreach arna nglacadh in situ, bunaithe ar na tuairisceoirí agus na modheolaíochtaí ábhartha dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8, chun tacú le faireachán na mBallstát ar shláinte ithreach. I gcás ina soláthróidh Ballstát comhaontú i gcomhréir leis an mír seo, áiritheoidh sé gur féidir leis an gCoimisiún sampláil ithreach in situ den sórt sin a dhéanamh.

5.Déanfaidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA) sonraí spás‑bhunaithe atá ann cheana agus táirgí arna seachadadh faoi chomhchuid Copernicus de Chlár Spáis an Aontais arna bhunú ag Rialachán (AE) 2021/696 a ghiaráil chun táirgí um chianbhraiteacht ithreach a fhorbairt, chun tacú leis na Ballstáit chun faireachán a dhéanamh ar na tuairisceoirí ithreach ábhartha.

6.Bunóidh an Coimisiún agus EEA, ar bhonn sonraí atá ann cheana agus laistigh de 2 bhliain ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo, tairseach sonraí dhigiteach um shláinte ithreach a sholáthróidh rochtain i bhformáid spásúlachta gheo‑thagartha ar na sonraí um shláinte ithreach atá ar fáil de thoradh an mhéid seo a leanas ar a laghad:

(a)na tomhais ithreach dá dtagraítear in Airteagal 8(2);

(b)na tomhais ithreach dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo;

(c)na sonraí agus táirgí cianbhraiteachta ithreach ábhartha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.

7.Féadfaidh an tairseach sonraí um shláinte ithreach dá dtagraítear i mír 6 rochtain a thabhairt freisin ar shonraí a bhaineann le sláinte ithreach seachas na sonraí dá dtagraítear sa mhír sin má comhroinneadh nó má bailíodh na sonraí sin i gcomhréir leis na formáidí nó na modhanna arna mbunú ag an gCoimisiún de bhun mhír 8.

8.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun formáidí nó modhanna a bhunú chun na sonraí dá dtagraítear i mír 7 a chomhroinnt nó a bhailiú nó chun na sonraí sin a chomhtháthú sa tairseach sonraí dhigiteach um shláinte ithreach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21.

Airteagal 7

Tuairisceoirí ithreach, critéir le haghaidh riocht ithreach sláintiúil, agus táscairí tógála talún agus séalaithe ithreach

1.Agus faireachán agus measúnú á dhéanamh ag na Ballstáit ar shláinte ithreach, cuirfidh siad na tuairisceoirí ithreach agus na critéir um shláinte ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I i bhfeidhm.

Agus faireachán á dhéanamh ag na Ballstáit ar thógáil talún, cuirfidh siad na táscairí tógála talún agus séalaithe ithreach dá dtagraítear in Iarscríbhinn I i bhfeidhm.

2.Féadfaidh na Ballstáit na tuairisceoirí ithreach agus na critéir um shláinte ithreach dá dtagraítear i gcuid A d’Iarscríbhinn I a oiriúnú i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá dtagraítear sa dara agus sa tríú colún i gcuid A d’Iarscríbhinn I.

3.Socróidh na Ballstáit éilleáin orgánacha le haghaidh an tuairisceora ithreach a bhaineann leis an éilliú ithreach dá dtagraítear i gcuid B d’Iarscríbhinn I.

4.Leagfaidh na Ballstáit síos na critéir um shláinte ithreach le haghaidh na dtuairisceoirí ithreach a liostaítear i gcuid B d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach sa tríú colún i gcuid B d’Iarscríbhinn I.

5.Féadfaidh na Ballstáit tuairisceoirí breise ithreach agus táscairí tógála talún a leagan síos, lena n‑áirítear ach gan bheith teoranta do na tuairisceoirí agus na táscairí roghnacha a liostaítear i gcuid C agus D d’Iarscríbhinn I, chun críoch faireacháin (‘tuairisceoirí ithreach breise’ agus táscairí tógála talún breise’).

6.Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas nuair a leagtar amach nó nuair a oiriúnaítear tuairisceoirí ithreach, táscairí tógála talún agus critéir um shláinte ithreach i gcomhréir le míreanna 2 go 5 den Airteagal seo.

Airteagal 8

Tomhais agus modheolaíochtaí

1.Cinnfidh na Ballstáit pointí samplála tríd an modheolaíocht a leagtar amach i gcuid A d’Iarscríbhinn II a chur i bhfeidhm.

2.Déanfaidh na Ballstáit tomhais ithreach trí shamplaí ithreach a ghlacadh ag na pointí samplála dá dtagraítear i mír 1 agus déanfaidh siad sonraí a bhailiú, a phróiseáil agus a anailísiú chun an méid a leanas a chinneadh:

(a)luachanna na dtáscairí ithreach a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(b)i gcás inarb ábhartha, luachanna na dtuairisceoirí ithreach breise;

(c)luachanna na dtáscairí tógála talún agus séalaithe ithreach a liostaítear i gcuid D d’Iarscríbhinn I.

3.Cuirfidh Ballstáit an méid a leanas i bhfeidhm:

(a)na modheolaíochtaí chun luachanna na dtuairisceoirí ithreach a leagtar amach i gcuid B d’Iarscríbhinn II a chinneadh nó a mheas;

(b)na híoschritéir mhodheolaíochta chun luachanna na dtáscairí tógála talún agus séalaithe ithreach a leagtar amach i gcuid D d’Iarscríbhinn II a chinneadh;

(c)aon cheanglas a leagann an Coimisiún síos i gcomhréir le mír 6.

Féadfaidh na Ballstáit modheolaíochtaí a chur i bhfeidhm seachas na modheolaíochtaí a liostaítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), ar choinníoll go bhfuil na feidhmeanna tarchuir córais bailíochtaithe ar fáil, mar a cheanglaítear in Iarscríbhinn II, cuid B, an ceathrú colún.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na chéad tomhais ithreach ar a dhéanaí faoi... (Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo).

5.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar tomhais ithreach nua gach 5 bliana ar a laghad.

Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar cothrom le dáta luach na dtáscairí tógála talún agus séalaithe ithreach uair amháin sa bhliain ar a laghad.

6.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun Iarscríbhinn II a leasú chun na modheolaíochtaí tagartha a luaitear inti a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, go háirithe i gcás inar féidir luachanna na dtáscairí ithreach a chinneadh tríd an gcianbhraiteacht dá dtagraítear in Airteagal 6(5).

Airteagal 9

Measúnú ar shláinte ithreach

1.Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an tsláinte ithreach ina gceantair ithreach uile bunaithe ar na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs an fhaireacháin dá dtagraítear in Airteagail 6, 7 agus 8 le haghaidh gach ceann de na tuairisceoirí ithreach dá dtagraítear i gCodanna A agus B d’Iarscríbhinn I.

Cuirfidh na Ballstáit san áireamh freisin na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs na n‑imscrúduithe ithreach dá dtagraítear in Airteagal 14.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar measúnuithe ar shláinte ithreach gach 5 bliana ar a laghad agus go ndéanfar an chéad mheasúnú ar shláinte ithreach faoin... (Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo).

2.Measfar go bhfuil ithir sláintiúil i gcomhréir leis an Treoir seo i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)comhlíonann na luachanna le haghaidh gach tuairisceora ithreach a liostaítear i gcuid A d’Iarscríbhinn I na critéir a leagtar síos ansin agus, i gcás inarb infheidhme, arna n‑oiriúnú i gcomhréir le hAirteagal 7;

(b)comhlíonann na luachanna le haghaidh gach tuairisceora ithreach a liostaítear i gcuid B d’Iarscríbhinn I na critéir i gcomhréir le hAirteagal 7 (‘ithir shláintiúil’).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní chuirfear san áireamh sa mheasúnú ar ithreacha laistigh de limistéar talún a liostaítear sa cheathrú colún d’Iarscríbhinn I na luachanna a leagtar amach sa tríú colún le haghaidh an limistéir talún sin.

Tá ithir mhíshláintiúil i gcás nach gcomhlíonfar ceann amháin ar a laghad de na critéir dá dtagraítear i bhfomhír 1 (‘ithir mhíshláintiúil’).

3.Déanfaidh na Ballstáit anailís ar na luachanna le haghaidh na dtuairisceoirí ithreach a liostaítear i gcuid C d’Iarscríbhinn I agus déanfaidh siad measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil caillteanas criticiúil éicisheirbhísí ann, agus na sonraí ábhartha agus an t‑eolas eolaíoch atá ar fáil á dtabhairt san áireamh.

Déanfaidh na Ballstáit anailís ar luachanna na dtáscairí tógála talún agus séalaithe ithreach a liostaítear i gcuid D d’Iarscríbhinn I agus déanfaidh siad measúnú ar chaillteanas éicisheirbhísí agus ar chuspóirí agus spriocanna arna mbunú faoi Rialachán (AE) 2018/841.

4.Ar bhonn an mheasúnaithe ar shláinte ithreach a rinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo, sainaithneoidh an t‑údarás inniúil, i gcás inarb ábhartha i gcomhar le húdaráis áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta, i ngach ceantar ithreach, na limistéir ina bhfuil ithreacha míshláintiúla agus cuirfidh sé an pobal ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 19.

5.Bunóidh na Ballstáit sásra le haghaidh deimhniú deonach ar shláinte ithreach d’úinéirí agus do bhainisteoirí talún de bhun na gcoinníollacha i mír 2 den Airteagal seo.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun formáid an deimhnithe ar shláinte ithreach a chomhchuibhiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21.

6.Arna iarraidh sin do na húinéirí talún agus na bainisteoirí talún ábhartha, cuirfidh na Ballstáit na sonraí agus an measúnú ar shláinte ithreach dá dtagraítear in Airteagail 6 go 9 in iúl dóibh, go háirithe chun tacú le forbairt na comhairle dá dtagraítear in Airteagal 10(3).

Caibidil III

Bainistiú inbhuanaithe ithreach

Airteagal 10

Bainistiú inbhuanaithe ithreach

1.Ón (Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 4 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach), glacfaidh na Ballstáit na bearta seo a leanas ar a laghad, agus cineál, úsáid agus riocht na hithreach á gcur san áireamh:

(a)cleachtais um bainistiú inbhuanaithe ithreach a shainiú agus na prionsabail um bainistiú ithreach inbhuanaithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a urramú, lena gcur chun feidhme de réir a chéile ar na hithreacha uile a bhainistítear, ar bhonn thoradh na measúnuithe ithreach arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 9, cleachtais athghiniúna le cur chun feidhme de réir a chéile ar ithreacha míshláintiúla sna Ballstáit;

(b)cleachtais um bainistiú ithreach agus cleachtais eile a shainiú ar cleachtais iad a dhéanann dochar do shláinte ithreach agus atá le seachaint ag bainisteoirí ithreach.

Agus na cleachtais agus na bearta dá dtagraítear sa mhír seo á sainiú ag na Ballstáit, cuirfidh siad san áireamh na cláir, na pleananna, na spriocanna agus na bearta a liostaítear in Iarscríbhinn IV mar aon leis an eolas eolaíoch atá ann cheana is déanaí lena n‑áirítear torthaí a thagann as Misean an chláir Fís Eorpach ‘Comhaontú Ithreach don Eoraip’.

Sainaithneoidh na Ballstáit sineirgí leis na cláir, na pleananna agus na bearta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Leis na sonraí faireacháin ar shláinte ithreach, torthaí na measúnuithe ar shláinte ithreach, an anailís dá dtagraítear in Airteagal 9 agus na bearta maidir le bainistiú ithreach inbhuanaithe, déanfar eolas d’fhorbairt na gclár, na bpleananna agus na mbeart a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Áiritheoidh na Ballstáit gur próiseas oscailte, ionchuimsitheach agus éifeachtach a bheidh i bpróiseas forbartha na gcleachtas dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus go mbeidh an pobal lena mbaineann, go háirithe úinéirí talún agus bainisteoirí, rannpháirteach ann agus go dtabharfar deiseanna luatha éifeachtacha dóibh a bheith rannpháirteach san fhorbairt sin.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain éasca ag bainisteoirí ithreach, úinéirí talún agus údaráis ábhartha ar chomhairle neamhchlaonta neamhspleách maidir le bainistiú ithreach inbhuanaithe, ar ghníomhaíochtaí oiliúna agus ar fhothú acmhainneachta.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta seo a leanas freisin:

(a)feasacht a chur chun cinn maidir leis na tairbhí iomadúla meántéarmacha agus fadtéarmacha a bhaineann le bainistiú ithreach inbhuanaithe agus maidir leis an ngá le hithreacha a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe;

(b)taighde agus cur chun feidhme coincheapa iomlánaíocha an bhainistithe ithreach a chur chun cinn;

(c)mapáil a chur ar fáil ar na hionstraimí cistiúcháin atá ar fáil agus ar ghníomhaíochtaí chun tacú le bainistiú ithreach inbhuanaithe a chur chun feidhme, mapáil a thabharfar cothrom le dáta go tráthrialta.

3.Déanfaidh na Ballstáit measúnú tráthrialta ar éifeachtacht na mbeart arna nglacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo agus, i gcás inarb ábhartha, déanfaidh siad measúnú agus athbhreithniú ar na bearta sin, agus an faireachán agus an measúnú ar shláinte ithreach dá dtagraítear in Airteagail 6 go 9 á gcur san áireamh.

4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun Iarscríbhinn III a leasú chun prionsabail um bainistiú ithreach inbhuanaithe a oiriúnú chun dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a chur san áireamh.

Airteagal 11

Prionsabail maolaithe tógála talún

Áiritheoidh na Ballstáit go n‑urramófar na prionsabail seo a leanas i gcás tógáil talún:

(a)caillteanas acmhainn na hithreach chun éicisheirbhísí líonmhara a sholáthar, lena n‑áirítear táirgeadh bia, a sheachaint nó a laghdú a mhéid is féidir go teicniúil agus go heacnamaíoch, trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(i)an limistéar a bhfuil tionchar ag an tógáil talún air a laghdú a mhéid is féidir agus

(ii)limistéir a roghnú ina ndéanfaí caillteanas éicisheirbhísí a íoslaghdú agus

(iii)tógáil talún a dhéanamh ar bhealach a íoslaghdaíonn an tionchar diúltach ar an ithir;

(b)cúiteamh a dhéanamh a mhéid agus is féidir ar chaillteanas acmhainn na hithreach chun éicisheirbhísí líonmhara a sholáthar.

Caibidil IV

Láithreáin éillithe

Airteagal 12

Cur chuige riosca‑bhunaithe

1.Déanfaidh na Ballstáit na rioscaí do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaineann le láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe agus láithreáin éillithe a bhainistiú, agus coimeádfaidh siad ar leibhéil inghlactha iad, agus tionchair chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha an éillithe ithreach agus na mbeart laghdaithe riosca arna nglacadh de bhun Airteagal 15 mír 4 á gcur san áireamh.

2.Faoin (Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 4 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo), bunóidh na Ballstáit cur chuige rioscabhunaithe maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 13;

(b)imscrúdú a dhéanamh ar láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe i gcomhréir le hAirteagal 14;

(c)láithreáin éillithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 15.

3.Tá an ceanglas a leagtar síos i mír 2 gan dochar do cheanglais níos déine a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais nó as reachtaíocht náisiúnta.

4.Tabharfar deiseanna luatha éifeachtacha don phobal lena mbaineann:

(a)a bheith rannpháirteach i mbunú agus i gcur i bhfeidhm coincréiteach an chur chuige rioscabhunaithe a shainmhínítear san Airteagal seo;

(b)faisnéis a sholáthar atá ábhartha maidir le láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 13, chun imscrúdú a dhéanamh ar láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe i gcomhréir le hAirteagal 14 agus chun láithreáin éillithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 15;

(c)ceartú a iarraidh ar fhaisnéis atá sa chlár maidir le láithreáin éillithe agus láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe i gcomhréir le hAirteagal 16.

Airteagal 13

Láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint

1.Déanfaidh na Ballstáit gach láithreán a bhfuil amhras ina leith go bhfuil éilliú ithreach ann a shainaithint go córasach agus go gníomhach, bunaithe ar fhianaise a bailíodh trí gach modh atá ar fáil (‘láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe’).

2.Agus na láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe á sainaithint ag na Ballstáit, cuirfidh siad na critéir seo a leanas san áireamh:

(a)oibriú gníomhaíochta gníomhaí nó neamhghníomhaí a d’fhéadfadh riosca éillithe a ghabháil léi;

(b)oibriú gníomhaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2010/75/AE;

(c)oibriú bunaíochta dá dtagraítear i dTreoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 77 ;

(d)oibriú gníomhaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 78 ;

(e)tarlú timpiste, tubaiste, teagmhais nó doirte a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héilliú;

(f)aon teagmhas eile a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le héilliú ithreach;

(g)aon fhaisnéis a thiocfaidh as faireachán ar shláinte ithreach arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 6, 7 agus 8.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), leagfaidh na Ballstáit síos liosta de ghníomhaíochtaí riosca a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héilliú. Féadfar na gníomhaíochtaí sin a aicmiú a thuilleadh de réir an riosca go mbeidh éilliú ithreach ann dá ndeasca, bunaithe ar fhianaise eolaíoch.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go sainaithneofar gach láithreán a d’fhéadfadh a bheith éillithe faoin (Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 7 mbliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo); agus go ndéanfar taifead orthu go cuí sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 16 faoin dáta sin.

Airteagal 14

Imscrúdú a dhéanamh ar láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gach láithreán a d’fhéadfadh a bheith éillithe arna shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 13 faoi réir imscrúdú ithreach.

2.Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le sprioc‑am, ábhar, agus foirm na n‑imscrúduithe ithreach agus maidir le tosaíocht a thabhairt dóibh. Leagfar síos na rialacha sin i gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 12 agus leis an liosta de ghníomhaíochtaí riosca a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héilliú dá dtagraítear in Airteagal 13(2), an dara fomhír.

Féadfaidh na Ballstáit a mheas i gcás inarb iomchuí gur imscrúdú ithreach iad tuarascálacha bunlíne agus bearta faireacháin arna gcur chun feidhme i gcomhréir le Treoir 2010/75/AE.

3.Bunóidh na Ballstáit freisin teagmhais shonracha lena spreagtar imscrúdú roimh an sprioc‑am a leagtar síos i gcomhréir le mír 2.

Airteagal 15

Measúnú riosca agus bainistíocht ar láithreáin éillithe

1.Leagfaidh na Ballstáit síos an mhodheolaíocht shonrach chun na rioscaí a bhaineann go sonrach le láithreáin éillithe a chinneadh. Beidh an mhodheolaíocht sin bunaithe ar na céimeanna agus na ceanglais maidir le measúnú riosca a bhaineann go sonrach le láithreáin a liostaítear in Iarscríbhinn VI.

2.Saineoidh na Ballstáit an rud is riosca do‑ghlactha do shláinte an duine agus don chomhshaol ann de thoradh láithreáin éillithe trí eolas eolaíoch atá ann cheana, trí phrionsabal an réamhchúraim, sainiúlachtaí áitiúla, agus úsáid na talún faoi láthair agus amach anseo a chur san áireamh.

3.I gcás gach láithreáin éillithe arna sainaithint de bhun Airteagal 14 nó trí aon mhodh eile, déanfaidh an t‑údarás inniúil freagrach measúnú a bhainfidh go sonrach leis an láithreán maidir le húsáid na talún faoi láthair agus maidir le húsáid na talún atá beartaithe chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil rioscaí do-ghlactha ag baint leis an láithreán éillithe do shláinte an duine nó don chomhshaol.

4.Ar bhonn thoradh an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an t‑údarás inniúil freagrach na bearta is iomchuí chun go mbeidh na rioscaí ar leibhéal inghlactha do shláinte an duine agus don chomhshaol (‘bearta laghdaithe riosca’).

5.Féadfaidh na bearta dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a bheith sna bearta laghdaithe riosca sin. Agus cinneadh á dhéanamh ag an údarás inniúil maidir leis na bearta laghdaithe riosca is iomchuí, cuirfidh sé costais, tairbhí, éifeachtacht, marthanacht agus indéantacht theicniúil na mbeart laghdaithe riosca atá ar fáil san áireamh.

6.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun Iarscríbhinní V agus VI a leasú chun liosta na mbeart maidir le laghdú rioscaí agus na gceanglas maidir le measúnú riosca atá sonrach don láithreán a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

Airteagal 16

Clár

1.Faoin (Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 4 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo), déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le mír 2, clár de láithreáin éillithe agus de láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a tharraingt suas.

2.Beidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VII sa chlár.

3.Déanfaidh an t‑údarás inniúil atá freagrach an clár a bhainistiú agus déanfar é a athbhreithniú agus a choinneáil cothrom le dáta go tráthrialta.

4.Poibleoidh na Ballstáit an clár agus an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Féadfaidh an t‑údarás inniúil diúltú do nochtadh aon fhaisnéise nó srian a chur léi i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 79 .

Cuirfear an clár ar fáil i mbunachar sonraí spásúlachta geo‑thagartha ar líne.

5.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar formáid an chláir. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21.

Caibidil V

Maoiniú, faisnéis don phobal agus tuairisciú ag na Ballstáit

Airteagal 17

Maoiniú ón Aontas

I bhfianaise na tosaíochta a ghabhann ó nádúr le faireachán ithreach agus bainistiú inbhuanaithe ithreach agus le hathghiniúint ithreach a bhunú, tacófar le cur chun feidhme na Treorach seo ó chláir airgeadais an Aontais atá ann cheana i gcomhréir leis na rialacha agus na coinníollacha is infheidhme sna cláir sin.

Airteagal 18

Tuairisciú ag na Ballstáit

1.Déanfaidh na Ballstáit na sonraí agus an fhaisnéis seo a leanas a thuairisciú go leictreonach don Choimisiún agus don EEA gach 5 bliana:

(a)sonraí agus torthaí an fhaireacháin agus an mheasúnaithe ar shláinte ithreach a rinneadh i gcomhréir le hAirteagail 6 go 9;

(b)anailís treochta ar shláinte ithreach le haghaidh na dtuairisceoirí a liostaítear i gcodanna A, B, agus C d’Iarscríbhinn I agus le haghaidh táscairí tógála talún agus séalaithe ithreach a liostaítear i gcuid D d’Iarscríbhinn I i gcomhréir le hAirteagal 9;

(c)achoimre ar an dul chun cinn maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)prionsabail inbhuanaithe um bainistiú ithreach a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 10;

(ii)clárú agus sainaithint láithreán éillithe, agus imscrúdú agus bainistiú orthu, i gcomhréir le hAirteagail 12 go 16;

(d)na sonraí agus an fhaisnéis atá sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 16.

Cuirfear na chéad tuarascálacha isteach faoin … (Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 5 bliana agus 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach).

2.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain bhuan ag an gCoimisiún agus ag EEA ar an bhfaisnéis agus na sonraí dá dtagraítear i mír 1.

3.Soláthróidh na Ballstáit rochtain ar líne don Choimisiún ar na nithe seo a leanas:

(a)liosta cothrom le dáta agus sonraí spásúla maidir lena limistéir ithreach dá dtagraítear in Airteagal 4 faoin … (Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 2 bhliain agus 3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach);

(b)liosta cothrom le dáta de na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 5 faoin … (Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 2 bhliain agus 3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach);

(c)na bearta agus na cleachtais inbhuanaithe um bainistiú ithreach dá dtagraítear in Airteagal 10 faoin … (Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 4 bliana agus 3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach).

4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear an fhormáid agus na módúlachtaí chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur isteach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21.

Airteagal 19

Faisnéis don phobal

1.Poibleoidh na Ballstáit na sonraí arna nginiúint ag an bhfaireachán a rinneadh faoi Airteagal 8 agus cuirfidh siad an measúnú a rinneadh faoi Airteagal 9 den Treoir seo ar fáil don phobal, i gcomhréir leis na forálacha faoi Airteagal 11 de Threoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 80 i gcás sonraí atá sainráite ó thaobh na geografaíochta de agus faoi Airteagal 5 de Threoir (AE) 2019/1024 i gcás sonraí eile.

2.Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh fáil ag an bpobal ar na sonraí maidir le sláinte ithreach arna gcur ar fáil tríd an tairseach dhigiteach sonraí maidir le sláinte ithreach dá dtagraítear in Airteagal 6 i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 81 agus Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 82 .

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 18 den Treoir seo ar fáil agus inrochtana don phobal i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE, Treoir 2007/2/CE agus Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 83 .

4.Féadfar diúltú do nochtadh aon fhaisnéise a cheanglaítear faoin Treoir seo nó srian a chur léi i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 2003/4/CE.

Caibidil VI

Tarmligean agus Nós imeachta coiste

Airteagal 20

An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 8, 10, 15 agus 16 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 8, 10, 15 agus 16 a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.Sula nglacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe, rachaidh sé i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 8, 10, 15 agus 16 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 21

An coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Caibidil VII

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 22

Rochtain ar an gceartas

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag an bpobal, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, pobal a bhfuil leas leordhóthanach aige nó a mhaíonn go bhfuil ceart á shárú, ar nós imeachta athbhreithniúcháin os comhair cúirt dlí nó comhlacht neamhspleách neamhchlaonta arna bhunú ag dlí, chun agóid a dhéanamh i gcoinne dhlíthiúlacht shubstainteach nó nós imeachta an mheasúnaithe ar shláinte ithreach, ar na bearta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus ar aon mhainneachtain gníomhaithe ag na húdaráis inniúla.

Cinnfidh na Ballstáit an rud is leas leordhóthanach ann agus an rud is sárú leordhóthanach ar cheart ann, go comhsheasmhach leis an gcuspóir rochtain leathan ar cheartas a sholáthar don phobal. Chun críocha mhír 1, aon eagraíocht neamhrialtasach a chuireann cosaint an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglas faoin dlí náisiúnta, measfar go bhfuil cearta aici ar féidir iad a shárú agus measfar go bhfuil a leas leordhóthanach.

Beidh na nósanna imeachta athbhreithniúcháin dá dtagraítear i mír 1 cóir, cothrom, tráthúil agus saor in aisce nó ní bheidh siad róchostasach, agus soláthrófar leo leigheasanna leordhóthanacha éifeachtacha, lena n‑áirítear faoiseamh urghaire i gcás inar gá.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis phraiticiúil ar fáil don phobal maidir le rochtain ar na nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 23

Pionóis

1.Gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos, agus áiritheoidh siad go gcuirfear na rialacha sin chun feidhme. Beidh na pionóis dá ndéantar foráil éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.Áireofar sna pionóis dá dtagraítear i mír 1 fíneálacha atá comhréireach le láimhdeachas an duine dhlítheanaigh nó le hioncam an duine nádúrtha a rinne an sárú. Déanfar leibhéal na bhfíneálacha a ríomh ar bhealach lena n‑áiritheofar go mbainfear go héifeachtach na tairbhí eacnamaíocha a eascraíonn as an sárú sin den duine atá freagrach as an sárú sin. I gcás sárú arna dhéanamh ag duine dlítheanach, beidh na fíneálacha sin comhréireach le láimhdeachas bliantúil an duine dhlítheanaigh sa Bhallstát lena mbaineann, agus aird á tabhairt, inter alia, ar shainiúlachtaí fiontar beag agus meánmhéide (FBManna).

3.Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aird chuí ar na nithe seo a leanas sna pionóis a bhunófar de bhun an Airteagail seo, de réir mar is infheidhme:

(a)cineál, tromchúis agus méid an tsáraithe;

(b)cineál an tsáraithe, is é sin an ndearnadh d’aon ghnó nó le faillí é;

(c)an daonra nó an comhshaol dá ndéanann an sárú difear, agus aird á tabhairt ar thionchar an tsáraithe ar an gcuspóir atá ann chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaint amach.

4.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, gan moill mhíchuí, faoi na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus faoi aon leasú ina dhiaidh a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 24

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.Faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 6 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo a cuspóirí agus ar an ngá lena forálacha a leasú chun ceanglais níos sonraí a shocrú chun a áirithiú go ndéanfar ithreacha míshláintiúla a athghiniúint agus go mbeidh gach ithir sláintiúil faoi 2050. Cuirfear san áireamh, inter alia, sa mheastóireacht sin na heilimintí seo a leanas:

(a)an taithí a fuarthas tríd an Treoir seo a chur chun feidhme;

(b)na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 18;

(c)sonraí ábhartha eolaíocha agus anailíseacha, lena n‑áirítear torthaí ó thionscadail taighde arna gcistiú ag an Aontas;

(d)anailís ar an mbearna i dtreo ithreacha sláintiúla a bhaint amach faoi 2050;

(e)anailís ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann forálacha na Treorach seo a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, go háirithe maidir leis na míreanna seo a leanas:

(i)an sainmhíniú ar ithreacha sláintiúla;

(ii)critéir a bhaineann leis na tuairisceoirí ithreach a liostaítear i gcuid C d’Iarscríbhinn I a bhunú;

(iii)tuairisceoirí nua ithreach a chur isteach chun críoch faireacháin.

2.Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le príomhthorthaí na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus Choiste na Réigiún.

Airteagal 25

Trasuí

1.Na dlíthe, rialacháin agus forálacha reachtaíochta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach dáta = 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach]. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 27

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.CREAT AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimse (réimsí) beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

1.4.Cuspóir(í)

1.4.1.Cuspóir(í) ginearálta

1.4.2.Cuspóir(í) sonrach(a)

1.4.3.An toradh (na torthaí) agus an tionchar a bhfuil coinne leo

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Ceangla(i)s is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar thosca difriúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

1.7.An modh (na modhanna) atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córa(i)s b(h)ainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na modhanna íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuil coinne leis (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus an líne bhuiséid (na línte buiséid) caiteachais dá ndéanfar difear

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2.An t‑aschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

1.CREAT AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Faireachán Ithreach agus Athléimneacht Ithreach (an Dlí maidir le Faireachán Ithreach).

1.2.Réimse (réimsí) beartais lena mbaineann 

09 - An Comhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide

Gníomhaíochtaí:

09 02 – An Clár don Chomhshaol agus don Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE)

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

 gníomhaíocht nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 84  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóir(í)

1.4.1.Cuspóir(í) ginearálta

Is é cuspóir na Treorach atá beartaithe rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin mhóra shochaíocha seo a leanas:

- Aeráidneodracht a bhaint amach agus athléimneacht i leith an athraithe aeráide a fhorbairt

- Cailliúint bithéagsúlachta a stopadh agus gealltanais idirnáisiúnta maidir le bithéagsúlacht a chomhlíonadh

- Truailliú a laghdú chuig leibhéil nach meastar a thuilleadh a bheith díobhálach do shláinte an duine agus don chomhshaol

- Gealltanais idirnáisiúnta maidir le neodracht ó thaobh díghrádú talún a chomhlíonadh

1.4.2.Cuspóir(í) sonrach(a)

Ag teacht as an gcuspóir ginearálta, is é seo a leanas cuspóir sonrach na Treorach seo atá beartaithe:

- Deireadh a chur le díghrádú ithreach agus ithreacha sláintiúla a bhaint amach ar fud an Aontais faoi 2050, chun a áirithiú gur féidir le hithreacha an Aontais éicisheirbhísí líonmhara a sholáthar ar scála atá leordhóthanach chun freastal ar riachtanais chomhshaoil, shochaíocha agus eacnamaíocha, agus chun truailliú ithreach a laghdú go leibhéil nach meastar a bheith díobhálach do shláinte an duine agus don chomhshaol.

Ag teacht as an gcuspóir sonrach, is iad seo a leanas na cuspóirí oibríochtúla:

- Bearta a bhunú chun deireadh a chur le díghrádú ithreacha agus chun sláinte ithreach a athghiniúint.

- Creat éifeachtach a bhunú chun cur chun feidhme a áirithiú go háirithe tríd an oibleagáid atá ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar shláinte ithreach chomh maith le tuairisciú agus athbhreithniú a dhéanamh.

1.4.3.An toradh (na torthaí) agus an tionchar a bhfuil coinne leo

Sonraigh an tionchar ar cheart a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Seachadfaidh an tionscnamh atá beartaithe sochair shuntasacha chomhshaoil agus cuirfear feabhas ar shláinte ithreach leis agus beidh torthaí iarmhartacha aige ar cháilíocht aeir agus uisce, ar an mbithéagsúlacht, agus ar an tairbhe don aeráid agus don bhia. Tugtar aghaidh ar na rioscaí do shláinte an duine agus don chomhshaol ó láithreáin éillithe leis.

Braitheann leas agus folláine na nglúnta atá ann faoi láthair agus na nglúnta a bheidh ann amach anseo ar shláinte ithreach.

Tá coinne leis go gcruthófar le cur chun feidhme an togra neart deiseanna do FBManna le haghaidh fáis (e.g. imscrúdú a dhéanamh ar láithreáin éillithe agus iad a fheabhsú, seirbhísí comhairleacha maidir le sláinte ithreach, saotharlanna tástála ithreach) agus chun nuálaíocht i gceapadh agus i gcur chun feidhme bearta maidir le bainistiú agus athchóiriú ithreach inbhuanaithe, agus maidir le himscrúdú a dhéanamh ar ithreacha éillithe agus iad a fheabhsú.

Tá coinne leis go gcruthófar le cur chun feidhme an fhaireacháin ithreach deiseanna don taighde agus forbairt agus don ghnó chun paraiméadair agus breathnóireacht ithreach a fhorbairt.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Ba cheart a áirithiú le cur chun feidhme an togra go mbeidh ithreacha ar fud an Aontais sláintiúil faoi 2050 agus go ndéanfar iad a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe ionas nach dtiocfaidh tuilleadh meatha orthu.

Is iad seo a leanas na príomhtháscairí a bheartaítear chun faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme:

- líon na bpointí faireacháin ar shláinte ithreach

- an chuid de chríoch an Aontais ina bhfuil stádas sláintiúil ag ithreacha

- na bearta um bainistiú ithreach inbhuanaithe a glacadh

- na bearta maidir le hathghiniúint a cuireadh i bhfeidhm

- líon na láithreán a d’fhéadfadh a bheith éillithe atá cláraithe sna cláir náisiúnta thiomnaithe

- líon na láithreán a d’fhéadfadh a bheith éillithe a ndearnadh imscrúdú orthu

- líon na láithreán éillithe ar cuireadh feabhas orthu nó a bhfuil bainistiú ceart á dhéanamh orthu

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Ceangla(i)s is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh

Tiocfaidh an Treoir atá beartaithe i bhfeidhm tar éis a glactha ach beidh tréimhse trasuí 2 bhliain ann do na Ballstáit chun na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus fógra a thabhairt maidir leo.

Le linn na tréimhse trasuí sin, tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit trí mheán na nithe seo a leanas:
- treoirdhoiciméad maidir le trasuí na Treorach;

- ábhair éagsúla treoraíochta agus faisnéise a fhorbairt maidir le cur chun feidhme na Treorach, más gá sin

- feidhm deisce cabhrach

Tar éis don Choimisiún an Treoir a ghlacadh, déanfaidh sé na nithe seo a leanas:

- tionólfaidh sé an coiste sonrach nua go tráthrialta, ar coiste é a thabharfaidh cúnamh don Choimisiún agus do chruinnithe sainghrúpaí

- na bearta agus na socruithe is gá a dhéanamh chun clár ithreach LUCAS a thabhairt cothrom le dáta agus a chur i bhfeidhm, ar clár é a chomhlánóidh creat faireacháin na mBallstát;

Tar éis don sprioc‑am trasuí dul in éag, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir lena bheartas maidir le fíorú ar chur chun feidhme reachtaíocht an Aontais na nithe seo a leanas:

- iomláine na mbeart trasuite ar thug na Ballstáit fógra fúthu a fhíorú agus, más gá, féadfaidh sé nósanna imeachta um shárú a thionscnamh;

- comhréireacht na mbeart trasuí ag Ballstáit a fhíorú agus más gá féadfaidh sé nósanna imeachta um shárú a thionscnamh.

Tar éis don sprioc‑am trasuí dul in éag, ní mór do na Ballstáit na nithe seo a leanas a dhéanamh:

rialachas iomchuí a chur i bhfeidhm

ceantair ithreach a bhunú

creat faireacháin ithreach a chur i bhfeidhm lena n‑áirítear pointí samplála a chinneadh agus modheolaíochtaí a ghlacadh

clár na láithreán a d’fhéadfadh a bheith éillithe a bhunú.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar thosca difriúla, e.g. deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta, comhlántachtaí, nó gnóthachain de thoradh comhordú). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Cúiseanna le beart a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach (ex‑ante)

Téann spreagthaí agus tionchair díghrádaithe ithreach thar theorainneacha tíortha agus laghdaítear leo soláthar éicisheirbhísí ar fud an Aontais agus a chomharsan. Tá sé cruthaithe nach bhfuil gníomhaíocht náisiúnta leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar dhíghrádú ithreach ar fud an Aontais agus tá leibhéil éagsúla cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine mar thoradh air sin.

An breisluach AE a bhfuil coinne leis a ghiniúint (ex post)

Tá coinne leis go nginfí le gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais sineirgí, gnóthachain éifeachtachta agus éifeachtúlachta chun faireachán a dhéanamh ar shláinte ithreach agus í a athbhunú agus chun a áirithiú go ndéantar ithreacha a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe. Tá coinne leis freisin go gcomhlíonfaí le gníomhaíocht chomhordaithe na gealltanais, atá ag brath freisin ar shláinte ithreach, a rinneadh san Aontas agus sa chomhthéacs domhanda, is é sin na gealltanais maidir le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta a chúlú, go ndíreofaí ar thruailliú nialasach agus go mbainfí neodracht ó thaobh díghrádú talún amach. Ar deireadh, tá coinne leis go dtabharfaí aghaidh le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais ar shaobhadh féideartha sa mhargadh inmheánach agus ar iomaíocht éagórach idir gnólachtaí, ós rud é gurb ann do cheanglais chomhshaoil níos lú i roinnt Ballstát.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

I mí Aibreáin 2002, d’fhógair an Coimisiún den chéad uair go bhfuil sé de rún aige Straitéis um Chosaint Ithreach a fhorbairt agus gach rud a chur i dtreo le haghaidh togra maidir le reachtaíocht ithreach an Aontais. Ghlac an Coimisiún an chéad togra ina dhiaidh sin in 2006 ach tharla dianphléití polaitiúla i gComhairle an Aontais Eorpaigh faoi uachtaránachtaí comhleanúnacha ar an Aontas. Níor thángthas ar chomhaontú mar gheall ar mhionlach blocála de chúig Bhallstát. Dá thoradh sin, tharraing an Coimisiún a thogra siar in 2014.

Léiríodh leis na díospóireachtaí sin gur féidir cur ina choinne ag grúpaí difriúla páirtithe leasmhara agus Ballstát a bheith spreagtha le rialáil na hithreach ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, roimh don Choimisiún an tionscnamh nua seo a ullmhú, chaith an Coimisiún dua chun bualadh leis na páirtithe leasmhara agus leis na Ballstáit agus chun dul i gcomhairle leo agus trí shainghrúpa AE ar chosaint ithreach a bhunú.

Tugadh aird ar leith ar phrionsabal na coimhdeachta agus ar phrionsabal na comhréireachta trí bhíthin solúbthacht leordhóthanach. Cuirtear san áireamh go mór freisin sa togra éagsúlacht na n‑ithreacha, na dálaí aeráide agus na húsáide talún.

Soláthraítear le cur chuige atá dírithe níos mó ar thorthaí agus le spriocanna soiléire agus níos lú béime ar an bpróiseas agus ar na bearta atá le cur chun feidhme níos mó solúbthachta ar an leibhéal náisiúnta, agus an gá le hithir a chosaint ar bhealach comhleanúnach ar fud an Aontais fós á chomhlíonadh.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Tagann an tionscnamh faoi Cheannteideal 3 (Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol), Teideal 9 (An Comhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide) den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027

Tagann an tionscnamh faoi scáth an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Leanann sé freisin na huaillmhianta a leagtar amach i Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 agus rannchuidíonn sé le baint amach na n‑uaillmhianta sin. Tá Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh ina phríomhtháirgí insoláthartha de Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, agus leagtar amach inti creat agus bearta coincréiteacha chun ithreacha a chosaint agus a athchóiriú, agus chun a áirithiú go n‑úsáidtear iad ar bhealach hinbhuanaithe. Leagtar amach inti fís agus cuspóirí chun ithreacha sláintiúla a bhaint amach faoi 2050, maille le gníomhaíochtaí coincréiteacha faoi 2030.

Tá an togra comhlántach ar bhearta eile a leagtar amach sa Straitéis Bhithéagsúlachta go dtí 2030 (amhail an Dlí maidir le hAthchóiriú an Dúlra) agus i Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh (amhail an treoraíocht maidir le measúnú riosca, séalú ithreach agus cistiú).

Tacófar le cur chun feidhme an tionscnaimh ag Ballstáit agus ag gnólachtaí le raon clár de chuid an Aontais amhail an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (Fís Eorpach, FE) go háirithe tríd an Misean de chuid FE ‘Comhaontú ithreach don Eoraip’, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), InvestEU, agus maoiniú náisiúnta ó Bhallstáit an Aontais agus cistiú príobháideach.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Beidh cúraimí agus gníomhaíochtaí nua don Choimisiún ag gabháil le cur chun feidhme na Treorach nua. Chuige sin, beidh gá le hacmhainní daonna, tacaíocht EEA, acmhainní soláthair le haghaidh conraitheoirí seachtracha agus socrú riaracháin amháin nó níos mó le JRC.

Níl aon ionstraim cheangailteach thiomnaithe AE maidir leis an ithir ann faoi láthair agus dá bhrí sin is freagrachtaí nua ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit iad cur chun feidhme na Treorach agus faireachán a dhéanamh uirthi.

Teastaíonn acmhainní breise chuige sin le hardchumas i dtaca le breithiúnas polaitiúil, eolas ar bheartais, scileanna anailíseacha, neamhspleáchas agus athléimneacht le linn chur chun feidhme fadtéarmach na reachtaíochta. Beidh gá freisin le tacaíocht shaineolach bhreise, trí sheachfhoinsiú, i gcás inar féidir, agus ní mór gurb é an Coimisiún a thugann faoi phríomhchúraimí a mbaineann leibhéal ard íogaireachta leo.

1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an tionchar airgeadais a mheastar a bheidh aige

 tréimhse theoranta

–    i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

–    Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair leithreasuithe gealltanais agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

–Cur chun feidhme le tréimhse tosaithe a fhreagraíonn don tréimhse trasuí 2 bhliain

–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.An modh (na modhanna) atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 

Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

– ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den phearsanra atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

–    trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

– tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

– eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

– BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

–comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

– comhlachtaí dlí phoiblí;

– comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a sholáthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

– comhlachtaí a rialaítear le dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

– comhlachtaí nó daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’.

Nótaí

N/B

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Baineann soláthar, socruithe riaracháin leis an JRC, agus an tionchar ar COM HR leis an tionscnamh. Tá feidhm ag na gnáthrialacha maidir leis an gcineál caiteachais sin.

2.2.Córa(i)s b(h)ainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na modhanna íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

N/B – cf. thuas.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

N/B – cf. thuas.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuil coinne leis (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

N/B – cf. thuas.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atáthar ag brath a dhéanamh, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

N/B – cf. thuas.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus an líne bhuiséid (na línte buiséid) caiteachais dá ndéanfar difear

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál  
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir  

LD/LN 85 .

ó thíortha de chuid CSTE 86

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 87

ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

3 

09 02 01 Dúlra agus bithéagsúlacht  

 

Difreáilte

TÁ 

NÍL 

TÁ 

NÍL 

7 

20 01 02 01 – Luach saothair agus liúntais 

LN 

NÍL 

NÍL 

NÍL 

NÍL 

7 

20 02 01 03 – Státseirbhísigh náisiúnta atá sannta go sealadach chun na hinstitiúide  

LN 

NÍL 

NÍL 

NÍL 

NÍL 

7 

20 02 06 01 - Costas misin agus ionadaíochta  

LN 

NÍL 

NÍL 

NÍL 

NÍL 

7 

20 02 06 02 – Cruinnithe, grúpaí saineolaithe 

LN 

NÍL 

NÍL 

NÍL 

NÍL 

7

20 02 06 03 – Coistí

LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh: N/B

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

–    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

–    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais  
ilbhliantúil

1

An margadh aonair, an nuálaíocht agus cúrsaí digiteacha

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Ard‑Stiúrthóireacht: JRC

□ Acmhainní daonna

0.342

0.513

0.513

0.513

1.881

□ Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN ARD‑STIÚRTHÓIREACHT JRC

Leithreasuithe

0.342

0.513

0.513

0.513

1.881

Ceannteideal an chreata airgeadais  
ilbhliantúil

3

Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol

Ard‑Stiúrthóireacht: An Comhshaol

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

□ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

09 02 01 Dúlra agus bithéagsúlacht

Gealltanais

(1a)

0.500

0.500

0.500

0.500

2.000

Íocaíochtaí

(2a)

0.500

0.500

0.500

0.500

2.000

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 88  

Líne bhuiséid

(3)

IOMLÁN na leithreasuithe 
ar son AS an Chomhshaoil

Gealltanais

=1a+3

0.500

0.500

0.500

0.500

2.000

Íocaíochtaí

=2a

+3

0.500

0.500

0.500

0.500

2.000

 
Beidh gá leis an méid a thuairiscítear thuas chun tacú le cúraimí cur chun feidhme éagsúla a bhaineann leis na forálacha reachtacha a dhéanfaidh AS an Chomhshaoil agus JRC.

Áirítear ar na gníomhaíochtaí a soláthrófar conradh tacaíochta ginearálta chun an togra a chur chun feidhme.

Ina theannta sin, tá socruithe riaracháin leis an JRC san áireamh sa chatagóir seo, go háirithe chun faireachán comhtháite a bhunú.

 

Gach costas seachas costais Acmhainní Daonna agus Riaracháin

(EUR milliún (go dtí an tríú deachúil))

cúraimí

muirí

2023

2024

2025

2026

2027

iomlán

Tacaíocht ghinearálta chun an treoir a chur chun feidhme (chun treoraíocht theicniúil a fhorbairt, tacaíocht a sholáthar maidir le trasuí agus chur chun feidhme, etc. ag na Ballstáit)

Conradh seirbhíse/ Saineolaithe seachtracha

 

0.150

0.150

0.150

0.150

0.600

Maidir le ranníocaíocht airgeadais bhreise (cuid d’Ard‑Stiúrthóireacht an Chomhshaoil) go ceann thréimhse Shuirbhé LUCAS agus a mhodúl ithreach LUCAS (go dtí go ndéanfaidh Ard‑Stiúrthóireachtaí eile ranníocaíocht a shainiú) 89 .

0.000

0.000

0.000

0.000

0.000

Uasghrádú ar EUSO, deais i ndáil le Sláinte Ithreach, LUCAS Ithreach; sonraí ó LUCAS Ithreach agus ó na Ballstáit a chomhtháthú; comhchuibhiú modheolaíochtaí a éascú
Tacaíocht a sholáthar chun an Treoir a thrasuí agus a chur chun feidhme, go háirithe maidir le tógáil talún agus éilliú ithreach, eilimintí faireacháin na mBallstát a chomhtháthú agus comhchuibhiú a chur chun cinn

Socrú riaracháin idir ENV - JRC

 

0.350

0.350

0.350

0.350

1.400

Iomlán

 

 

0.500

0.500

0.500

0.500

2.000

Maidir leis an nGníomhaireacht EEA, tabharfar mionsonraí ar an tionchar ar an ngníomhaireacht agus ar aon ghá lena neartú, de réir mar is gá, i Ráiteas Airgeadais Reachtach tiomnaithe ina ndéanfar gach tionscnamh ábhartha atá beartaithe a ghrúpáil le chéile.



□ IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

□ IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

IOMLÁN na leithreasuithe  
faoi CHEANNTEIDEAL 3 ENV  
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

= 4+ 6

0.000

0.500

0.500

0.500

0.500

2.000

Íocaíochtaí

= 5+ 6

0.000

0.500

0.500

0.500

0.500

2.000

□ IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)

(6)

IOMLÁN na leithreasuithe  
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

= 4+ 6

0.000

0.842

1.013

1.013

1.013

3.881

Íocaíochtaí

= 5+ 6

0.000

0.842

1.013

1.013

1.013

3.881





Ceannteideal an chreata airgeadais  
ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

Ba cheart an chuid seo a líonadh isteach ag úsáid na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an gcinneadh ón gCoimisiún maidir leis na rialacha inmheánacha i ndáil le cur chun feidhme roinn an Choimisiúin de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh), agus a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Ard‑Stiúrthóireacht: An Comhshaol

□ Acmhainní daonna

0.528

0.699

0.699

0.870

2.796

□ Caiteachas riaracháin eile

0.031

0.062

0.110

0.110

0.110

0.423

IOMLÁN AS AN CHOMHSHAOIL

Leithreasuithe

0.031

0.590

0.809

0.809

0.980

3.219

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Ard‑Stiúrthóireacht: ESTAT

□ Acmhainní daonna

0.342

0.342

0.433

0.433

1.550

□ Caiteachas riaracháin eile

0.000

0.000

0.000

0.000

0.000

0.000

IOMLÁN AS ESTAT

Leithreasuithe

0.000

0.342

0.342

0.433

0.433

1.550

Ríomhtar an costas in aghaidh an choibhéisigh lánaimseartha (AD/AST) ag EUR 171 000/in aghaidh na bliana agus ag EUR 91 000 in aghaidh na bliana in aghaidh CA. Tugtar cuntas leis an gcaiteachas riaracháin eile do chruinnithe, misin, agus costais eile atá bainteach leis an bpearsanra sin den Choiste agus den ghrúpa saineolaithe.

IOMLÁN na leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0.031

0.932

1.151

1.242

1.413

4.769

EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

IOMLÁN na leithreasuithe  
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

0.031

1.774

2.164

2.255

2.426

8.650

Íocaíochtaí

0.031

1.774

2.164

2.255

2.426

8.650

3.2.2.An t‑aschur a mheastar a mhaoineofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Cuir isteach an oiread blianta is gá le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál 90

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 91 …

- Aschur

- Aschur

- Aschur

Fo‑iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo‑iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

IOMLÁN

3.2.3.

1.1.1.1.Ceanglais mheasta maidir le leithreasuithe riaracháin sa Choimisiún

–    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

–    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0.000

0.870

1.041

1.132

1.303

4.346

Caiteachas riaracháin eile

0.031

0.062

0.110

0.110

0.110

0.423

Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0.031

0.932

1.151

1.242

1.413

4.769

Is é EUR 171 000/b an costas arna ríomh in aghaidh an choibhéisigh lánaimseartha (AD/AST). Na cuntais ‘caiteachas riaracháin eile’ le haghaidh cruinnithe den Choiste agus den ghrúpa saineolaithe, misin, agus costais eile atá bainteach leis an bpearsanra sin.

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 92  
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní Daonna (JRC)

0.342

0.513

0.513

0.513

1.881

Caiteachas eile  
de chineál riaracháin

Fo‑iomlán  
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

N/B 

0.342

0.513

0.513

0.513

1.881

IOMLÁN

0.031

1.274

1.664

1.755

1.926

6.650

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard‑Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, in éineacht más gá le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

–    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

–    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

 

2023 

2024 

2025 

2026 

2027

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíochta an Choimisiúin) - AS an Chomhshaoil

 

2

3

3

4

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) - Eurostat

2

2

2

2

20 01 02 03 (Toscaireachtaí) 

 

 

 

 

 

01 01 01 01  (Taighde indíreach) 

 

 

 01 01 01 11 (Taighde díreach) - JRC

 

2

3

3

3

Línte buiséid eile (sonraigh) 

 

 

 

 

 

20 02 01 (CA, SNE, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’) - AS an Chomhshaoil

 

2

2

2

2

20 02 01 (CA, SNE, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’) - Eurostat

1

1

20 02 03 (CA, LA, SNE, INT agus JPD sna toscaireachtaí) 

 

 

 

 

 

XX 01 xx yy zz  9 

 

- sa Cheanncheathrú 

 

 

 

 

 

 

- i dTtoscaireachtaí  

 

 

 

 

 

01 01 01 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach) 

 

 

 

 

 

 01 01 01 12 (CA, SNE, INT – taighde díreach) 

 

 

 

 

 

Línte buiséid eile (sonraigh) 

 

 

 

 

 

IOMLÁN 

 

8

10

11

12

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, in éineacht más gá le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Tuairisc ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach ENV

Treoraíocht theicniúil a ullmhú agus a forbairt a stiúradh agus tacaíocht a sholáthar do na Ballstáit maidir le trasuí agus cur chun feidhme an tionscnaimh, go háirithe sna réimsí seo a leanas: critéir maidir le sláinte ithreach, sampláil, sonraí, modheolaíocht, measúnú, faireachán agus anailís; ceantair ithreach; tógáil talún; clár de láithreáin éillithe.

Idirphlé a chothú ar shláinte ithreach leis na Ballstáit, lena n‑údaráis inniúla agus leis an EEA lena n‑áirítear idirphlé faoi chuimsiú coistí agus grúpaí saineolaithe ábhartha; tuairisciú chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Na nithe seo a leanas a ullmhú agus a stiúradh: faireachán agus fíorú a dhéanamh ar thrasuí agus ar chur chun feidhme an dlí ag na Ballstáit; oiriúnú a dhéanamh ar Fhaireachlann Ithreach an Aontais agus ar a dheais maidir le sláinte ithreach, agus sonraí na mBallstát á gcomhtháthú freisin; suirbhé staidrimh LUCAS an Aontais a oiriúnú do cheanglais nua an dlí.

Glacadh aon ghníomh cur chun feidhme nua ón gCoimisiún a ullmhú agus a stiúradh, agus na hiarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta.

Pearsanra seachtrach

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht chun saineolas a sholáthar maidir le córas náisiúnta, srianta agus deiseanna chun treoraíocht éifeachtach agus tacaíocht éifeachtach agus éifeachtúil a chur ar fáil do na Ballstáit maidir le trasuí agus cur chun feidhme.

Oifigigh agus pearsanra sealadach JRC

Uasghrádú EUSO agus na deaise i ndáil le sláinte Ithreach a stiúradh i gcomhréir le ceanglais na Treorach.

Tacaíocht theicniúil a sholáthar chun cuidiú leis na Ballstáit an Treoir a thrasuí agus a chur chun feidhme.

Líonadh na bearna eolais a bhaineann leis an treoir a éascú, ar idirphlé le cláir thaighde, e.g. le haghaidh aon tabhairt cothrom le dáta is gá a dhéanamh ar iarscríbhinní na Treorach.

An tabhairt cothrom le dáta ar eolas ábhartha is gá a sholáthar le haghaidh cúraimí beartais ENV a bhaineann leis an Treoir.

LUCAS Ithreach a uasghrádú chun é a dhéanamh comhsheasmhach le ceanglais na Treorach.

Oifigigh agus foireann shealadach Eurostat

Oiriúnú agus uasghrádú a dhéanamh ar shuirbhé staidrimh LUCAS an Aontais chuig ceanglais cháilíochta nua na Treorach.

Suirbhé staidrimh LUCAS an Aontais a reáchtáil agus conarthaí gaolmhara a bhainistiú.

An uirlis bainistíochta sonraí agus an bonneagar TF gaolmhar a oiriúnú chun ceanglais cháilíochta sonraí na Treorach a chomhlíonadh.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

–    is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Maidir leis na costais a shamhlaítear faoi líne bhuiséid 09 02 01, seasfar na costais sin leis an gclár LIFE agus déanfar iad a phleanáil faoi fheidhmiú phlean bliantúil bainistíochta AS an Chomhshaoil. Más féidir freagrófar do na hacmhainní daonna is gá le leithdháileadh breise faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil acmhainní daonna

–    is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta mar a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

–    is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

–    ní dhéantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe

–    déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N 93

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Cuir isteach an oiread blianta is gá le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe

 

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

–    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

–    Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

–    ar acmhainní dílse

–    ar ioncam eile

má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin 

EUR milliún (go dtí an tríú deachúil)

Líne bhuiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 94

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Cuir isteach an oiread blianta is gá le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam ilghnéitheach atá ‘sannta’, sonraigh an líne bhuiséid (na línte buiséid) caiteachais dá ndéantar difear.

[…]

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

[…]

(1)    An Coimisiún Eorpach, Ard‑Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta, Veerman, C., Pinto Correia, T., Bastioli, C.,et al., Caring for soil is caring for life. Ensure 75 % of soils are healthy by 2030 for food, people, nature and climate: report of the Mission Board for Soil health and food [tuarascáil ón mBord Misean um Shláinte ithreach agus bia], Oifig na bhFoilseachán, 2020, https://data.europa.eu/doi/10.2777/821504.
(2)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal Drivers of food security [Spreagthaí na slándála bia], SWD(2023) 4 final.
(3)    Féach Straitéis Bhithgheilleagair an Aontais 2018 agus Tuarascáil an Aontais ar Dhul chun Cinn sa Bhithgheilleagar 2022
(4)    COM(2022)672
(5)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal The European Green Deal [an Comhaontú Glas don Eoraip] COM(2019) 640 final.
(6)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol COM(2020) 380 final.
(7)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Pathway to a Healthy Planet for All EU Action Plan:   Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil [Conair chuig Pláinéad Sláintiúil do Chách. Plean gníomhaíochta an Aontais um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú], COM(2021) 400 final.
(8)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Forging a climate‑resilient Europe‑the new EU Stratam on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide] COM(2021)82 final.
(9)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal EU Soil Strategy for 2030 Reaping the benefits of healthy soils for people, food, nature and climate [Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030: An leas a bhainfidh daoine, bia, an dúlra agus an aeráid as ithreacha sláintiúla] COM(2021) 699 final.
(10)    Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).
(11)    Rúin an 28 Aibreán 2021 maidir le cosaint ithreach (2021/2548(RSP)) agus an 9 Meitheamh 2021 maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol (2020/2273(INI)).
(12)    Council Conclusions on Biodiversity - the need for urgent action [Conclúidí ón gComhairle maidir leis an mBithéagsúlacht - an gá atá le gníomhaíocht phráinneach], 12210/20.
(13)    Tuairimí NAT‑VII/010 ó CnaR i seisiúin iomlánacha an 3, 4 agus 5 Feabhra 2021 maidir le hAgra‑éiceolaíocht agus Tuairim ENVE‑VII/019 ó CnaR i seisiún iomlánach an 26-27 Eanáir 2022 maidir le Plean Gníomhaíochta an Aontais: I dtreo uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú.
(14)    Tuairim NAT/838 ó CESE maidir le Straitéis nua an Aontais Eorpaigh um Ithir an 23 Márta 2022.
(15)    Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (2018), Combating desertification in the EU: a growing threat in need of more action included as a target in the new Kunming-Montreal Global Biodiversity Framework [An gaineamhlú a chomhrac san Aontas Eorpach: bagairt atá ag dul i méid a bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta ina leith a áirítear mar sprioc i gCreat Domhanda Bithéagsúlachta iar‑2020].
(16)    https://sdgs.un.org/goals
(17)    Tá an fhaisnéis san Fhaireachlann Eorpach um Thriomach (féach https://edo.jrc.ec.europa.eu/edov2/php/index.php?id=1000) bunaithe ar shamhail hidreolaíoch LISFLOOD a úsáideann sonraí ithreach LUCAS
(18)    E.g. Abdalla et al.(2019): A critical review of the impacts of cover crops on nitrogen leaching, net greenhouse gas balance and crop productivity [Athbhreithniú criticiúil ar thionchar na mbarr cumhdaigh ar láisteadh nítrigine, ar chothromaíocht na ngás ceaptha teasa glan agus ar tháirgeacht barr]. DOI: 10.1111/gcb.14644; Kik et al. (2021): The economic value of sustainable soil management in arable farming systems – A conceptual framework [Luach eacnamaíoch an bhainistithe ithreach inbhuanaithe maidir le córais feirmeoireachta arúla – Creat coincheapúil]. DOI: https://doi.org/10.1016/j.eja.2021.126334.
(19)    COM(2022)304.
(20)    Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (IO L 243, 9.7.2021).
(21)    Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat aeráide agus fuinneamh 2030, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).
(22)    Rialachán (AE) 2023/839 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/841 a mhéid a bhaineann leis an raon feidhme, leis na rialacha tuairiscithe agus comhlíontachta a shimpliú, agus lena leagtar amach spriocanna na mBallstát le haghaidh 2030, agus Rialachán (AE) 2018/1999 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an bhfaireachán, an tuairisciú, an rianú ar dhul chun cinn agus ar an athbhreithniú (IO L 107, 21.4.2023, lch. 1).
(23)    COM(2022) 672 final.
(24)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally‑friendly food system [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] COM(2020)381 final.
(25)    Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).
(26)    https://agriculture.ec.europa.eu/cap-my-country/cap-strategic-plans_ga
(27)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme a thiontú ina Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme, COM(2022) 296 final 2022/0192 (COD).
(28)    Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/1020, COM/2023/160 final.
(29)    IO C , , lch. .
(30)    IO C , , lch. .
(31)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, an Comhaontú Glas don Eoraip COM(2019) 640 final.
(32)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, An dúlra a thabhairt ar ais inár saol COM(2020) 380 final.
(33)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cóir, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol COM(2020) 381 final.
(34)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách: Plean Gníomhaíochta AE dar teideal Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil [I dtreo truailliú nialasach le haghaidh an aeir, an uisce agus na cré] COM(2021) 400 final.
(35)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú - straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú don athrú aeráide COM(2021)82 final.
(36)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030: An leas a bhainfidh daoine, bia, an dúlra agus an aeráid as ithreacha sláintiúla COM(2021) 699 final.
(37)    https://sdgs.un.org/goals
(38)    Cinneadh ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 1993 i ndáil le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (93/626/CEE) (IO L 309, 13.12.1993, lch. 1).
(39)    Cinneadh a ghlac Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht an 19 Nollaig 2022, 15/4. An Creat Domhanda Bithéagsúlachta iar‑2020.
(40)    Cinneadh ón gComhairle an 9 Márta 1998 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an gaineamhlú a chomhrac sna tíortha ina bhfuil triomach mór agus/nó gaineamhlú, go háirithe san Afraic (IO L 83, 19.3.1998, lch. 1).
(41)    An Bhulgáir, an Ghréig, an Spáinn, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Ungáir, Málta, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, .
(42)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2021 maidir le cosaint ithreach (2021/2548(RSP)).
(43)    Conclúidí ón gComhairle maidir leis an mBithéagsúlacht - an gá atá le gníomhaíocht phráinneach, 12210/20.
(44)    Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(45)    Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle Timthriallta Carbóin Inbhuanaithe COM (2021) 800.
(46)    Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú - straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú don athrú aeráide COM (2021)82 final.
(47)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, An tSlándáil bia a choimirciú agus athléimneacht na gcóras bia a neartú, COM/2022/133 final.
(48) +    Oifig na bhFoilseachán cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin maidir leis an deimhniúchán le haghaidh aistrithe carbóin atá i ndoiciméad COM(2022) 672 final agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO na Treorach sin san fhonóta.
(49)    Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann na n‑aonad críche maidir le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).
(50)    Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (athmhúnlú) (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(51)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí, COM(2020)66 final.
(52)    Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).
(53)    OIFIG NA BHFOILSEACHÁN: cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin maidir le hathbhunú dúlra atá i ndoiciméad COM(2022)304 agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin sin san fhonóta Rialachán (UE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathbhunú dúlra
(54)    Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1).
(55)    Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(56)    Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lgh. 1-73).
(57)    Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le rioscaí tuilte a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 288, 6.11.2007, lch. 27).
(58)    Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú - straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú don athrú aeráide COM(2021)82 final.
(59)    Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).
(60)    Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).
(61)    Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(62)    Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).
(63)    Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
(64)    + OIFIG NA bhFOILSEACHÁN: cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin maidir le húsáid inbhuanaithe táirge cosanta plandaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 atá i ndoiciméad COM(2022)305 agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO na Treorach sin san fhonóta
(65)    Rialachán (AE) 2022/2379 maidir le staidreamh faoi ionchur agus aschur talmhaíochta.
(66)    Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17.
(67)    + OIFIG NA bhFOILSEACHÁN: cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin lena mbunaítear creat chun soláthar slán agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 atá i ndoiciméad COM(2023)160 agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO na Treorach sin san fhonóta.
(68)    An Coinbhinsiúin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil, – Dearbhú, (IO L 124, 17.5.2005).
(69)    Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
(70)    Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n‑aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).
(71)    Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
(72)    Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
(73)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(74)    IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(75)    https://www.fao.org/soils-portal/data-hub/soil-classification/world-reference-base/en/
(76)    M.J. Metzger, A.D. Shkaruba, R.H.G. Jongman agus R.G.H. Bunce, Descriptions of the European Environmental Zones and Strata, Alterra Report 2281 ISSN 1566-7197.
(77)    Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le rialú guaiseacha mórthimpiste lena bhfuil baint ag substaintí contúirteacha, lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle (IO L 197, 24.7.2012, lch. 1).
(78)    Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56)
(79)    Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil agus lena n‑aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).
(80)    Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
(81)    Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(82)    Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13).
(83)    Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
(84)    Dá dtagraítear in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(85)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(86)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(87)    Tíortha is iarrthóirí agus, i gcás inarb infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(88)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(89)    Rinneadh é a chur chun feidhme suas go dtí Suirbhé LUCAS 2022 trí tharmligean buiséadach ó roinnt Ard‑Stiúrthóireachtaí; bunaithe ar na ranníocaíochtaí is déanaí ó Ard‑Stiúrthóireacht an Chomhshaoil, arb ionann iad agus EUR 1 100K in aghaidh na bliana, níl coinne leis go mbeidh gá le haon mhéid breise ó AS an Chomhshaoil; ós rud é gur gá faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar an Treoir, tá imchlúdach buiséadach agus líne bhuiséid thiomnaithe atáthar agg brath a dhéanamh sa chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile a chuirfear chun feidhme i gcomhaontú le gach Ard‑Stiúrthóireacht lena mbaineann (mar shampla trí Mheabhrán Tuisceana).
(90)    Is éard is aschuir ann táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a maoiníodh, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(91)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóir(í) sonrach(a)...’
(92)    Cúnamh teicniúil agus/nó riaracháin agus caiteachas ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(93)    Is í bliain N an bhliain ina gcuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is gá an chéad bhliain cur chun feidhme a bhfuil coinne leis a chur in ionad ‘N’ (mar shampla: 2021). Is gá an rud céanna a dhéanamh i gcás na mblianta eile.
(94)    A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána tar éis do 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

An Bhruiséil,5.7.2023

COM(2023) 416 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

maidir le Faireachán Ithreach agus Athléimneacht Ithreach (an Dlí maidir le Faireachán Ithreach)

EMPTY

{SEC(2023) 416 final} - {SWD(2023) 416 final} - {SWD(2023) 417 final} - {SWD(2023) 418 final} - {SWD(2023) 423 final}


IARSCRÍBHINN I

TUAIRISCEOIRÍ ITHREACH, CRITÉIR LE hAGHAIDH RIOCHT SLÁINTIÚIL ITHREACH, AGUS TÁSCAIRÍ TÓGÁLA TALÚN AGUS SÉALAITHE ITHREACH

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘tógáil talún droim ar ais’ talamh shaorga a thiontú ina talamh nádúrtha nó bhreacnádúrtha;

(2)ciallaíonn ‘glantógáil talún’ an toradh ar thógáil talún lúide tógáil talún droim ar ais.

Gné den dhíghrádú ithreach

Tuairisceoir ithreach

Critéir maidir le riocht sláintiúil ithreach

Limistéir talún a eisiafar chun an critéar gaolmhar a bhaint amach

Cuid A: tuairisceoirí ithreach lena ngabhann critéir maidir le riocht sláintiúil ithreach arna mbunú ar leibhéal an Aontais

Salannú

Seoltacht Leictreach (deici‑Shíminí in aghaidh an mhéadair)

<4 dS m−1 le linn do mhodh tomhais maidir le heastóscadh taois in ithir sháithithe (eEC) á úsáid, nó critéar coibhéiseach má tá modh tomhais eile in úsáid

Limistéir thalún atá salanda go nádúrtha;

Limistéir thalún a ndéanann ardú ar leibhéal na farraige difear díreach dóibh

Creimeadh ithreach

Ráta creimthe ithreach

(tonaí in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana)

≤ 2 t ha-1 b-1 

Drochthailte agus limistéir eile thalún nádúrtha neamhbhainistithe, ach amháin má tá riosca suntasach tubaiste ag baint leo

Caillteanas carbóin orgánaigh ithreach

Tiúchan carbóin orgánaigh ithreach (SOC) (g in aghaidh an kg)

- I gcás ithreacha orgánacha: na spriocanna a leagtar síos maidir le hithreacha den sórt sin ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 4.1, 4.2, 9.4 de Rialachán (AE) …/… 1+ a urramú

Eisiamh ar bith

- I gcás ithreacha mianracha: Cóimheas SOC/cré > 1/13;

Féadfaidh na Ballstáit fachtóir ceartaitheach a chur i bhfeidhm i gcás ina dtugann cineálacha sonracha ithreach nó dálaí aeráide údar leis, agus an cion iarbhír SOC i bhféarthailte buana á chur san áireamh.

Ithreacha neamhbhainistithe i limistéir thalún nádúrtha

Balcadh fo‑ithreach

Dlús toirte i bhfo‑ithir (an chuid uachtarach de léaslíne B nó E 2 ); Féadfaidh na Ballstáit paraiméadar coibhéiseach (g in aghaidh an cm3) a chur in ionad an tuairisceora seo

Uigeacht ithreach 3

raon

gaineamh, gaineamh dúrabhánach, dúrabhán gainmheach, dúrabhán

<1.80

Dúrabhán gainmheach créúil, dúrabhán, dúrabhán créúil, siolta, dúrabhán siolta

<1.75

dúrabhán siolta, dúrabhán créúil siolta

<1.65

Cré ghainmheach, cré shiolta, dúrabhán créúil ina bhfuil 35-45 % de chré

<1.58

Cré

<1.47

I gcás ina gcuireann Ballstát paraiméadar coibhéiseach in ionad an tuairisceora ithreach ‘dlús toirte i bhfo‑ithir’, glacfaidh sé critéar maidir le riocht sláintiúil ithreach don tuairisceoir ithreach roghnaithe a bheidh coibhéiseach leis an gcritéar a leagtar síos maidir le ‘dlús toirte i bhfo‑ithir’.

Ithreacha neamhbhainistithe i limistéir thalún nádúrtha

Cuid B: tuairisceoirí ithreach lena ngabhann critéir maidir le riocht sláintiúil ithreach arna mbunú ar leibhéal na mBallstát

Cion cothaitheach iomarcach san ithir

Fosfar in‑eastósctha (mg in aghaidh an kg)

<‘uasluach’;

Leagfaidh an Ballstát síos an ‘t‑uasluach’ laistigh den raon 30-50 mg kg-1 

Eisiamh ar bith

Éilliú ithreach

- tiúchan trom‑mhiotal san ithir: As, Sb, Cd, Co, Cr (iomlán), Cr (VI), Cu, Hg, Pb, Ni, Tl, V, Zn (µg in aghaidh an kg)
- tiúchan rogha d’éilleáin orgánacha arna bunú ag na Ballstáit agus na teorainneacha tiúchana atá ann cheana á gcur san áireamh e.g. na teorainneacha maidir le cáilíocht uisce agus astaíochtaí aeir i reachtaíocht an Aontais

Dearbhú réasúnta a fuarthas ón tsampláil ar phointí ithreach, láithreáin éillithe a shainaithint agus imscrúdú a dhéanamh orthu agus aon fhaisnéis ábhartha eile, nach ann d’aon riosca do-ghlactha ann do shláinte an duine agus don chomhshaol ón éilliú ithreach.

Gnáthóga a bhfuil tiúchan ard trom‑mhiotal iontu go nádúrtha san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/43/CEE ón gComhairle 4 , fanfaidh siad faoi chosaint.

Eisiamh ar bith

Laghdú ar an acmhainn atá ag ithreacha uisce a choinneáil

Acmhainn coinneála uisce ithreach atá ag an sampla ithreach (% den toirt uisce / toirt ithreach sáithithe)

Tá luach measta na hacmhainne iomláine coinneála uisce atá ag limistéar ithreach de réir abhantraí nó fo‑abhantraí os cionn na tairsí íosta.

Socróidh an Ballstát síos an tairseach íosta (i dtonaí) ar leibhéal an limistéir ithreach agus na habhantraí nó na fo‑abhantraí chuig an luach a fhágann go maolófar tionchar na dtuilte tar éis dian‑theagmhais bháistí nó tréimhsí ísealtaise ithreach i ngeall ar theagmhais triomaigh.

Eisiamh ar bith

Cuid C: tuairisceoirí ithreach gan chritéir

Gné den dhíghrádú ithreach

Tuairisceoir ithreach

Cion cothaitheach iomarcach san ithir

Nítrigin san ithir (mg g-1)

Aigéadú

Aigéadacht ithreach (pH)

Balcadh barrithreach

Dlús toirte i mbarrithir (léaslíne A 5 ) (g cm-3)

Caillteanas bhithéagsúlacht na hithreach

Riospráid foistine ithreach ((mm3 O2 g-1 ur-1) in ithir thirim

Féadfaidh na Ballstáit tuairisceoirí roghnacha ithreach eile a roghnú freisin don bhithéagsúlacht, amhail:
- meitea‑bharrachódú baictéar, fungas, prótaisteach agus ainmhithe;

- flúirse agus éagsúlacht néimeatóidí;

- bithmhais mhiocróbach;

- flúirse agus éagsúlacht péisteanna talún (ar thalamh curaíochta);

- speicis choimhthíocha ionracha agus lotnaidí plandaí

Cuid D: táscairí tógála talún agus séalaithe ithreach

Gné den dhíghrádú ithreach

Táscairí tógála talún agus séalaithe ithreach

Tógáil talún agus séalú ithreach

Iomlán na talún saorga (km² agus % de dhromchla an Bhallstáit)

Tógáil talún, tógáil talún droim ar ais agus glantógáil talún (meán in aghaidh na bliana – in km² agus % de dhromchla an Bhallstáit)

Séalú ithreach (km² iomlán agus % de dhromchla an Bhallstáit)

Féadfaidh na Ballstáit táscairí roghnacha gaolmhara eile a thomhas freisin, amhail:

- ilroinnt talún

- ráta athchúrsála talún

- talamh a thógtar le haghaidh gníomhaíochtaí tráchtála, moil lóistíochta, fuinneamh in‑athnuaite, dromchlaí amhail aerfoirt, bóithre, mianaigh

- iarmhairtí na tógála talún, amhail caillteanas éicisheirbhísí a chainníochtú, athrú ar dhéine na dtuilte

IARSCRÍBHINN II

MODHEOLAÍOCHTAÍ

Cuid A: Modheolaíocht chun pointí samplála a chinneadh

Gníomhaíocht

Critéir íosta don mhodheolaíocht

Pointí samplála a chinneadh (suirbhé samplach)

Dearfar an suirbhé samplach ó fhráma samplach iomlán ina mbeidh an fhaisnéis is fearr dá bhfuil ar fáil maidir le dáileadh airíonna ithreach, lena n‑áirítear an fhaisnéis a thagann ó thomhais náisiúnta roimhe seo agus ó thomhais faoi chlár LUCAS, ach gan a bheith teoranta don fhaisnéis sin.

Is éard a bheidh sa scéim samplála ná sampláil randamach shrathaithe arna barrfheabhsú ar na tuairisceoirí sláinte ithreach.

Le méid an tsampla náisiúnta comhlíonfar an ceanglas maidir le huasearráid chéatadánach (nó Comhéifeacht na hInathraitheachta) de 5 % chun meastachán a dhéanamh ar an limistéar ina bhfuil ithreacha sláintiúla.

Féadfaidh sampla an Choimisiúin don suirbhé a leagtar síos faoi Airteagal 6(4) rannchuidiú le 20 % ar a mhéad de mhéid na samplaí náisiúnta.

Cinnfear leithdháileadh agus méid an tsampla trí algartam Bethel (Bethel, 1989) 6 a chur i bhfeidhm agus cuntas á thabhairt ar an uasearráid meastacháin is gá.

Cuid B: Modheolaíocht chun luachanna na dtuairisceoirí ithreach a chinneadh nó a mheas

Nuair a leagtar síos modheolaíocht thagartha, úsáidtear an mhodheolaíocht thagartha nó modheolaíocht eile, ar choinníoll go bhfuil sí ar fáil sa litríocht eolaíoch nó ar fáil go poiblí agus go bhfuil fáil ar fheidhm tarchuir córais bhailíochtaithe.

Tuairisceoir ithreach

Modheolaíocht tagartha

Íoschritéir mhodheolaíochta

Feidhm tarchuir córais bhailíochtaithe a bhfuil gá léi (má úsáidtear modheolaíocht atá difriúil ón modheolaíocht thagartha 7 )?

Uigeacht ithreach (cion cré, siolta agus gainimh – a bhfuil gá leo chun tuairisceoirí eile agus raonta gaolmhara a chinneadh)

An modh tosaíochta: ISO 11277:1998 Dáileadh mhéid na gcáithníní in ábhar ithreach mianraigh a chinneadh - Modh an chriathraithe agus an dríodraithe

Modh malartach: ISO13320:2009 Anailís ar mhéid na gcáithníní - Modhanna an díraonacháin léasair

TÁ

Seoltacht Leictreach

Rogha 1: modh tomhais maidir le heastóscán taois in ithir sháithithe (eEC) (Buan‑Nósanna Imeachta Oibríochta (SOP EBT: GLOSOLAN-SOP-08 8 )

Rogha 2: ISO 11265:1994 An tSeoltacht Leictreach Shonrach a Chinneadh;

TÁ

Ráta creimthe ithreach

Cuirfear san áireamh sa mheastachán ar an ráta creimthe ithreach gach gníomhaíocht a dhéanfar chun an riosca creimthe a mhaolú nó a chúiteamh, lena n‑áirítear bearta maolaithe iardhóiteáin.

Áireofar le meastachán ar an ráta creimthe ithreach gach próiseas creimthe ábhartha amhail creimeadh ag uisce, gaoth, fómhar agus curaíocht.

Déanfar measúnú ar chreimeadh ithreach ag an uisce trí na tosca seo a leanas a chur san áireamh:

-saintréithe ithreach (e.g. inchreimtheacht, screamhú ithreach, gairbhe ithreach),

-aeráid (e.g. creimneacht bháistí – a déine agus a fad, agus réamh‑mheastacháin ábhartha maidir le hathrú aeráide le haghaidh limistéar áirithe á gcur san áireamh),

-topagrafaíocht (e.g. géire agus fad fána),

-cumhdach fásra, cineál barr, úsáid talún agus cleachtais bhainistíochta chun creimeadh a rialú nó a laghdú,

-cleachtais bhainistíochta (e.g. barra cumhdaigh, curaíocht laghdaithe, mótú, etc.),

-limistéir dhóite.

Déanfar measúnú ar chreimeadh ithreach ag an ngaoth trí na tosca seo a leanas a bhreithniú:

-saintréithe ithreach (e.g inchreimtheacht),

-aeráid (e.g. taise ithreach, luas gaoithe, galú),

-fásra (e.g. cineál barr),

-cleachtais bhainistíochta chun creimeadh a rialú nó a laghdú (e.g. scáthláin ghaoithe).

N/B

Carbón orgánach san ithir (SOC)

ISO 10694:1995 Carbón orgánach agus carbón iomlán a chinneadh tar éis dóchán tirim

TÁ

Dlús toirte i mbarrithir (léaslíne B 9 ) nó paraiméadar coibhéiseach 10 arna roghnú ag na Ballstáit

ISO 11272:2017 le dlús toirte tirim a chinneadh

I gcás ina roghnófar paraiméadar coibhéiseach, is caighdeán Eorpach nó Idirnáisiúnta a bheidh sa mhodheolaíocht más ann dó; mura bhfuil an caighdeán sin ar fáil, beidh an mhodheolaíocht a roghnófar le fáil sa litríocht eolaíoch nó ar fáil don phobal.

TÁ

Fosfar in‑eastósctha

ISO 11263:1994 maidir le fosfar intuaslagtha i dtuaslagán de charbónáit hidrigine sóidiam a chinneadh le speictriméadar (P‑Olsen)

TÁ

- Tiúchan trom‑mhiotal san ithir: As, Sb, Cd, Co, Cr (iomlán), Cr (VI), Cu, Hg, Pb, Ni, Tl, V, Zn  
- Tiúchan rogha éilleán orgánach arna sainiú ag na Ballstáit agus reachtaíocht an Aontais atá ann cheana á cur san áireamh (e.g. reachtaíocht maidir le cáilíocht uisce nó maidir le lotnaidicídí)

Méid féideartha comhshaoil trom‑mhiotal atá ar fáil in ithreacha bunaithe ar ISO 17586:2016 trí úsáid a bhaint as aigéad nítreach caol.

 

Caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta a úsáid nuair is ann dóibh; mura bhfuil an caighdeán sin ar fáil, beidh an mhodheolaíocht a roghnófar le fáil sa litríocht eolaíoch nó ar fáil don phobal

TÁ

N/B

Acmhainn coinneála uisce ithreach

Modheolaíocht chun luach pointe shamplaigh amháin a chinneadh:

Rogha 1: SAOTHARLANN: ISO 11274:2019 chun an tréith choinneála uisce a chinneadh.

Rogha 2: MEASTACHÁN: an mhodheolaíocht a bhfuil tuairisc uirthi san alt eolaíoch ‘New generation of hydraulic pedotransfer functions for Europe’ 11 a chur i bhfeidhm bunaithe ar uigeacht (nó dáileadh mhéid na gcáithníní) agus ar charbón orgánach ithreach.

Íoschritéir chun an acmhainn fhoriomlán atá ag ceantair ithreach chun uisce a choinneáil ar scála abhantraí nó fo‑abhantraí a mheas:

-don achar talún nár tógadh déan meastachán ar luach iomlán maidir le hacmhainn coinneála uisce na hithreach

-maidir leis an limistéar talún a tógadh, smaoinigh ar acmhainn coinneála uisce na limistéar neamh‑thréscaoilteach a shocrú go nialas, agus luachanna comhréireacha idirmheánacha á ndáileadh ar limistéir leath‑thréscaoilteacha agus limistéir shaorga eile.

TÁ (do luach pointe)

Nítrigin san ithir

ISO 11261:1995 chun nítrigin iomlán na hithreach a chinneadh trí úsáid a bhaint as modh modhnaithe Kjeldahl

TÁ

Aigéadacht ithreach

ISO 10390:2005 chun pH a chinneadh in eastóscán H2O agus CaCl2 (pH‑H2O agus pH‑CaCl2)

TÁ

Dlús toirte sa bharrithir (léaslíne A 12 )

ISO 11272:2017 le dlús toirte tirim a chinneadh

TÁ

Riospráid foistine ithreach

Féadfaidh na Ballstáit tuairisceoirí roghnacha bithéagsúlachta ithreach eile a roghnú freisin amhail:
-Meitea‑bharrachódú
13 ar bhaictéir, fungais, prótaistigh agus ainmhithe;
- Flúirse agus éagsúlacht néimeatóidí;

- Bithmhais mhiocróbach;

- Flúirse agus éagsúlacht péisteanna talún (ar thalamh curaíochta)

Lean na tásca a thuairiscítear san alt eolaíoch ‘Microbial biomass and activities in soil as affected by frozen and cold storage’ 14

Caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta a úsáid nuair is ann dóibh; mura bhfuil an caighdeán sin ar fáil, beidh an mhodheolaíocht a roghnófar le fáil sa litríocht eolaíoch nó ar fáil don phobal.

TÁ

Le haghaidh tuairisceoirí bithéagsúlachta ithreach eile: N/B

Cuid C: íoschritéir mhodheolaíochta chun luachanna na dtáscairí tógála talún agus séalaithe ithreach

- Maidir le tógáil talún, tógáil talún droim ar ais agus glantógáil talún, ba cheart go gcomhlíonfadh na modheolaíochtaí a úsáidtear na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 3 agus in Iarscríbhinn I.

- Sloinnfear séalú ithreach mar chéatadán den limistéar séalaithe in aghaidh an achair iomláin.

- Beidh na modheolaíochtaí a roghnófar le fáil sa litríocht eolaíoch nó ar fáil go poiblí.

IARSCRÍBHINN III

PRIONSABAIL MAIDIR LE BAINISTIÚ
INBHUANAITHE ITHREACH

Beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:

(a)an prionsabal maidir le gan an ithir a fhágáil lom trí chumhdach fásúil ithreach a bhunú agus a chothabháil, go háirithe le linn tréimhsí atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de;

(b)suaitheadh fisiciúil na hithreach a íoslaghdú;

(c)ionchur nó scaoileadh substaintí san ithir a sheachaint a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh do shláinte an duine nó don chomhshaol, nó sláinte ithreach a dhíghrádú;

(d)a áirithiú go ndéanfar úsáid innealra a oiriúnú do neart na hithreach, agus go mbeidh líon agus minicíocht na n‑oibríochtaí ar ithreacha teoranta ionas nach gcuirfear sláinte ithreach i mbaol leo;

(e)a áirithiú, nuair a chuirtear leasacháin san ithir, go ndéanfar oiriúnú do riachtanais na bplandaí agus na gcrann ag an láithreán áirithe agus sa tréimhse áirithe, agus do riocht na hithreach agus tosaíocht a thabhairt do réitigh chiorclacha lena saibhrítear an cion orgánach;

(f)i gcás uisciúcháin, éifeachtúlacht na gcóras uisciúcháin agus an bhainistithe uisciúcháin a uasmhéadú agus a áirithiú, nuair a úsáidtear fuíolluisce athchúrsáilte, go gcomhlíonann cáilíocht an uisce na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 agus nuair a úsáidtear uisce ó fhoinsí eile, nach ndéantar sláinte ithreach a dhíghrádú leo;

(g)cosaint ithreach a áirithiú trí ghnéithe leordhóthanacha tírdhreacha a chruthú agus a chothabháil ar leibhéal an tírdhreacha 16 ;

(h)speicis atá oiriúnaithe don láithreán a úsáid agus barra, plandaí nó crainn á shaothrú nuair is féidir leis sin díghrádú ithreach a chosc nó cur le sláinte ithreach a fheabhsú, agus oiriúnú don athrú aeráide á chur san áireamh freisin;

(i)leibhéil uisce optamaithe a áirithiú in ithreacha orgánacha ionas nach ndéanfar difear diúltach ar struchtúr agus ar chomhdhéanamh na n‑ithreacha sin 17 ;

(j)i gcás an tsaothraithe barr, uainíocht na mbarr agus éagsúlacht na mbarr a áirithiú, agus finte éagsúla barr, fréamhchórais, riachtanais uisce agus cothaitheacha, agus bainistíocht chomhtháite ar lotnaidí á gcur san áireamh;

(k)gluaiseacht beostoic agus tréimhse innilte a oiriúnú, agus cineálacha ainmhithe agus dlús stocála á gcur san áireamh, ionas nach gcuirtear sláinte ithreach i mbaol agus nach laghdaítear acmhainn na hithreach foráiste a sholáthar;

(l)i gcás ina n‑aithnítear go gcailltear feidhm amháin nó roinnt feidhmeanna go díréireach lena laghdaítear go substaintiúil acmhainn na n‑ithreacha chun éicisheirbhísí a sholáthar, bearta spriocdhírithe a chur i bhfeidhm chun na feidhmeanna ithreach sin a athghiniúint.

IARSCRÍBHINN IV

CLÁIR, PLEANANNA, SPRIOCANNA AGUS BEARTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 10

(1)Na pleananna athchóirithe náisiúnta arna n‑ullmhú i gcomhréir le Rialachán …/… 18 +.

(2)Na pleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115.

(3)An Cód Dea‑Chleachtais Talmhaíochta agus na cláir ghníomhaíochta maidir le criosanna leochaileacha ainmnithe arna nglacadh i gcomhréir le Treoir 91/676/CEE.

(4)Na bearta caomhnaithe agus an creat gníomhaíochta tosaíochta arna bhunú le haghaidh láithreáin Natura 2000 i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE.

(5)Áirítear ar na bearta chun dea‑stádas éiceolaíoch agus ceimiceach dobharlach uisce dromchla a bhaint amach agus dea‑stádas ceimiceach agus cainníochtúil dobharlach screamhuisce a bhaint amach i bpleananna bainistíochta abhantraí arna n‑ullmhú i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE.

(6)Na bearta um bainistíocht riosca tuile atá san áireamh sna pleananna bainistithe riosca i gcás tuilte arna n‑ullmhú i gcomhréir le Treoir 2007/60/CE.

(7)Na pleananna um bainistíocht triomaigh dá dtagraítear i Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide.

(8)Na cláir ghníomhaíochta náisiúnta arna mbunú i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac.

(9)Na spriocanna a leagtar amach faoi Rialachán (AE) 2018/841.

(10)Na spriocanna a leagtar amach faoi Rialachán (AE) 2018/842.

(11)Na cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir arna n‑ullmhú faoi Threoir (AE) 2016/2284 agus na sonraí faireacháin faoi thionchair truaillithe aeir ar éiceachórais arna dtuairisciú faoin Treoir sin.

(12)An plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide comhtháite arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999.

(13)Na measúnuithe riosca agus pleanáil bainstithe riosca tubaiste arna mbunú i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE.

(14)Na pleananna gníomhaíochta náisiúnta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán …/… 19 +.

IARSCRÍBHINN V

LIOSTA TÁSCACH DE BHEARTA LAGHDAITHE RIOSCA

(1)Teicnící feabhsúcháin le haghaidh feabhsúchán in‑situ nó ex‑situ:

(a)Teicnící feabhsúcháin fisiceacha:

(a)Eastóscadh gaile, spreachallú aeir;

(b)Cóireáil teasa, instealladh gaile, dí‑asú teirmeach, gloiniúchán;

(c)Níochán agus sruthlú ithreach;

(d)Eastóscadh leictricinéiteach;

(e)Baint sraithe leachtaí;

(f)Tochailt agus dumpáil.

(b)Teicnící feabhsaithe bhitheolaíoch:

(a)Díghrádú anaeróbach nó anaeróbach a spreagadh: bithfheabhsú, bithspreagadh, bithmhéadúchán, bithscaoileadh, bithspreachallú;

(b)Fítea‑eastóscadh, fítea‑ghalú, fíti‑dhíghrádú;

(c)Múiríniú, leasuithe ithreach, feirmeoireacht talún, agus córais bhith‑imoibreora;

(d)Bithscagadh, bogaigh cóireála bitheolaíche, agus bithcheapacha;

(e)Laghdú nádúrtha.

(c)Teicnící feabhsúcháin ceimiceacha:

(a)Ocsaídiú ceimiceach;

(b)Imoibrithe laghdaithe ceimiceán agus laghdaithe ocsaídithe (imoibriú ocsdí);

(c)Screamhuisce a chaidéalú agus a chóireáil.

(d)Teicnící feabhsúcháin maidir le haonrú, srianadh agus faireachán:

(a)Barrchaidhpeáil, bacainní imoibríocha, imchochlú;

(b)Cobhsú ceimiceach, soladú agus díluailiú;

(c)Aonrú agus srianadh geo‑hidreolaíoch;

(d)Fítea‑chobhsú;

(e)Rialú agus iarchúram trí thoibreacha faireacháin.

(2)Bearta laghdaithe riosca seachas bearta feabhsúcháin:

(a)Srian ar shaothrú agus ar thomhaltas barr agus glasraí;

(b)Srian ar thomhaltas uibheacha;

(c)Srian ar dhul isteach ag peataí nó ar riar;

(d)Srian ar eastóscadh nó úsáid screamhuisce chun críocha óil, sláinteachais phearsanta nó tionscail;

(e)Srian ar scartáil, dí‑shéalú nó tógáil ar an láithreán;

(f)Srian le rochtain ar an láithreán nó ina chomharsanacht (e.g. trí fhálú);

(g)Srian ar úsáid talún nó athruithe ar úsáid talún;

(h)Srian ar rómhar, druileáil nó tochailt;

(i)Srian chun teagmháil le hithir, deannach nó aer laistigh a sheachaint agus réamhchúraimí a chur i bhfeidhm chun sláinte an duine a chosaint (e.g. análaitheoirí, lámhainní, fliuchghlanadh, etc.).

(3)Na teicnící is fearr dá bhfuil ar fáil dá dtagraítear i dTreoir 2010/75/AE.

(4)Bearta arna nglacadh ag údaráis inniúla agus oibreoirí tionsclaíocha tar éis mórthionóisce, i gcomhréir le Treoir 2012/18/AE.

IARSCRÍBHINN VI

NA CÉIMEANNA AGUS NA CEANGLAIS MAIDIR LE MEASÚNÚ RIOSCA A BHAINEANN GO SONRACH LE LÁITHREÁIN

1.    Chun an t‑éilliú a shaintréithriú ní mór na héilleáin atá ar an láithreán a shainaithint agus a bhfoinse, a dtiúchan, a bhfoirm cheimiceach agus a ndáileadh san ithir agus sa screamhuisce a chinneadh. Cinntear láithreacht agus tiúchan éilleán trí shampláil agus trí imscrúdú ithreach.

2.    Le measúnú nochta sainaithnítear an chonair trína bhféadfaidh éilleáin san ithir gabhdóirí a bhaint amach. D’fhéadfadh ionanálú, ionghabháil, tadhall le craiceann, ionsú plandaí, aistriú chuig screamhuisce nó eile a bheith i gceist le conairí nochta. Cuirtear an fhaisnéis sin le minicíocht agus fad an nochta agus saintréithe gabhdóirí amhail aois, inscne, agus stádas sláinte chun tógáil an éillithe a mheas. Déantar achoimre ar na nascálacha idir an chonair fhoinseach agus na gabhdóirí i léiriú grafach, scéimreach agus simplithe: samhail an láithreáin choincheapúil.

3.    Is éard atá i gceist le measúnú tocsaineachta nó guaise ná meastóireacht a dhéanamh ar na héifeachtaí sláinte agus comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ag na héilleáin, bunaithe ar dháileog agus ar fhad an nochta. Cuirtear san áireamh sa mheasúnú tocsaineachta nó guaise tocsaineacht bhunúsach na n‑éilleán agus so‑ghabháltacht pobal difriúil, amhail ainmhithe, miocrorgánaigh, plandaí, leanaí, mná torracha, daoine scothaosta, etc. Úsáidtear an fhaisnéis thocsaineolaíoch chun dáileoga tagartha nó tiúchan a mheas, rud a úsáidtear le haghaidh saintréithriú riosca.

4.    Éilítear le saintréithriú riosca an fhaisnéis ó na céimeanna roimhe seo a chomhtháthú chun meastachán a dhéanamh ar mhéid agus ar dhóchúlacht éifeachtaí díobhálacha an láithreáin éillithe ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, lena n‑áirítear éifeachtaí díobhálacha ó aistriú an éillithe go meáin chomhshaoil eile. Cuidíonn saintréithriú riosca le tosaíocht a thabhairt don ghá le bearta laghdaithe riosca agus bearta feabhsúcháin. Féadfaidh sé cuidiú freisin le cuspóirí feabhsúcháin nó bainistíochta a shainiú maidir le láithreán, e.g. uasteorainneacha is inghlactha nó luachanna scagthástála riosca‑bhunaithe atá bainteach go sonrach le láithreán a bhaint amach.

IARSCRÍBHINN VII


ÁBHAR AN CHLÁIR DE LÁITHREÁIN A D’FHÉADFADH A BHEITH ÉILLITHE AGUS DE LÁITHREÁIN ÉILLITHE

Cuirfidh dearadh agus cur i láthair na sonraí sa chlár ar chumas an phobail dul chun cinn i mbainistíocht láithreán a d’fhéadfadh a bheith éillithe agus láithreáin éillithe a rianú. Áireofar sa chlár an fhaisnéis seo a leanas ar leibhéal an láithreáin maidir leis na láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe, na láithreáin éillithe, na láithreáin éillithe a dteastaíonn tuilleadh gníomhaíochta ina leith, agus na láithreáin éillithe ina ndearnadh nó ina bhfuiltear ag déanamh gníomhaíochta, agus cuirfear an fhaisnéis sin i láthair ann:

(a)comhordanáidí, seoladh nó dáileacht (dáileachtaí) chlár talún an láithreáin i gcomhréir le Treoracha (AE) 2019/1024 agus 2007/2/CE;

(b)an bhliain inar cuireadh an láithreán ar an gclár;

(c)gníomhaíochtaí éillithe nó gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héilliú, ar gníomhaíochtaí iad a rinneadh nó atá á ndéanamh ar an láithreán;

(d)stádas bainistíochta an láithreáin;

(e)conclúid maidir le láithreacht nó neamhláithreacht, tiúchan, cineál agus riosca an éillithe (nó éilliú iarmharach tar éis feabhsúcháin) i gcás ina bhfuil faisnéis faoi na heilimintí sin ar fáil cheana féin ó na himscrúduithe ithreach agus ón measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 15;

(f)na chéad ghníomhaíochtaí eile agus na chéad chéimeanna bainistíochta eile is gá agus dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 15, lena n‑áirítear a n‑amlíne.

D’fhéadfadh an fhaisnéis seo a leanas a bheith sa chlár freisin ar leibhéal an láithreáin maidir leis na láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe, láithreáin éillithe, láithreáin éillithe a dteastaíonn tuilleadh gníomhaíochta ina leith, agus láithreáin éillithe a rinneadh gníomhaíochtaí orthu nó a bhfuil gníomhaíochtaí á ndéanamh orthu, i gcás ina bhfuil fáil ar an bhfaisnéis sin:

(a)faisnéis maidir le ceadanna comhshaoil a eisíodh don láithreán, lena n‑áirítear tús agus deireadh bliana na gníomhaíochta;

(b)úsáid talún atá ann faoi láthair agus úsáid talún atá beartaithe;

(c)torthaí ó thuarascálacha imscrúdaithe agus feabhsúcháin ithreach amhail tiúchan agus luí an éillithe, samhail an láithreáin choincheapúil, an mhodheolaíocht mheasúnaithe riosca, teicnící a úsáideadh nó a bheartaítear, éifeachtúlacht agus meastacháin chostais na mbeart laghdaithe riosca.

(1) +    Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin maidir le hathbhunú an dúlra atá i ndoiciméad COM (2022) 304
(2)    Mar a shainítear i dTreoirlínte EBT maidir le Tuairisc ar Ithreacha, Caibidil 5 ( https://www.fao.org/3/a0541e/a0541e.pdf )
(3)    Mar a shainítear in Arshad, M.A., B. Lowery, agus B. Grossman. 1996. Physical tests for monitoring soil quality. lgh. 123‑142. In: J.W. Doran agus A.J. Jones (eds.) Methods for assessing soil quality. Soil Sci. Soc. Am. Spec. Publ. 49. SSSA, Madison, WI.
(4)    Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(5)    Mar a shainítear i dTreoirlínte EBT maidir le Tuairisc ar Ithreacha, Caibidil 5 ( https://www.fao.org/3/a0541e/a0541e.pdf )
(6)    Bethel, J. 1989. ‘Sample Allocation in Multivariate Surveys.’ Survey Methodology 15: 47–57.
(7)    Na modheolaíochtaí a bheidh difriúil ón modheolaíocht tagartha, beidh siad ar fáil sa litríocht eolaíoch nó ar fáil go poiblí.
(8)     https://www.fao.org/3/cb3355en/cb3355en.pdf  
(9)    Mar a shainítear i dTreoirlínte EBT maidir le Tuairisc ar Ithreacha, Caibidil 5 ( https://www.fao.org/3/a0541e/a0541e.pdf )
(10)    Coibhéis de réir thuarascáil na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil: Soil monitoring in Europe – Indicators and thresholds for soil health assessments [Monatóireacht ithreach san Eoraip – Táscairí agus tairseacha le haghaidh measúnuithe ar shláinte ithreach] — an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (europa.eu)
(11)    Mar a shainítear i dTreoirlínte EBT maidir le Tuairisc ar Ithreacha, Caibidil 5 ( https://www.fao.org/3/a0541e/a0541e.pdf )
(12)    Seicheamhú ar bharrachóid RNA chun éagsúlacht thacsanomaíoch agus fheidhmiúil aircéabaictéar, baictéar, fungas agus eocarót eile a thomhas mar a rinneadh do Bhithéagsúlacht Ithir LUCAS bunaithe ar https://doi.org/10.1111/ejss.13299  
(13)     https://www.sciencedirect.com/science/article/abs/pii/S0038071797001259  
(14)    Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce (IO L 177, 5.6.2020, lch. 32).
(15)    Níl feidhm ag an bprionsabal seo maidir le hithreacha foraoise
(16)    Níl feidhm ag an bprionsabal seo maidir le hithreacha uirbeacha
(17)    + Oifig na bhFoilseachán : cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin maidir le hathbhunú an dúlra atá i ndoiciméad COM (2022) 304
(18)    + Oifig na bhFoilseachán : cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 atá i ndoiciméad COM(2022)305