AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,10.12.2025
COM(2025) 1006 final
2025/0399(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/942, (AE) 2019/943 agus (AE) 2024/1789 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2022/869
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2025) 2000 final} - {SWD(2025) 2000 final} - {SWD(2025) 2001 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Is é is aidhm don togra seo rannchuidiú le forbairt agus idir-inoibritheacht thráthúil agus éifeachtúil i leith bonneagar fuinnimh athléimneach ar fud an Aontais. Tá ról ríthábhachtach ag bonneagar an ghréasáin fuinnimh maidir le hiomaíochas an Aontais a athbheochan, slándáil ár nAontais a áirithiú agus san aistriú fuinnimh agus sa dícharbónú. An tráth céanna, tá dúshláin nua mhóra le sárú chun gréasáin fuinnimh a fhorbairt.
Beidh ar eangacha leictreachais freastal ar an méadú atá ag teacht ar an éileamh, rud atá nasctha le leictriú úsáidí deiridh agus an borradh atá á chur faoin gcóras hidrigine. Maidir le leictriú an tomhaltais fuinnimh deiridh san Aontas, táthar ag díriú ar mhéadú a dhéanamh air ó thart ar 23 % faoi láthair go dtí thart ar 32 % in 2030, mar a leagtar amach sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan 1 . Ba cheart do na Ballstáit díriú ar leibhéal idirnascachta leictreachais de 15 % faoi 2030 2 . Beidh ar eangacha 2,2-2,4 TW d’acmhainneacht foinsí fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú chun spriocanna 2040 an Aontais a bhaint amach 3 . Caithfear eangacha a oiriúnú chun go mbeidh córas leictreachais níos díláraithe, níos digiteáilte agus níos solúbtha ag an Aontas ina mbeidh na milliúin grianphainéal dín agus pobail fuinnimh áitiúla ag comhroinnt acmhainní. Faoi 2040, beidh infheistíochtaí dar méid EUR 1,2 trilliún ag teastáil ó eangacha tarchurtha agus dáileacháin leictreachais agus infheistíochtaí dar méid EUR 240 billiún ag teastáil ó gréasáin hidrigine 4 . Díreach maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, ba cheart méadú suas le 360 GW a dhéanamh orthu faoi 2050 5 , agus is gá iad a nascadh leis an gcladach, lena n‑áirítear trí athneartuithe riachtanacha a dhéanamh ar an eangach ar tír. Beidh hidrigin tábhachtach chun próisis thionsclaíocha agus iompair a dhícharbónú i gcás nach réiteach insroichte é an leictriú. Nascfaidh gréasáin hidrigine lárionaid táirgthe agus éilimh ar fud na hEorpa, i gcás nach bhfuil an táirgeadh hidrigine indéanta ar an láthair.
Iarradh i dtuarascáil Draghi 6 go ndéanfaí próisis cheadúcháin agus riaracháin a shimpliú agus a chuíchóiriú agus go mbeadh cur chuige straitéiseach comhordaithe ann chomh maith maidir leis an mbonneagar trasteorann a fhorbairt idir an tAontas agus na Ballstáit. D’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún creat neartaithe a mholadh um pleanáil agus cur chun feidhme céimneach eangaí agus go gcomhlíonfadh sé spriocanna an Aontais 7 . Sna Conclúidí uaithi an 16 Meitheamh 2025 8 , d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún pacáiste um eangacha a mholadh ina mbeadh bearta chun, inter alia, rialacha an Aontais maidir le heangacha a shimpliú, riachtanais ar leibhéal an Aontais agus riachtanais réigiúnacha agus náisiúnta a chomhtháthú, áirithiú go gcomhlíonfar tionscadail, sásraí éifeachtacha um chomhroinnt costas a fhorbairt le haghaidh tionscadail trasteorann leasa choitinn, agus measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le tograí reachtacha breise chun dlús a chur le ceadú an bhonneagair fuinnimh. Sna Conclúidí uaithi, d’iarr an Chomhairle Eorpach freisin go ndéanfaí pleanáil infheistíochta fadtéarmaí uile-Aontais chun margadh leictreachais an Aontais a chomhtháthú agus a idirnascadh go hiomlán, rud a rannchuideoidh le slándáil fuinnimh an Aontais, agus le cosaint agus athléimneacht bonneagair an Aontais 9 . Leag Parlaimint na hEorpa béim ar a thábhachtaí atá sé eangacha a nuachóiriú agus a leathnú, chomh maith le hinfheistíocht a dhéanamh sa digiteáil, agus aird ar leith á tabhairt ar phleanáil trasearnála agus trasleibhéil chomhtháite 10 . Leag sí béim freisin ar an mbonneagar trasteorann mar choinníoll chun an margadh aonair a dhoimhniú go rathúil agus chun athléimneacht an Aontais a mhéadú. 11
Bhí Rialachán GTE-F, a glacadh in 2013, ina rannchuidiú le príomhchuspóirí beartais fuinnimh an Aontais toisc gur leagadh rialacha síos ann maidir le Tionscadail Leasa Choitinn a shainaithint agus a bhforbairt thráthúil a áirithiú, rud a áiritheoidh idir-inoibritheacht na ngréasán fuinnimh tras-Eorpach, feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh, slándáil an tsoláthair san Aontas agus comhtháthú na gcineálacha in-athnuaite fuinnimh. Rannchuidigh sé freisin le nósanna imeachta cuíchóirithe deonaithe ceadanna le haghaidh Tionscadail Leasa Choitinn agus rinneadh foráil leis maidir le cúnamh, rialacha agus treoraíocht rialála maidir le leithdháileadh trasteorann na gcostas agus dreasachtaí a bhaineann le riosca agus maidir leis na coinníollacha chun maoiniú ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) a rochtain. Rinneadh athbhreithniú ar Rialachán GTE-F in 2022 chun an creat a thabhairt i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta 2050 faoin gComhaontú Glas don Eoraip.
Cé go bhfuil cuspóirí Rialachán GTE-F fós bailí den chuid is mó, is gá aghaidh a thabhairt ar roinnt easnamh chun a áirithiú go mbeidh an creat oiriúnach chun tacú le córas fuinnimh dícharbónaithe, iomaíoch agus athléimneach i dtreo 2050, i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus leis an Dlí Aeráide Eorpach.
Ar an gcéad dul síos, níl tionscadail bhonneagair atá ann cheana agus atá beartaithe sách spriocdhírithe i dtreo cuspóirí fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach. Tá bearna shubstaintiúil idir ár riachtanais maidir leis an mbonneagar leictreachais trasteorann agus luas agus leibhéal na forbartha bonneagair ar leibhéal na heangaí tarchurtha agus dáileacháin araon 12 . Maidir le leictreachas, i gcás thart ar leath de na riachtanais leictreachais trasteorann do 2030 (41 GW de 88 GW), ní thabharfar aghaidh orthu, agus meastar go dtiocfaidh méadú ar an mbearna sin sa chéad deacáid eile. Faoi 2040, beidh 108 GW d’acmhainneacht leictreachais trasteorann de dhíth 13 . Mura dtugtar aghaidh ar riachtanais bhonneagair, d’fhéadfaí bac a chur ar dhícharbónú an chórais, an bonn a bhaint de shlándáil an tsoláthair agus d’fhéadfadh an margadh a bheith níos ilroinnte agus praghsanna fuinnimh a bheith níos airde dá bharr. Ó thaobh éifeachtúlacht an chórais de, sa chreat atá ann faoi láthair, ní chuimhnítear ar úsáid a bhaint as roghanna malartacha ar leathnú na n‑eangach, amhail réitigh neamhshreinge nó réitigh dhigiteacha. Thairis sin, beidh pleanáil agus comhtháthú feabhsaithe i leith an ghréasáin hidrigine ríthábhachtach chun barrfheabhsú an chórais agus dícharbónú an tionscail a áirithiú.
Ar an dara dul síos, tá cur chun feidhme na dtionscadal bonneagair thrasteorann rómhall, rud a mhéadaíonn costais fhoriomlána na dtionscadal agus a chuireann bac ar fhorbairt an ghréasáin. Tógann sé suas le 10 mbliana tionscadail bonneagair leictreachais a thabhairt i gcrích i gcás eangacha tarchurtha. Is minic a chuirtear moilleanna i leith deacrachtaí i dtaca le comhaontú maidir le comhroinnt costas a bhaint amach agus tairbhí lasmuigh dá mBallstáit óstacha i gceist le tionscadail. De réir mar a éiríonn an bonneagar trasteorann níos comhtháite, meastar go dtiocfaidh méadú ar an líon tionscadal den sórt sin ina mbeidh tairbhí i gceist
lasmuigh de na Ballstáit óstacha. Ina theannta sin, tá nósanna imeachta ceadaithe moillithe fós ina bpríomhscrogall, agus is iad na nósanna imeachta sin is cúis le breis agus leath den tréimhse is gá chun tionscadal bonneagair tarchurtha leictreachais a thabhairt i gcrích.
Ar deireadh, ábhair imní maidir le slándáil an bhonneagair. I bhfianaise teagmhais fhisiceacha agus chibearshlándála a tharla le déanaí, cuireadh i dtábhacht an riosca go ndíreodh gníomhaithe naimhdeacha ar bhonneagar fuinnimh an Aontais, agus impleachtaí ann ó thaobh costais eacnamaíocha de agus iarmhairtí i gceist do chobhsaíocht ár gcórais fuinnimh. Tá méadú ag teacht freisin ar a mhéad is spéis le gníomhaithe tríú tír infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar fuinnimh an Aontais, rud a d’fhéadfadh neamhchosaint an Aontais ar rioscaí a bhaineann leis an tslándáil fuinnimh a mhéadú. Sa bhreis ar ghníomhartha sabaitéireachta a dhéantar d’aon ghnó, déanann rioscaí atá ag teacht chun cinn, lena n‑áirítear guaiseacha nádúrtha agus tionchair a bhaineann leis an aeráid, difear d’athléimneacht bhonneagar fuinnimh an Aontais freisin.
An togra seo chun athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán GTE-F, tá sé d’aidhm aige aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, a sainaithníodh sa Mheasúnú Tionchair agus sa Tuarascáil ar Chur Chun Feidhme a ghabhann leis an togra seo. Go sonrach, tabharfar athruithe isteach leis an togra chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
·Maidir le tionscadail a chuimsítear sna pleananna forbartha gréasáin agus a roghnaítear mar thionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa, a áirithiú go dtabharfaidh siad aghaidh go hiomchuí agus go héifeachtach ar riachtanais bhonneagair a shainaithnítear agus aird chuí á tabhairt ar réitigh neamhshreinge.
·Úsáid na n‑uirlisí comhroinnte costas a éascú chun tionscadail bonneagair thrasteorann a chur in úsáid níos tapúla, rud a fhágfaidh go mbainfear úsáid mhéadaithe as uirlisí comhroinnte costas agus go ndéanfar laghdú ar na tréimhsí a bhíonn i gceist chun tionscadail a chur in úsáid.
·Nósanna imeachta deonaithe ceadanna a shimpliú agus dlús a chur leo i gcás tionscadal bonneagair fuinnimh thrasteorann (tionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa), chun go mbeidh sé indéanta na sprioc-amanna atá ann cheana a chomhlíonadh.
·Slándáil fhisiceach agus cibearshlándáil agus athléimneacht an bhonneagair fuinnimh thrasteorann a fheabhsú.
Thairis sin, measúnaíodh agus sainaithníodh tacar beart leis an tionscnamh ar mhaithe le héifeachtúlacht Rialachán GTE-F a shimpliú agus feabhas a chur uirthi agus chun costais chomhlíontachta agus rialála a laghdú do pháirtithe leasmhara i gcás inar féidir (féach thíos).
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Freagraíonn an togra seo do ghealltanas an Choimisiúin sa Phlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne 14 Pacáiste um na hEangacha Eorpacha a mholadh ina mbeidh bearta reachtacha agus neamhreachtacha chun, i measc nithe eile, Rialachán GTE-F a shimpliú, a áirithiú go bpleanálfar agus go gcomhlíonfar tionscadail ar bhonn comhtháite trasteorann, go háirithe maidir le hidirnascairí; an ceadú le haghaidh eangacha a chuíchóiriú, pleanáil eangaí dáileacháin leictreachais a fheabhsú; dlús a chur leis an mborradh atá á chur faoin margadh hidrigine; borradh a chur faoin digiteáil agus faoin nuálaíocht. Tá an togra ag tógáil ar an athbhreithniú ar Rialachán GTE-F in 2022, chomh maith le Plean Gníomhaíochta an Aontais le haghaidh Eangach 2023 15 inar díríodh ar chreat Rialachán GTE-F a chur chun feidhme.
Tá an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) comhlántach le Rialachán GTE-F trí aghaidh a thabhairt ar an mbearna mhaoiniúcháin le haghaidh tionscadail leasa choitinn lena mbaineann ardluach socheacnamaíoch agus sochaíoch, ach a bhfuil inmharthanacht tráchtála in easnamh orthu. Tá an incháilitheacht le haghaidh cúnamh airgeadais faoi SCE nasctha le raon feidhme na gcatagóirí bonneagair a chumhdaítear faoi Rialachán GTE-F athbhreithnithe de bhrí gur réamhchoinníoll é stádas tionscadail leasa choitinn nó tionscadail comhleasa a bheith faighte le haghaidh maoiniúcháin ó SCE ar mhaithe le tionscadail bonneagair thrasteorann. Tá an togra i gcomhréir leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa atá ann faoi láthair faoi Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027, agus leis an togra le haghaidh SCE faoi CAI 2028-2034 chomh maith, ina leagtar béim ar ‘a ríthábhachtaí atá fíor-Aontas Fuinnimh agus gréasáin bonneagair de chuid an Aontais a bheith dea-chomhtháite’ tríd an mbuiséad atá beartaithe do SCE-Fuinneamh a mhéadú go substaintiúil 16 .
Chomh maith leis sin, tá an togra i gcomhréir leis na spriocanna agus na cuspóirí a leagtar amach sa Treoir agus sa Rialachán maidir leis an Margadh Leictreachais, sa Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide agus sa Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite, agus is díol suntais go gcumasaíonn an togra margaí fuinnimh an Aontais a chomhtháthú agus foinsí fuinnimh in-athnuaite agus réitigh solúbthachta a chur in úsáid agus a chomhtháthú ar mórscála.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra seo comhlántach le tionscnaimh eile arb é is aidhm dóibh margadh fuinnimh Eorpach níos comhtháite a chruthú. Chomh maith leis sin, tá sé i gcomhréir le sprioc aeráide 2040 an Aontais atá beartaithe agus le hoibleagáid 2050 maidir le haeráidneodracht a chumhdaítear sa Dlí Aeráide Eorpach. Glactar an togra seo in éineacht le Treoir leasaitheach arb é is aidhm di dlús a chur le ceadú na dtionscadal bonneagair fuinnimh, lena n‑áirítear eangacha tarchurtha agus dáileacháin, stáisiúin stórála agus athluchtaithe agus tionscadail fuinnimh in-athnuaite chun cur in úsáid tapa na dtionscadal a éascú.
Tá sé d’aidhm ag an athbhreithniú ar Rialachán GTE-F tacú le spriocanna na reachtaíochta maidir leis an margadh leictreachais trí áirithiú go mbeidh leas socheacnamaíoch breise ann in éineacht leis an mbonneagar, agus úsáid éifeachtúil an bhonneagair atá ann cheana a neartú a thuilleadh. Maidir le bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun spriocanna a fheabhsú i leith idirnascadh an leictreachais, ar spriocanna iad a chumhdaítear sa Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, déanfar measúnú ar na bearta sin mar chuid den athbhreithniú ar an Rialachán sin agus ar bhearta chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na leibhéil infheistíochta náisiúnta is gá a dhéanamh sa bhonneagar fuinnimh.
Leis na bearta a bhaineann le slándáil faoin togra seo, táthar ag tógáil ar cheanglais na reachtaíochta cothrománaí maidir leis an tslándáil, lena n‑áirítear Treoir an Aontais maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil 17 , An Dara Treoir NIS 18 agus an Cód Gréasáin i ndáil le rialacha earnáilsonracha maidir le gnéithe cibearshlándála de shreafaí leictreachais trasteorann 19 . Tacaíonn bearta a mholtar faoin togra seo lena chuspóirí agus lena chur chun feidhme, chomh maith leis an gcreat chun infheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh, agus iad dírithe go sonrach ar bhonneagar atá faoi chuimsiú raon feidhme GTE-F an tráth céanna. Leis an athbhreithniú in 2026 ar Chreat Slándála Fuinnimh an Aontais, tabharfar aghaidh ar an tslándáil fuinnimh go cothrománach, rud a chomhlánóidh an cur chuige faoin togra seo lena ndírítear ar ghréasáin go sonrach.
Sa Ghníomh um Dhlús a chur leis an Tionsclaíocht, beidh bearta chun dlús a chur le tionscadail a cheadú chun tionscail dianfhuinnimh a dhícharbónú. Chun tionscail a leictriú, tá sé ríthábhachtach go mbeidh acmhainneacht eangach leordhóthanach ann agus go nascfar le heangacha go tráthúil, agus dá bhrí sin tá an dá thionscnamh á bhforbairt i ndlúthchomhar le chéile 20 . Tá an togra ábhartha maidir leis an Tionscnamh um Chomhar Tras-Mheánmhuirí i leith Fuinnimh agus Teicneolaíocht Ghlan (T-MED) freisin chomh maith leis an gComhshocrú don Mheánmhuir.
I bhfianaise an Phacáiste maidir le Gabháil, Úsáid agus Stóráil Carbóin (GÚSC) atá beartaithe, ní thabharfaidh an togra seo aghaidh ar an bpleanáil bonneagair thrasteorann ó thaobh dé-ocsaíd charbóin de. I bhfianaise go bhfuil nasc láidir ann idir an phleanáil ghréasáin ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus an earnáil téimh agus fuaraithe, ceanglaítear comhordú níos láidre i measc earnálacha san athbhreithniú a rinneadh ar an Treoir maidir le Gás le déanaí 21 . Is é tógáil ar na ceanglais sin is aidhm don Phacáiste um na hEangacha. Ina theannta sin, leis an bPlean Gníomhaíochta um an Leictriúchán atá ar na bacáin agus leis an Strategic Roadmap on Digitalisation and AI [Treochlár Straitéiseach maidir leis an Digiteáil agus an Intleacht Shaorga] san earnáil fuinnimh chomh maith leis an Straitéis um Théamh agus Fuarú, soláthrófar ionchur tábhachtach ar mhaithe leis an bpleanáil eangaí amach anseo. Chomh maith leis sin, tá an Pacáiste mar bhonn taca ag an nGníomh um Fhorbairt na Néalríomhaireachta agus na hIntleachta Saorga atá ar na bacáin chun infheistíocht i lárionaid sonraí a mhealladh.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra bunaithe ar Airteagal 172 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena ndéantar foráil maidir leis an mbunús dlí chun treoirlínte a ghlacadh lena gcumhdaítear cuspóirí, tosaíochtaí agus imlínte na mbeart a bheartaítear i réimse na ngréasán tras-Eorpach mar a leagtar amach in Airteagal 171. Tá na treoirlínte ann chun tionscadail leasa choitinn a shainaithint ar gá iad chun go mbeidh GTE-F oiriúnach dá fheidhm agus chun na coinníollacha a leagan síos faoina bhféadfaidh an tAontas tacaíocht airgeadais a thabhairt do na tionscadail leasa choitinn.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Comhlíonann na leasuithe atá beartaithe prionsabal na coimhdeachta, toisc go rannchuideoidh gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais le margadh fuinnimh an Aontais a chomhtháthú a thuilleadh trí ghréasán fuinnimh trasteorann na hEorpa a nuachóiriú agus a fhorbairt ar bhealach níos éifeachtaí ná gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta.
An gá le gníomhaíocht ón Aontas
Tá breisluach Eorpach ag bonneagar tarchurtha fuinnimh (lena n‑áirítear eangach idirnasctha amach ón gcósta agus bonneagar eangaí cliste) i ngeall ar na tionchair thrasteorann dá chuid agus tá sé ríthábhachtach chun córas fuinnimh atá aeráidneodrach a bhaint amach. Rannchuidigh Rialachán GTE-F le torthaí a bhaint amach maidir le comhtháthú mhargadh fuinnimh an Aontais, iomaíocht agus slándáil an tsoláthair. Chun bonneagar fuinnimh trasteorann a fhorbairt, tá gá le creat le haghaidh comhar réigiúnach idir na Ballstáit. Tá bonneagar trasteorann ag teastáil ón margadh inmheánach fuinnimh agus chun é sin a fhorbairt tá gá le comhar idir dhá Bhallstát nó níos mó, agus a chreat rialála féin ag gach ceann acu.
Ní leor rialáil agus pleanáil náisiúnta toisc nach bhfuil sé de chumhacht ag riaracháin náisiúnta aonair déileáil le pleanáil bonneagair trasteorann. Bíonn tionchar mór ag eilimintí inmheánacha na ngréasán ar na féidearthachtaí a bhaineann le bonneagar trasteorann a fhorbairt, rud a dhéanann difear don trádáil trasteorann faoi seach. Tá gá le pleanáil náisiúnta agus Eorpach a chomhordú ar bhealach níos dlúithe mar gheall ar chineál líonra mogalra an Aontais agus córas fuinnimh níos éifeachtúla a thógáil.
Breisluach Eorpach
Sholáthair Rialachán GTE-F breisluach i gcomparáid leis an méid a d’fhéadfaí a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach amháin. Tugadh níos mó ná 100 tionscadal i gcrích a bhuí le stádas PCI idir 2013-2025. Mar gheall ar an dlús a cuireadh le leictriú, dícharbónú agus digiteáil na tionsclaíochta agus cur in úsáid na dtionscadal fuinnimh in-athnuaite, is gá an bonneagar fuinnimh a athneartú ar luas nach bhfacthas a leithéid riamh, rud nach féidir a dhéanamh le bearta náisiúnta amháin. Le pleanáil trasteorann níos éifeachtaí, cuirfear feabhas ar chomhtháthú na bhfoinsí fuinnimh ghlain agus freastalófar ar riachtanais an mhargaidh leictreachais chomh maith, rud a chuideodh leis an Aontas a spriocanna fuinnimh agus aeráide a bhaint amach. Trí margadh níos comhtháite, spreagtar forbairt agus glacadh na dteicneolaíochtaí nuálacha chun fuinneamh a tharchur agus a dháileadh agus rannchuidítear le solúbthacht an chórais agus le slándáil an tsoláthair. Dá thoradh sin, is féidir gréasán níos éifeachtúla a bheith ann agus feabhas a chur ar an trádáil trasteorann ar mhaithe le córas fuinnimh níos costéifeachtaí agus níos sláine.
•Comhréireacht
Tá an tionscnamh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Tá sé faoin raon feidhme le haghaidh gníomhaíochta i réimse na ngréasán fuinnimh tras-Eorpach, mar a shainmhínítear in Airteagal 170 CFAE. Tá an idirghabháil bheartais comhréireach le scála agus cineál na bhfadhbanna a sainaithníodh sa Mheasúnú Tionchair agus leis na cuspóirí a leagadh síos leis an tionscnamh a bhaint amach. Ní théann an t‑athbhreithniú atá beartaithe ar Rialachán GTE-F thar an méid atá riachtanach chun an cuspóir ginearálta a bhaint amach maidir le forbairt agus idir-inoibritheacht thráthúil agus éifeachtúil a áirithiú i leith bonneagar fuinnimh athléimneach, fuinneamh in-athnuaite agus solúbthacht, lena n‑áirítear stáisiúin stórála agus athluchtaithe, ar fud an Aontais.
Is rannchuidiú iad na bearta atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar bhealach níos éifeachtaí ar riachtanais an Aontais ó thaobh bonneagair fuinnimh de, chun a áirithiú go gcuirfear tionscadail in úsáid níos tapúla, agus chun athléimneacht bhonneagar gréasáin fuinnimh an Aontais a fheabhsú, gan costais mhóra a fhorchur ar Oibreoirí Córais Tarchuir ná ar thionscnóirí tionscadail, ar na Ballstáit, ar Údaráis Rialála Náisiúnta ná ar an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER).
Ar bhonn thorthaí na Tuarascála Cur Chun Feidhme, rinne an Coimisiún measúnú ar roinnt roghanna beartais lena gcumhdaítear ceithre réimse tionchair sa chreat GTE-F atá ann faoi láthair, mar atá, bonneagar a phleanáil agus tionscadail a chur chun feidhme, costais agus tairbhí a chomhroinnt, ceadú agus slándáil. Sa chomparáid idir na roghanna (féach roinn 6 agus roinn 7 den Mheasúnú Tionchair) léirítear gurb í Rogha Beartais 2 an rogha is oiriúnaí chun cuspóir sonrach an tionscnaimh a bhaint amach gan ualach breise díréireach a chur ar ghníomhaithe ábhartha. Tá an togra bunaithe ar Rogha Beartais 2 ar cosúil go bhfuil sí comhréireach lena bhfuil i gceist leis an bhfadhb, toisc go ndírítear ar na próisis atá ann faoi láthair a chuíchóiriú agus go gcuirtear uirlisí nua substainteacha nua ar fáil, ar uirlisí iad a mheastar a bheith éifeachtach chun cuspóirí an tionscnaimh seo a chomhlíonadh.
•An rogha ionstraime
Ag tógáil ar an taithí dhearfach a bhí ann ar an iomlán maidir le Rialachán GTE-F atá ann faoi láthair a chur chun feidhme, agus ar an meastóireacht dhearfach a rinneadh ar an Rialachán a bhí ann roimhe, is é Rialachán an ionstraim a roghnaíodh, rud atá ina ionstraim éifeachtach a bhfuil feidhm dhíreach aici maidir leis an ábhar, agus atá ina cheangal go huile agus go hiomlán, rud a áirithíonn cur chun feidhme aonfhoirmeach agus deimhneacht dhlíthiúil.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
I bhfianaise raon feidhme an athbhreithnithe atá beartaithe agus an leasaithe a rinneadh le déanaí ar Rialachán GTE-F in 2022, ní raibh sé indéanta meastóireacht ex post a dhéanamh. Ina ionad sin, ullmhaíodh Tuarascáil ar Chur Chun Feidhme agus cuimsíodh í mar chuid den Mheasúnú Tionchair. Sa Tuarascáil ar Chur Chun Feidhme dírítear ar fheidhmíocht na bhforálacha sonracha a tugadh isteach agus a ndearnadh athbhreithniú orthu mar chuid den athbhreithniú ar Rialachán GTE-F 2022. Tá sí sin in ionad meastóireacht iomlán, rud nach mbeadh coinne léi ach amháin mar chuid den athbhreithniú ar Rialachán GTE-F, atá le teacht in 2027 22 . Rinneadh meastóireacht roimhe seo idir mí Eanáir 2019 agus mí Mheán Fómhair 2020, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Rialachán GTE-F 2022 23 .
Soláthraíodh fianaise sa Tuarascáil ar Chur Chun Feidhme ar an ngá atá le tuilleadh feabhsuithe, mar atá, a mhéid a bhaineann le forbairt cásanna, riachtanais bhonneagair a shainaithint agus an Plean Forbartha Gréasáin 10 mBliana (PFG10B) ina dhiaidh, tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa a roghnú agus measúnú a dhéanamh orthu, chomh maith le leithdháileadh costas trasteorann agus creataí um cheadú. Fuarthas amach leis an tuarascáil go bhfuil míbhuntáistí le sárú ag na próisis chun cásanna a fhorbairt agus bearnaí sa bhonneagar a shainaithint, lena n‑áirítear moilleanna a chuireann bac ar a n‑éifeachtacht maidir le spriocanna Rialachán GTE-F a bhaint amach. Is beag acmhainn atá ag an gCoimisiún agus ag ACER chun an próiseas a stiúradh i dtreo na príomhthionscadail don Aontas a shainaithint. Thairis sin, maidir leis an gcuspóir a bhí beartaithe leis na leasuithe a bhain le ceadú, agus a rinneadh in athbhreithniú 2022 ar Rialachán GTE-F, cé gur baineadh amach go ginearálta é, is é sin, soiléireacht agus solúbthacht na nósanna imeachta a mhéadú, d’fhéadfaí tuilleadh feabhsuithe a dhéanamh chun tacú le dlús a chur le nósanna imeachta, rud a rannchuideoidh le héifeachtúlacht fhoriomlán an phróisis. Maidir leis an leithdháileadh costas trasteorann, d’éascaigh forálacha Rialachán GTE-F leis na costais infheistíochta le haghaidh tionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa a leithdháileadh, go príomha chun tacú le hiarratais ar an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Mar sin féin, is fíorbheag cás a bhí ann ina raibh tíortha nach tíortha óstacha iad rannpháirteach i gcinntí maidir le leithdháileadh costas trasteorann, agus ní raibh aon chás ann in earnáil an leictreachais. Dá bhrí sin, bhí éifeachtacht theoranta ag forálacha maidir le hinfheistíochtaí breise a spreagadh ó thíortha nach tíortha óstacha iad, ar tíortha iad a d’fhéadfadh tairbhiú go mór de na tionscadail murach sin.
Is é is aidhm don togra seo dul i ngleic leis na saincheisteanna sin a sainaithníodh sa Tuarascáil ar Chur Chun Feidhme atá i gceangal leis an Measúnú Tionchair, trí leasuithe spriocdhírithe a dhéanamh ar Rialachán GTE-F.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
I gcomhréir leis na treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, rinne an Coimisiún comhairliúchán poiblí cuimsitheach ar líne idir an 13 Bealtaine agus an 5 Lúnasa 2025 ar an suíomh gréasáin ‘Cloisimis Uait’. Cumhdaíodh na hábhair seo a leanas sa chomhairliúchán: i) feidhmiú ginearálta Rialachán GTE-F, ii) pleanáil bonneagair an Aontais, iii) pleanáil an ghréasáin leictreachais ar an leibhéal náisiúnta, iv) acmhainneacht óstála na n‑eangach leictreachais, v) ceadú, vi) infheistíochtaí i mbonneagar eangaí, vii) slabhraí soláthair, viii) digiteáil agus athléimneacht, agus ix) simpliú.
Fuarthas 197 bhfreagairt san iomlán ar an gcomhairliúchán. Ina theannta sin, fuarthas 2 ríomhphost trí bhosca ríomhphoist feidhmiúil le haghaidh an chomhairliúcháin. Fuarthas 197 bhfreagairt ar gach ceist ilrogha sa chomhairliúchán poiblí, rud a chiallaíonn gur fhreagair na freagróirí uile gach ceist. I gcás roinnt ceisteanna, cuireadh ceist ar fhreagróirí ar scála 5 phointe faoina mhéid a d’aontaigh siad nó a d’easaontaigh siad le ráitis. Ba é seo a leanas an scála i) Easaontaím go láidir ii) Easaontaím de bheagán, iii) Neodrach, iv) Aontaím de bheagán, v) Aontaím go láidir. Tugadh an rogha chun ‘níl a fhios agam’ a chur in iúl freisin.
Ní raibh na páirtithe leasmhara ar aon tuairim le chéile maidir le cé acu a áirithíonn nó nach n‑áirithíonn PFG10B agus na pleananna forbartha tarchuir náisiúnta go ndéantar pleanáil chomhtháite chomhleanúnach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Bhí tuairimí éagsúla ann freisin maidir lena mhéid a shainaithnítear na riachtanais uile ó thaobh an bhonneagair thrasteorann de in PFG10B. Mar sin féin, léirigh tromlach (54 %) gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat rialachais atá ann faoi láthair maidir le PFG10Banna, lena n‑áirítear róil na bpáirtithe leasmhara, chun éifeachtacht an chreata a fheabhsú. Thairis sin, i gcomhréir leis an togra reachtach, chreid thart ar a leath (44 %) nach leormhaith PFG10B chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sa bhonneagar atá sainaitheanta agus d’aontaigh tromlach (60 %) gur cheart tacaíocht níos soiléire le tosaíochtaí uile-Aontais a bheith i dtionscadail náisiúnta. Thairis sin, d’aontaigh tromlach na bhfreagróirí (61 %) freisin go bhfuil gá le hailíniú níos láidre a bheith ann idir pleananna forbartha tarchuir náisiúnta. Ina theannta sin, bhí tuairim dhearfach ag formhór na bhfreagróirí (59 %) maidir le próiseas iarratais na dtionscadal leasa choitinn agus na dtionscadal comhleasa a chuíchóiriú trí leasú a dhéanamh ar cheanglais maidir le tionscadail a bhfuil stádas tionscadail leasa choitinn nó tionscadail comhleasa acu, i dtaca le hathiarratas a dhéanamh le linn gach próisis (ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe) i gcomhréir leis an togra seo.
Nuair a fiafraíodh díobh ar cheart cur chuige a bheadh níos cosúla le cur chuige ón mbarr anuas a bheith in PFG10B maidir le bonneagar a phleanáil, agus é sin dírithe ar an bhforbairt ghréasáin a ailíniú le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais agus na mBallstát, d’easaontaigh 41 % d’fhreagróirí (ar oibreoirí córais mórán díobh) ach d’aontaigh 36 % díobh leis. Ar an gcaoi chéanna, chuir 41 % d’fhreagróirí (ar oibreoirí córais mórán acu) in iúl gur easaontaigh siad le cur chuige Eorpach a bheadh níos cosúla le cur chuige ón mbarr anuas a bheith in PFG10B chun go ndéanfaí riachtanais a shainaithnítear, agus tionscadail tosaíochta ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne, a nascadh ar bhealach níos fearr, ach d’aontaigh 36 % díobh leis sin. Cé go neartaíonn an togra reachtach seo an stiúradh ar leibhéal an Aontais sa phróiseas pleanála bonneagair, agus forbairt an phríomhcháis á glacadh air féin ag an gCoimisiún agus é tugtha de chumhacht dó glaonna ar thograí a sheoladh chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sa bhonneagar, coinníonn an togra rannpháirtíocht láidir ó na Ballstáit ar bun chomh maith le bailíochtú na gcéimeanna sa phróiseas, sa chaoi go mbaintear cothromaíocht amach chun go mbeidh an togra ailínithe le torthaí an chomhairliúcháin phoiblí. Maidir le minicíocht na bpróiseas, mheas formhór na bpáirtithe leasmhara (85 %) go raibh an timthriall 2 bhliain atá ann faoi láthair iomchuí. Leis an togra reachtach, cuirtear síneadh leis an timthriall 2 bhliain atá ann do PFG10B faoi láthair go 4 bliana, ach coinnítear solúbthacht ar bun ann más rud é gur gá é sin a thabhairt cothrom le dáta.
Bhí tuairim dhearfach ag formhór na bhfreagróirí maidir le hathneartuithe inmheánacha (72 %) agus réitigh neamhshreinge (54 %) a chuimsiú agus riachtanais bhonneagair á sainaithint, rud atá ailínithe go maith leis an togra reachtach. D’aontaigh tromlach na bpáirtithe leasmhara (62 %) freisin go bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais chun infheictheacht agus tairbhí cainníochtaithe na dteicneolaíochtaí digiteacha, nuálacha agus feabhsaithe eangaí a fheabhsú. D’áitigh tromlach níos mó, 76 % go bhfuil gá le bearta breise chun éifeachtúlacht na heangaí atá ann cheana a mhéadú.
A mhéid a bhaineann le comhroinnt costas, dúirt 38 % 24 d’fhreagróirí nach bhfuil an creat atá ann faoi láthair oiriúnach don fheidhm agus bhí 36 % 25 i bhfabhar tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcreat um leithdháileadh costas trasteorann chun comhroinnt na gcostas infheistíochta i measc tíortha, sa bhreis ar na Ballstáit óstacha, a éascú i gcomhréir leis na tairbhí lena bhfuil coinne, rud a léiríonn go bhfuil tacaíocht ann ar son athbhreithniú reachtach. Thairis sin, cheap 37 % 26 d’fhreagróirí go bhféadfaí roinnt tionscadal a chuimsiú in iarraidh ar infheistíocht laistigh den chreat maidir le leithdháileadh costas trasteorann freisin (‘cuachadh’), chun an chomhroinnt costas a éascú i measc níos mó Ballstát is tairbhithe, i gcomhréir leis an togra seo.
Rangaigh formhór na bhfreagróirí an ceadú mar phríomhbhacainn ar bhonneagar eangaí a fhorbairt ar an luas lena bhfuil gá don aistriú fuinnimh, rud a léiríonn tacaíocht ar son creat GTE-F a neartú ina leith sin. Thairis sin, thuairiscigh thart ar aon trian d’fhreagróirí nach bhfuil na forálacha maidir le ceadú de Rialachán GTE-F soiléir ná éasca le cur chun feidhme, agus bhí 16 % fós neodrach agus 34 % éiginnte ina leith sin. Tacaíonn formhór mór na bpáirtithe leasmhara le measúnuithe comhshaoil a shimpliú agus a chuíchóiriú, le nósanna imeachta deonaithe ceadanna a dhigiteáil, le spriocdhátaí dlíthiúla a bhaineann le ceadú gréasán a ghiorrú i gcomhréir leis an togra reachtach.
A mhéid a bhaineann le bearta a bhaineann leis an tslándáil, d’aontaigh os cionn aon trian de na páirtithe leasmhara nach dtugann creat dlíthiúil an Aontais aghaidh an oiread agus ba cheart ar rioscaí slándála atá ag teacht chun cinn (38 %) 27 agus go bhfuil gá le critéir slándála bhreise le haghaidh tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa chun feabhas a chur ar an gcosaint ar rioscaí fisiceacha agus ar chibear-rioscaí (36 %) 28 i gcomhréir leis an togra reachtach. Ina theannta sin, níor léirigh ach 14 % go dtugann an creat aghaidh ar eisiamh na ngníomhaithe nach gníomhaithe iontaofa iad ó rannpháirtíocht i dtionscadail bonneagair chriticiúil, agus nocht 19 % go raibh siad neodrach ina leith agus bhí beagnach tromlach díobh, 45 % (cuideachtaí 41 %, comhlachais ghnó 48 %, eagraíochtaí neamhrialtasacha 86 %, údaráis phoiblí 40 %) éiginnte.
Cuireadh an t‑aiseolas a fuarthas ó pháirtithe leasmhara mar chuid den chomhairliúchán san áireamh agus an togra á fhorbairt. Dá bhrí sin, tá na bearta faoin togra reachtach seo ailínithe go maith le tuairimí na bpáirtithe leasmhara.
Chun anailís mhionsonraithe a fháil ar thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí, féach Iarscríbhinn 2 den Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an tionscnamh seo.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Sa togra agus sa mheasúnú tionchair atá mar bhonn taca leis, baintear leas as fianaise ón Tuarascáil ar Chur Chun Feidhme maidir le Rialachán GTE-F, ó ionchur na bpáirtithe leasmhara sna comhairliúcháin fhorleathana a rinneadh ina leith sin, agus as léirbhreithniú ar an litríocht, anailís ar phunann na dtionscadal leasa choitinn agus samhaltú chomh maith.
Conclúidí foirmiúla a glacadh faoi chuimsiú Fhóram Chóbanhávan in 2023, 2024 agus 2025, measadh freisin san anailís iad. Tugann Fóram Chóbanhávan ionadaithe le chéile go bliantúil ó institiúidí an Aontais, oibreoirí córais tarchuir, tionscnóirí tionscadail, rialálaithe, cuideachtaí fuinnimh, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ón tsochaí shibhialta agus ón bpobal maoiniúcháin chun plé a dhéanamh ar na dúshláin a bhaineann le bonneagar fuinnimh na hEorpa a fhorbairt.
Rud a measadh chomh maith céanna, ba iad na tuarascálacha faireacháin comhdhlúite bliantúla ó ACER maidir le dul chun cinn a rinneadh i leith tionscadail leasa choitinn leictreachais agus gáis, tionscadail acmhainneachta incrimintí agus pointí idirnaisc fíorúla, maidir le faireachán ar an margadh leictreachais agus gáis agus leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú, chomh maith le heolas eile is déanaí faoi na cinntí maidir le leithdháileadh costas trasteorann agus dreasachtaí rioscabhunaithe a bhaineann le tionscadail shonracha.
Sa togra agus sa mheasúnú tionchair atá mar bhonn taca leis leas, baintear leas as fianaise ón Tuarascáil ar Chur Chun Feidhme maidir le Rialachán GTE-F, ó ionchur na bpáirtithe leasmhara agus ó chomhairliúcháin fhorleathana a rinneadh ina leith sin, agus as léirbhreithniú ar an litríocht, anailís ar phunann na dtionscadal leasa choitinn agus samhaltú chomh maith. Bailíodh tuilleadh faisnéise trí roinnt staidéar tacaíochta chun tacú le roghanna beartais a fhorbairt agus trí mheasúnú a dhéanamh ar riachtanais infheistíochta sa bhonneagar, ar an bpleanáil bonneagair agus ar chostais a bhaineann le moilleanna.
•Measúnú tionchair
I gcomhréir leis na treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar roinnt roghanna beartais. Chun tacú leis an obair sin rinneadh comhairliúchán struchtúrtha laistigh den Choimisiún trí Ghrúpa Stiúrtha Idirsheirbhíse. Cuireadh an measúnú tionchair faoi bhráid an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála, agus pléadh leis an mBord é. Thug an Bord tuairim dhearfach uaidh in éineacht le forchoimeádais an 26 Meán Fómhair 2025, agus tugadh aghaidh ar na tuairimí sin go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: i) cúiseanna na bhfadhbanna agus na bunchúiseanna leo a shoiléiriú a thuilleadh chomh maith lena naisc leis na bearta atá beartaithe, ii) an measúnú ar bhreithnithe ó thaobh na coimhdeachta de a mhionsaothrú, iii) athbhreithniú a dhéanamh ar na cuspóirí ginearálta agus ar na cuspóirí sonracha, agus an méid a bheidh i gceist le rath a shonrú, na cuspóirí oibríochtúla a dhéanamh níos cosúla le cuspóirí Sonracha, Intomhaiste, Comhaontaithe, Réalaíocha agus Uainithe (S.M.A.R.T), agus socruithe faireacháin a mhionsaothrú, iv) an chomparáid idir na roghanna difriúla i dtéarmaí costas agus tairbhí a chur i láthair ar bhealach níos soiléire agus údar a thabhairt leis sin, v) tuairisc bhreise a thabhairt ar inneachar na mbeart ceadúcháin agus ar a dtionchair, vi) béim a leagan ar chomhbhabhtálacha a d’fhéadfadh a bheith ann le cuspóirí eile de chuid an Aontais (féach Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Measúnú Tionchair).
Sainaithníodh trí phríomhfhadhb sa mheasúnú tionchair agus cúiseanna comhfhreagracha na bhfadhbanna sin. Le linn obair an mheasúnaithe tionchair, measadh raon beart i gceithre réimse idirghabhála éagsúla – i) bonneagar a phleanáil agus tionscadail a chur chun feidhme, ii) comhroinnt costas agus tairbhí, iii) ceadú, agus iv) slándáil – chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh agus chun cuspóirí ginearálta agus cuspóirí sonracha an tionscnaimh a bhaint amach. Rinneadh na bearta faoi gach réimse idirghabhála a ghrúpáil ina dtrí rogha beartais, de réir loighic ina raibh céimeanna éagsúla idirghabhála agus comhordúcháin ar leibhéal an Aontais, agus comhoiriúnacht agus comhleanúnachas inmheánach na mbeart á gcur san áireamh (féach Roinn 5.2.2 den Mheasúnú Tionchair).
Rogha beartais 1 - is é cur chuige feabhsaithe ón mbun aníos atá i gceist, gan ach líon teoranta athruithe ar an gcreat reachtach agus beartais de chuid an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair a thabhairt isteach, i gcomparáid leis an gcás ‘gnó mar is gnách’ agus tá íosmhéid idirghabhála breise ar leibhéal an Aontais i gceist. A mhéid a bhaineann le bonneagar a phleanáil agus tionscadail a chur chun feidhme, neartaíonn an rogha sin an creat atá ann cheana trí cheanglais áirithe a shainiú ar bhealach níos fearr agus trí phróisis a shimpliú (lena n‑áirítear tionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa a roghnú agus formheasanna ón gCoimisiún agus ó ACER) chun próiseas pleanála níos barainní agus níos stóinsithe a áirithiú. Ailínítear inti raon feidhme chatagóirí na dtionscadal leasa choitinn agus na dtionscadal comhleasa freisin, lena n‑áirítear trí cheanglais a bhaineann le leictrealóirí a neartú agus trí dheireadh a chur le catagóir na heangaí cliste gáis. A mhéid a bhaineann le comhroinnt costas agus tairbhí, feabhsaíonn an rogha an trédhearcacht agus neartaítear prionsabail an Aontais chomh maith le húsáid an ioncaim ó phlódú, chun bonneagar leictreachais trasteorann a mhaoiniú mar dhreasacht comhroinnte costais, a chumasú ar bhealach níos fearr. Maidir le ceadú, tacaíonn sí leis an reachtaíocht atá ann cheana a chur chun feidhme, lena n‑áirítear trí threoraíocht a eisiúint maidir le gnéithe áirithe den chreat measúnaithe comhshaoil a chur chun feidhme. Maidir leis an tslándáil, tugtar isteach breithnithe ó thaobh na hathléimneachta fisicí agus cibear-riosca san fhaireachán a dhéanfar ar thionscadail leasa choitinn agus ar thionscadail chomhleasa.
Rogha Beartais 2 - is é a bheith ag aistriú ó chur chuige ón mbun aníos i dtreo cur chuige is cosúla le cur chuige ón mbarr anuas atá i gceist, agus stiúradh níos láidre ann ó leibhéal an Aontais agus comhordú feabhsaithe leis na gníomhaithe atá ann faoi láthair ar leibhéal na mBallstát. Leis an rogha seo tugtar isteach athruithe níos mó ar an gcreat reachtach agus beartais de chuid an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair, i gcomparáid le rogha beartais 1, agus sa bhreis air sin, tá comhordú breise ar leibhéal an Aontais agus ath-leithdháileadh freagrachtaí áirithe i measc páirtithe leasmhara ábhartha i gceist. A mhéid a bhaineann le bonneagar a phleanáil agus tionscadail a chur chun feidhme, feabhsaítear ról an Choimisiúin go háirithe leis an rogha trí dhul ar a iontaoibh maidir le forbairt an phríomhcháis i dtaca leis na riachtanais bhonneagair a shainaithint, agus chomh maith leis sin, tugann an rogha isteach sásra líonta bearnaí chun a áirithiú go dtabharfaidh tograí tionscadail aghaidh ar na riachtanais bonneagair uile. Leathnaíonn sí raon feidhme chatagóir na dtionscadal leasa choitinn leictreachais freisin chun réitigh neamhshreinge a chuimsiú ar bhealach níos feiceálaí agus chun aitheantas níos fearr a thabhairt do ról na línte inmheánacha. A mhéid a bhaineann le comhroinnt costas is tairbhe, tugann an rogha isteach creat cumasúcháin um chuachadh deonach na dtionscadal trasteorann chun plé a chumasú agus a spreagadh i measc na mBallstát ábhartha agus tríú tíortha ábhartha. Maidir le ceadú, tá athruithe reachtacha spriocdhírithe i gceist chun dlús a chur le próisis cheadúcháin le haghaidh bonneagar trasteorann a chumhdaítear faoi Rialachán GTE-F. Maidir le slándáil, tugtar isteach leis ceanglais bhreise trédhearcachta maidir le húinéirí tairbhiúla na dtionscadal leasa choitinn/tionscadal comhleasa is iarrthóirí agus lena n‑áirítear trealamh a bhaineann le slándáil agus athléimneacht chun bonneagar leictreachais trasteorann atá ann cheana a uasghrádú faoi raon feidhme GTE-F.
Rogha Beartais 3 - is é cur chuige iomlán ón mbarr anuas maidir le bonneagar trasteorann atá i gceist. Cuimsíonn an rogha athruithe struchtúracha agus institiúideacha substaintiúla ar an status quo agus leibhéal níos airde ó thaobh lárú agus cuíchóiriú de ar leibhéal an Aontais, lena n‑áirítear tríd an bpleanáil bonneagair agus an comhordú ceadúcháin le haghaidh tionscadail bonneagair thrasteorann a chur de chúram ar chomhlachtaí an Aontais. A mhéid a bhaineann le comhroinnt costas is tairbhe, tógann an rogha ar bhearta rogha beartais 2 ach tugtar isteach pleanáil réigiúnach agus comhroinnt costas shainordaitheach freisin i gcás tionscadail bonneagair thrasteorann amach ón gcósta. Maidir le slándáil, is ionann rogha beartais 2 agus rogha beartais 3.
Cuireadh na roghanna beartais i gcomparáid le chéile de réir a n‑éifeachtachta, a n‑éifeachtúlachta, a gcomhleanúnachais agus a gcomhréireachta. Meastar go bhfuil rogha beartais 2 agus rogha beartais 3 níos éifeachtaí, níos éifeachtúla agus níos comhleanúnaí le creat beartais foriomlán an Aontais ná rogha beartais 1. Ní fheidhmíonn rogha beartais 1 ach beagán níos fearr i dtéarmaí coimhdeachta agus comhréireachta. Dá bhrí sin, ní mheastar go bhféadfadh rogha beartais 1 a bheith ina rogha beartais thosaíochta. Cé go bhfeidhmíonn roghanna beartais 2 agus 3 araon níos fearr ná rogha beartais 1 a mhéid a bhaineann lena n‑éifeachtacht maidir leis na cuspóirí sonracha a chomhlíonadh, is cosúil go bhfuil rogha beartais 2 níos éifeachtaí ar an iomlán ag an gcéim seo a mhéid a bhaineann lena áirithiú, maidir le tionscadail a chuimsítear i bpleananna gréasáin agus a roghnaítear mar thionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa, go dtugann siad aghaidh ar riachtanais bhonneagair a shainaithnítear go hiomchuí, chomh maith le nósanna imeachta ceadaithe a ghiorrú agus a shimpliú. A mhéid a bhaineann leis an éifeachtúlacht, meastar nach bhfuil rogha beartais 3 chomh héifeachtúil céanna mar gheall ar na hacmhainní breise lena bhfuil gá agus ar na hardchostais tosaigh chun dhá eintiteas nua a bhunú ar leibhéal an Aontais (nó eintitis atá ann cheana a athneartú), ar eintitis iad a bheidh freagrach as bonneagar a phleanáil agus as nósanna imeachta ceadaithe comhordaithe. I dtéarmaí na coimhdeachta agus na comhréireachta, maidir le bearta a mholtar i rogha beartais 3 (i.e. eintitis de chuid an Aontais a bheidh freagrach as bonneagar a phleanáil agus a cheadú agus as pleanáil eangaí shainordaitheach amach ón gcósta chomh maith), ar bearta iad lena bhfuil ardleibhéal idirghabhála ar leibhéal an Aontais i gceist, is cosúil go bhfuil siad díréireach ag an gcéim seo de bhrí nach bhfágann siad go mbeidh leibhéal éifeachtachta níos airde ann agus go meastar go mbeidh costais bhreise cuid mhaith níos airde i gceist leo.
Tar éis comparáid a dhéanamh idir na roghanna beartais, sainaithníodh rogha beartais 2 mar an rogha beartais ab fhearr, agus gurb í is oiriúnaí chun cuspóirí ginearálta agus cuspóirí sonracha an tionscnaimh a bhaint amach ar bhealach comhréireach. Meastar go mbeidh tionchair dhearfacha eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil ag rogha beartais 2. Na príomh-spriocghrúpaí a mheastar a mbeidh tionchar ag an tionscnamh seo orthu, sin iad saoránaigh agus tomhaltóirí Eorpacha, tionscnóirí tionscadail (lena n‑áirítear oibreoirí córais tarchuir (OCTanna)), comhlachais OCTanna Eorpacha (ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, agus ENNOH), Údaráis Inniúla Náisiúnta agus a n‑ionadaithe áitiúla agus réigiúnacha, Údaráis Rialála Náisiúnta, Rialálaithe an Aontais Eorpaigh, Oibreoirí córais dáileacháin (OCDanna) agus eagraíochtaí brainse OCDanna, agus táirgeoirí fuinnimh/tionscal an fhuinnimh.
A mhéid a bhaineann le tionchair eacnamaíocha, meastar go laghdóidh an tionscnamh costais an chórais fuinnimh go mór i gcomhréir leis an gcás barrmhaith ó thaobh na n‑eangach trína áirithiú go dtiocfaidh tionscadail a shainaithnítear níos fearr leis na riachtanais a shainaithnítear agus go gcumhdóidh na tionscadail na riachtanais sin go hiomlán. I gcás 2040, bheadh laghdú EUR 14 bhilliún in aghaidh na bliana déanta ar chostais an chórais de thoradh infheistíochtaí dar méid EUR 6 bhilliún in aghaidh na bliana arna ndéanamh san eangach bharrmhaith, is é sin glanchoigilteas EUR 8 mbilliún in aghaidh na bliana. Meastar freisin go mbeidh tionchar substaintiúil aige ar phraghsanna leictreachais mórdhíola trí fheabhas a chur ar an idirnascacht, rud as a dtiocfaidh cóineasú praghsanna agus, ar an iomlán, praghsanna níos cobhsaí agus níos ísle, ar fud an Aontais. Trí chreat feabhsaithe um chomhroinnt costas, ba cheart fíorú agus cur chun feidhme níos tapúla na dtionscadal trasteorann a éascú, rud lena ngabhfaidh gnóthachain mhóra ó thaobh an leasa shocheacnamaíoch de. Thairis sin, trí thréimhsí ceadúcháin níos tapúla agus, ar an gcaoi sin, tréimhsí níos tapúla chun tionscadal a chur chun feidhme, meastar go nginfear tairbhí eacnamaíocha i dtéarmaí na gcostas de dheasca moilleanna a sheachnófar i gcás tionscnóirí tionscadail. Ar deireadh, trí shlándáil fheabhsaithe an bhonneagair fuinnimh, d’fhéadfadh tairbhí a bheith ann de thoradh na rogha beartais ab fhearr i dtéarmaí caillteanas leasa eacnamaíoch a sheachnófar agus costais deisiúchán.
Meastar go mbeidh impleachtaí dearfacha ag laghduithe ar chostais an chórais fuinnimh i gcás an iomaíochais, trí chostais a sheachnófar agus trí mhéaduithe ar tharaifí gréasáin a mhaolú i gcás tomhaltóirí, an tionscal san áireamh. Léiríonn an rogha beartais ab fhearr freisin go mbeidh tionchair dhearfacha aici ar an digiteáil, trí bhéim níos láidre a leagan ar úsáid na réiteach neamhshreinge sa phleanáil eangaí agus ar dhigiteáil na nósanna imeachta ceadaithe. Meastar go ndéanfaidh an rogha beartais ab fhearr, ar an iomlán, costais riaracháin agus costais an choigeartaithe a laghdú i gcás gnólachtaí (lena n‑áirítear gineadóirí fuinnimh, tionscnóirí tionscadail, OCTanna agus Líonraí Eorpacha d’Oibreoirí Córais Tarchurtha (ENTSOnna) tríd an bpleanáil bonneagair a chuíchóiriú chomh maith le próisis iarratais agus meastóireachta na dtionscadal leasa choitinn agus na dtionscadal comhleasa mar aon le nósanna imeachta ceadaithe. Cé nach féidir meastachán iomlán a dhéanamh ar an gcoigilteas costas bliantúil i gcás gnólachtaí toisc nach raibh sonraí ábhartha ar fáil, is é an tátal is féidir a bhaint as go mbeadh coigilteas costas athfhillteach ann de thoradh na rogha beartais ab fhearr. I gcás na mBallstát agus na n‑údarás náisiúnta, chruthódh rogha beartais 2 costais riaracháin bhreise sa ghearrthéarma, ar costais iad a bhaineann leis an gcreat reachtach athbhreithnithe a chur chun feidhme.
Meastar go mbeidh tionchair shóisialta dhearfacha ag an tionscnamh, cé gur deacair meastachán a dhéanamh ar na tionchair chainníochtúla agus ar na héifeachtaí dáileacháin. Trí phleanáil eangaí bharrfheabhsaithe, ar bhonn meastacháin bheachta ar fhorbairt an éilimh agus an tsoláthair amach anseo, ba cheart nach mbeadh sócmhainní tréigthe ann amach anseo, rud lena n‑íoslaghdófaí costais eangaí i gcás tomhaltóirí, agus lena gcumasófaí leictriú breise, a fhágfaidh go mbeifear in ann costais infheistíochta a dhéantar in eangacha a scaipeadh thar mhéid kWh níos airde.
A mhéid a bhaineann le tairbhí comhshaoil, meastar go ndéanfar laghdú ar astaíochtaí CO2 (thart ar 27 Mtona in aghaidh na bliana) de thoradh na rogha beartais ab fhearr trí ailíniú leis an gcás barrmhaith ó thaobh na n‑eangach agus trí laghdú a dhéanamh ar an gciorrú fuinnimh in-athnuaite. Leis na hacmhainneachtaí breise trasteorann 108 GW lena mbeidh gá faoi 2040, i gcomhréir le PFG10B 2024, bheifí in ann foinsí in-athnuaite fuinnimh a chur in ionad 65 TWh de leictreachas arna tháirgeadh le gás, trí bheith in ann foinsí giniúna fuinnimh nach n‑astaíonn CO2 a chomhtháthú ar bhealach níos fearr, rud a fhágfaidh go ndéanfar laghdú mór ar astaíochtaí Eorpacha CO2, arbh é laghdú 27 milliún tona d’astaíochtaí CO2 a bheidh seachanta in 2040, de réir na meastachán 29 . A mhéid a bhaineann le ceadú, braitheann an tionchar comhshaoil go mór ar an teicneolaíocht a úsáidtear agus ar shuíomh na sócmhainní agus ar stádas comhshaoil an fhána agus an fhlóra mórthimpeall. Maidir leis na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann, tugtar aghaidh orthu, áfach, i ndearadh na mbeart atá beartaithe, trí choimircí a thabhairt isteach.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Meastar go mbeidh tionchair dhearfacha ag Rialachán GTE-F athbhreithnithe i dtéarmaí an tsimplithe agus na héifeachtúlachta feabhsaithe. Meastar go laghdóidh an tionscnamh an t‑ualach riaracháin ar ENTSOnna, ar OCTanna agus ar thionscnóirí tionscadail go háirithe a mhéid a bhaineann le bonneagar a phleanáil, mar gheall go bhfuil forbairt an phríomhcháis á glacadh air féin ag an gCoimisiún agus trí shimplithe amhail an mhinicíocht laghdaithe go timthriall 4 bliana agus an próiseas iarratais agus meastóireachta leasaithe i gcás tionscadal leasa choitinn aibí. Leis na nósanna imeachta ceadaithe cuíchóirithe, simplithe agus digiteáilte i gcás tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa, laghdófaí an t‑ualach riaracháin ar ghnólachtaí freisin. Ní féidir meastacháin iomlána a dhéanamh ar an gcoigilteas costais bliantúil i gcás gnólachtaí toisc nach raibh sonraí ábhartha ar fáil, ach is é an tátal is féidir a bhaint as go mbeidh coigilteas costais athfhillteach ann de thoradh an togra.
Níl aon tionchar díreach sainaitheanta i dtéarmaí costais chomhlíontachta nó riaracháin i gcás FBManna ná micrifhiontar. D’fhéadfadh FBManna tairbhiú de thionchair dhearfacha ó thaobh an iomaíochais de mar gheall ar chostais níos ísle maidir leis an gcóras fuinnimh, agus tairbhiú d’iomaíochas méadaithe sna réimsí teicneolaíochta sin a chuimsítear nó a neartaítear sa togra (e.g. teicneolaíochtaí ardvoltais).
Tá an tionscnamh i gcomhréir leis an measúnú digiteach agus tá sé réitithe don idirlíon agus iomchuí don chomhshaol fisiceach agus don timpeallacht dhigiteach araon. Tá bearta sa togra chun an digiteáil a chur chun cinn (féach an Ráiteas Reachtach Airgeadais agus Digiteach).
•Cearta bunúsacha
Ní mheastar go mbeidh tionchar ag an togra seo ar chearta bunúsacha.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Baineann an tionchar buiséadach a ghabhann leis an togra le hacmhainní Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh um Fhuinneamh agus an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, chomh maith leis an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER). Glacfaidh an Coimisiún freagrachtaí substaintiúla breise air féin as forbairt an phríomhcháis mar chuid den phróiseas chun riachtanais bhonneagair a shainaithint, atá sa Phlean Forbartha Gréasáin 10 mbliana. Beidh gá le hacmhainní breise le haghaidh na bhfreagrachtaí sin (féach an Ráiteas Reachtach Airgeadais agus Digiteach).
Cuirfear freagrachtaí breise de chúram ar ACER maidir le formhaoirseacht a dhéanamh ar an bPlean Forbartha Gréasáin 10 mbliana, chomh maith leis an gcreat um leithdháileadh costas trasteorann. Beidh gá le hacmhainní breise le haghaidh na bhfreagrachtaí breise sin freisin (féach an Ráiteas Reachtach Airgeadais agus Digiteach).
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Ag tógáil ar na próisis atá ann cheana chun faireachán a dhéanamh ar shonraí ó thuarascálacha tráthrialta arna n‑ullmhú ag tionscnóirí tionscadail agus rialálaithe náisiúnta, forbraíodh roinnt táscairí chun a mhéad a bhaintear amach gach ceann de chuspóirí sonracha Rialachán GTE-F athbhreithnithe a thomhas. Déanfar faireachán agus meastóireacht ar fhíorthionchar na reachtaíochta in aghaidh sraith táscairí atá ceaptha chun a bheith in oiriúint do na cuspóirí beartais sonracha atá le gnóthú tríd an reachtaíocht.
Déanfar faireachán ar na sonraí uile ar bhonn na dtuarascálacha tráthrialta ó thionscnóirí tionscadail agus ó rialálaithe náisiúnta, agus ar bhonn na gceanglas faireacháin atá ann cheana de chuid ACER lena n‑áirítear an faireachán débhliantúil ar an gcomhsheasmhacht idir PFG10B uile-Aontais agus na pleananna forbartha gréasáin náisiúnta, faireachán bliantúil ar dhul chun cinn tionscadal leasa choitinn agus tionscadal comhleasa agus na bpróiseas ceadúcháin, tuarascáil faireacháin bhliantúil ar an mbainistiú ar phlódú agus ar an leithdháileadh acmhainneachta, faireachán ar chur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí neamhshreinge agus na dteicneolaíochtaí feabhsaithe eangaí bunaithe ar shonraí atá ar fáil ón Oifig um Leithdháileadh Comhpháirteach, agus faireachán bliantúil ar bhaint amach na sprice i leith idirnascadh, arna dhéanamh mar chuid den Seimeastar Eorpach.
Faoin 30 Meitheamh 2033, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo, ar bhonn thorthaí an tuairiscithe agus na meastóireachta dá bhforáiltear in Airteagal 24 den Rialachán seo, agus ar bhonn an fhaireacháin, an tuairiscithe agus na meastóireachta a dhéantar de bhun Airteagail 22 agus 23 de Rialachán (AE) 2021/1153 chomh maith.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leagtar amach i gCaibidil I den Rialachán na forálacha ginearálta, go háirithe ábhar, cuspóirí agus raon feidhme an Rialacháin chomh maith leis na sainmhínithe is infheidhme. Leis an Rialachán, agus Iarscríbhinn II á chomhlánú, tugtar isteach catagóirí bonneagair nua i gcomparáid le Rialachán (AE) 2022/869 chun sábháilteacht, slándáil agus éifeachtúlacht neartaithe na ngréasán atá ann cheana a áirithiú, go háirithe chun eilimintí gréasáin ardvoltais atá ann cheana a chumasú chun córais a oibriú go sábháilte trí infheistíochtaí a dhéanamh i dtrealamh agus i suiteálacha faireacháin, rialaithe agus digiteála, agus chun cosaint agus athléimneacht eilimintí criticiúla na ngréasán a mhéadú trí infheistíocht a dhéanamh i dtrealamh a dearadh go sonrach chun na críche sin agus atá nasctha go fisiceach leis na heilimintí sin. Déantar catagóirí agus sainmhínithe tionscadail a choigeartú freisin chun iad a ailíniú le pacáiste reachtach an Aontais maidir le gás agus hidrigin dhícharbónaithe a glacadh in 2024 lena leagtar síos comhchoiteanna maidir leis an aistriú chuig gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin; leis an bpacáiste sin, tugtar tosaíocht do tháirgeadh agus d’úsáid na hidrigine ina foirm íon agus dá hiompar sa chóras hidrigine tiomnaithe. Tugtar isteach sainmhíniú ar réitigh ‘neamhshreinge’ sa leictreachas freisin; ní mór na réitigh sin a mheas go cúramach toisc go bhféadfaidís a bheith níos saoire ná eangacha a leathnú chun a áirithiú go bpleanálfar eangacha ar an mbealach is fearr ó thaobh na gcostas de.
Leagtar amach i gCaibidil II na forálacha a mhéid a bhaineann leis an bpróiseas chun liostaí an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus de thionscadail chomhleasa laistigh de na grúpaí réigiúnacha a ullmhú, chomh maith leis na critéir chun measúnú a dhéanamh ar thionscadail ó na grúpaí agus chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na dtionscadal.
In Airteagal 3, agus Iarscríbhinn III á chomhlánú, soláthraítear rialacha maidir le grúpaí réigiúnacha a bhunú chomh maith leis an bpróiseas chun liosta an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus de thionscadail chomhleasa a bhunú. I gcomparáid le Rialachán (AE) 2022/869, déantar foráil in Airteagal 3 agus in Iarscríbhinn III maidir le cur chuige simplithe le haghaidh ardtionscadail atá ar liosta an Aontais cheana féin, chun a stádas mar thionscadail leasa choitinn nó tionscadail chomhleasa a choinneáil ar bun.
I gcomparáid le Rialachán (AE) 2022/869, in Airteagal 4, lena leagtar amach na critéir chun measúnú a dhéanamh ar thionscadail ó na grúpaí, agus Iarscríbhinn IV á chomhlánú, soiléirítear a thuilleadh maidir le tionscadail chomhleasa go gcuimsíonn siad an limistéar chomh fada leis an gcéad phointe nasctha sa tríú tír agus áirithítear ann go mbeidh forbairt chomhfhreagrach ar an mbonneagar inmheánach i dtríú tíortha ag gabháil leis na tionscadail sin. Maidir le tíortha conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh, meastar na tairbhí a thagann de thoradh tionscadail aonair i gcás an Aontais agus thíortha conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh araon, agus ní i gcás an Aontais amháin mar a rinneadh go dtí seo.
In Airteagal 5, neartaítear na forálacha maidir le cur chun feidhme agus faireachán na dtionscadal atá ar liosta an Aontais trí cheanglais a bhaineann le measúnuithe riosca a mhéid a bhaineann leis an tslándáil fhisiceach agus leis an gcibearshlándáil, ag tógáil ar Threoir (AE) 2022/2557 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus ar Threoir (AE) 2022/2555 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais. A mhéid a bhaineann le comhordaitheoirí Eorpacha a fhéadfar a ainmniú i gcás ina mbeidh deacrachtaí móra ann maidir le tionscadal a chur chun feidhme, foráiltear le hAirteagal 6 go bhféadfar an tréimhse a bhfuil feidhm ag an ainmniú maidir léi a athnuachan.
I gCaibidil III tugtar aghaidh ar dheonú ceadanna na dtionscadal leasa choitinn agus ar ghlacadh an phobail leo. I gcomparáid le Rialachán (AE) 2022/869, rinneadh athbhreithniú ar an gcaibidil sin agus trí phríomhchuspóir ann: (1) an creat um cheadú a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú go ndeonófar an láimhseáil is fearr do thionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa i gcomhréir lena dtábhacht straitéiseach agus lena stádas speisialta, go háirithe i bhfianaise na mbeart ceadúcháin a tugadh isteach sa Phacáiste maidir leis an Margadh Hidrigine agus Gáis Dhícharbónaithe agus sa Treoir athbhreithnithe maidir le Fuinneamh In-athnuaite; (2) an córas ceadúcháin a thabhairt cothrom le dáta chun tacú leis an dlús a chuirfear leis an gceadú i gcás eangach leictreachais, i gcomhréir leis na riachtanais a aithnítear i dtuarascáil Draghi agus leis na leasuithe a tugadh isteach i dTreoir (AE) 2019/944; (3) soiléireacht an chórais cheadúcháin a mhéadú agus feabhas a chur ar a éifeachtúlacht.
Tá Airteagal 7 maidir le stádas tosaíochta na dtionscadal ar liosta an Aontais tugtha cothrom le dáta chun ceanglais a chuimsiú go dtairbheoidh tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa leictreachais de thoimhde uathoibríoch go bhfuil leas poiblí sáraitheach i gceist agus, nuair a chuimsítear iad i bPlean Forbartha Náisiúnta a chuirtear faoi réir measúnú straitéiseach comhshaoil agus measúnú iomchuí faoi Threoir 92/43/CEE, i gcás inar dócha go mbeidh tionchar mór acu ar láithreáin Natura 2000, go bhféadfar, faoi réir coinníollacha dochta, iad a dhíolmhú ó mheasúnuithe faoi reachtaíocht comhshaoil shonraithe.
In Airteagal 8 maidir le heagrú an phróisis deonaithe ceadanna, soiléirítear freagrachtaí na n‑údarás inniúil náisiúnta arna leagan síos faoin Rialachán i gcomhréir leis na scéimeanna éagsúla um cheadú, go háirithe a mhéid a bhaineann le comhar le húdaráis eile agus idirghabháil na dteagmhálacha le tionscnóirí tionscadail. Méadaítear freisin ann na ceanglais maidir le comhar trasteorann i gcás tionscadail a bhfuil baint ag dlínsí iomadúla leo.
In Airteagal 9 maidir le trédhearcacht agus rannpháirtíocht phoiblí, déantar foráil maidir le soiléireacht agus simplíocht mhéadaithe an nós imeachta, go háirithe trí oibleagáidí tuairiscithe an airteagail sin a chumasc sa chaoi nach bhfuil le déanamh ach aon tuarascáil amháin.
Le hAirteagal 10 maidir le ré agus cur chun feidhme an phróisis deonaithe ceadanna, tugtar isteach go háirithe oibleagáid chun nósanna imeachta ceadaithe a dhigiteáil; soiléirítear an dáta a meastar gurb é dáta tosaigh an nós imeachta ceadaithe é; déantar níos soiléire go bhfuil an chéim réamhiarratais roghnach; mionsaothraítear na céimeanna a bhaineann leis (raon feidhme a leagan amach, scagadh, sceidealú, comhad an iarratais a fhíorú); soiléirítear gur gá staidéir agus údaruithe atá ann cheana a chur san áireamh chun dúbailt a laghdú agus na doiciméid lena bhfuil gá don phróiseas ceadúcháin á sainiú; agus tugtar isteach formheas intuigthe i gcás cinntí arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta lena mbaineann cé is moite de chinntí comhshaoil.
Leagtar amach i gCaibidil IV na forálacha a mhéid a bhaineann le pleanáil bonneagair trasearnála, ar forálacha iad atá neartaithe i gcomparáid le Rialachán (AE) 2022/689, d’fhonn an phleanáil a stiúradh ar bhealach níos fearr, go háirithe a mhéid a bhaineann le cásanna amach anseo a shainiú, riachtanais agus scrogaill fhadtéarmacha maidir leis an mbonneagar fuinnimh a shainaithint agus aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin leis na réitigh is oiriúnaí.
Tugann Airteagal 11 de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leagtar síos príomhchás le haghaidh earnáil an leictreachais, earnáil na hidrigine agus earnáil an gháis, a bheidh le húsáid do PFG10B uile-Aontais, chomh maith leis an bpróiseas chun riachtanais bhonneagair a shainaithint, an anailís uile-chórais costais is tairbhe ar fhuinneamh agus leithdháileadh costas trasteorann na dtionscadal bonneagair fuinnimh. Chun a áirithiú go mbeidh sonraí a úsáidfear chun an cás a fhorbairt cothrom le dáta, tá sé de cheart ag an gCoimisiún iad a iarraidh ó na Ballstáit, ó ENTSO don Leictreachas, ó ENTSO don Ghásagus ó ENNOH, de réir mar is ábhartha. Ba cheart an cás a fhorbairt ar bhealach trasearnála. Go dtí seo, tá cásanna PFG10B forbartha ag ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH.
Le hAirteagal 12 téitear iontaoibh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH chun tuarascáil a fhorbairt maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint i gcás an leictreachais agus na hidrigine faoi seach. Sa tuarascáil sin, ba cheart bearnaí sa bhonneagar a shainaithint, ar bearnaí iad a dhéanann difear do chuspóirí an Aontais a bhaineann le leictreachas agus hidrigin, go háirithe ar bhonn modheolaíocht cheangailteach atá le hullmhú ag ACER agus bunaithe ar an bpríomhchás de bhun Airteagal 11. Foráiltear leis an Airteagal maidir le Grúpa GTE-F, arb é an fhoirmíocht thrasréigiúnach atá ann le haghaidh cruinnithe de na Grúpaí uile a bunaíodh faoin Rialachán, nach mór do chomhlacht cinnteoireachta an Ghrúpa GTE-F formhuiniú a dhéanamh ar na tuarascálacha maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint. I gcás an leictreachais go sonrach, ní mór cuimhneamh ar réitigh neamhshreinge sa tuarascáil agus measúnú á dhéanamh ar na riachtanais agus aghaidh á tabhairt orthu.
Tugann Airteagal 13 de chumhacht don Choimisiún próiseas meaitseála riachtanas sa chóras leictreachais a sheoladh chun réitigh fhéideartha ar riachtanais neamh-mheaitseáilte a shainaithint, i gcás inarb é conclúid na tuarascála maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint i gcás an leictreachais, nach bhfreastalaítear go hiomlán ar na riachtanais bhonneagair a shainaithnítear de bhun Airteagal 12 leis na tionscadail a cuireadh isteach lena gcuimsiú sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais. Ba cheart an próiseas meaitseála riachtanas a bheith bunaithe ar an gcomhar réigiúnach atá ann cheana, faoi stiúir an Choimisiúin agus é nasctha le próiseas PFG10B.
Tugann Airteagal 14 sainordú do ENTSO don Leictreachas agus do ENNOH úsáid a bhaint as modheolaíochtaí earnála aonair comhsheasmhacha le haghaidh anailís chomhchuibhithe uile-chórais costais is tairbhe ar fhuinneamh ar leibhéal an Aontais agus measúnú á dhéanamh ar thionscadail (sna catagóirí bonneagair fuinnimh uile seachas eangacha cliste leictreachais agus CO2) maidir lena gcuimsiú ina bpleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais féin. Ní mór na modheolaíochtaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas. Ceanglaítear ar ENTSO don Leictreachas agus ar ENNOH, mar chuid den phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, torthaí na n‑anailísí costais is tairbhe le haghaidh na dtionscadal uile a ríomh agus a fhoilsiú, agus a léiriú conas a dháiltear na tairbhí ar fud na dtíortha. Sonraítear thairis sin san Airteagal gur faoin gCoimisiún atá sé modheolaíochtaí a fhorbairt le haghaidh anailís chomhchuibhithe uile-chórais costais is tairbhe ar fhuinneamh ar leibhéal an Aontais, i gcás tionscadail a bhaineann le heangacha cliste leictreachais agus tionscadail CO2, mar is amhlaidh sa lá atá inniu ann.
Leis na forálacha faoi Chaibidil V, tugtar aghaidh ar an ngá leis an eangach a fhorbairt chun freastal ar an méadú mór a mheastar a chuirfear leis an nginiúint leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh amach ón gcósta. Tacaíonn an Chaibidil le pleanáil agus forbairt chomhordaithe fhadtéarmach an bhonneagair amach ón gcósta agus ar tír. Mar rud úrnua, ceanglaítear ar na Ballstáit faoi Airteagal 15, mar chuid dá gcomhaontuithe neamhcheangailteacha agus laistigh dá gconairí tosaíochta sonracha eangaí amach ón gcósta, cuimhneamh ar spriocanna trasteorann sonracha a leagan síos, amhail i gcás tionscadal gathach hibrideach nó trasteorann, agus é d’aidhm acu na spriocanna maidir leis an nginiúint fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a bhaint amach, is é sin, go ndéanfar an ghiniúint sin a chur in úsáid laistigh de gach imchuach farraige ar an mbealach is éifeachtúla.
I gCaibidil VI, neartaítear na forálacha maidir le creat rialála lena gcumasaítear infheistíochtaí lena ngabhann tionchar trasteorann.
Ar an gcéad dul síos, sonraítear in Airteagal 17 na prionsabail nach mór d’údaráis rialála náisiúnta a chur i bhfeidhm agus costais á leithdháileadh thar theorainneacha, lena n‑áirítear, chun deimhneacht ó thaobh na hinfheistíochta de a áirithiú, nach mór an leithdháileadh costas trasteoranna bheith bunaithe ar chomhaontú ex-ante maidir le leithdháileadh costas, agus an fhéidearthacht i gceist coigeartuithe ex-post a dhéanamh, ar choinníoll go mbeidh na coigeartuithe sin sainithe go sainráite sa chinneadh maidir le leithdháileadh costas agus leagtha amach go soiléir, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le tráthchláir agus catagóirí na gcostas a chumhdaítear. I gcás inarb iomchuí, beidh leithdháileadh na gcostas i measc na mBallstát bunaithe ar dháileadh na nglantairbhí. Rud eile atá sa Chaibidil freisin, is ea más i mBallstát a tharlaíonn 10 % nó níos mó de na tairbhí a mheastar a bheidh ag tionscadal, go nglacfaidh an Ballstát sin agus a údarás rialála náisiúnta páirt sa phróiseas leithdháilte costas trasteorann. Tá sainordú ag ACER a Mholadh a thabhairt cothrom le dáta maidir le dea-chleachtais a shainaithint i ndáil le hiarrataí infheistíochta a láimhseáil i gcás tionscadal, i gcomhréir leis na prionsabail thuasluaite, agus lárstóras a bhunú de na cinntí uile maidir le leithdháileadh costas trasteorann arna ndéanamh ag na húdaráis rialála náisiúnta agus é a óstáil ar a shuíomh gréasáin chomh maith le teimpléad neamhcheangailteach leithdháilte costas trasteorann a sholáthar chun obair na ngníomhaireachtaí rialála náisiúnta a éascú.
Ar an dara dul síos, tá Airteagal nua (Airteagal 18) tugtha isteach, lena dtacaítear le próiseas faoina bhféadfaidh tionscnóirí tionscadail dhá thionscadal leasa choitinn agus tionscadal comhleasa nó níos mó a chuachadh chun an plé maidir le comhroinnt costas idir na Ballstáit ábhartha, agus le tríú tíortha a éascú de réir mar is iomchuí, agus cinntí maidir le leithdháileadh costas trasteorann idir na húdaráis inniúla lena mbaineann de chuid na mBallstát nó idir údaráis inniúla na mBallstát agus na dtríú tíortha, de réir mar is iomchuí. In Airteagal 18, soiléirítear a thuilleadh na rialacha maidir le hanailís chomhpháirteach costais is tairbhe agus leithdháileadh costas trasteorann is infheidhme maidir le cuacha den sórt sin de thionscadail d’fhonn iarratas a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa a éascú.
Ar an tríú dul síos, tá Airteagal nua (Airteagal 19) tugtha isteach, lena gcuirtear de cheangal ar oibreoirí córais tarchuir (‘OCTanna’) 25 % de na cíosanna ó phlódú a chur i leataobh le haghaidh infheistíochtaí gréasáin a dhéanfar i dtionscadail ar liosta an Aontais atá ábhartha don phlódú idirnascairí a laghdú, ar cíosanna ó phlódú iad nach gcaitear chun infhaighteacht iarbhír na hacmhainneachta leithdháilte a ráthú ná le haghaidh cúitimh d’oibreoirí gléasraí giniúna leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta. In Airteagal 19, sonraítear coinníollacha maidir le húsáid na gcistí agus tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na coinníollacha, faoina bhféadfaidh OCTanna na cistí sin a úsáid agus na coinníollacha maidir lena scaoileadh, a shonrú a thuilleadh. I dtaca leis an modheolaíocht atá ag ACER cheana maidir le húsáid na n‑ioncam ón ioncam ó phlódú de bhun Airteagal 19(4) den Rialachán Leictreachais, ceanglaítear air an mhodheolaíocht sin a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú go mbeidh sí i gcomhréir leis na forálacha nua sin.
Ar deireadh, leagtar síos in Airteagal 20 na coinníollacha faoina bhféadfaidh na Ballstáit agus na húdaráis rialála náisiúnta dreasachtaí iomchuí a dheonú do thionscadail lena ngabhann rioscaí níos airde maidir le forbairt, tógáil, oibriú nó cothabháil, i gcomparáid leis na rioscaí a thabhaítear de ghnáth le tionscadal bonneagair inchomparáide.
I gCaibidil VII, leagtar amach na coinníollacha maidir le hincháilitheacht na dtionscadal ar liosta an Aontais le haghaidh cúnamh airgeadais faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena n‑áirítear i gcás na gcatagóirí bonneagair nua. Go sonrach, i gcomparáid le Rialachán (AE) 2022/689, leagtar amach níos mó mionsonraí in Airteagal 21 faoi na critéir is infheidhme maidir le tionscadail seachas an bonneagar fuinnimh atá faoi inniúlacht na n‑údarás rialála náisiúnta. Ós rud é nach bhfaigheann na tionscadail sin leithdháileadh costas trasteorann, ní mór dóibh meastóireacht a fháil arna déanamh ag an údarás náisiúnta ábhartha agus forbraítear na coinníollacha maidir le meastóireacht den sórt sin san fhoráil. In Airteagal 22 foráiltear nach mór na critéir shonracha a leagtar amach in Airteagal 4(3) agus na paraiméadair a leagtar amach in Airteagal 4(5) den Rialachán a chur i bhfeidhm chun critéir dhámhachtana a bhunú le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas faoin Rialachán maidir leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus leagtar síos ceanglais bhreise ann maidir le tionscadail gáis leagáide a bhaineann leis an gCipir agus le Málta faoi Airteagal 27 den Rialachán.
I gCaibidil VIII tá forálacha críochnaitheacha maidir le gníomhartha tarmligthe, tuairisciú agus meastóireacht, lena n‑áirítear maidir le digiteáil an phróisis cheadúcháin, feabhas a chur ar athléimneacht fhisiceach agus chibearshlándála an bhonneagair fuinnimh thrasteorann agus glacadh na réiteach neamhshreinge, an t‑athbhreithniú ar an Rialachán chomh maith le faisnéis agus poiblíocht na dtionscadal. Thairis sin, coinnítear ar bun sa Chaibidil na maoluithe atá ann cheana d’idirnascairí gáis Mhálta agus na Cipire go dtí go mbeidh an Chipir nó Málta, faoi seach, idirnasctha leis an ngréasán gáis tras-Eorpach go díreach nó go dtí an 31 Nollaig 2029, cibé acu is luaithe. Liostaítear thairis sin sa Chaibidil leasuithe ar acquis eile maidir leis an bhfuinneamh a eascraíonn as na leasuithe a tugadh isteach sa Rialachán agus leagtar amach inti forálacha idirthréimhseacha agus forálacha maidir le Rialachán GTE-F atá ann faoi láthair a aisghairm. Go sonrach, ní dhéanann an Rialachán athbhreithnithe difear do dheonú, leanúint ná modhnú an chúnaimh airgeadais a dámhadh roimhe faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, agus tá liosta an Aontais atá ann faoi láthair de thionscadail leasa choitinn agus de thionscadail chomhleasa le fanacht i bhfeidhm agus tá éifeachtaí le bheith aige go dtí go mbunófar liosta nua Aontais de thionscadail leasa choitinn agus de thionscadail chomhleasa de bhun an Rialacháin seo, agus go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.
2025/0399 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/942, (AE) 2019/943 agus (AE) 2024/1789 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2022/869
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 30 ,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 31 ,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2025 i dtaca leis an ‘gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan’ 32 , leagtar amach treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú. Tá áirithiú an fhuinnimh inacmhainne ina phríomhchoinníoll d’iomaíochas thionscal an Aontais, go háirithe d’earnálacha dianfhuinnimh. Dá bhrí sin, is bunchloch den Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus den Phlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne 33 í an rochtain ar fhuinneamh inacmhainne. An tráth céanna, tá beartais um dhícharbónú ina spreagadh cumhachtach don fhás nuair a chomhtháthaítear go maith iad le beartais thionsclaíocha, iomaíochta, eacnamaíocha agus trádála mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 maidir le ‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach’ 34 . Le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 35 , tá creat uaillmhianach leagtha amach ag an Aontas chun go mbeidh sé ina gheilleagar dícharbónaithe faoi 2050.
(2)Mar chuid d’uaillmhian Rialachán (AE) 2021/1119, rinneadh méadú ar an sprioc cheangailteach ar leibhéal an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 go 42,5 % de mheascán fuinnimh an Aontais a bheith ina fhuinneamh in-athnuaite faoi 2030, agus é d’aidhm go mbainfear 45 % amach 36 , agus rinneadh an sprioc cheangailteach ar leibhéal an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh níos uaillmhianaí, agus laghdú 11,7 % déanta ar thomhaltas fuinnimh deiridh an Aontais faoi 2030, i gcomparáid le réamh-mheastacháin 2020 37 . I bhfianaise go bhfuil ag éirí go maith leis an dul chun cinn i dtreo na sprice idirmheánaí go ndéanfar laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030, an 2 Iúil 2025 mhol an Coimisiún go ndéanfaí leasú ar Rialachán (AE) 2021/1119 38 lena leagfaí sprioc aeráide síos don Aontas do 2040 go mbeidh laghdú 90 % déanta ar ghlanastaíochtaí GCT, i gcomparáid le leibhéil 1990.
(3)Ní mór bonneagar a bheith i bhfeidhm chun tacú le haistriú fuinnimh an Aontais i gcomhréir leis na spriocanna sin, lena n‑áirítear mearleictriú, borradh a chur faoi ghiniúint an leictreachais in-athnuaite agus saor ó bhreoslaí iontaise, úsáid mhéadaithe na ngás in-athnuaite agus ísealcharbóin, an comhtháthú fuinnimh agus leibhéil níos airde maidir le glacadh na réiteach nuálach. Is léir gur neamhleor na hinfheistíochtaí atá á ndéanamh i mbonneagar fuinnimh trasteorann faoi láthair chun an bonneagar fuinnimh a chlaochlú agus a thógáil, arb é an bonneagar fuinnimh is gá chun tacú leis na spriocanna sin, agus tá bearna shubstaintiúil idir ár riachtanais maidir leis an mbonneagar leictreachais trasteorann agus luas agus leibhéal na forbartha bonneagair ar leibhéal na heangaí tarchurtha agus dáileacháin araon 39 . Maidir le leictreachas, i gcás thart ar leath de na riachtanais leictreachais trasteorann do 2030 (41 GW de 88 GW), ní thabharfar aghaidh orthu, agus meastar go dtiocfaidh méadú ar an mbearna sin sa chéad deacáid eile. Faoi 2040, beidh 108 GW d’acmhainneacht leictreachais trasteorann de dhíth 40 . Dá bhrí sin, is gá infheistíochtaí méadaithe a dhéanamh i mbonneagar fuinnimh, agus i dtuarascáil Draghi 41 cuireadh chun suntais go háirithe gur gá méadú a dhéanamh go mear ar chur in úsáid an bhonneagair fuinnimh thrasteorann chun tionscal na hEorpa a dhícharbónú. Sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan 42 agus sa ‘Phlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne’ 43 a ghabhann leis, leag an Coimisiún béim ar an ról ríthábhachtach a bhaineann leis an Aontas Fuinnimh a thabhairt i gcrích trí infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar fuinnimh agus in eangacha trasteorann chun iomaíochas thionscal an Aontais agus rathúnas daoine a chosaint agus ar mhaithe le hinacmhainneacht agus slándáil an tsoláthair fuinnimh chomh maith.
(4)Le Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 44 , leagadh síos treoirlínte maidir le forbairt agus idir-inoibritheacht thráthúil na gconairí agus réimsí tosaíochta maidir leis an mbonneagar tras-Eorpach fuinnimh chun rannchuidiú le maolú ar an athrú aeráide a áirithiú, go háirithe spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus an cuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus le hidirnaisc, slándáil fuinnimh, comhtháthú margaidh agus córais agus iomaíocht dá dtairbhíonn na Ballstáit uile a áirithiú, chomh maith le hinacmhainneacht na bpraghsanna fuinnimh. Go sonrach, le Rialachán (AE) 2022/869 déantar foráil maidir le tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa a shainaithint, éascaítear a gcur chun feidhme agus cinntear na coinníollacha maidir le hincháilitheacht na dtionscadal sin do chúnamh airgeadais ón Aontas. Mar sin féin, ós rud é gur tionscadail trasteorann iad, ní hamháin go gcruthaíonn tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa seachtrachtaí suntasacha dearfacha agus go gcothaíonn siad dlúthpháirtíocht, ach baineann dúshláin shonracha leo freisin do thionscnóirí tionscadail, ós rud é gur tionscadail ildlínse iad, mar aon le dúshláin chomhordúcháin agus dáileadh costas agus tairbhí a bhíonn neamhshiméadrach go minic. Dá bhrí sin, tá gá le creat ar leibhéal an Aontais i gcónaí lena n‑aghaidh.
(5)Cé go bhfuil cuspóirí Rialachán (AE) 2022/869 fós bailí den chuid is mó, ba cheart an creat um ghréasáin fuinnimh thras-Eorpacha atá ann faoi láthair a choigeartú chun na hathruithe a mheastar a dhéanfar ar an gcóras fuinnimh a léiriú go hiomlán, ar athruithe iad a bheidh ann de thoradh an chomhthéacs beartais nua agus go háirithe cuspóir aeráidneodrachta 2050 agus an sprioc idirmheánach atá beartaithe do 2040. Go sonrach, tá gá le pleanáil eangaí níos comhtháite chun tacú le margadh inmheánach fuinnimh atá ag éirí níos idirspleáiche agus níos díláraithe, le próisis deonaithe ceadanna níos tapúla agus chun a áirithiú go ndéanfar slándáil agus athléimneacht an bhonneagair fuinnimh thrasteorann a léiriú go leormhaith sa chreat athbhreithnithe um ghréasáin fuinnimh thras-Eorpacha. Chomh maith leis an gcomhthéacs polaitiúil nua agus na cuspóirí polaitiúla nua, forbraíodh an teicneolaíocht go mear le 10 mbliana anuas. Ba cheart an fhorbairt sin a chur san áireamh sna catagóirí bonneagair fuinnimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus sna critéir roghnúcháin le haghaidh tionscadail leasa choitinn mar aon leis na conairí agus na réimsí tosaíochta. An tráth céanna, níor cheart forálacha an Rialacháin seo difear a dhéanamh don cheart atá ag Ballstát na coinníollacha a chinneadh maidir lena acmhainní fuinnimh a shaothrú, dá rogha idir foinsí éagsúla fuinnimh agus do struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh, i gcomhréir le hAirteagal 194 den Chonradh.
(6)Maidir leis na 13 chonair agus réimse théamacha tosaíochta atá sainaitheanta ó thaobh an bhonneagair fuinnimh thras-Eorpaigh de, tá sé fíor-riachtanach iad a chur chun feidhme chun spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach, lena n‑áirítear an margadh a chomhtháthú a thuilleadh, an tslándáil fuinnimh, cuspóir aeráidneodrachta 2050 chomh maith le hinacmhainneacht na bpraghsanna fuinnimh. Leis na tosaíochtaí sin, cumhdaítear infheistíochtaí atá le déanamh i dtarchur agus i stóráil leictreachais, in eangacha amach ón gcósta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite, in eangacha cliste leictreachais, i dtrealamh agus suiteáil a ceapadh chun cosaint agus athléimneacht eilimintí criticiúla na ngréasán atá ann cheana a áirithiú, i dtarchur, stóráil agus críochfoirt hidrigine, i leictrealóirí, agus in iompar agus stóráil na dé-ocsaíde carbóin chomh maith le trealamh agus suiteálacha faireacháin, rialaithe agus digiteála atá fíor-riachtanach le haghaidh gréasáin ardvoltais atá ann cheana agus a mbaineann ábharthacht trasteorann leo.
(7)Ba cheart bonneagar fuinnimh an Aontais a uasghrádú chun méadú a dhéanamh ar a athléimneacht in aghaidh tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéanamh an duine, éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide, gníomhaíochtaí naimhdeacha d’aon ghnó agus bagairtí ar a shlándáil, go háirithe a mhéid a bhaineann le bonneagair chriticiúla Eorpacha de bhun Threoir 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45 .
(8)Sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair, tá sé tábhachtach sreabhadh neamhbhriste an leictreachais thar theorainneacha a áirithiú chun slándáil an tsoláthair a áirithiú. Braitheann sé sin ní hamháin ar athléimneacht na n‑idirnascairí idir na Ballstáit, ach ar athléimneacht eilimintí criticiúla na ngréasán freisin. Dá bhrí sin, leis an Rialachán seo ba cheart catagóir bonneagair nua a thabhairt isteach i bhfoirm infheistíochtaí a dhéanfar i dtrealamh agus i suiteálacha atá nasctha go díreach le hathléimneacht agus cosaint eilimintí criticiúla na ngréasán agus a ceapadh chun athléimneacht agus cosaint na n‑eilimintí sin a fheabhsú. Leis an gcatagóir bonneagair nua sin, ba cheart eilimintí criticiúla na ngréasán a chumhdach, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 46 , ar eilimintí iad a thacaíonn le slándáil na ngréasán agus le slándáil an tsoláthair i gcomhréir le cásanna géarchéime agus pleananna riosca-ullmhachta na mBallstát faoi Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 .
(9)Cé gur féidir tairbhí a bheith ag baint le hinfheistíocht choigríche amhail roghanna maoiniúcháin méadaithe do thionscadail atá dian ar chaipiteal, is féidir léi neamhchosaint an Aontais ar rioscaí a bhaineann leis an tslándáil fuinnimh a mhéadú freisin, amhail suaití nó iontaofacht laghdaithe na sreafaí trasteorann, go háirithe i gcás ina dtagann na hinfheistíochtaí coigríche sin ó thríú tíortha a bhfuil leasanna geopholaitiúla acu atá éagsúil le leasanna an Aontais. Dá bhrí sin, ó thaobh na trédhearcachta de maidir leis an úinéireacht thairbhíoch deiridh, lena n‑áirítear faisnéis faoin infheisteoir deiridh agus rannpháirtíocht sa chaipiteal mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 48 , a bhaineann le bonneagar agus tionscadail fuinnimh trasteorann a bhfuil tionchar trasteorann acu, tá an trédhearcacht sin ríthábhachtach mar chosc ionas nach mbeidh an tAontas spleách ar thríú tíortha nach tíortha iontaofa iad agus ba cheart í a chur san áireamh agus tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa á roghnú.
(10)Chun forbairt costéifeachtúil luathaithe na n‑eangach agus rochtain ar eangacha san Aontas a áirithiú, ba cheart ról feiceálach a bheith ag réitigh neamhshreinge chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na gcóras in éineacht le hathneartú fisiceach eangaí, ós rud é go bhféadfar na réitigh sin a chur in úsáid níos tapúla agus ar chostais níos ísle. Ba cheart cuimhneamh ar theicneolaíochtaí den sórt sin a chur in úsáid sula ndéanfar infheistíocht i leathnú an bhonneagair eangaí. Chuige sin, le catagóir bonneagair nua, ba cheart infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí neamhshreinge agus i réitigh dhigiteacha a chumhdach, lena n‑áirítear réitigh bogearraí, i gcás ina gcuirfear in úsáid iad ar eilimintí criticiúla na ngréasán atá ann cheana agus atá ábhartha don trádáil trasteorann, agus i gcás ina mbeidh tairbhí cainníochtaithe ag baint leo ar mhaithe le comhtháthú an mhargaidh i dtéarmaí acmhainneacht trasteorann a mhéadú.
(11)Glacadh pacáiste reachtach maidir le gás agus hidrigin dhícharbónaithe le Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 49 agus le Treoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 50 chun rialacha comhchoiteanna a leagan síos ar leibhéal an Aontais maidir leis an aistriú chuig gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin. Ba cheart na catagóirí bonneagair a leagtar amach sa Rialachán seo a ailíniú go hiomlán le cuspóirí an phacáiste sin agus a áirithiú go mbeidh tionchar mór trasteorann ag tionscadail bonneagair fuinnimh. Ba cheart an fhéidearthacht chun athrú a dhéanamh ar chuspóir bonneagair agus trealaimh atá ann cheana a chur san áireamh agus tionscadail den sórt sin á bhforbairt, i gcás inar féidir sin go teicniúil agus inarb éifeachtúla é.
(12)Ba cheart grúpaí réigiúnacha (Grúpaí) a bhunú chun tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa a mholadh agus a athbhreithniú, sa chaoi go mbunófar liostaí réigiúnacha de thionscadail leasa choitinn agus de thionscadail chomhleasa. Chun comhaontú leathan a áirithiú, ba cheart do na Grúpaí sin dlúthchomhar a áirithiú idir Ballstáit, údaráis rialála náisiúnta, tionscnóirí tionscadail agus páirtithe leasmhara ábhartha. I gcomhthéacs an chomhair sin, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta comhairle a chur ar Ghrúpaí, i gcás inar gá, inter alia, maidir le féidearthacht na ngnéithe rialála náisiúnta de thionscadail atá beartaithe agus maidir le féidearthacht an tráthchláir atá beartaithe i gcomhair formheas rialála.
(13)Chun méadú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na bpróiseas pleanála gréasáin agus forbartha tionscadail, ba cheart an comhar idir na Grúpaí a neartú. Is gá ról tábhachtach a bheith ag an gCoimisiún maidir leis an gcomhar sin a éascú d’fhonn dul i ngleic leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar réigiúnacha eile ag tionscadail arna bhforbairt laistigh de réigiún amháin.
(14)Chun na Grúpaí a chomhlánú, tá roinnt fóram um chomhar réigiúnach bunaithe le tacaíocht ón gCoimisiún. Is príomhuirlis é an comhar réigiúnach laistigh de na fóraim agus na Grúpaí agus eatarthu chun a áirithiú go gcomhtháthófar córas fuinnimh na hEorpa ar leibhéal níos doimhne. Cumhdaíonn na ceithre Ghrúpa Ardleibhéil réigiúin Eorpacha éagsúla agus tá rannpháirtíocht ann ó thríú tíortha freisin: an Plean Idirnaisc don Mhargadh Baltach Fuinnimh (BEMIP), Comhar Fuinnimh na Mara Thuaidh (NSEC), an Grúpa Ardleibhéil um Idirnaisc d’Iardheisceart na hEorpa (SWE) agus an Grúpa Ardleibhéil um Nascacht Fuinnimh do Lár agus Oirdheisceart na hEorpa (CESEC). D’éirigh leis an gcomhar réigiúnach sna fóraim sin tacú leis an bhfaireachán ar chur chun feidhme na bpríomhthionscadal bonneagair fuinnimh a bhfuil gné réigiúnach ag baint leo agus ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ar mhaithe le comhtháthú an mhargaidh, agus tacú le dlús a chur leis an gcur chun feidhme sin freisin. Dá réir sin, ba cheart na fóraim sin um chomhar réigiúnach a chur in úsáid níos mó agus níos mó chun tacú le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.
(15)Ba cheart liosta nua de chuid an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus de thionscadail chomhleasa (‘liosta an Aontais’) a bhunú gach 2 bhliain. Tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa atá tugtha chun críche nó nach gcomhlíonann a thuilleadh na critéir agus na ceanglais ábhartha mar a leagtar amach sa Rialachán seo, níor cheart iad a bheith ar liosta an Aontais ina dhiaidh sin.
(16)Maidir le tionscadail leasa choitinn atá ann cheana agus tionscadail chomhleasa atá ann cheana agus atá le cuimsiú ar liosta an Aontais dá éis sin, ba cheart iad a chur faoi réir an phróisis roghnúcháin chéanna chun liostaí réigiúnacha a bhunú agus chun liosta an Aontais a bhunú, arb é sin an próiseas a chuirtear i bhfeidhm maidir le tionscadail atá beartaithe, ach amháin i gcás ina mbeidh formheas ón údarás rialála náisiúnta inniúil faighte acu nó cinneadh infheistíochta críochnaitheach lena soláthraítear dearbhú leormhaith maidir le tógáil na dtionscadal, nó i gcás ina bhfuil an tógáil sin ar siúl faoi láthair agus go léiríonn siad ina dtuarascáil bhliantúil go bhfuil dul chun cinn leormhaith déanta acu, agus sa chás sin ba cheart iad a choinneáil ar liosta an Aontais.
(17)I gcás ina bhfuil tionscadail leasa choitinn atá ann cheana agus tionscadail chomhleasa atá ann cheana agus atá le cuimsiú ar liosta an Aontais seo a leanas faoi réir an phróisis roghnúcháin chéanna, chun liostaí réigiúnacha a bhunú agus chun liosta an Aontais a bhunú, a chuirtear i bhfeidhm maidir le tionscadail atá beartaithe, ba cheart an t‑ualach riaracháin a laghdú a mhéid is féidir, mar shampla trí úsáid a bhaint as faisnéis tionscadail a cuireadh isteach roimhe sin sa mheasúnú, má tá sé fós cothrom le dáta.
(18)Le tionscadail leasa choitinn agus le tionscadail chomhleasa, ba cheart critéir choiteanna, thrédhearcacha, oibiachtúla, ghinearálta agus shonracha a chomhlíonadh i bhfianaise rannchuidiú na dtionscadal sin le cuspóirí an bheartais fuinnimh. Chun go mbeidh tionscadail leictreachais atá beartaithe incháilithe lena gcuimsiú ar liosta an Aontais, cé is moite d’eangacha cliste leictreachais agus tionscadail a ceapadh go sonrach chun cosaint agus athléimneacht a sholáthar d’eilimintí criticiúla na ngréasán atá ann cheana, ba cheart na tionscadail leictreachais sin a bheith ina gcuid den phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais is déanaí atá ar fáil. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart tionscadail hidrigine agus leictrealóra atá beartaithe a bheith ina gcuid den phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais is déanaí atá ar fáil.
(19)I dtéarmaí foinsí fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú san eangach, nó astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, de réir mar is ábhartha, is príomhchritéar í an inbhuanaitheacht chun a áirithiú go bhfuil an beartas maidir le gréasáin fuinnimh thras-Eorpacha ag teacht le spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais agus le cuspóirí aeráidneodrachta 2050, agus sainiúlachtaí gach Ballstáit maidir leis an gcuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach á gcur san áireamh. Chuige sin, tá an inbhuanaitheacht ar cheann de na critéir mheasúnaithe atá le cur i bhfeidhm maidir leis na catagóirí tionscadail uile.
(20)Tá méadú ag teacht ar an ngá atá le comhtháthú margaidh níos láidre agus le hidirnascacht ghréasáin an Aontais le margadh agus le gréasáin an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) agus an Chomhphobail Fuinnimh. Dá bhrí sin, maidir le tairbhí agus costais na dtionscadal comhleasa idir Ballstát agus tír in LEE nó páirtí conarthach de chuid an Chomhphobail Fuinnimh, ba cheart iad a mheas ar bhonn carnach i gcás an Aontais agus i gcás na tíre lena mbaineann in LEE nó an pháirtí chonarthaigh lena mbaineann sa Chomhphobal Fuinnimh.
(21)Ba cheart don Aontas tionscadail bhonneagair a éascú lena nasctar gréasáin de chuid an Aontais le gréasáin tríú tíortha go díreach, ar tionscadail iad lena mbaineann leas frithpháirteach agus atá riachtanach don aistriú fuinnimh agus chun na spriocanna aeráide a bhaint amach, agus a chomhlíonann critéir shonracha na gcatagóirí bonneagair ábhartha de bhun an Rialacháin seo freisin. Chun an bhéim ar thionscadail trasteorann a athneartú agus chun comhlántacht le beartas seachtrach an Aontais a choinneáil ar bun, i gcás na dtionscadal comhleasa, ba cheart Ballstát a nascadh go díreach leis an gcéad phointe nasctha le gréasáin leictreachais nó leis an gcéad phointe nasctha hidrigine nó dé-ocsaíde carbóin sa tríú tír.
(22)A mhéid a bhaineann le tionscadail chomhleasa atá bainteach le gréasáin leictreachais, níor cheart ach tionscadail idirnaisc lena nasctar córais fuinnimh a bheith incháilithe, ar choinníoll go bhféadfaí úsáid iomlán a bhaint as a n‑acmhainneacht aistrithe fuinnimh le haghaidh malartuithe sa mhargadh. Tá sé de fhreagracht ar na hoibreoirí córais tarchuir (OCTanna) féin measúnú a dhéanamh roimh ré ar thionchair aon tionscadal ar shlándáil agus ar chobhsaíocht na heangaí, chun a dheimhniú gur féidir an tionscadal a chomhtháthú go hiomlán i ngréasáin leictreachais na dtíortha lena mbaineann.
(23)Maidir le tionscadail chomhleasa dá ndeonaítear tosaíocht, is gá a áirithiú go ndéanann siad margadh inmheánach an Aontais, slándáil an tsoláthair agus cuspóirí aeráidneodrachta an Aontais a chur chun cinn i ndáiríre. Dá bhrí sin, níor cheart tionscadail chomhleasa a bheith incháilithe lena gcuimsiú i liosta an Aontais ach amháin i gcás ina bhfuil ardleibhéal cóineasaithe ag an gcreat beartais atá ag an tríú tír lena mbaineann, agus go bhfuil tacaíocht ó shásraí forfheidhmithe ann dó, agus go léiríonn tionscadail den sórt sin go rannchuidíonn siad leis na cuspóirí foriomlána atá ag beartais fuinnimh agus aeráide an Aontais agus na dtríú tíortha, i dtéarmaí shlándáil an tsoláthair agus dícharbónú.
(24)Ba cheart ardleibhéal cóineasaithe an chreata beartais a thoimhdiú i gcás pháirtithe conarthacha LEE nó an Chomhphobail Fuinnimh, nó is féidir é a léiriú i gcás tríú tíortha eile trí chomhaontuithe déthaobhacha lena n‑áirítear forálacha ábhartha maidir le cuspóirí beartais aeráide agus fuinnimh i dtaca le dícharbonú agus féadfaidh an Grúpa iomchuí measúnú breise a dhéanamh air le tacaíocht ón gCoimisiún. Sa bhreis air sin, i gcás an tríú tír lena n‑oibríonn an tAontas i gcomhar ó thaobh forbairt tionscadal comhleasa de, ba cheart di amlíne den chineál céanna a éascú chun dlús a chur le cur chun feidhme na dtionscadal, agus chun bearta tacaíochta beartais eile a chur i bhfeidhm, faoi mar a fhoráiltear sa Rialachán seo.
(25)Maidir leis an gcuid sin den tionscadal comhleasa atá lonnaithe sa tríú tír agus aon infheistíocht bhreise is gá chun gur féidir tairbhí iomlána an tionscadail comhleasa a chur chun feidhme, amhail athneartuithe inmheánacha eangaí, ba cheart don tríú tír lena mbaineann a áirithiú go láimhseálfar ar bhonn tosaíochta iad agus go gcuirfear in úsáid go tráthúil iad chun a áirithiú go mbainfear lánúsáid as an tionscadal.
(26)Maidir le tionscadail le haghaidh stóráil dé-ocsaíde carbóin ina bhfuil tríú tíortha rannpháirteach, chun a áirithiú go rannchuidíonn siad le hiompar agus stóráil trasteorann na dé-ocsaíde carbóin ar bhealach atá i gcomhréir le ceanglais aeráide agus comhshaoil an Aontais, níor cheart tionscadail den sórt sin a bheith incháilithe ach amháin más gá iad chun go bhfeidhmeoidh iompar agus stóráil trasteorann na dé-ocsaíde carbóin agus i gcás ina gcoinníonn an tríú tír creat dlíthiúil leormhaith ar bun agus ina bhforfheidhmíonn sí go héifeachtach é. Ba cheart a áirithiú leis an gcreat dlíthiúil sin sa tríú tír go gcuirfear caighdeáin agus coimircí i bhfeidhm lena gcuirtear cosc ar sceitheadh dé-ocsaíde carbóin agus lena ráthaítear sábháilteacht agus éifeachtacht stóráil bhuan na dé-ocsaíde carbóin chun an aeráid, sláinte an duine agus éiceachórais a chosaint. Leis na caighdeáin agus na coimircí sin, ba cheart leibhéal cosanta a sholáthar atá coibhéiseach ar a laghad leis an leibhéal a leagtar síos i ndlí an Aontais. Ba cheart a thoimhdiú go gcomhlíonann LEE nó Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh na caighdeáin agus na coimircí sin.
(27)Ba cheart tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa a chur chun feidhme a thapúla is féidir agus ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta, don Ghníomhaireacht agus do na Grúpaí dlúthfhaireachán a dhéanamh orthu, agus na ceanglais maidir le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara agus reachtaíocht chomhshaoil á n‑urramú go cuí agus an t‑ualach riaracháin ar thionscnóirí tionscadail á choinneáil chomh híseal agus is féidir. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an measúnú ar rioscaí a mhéid a bhaineann leis an oiriúnú don athrú aeráide agus a mhéid a bhaineann leis an tslándáil fhisiceach agus leis an gcibearshlándáil, ag tógáil, i gcás inarb infheidhme, ar cheanglais Threoir (AE) 2022/2557 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus ar cheanglais Threoir 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 51 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála ar fud an Aontais, agus ba cheart do thionscnóirí tionscadail tuairisciú do na húdaráis inniúla náisiúnta maidir leis na bearta a dhéantar de thoradh na rioscaí a ndearnadh measúnú orthu. Sa bhreis air sin, le linn tionscadail a chur chun feidhme, ba cheart do thionscnóirí tionscadail tuairisc a dhéanamh faoi chomhlíonadh na reachtaíochta comhshaoil agus ba cheart dóibh a léiriú nach ndéanann na tionscadail sin ‘aon dochar suntasach’ don chomhshaol de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 52 . I gcás tionscadail leasa choitinn atá ann cheana agus a bhfuil leibhéal leordhóthanach aibíochta bainte amach acu, cuirfear na breithnithe sin san áireamh agus tionscadail á roghnú ag na Grúpaí le haghaidh liostaí eile de chuid an Aontais ina dhiaidh sin.
(28)Ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún comhordaitheoirí Eorpacha a ainmniú le haghaidh tionscadail a bhfuil deacrachtaí nó moilleanna ar leith ag baint leo, chun cur chun feidhme tionscadal a bhfuil deacrachtaí rompu a éascú.
(29)Maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna, níor cheart ualaí riaracháin atá ar neamhréir le méid nó le castacht tionscadail ná bacainní ar fhorbairt na ngréasán tras-Eorpach agus ar rochtain ar an margadh a bheith mar thoradh air.
(30)Ba cheart stádas tosaíochta ar an leibhéal náisiúnta a thabhairt do thionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa chun láimhseáil mhear riaracháin agus láimhseáil phráinneach a áirithiú i ngach nós imeachta breithiúnach nó réitithe díospóide a bhaineann leo.
(31)Na Ballstáit nach leagann faoi láthair an stádas náisiúnta is airde is féidir ar thionscadail bonneagair fuinnimh a mhéid a bhaineann leis an bpróiseas deonaithe ceadanna, moltar dóibh stádas náisiúnta den chineál sin a thabhairt isteach, go háirithe i gcás ina gcuirfeadh sé sin dlús leis an bpróiseas deonaithe ceadanna.
(32)Na Ballstáit nach bhfuil nósanna imeachta breithiúnacha atá brostaithe nó práinneach i bhfeidhm acu faoi láthair, nósanna imeachta a bhfuil feidhm acu maidir le tionscadail bonneagair fuinnimh, ba cheart iad a spreagadh le féachaint ar nósanna imeachta den chineál sin a thabhairt isteach, go háirithe trí mheastóireacht a dhéanamh an rud é sin a chuirfeadh dlús le cur chun feidhme na dtionscadal sin.
(33)Tionscadail a bhaineann le sócmhainní hidrigine, saoráidí leictrealóra agus sócmhainní dé-ocsaíde carbóin, rannchuidíonn siad le spriocanna fuinnimh agus aeráide, lena n‑áirítear maidir leis an ngá atá le dlús a chur leis an bhfuinneamh in-athnuaite a chur in úsáid agus lena chomhtháthú i meascán fuinnimh na dtionscadal. Dá bhrí sin, maidir leis na tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa uile a bhaineann le hidrigin, saoráidí leictrealóra agus sócmhainní dé-ocsaíde carbóin, ba cheart a mheas go mbaineann leas an phobail leo ó thaobh beartas fuinnimh de, agus ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a mheas go mbaineann leas poiblí sáraitheach leo, cé is moite de chás ina bhfuil leas oidhreachta cultúrtha i gceist agus i gcás ina bhfuil fianaise shoiléir ann go bhfuil éifeachtaí díobhálacha móra ag na tionscadail sin ar an gcomhshaol nach féidir a mhaolú ná a chúiteamh.
(34)Mar gheall ar an ról atá ag tionscadail bonneagair leictreachais maidir le sócmhainní fuinnimh in-athnuaite, réitigh solúbthachta, stóráil fuinnimh agus leictriú a chomhtháthú i gcoitinne, meastar go bhfuil na tionscadail sin fíor-riachtanach chun an aeráidneodracht a bhaint amach. Dá bhrí sin, go dtí go mbainfear amach sprioc aeráidneodrachta an Aontais, ba cheart a thoimhdiú go mbaineann leas poiblí sáraitheach leis na tionscadail sin agus go bhfuil siad chun leas na sláinte agus na sábháilteachta poiblí i gcás ina bhfuil cothromaíocht le haimsiú idir leasanna dlíthiúla iomaíocha, cé is moite de chás ina bhfuil leas oidhreachta cultúrtha i gceist, agus i gcás ina bhfuil fianaise shoiléir ann go bhfuil éifeachtaí díobhálacha móra ag na tionscadail sin ar an gcomhshaol nach féidir a mhaolú ná a chúiteamh, mar a fhoráiltear dó i dTreoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 53 .
(35)I ngeall ar thábhacht na dtionscadal sin chun an aeráidneodracht a bhaint amach, agus a dtábhacht straitéiseach mar thionscadail ar liosta an Aontais, maidir le tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa a bhaineann le leictreachas 54 agus a cuimsíodh go sainráite i bPlean Forbartha Náisiúnta a bhí faoi réir measúnú straitéiseach comhshaoil i gcomhréir le Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 55 , agus, más dócha go mbeidh tionchar mór ag an tionscadal ar láithreáin Natura 2000, faoi réir an mheasúnaithe iomchuí de bhun Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cead a thabhairt go mbeidh na tionscadail sin díolmhaithe ó mheasúnuithe ar an tionchar ar an gcomhshaol faoi Threoir 2011/92/AE, ó mheasúnuithe ar a n‑impleachtaí ar chosaint speiceas de bhun Airteagal 12(1) de Threoir 92/43/CEE agus Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CE, agus ó mheasúnuithe ar a n‑impleachtaí do láithreáin Natura 2000. Ba cheart na díolúintí sin a bheith indéanta go dtí go mbainfear aeráidneodracht amach.
(36)Chun aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag díolúintí den sórt sin a mhaolú, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát a áirithiú, tar éis an scagtha, go gcuirfear bearta maolaithe iomchuí agus comhréireacha i bhfeidhm, agus cuimhneamh ar na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil a úsáid. I gcás nach féidir bearta maolaithe den sórt sin a chur i bhfeidhm, ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú go nglacfaidh tionscnóirí tionscadail bearta cúiteacha iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí sin, agus mura bhfuil bearta cúiteacha comhréireacha eile ar fáil, d’fhéadfaí íoc cúitimh airgeadaíochta ar mhaithe le cláir cosanta speiceas a chuimsiú leis na bearta sin. Ina theannta sin, i gcás inar dócha go mbeidh éifeachtaí diúltacha móra ag tionscadal ar chomhshaol Ballstáit eile, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta a áirithiú gur oibrigh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhar chun bearta a shainaithint chun na tionchair mhóra a sheachaint, nó, i gcás inar gá, chun iad a mhaolú nó a chúiteamh.
(37)Chun dlús a chur le cur in úsáid an ghréasáin fuinnimh thras-Eorpaigh, ba cheart na coinníollacha maidir le maoluithe sonracha a chur i bhfeidhm, mar a leagtar amach i reachtaíocht comhshaoil an Aontais, a bheith soiléir. Go sonrach, agus measúnú á dhéanamh ar cé acu atá réitigh mhalartacha shásúla ar thionscadail fuinnimh ann, ba cheart teorainn a chur le raon feidhme an mheasúnaithe sin sa chaoi nach cuimseofar ach réitigh mhalartacha lena n‑áiritheofar go mbainfear an cuspóir céanna amach laistigh den tráthchlár céanna nó laistigh de thráthchlár comhchosúil agus gan costais i bhfad níos airde ann dá thoradh sin. Agus comparáid á déanamh idir an tráthchlár agus an costas a bhaineann le réitigh mhalartacha shásúla, ba cheart na húdaráis ábhartha a bheith in ann a chur san áireamh gur gá tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa a chur in úsáid ar bhealach luathaithe agus costéifeachtach i gcomhréir leis na tosaíochtaí a leagtar amach ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus i nuashonruithe na bpleananna sin arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Rialachán (AE) 2018/1999.
(38)Ar an gcaoi chéanna, agus an maolú ábhartha dá bhforáiltear i dTreoir 92/43/CEE á chur i bhfeidhm, is iomchuí go bhféadfaidh na húdaráis ábhartha cead a thabhairt bearta cúiteacha a dhéanamh go comhthreomhar le cur chun feidhme an phlean nó an tionscadail, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus i gcás inar féidir a léiriú go réasúnta nach ndéanfadh an plean nó an tionscadal difear do-aisiompaithe, sula gcuirtear na bearta i bhfeidhm, do chomhleanúnachas foriomlán líonra Natura 2000, agus go gcaomhnófar sláine comhshaoil an láithreáin agus go n‑áiritheofar ardleibhéal cosanta do láithreáin Natura 2000.
(39)Chun castacht a laghdú, éifeachtúlacht agus trédhearcacht a mhéadú, agus chun cuidiú le comhar i measc na mBallstát a fheabhsú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh aon údarás inniúil amháin ann atá freagrach as na próisis deonaithe ceadanna uile a éascú agus a chomhordú i dtreo cinneadh cuimsitheach a eisiúint, a oibríonn i gcomhar le húdaráis eile lena mbaineann agus le húdaráis inniúla náisiúnta na mBallstát eile, a ghníomhaíonn mar phointe teagmhála aonair do thionscnóirí chun idirghabháil a dteagmhála le húdaráis eile a dhéanamh, agus a dhéanann faireachán ar fhorbairt agus ar mhoilleanna na dtionscadal atá ar liosta an Aontais.
(40)Chun éifeachtúlacht na nósanna imeachta a mhéadú, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta a bheith freagrach as a áirithiú freisin, i gcás tionscadail tarchurtha agus giniúna hibrideacha, go mbeidh an amlíne chun cead a thabhairt ailínithe le sócmhainní uile an tionscadail sa chaoi go mbrostófar an próiseas deonaithe ceadanna le haghaidh na sócmhainní giniúna agus tarchurtha.
(41)Maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail ar liosta an Aontais atá lonnaithe in dhá Bhallstát nó níos mó, chun an próiseas sin a shimpliú agus a bhrostú, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann pointe teagmhála uathúil i measc na n‑údarás inniúil náisiúnta a ainmniú go comhpháirteach. Trí údarás aonair a bheith ann a éascaíonn an próiseas, agus a eisíonn an cinneadh cuimsitheach críochnaitheach, ba cheart an t‑ualach riaracháin ar fhorbróirí tionscadail agus castacht a laghdú, éifeachtúlacht a mhéadú agus dlús a chur leis an bpróiseas deonaithe ceadanna, go háirithe i gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil maidir le nósanna imeachta comhpháirteacha lena ngabhann amlínte agus measúnuithe ailínithe. Chun comhar éifeachtach trasteorann a áirithiú, ba cheart don Choimisiún díriú ar thionscadail idirnaisc atá sainaitheanta mar thionscadail tosaíochta chun comhordú chur chun feidhme agus cheadú na dtionscadal a neartú, chomh maith leis an bhfaireachán ar an gcur chun feidhme agus ceadú sin. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún tacú leis na Ballstáit nósanna imeachta comhpháirteacha a shainaithint ar mhaithe le próiseas deonaithe ceadanna atá éifeachtach agus éifeachtúil.
(42)I gcás inarb iomchuí, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann cinntí a chur san áireamh i gcinntí cuimsitheacha, ar cinntí iad a rinneadh i gcomhthéacs caibidlíochta le húinéirí talún aonair maidir le rochtain, úinéireacht nó ceart áitithe a dheonú i gcás maoine i gcomhthéacs pleanáil spásúlachta, lena gcinntear úsáid ghinearálta talún i réigiún sainithe, lena n‑áirítear forbairtí eile amhail mórbhealaí, iarnróid, foirgnimh agus limistéir faoi chosaint fiadhúlra, agus ar pleanáil í nach ndearnadh chun críoch shonrach an tionscadail phleanáilte agus chun ceadanna oibríochtúla a dheonú. I gcomhthéacs an phróisis deonaithe ceadanna, ba cheart gurbh fhéidir le bonneagar gaolmhar a bheith mar chuid de thionscadal leasa choitinn a mhéid a bhfuil sé sin fíor-riachtanach do thógáil nó d’fheidhmiú an tionscadail.
(43)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo, agus go háirithe ag na forálacha maidir le ceadanna a dheonú, le rannpháirtíocht phoiblí agus le tionscadail leasa choitinn a chur chun feidhme, gan dochar do dhlí an Aontais agus don dlí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear forálacha chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint agus forálacha arna nglacadh faoin gComhbheartas Iascaigh agus an Beartas Muirí Comhtháite, go háirithe Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 56 .
(44)Tá sé fíor-riachtanach go ndéanfaí faisnéis a sholáthar do na páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear an tsochaí shibhialta, agus go rachfaí i gcomhairle leo, chun rath na dtionscadal a áirithiú agus chun srian a chur le hagóidí ina gcoinne. D’ainneoin go bhfuil caighdeáin sheanbhunaithe ann lena n‑áirithítear rannpháirtíocht an phobail i nósanna imeachta cinnteoireachta maidir leis an gcomhshaol, caighdeáin a bhfuil feidhm iomlán acu maidir le tionscadail leasa choitinn, ba cheart gá a bheith ann le bearta breise i gcónaí chun na caighdeáin trédhearcachta agus rannpháirtíochta poiblí is fearr is féidir a áirithiú maidir leis na saincheisteanna ábhartha uile sa phróiseas deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail leasa choitinn. I gcás ina bhfuil sé cumhdaithe cheana féin faoi na rialacha náisiúnta leis na caighdeáin chéanna atá sa Rialachán seo nó le caighdeáin níos airde ná mar atá sa Rialachán seo, ba cheart an réamhchomhairliúchán a dhéantar roimh an bpróiseas deonaithe ceadanna a bheith roghnach agus ba cheart ceanglais dlí dhúbailte a sheachaint leis.
(45)Le cur chun feidhme ceart comhordaithe Threoracha 2001/42/CE agus 2011/92/AE agus, i gcás inarb infheidhme, Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht an phobail i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil 57 , arna shíniú in Aarhus an 25 Meitheamh 1998 (‘Coinbhinsiún Aarhus’), agus an Choinbhinsiúin maidir le measúnú tionchair timpeallachta i gcomhthéacs trasteorann 58 , arna shíniú in Espoo an 25 Feabhra 1991 (‘Coinbhinsiún Espoo’), ba cheart comhchuibhiú na bpríomhphrionsabal maidir le measúnú ar éifeachtaí comhshaoil agus aeráide a áirithiú, lena n‑áirítear i gcomhthéacs trasteorann. Tá treoraíocht eisithe ag an gCoimisiún chun tacú leis na Ballstáit chun na nósanna imeachta measúnaithe comhshaoil le haghaidh bonneagar fuinnimh a chuíchóiriú agus chun cur i bhfeidhm comhleanúnach na nósanna imeachta measúnaithe comhshaoil a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais le haghaidh tionscadail leasa choitinn a áirithiú.
(46)Tá sé tábhachtach an próiseas deonaithe ceadanna a chuíchóiriú agus a fheabhsú, agus urraim á tabhairt, a mhéid is féidir agus le haird chuí ar phrionsabal na coimhdeachta, d’inniúlachtaí agus nósanna imeachta náisiúnta le haghaidh bonneagar nua fuinnimh a thógáil. I bhfianaise a phráinní agus atá sé bonneagair fuinnimh a fhorbairt, nuair a dhéantar simpliú ar an bpróiseas deonaithe ceadanna, ba cheart teorainn ama shoiléir a shocrú do na húdaráis ábhartha maidir le cinneadh a dhéanamh i leith thógáil an tionscadail. Ba cheart sainiú agus láimhseáil éifeachtúil na nósanna imeachta a spreagadh de thoradh na teorann ama sin. Ba cheart uasteorainneacha ama a bhunú leis an Rialachán seo. Is féidir leis na Ballstáit, áfach, iarracht a dhéanamh teorainneacha ama níos giorra a bhaint amach i gcás inarb indéanta, go háirithe, a mhéid a bhaineann le tionscadail amhail eangacha cliste, nach gá go mbeadh próiseas deonaithe ceadanna ag baint leo atá chomh casta leis an gceann le haghaidh bonneagar tarchurtha.
(47)Rud atá ina scrogall a chuireann moill ar phróisis deonaithe ceadanna, is é easpa acmhainní na n‑údarás deonaithe ceadanna agus easpa digiteála na bpróiseas deonaithe ceadanna agus na hinfhaighteachta sonraí. Leis an digiteáil agus le húsáid iomchuí ghnéithe na hintleachta saorga, meastar go gcuirfear dlús le nósanna imeachta agus go méadófar éifeachtúlacht na bpróiseas toisc go mbeifear in ann iarratais a láimhseáil níos tapúla agus trédhearcacht a mhéadú trí bhíthin rochtain níos fearr ar fhaisnéis faoi chéimeanna agus ceanglais nós imeachta. Mar sin féin, tá digiteáil na bpróiseas deonaithe ceadanna ag titim chun deiridh, agus is minic a bhíonn sonraí scaipthe ar fud údaráis inniúla éagsúla gan próisis ná ardáin dhigiteacha aontaithe, agus gan idir-inoibritheacht á háirithiú. Dá dheasca sin, bíonn easpa soiléireachta ann maidir le stádas na n‑iarratas agus cuirtear bac ar scrogaill a shainaithint.Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit ardán digiteach a chur ar bun ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh chéimeanna uile na bpróiseas deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite, stórála agus eangaí chun go mbeidh digiteáil na nósanna imeachta aonfhoirmeach, idir-inoibritheach agus trédhearcach agus go mbainfear an leas is mó is féidir as tairbhí na digiteála ó thaobh dlús a chur leis an bpróiseas deonaithe ceadanna. Leis na hardáin sin, ba cheart é a chur ar a gcumas do thionscnóirí tionscadail iarratais a chomhdú, a stádas a sheiceáil agus iad a shannadh do na húdaráis inniúla, agus na húdaráis a chumasú lena bpróiseáil trí rochtain a bheith acu ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis ábhartha uile, gan an gá le céimeanna idirmheánacha páipéarbhunaithe. Ina theannta sin, leis na hardán sin, ba cheart a bheith in ann staitisticí a asbhaint maidir le dul chun cinn foriomlán na bpróiseas deonaithe ceadanna sna Ballstáit. Ba cheart na hardáin dhigiteacha sin a bheith ag brath ar mhodhanna slána agus idir-inoibritheacha a sholáthraítear trí Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití, i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, i gcás daoine nádúrtha agus, amach anseo, do Thiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa, i gcomhréir le [Rialachán (AE) Uimh. XXX/20YY], i gcás daoine dlítheanacha, chun ríomh-shainaitheantas agus fíordheimhniú leictreonach a chumasú, agus chun doiciméid a shíniú nó a shéalú, chun doiciméid a chur isteach agus chun fógraí idir údaráis inniúla agus oibreoirí eacnamaíocha a sheoladh nó a fháil go leictreonach.
(48)Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar na teorainneacha ama a bhunaítear sa Rialachán seo. Thairis sin, i gcomhréir leis an bpráinn a bhaineann le bonneagair fuinnimh a chur in úsáid, agus leis an tábhacht straitéiseach a bhaineann le tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa chun spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach agus a mhéid atá coincheap an fhormheasa intuigthe ann faoin dlí náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar an tuairim shonrach, nó an t‑údarú nó an cead sonrach a fhormheas go hintuigthe nó go dtabharfar freagra dearfach air, cé is moite de chinntí comhshaoil, agus go gcuirfear an chonclúid sin ar fáil don phobal, mura dtabharfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta freagra laistigh den sprioc-am a bhunaítear sa Rialachán seo, nó mura dtabharfaidh údarás lena mbaineann freagra laistigh den sprioc-am arna bhunú ag an údarás inniúil náisiúnta.
(49)Sa phróiseas deonaithe ceadanna, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le dhá nós imeachta, mar atá, an nós imeachta réamhiarratais roghnach i gcás inarb é an t‑údarás inniúil náisiúnta a dhéanann an obair i dtreo comhad iarratais iomlán agus a ghlacann leis an gcomhad sin, agus an nós imeachta reachtúil sainordaitheach deonaithe ceadanna, idir an glacadh leis an gcomhad agus an tráth a chuireann na húdaráis cinneadh cuimsitheach ar fáil. Le linn na céime réamhiarratais, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta sraith cúraimí a dhéanamh. Ba cheart dóibh an tionscadal a scagadh agus fógra a thabhairt don tionscnóir tionscadail faoi na húdaruithe, na staidéir, na ceadanna agus na measúnuithe a cheanglaítear chun an próiseas deonaithe ceadanna a thabhairt i gcrích, lena n‑áirítear na measúnuithe comhshaoil agus na bearta maolaithe nó cúiteacha ba cheart a chur in úsáid. Ba cheart dóibh raon feidhme agus leibhéal mionsonraí na doiciméadachta a shainaithnítear i gconclúidí an scagtha a shainiú, agus é á chinntiú nach n‑iarrfar aon doiciméad ar thionscnóir an tionscadail dá éis sin ach amháin i gcás inar tharla athrú ábhartha ar an tionscadal nó ar an gcomhshaol mórthimpeall air, a fhágann nach infheidhme na coinníollacha agus na toimhdí a úsáidtear chun an raon feidhme a chinneadh. Ba cheart dóibh sceideal mionsonraithe a tharraingt suas don phróiseas deonaithe ceadanna. Tar éis dóibh an dréachtchomhad iarratais a fháil, lena n‑áirítear na doiciméid ullmhúcháin uile, ba cheart dóibh cinneadh a dhéanamh maidir le cé acu a mheastar an comhad a bheith iomlán nó a theastaíonn an fhaisnéis atá in easnamh air, i gcomhréir leis an méid a sainaithníodh ag an nós imeachta réamhiarratais.
(50)I gcás ina meastar é a bheith éifeachtúil, féadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta na ceanglais maidir le ceadú don phróiseas deonaithe ceadanna, agus comhairliúcháin phoiblí maidir le tionscadal áirithe, a dhearadh sa chaoi go dtarlóidh siad ina gcéimeanna, ar choinníoll go mbeidh an próiseas deonaithe ceadanna simplithe agus luathaithe.
(51)Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach amháin maidir le ceadanna a dheonú le haghaidh tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa, maidir le rannpháirtíocht an phobail sa mhéid sin agus maidir le láimhseáil na dtionscadal ó thaobh na rialála de. Mar sin féin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann forálacha náisiúnta a ghlacadh chun na rialacha céanna nó rialacha comhchosúla a chur i bhfeidhm maidir le tionscadail eile nach bhfuil stádas tionscadal leasa choitinn nó tionscadal comhleasa acu de réir raon feidhme an Rialacháin seo.
(52)Le próiseas an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, soláthraítear bonn láidir chun tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa a shainaithint. Cé go bhfuil ról tábhachtach fós sa phróiseas ag an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO don Leictreachas), ag an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (ENTSO don Ghás), ag Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin Hidrigine (ENNOH) agus ag OCTanna, is gá an próiseas a chuíchóiriú agus a stiúradh a thuilleadh, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na cásanna don todhchaí a shainiú, bearnaí fadtéarmacha sa bhonneagar agus scrogaill sa bhonneagar fuinnimh a shainaithint agus aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin leis na réitigh is oiriúnaí, chun meáchan polaitiúil, ábharthacht agus stóinseacht an phróisis a mhéadú. Dá bhrí sin, ba cheart ról méadaithe a bheith ag an nGníomhaireacht agus ag an gCoimisiún sa phróiseas chun na pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais a tharraingt suas de bhun Rialachán (AE) 2019/943 agus (AE) 2024/1789.
(53)De bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag an gcás roghnaithe agus ag na toimhdí bunúsacha a bhaineann leis sa phróiseas pleanála forbartha gréasáin uile-Aontais, ba cheart ról lárnach a bheith ag an gCoimisiún maidir lena shainiú. Ba cheart é sin a bheith ina chuidiú leis na hionchuir a chuíchóiriú agus lena áirithiú go gcomhlíonfar spriocanna beartais an Aontais ar bhealach níos fearr. Is iomchuí freisin go mbeidh na pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais bunaithe ar aon phríomhchás amháin, agus go bhféadfaí anailísí íogaireachta i leith an cháis sin a dhéanamh i gcás ina dtiocfadh athrú ar dhálaí seachtracha, toisc gurb é príomhchuspóir an cháis bonn coiteann a sholáthar chun measúnú a dhéanamh ar na bearnaí sa bhonneagar agus ar na tairbhí a bhaineann le tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa is iarrthóirí. Mar gheall ar an tábhacht mhéadaithe a bhaineann leis an bpríomhchás, tá gá le dlúth-rannpháirtíocht ENTSO don Leictreachas, ENNOH, agus ENTSO don Ghás, na mBallstát agus na Gníomhaireachta chun a áirithiú go soláthrófar sonraí agus faisnéis ábhartha, agus go mbeidh an cás ailínithe le forbairtí náisiúnta. Ba cheart do Ghrúpa Tagartha na bPáirtithe Leasmhara leanúint d’ionchur agus de chomhairle chomhordaithe ó pháirtithe leasmhara a sholáthar maidir le forbairt cásanna.
(54)Ba cheart ról níos láidre a bheith ag an bpróiseas chun riachtanais bhonneagair a shainaithint maidir le hinfheistíochtaí bonneagair atá beartaithe a threorú. I gcomparáid leis an gcleachtas atá ann faoi láthair, ba cheart an próiseas a bheith níos leithne agus ba cheart naisc thrasearnála agus réitigh neamhshreinge a mheas ar bhealach níos lánchúramaí, chun a shainaithint go soiléir cé na réitigh is fearr a fhónann don chóras fuinnimh chun na spriocanna fuinnimh agus aeráide a bhaint amach. Ba cheart an Ghníomhaireacht a bheith níos rannpháirtí leis an gcreat don phróiseas a leagan síos agus lena fhíorú, chun go méadófar an glacadh leis na réitigh dá éis sin is gá chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí. Ba cheart don Ghníomhaireacht modheolaíochtaí a fhorbairt don phróiseas atá le déanamh ag ENTSO don Leictreachas agus ENNOH chun na riachtanais bhonneagair a shainaithint, chun a áirithiú go mbeidh na torthaí sách stóinsithe agus i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach sa Rialachán seo. An formhuiniú deiridh ar an tuarascáil maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint ó chomhlacht cinnteoireachta an Ghrúpa GTE-F, ba cheart é sin a bheith ina chomhartha láidir do thionscnóirí tionscadail sna háiteanna ina bhfuil gá leis na tionscadail fhéideartha.
(55)Tríd an bpróiseas um shainaithint na riachtanas bonneagair a dhéanamh níos cuimsithí agus níos gráinní, ba cheart meaitseáil níos fearr a chumasú idir tionscadail atá beartaithe agus na riachtanais leis an acmhainneacht tarchurtha a mhéadú. Dá thoradh sin freisin, ba cheart próiseas oibre leantaí a chumasú, rud a fhágfaidh go sainaithneofar réitigh nua lena bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar riachtanais neamh-mheaitseáilte. Ba cheart OCTanna a bheith ina bpríomheintiteas chun tionscadail fhéideartha a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí, ach ba cheart cuimhneamh ar réitigh mhalartacha a thagann ó pháirtithe leasmhara eile freisin. Dá bhrí sin, ba cheart próiseas meaitseála riachtanas a bheith ina thoradh ar chomhar réigiúnach agus ba cheart páirtithe leasmhara ábhartha a bheith rannpháirteach leis an bplé. Le ról lárnach an Choimisiúin sa phróiseas, ba cheart an comhar réigiúnach agus rannpháirtíocht na mBallstát, na n‑údarás rialála náisiúnta, na dtionscnóirí tionscadail agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha eile a fheabhsú san iarracht chun teacht ar na tionscadail is oiriúnaí, bídís sin ina réitigh neamhsreinge nó réitigh bhonneagair chun meaitseáil le haon riachtanas féideartha nár tugadh aghaidh orthu. Mar rogha dheireanach, ba cheart an ceart a bheith ag an gCoimisiún glao ar thograí a sheoladh chun dul chun cinn neamhleor a shárú i dtaobh aghaidh a thabhairt ar bhearnaí atá fós ann. Ba cheart a áirithiú go gcuimseofar tionscadail incháilithe a luaithe agus is féidir sna pleananna forbartha náisiúnta, sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais agus i liosta an Aontais a bheidh ann dá éis sin.
(56)Tá gá le hanailís uile-chórais costais is tairbhe ar fhuinneamh chun a áirithiú go léirítear an fhorbairt atá ag teacht ar riachtanais córais chomhtháite agus dhícharbónaithe agus bonneagar á phleanáil, trí mheasúnú comhsheasmhach a dhéanamh ar na costais agus ar na tairbhí ábhartha uile chun na réitigh is éifeachtúla a shainaithint ar mhaithe le cuspóirí fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach. Ba cheart ról níos mó a bheith ag réitigh neamhshreinge, amhail rátáil líne dhinimiciúil agus claochladáin, ardchórais um rialú an tsreafa cumhachta nó ardáin an leathbhric dhigitigh, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ngréasán i dtéarmaí oibríochtúla agus a leathnaithe araon agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a chumhdach leis an anailís uile-chórais costais is tairbhe ar fhuinneamh freisin.
(57)Leis an bplean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, ba cheart forléargas cuimsitheach a sholáthar ar na tionscadail bhonneagair atá beartaithe a bhfuil tionchair trasteorann acu san Aontas. Ba cheart réitigh neamhshreinge agus solúbthachta a bheith ina gcuid dhílis den phlean chun go soláthróidh sé léargas iomlán ar na hinfheistíochtaí a bheidh riachtanach amach anseo chun na gréasáin leictreachais agus hidrigine a oibriú ar an mbealach is fearr. Ba cheart cuimhneamh go sonrach freisin ar thionscadail lena gcuirtear feabhas ar shlándáil agus athléimneacht an ghréasáin.
(58)Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu sula nglacfar na pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, ba cheart do ENTSO don Leictreachas agus ENNOH, don Ghníomhaireacht agus an Choimisiún próiseas comhairliúcháin forleathan a dhéanamh a mbeidh na páirtithe leasmhara ábhartha uile rannpháirteach ann. Ar na páirtithe leasmhara sin, ba cheart an t‑eintiteas Eorpach um chomhar idir oibreoirí córais dáileacháin leictreachais san Aontas Eorpach a áireamh, chomh maith le comhlachais atá rannpháirteach sna margaí leictreachais, gáis agus hidrigine, páirtithe leasmhara maidir le téamh agus fuarú, gabháil agus stóráil carbóin, agus gabháil agus úsáid carbóin, comhbhailitheoirí neamhspleácha, oibreoirí freagartha ar éileamh, eagraíochtaí atá rannpháirteach i réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, earnálacha tionsclaíocha lena n‑áirítear iompar, digiteáil, agus sonraí, chomh maith le comhlachais tomhaltóirí fuinnimh, an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um an Athrú Aeráide agus ionadaithe na sochaí sibhialta, de réir mar is ábhartha. Tá sé léirithe gur fóram éifeachtach é Grúpa Tagartha na bPáirtithe Leasmhara le haghaidh comhair le páirtithe leasmhara agus ba cheart tacú le rannchuidiú breise uaidh leis an bplean forbartha gréasáin deich mbliana uile-Aontais. Ba cheart an comhairliúchán a bheith oscailte agus trédhearcach agus ba cheart é a eagrú go tráthúil ionas go mbeidh páirtithe leasmhara in ann aiseolas a thabhairt, agus na príomhchéimeanna de na pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais á n‑ullmhú, amhail sainaithint bearnaí sa bhonneagar agus modheolaíocht na hanailíse costais is tairbhe le haghaidh measúnú tionscadail. Ba cheart do ENTSO don Leictreachas agus do ENNOH aird chuí a thabhairt ar an ionchur a fhaightear ó pháirtithe leasmhara le linn na gcomhairliúchán agus ba cheart dóibh míniú a thabhairt ar an gcaoi ar chuir siad an t‑ionchur sin san áireamh agus tograí deiridh á gcur isteach acu.
(59)Ba cheart an chúpláil earnála agus trasnaisc idir iompróirí fuinnimh a léiriú i gceart i bpleanáil an bhonneagair fuinnimh. Ba cheart forbairt na gcásanna, an próiseas chun riachtanais bhonneagair a shainaithint agus na modheolaíochtaí le haghaidh anailís costais is tairbhe a bheith bunaithe ar chur chuige agus samhaltú comhtháite, fadtéarmach agus barrfheabhsaithe arb é ‘córas an aon fhuinnimh amháin’ a bheidh i gceist agus ina n‑úsáidtear toimhdí coiteanna agus modheolaíochtaí comhsheasmhacha. Trí phleanáil an bhonneagair a chomhordú níos mó ar fud na n‑earnálacha, ba cheart é sin a bheith ina chuidiú le tosaíocht a thabhairt do réitigh bonneagair nua agus iad a chur in úsáid ar bhealach níos fearr.
(60)Maidir le tionscadail bhonneagair nach bhfuil aon réiteach malartach réasúnach orthu ann, rud atá i gceist freisin lena thábhachtaí atá sé a áirithiú nach bhféadfaidh ach na tionscadail sin stádas tionscadail leasa choitinn nó tionscadail comhleasa a fháil, sin é gur cheart ‘bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’ a chur san áireamh i bpleanáil an bhonneagair fuinnimh agus in obair na ngrúpaí réigiúnacha maidir le liostaí réigiúnacha na dtionscadal atá beartaithe a bhunú. I gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, ba cheart cuimhneamh ar na roghanna malartacha ábhartha uile ar bhonneagar nua chun riachtanais bhonneagair a bheidh ann amach anseo a áirithiú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar réitigh neamhshreinge nó dhigiteacha, ar fhreagairt don éileamh nó ar sholúbthacht neamhiontaise a úsáid, rud a d’fhéadfadh feabhas a chur ar éifeachtúlacht fhoriomlán na ngréasán. Chuige sin, ba cheart d’oibreoirí córais na réitigh sin a mheas ar bhonn tosaíochta agus measúnú á dhéanamh acu ar thionscadail chun an córas a leathnú. Ba cheart úsáid chostéifeachtúil gréasán a dhreasú freisin, go háirithe trí úsáid a bhaint as comharthaí praghais de réir suímh agus am úsáide i muirir ghréasáin agus i scéimeanna tacaíochta.
(61)Chun cuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2050 a bhaint amach, is gá don Aontas cur go mór le giniúint an leictreachais in-athnuaite. Ba cheart méadú a dhéanamh ar an infheistíocht a dhéantar san fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta agus é d’aidhm go mbainfear amach 350 GW ar a laghad de ghiniúint fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta arna suiteáil i gcomhréir le spriocanna carnacha neamhcheangailteacha réigiúnacha na mBallstát maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, ar spriocanna iad a tugadh cothrom le dáta i mí na Nollag 2024 agus a dtacaítear leo i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2023 dar teideal ‘Uaillmhianta an Aontais a bhaint amach maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta’ 59 . Leis na chéad phleananna forbartha gréasáin amach ón gcósta a d’fhoilsigh ENTSO don Leictreachas i mí Eanáir 2024, rinneadh céim thábhachtach chun cinn trí uaillmhianta réigiúnacha na mBallstát amach ón gcósta a dhaingniú sa phleanáil gréasáin amach ón gcósta. Leis sin, ba cheart tacú le tionscadail trasteorann in-athnuaite amach ón gcósta a shainaithint, lena n‑áirítear tionscadail ghathacha hibrideacha nó trasteorann, chun a áirithiú go bhforbrófar gréasáin amach ón gcósta ar leibhéal an imchuacha farraige ar bhealach barrfheabhsaithe agus costéifeachtúil. An loighic straitéiseach fhadtéarmach a chuimsítear sna pleananna forbartha gréasáin amach ón gcósta, ba cheart í a leathnú chun eangacha leictreachais ar tír a chuimsiú, chomh maith le gréasáin hidrigine.
(62)An measúnú ar thairbhí agus ar chostais na gconairí tosaíochta eangaí amach ón gcósta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite, ba cheart é a bheith ina thacaíocht leis na Ballstáit réamhanailís a dhéanamh ar an gcomhroinnt costas ar leibhéal na gconairí tosaíochta eangaí amach ón gcósta, chun bheith mar bhonn taca ag na gealltanais pholaitiúla chomhpháirteacha dá éis sin ar son tionscadail trasteorann eangaí amach ón gcósta. Leis an treoraíocht ón gCoimisiún maidir le creataí infheistíochta comhoibríche um thionscadail amach ón gcósta an 27 Meitheamh 2024, ba cheart bonn eolais a chur faoin measúnú ar thairbhí agus ar chostais na gconairí tosaíochta eangaí amach ón gcósta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite agus féadfaidh an Coimisiún an treoraíocht sin a thabhairt cothrom le dáta, le rannpháirtíocht na mBallstát, OCTanna ábhartha, na Gníomhaireachta agus na n‑údarás rialála náisiúnta, nuair a mheastar é sin a bheith ábhartha.
(63)Ba cheart, i gcoitinne, d’úsáideoirí an bhonneagair costais tógála, oibrithe agus chothabhála na dtionscadal leasa choitinn a sheasamh. Le leithdháileadh na gcostas, ba cheart a áirithiú nach gcuirfear ualach díréireach ar úsáideoirí deiridh, go háirithe i gcás ina bhféadfadh bochtaineacht fuinnimh teacht as an méid sin. Ba cheart do thionscadail leasa choitinn a bheith incháilithe do leithdháileadh costas trasteorann i gcás ina léiríonn measúnú ar éileamh an mhargaidh nó ar na héifeachtaí ionchasacha ar tharaifí nach féidir a bheith ag súil leis go ndéanfaidh na taraifí a íocfaidh úsáideoirí an bhonneagair na costais a aisghnóthú.
(64)I margadh inmheánach fuinnimh atá ag éirí níos idirnasctha, tá gá le rialacha soiléire trédhearcacha maidir le leithdháileadh costas thar theorainneacha chun dlús a chur le hinfheistíocht i mbonneagar trasteorann agus i dtionscadail a bhfuil tionchar trasteorann acu. De réir mar a bheidh an bonneagar fuinnimh trasteorann níos comhtháite, beidh tuilleadh tionscadal ag soláthar tairbhí lasmuigh de na críocha inar tógadh iad. Fágann sé sin go bhfuil comhroinnt costas atá cothrom agus trédhearcach fíor-riachtanach chun ualaí díréireacha ar thomhaltóirí áitiúla a sheachaint. Ba cheart an plé maidir le leithdháileadh iomchuí na gcostas a bheith bunaithe ar an anailís ar chostais agus tairbhí tionscadail bonneagair, arna déanamh ar bhonn modheolaíocht chomhchuibhithe le haghaidh anailís uile-chórais ar fhuinneamh, agus úsáid á baint as an bpríomhchás agus aon anailís íogaireachta a leagadh síos chun críoch na bpleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais arna n‑ullmhú de bhun Rialacháin (AE) 2019/943 agus (AE) 2024/1789, chun gur féidir anailís stóinsithe a dhéanamh ar rannchuidiú an tionscadail leasa choitinn nó comhleasa le beartais fuinnimh an Aontais maidir le dícharbónú, comhtháthú margaidh, iomaíochas, inbhuanaitheacht agus slándáil an tsoláthair. Na Ballstáit agus údaráis rialála náisiúnta ina bhfuil 10 % ar a laghad de thairbhí tionscadail lonnaithe, ba cheart dóibh páirt a ghlacadh i bplé maidir le leithdháileadh costas chun a áirithiú gur féidir an tionscadal a chur chun feidhme agus a thairbhí a sholáthar. Thairis sin, ba cheart socruithe ex post a chur san áireamh sna comhaontuithe maidir le leithdháileadh costas trasteorann chun rannpháirtíocht chothrom agus chomhréireach na dtíortha nach tíortha óstacha iad a áirithiú, ar choinníoll go ndéanfar na coigeartuithe sin a shainiú go soiléir agus a struchtúrú ar bhealach lena ndéanfar deimhneacht ó thaobh na hinfheistíochta de a chosaint.
(65)Tá sé fíor-riachtanach creat maoiniúcháin cobhsaí a áirithiú ar mhaithe le tionscadail leasa choitinn a fhorbairt agus an gá le tacaíocht airgeadais á íoslaghdú, agus an tráth céanna infheisteoirí leasmhara a spreagadh, le dreasachtaí agus sásraí airgeadais iomchuí. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le leithdháileadh costas trasteorann, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta costais infheistíochta, a tabhaíodh go héifeachtúil, a leithdháileadh de réir mar is ábhartha i bhfianaise na gcur chuige agus modheolaíochtaí náisiúnta dá gcuid maidir le bonneagar comhchosúil, thar theorainneacha ina n‑iomláine, agus iad a chuimsiú sna taraifí náisiúnta. Ina dhiaidh sin, i gcás inarb ábhartha, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a chinneadh cé acu a d’fhéadfadh a dtionchar ar tharaifí náisiúnta a bheith ina ualach díréireach ar thomhaltóirí ina mBallstáit féin, nó nach bhféadfadh. An baol go mbeadh tacaíocht dhúbailte ann do thionscadail, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta an baol sin a sheachaint trí na muirir agus na hioncaim, idir iarbhír agus mheasta, a chur san áireamh. Níor cheart na muirir agus na hioncaim sin a chur san áireamh ach amháin a mhéid a bhaineann siad leis na tionscadail agus a mhéid atá siad ceaptha chun na costais lena mbaineann a chumhdach.
(66)Chun plé a éascú maidir le comhroinnt costas idir na Ballstáit agus tríú tíortha ábhartha, ba cheart deis a sholáthar tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa a chuachadh. Trí chead a thabhairt do ghrúpaí Ballstát cuach tionscadal a láimhseáil mar rud lena mbaineann leas frithpháirteach, is féidir réitigh lena bhfágfar bua ag gach taobh a chothú, rioscaí agus costais idirbheart sa chaibidlíocht a laghdú, agus is féidir an dóchúlacht go gcuirfear na tionscadail chun feidhme a mhéadú. Le tacaíocht bhreise ar leibhéal an Aontais, mar shampla tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, nó ar an leibhéal réigiúnach trí úsáid a bhaint as ioncam ó phlódú, d’fhéadfaí comhaontuithe den sórt sin a éascú a thuilleadh agus soláthar tráthúil an bhonneagair tosaíochta a chur chun cinn.
(67)Leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/943, in Airteagal 19(2), trí chuspóir tosaíochta maidir le húsáid na n‑ioncam a eascraíonn as leithdháileadh na acmhainneachta traslimistéir, mar atá: (a) infhaighteacht iarbhír na hacmhainneachta leithdháilte a ráthú lena n‑áirítear cúiteamh daingne; (b) acmhainneachtaí traslimistéir a choinneáil ar bun nó a mhéadú trí idirnascairí atá ann cheana a bharrfheabhsú nó trí chostais a chumhdach, ar costais iad a eascraíonn as infheistíochtaí gréasáin atá ábhartha don phlódú idirnascairí a laghdú; agus (c) oibreoirí gléasraí giniúna leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta a chúiteamh sna himthosca a leagtar amach ann. Ba cheart do OCTanna a áirithiú go gcomhlíonfar gach ceann de na trí chuspóir tosaíochta, lena n‑áirítear an cuspóir i bpointe (b). Chun maoiniú tionscadal leasa choitinn agus tionscadal comhleasa a éascú, ar tionscadail iad lena laghdaítear an plódú idirnascairí, agus chun intuarthacht agus trédhearcacht a thabhairt isteach sa phlé faoi chinntí maidir le leithdháileadh costas trasteorann de bhun Airteagal 16 den Rialachán seo, is iomchuí é a chur de cheangal ar OCTanna sciar teoranta den ioncam ó phlódú a chur i leataobh le haghaidh infheistíochtaí den sórt sin. Tá an ceanglas sin gan dochar don fhreagracht atá ar OCTanna cinneadh a dhéanamh maidir le tosaíochtaí cistiúcháin, faoi mhaoirseacht na n‑údarás rialála agus i gcomhréir leis an modheolaíocht a formheasadh de bhun Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) 2019/943. Níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin i gcás inar féidir a léiriú nach bhfuil aon ghá le hacmhainneacht trasteorann bhreise a thógáil ag teorainneacha an Bhallstáit lena mbaineann.
(68)I gcás nach bhfuil aon OCT i mBallstát, beidh feidhm mutatis mutandis maidir le hoibreoirí córais dáileacháin (OCD) ag na tagairtí sa Rialachán seo do OCT.
(69)Ceanglaítear leis an reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh go bhforáiltear le taraifí le haghaidh rochtain ar na gréasáin do dhreasachtaí iomchuí chun infheistíocht a dhéanamh. Mar sin féin, is dócha go mbeadh costais sheachtracha ag baint le roinnt tionscadal leasa choitinn de chineálacha éagsúla, agus d’fhéadfadh sé nach ndéanfaí iad a chumhdach ná a chúiteamh go hiomlán tríd an ngnáthchóras taraifí. Agus an reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh á cur i bhfeidhm acu, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta creat rialála agus airgeadais atá cobhsaí agus intuartha a áirithiú le dreasachtaí le haghaidh tionscadail leasa choitinn, lena n‑áirítear dreasachtaí fadtéarmacha, atá i gcomhréir le leibhéal riosca shonraigh an tionscadail. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcreat sin go háirithe maidir le tionscadail trasteorann, teicneolaíochtaí tarchurtha nuálacha le haghaidh leictreachais lena gcumasaítear comhtháthú mórscála an fhuinnimh in-athnuaite, comhtháthú na n‑acmhainní fuinnimh leithdháilte nó comhtháthú na freagartha ar an éileamh i ngréasáin idirnasctha, agus tionscadail na teicneolaíochta fuinnimh agus digiteála, tionscadail ar dócha go mbeadh rioscaí níos airde ag baint leo, nó a bhféadfadh tairbhí níos airde don Aontas teacht astu, i gcomparáid le tionscadail den chineál céanna atá lonnaithe laistigh de Bhallstát amháin. Thairis sin, ba cheart rochtain ar dhreasachtaí iomchuí le haghaidh infheistíochta a bheith ag baint le tionscadail a bhfuil costais oibríochtúla airde acu. Go sonrach, i gcás na n‑eangach amach ón gcósta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite, eangacha défheidhmiúla ar idirnascairí leictreachais iad mar aon le nasc le haghaidh tionscadail amach ón gcósta chun an fuinneamh in-athnuaite a ghiniúint, is dócha go mbeadh rioscaí níos airde ag baint leo ná mar a bheadh ag baint le tionscadail bhonneagair ar tír den chineál céanna, de bharr an cheangail intrigh atá acu le sócmhainní giniúna, rud a bhfuil rioscaí rialála agus airgeadais ag baint leis, amhail an gá atá ann le hinfheistíochtaí oircheallacha, mar aon le rioscaí margaidh agus rioscaí a bhaineann le húsáid na dteicneolaíochtaí nua nuálacha.
(70)Léiríonn Rialachán (AE) Uimh. 2022/869 an breisluach a bhaineann le cistiú príobháideach a ghiaráil trí chúnamh suntasach airgeadais ón Aontas, d’fhonn an deis a chruthú do chur chun feidhme na dtionscadal sin a bhfuil tábhacht leo ar leibhéal an Aontais. I bhfianaise na staide eacnamaíche agus airgeadais agus na srianta buiséadacha, ba cheart leanúint de thacaíocht spriocdhírithe faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil, d’fhonn tionscadail a dhí-rioscú agus infheistíocht phríobháideach a phlódú isteach freisin, chun tionchar an chistithe phoiblí agus a thairbhí do shaoránaigh an Aontais a uasmhéadú agus chun infheisteoirí nua a mhealladh isteach sa chonairí agus réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, agus ranníocaíocht bhuiséadach an Aontais á coinneáil chomh híseal agus is féidir an tráth céanna.
(71)Ba cheart tionscadail leasa choitinn a bheith incháilithe do chúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh staidéir agus, faoi choinníollacha áirithe, le haghaidh oibreacha de bhun Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 60 i bhfoirm deontas nó ionstraimí airgeadais nuálacha chun a áirithiú gur féidir tacaíocht shaincheaptha a thabhairt do na tionscadail leasa choitinn sin nach bhfuil inmharthana faoin gcreat rialála agus faoi na dálaí margaidh atá ann faoi láthair. Tá sé tábhachtach go ndéanfaí aon saobhadh ar iomaíochas a sheachaint, go háirithe idir tionscadail arb é is aidhm dóibh an chonaire tosaíochta chéanna de chuid an Aontais a bhaint amach. Leis an gcúnamh airgeadais sin, ba cheart a áirithiú go mbeidh na sineirgí riachtanacha ann le cistí eile de chuid an Aontais atá ar fáil chun gréasáin chliste dáileacháin fuinnimh a mhaoiniú, agus le sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite arna leagan síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún 61 .
(72)Ba cheart loighic trí chéim a chur i bhfeidhm maidir le hinfheistíochtaí i dtionscadail leasa choitinn. Sa chéad dul síos, ba cheart an tosaíocht a bheith ag an margadh chun infheistíocht a dhéanamh. Sa dara dul síos, i gcás ina ndéanann an margadh infheistíochtaí, ba cheart réitigh rialála a lorg, agus ba cheart an creat rialála ábhartha a choigeartú i gcás inar gá, agus feidhmiú iomchuí an chreata rialála ábhartha a áirithiú. Sa tríú dul síos, i gcás nach leor an chéad dá chéim chun na hinfheistíochtaí atá ag teastáil ó thionscadail leasa choitinn a bhaint amach, ba cheart é a bheith indéanta cúnamh airgeadais ón Aontas a dheonú i gcás ina gcomhlíonann an tionscadal leasa choitinn na critéir incháilitheachta is infheidhme.
(73)Níor cheart tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa a bheith incháilithe do chúnamh airgeadais ón Aontas i gcás ina bhfuil na tionscnóirí tionscadail, na hoibreoirí nó na hinfheisteoirí i gceann de na cásanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 138 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 62 , amhail i gcásanna ina gciontaítear i gcalaois, éilliú nó iompar a bhaineann le heagraíocht choiriúil iad. Ba cheart a bheith in ann tionscadal leasa choitinn a bhaint de liosta an Aontais más rud é gur áiríodh ar an liosta sin é bunaithe ar fhaisnéis mhícheart ar thoisc chinntitheach í lena áireamh, nó mura gcomhlíontar dlí an Aontais leis an tionscadal sin. I gcás tionscadal leasa choitinn atá lonnaithe sna Ballstáit a thairbhíonn de mhaolú faoin Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit sin a áirithiú, agus iad ag tacú le haon iarratais ar mhaoiniú de bhun Rialachán (AE) 2022/869 do thionscadail den sórt sin, nach rachaidh na tionscadail chun tairbhe daoine ná eintiteas, go díreach nó go hindíreach, atá i gceann de na cásanna eisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 138 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509.
(74)Ba cheart deontais le haghaidh oibreacha a bhaineann le tionscadail chomhleasa a bheith ar fáil faoi na coinníollacha céanna atá ann le haghaidh tionscadail leasa choitinn i gcás ina rannchuidíonn siad le cuspóirí beartais foriomlána fuinnimh agus aeráide an Aontais agus i gcás ina bhfuil cuspóirí dícharbónaithe an tríú tír ag teacht le Comhaontú Pháras.
(75)Ba cheart don Aontas tionscadail fuinnimh a éascú i réigiúin atá faoi mhíbhuntáiste, nach bhfuil nasctha chomh maith céanna le réigiúin eile, i réigiúin fhorimeallacha nó i réigiúin iargúlta chun rochtain ar na gréasáin fuinnimh thras-Eorpacha a chumasú chun dlús a chur leis an bpróiseas dícharbónaithe agus chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú.
(76)I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 4 Feabhra 2011 nár cheart d’aon Bhallstát leanúint de bheith scoite amach ó ghréasáin gháis agus leictreachais na hEorpa tar éis 2015 nó go gcuirfí a shlándáil fuinnimh i mbaol de dheasca easpa nasc iomchuí, tá sé mar aidhm ag an Rialachán seo rochtain ar na gréasáin fuinnimh thras-Eorpacha a áirithiú trí dheireadh a chur le leithlisiú fuinnimh na Cipire agus Mhálta, nach bhfuil idirnasctha fós leis an ngréasán gáis tras-Eorpach. Ba cheart an cuspóir sin a bhaint amach trí chead a thabhairt do thionscadail atá á bhforbairt nó á bpleanáil ar tugadh stádas tionscadail leasa choitinn dóibh faoi Rialachán (AE) Uimh. 2022/869 a stádas a choinneáil go dtí go mbeidh an Chipir agus Málta idirnasctha leis an ngréasán gáis tras-Eorpach nó go dtí an 31 Nollaig 2029, cibé acu is luaithe. Seachas rannchuidiú le forbairt an mhargaidh fuinnimh in-athnuaite, solúbthacht agus athléimneacht an chórais fuinnimh, agus slándáil an tsoláthair, leis na tionscadail sin, d’áiritheofaí rochtain ar mhargaí fuinnimh amach anseo, lena n‑áirítear hidrigin, agus rannchuideofar le cuspóirí beartais foriomlána fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach.
(77)Chun a áirithiú go mbeidh na hathruithe atá beartaithe faoin Rialachán seo i gcomhréir le creat an Aontais maidir le margaí leictreachais, gáis agus hidrigine, moltar leasuithe comhfhreagracha a dhéanamh ar Airteagail 3 agus 11 de Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 63 , ar Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2019/943 agus ar Airteagail 60 agus 61 de Rialachán (AE) 2024/1789. Baineann na leasuithe sin le húsáid an phríomhcháis sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, le réitigh neamhshreinge agus roghanna malartacha eile ar leathnú an chórais a mheas agus le raon feidhme ama na bpleananna a shoiléiriú. Dá bhrí sin, ba cheart na Rialacháin sin a leasú dá réir.
(78)Chun forbairt thráthúil tionscadal bonneagair fuinnimh fíor-riachtanach don Aontas a áirithiú, ba cheart don tríú liosta de chuid an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa leanúint d’fheidhm a bheith aige go dtí go dtiocfaidh an chéad liosta de chuid an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus de thionscadail chomhleasa arna bhunú de bhun an Rialacháin seo i bhfeidhm. Thairis sin, ionas gur féidir tionscadail leasa choitinn ar an tríú liosta de chuid an Aontais de bhun Rialachán (AE) 2022/869 a fhorbairt, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a mhaoiniú, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha áirithe de Rialachán (AE) 2022/869 i gcónaí agus ba cheart éifeacht a bheith acu go dtí go dtiocfaidh an chéad liosta de chuid an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus de thionscadail chomhleasa arna bhunú de bhun an Rialacháin seo i bhfeidhm.
(79)Chun a áirithiú go mbeidh liosta an Aontais teoranta do na tionscadail ar mó a rannchuidiú le cur chun feidhme na gconairí agus réimsí tosaíochta straitéiseacha maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun liosta an Aontais a bhunú agus a athbhreithniú, agus ceart na mBallstát chun tionscadail ar liosta an Aontais a bhaineann lena gcríocha a fhormheas á urramú an tráth céanna.
(80)Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an príomhchás a fhorbairt, ar bonn é sin don phleanáil gréasáin ar leibhéal an Aontais.
(81)Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún, chun na coinníollacha a shonrú faoina bhféadfaidh OCTanna ioncam ó phlódú a úsáid, chomh maith leis na coinníollacha faoina measfar cuspóir Airteagal 19(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2019/943 a bheith comhlíonta go leormhaith.
(82)Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 64 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(83)Tá an plé sna Grúpaí ríthábhachtach chun go nglacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe lena mbunaítear liosta an Aontais. Dá bhrí sin, is iomchuí, a mhéid is féidir, go gcuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na torthaí, agus go bhféadfaidh siad saineolaithe a chur chuig cruinnithe na nGrúpaí i gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Agus an gá atá le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo a áirithiú á chur san áireamh agus i bhfianaise an lín tionscadal atá ar liostaí de chuid an Aontais go dtí seo, ba cheart an líon iomlán tionscadal ar liosta an Aontais a bheith fós inláimhsithe agus, dá bhrí sin, níor cheart líon mórán níos mó ná 220 a bheith ann.
(84)Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (AE) 2019/942, (AE) 2019/943 agus (AE) 2024/1789 a leasú dá réir, agus ba cheart Rialachán (AE) 2022/869 a aisghairm.
(85)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, is é sin forbairt agus idir-inoibritheacht na ngréasán fuinnimh tras-Eorpach agus nascadh leis na gréasáin sin a rannchuidíonn le maolú ar an athrú aeráide a áirithiú, go háirithe spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach agus a chuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus le hidirnaisc, slándáil fuinnimh, comhtháthú margaidh agus córais, iomaíocht a théann chun tairbhe na mBallstát uile agus praghsanna inacmhainne fuinnimh a áirithiú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1.Leis an Rialachán seo, leagtar síos treoirlínte maidir le forbairt thráthúil agus idir-inoibritheacht thráthúil na gconairí agus réimsí tosaíochta maidir le bonneagar tras-Eorpach fuinnimh (conairí agus réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh) a leagtar amach in Iarscríbhinn I a rannchuidíonn le maolú ar an athrú aeráide a áirithiú, go háirithe spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach agus a chuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus le hidirnaisc, slándáil fuinnimh, comhtháthú margaidh agus córais agus iomaíocht a théann chun tairbhe na mBallstát ar fad agus praghsanna inacmhainne fuinnimh a áirithiú.
2.Go sonrach, déantar na nithe seo a leanas leis an Rialachán seo:
(a)déantar foráil maidir le tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa atá ar liosta an Aontais a shainaithint;
(b)éascaítear cur chun feidhme tráthúil tionscadal ar liosta an Aontais trí na próisis deonaithe ceadanna a chuíchóiriú, a chomhordú níos dlúithe agus a bhrostú, agus trí thrédhearcacht agus rannpháirtíocht phoiblí a fheabhsú;
(c)cuirtear rialacha ar fáil maidir le leithdháileadh costas trasteorann agus maidir le dreasachtaí a bhaineann le riosca do thionscadail ar liosta an Aontais;
(d)cinntear na coinníollacha faoina mbeidh tionscadail ar liosta an Aontais incháilithe chun cúnamh airgeadais ón Aontas a fháil.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, i dteannta na sainmhínithe i Rialacháin (AE) 2018/1999, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus (AE) 2024/1789, agus i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 65 agus i dTreoracha (AE) 2019/944 agus (AE) 2024/1788, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘bonneagar fuinnimh’ aon trealamh fisiceach nó saoráid fhisiceach a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus atá lonnaithe laistigh den Aontas, nó a nascann an tAontas agus tríú tíortha;
(2)ciallaíonn ‘scrogall bonneagair fuinnimh’ srianadh ar shreafaí fisiceacha i gcóras fuinnimh mar gheall ar acmhainneacht neamhleor tarchurtha, lena n‑áirítear inter alia easpa bonneagair;
(3)ciallaíonn ‘cinneadh cuimsitheach’ an doiciméad ceangailteach, atá ar fáil do thionscnóirí tionscadail i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach comhdhéanta de, nó ina bhfuil, an cinneadh nó an tsraith cinntí a ghlac údarás Ballstáit nó údaráis Bhallstáit, seachas cúirteanna agus binsí, lena gcinntear cibé acu a údaraítear nó nach n‑údaraítear do thionscnóir tionscadail bonneagar fuinnimh a thógáil chun tionscadal leasa choitinn nó tionscadal comhleasa a bhaint amach tríd an bhféidearthacht a bheith ann tús a chur leis na hoibreacha tógála nó iad a sholáthar agus tús a chur leo (céim ‘réidh le tógáil’) gan dochar d’aon chinneadh arna nglacadh i gcomhthéacs nós imeachta achomhairc riaracháin;
(4)ciallaíonn ‘tionscadal’ ceann amháin nó níos mó de línte, de phíblínte, de shaoráidí, de threalamh nó de shuiteálacha a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn II;
(5)ciallaíonn ‘tionscadal leasa choitinn’ tionscadal a bhfuil gá leis chun na conairí agus réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chur chun feidhme agus atá ar liosta an Aontais;
(6)ciallaíonn ‘tionscadal comhleasa’ tionscadal a chuireann an tAontas chun cinn i gcomhar le tríú tír, a fhaigheann tacaíocht ó rialtais na dtíortha a ndéantar difear díreach dóibh, a rannchuidíonn le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2050, atá ar liosta an Aontais, agus a thagann faoi cheann de na catagóirí bonneagair maidir le leictreachas a leagtar amach i bpointí (1)(a), (d) nó (h) d’Iarscríbhinn II, agus a nascann córas leictreachais an Aontais le heangach leictreachais tríú tír, nó a thagann faoi cheann de na catagóirí bonneagair maidir le hidrigin a leagtar amach i bpointe (2) d’Iarscríbhinn II, nó a thagann faoi cheann de na catagóirí bonneagair maidir le CO2 a leagtar amach i bpointí (4)(a) nó (c) den Iarscríbhinn sin;
(7)ciallaíonn ‘tionscadail iomaíocha’ tionscadail lena dtugtar aghaidh go hiomlán nó go páirteach ar an riachtanas bonneagair sainaitheanta céanna;
(8)ciallaíonn ‘tionscnóir tionscadail’ ceann díobh seo a leanas:
(a)oibreoir córais tarchuir (OCT), oibreoir córais dáileacháin (OCD), oibreoir gréasáin hidrigine nó oibreoir nó infheisteoir eile a fhorbraíonn tionscadal atá ar liosta an Aontais;
(b)i gcás inarb ann do níos mó ná OCT, OCD nó oibreoir gréasáin hidrigine amháin den sórt sin, oibreoir eile amháin den sórt sin nó infheisteoir eile amháin den sórt sin, nó aon ghrúpa díobh sin, an t‑eintiteas a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige faoin dlí náisiúnta is infheidhme a ndearnadh é a ainmniú trí shocrú conarthach eatarthu agus a bhfuil sé d’acmhainneacht aige oibleagáidí dlíthiúla a ghabháil air féin agus dliteanas airgeadais a glacadh chuige thar ceann na bpáirtithe sa socrú conarthach;
(9)ciallaíonn ‘eangach chliste leictreachais’ gréasán leictreachais, lena n‑áirítear ar oileáin nach bhfuil idirnasctha leis na gréasáin fuinnimh tras-Eorpacha, nó nach bhfuil nasctha go leordhóthanach leo, a chumasaíonn comhtháthú ar bhealach costéifeachtach agus rialú gníomhach ar iompar agus gníomhaíochtaí gach úsáideora atá nasctha leis, lena n‑áirítear gineadóirí, tomhaltóirí agus táirgeoirí is tomhaltóirí, chun córas cumhachta inbhuanaithe atá éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de a áirithiú ag a bhfuil caillteanais ísle agus ardleibhéil comhtháthaithe foinsí in-athnuaite, slándála soláthair agus sábháilteachta, agus ar gréasán é inar féidir le hoibreoir na heangaí faireachán a dhéanamh go digiteach ar ghníomhaíochtaí na n‑úsáideoirí atá nasctha leis, agus teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun cumarsáid a dhéanamh le hoibreoirí eangaí, gineadóirí, saoráidí stórála fuinnimh agus tomhaltóirí nó táirgeoirí is tomhaltóirí atá nasctha leis, d’fhonn leictreachas a tharchur agus a dháileadh ar bhealach inbhuanaithe, costéifeachtach agus slán;
(10)ciallaíonn ‘údarás rialála náisiúnta’ údarás rialála náisiúnta arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 76(1) de Threoir (AE) 2024/1788 nó údarás rialála ar an leibhéal náisiúnta arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 57 de Threoir (AE) 2019/944;
(11)ciallaíonn ‘údaráis rialála náisiúnta ábhartha’ an t‑údarás rialála náisiúnta sna Ballstáit a bhfuil na tionscadail á n‑óstáil acu agus i mBallstáit ar a bhfuil tionchar dearfach nach beag ag an tionscadal;
(12)ciallaíonn ‘údarás lena mbaineann’ údarás atá inniúil, faoin dlí náisiúnta, ceadanna agus údaruithe éagsúla a eisiúint, ar ceadanna agus údaruithe iad a bhaineann le pleanáil, dearadh agus tógáil sócmhainní dochorraithe is gá chun tionscadal leasa choitinn nó tionscadal comhleasa a thabhairt i gcrích, lena n‑áirítear bonneagar fuinnimh ann féin, agus an t‑údarás atá inniúil chun ceadanna agus údaruithe a eisiúint a bhaineann leis na hoibreacha is gá chun an tionscadal a thabhairt i gcrích;
(13)ciallaíonn ‘oibreacha’ ceannach, soláthar agus úsáid comhpháirteanna, córas agus seirbhísí lena n‑áirítear bogearraí, cur i gcrích gníomhaíochtaí forbartha, athraithe cuspóra, tógála agus suiteála a bhaineann le tionscadal, glacadh le suiteálacha agus seoladh tionscadail;
(14)ciallaíonn ‘staidéir’ gníomhaíochtaí a bhfuil gá leo chun cur chun feidhme tionscadail a ullmhú, amhail staidéir ullmhúcháin, féidearthachta, mheastóireachta, thástála agus bhailíochtaithe, lena n‑áirítear bogearraí, agus aon bheart tacaíochta teicniúla eile lena n‑áirítear réamhghníomhaíocht chun tionscadal a shainiú agus a fhorbairt agus chun cinneadh a dhéanamh maidir lena mhaoiniú, amhail réamhshuirbhéireacht na suíomhanna lena mbaineann agus ullmhú an phacáiste airgeadais;
(15)ciallaíonn ‘coimisiúnú’ an próiseas a bhaineann le tionscadal a chur i mbun oibríochta ó uair a thógtha;
(16)ciallaíonn ‘sócmhainní atá tiomnaithe don hidrigin’ bonneagar hidrigine a dearadh d’úsáid nó iompar eisiach na hidrigine íne gan gá le haon obair oiriúnúcháin bhreise, lena n‑áirítear gréasáin píblínte nó saoráidí stórála atá nuathógtha, ar athraíodh a gcuspóir ó shócmhainní gáis nádúrtha, nó an dá rud;
(17)ciallaíonn ‘athrú cuspóra’ bonneagar gáis nádúrtha atá ann cheana a uasghrádú go teicniúil nó a mhodhnú chun a áirithiú go bhfuil sé tiomnaithe le haghaidh úsáid eisiach hidrigine;
(18)ciallaíonn ‘oiriúnú don athrú aeráide’ próiseas lena n‑áirithítear go mbaintear amach athléimneacht an bhonneagair fuinnimh i gcoinne dhrochthionchair fhéideartha an athraithe aeráide trí mheasúnú leochaileachta agus riosca a dhéanamh maidir leis an aeráid, lena n‑áirítear trí bhearta ábhartha oiriúnúcháin;
(19)ciallaíonn ‘réitigh neamhshreinge’ infheistíochtaí a dhéantar sa bhonneagar fuinnimh sa leictreachas, rud lenar féidir acmhainneacht na heangaí atá ar fáil a mhéadú nó feabhas a chur ar éifeachtúlacht oibriú na heangaí trí theicneolaíochtaí feabhsaithe eangaí a chur in úsáid, lena n‑áirítear réitigh dhigiteacha.
CAIBIDIL II
Tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa
Airteagal 3
Liosta an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa
1.Bunófar grúpaí réigiúnacha (‘Grúpaí’) i gcomhréir leis an bpróiseas a leagtar amach i Roinn 1 d’Iarscríbhinn III. Beidh ballraíocht gach Grúpa bunaithe ar gach conair agus réimse tosaíochta agus ar a chumhdach geografach féin mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Féadfar na Grúpaí éagsúla a chumasc nó teacht le chéile i bhfoirmíochtaí difriúla de réir mar is gá. Is é Grúpa GTE-F a bheidh i bhfoirmíocht thrasréigiúnach na nGrúpaí uile le haghaidh cruinnithe. Beidh cumhacht chinnteoireachta sna Grúpaí srianta do na Ballstáit agus don Choimisiún (dá ngairtear le chéile ‘an comhlacht cinnteoireachta’) agus beidh sí bunaithe ar an gcomhdhearcadh.
2.Glacfaidh Grúpa GTE-F rialacha nós imeachta, ag féachaint do na forálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Beidh feidhm ag na rialacha nós imeachta sin maidir leis na Grúpaí uile.
3.Glacfaidh comhlacht cinnteoireachta gach Grúpa liosta réigiúnach de thionscadail arna tharraingt suas i gcomhréir leis an méid seo a leanas: an próiseas a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn III; rannchuidiú gach tionscadail leis na conairí agus réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh a chur chun feidhme, arb iad a leagtar amach in Iarscríbhinn I; agus comhlíonadh na gcritéar ag na tionscadail sin, arb iad na critéir a leagtar amach in Airteagal 4.
I gcás ina ndéanann comhlacht cinnteoireachta Grúpa a liosta réigiúnach a tharraingt suas:
(a)beidh sé riachtanach formheas a fháil ó na Ballstáit a bhfuil baint ag an tionscadal lena gcríoch i gcás gach togra aonair le haghaidh tionscadail; i gcás nach ndéanann Ballstát togra a fhormheas, cuirfidh sé a chúiseanna réasúnaithe faoi bhráid an chomhlachta cinnteoireachta;
(b)cuirfidh sé san áireamh an chomhairle ón gCoimisiún agus é mar aidhm aige líon iomlán inláimhsithe tionscadal a bheith ar liosta an Aontais.
4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí liosta an Aontais a bhunú, faoi réir Airteagal 172, an dara mír, den Chonradh.
Déanfar liosta an Aontais a bhunú gach 2 bhliain, ar bhonn na liostaí réigiúnacha arna nglacadh ag comhlachtaí cinnteoireachta na nGrúpaí arna mbunú de bhun Roinn 1, pointe (1), d’Iarscríbhinn III, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo.
Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe lena mbunaítear an chéad liosta de chuid an Aontais de bhun an Rialacháin seo faoin 30 Samhain 2029.
Mura féidir le gníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun na míre seo teacht i bhfeidhm mar thoradh ar agóid arna cur in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle de bhun Airteagal 23(6), tionólfaidh an Coimisiún na Grúpaí láithreach chun liostaí réigiúnacha nua a tharraingt suas, agus na cúiseanna leis an agóid á gcur san áireamh. Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe nua lena mbunaítear liosta an Aontais a luaithe agus is féidir.
5.Agus liosta an Aontais á bhunú trí na liostaí réigiúnacha dá dtagraítear i mír 3 a chur le chéile, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas, agus aird chuí á tabhairt aige ar phléití na nGrúpaí:
(a)a áirithiú nach n‑áireofar ach na tionscadail a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear in Airteagal 4;
(b)comhsheasmhacht thrasréigiúnach a áirithiú;
(c)na tuairimí ó na Ballstáit dá dtagraítear i Roinn 2, pointe (10), d’Iarscríbhinn III a chur san áireamh;
(d)féachaint lena áirithiú go bhfuil líon iomlán inláimhsithe tionscadal ar liosta an Aontais.
6.Na tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointí (1)(a), (b), (c), (d), (f) agus (h) d’Iarscríbhinn II, de réir mar is ábhartha, beidh siad ina ndlúthchuid de na pleananna infheistíochta réigiúnaí ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/943 agus ina ndlúthchuid de na pleananna forbartha gréasáin náisiúnta ábhartha 10 mbliana arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944. Na tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (2) d’Iarscríbhinn II, de réir mar is ábhartha, beidh siad ina ndlúthchuid den phlean forbartha gréasáin 10 mbliana le haghaidh hidrigine faoi Airteagal 55 de Threoir (AE) 2024/1788 agus ina ndlúthchuid de phleananna bonneagair náisiúnta eile, de réir mar is iomchuí. Laistigh de gach ceann de na pleananna náisiúnta sin, tabharfar an tosaíocht is airde is féidir do na tionscadail leasa choitinn sin agus do na tionscadail chomhleasa sin. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le tionscadail iomaíocha ná maidir le tionscadail nach bhfuil leibhéal leordhóthanach aibíochta bainte amach acu chun anailís costais is tairbhe thionscadalsonrach a chur ar fáil i gcomhréir le Roinn 2, pointe (1)(d), d’Iarscríbhinn III.
7.Tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointí (1)(a), (b), (c), (d), (f) agus (h) agus pointe (2) d’Iarscríbhinn II, de réir mar is iomchuí, agus ar tionscadail iomaíocha iad nó ar tionscadail iad nach bhfuil leibhéal leordhóthanach aibíochta bainte amach acu chun anailís costais is tairbhe thionscadalsonrach a sholáthar amhail dá dtagraítear i Roinn 2, pointe (1)(d), d’Iarscríbhinn III, féadfar iad a áireamh sna pleananna infheistíochta réigiúnacha ábhartha, sna pleananna náisiúnta forbartha gréasáin 10 mbliana agus i bpleananna náisiúnta bonneagair eile, de réir mar is iomchuí, mar thionscadail atá á mbreithniú.
Airteagal 4
Critéir maidir le measúnú ar thionscadail ag na Grúpaí
1.Le tionscadal leasa choitinn, comhlíonfar na critéir ghinearálta seo a leanas:
(a)tá an tionscadal riachtanach do cheann amháin, ar a laghad, de na conairí agus réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I;
(b)is mó tairbhí foriomlána féideartha an tionscadail, arna measúnú i gcomhréir leis na critéir ábhartha shonracha i mír 3, ná costais an tionscadail, lena n‑áirítear san fhadtéarma;
(c)comhlíontar aon cheann de na critéir seo a leanas leis an tionscadal:
(i)baineann sé le dhá Bhallstát ar a laghad trí theorainn dhá Ballstát nó níos mó a thrasnú, go díreach nó go hindíreach, trí idirnasc le tríú tír;
(ii)tá sé lonnaithe i gcríoch aon Bhallstáit amháin, bíodh sin intíre nó amach ón gcósta, lena n‑áirítear oileáin, agus tá tionchar nach beag trasteorann aige mar a leagtar amach i bpointe (1) d’Iarscríbhinn IV.
2.Le tionscadal comhleasa, comhlíonfar na critéir ghinearálta uile seo a leanas:
(a)rannchuidíonn an tionscadal go mór leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 1(1), agus le cuspóirí an tríú tír, go háirithe sa mhéid nach gcuirtear bac ar acmhainneacht an tríú tír deireadh a chur le húsáid sócmhainní giniúna breosla iontaise de réir a chéile dá tomhaltas intíre, agus rannchuidíonn an tionscadal leis an inbhuanaitheacht;
(b)maidir le tairbhí foriomlána féideartha an tionscadail, arna measúnú i gcomhréir leis na critéir shonracha ábhartha i mír 3, don Aontas, nó go carnach don Aontas agus do pháirtí conarthach an Chomhphobail Fuinnimh nó don tír LEE atá rannpháirteach go díreach sa tionscadal, is mó na tairbhí sin ná costais an tionscadail don Aontas, nó go carnach don Aontas agus do pháirtí conarthach an Chomhphobail Fuinnimh nó don tír LEE, de réir mar is ábhartha, san fhadtéarma chomh maith;
(c)leis an an tionscadal nasctar críoch Ballstáit amháin ar a laghad go díreach le críoch tríú tír tríd an mBallstát ábhartha a nascadh go díreach leis an gcéad phointe nasctha i ngréasán leictreachais an tríú tír nó leis an gcéad phointe nasctha hidrigine nó CO2 sa tríú tír, agus tá tionchar mór trasteorann aige mar a leagtar amach i bpointe (2) d’Iarscríbhinn IV;
(d)maidir leis an gcuid den tionscadal atá lonnaithe i gcríoch an Bhallstáit, tá an tionscadal i gcomhréir le Treoracha (AE) 2019/944 agus (AE) 2024/1788 i gcás ina dtagann sé faoi na catagóirí bonneagair a leagtar amach i bpointí (1) agus (2) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;
(e)tá ardleibhéal cóineasaithe ann i gcreat beartais an tríú tír atá rannpháirteach agus léirítear go bhfuil sásraí forfheidhmithe dlí ann chun tacú le cuspóirí beartais an Aontais, go háirithe chun an méid seo a leanas a áirithiú:
(i)dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh san Aontas;
(ii)slándáil gréasáin agus slándáil an tsoláthair san Aontas bunaithe ar, inter alia, foinsí éagsúla, an comhar agus an dlúthpháirtíocht;
(iii)córas fuinnimh, lena n‑áirítear táirgeadh, tarchur agus dáileadh, ag bogadh i dtreo chuspóir na haeráidneodrachta, i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus sceitheadh carbóin á sheachaint go háirithe;
(f)tacaíonn an tríú tír atá rannpháirteach le stádas tosaíochta an tionscadail, mar a leagtar amach in Airteagal 7, agus le hinfheistíochtaí eile sa tríú tír is gá chun go bhfíorófar tairbhí an tionscadail dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo, agus tugann an tír gealltanas sainráite go gcomhlíonfaidh sí amlíne chomhchosúil le haghaidh cur chun feidhme luathaithe agus bearta tacaíochta beartais agus rialála eile mar a chuirtear i bhfeidhm maidir le tionscadail leasa choitinn san Aontas.
A mhéid a bhaineann le tionscadail le haghaidh stóráil dé-ocsaíde carbóin a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (4)(c) d’Iarscríbhinn II, beidh gá leis an tionscadal chun go mbeifear in ann dé-ocsaíd charbóin a iompar agus a stóráil ar bhonn trasteorann, agus beidh creat dlíthiúil leormhaith ag an tríú tír ina bhfuil an tionscadal lonnaithe, ar creat é atá bunaithe ar shásraí forfheidhmithe éifeachtacha léirithe, chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag caighdeáin agus coimircí maidir leis an tionscadal, lena gcoisctear aon sceitheadh dé-ocsaíde carbóin. Maidir leis an aeráid, sláinte an duine agus éiceachórais, áiritheofar sábháilteacht agus éifeachtacht stóráil bhuan na dé-ocsaíde carbóin, agus bainfear amach an leibhéal céanna ar a laghad ina leith agus a fhoráiltear le dlí an Aontais.
3.Beidh feidhm ag na critéir shonracha seo a leanas maidir le tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa, de réir mar is ábhartha, ar tionscadail iad atá laistigh de chatagóirí sonracha maidir le bonneagar fuinnimh:
(a)maidir leis na tionscadail tarchurtha, dáileacháin agus stórála leictreachais a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointí 1(a), (b), (c), (d), (f) agus (h) d’Iarscríbhinn II, leis an tionscadal, rannchuidítear go suntasach le hinbhuanaitheacht trí fhuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú isteach san eangach, agus trí ghiniúint in-athnuaite a tharchur nó a dháileadh chuig mórionaid ídithe agus láithreáin stórála, agus le ciorrú fuinnimh a laghdú, i gcás inarb infheidhme, agus rannchuidítear le ceann amháin ar a laghad de na critéir shonracha seo a leanas:
(i)comhtháthú margaidh, lena n‑áirítear trí dheireadh a chur le leithlisiú fuinnimh ceann amháin de na Ballstáit ar a laghad agus trí scrogaill bonneagair fuinnimh a laghdú, an iomaíocht, an idir-inoibritheacht agus solúbthacht an chórais;
(ii)slándáil an tsoláthair, lena n‑áirítear trí idir-inoibritheacht, solúbthacht an chórais, an chibearshlándáil, naisc iomchuí agus oibriú slán iontaofa an chórais;
(b)maidir le tionscadail eangaí cliste leictreachais a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(g) d’Iarscríbhinn II, leis an tionscadal, rannchuidítear go suntasach le hinbhuanaitheacht trí fhuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú isteach san eangach, agus rannchuidítear le dhá cheann ar a laghad de na critéir shonracha seo a leanas:
(i)slándáil an tsoláthair, lena n‑áirítear trí éifeachtúlacht agus idir-inoibritheacht tarchurtha agus dáilte leictreachais in oibriú an ghréasáin ó lá go lá, tríd an bplódú a sheachaint, agus trí chomhtháthú agus rannpháirtíocht úsáideoirí gréasáin;
(ii)comhtháthú margaidh, lena n‑áirítear tríd an gcóras a oibriú go héifeachtúil agus idirnascairí a úsáid;
(iii)slándáil gréasáin, solúbthacht agus cáilíocht an tsoláthair, lena n‑áirítear trí ghlacadh méadaithe le nuálaíocht sa chothromú, margaí solúbthachta, an chibearshlándáil, faireachán, rialú an chórais agus ceartú earráidí;
(iv)comhtháthú na hearnála cliste, bíodh sé sa chóras fuinnimh trí iompróirí agus earnálacha éagsúla fuinnimh a nascadh, nó ar bhealach níos leithne, trí thús áite a thabhairt do shineirgí agus do chomhordú idir earnálacha an fhuinnimh, an iompair agus na teileachumarsáide;
(c)maidir le tionscadail a thagann faoin gcatagóir bonneagair a leagtar amach i bpointe (1)(e) d’Iarscríbhinn II, leis an tionscadal, rannchuidítear leis na critéir shonracha seo a leanas:
(i)slándáil an tsoláthair, lena n‑áirítear trí shócmhainní a chosaint ar rioscaí agus trí rannchuidiú leis na bearta a shainaithnítear de bhun Airteagail 7 agus 11 de Rialachán (AE) 2019/941 maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais;
‑‑(ii)slándáil líonra, lena náirítear trí bhearta lena néascaítear leibhéal níos airde ó thaobh na slándála fisicí agus na cibearshlándála, an fhaireacháin agus rialú córais de;
(d)maidir le tionscadail iompair agus stórála dé-ocsaíde carbóin a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (4) d’Iarscríbhinn II, leis an tionscadal, rannchuidítear go suntasach le hinbhuanaitheacht trí astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin a laghdú sna suiteálacha tionsclaíocha nasctha agus rannchuidítear leis na critéir shonracha seo a leanas:
(i)astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin a sheachaint agus slándáil an tsoláthair á coinneáil ar bun ag an am céanna;
(ii)athléimneacht agus slándáil iompair agus stórála dé-ocsaíde carbóin a mhéadú;
(iii)úsáid éifeachtúil a bhaint as acmhainní, trí nascadh iliomad foinsí agus láithreán stórála dé-ocsaíde carbóin a éascú trí bhonneagar coiteann agus trí ualach agus rioscaí comhshaoil a íoslaghdú;
(e)maidir le tionscadail hidrigine a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (2) d’Iarscríbhinn II, leis an tionscadal, rannchuidítear go mór le hinbhuanaitheacht, lena n‑áirítear trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, trí fheabhas a chur ar chur in úsáid hidrigine in-athnuaite nó ísealcharbóin, agus béim á leagan ar hidrigin ó fhoinsí in-athnuaite go háirithe i bhfeidhmeanna úsáide deiridh, amhail earnálacha ina bhfuil sé deacair astaíochtaí a mhaolú, ar earnálacha iad nach féidir réitigh éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de a chur i bhfeidhm iontu, agus tacú le giniúint cumhachta in-athnuaite inathraithí trí sholúbthacht, réitigh stórála, nó an dá rud, a thairiscint agus rannchuidítear, leis an tionscadal, go mór le ceann amháin, ar a laghad, de na critéir shonracha seo a leanas:
(i)comhtháthú margaidh, lena n‑áirítear trí ghréasáin hidrigine de chuid na mBallstát atá ann cheana nó atá ag teacht chun cinn a nascadh, nó trí rannchuidiú ar shlí eile le teacht chun cinn gréasáin uile-Aontais chun hidrigin a iompar agus a stóráil, agus trí idir-inoibritheacht córas nasctha a áirithiú;
(ii)slándáil an tsoláthair agus solúbthacht, lena n‑áirítear trí naisc iomchuí agus trí oibriú slán iontaofa an chórais a éascú;
(iii)an iomaíocht, lena n‑áirítear trí rochtain ar an iliomad foinsí soláthair agus úsáideoirí gréasáin a cheadú ar bhonn trédhearcach neamh-idirdhealaitheach;
(f)maidir le leictrealóirí a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, leis an tionscadal, rannchuidítear go mór le gach ceann de na critéir shonracha seo a leanas:
(i)an inbhuanaitheacht, lena n‑áirítear trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus feabhas a chur ar chur in úsáid hidrigine in-athnuaite nó ísealcharbóin, go háirithe ó fhoinsí in-athnuaite, chomh maith le breoslaí sintéiseacha ó na foinsí sin;
(ii)slándáil an tsoláthair, lena n‑áirítear trí chur le hoibriú slán éifeachtúil iontaofa an chórais nó trí stóráil, réitigh solúbthachta, nó an dá rud, a thairiscint, amhail freagairt ar an éileamh agus seirbhísí cothromúcháin;
(iii)seirbhísí solúbthachta amhail freagairt ar an éileamh agus stóráil a chumasú trí chomhtháthú na hearnála fuinnimh cliste a éascú trí naisc a chruthú le hiompróirí fuinnimh eile agus le hearnálacha fuinnimh eile.
4.Maidir le tionscadail a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn II, déanfar na critéir a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo a mheasúnú i gcomhréir leis na táscairí a leagtar amach i bpointí (3) go (8) d’Iarscríbhinn IV.
5.Chun measúnú ar gach tionscadal a d’fhéadfadh a bheith incháilithe mar thionscadail leasa choitinn agus a d’fhéadfaí a chur san áireamh ar liosta réigiúnach a éascú, déanfaidh gach Grúpa measúnú ar an méid a rannchuidíonn gach tionscadal le cur chun feidhme na conaire tosaíochta céanna nó an réimse tosaíochta chéanna maidir le bonneagar fuinnimh ar bhealach trédhearcach oibiachtúil. Déanfaidh gach Grúpa a mhodh measúnaithe a chinneadh ar bhonn an mhéid chomhiomlánaithe a rannchuidíonn sé leis na critéir dá dtagraítear i mír 3. Mar thoradh ar an measúnú sin, déanfar tionscadail a rangú lena n‑úsáid go hinmheánach ag an nGrúpa. Ní bheidh aon rangú sa liosta réigiúnach ná i liosta an Aontais, ná ní úsáidfear an rangú chun aon chríche dá éis seachas dá dtagraítear i Roinn 2, pointe (15), d’Iarscríbhinn III.
Agus tionscadail á measúnú, chun modh measúnaithe comhsheasmhach i measc na nGrúpaí a áirithiú, tabharfaidh gach Grúpa aird chuí ar na nithe seo a leanas:
(a)práinn gach tionscadail atá beartaithe agus an méid a rannchuidíonn gach tionscadal atá beartaithe chun spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, comhtháthú an mhargaidh, an iomaíocht, an inbhuanaitheacht agus slándáil an tsoláthair a bhaint amach;
(b)comhlántacht gach tionscadal atá beartaithe le tionscadail eile atá beartaithe, lena n‑áirítear tionscadail iomaíocha nó tionscadail a d’fhéadfadh a bheith in iomaíocht le chéile;
(c)sineirgí féideartha le conairí tosaíochta agus réimsí téamacha a shainaithnítear faoi ghréasáin thras-Eorpacha le haghaidh iompair agus teileachumarsáide;
(d)i gcás na dtionscadal atá beartaithe atá ar liosta an Aontais, tráth an mheasúnaithe, an dul chun cinn atá déanta maidir lena gcur chun feidhme agus maidir le comhlíonadh na n‑oibleagáidí tuairiscithe agus trédhearcachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo;
(e)úinéireacht dhíreach nó indíreach aon tríú tír mar thairbhí, mar scairshealbhóir nó mar thairbhí deiridh mar thionscnóir tionscadail in aon cheann de na tionscadail atá beartaithe.
A mhéid a bhaineann le heangacha cliste leictreachais a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(g) d’Iarscríbhinn II , agus maidir le tionscadail a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(e) d’Iarscríbhinn II, déanfar an rangú i gcás na dtionscadal sin a dhéanann difear don dá Bhallstát chéanna, agus tabharfar aird chuí freisin ar an líon úsáideoirí a ndéanann an tionscadal difear dóibh, ar an tomhaltas fuinnimh bliantúil agus ar sciar na giniúna ó acmhainní nach féidir a sheoladh sa limistéar arna chumhdach ag na húsáideoirí sin.
Airteagal 5
Tionscadail ar liosta an Aontais a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu
1.Déanfaidh tionscnóirí tionscadail plean cur chun feidhme a tharraingt suas le haghaidh tionscadail atá ar liosta an Aontais laistigh de 2 mhí tar éis dóibh a bheith curtha ar liosta an Aontais, in éineacht le tráthchlár lena n‑áireofar an méid uile seo a leanas:
(a)staidéir féidearthachta agus dheartha, lena n‑áirítear staidéir measúnaithe riosca a mhéid a bhaineann leis an oiriúnú don athrú aeráide, an tslándáil fhisiceach agus an chibearshlándáil, ag tógáil ar cheanglais Threoracha (AE) 2022/2557 agus (AE) 2022/2555, i gcás inarb infheidhme, chomh maith le comhlíonadh na reachtaíochta comhshaoil, agus an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’;
(b)formheas ag an údarás rialála náisiúnta nó ag aon údarás eile lena mbaineann;
(c)tógáil agus coimisiúnú;
(d)an próiseas deonaithe ceadanna dá dtagraítear in Airteagal 10(9), pointe (c).
2.Oibreoidh OCTanna, OCDanna, oibreoirí gréasáin hidrigine agus oibreoirí eile i gcomhar le chéile chun forbairt tionscadal atá ar liosta an Aontais ina limistéar féin a éascú.
3.Déanfaidh an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (‘an Ghníomhaireacht’) agus na Grúpaí lena mbaineann faireachán ar an dul chun cinn a bhaintear amach i gcur chun feidhme na dtionscadal atá ar liosta an Aontais agus, i gcás inar gá, déanfaidh siad moltaí chun a gcur chun feidhme a éascú. Féadfaidh na Grúpaí faisnéis bhreise a iarraidh i gcomhréir le míreanna 4, 5 agus 6, cruinnithe a thionól leis na páirtithe ábhartha agus iarraidh ar an gCoimisiún an fhaisnéis a cuireadh ar fáil a fhíorú ar an láthair.
4.Faoin 31 Nollaig den bhliain ina dtiocfaidh an liosta Aontais ina gcuimsítear an tionscadal i bhfeidhm agus ina gcuirfear tús le héifeachtaí a bheith aige, agus gach bliain dá héis sin, déanfaidh tionscnóirí tionscadail tuarascáil maidir le gach tionscadal leasa choitinn agus gach tionscadal comhleasa a chuireann siad chun cinn, a chur faoi bhráid an údaráis inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1).
Áireofar sa tuarascáil sin mionsonraí maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)an dul chun cinn a baineadh amach i bhforbairt, tógáil agus coimisiúnú an tionscadail mar a leagtar amach sa phlean cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go háirithe maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna agus an nós imeachta comhairliúcháin, chomh maith le comhlíonadh na reachtaíochta comhshaoil, comhlíonadh an phrionsabail nach ndéanfaidh an tionscadal ‘aon dochar suntasach’ don chomhshaol, bearta oiriúnaithe don athrú aeráide a rinneadh, agus na bearta maolaithe a rinneadh de thoradh na rioscaí a ndearnadh measúnú orthu a mhéid a bhaineann leis an tionscadal faoi Airteagal 5(1), pointe (a), i gcás inarb ábhartha agus ag tógáil ar cheanglais Threoracha (AE) 2022/2557 agus (AE) 2022/2555 i gcás inarb infheidhme;
(b)i gcás inarb ábhartha, moilleanna i gcomparáid leis an bplean cur chun feidhme, na cúiseanna le moilleanna den sórt sin agus deacrachtaí eile a tháinig chun cinn;
(c)i gcás inarb ábhartha, plean cur chun feidhme athbhreithnithe arb é is aidhm dó na moilleanna a shárú.
5.Faoin 28 Feabhra gach bliain tar éis don tionscnóir tionscadail an tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a chur isteach, cuirfidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 8(1) an tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo faoi bhráid na Gníomhaireachta agus an Ghrúpa ábhartha, agus an tuarascáil forlíonta le faisnéis faoin dul chun cinn agus, i gcás inarb ábhartha, faoi mhoilleanna ar chur chun feidhme agus ar phróisis deonaithe ceadanna na dtionscadal ar liosta an Aontais atá lonnaithe ina gcríoch féin, lena n‑áirítear na cúiseanna le moilleanna den sórt sin. Déanfar rannchuidiú na n‑údarás inniúil leis an tuarascáil a mharcáil agus a dhréachtú go soiléir gan modhnú a dhéanamh ar théacs na tuarascála arna soláthar ag tionscnóirí tionscadail.
6.Faoin 30 Aibreán gach bliain inar cheart liosta nua de chuid an Aontais a ghlacadh, cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil chomhdhlúite faoi bhráid na nGrúpaí maidir leis na tionscadail ar an liosta sin de chuid an Aontais atá faoi réir inniúlacht údarás rialála náisiúnta, ina ndéanfar meastóireacht ar an dul chun cinn atá déanta agus athruithe a bhfuiltear ag súil leo maidir le costais tionscadail, agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sí moltaí i dtaobh conas na moilleanna agus na deacrachtaí a tháinig chun cinn a shárú. Sa tuarascáil chomhdhlúite sin freisin, déanfar meastóireacht ar chur chun feidhme Airteagal 3(6) agus (7) a mhéid a bhaineann le tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa.
I gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo, féadfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis bhreise a iarraidh ó údaráis inniúla atá riachtanach chun a cúraimí a leagtar amach sa mhír seo a dhéanamh.
7.I gcás ina mbíonn moill ar choimisiúnú tionscadail atá ar liosta an Aontais nuair a chuirtear i gcomparáid é leis an bplean cur chun feidhme, seachas ar chúiseanna sáraitheacha nach bhfuil neart ag an tionscnóir tionscadail orthu, beidh feidhm ag na bearta seo a leanas:
(a)a mhéid atá feidhm ag bearta dá dtagraítear in Airteagal 55(7), pointí (a), (b) nó (c), de Threoir (AE) 2024/1788 agus Airteagal 51(7), pointí (a), (b) nó (c), de Threoir (AE) 2019/944 i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena mbaineann, áiritheoidh údaráis rialála náisiúnta go ndéanfar an infheistíocht;
(b)i gcás nach bhfuil feidhm ag bearta údarás rialála náisiúnta de bhun phointe (a) den mhír sin, roghnóidh an tionscnóir tionscadail, laistigh de 12 mhí ón dáta coimisiúnaithe a leagtar amach sa phlean cur chun feidhme, tríú páirtí chun an tionscadal ar fad nó cuid de a mhaoiniú nó a thógáil;
(c)i gcás nach roghnaítear tríú páirtí i gcomhréir le pointe (b), féadfaidh an Ballstát nó, i gcás ina bhforálann an Ballstát amhlaidh, an t‑údarás rialála náisiúnta, laistigh de 2 mhí ó dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b), tríú páirtí a ainmniú chun an tionscadal a mhaoiniú nó a thógáil lena nglacfaidh an tionscnóir tionscadail;
(d)i gcás inar faide ná 26 mhí an mhoill i gcomparáid leis an dáta coimisiúnaithe sa phlean cur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún, faoi réir chomhaontú na mBallstát lena mbaineann agus le comhar iomlán leo, glao ar thograí a sheoladh a bheidh oscailte d’aon tríú páirtí atá i gcumas a bheith ina thionscnóir tionscadail chun an tionscadal a thógáil i gcomhréir le tráthchlár comhaontaithe;
(e)i gcás ina gcuirtear bearta dá dtagraítear i bpointe (c) nó (d) i bhfeidhm, déanfaidh an t‑oibreoir córais a bhfuil an infheistíocht lonnaithe ina limistéar an méid seo a leanas: an fhaisnéis uile a sholáthar do na hoibreoirí cur chun feidhme nó do na hinfheisteoirí nó do thríú páirtí, arb í sin an fhaisnéis is gá chun an infheistíocht a réadú; sócmhainní nua a nascadh leis an ngréasán tarchurtha; nó, i gcás inarb infheidhme, leis an ngréasán dáileacháin agus déanfaidh sé a dhícheall i gcoitinne cur chun feidhme na hinfheistíochta a éascú mar aon le hoibriú agus cothabháil shlán, iontaofa agus éifeachtúil an tionscadail atá ar liosta an Aontais.
8.Féadfar tionscadal atá ar liosta an Aontais a bhaint de liosta an Aontais i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 3(4) más rud é gur áiríodh ar an liosta sin é bunaithe ar fhaisnéis mhícheart ar thoisc chinntitheach í lena áireamh, nó mura gcomhlíontar dlí an Aontais leis an tionscadal.
9.Tionscadail nach bhfuil ar liosta an Aontais a thuilleadh, caillfidh siad gach ceart agus oibleagáid atá nasctha le stádas tionscadail leasa choitinn nó tionscadail comhleasa dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
Mar sin féin, maidir le tionscadal nach bhfuil ar liosta an Aontais a thuilleadh ach ar glacadh le comhad iarratais ina leith lena scrúdú ag an údarás inniúil, coimeádfaidh sé na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidil III, seachas i gcás inar baineadh an tionscadal de liosta an Aontais ar na cúiseanna a leagtar amach i mír 8 den Airteagal seo.
10.Ní dochar an tAirteagal seo d’aon chúnamh airgeadais ón Aontas arna dheonú d’aon tionscadal atá ar liosta an Aontais sula ndéantar é a bhaint de liosta an Aontais.
Airteagal 6
Comhordaitheoirí Eorpacha
1.I gcás ina mbaineann deacrachtaí móra cur chun feidhme le tionscadal leasa choitinn nó le tionscadal comhleasa, féadfaidh an Coimisiún comhordaitheoir Eorpach a ainmniú, i gcomhaontú leis na Ballstáit lena mbaineann, ar feadh tréimhse nach faide ná 1 bhliain, a fhéadfar a athnuachan faoi dhó.
2. Déanfaidh an comhordaitheoir Eorpach an méid seo a leanas:
(a)na tionscadail, ar ina leith a ainmníodh é mar chomhordaitheoir Eorpach, agus an t‑idirphlé trasteorann idir na tionscnóirí tionscadail agus gach páirtí leasmhar lena mbaineann a chur chun cinn;
(b)cúnamh a thabhairt do nach páirtithe uile agus iad a chomhordú, de réir mar is gá, maidir le dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann, trí ródú malartach a phlé, i gcás inarb iomchuí, agus na ceadanna is gá a fháil do na tionscadail;
(c)i gcás inarb iomchuí, comhairle a chur ar thionscnóirí tionscadail maidir leis an tionscadal a mhaoiniú;
(d)a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an tacaíocht straitéiseach iomchuí agus an treoraíocht straitéiseach iomchuí ar fáil le haghaidh ullmhú agus chur chun feidhme na dtionscadal;
(e)ag tosú ó dháta a ainmnithe, déanfaidh sé gach bliain, agus, i gcás inarb iomchuí, ar chríochnú a sainordaithe dó, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le dul chun cinn na dtionscadal agus aon deacracht agus bacainn ar dócha go gcuirfidh siad moill nach beag ar dháta coimisiúnaithe na dtionscadal; i gcás inarb iomchuí, déanfar moltaí sa tuarascáil chun bacainní agus deacrachtaí a shárú.
Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil ón gcomhordaitheoir Eorpach dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig na Grúpaí lena mbaineann.
3.Roghnófar an comhordaitheoir Eorpach tar éis próiseas oscailte, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach agus ar bhonn na taithí atá ag iarrthóir maidir leis na cúraimí sonracha a sannadh dó i dtaca leis na tionscadail lena mbaineann.
4.Sa chinneadh lena n‑ainmnítear an comhordaitheoir Eorpach, sonrófar na téarmaí tagartha, ina mionsonrófar fad tréimhse an tsainordaithe, na cúraimí sonracha agus na spriocdhátaí a ghabhann leo, agus an mhodheolaíocht atá le leanúint. Beidh an iarracht chomhordaithe comhréireach le castacht agus le costais mheasta na dtionscadal.
5.Oibreoidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhar iomlán leis an gcomhordaitheoir Eorpach le linn do na cúraimí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4 a bheith á gcur i gcrích.
CAIBIDIL III
Ceadanna a dheonú agus rannpháirtíocht phoiblí
Airteagal 7
Stádas tosaíochta na dtionscadal ar liosta an Aontais
1.Suífear le liosta an Aontais chun críoch aon chinnidh arna eisiúint sa phróiseas deonaithe ceadanna, an gá atá le tionscadail ar liosta an Aontais ó thaobh beartas fuinnimh agus aeráide de, gan dochar do shuíomh beacht, do ródú beacht nó do theicneolaíocht bheacht an tionscadail.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le tionscadail iomaíocha ná maidir le tionscadail nach bhfuil leibhéal leordhóthanach aibíochta bainte amach acu chun anailís costais is tairbhe thionscadalsonrach a chur ar fáil dá dtagraítear i Roinn 2, pointe (1)(d), d’Iarscríbhinn III.
2.Chun próiseáil éifeachtúil riaracháin na gcomhad iarratais a bhaineann le tionscadail ar liosta an Aontais a áirithiú, áiritheoidh tionscnóirí tionscadail agus na húdaráis uile lena mbaineann go láimhseálfar na comhaid sin ar an mbealach is gasta is féidir i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.
3.Beidh an stádas náisiúnta is airde is féidir ag tionscadail atá ar liosta an Aontais, i gcás ina bhfuil stádas den sórt sin sa dlí náisiúnta agus láimhseálfar amhlaidh iad sa phróiseas deonaithe ceadanna, lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann le measúnuithe comhshaoil, sa phleanáil spásúlachta, agus maidir le cearta slí agus díshealbhú talún is gá a fháil.
4.Gach nós imeachta réitithe díospóidí, dlíthíocht, achomharc agus leigheas breithiúnach a bhaineann le tionscadail ar liosta an Aontais os comhair aon chúirt náisiúnta, aon bhinse náisiúnta nó aon phainéal náisiúnta, lena n‑áirítear idirghabháil nó eadráin, i gcás inarb ann dóibh sa dlí náisiúnta, láimhseálfar iad mar ábhair phráinneacha, i gcás ina bhforáiltear, agus a mhéid a fhoráiltear, do nósanna imeachta práinne den sórt sin sa dlí náisiúnta.
5.Maidir leis na tionchair ar an gcomhshaol ar díríodh orthu in Airteagal 6(4) de Threoir 92/43/CEE agus in Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE, measfar go bhfuil baint ag na tionscadail sin ar liosta an Aontais a thagann faoi na catagóirí bonneagair dá dtagraítear i bpointí (2), (3) agus (4) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo le leas an phobail ó thaobh beartas fuinnimh de, agus féadfar a mheas go bhfuil leas poiblí sáraitheach ag baint leo, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad a leagtar amach sna Treoracha sin.
I gcás ina bhfuil gá le tuairim ón gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Threoir 92/43/CEE, áiritheoidh an Coimisiún agus an t‑údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8 den Rialachán seo go ndéanfar an cinneadh maidir le tionscadal lena mbaineann leas sáraitheach an phobail laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2) den Rialachán seo.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír ná ag an dara mír maidir le tionscadail iomaíocha ná maidir le tionscadail nach bhfuil leibhéal leordhóthanach aibíochta bainte amach acu chun anailís costais is tairbhe thionscadalsonrach a chur ar fáil i gcomhréir le Roinn 2, pointe (1)(d), d’Iarscríbhinn III.
6.Go dtí go mbainfear aeráidneodracht amach ar leibhéal an Aontais, sa nós imeachta deonaithe ceadanna, tiocfaidh pleanáil, tógáil agus oibriú na dtionscadal atá laistigh den chatagóir bonneagair dá dtagraítear in Iarscríbhinn II pointe (1) faoi fhoráil Airteagal 8(8) de Threoir (AE) 2019/944 agus toimhdítear go mbaineann leas poiblí sáraitheach leo agus go bhfuil siad chun leas na sláinte agus na sábháilteachta poiblí nuair atá cothromaíocht le haimsiú idir leasanna dlíthiúla i gcásanna aonair chun críocha Airteagal 6(4) agus Airteagal 16(1), pointe (c), de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE agus Airteagal 9(1), pointe (a), de Threoir 2009/147/CE. Féadfaidh na Ballstáit, in imthosca sonracha a bhfuil údar cuí leo, teorainn a chur le cur i bhfeidhm na toimhde maidir le codanna áirithe dá gcríoch, cineálacha áirithe teicneolaíochta nó tionscadail a bhfuil saintréithe teicniúla áirithe acu.
Sa phróiseas pleanála agus deonaithe ceadanna, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar tosaíocht do thógáil agus d’oibriú na dtionscadal a thagann faoin gcatagóir bonneagair dá dtagraítear i bpointe (1) d’Iarscríbhinn II agus cothromaíocht á aimsiú idir leasanna dlíthiúla i gcásanna aonair chun críoch eile seachas na críocha sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír cé is moite den oidhreacht chultúrtha ar bhonn critéir dhlíthiúla chun cur chun feidhme comhchuibhithe a áirithiú.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le tionscadail iomaíocha ná maidir le tionscadail nach bhfuil leibhéal leordhóthanach aibíochta bainte amach acu chun anailís costais is tairbhe thionscadalsonrach a chur ar fáil dá dtagraítear i Roinn 2, pointe (1)(d), d’Iarscríbhinn III.
7.Go dtí go mbainfear aeráidneodracht amach ar leibhéal an Aontais, maidir le tionscadail ar liosta an Aontais a thagann faoi na catagóirí bonneagair dá dtagraítear i bpointe (1) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus a chuimsítear go sainráite i bPlean Forbartha Náisiúnta a cuireadh faoi réir measúnú straitéiseach comhshaoil i gcomhréir le Treoir 2001/42, agus, i gcás inar dócha go mbeidh tionchar mór aige ar láithreáin Natura 2000, faoi réir an measúnaithe iomchuí de bhun Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE, féadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh, a mhéid a chomhlíonann an tionscadal creat an Phlean Forbartha Náisiúnta measúnaithe agus nach dtéann sé thairis sin:
(a)na tionscadail sin a dhíolmhú ón measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol faoi Airteagal 2(1) de Threoir 2011/92/AE, agus
(b)na tionscadail sin a dhíolmhú ó mheasúnú ar a n‑impleachtaí do láithreáin Natura 2000 de bhun Airteagal 6(3) de Threoir 92/43/CEE agus ón measúnú ar a n‑impleachtaí don chosaint speiceas de bhun Airteagal 12(1) de Threoir 92/43/CEE agus Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CE.
Maidir le tionscadail atá suite i láithreáin Natura 2000 agus i limistéir arna n‑ainmniú faoi scéimeanna cosanta náisiúnta le haghaidh chaomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta, nó atá suite trasna na láithreán agus na limistéar sin, ní bheidh na díolúintí dá dtagraítear sa chéad fhomhír ina ndíolúintí is infheidhme ach amháin i gcás nach bhfuil aon rogha mhalartach chomhréireach ann lena gcur in úsáid, agus cuspóirí an láithreáin á gcur san áireamh. Na tionscadail dá dtagraítear in Iarscríbhinn II pointe 1(c), eisiafar uathu láithreáin Natura 2000 agus limistéir arna n‑ainmniú faoi scéimeanna cosanta náisiúnta.
8.I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit na díolúintí faoi mhír 7 i bhfeidhm, áiritheoidh siad i leith rialacha maidir le bearta maolaithe éifeachtacha atá le glacadh i gcás na dtionscadal ar liosta an Aontais a thagann faoi na catagóirí bonneagair dá dtagraítear in Iarscríbhinn II pointe (1), go sainaithneofar na rialacha sin bunaithe ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, chun an tionchar díobhálach ar an gcomhshaol a d’fhéadfadh teacht chun cinn a sheachaint nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, chun é a mhaolú go mór. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na bearta maolaithe iomchuí i bhfeidhm go tráthúil chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Threoir 92/43/CEE agus in Airteagal 4(1), pointe (a)(i), de Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus chun meathlú a sheachaint agus stádas maith éiceolaíoch nó acmhainneacht mhaith éiceolaíoch a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (a), de Threoir 2000/60/CE.
De bharr chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, mar aon le cur chun feidhme na mbeart maolaithe iomchuí ag na tionscadail aonair, toimhdeofar nach sáraíonn tionscadail na forálacha a luaitear san fhomhír sin, gan dochar do mhír 10 den Airteagal seo.
9.Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirtíocht phoiblí maidir leis an bPlean Forbartha Náisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 7 de Threoir 2001/42/CE, lena n‑áirítear an pobal a ndéantar difear dó nó ar dócha go ndéanfar difear dó a shainaithint chomh maith leis na Ballstáit a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh le cur chun feidhme an Phlean sin agus na dtionscadal ar liosta an Aontais a thagann faoi na catagóirí bonneagair dá dtagraítear i bpointe (1) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus a chuimsítear sa Phlean sin.
10.I gcás tionscadail a gcinnfidh na Ballstáit díolúintí a chur i bhfeidhm maidir leo faoi mhír 7, déanfaidh na húdaráis inniúla scagadh chun an méid seo a leanas a shainaithint:
(a)más dócha go mbeidh éifeachtaí díobhálacha móra ann de dheasca an tionscadail, ar éifeachtaí iad nár sainaithníodh le linn an mheasúnaithe comhshaoil ar an bPlean Forbartha Náisiúnta a rinneadh de bhun Threoir 2001/42/CE agus, i gcás inarb ábhartha, de bhun Threoir 92/43/CEE.
(b)má tá an tionscadal faoi raon feidhme Airteagal 7 de Threoir 2011/92/AE agus Airteagal 2 den Choinbhinsiún maidir le measúnacht tionchair timpeallachta i gcomhthéacs trasteorann mar gheall ar an dóchúlacht go mbeidh éifeachtaí móra aige ar an gcomhshaol i mBallstát eile nó mar gheall ar iarraidh ó Bhallstát ar dócha go ndéanfar difear mór dó.
Tabharfar an scagadh sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun críche laistigh de 45 lá tar éis an fhógra ón tionscnóir tionscadail dá dtagraítear i mír 5 d’Airteagal 10.
11.I gcás inar dócha go mbeidh éifeachtaí móra ag tionscadal ar chríoch Bhallstáit ar chomhshaol Ballstát eile, áiritheoidh an Ballstát ina bhfuil an tionscadal lonnaithe go gcuirfear Airteagal 7 de Threoir 2011/92/AE agus Airteagail 2 go 7 den Choinbhinsiún maidir le measúnacht tionchair timpeallachta i gcomhthéacs trasteorann i bhfeidhm.
12.I gcás ina sainaithnítear le próiseas an scagtha gur rídhócha go mbeidh éifeachtaí díobhálacha móra gan choinne ann de dheasca tionscadail, dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo as tionscadal, cuirfidh na húdaráis inniúla an tionscnóir tionscadail ar an eolas go gceanglaítear measúnuithe dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 7 den Airteagal seo agus áiritheoidh siad, ar bhonn na sonraí atá ann cheana, go gcuirfear bearta maolaithe iomchuí agus comhréireacha i bhfeidhm maidir leis na tionscadail sin chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 12(1) de Threoir 92/43/CEE agus Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CE. I gcás nach féidir bearta maolaithe den sórt sin a chur i bhfeidhm, áiritheoidh na húdaráis inniúla go nglacfaidh na tionscnóirí tionscadail bearta cúiteacha iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí sin, a fhéadfaidh, mura bhfuil bearta cúiteacha comhréireacha eile ar fáil, a bheith i bhfoirm cúitimh airgeadaíochta as cláir cosanta speiceas, chun stádas caomhnaithe na speiceas a ndéantar difear dóibh a áirithiú nó a fheabhsú.
13.Agus measúnú á dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil réitigh mhalartacha shásúla ann ar thionscadail ar liosta an Aontais a thagann faoi na catagóirí bonneagair dá dtagraítear i bpointí (2), (3) agus (4) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, chun críocha Airteagal 6(4) agus Airteagal 16(1) de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 4(7), pointe (d), de Threoir 2000/60/CE agus Airteagal 9(1) de Threoir 2009/147/CE, comhlíonfar an coinníoll maidir le heaspa aon rogha mhalartach shásúil mura bhfuil aon réiteach malartach sásúil ann a d’fhéadfadh cuspóir céanna an tionscadail atá i gceist a bhaint amach, i dtéarmaí fhorbairt na hacmhainneachta céanna tríd an teicneolaíocht chéanna laistigh den tráthchlár céanna nó laistigh de thráthchlár comhchosúil, agus gan costais i bhfad níos airde a bheith ann dá bharr.
14.Agus bearta cúiteacha á gcur chun feidhme i gcás tionscadail ar liosta an Aontais a thagann faoi na catagóirí bonneagair dá dtagraítear i bpointí (2), (3) agus (4) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo chun críoch Airteagal 6(4) de Threoir 92/43/CEE, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus i gcás inar féidir a léiriú go réasúnta nach ndéanfadh an plean nó an tionscadal difear do-aisiompaithe do na próisis éiceolaíocha atá fíor-riachtanach chun struchtúr agus feidhmeanna an láithreáin a choinneáil ar bun agus go gcuirfeadh sé comhleanúnachas foriomlán líonra Natura 2000 i mbaol sula gcuirtear bearta cúiteacha i bhfeidhm, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt na bearta cúiteacha sin a dhéanamh i gcomhthráth le cur chun feidhme an tionscadail. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt, i gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim, go ndéanfar na bearta cúiteacha sin a oiriúnú le himeacht ama, ag brath ar cibé acu a mheastar nó nach meastar go dtiocfaidh na héifeachtaí diúltacha móra chun cinn sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma.
15.Maidir leis an measúnú, réitigh mhalartacha shásúla ar thionscadail a thagann faoin gcatagóir bonneagair dá dtagraítear i bpointe (1) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus cur chun feidhme na mbeart cúiteach le haghaidh na dtionscadal sin, beidh feidhm ag Airteagal 8a de Threoir (AE) 2019/944 ina leith.
Airteagal 8
An próiseas deonaithe ceadanna a eagrú
1.Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh aon údarás inniúil náisiúnta amháin freagrach as an méid seo a leanas:
(a)gníomhú mar an t‑aon phointe teagmhála do thionscnóirí tionscadail sa phróiseas deonaithe ceadanna, freagra a thabhairt ar a gceisteanna, idirghabháil na dteagmhálacha uile a dhéanamh leis na húdaráis lena mbaineann agus tacú leo le heolas agus le faisnéis, agus é sin dírithe ar an bpróiseas is tapúla is féidir a bhaint amach;
(b)iarratais ar dheonú ceadanna a fháil ó thionscnóirí tionscadal atá ar liosta an Aontais chomh maith leis na doiciméid ábhartha uile i bhfoirm leictreonach agus iad a scaipeadh ar fud na n‑údarás lena mbaineann;
(c)an próiseas deonaithe ceadanna le haghaidh na dtionscadal atá ar liosta an Aontais ina gcríoch a éascú agus a chomhordú le húdaráis eile lena mbaineann, lena gcinntear, i gcomhar leo, cé na húdaruithe, ceadanna agus measúnuithe a cheanglaítear chun an próiseas deonaithe ceadanna a thabhairt i gcrích agus chun teacht ar chinneadh cuimsitheach i gcomhréir le mír 3. Cuimsítear leis sin raon feidhme agus leibhéal mionsonraí na staidéar, an mheasúnaithe agus na doiciméadachta lena bhfuil coinne go soláthróidh na tionscnóirí tionscadail;
(d)oibriú i gcomhar agus cumarsáid a dhéanamh le húdaráis inniúla náisiúnta na mBallstát eile chun an próiseas deonaithe ceadanna a éascú agus a chomhordú le haghaidh na dtionscadal ar liosta an Aontais ina gcríoch, agus le húdaráis um cheadú i dtríú tíortha a mhéid a bhaineann le tionscadail chomhleasa, lena n‑áirítear: comhairliúcháin phoiblí le haghaidh tionscadail trasteorann a ailíniú, i gcomhréir le hAirteagal 9(5); faisnéis a chomhroinnt maidir le tionchair mhóra thrasteorann is dócha a bheidh ann, i gcomhréir le hAirteagal 9(6); an amlíne agus na ceanglais, maidir le staidéir, ceadanna nó údaruithe atá le déanamh, a ailíniú; agus, an nós imeachta réamhiarratais a eagrú i gcomhréir le hAirteagal 10(9);
(e)faireachán a dhéanamh ar fhorbairt agus ar mhoilleanna na dtionscadal ar liosta an Aontais laistigh de chríoch a bhfreagrachta, lena n‑áirítear trí thuarascálacha arna gcur isteach ag tionscnóirí tionscadail a fháil agus a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 5(4) agus trí thuairisciú don Ghníomhaireacht agus do Ghrúpaí ábhartha maidir le forbairt agus moilleanna na dtionscadal ar liosta an Aontais atá lonnaithe ina gcríoch i gcomhréir le hAirteagal 5(5).
I gcás nuashonrú nó athruithe ar an údarás inniúil náisiúnta ainmnithe, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún a luaithe a chinnfear an t‑athrú agus cuirfidh siad ar an eolas é nuair a bheidh éifeachtaí ag na hathruithe sin.
2.Féadfar freagrachtaí an údaráis inniúil náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 nó na cúraimí a bhaineann leis a tharmligean chuig údarás eile, in aghaidh an tionscadail ar liosta an Aontais nó in aghaidh na catagóire áirithe de thionscadail ar liosta an Aontais, nó in aghaidh an limistéir gheografaigh ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas:
(a)tugann an t‑údarás inniúil náisiúnta fógra don Choimisiún faoin tarmligean sin agus cuirtear an fhaisnéis atá ann ar fáil go héasca go poiblí, lena n‑áirítear ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 9(7);
(b)nach bhfuil ach údarás amháin freagrach ann, in aghaidh an tionscadail, nó na catagóire tionscadal, ar liosta an Aontais, agus gurb é an t‑aon phointe teagmhála é do na tionscnóirí tionscadail, agus na freagrachtaí uile á nglacadh ar láimh aige sa phróiseas as a dtiocfaidh an cinneadh cuimsitheach laistigh den sprioc-am dlíthiúil dá bhforáiltear in Airteagal 10(2) agus go gcomhordaíonn sé cur isteach na ndoiciméad agus na faisnéise ábhartha uile, lena n‑áirítear iad a chur faoi bhráid aon údarás eile lena mbaineann;
(c)gan beann ar an tarmligean, leanfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta de bheith freagrach as comhbhailiú na dtuarascálacha arna gcur isteach ag tionscnóirí tionscadail i gcomhréir le hAirteagal 5(4) agus as tuairisciú don Ghníomhaireacht agus do na Grúpaí ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 5(5).
Féadfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta an fhreagracht as bunú teorainneacha ama a choinneáil freisin, gan dochar do na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2).
3.Áiritheoidh an t‑údarás inniúil náisiúnta go n‑eiseofar an cinneadh cuimsitheach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 10(1) agus (2).
Roghnóidh na Ballstáit as measc na scéimeanna seo a leanas, agus an scéim is éifeachtaí i bhfianaise shainiúlachtaí an dlí náisiúnta, na pleanála náisiúnta agus an phróisis deonaithe ceadanna náisiúnta á gcur san áireamh, agus cé acu is féidir nó nach féidir í a chur chun feidhme ar bhealach a rannchuidíonn leis an gcinneadh cuimsitheach a eisiúint ar an mbealach is éifeachtúla agus is tráthúla:
(a)scéim chomhtháite:
(i)eiseoidh an t‑údarás inniúil náisiúnta an cinneadh cuimsitheach agus is é an t‑aon chinneadh ceangailteach ó thaobh dlí de a eascróidh as an bpróiseas reachtúil deonaithe ceadanna;
(ii)i gcás ina mbaineann údaráis eile leis an tionscadal, féadfaidh siad, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a dtuairim a thabhairt i ndáil leis an nós imeachta, agus cuirfidh an t‑údarás inniúil náisiúnta é sin san áireamh;
(b)scéim chomhordaithe:
(i)cuimsítear sa chinneadh cuimsitheach an iliomad cinntí aonair atá ceangailteach ó thaobh dlí de, ar cinntí iad a d’eisigh roinnt údaráis lena mbaineann agus a ndéanann an t‑údarás inniúil náisiúnta iad a chomhordú;
(ii)féadfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta meitheal a bhunú ina ndéanfar ionadaíocht thar ceann na n‑údarás uile lena mbaineann chun scagadh nó sceideal mionsonraithe a tharraingt suas don phróiseas deonaithe ceadanna i gcomhréir le hAirteagal 10(9), pointe (b), agus chun faireachán agus comhordú a dhéanamh ar a chur chun feidhme;
‑‑(iii)déanfaidh an túdarás inniúil náisiúnta, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis eile lena mbaineann, teorainn ama réasúnta a bhunú ar bhonn cás ar chás a neiseofar na cinntí aonair lena linn d’fhonn fad an phróisis a íoslaghdú gan dochar do theorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 10(1) agus (2);
‑‑‑‑(iv)beidh an túdarás inniúil náisiúnta in ann cinneadh aonair a dhéanamh thar ceann údarás eile lena mbaineann, i gcás nach ndéanann an túdarás sin an cinneadh laistigh den teorainn ama atá socraithe agus i gcás nach féidir údar leormhaith a thabhairt leis an moill. Féadfaidh an túdarás inniúil náisiúnta neamhaird a thabhairt ar chinneadh aonair údaráis eile lena mbaineann freisin má mheasann sé nach bhfuil an cinneadh sách réasúnaithe maidir leis an bhfianaise fholuiteach a chuir an túdarás sin lena mbaineann i láthair;
(c)scéim chomhoibríoch:
(i)cuimseofar sa chinneadh cuimsitheach an iliomad cinntí aonair atá ceangailteach ó thaobh dlí de, ar cinntí iad a d’eisigh roinnt údarás lena mbaineann agus a ndearna an t‑údarás inniúil náisiúnta iad a chomhordú;
(ii)féadfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta meitheal a bhunú ina ndéanfar ionadaíocht thar ceann na n‑údarás uile lena mbaineann chun an scagadh nó an sceideal mionsonraithe a tharraingt suas don phróiseas deonaithe ceadanna i gcomhréir le hAirteagal 10(9), agus chun faireachán agus comhordú a dhéanamh ar a chur chun feidhme;
(iii)déanfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis eile lena mbaineann, teorainn ama réasúnta a bhunú ar bhonn cás ar chás, a n‑eiseofar na cinntí aonair lena linn d’fhonn fad an phróisis a íoslaghdú, gan dochar do na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2);
‑(iv)déanfaidh an túdarás inniúil náisiúnta faireachán ar chomhlíonadh na dteorainneacha ama ag na húdaráis lena mbaineann agus, i gcás moilleanna, déanfaidh sé bearta arb é is aidhm dóibh fad an phróisis a íoslaghdú;
(v)i gcás ina ndéanann Ballstát an scéim chomhoibríoch a roghnú, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis sin.
Déanfaidh na húdaráis lena mbaineann, i gcomhréir leis an scéim um cheadú arna roghnú ag na Ballstáit, na hinniúlachtaí riachtanacha a tharmligean chuig an údarás inniúil náisiúnta nó éascóidh siad comhar agus comhoibriú leis an údarás inniúil náisiúnta chun a áirithiú go n‑eiseofar an cinneadh cuimsitheach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2).
I gcás nach measann údarás lena mbaineann go soláthróidh sé cinneadh aonair laistigh den teorainn ama a leagadh síos, cuirfidh an t‑údarás sin an t‑údarás inniúil náisiúnta ar an eolas láithreach, agus na cúiseanna leis an moill á dtabhairt aige. Ina dhiaidh sin, leagfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta teorainn ama eile síos faoina ndéanfar an cinneadh aonair sin a eisiúint, i gcomhréir leis na teorainneacha ama foriomlána a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2).
4.Féadfaidh na Ballstáit na scéimeanna a leagtar amach i mír 3 a chur i bhfeidhm maidir le tionscadail ar tír agus amach ón gcósta atá ar liosta an Aontais.
I gcás na dtionscadal ar liosta an Aontais atá dlúthnasctha le sócmhainní giniúna, amhail na tionscadail a chuimsítear sna catagóirí bonneagair dá bhforáiltear i bpointí (1)(b) nó (h) d’Iarscríbhinn II, beidh an t‑údarás inniúil náisiúnta freagrach as próiseas deonaithe ceadanna an tionscadail faoi seach ar liosta an Aontais a chomhordú le ceadú na sócmhainní giniúna chun go mbeidh na hamlínte comhtháite agus go mbeidh an dá phróiseas ag díriú in éineacht le chéile ar na sócmhainní uile a bhaineann leis an tionscadal a cheadú ar an mbealach is éifeachtúla agus is tráthúla.
5.I gcás ina bhfuil tionscadal atá ar liosta an Aontais lonnaithe i gcríocha dhá Bhallstát nó níos mó, déanfaidh a n‑údaráis inniúla náisiúnta féin ceann amháin díobh a cheapadh go comhpháirteach chun gníomhú mar phointe teagmhála uathúil, a bheidh freagrach as malartú na faisnéise idir na húdaráis inniúla náisiúnta agus údaráis eile lena mbaineann a éascú maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna, chomh maith le bheith freagrach as na cinntí cuimsitheacha críochnaitheacha a eisiúint i gcomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta eile lena mbaineann.
Féachfaidh na Ballstáit le nós imeachta comhpháirteach a sholáthar lena n‑éascaítear an comhar idir a n‑údaráis inniúla náisiúnta féin lena mbaineann, le sineirgí nós imeachta a chruthú agus amlínte a ailíniú chun an próiseas deonaithe ceadanna a éascú le haghaidh tionscadal, go háirithe maidir leis an measúnú ar an tionchar comhshaol, agus leis na comhairliúcháin phoiblí a cheanglaítear faoi Airteagal 9.
Arna iarraidh sin do na Ballstáit, glacfaidh an Coimisiún ról an éascaitheora chun tacú leis an gcomhar idir na húdaráis inniúla náisiúnta lena mbaineann. Éascóidh an Coimisiún comhaontú maidir le nós imeachta comhpháirteach aontaithe trí thuairim a sholáthar agus trí mholtaí a dhéanamh maidir le gnéithe nós imeachta.
Airteagal 9
Trédhearcacht agus rannpháirtíocht phoiblí
1.Faoin 24 Deireadh Fómhair 2027, déanfaidh an Ballstát nó an t‑údarás inniúil náisiúnta, i gcomhar le húdaráis eile lena mbaineann, i gcás inar gá, lámhleabhar nósanna imeachta nuashonraithe a fhoilsiú le haghaidh an phróisis deonaithe ceadanna is infheidhme maidir le tionscadail ar liosta an Aontais chun an fhaisnéis a shonraítear i bpointe (1) d’Iarscríbhinn VI ar a laghad a chur san áireamh. Ní bheidh an lámhleabhar ceangailteach ó thaobh an dlí de, ach déanfaidh sé tagairt d’fhorálacha dlíthiúla ábhartha nó iad a lua. I gcás inarb ábhartha, oibreoidh na húdaráis inniúla náisiúnta i gcomhar le húdaráis tíortha comharsanachta agus aimseoidh siad sineirgí leo d’fhonn amlínte a bhunú agus an próiseas deonaithe ceadanna do thionscadail a éascú, lena n‑áirítear chun an lámhleabhar nósanna imeachta a fhorbairt.
2.Gan dochar do cheanglais rannpháirtíochta poiblí faoi dhlí an chomhshaoil, faoi Choinbhinsiún Aarhus, faoi Choinbhinsiún Espoo ná faoi dhlí ábhartha an Aontais, cloífidh na páirtithe uile a bhfuil baint acu leis an bpróiseas deonaithe ceadanna leis na prionsabail maidir le rannpháirtíocht phoiblí a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn VI.
3.Déanfaidh an tionscnóir tionscadail, laistigh de thréimhse ama tháscach 3 mhí ó thús an phróisis deonaithe ceadanna de bhun Airteagal 10(5), coincheap maidir le rannpháirtíocht phoiblí a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an údaráis inniúil náisiúnta, tríd an bpróiseas a dtugtar achoimre air sa lámhleabhar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leanúint agus i gcomhréir leis na treoirlínte a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.
4.Iarrfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta modhnuithe nó formheasfaidh sé an coincheap maidir le rannpháirtíocht phoiblí laistigh de 3 mhí tar éis an coincheap a fháil, agus aird chuí á tabhairt aige, gan gá a bheith le hathrá, ar aon chineál rannpháirtíochta poiblí agus comhairliúcháin phoiblí a rinneadh sular cuireadh tús leis an bpróiseas deonaithe ceadanna, a mhéid a comhlíonadh ceanglais an Airteagail seo le rannpháirtíocht phoiblí den sórt sin agus comhairliúchán poiblí den sórt sin.
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an tionscnóir tionscadail athruithe móra a dhéanamh ar choincheap formheasta maidir le rannpháirtíocht phoiblí, cuirfidh sé an t‑údarás inniúil náisiúnta ar an eolas faoin méid sin. Sa chás sin, féadfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta modhnuithe breise a iarraidh.
5.I gcás nach gceanglaítear é faoin dlí náisiúnta cheana féin, déanfaidh an tionscnóir tionscadail aon chomhairliúchán poiblí luathchéime amháin ar a laghad, sula gcuirfear an t‑iarratas deiridh iomlán ar cheadú faoi bhráid an údaráis inniúil náisiúnta de bhun Airteagal 10(10). Féadfar an comhairliúchán poiblí a dhéanamh in éineacht le haon chomhairliúchán poiblí tar éis don iarraidh ar thoiliú don fhorbairt a bheith curtha isteach de bhun Airteagal 6(2) de Threoir 2011/92/AE.
6.Leis an gcomhairliúchán poiblí a cheanglaítear sa mhír roimhe seo, comhlíonfar na híoscheanglais a leagtar amach i bpointe (5) d’Iarscríbhinn VI agus cuirfear na páirtithe leasmhara dá dtagraítear i bpointe (3)(a) d’Iarscríbhinn VI ar an eolas faoin tionscadal ag céim luath agus cuideofar leis an suíomh, leis an gconair nó leis an teicneolaíocht is oiriúnaí a shainaithint, lena n‑áirítear, i gcás inarb ábhartha, i bhfianaise oiriúnú leormhaith don athrú aeráide agus breithnithe leormhaithe maidir leis an tslándáil don tionscadal, na dtionchar uile atá ábhartha faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta, agus na saincheisteanna ábhartha a dtabharfar aghaidh orthu sa chomhad iarratais.
7.Gan dochar do na rialacha nós imeachta agus trédhearcachta sna Ballstáit, foilseoidh na tionscnóirí tionscadail ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 10 tuarascáil ina ndéanfar achoimre ar thorthaí na ngníomhaíochtaí a bhaineann le rannpháirtíocht phoiblí a mhéid a bhaineann leis an tionscadal, lena n‑áirítear aon ghníomhaíocht a rinneadh roimh an gcomhairliúchán poiblí luath, agus ina míneofar an chaoi a ndearnadh na tuairimí a cuireadh in iúl sna comhairliúcháin phoiblí a chur san áireamh, agus na leasuithe a rinneadh ar shuíomh, ar chonair agus ar dhearadh an tionscadail á léiriú, nó na cúiseanna nár cuireadh na tuairimí sin san áireamh á soláthar.
Cuirfidh an tionscnóir tionscadail an tuarascáil in éineacht leis an gcomhad iarratais faoi bhráid an údaráis inniúil náisiúnta. Tabharfar aird chuí ar thoradh na tuarascála sin sa chinneadh cuimsitheach.
8.I gcás tionscadail trasteorann ina bhfuil dhá Bhallstát nó níos mó rannpháirteach, na comhairliúcháin phoiblí a dhéanfar de bhun mhír 5 i ngach ceann de na Ballstáit lena mbaineann, déanfar iad, a mhéid is féidir, laistigh de thréimhse nach faide ná 2 mhí ó chéile, agus, i gcás inar féidir, déanfar iad a chomhcheangal.
9.Maidir le tionscadail ar dócha go mbeidh tionchar mór trasteorann acu i mBallstát comharsanachta amháin nó níos mó, a bhfuil feidhm ag Airteagal 7 de Threoir 2011/92/AE agus ag Coinbhinsiún Espoo maidir leo, cuirfear an fhaisnéis ábhartha ar fáil d’údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát comharsanachta lena mbaineann. Sa phróiseas chun fógra a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát comharsanachta lena mbaineann in iúl an mian leo, nó an mian le haon údarás eile lena mbaineann, páirt a ghlacadh sna nósanna imeachta ábhartha comhairliúcháin phoiblí.
10.Déanfaidh an tionscnóir tionscadail suíomh gréasáin tiomnaithe a bhunú agus a nuashonrú go tráthrialta ar a mbeidh faisnéis iomchuí faoin tionscadal leasa choitinn, ar suíomh gréasáin é a bheidh nasctha le suíomh gréasáin an Choimisiúin agus leis an ardán trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 26 agus a chomhlíonfaidh na ceanglais a shonraítear i bpointe (6) d’Iarscríbhinn VI. Seiceálfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta go gcomhlíonann na tionscnóirí tionscadail an oibleagáid sin agus déanfaidh siad bearta lena n‑áiritheofar an chomhlíontacht i gcás inar gá.
Airteagal 10
Fad tréimhse agus cur chun feidhme an phróisis deonaithe ceadanna
1.Déanfar foráil sa phróiseas deonaithe ceadanna maidir leis an dá nós imeachta seo a leanas:
(a)an nós imeachta réamhiarratais roghnach, lena gcumhdaítear an tréimhse idir tús an phróisis deonaithe ceadanna agus an tráth a ghlacfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta leis an gcomhad iarratais iomlán arna thíolacadh, ar nós imeachta é a sheolfar laistigh de thréimhse 24 mhí ar a laghad;
(b)an nós imeachta deonaithe ceadanna sainordaitheach, lena gcumhdaítear an tréimhse idir an dáta a ghlacfar leis an gcomhad iarratais iomlán arna thíolacadh go dtí an dáta a dhéanfar an cinneadh cuimsitheach, nach rachaidh thar 18 mí.
Maidir leis an gcéad fhomhír, pointe (b), i gcás inar féidir, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta reachtúil deonaithe ceadanna atá níos giorra ná 18 mí.
2.Áiritheoidh an t‑údarás inniúil náisiúnta nach rachaidh comhfhad an dá nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 thar thréimhse 42 mhí.
Mar sin féin, i gcás ina measann an t‑údarás inniúil náisiúnta nach mbeidh ceann amháin de na nósanna imeachta nó an dá cheann acu curtha i gcrích laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 1, féadfaidh sé síneadh a chur le ceann amháin de na teorainneacha ama sin nó leis an dá cheann acu sula rachaidh siad in éag agus de réir an cháis. Ní chuirfidh an t‑údarás inniúil náisiúnta síneadh níos faide ná 6 mhí le comhfhad an dá nós imeachta seachas in imthosca eisceachtúla.
I gcás ina gcuireann an t‑údarás inniúil náisiúnta síneadh leis na teorainneacha ama, cuirfidh sé an Grúpa lena mbaineann ar an eolas maidir leis na cúiseanna le síneadh den sórt sin agus cuirfidh sé in iúl dó na bearta a rinneadh nó atá le déanamh chun an próiseas deonaithe ceadanna a chur i gcrích, sa tréimhse is giorra is féidir. Féadfaidh an Grúpa a iarraidh go dtuairisceodh an t‑údarás inniúil náisiúnta go tráthrialta ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis sin agus go soláthróidh sé cúiseanna a bhí le haon mhoill.
3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh acmhainní teicniúla, airgeadais agus daonna leordhóthanacha ag na húdaráis inniúla náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) chun cinneadh cuimsitheach a dhéanamh laistigh den tréimhse a léirítear in Airteagal 10(2).
4.Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas, sa nós imeachta deonaithe ceadanna dá dtagraítear i mír 1:
(a)mura dtugann na húdaráis inniúla náisiúnta freagra laistigh den sprioc-am a bhunaítear i mír 2, go measfar dá bharr sin go bhfuil an cinneadh cuimsitheach formheasta;
(b)mura dtugann údaráis eile lena mbaineann freagra laistigh den teorainn ama réasúnta arna bunú ag údarás inniúil náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 8(3), go measfar dá thoradh sin go bhfuil a dtuairim shonrach, nó a n‑údarú nó a gcead sonrach deonaithe nó gur tugadh freagra dearfach ina leith.
Níl éifeachtaí i gcás cinntí comhshaoil ann de bharr na míre seo, ná i gcás nach bhfuil prionsabal an fhormheasa intuigthe riaracháin i gcóras dlí an Bhallstáit lena mbaineann.
Cuirfear gach cinneadh ar fáil go poiblí, lena n‑áirítear cinntí críochnaitheacha a dheonaítear go hintuigthe tar éis easpa freagra ó na húdaráis inniúla ábhartha nó ó na húdaráis ábhartha lena mbaineann.
5.Agus an iarraidh á déanamh go gcuirfear tús leis an bpróiseas deonaithe ceadanna, tabharfaidh na tionscnóirí tionscadail fógra faoin tionscadal d’údarás inniúil náisiúnta gach Ballstáit ina bhfuil an tionscadal lonnaithe, lena n‑áirítear i mBallstáit ina bhfuil an tionscadal suite trasna a limistéir eacnamaíoch eisiach, i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach agus beidh achoimre réasúnta mionsonraithe ar an tionscadal ann freisin.
Laistigh de 1 mhí ón bhfógra a fháil, déanfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta ceann de na nithe seo a leanas, i bhfoirm leictreonach:
(a)admháil fála a eisiúint; nó
(b)mura meastar go bhfuil an tionscadal aibí go leor chun dul isteach sa phróiseas deonaithe ceadanna, diúltú don fhógra, agus na cúiseanna lena chinneadh a sholáthar, lena n‑áirítear thar ceann údaráis eile lena mbaineann.
Is é dáta na hadmhála fála an dáta a chuirfear tús leis an bpróiseas deonaithe ceadanna. I gcás ina bhfuil baint ag dhá Bhallstát nó níos mó, is é an dáta a ghlacann an t‑údarás inniúil náisiúnta lena mbaineann leis an bhfógra deiridh a mharcálfaidh tús an phróisis deonaithe ceadanna.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar ardáin dhigiteacha thiomnaithe chun iarratais ar cheadú a bhainistiú, chomh maith le próisis cheadúcháin, cinntí atá ar siúl faoi láthair maidir le ceadú, agus cinntí arna n‑eisiúint i bhformáid atá inrochtana go héasca.
Soláthróidh na hardáin sin rochtain ar na sonraí agus na cinntí ábhartha comhshaoil agus geolaíocha atá ar fáil sa tairseach lárnach ar líne dá dtagraítear in Airteagal 10(3) de Rialachán [xxxxx] 66 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
6.Áiritheoidh na húdaráis inniúla náisiúnta go gcuirfear dlús leis an bpróiseas deonaithe ceadanna i gcomhréir leis an gCaibidil seo i gcás gach catagóir tionscadal leasa choitinn agus tionscadal comhleasa. Chuige sin, déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta a gceanglais maidir le tús an phróisis deonaithe ceadanna agus maidir le glacadh leis an gcomhad iarratais iomlán a oiriúnú, i gcomhréir leis an gcatagóir tionscadail ábhartha, cineál an tionscadail, a ghnéithe, an easpa ceanglais maidir le measúnú comhshaoil, nó aon mheasúnú eile faoin dlí náisiúnta, nó i bhfianaise go bhféadfadh sé go dteastódh níos lú údaruithe agus formheasa uathu chun an chéim ‘réidh le tógáil’ a bhaint amach.
Dá réir sin, féadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta a chinneadh nach bhfuil gá leis an nós imeachta réamhiarratais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 6 den Airteagal seo i gcás nach bhfuil an tréimhse sin de dhíth ar an tionscnóir tionscadail chun staidéir agus measúnuithe a dhéanamh agus sonraí a bhailiú chun a chomhad iarratais ar cheadú a thabhairt i gcrích.
7.Cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta san áireamh, sa scagadh chun na ceanglais maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna a bhunú, aon staidéar a rinneadh agus aon chead nó údarú a eisíodh suas le 5 bliana sular cuireadh an tionscadal isteach sa phróiseas deonaithe ceadanna i gcomhréir leis an Airteagal seo, lena n‑áirítear measúnuithe a rinneadh chun tionscadail eile a chur in úsáid, ar tionscadail iad atá ábhartha agus is féidir a athúsáid, agus ní éileoidh siad staidéir, measúnuithe, ceadanna ná údaruithe dúblacha nó nach bhfuil gá leo.
8.I mBallstáit nach féidir an cinneadh i dtaobh bealaigh nó suímh, arna dhéanamh chun críche sonraí tionscadail phleanáilte agus chun na críche sonraí sin amháin, lena n‑áirítear conairí sonracha do bhonneagair eangaí a phleanáil, a chur san áireamh sa phróiseas deonaithe ceadanna sula ndéantar an cinneadh cuimsitheach, déanfar an cinneadh comhfhreagrach laistigh de thréimhse leithleach 6 mhí a thosaíonn an dáta ar a dtíolacann an tionscnóir na doiciméid iarratais chríochnaitheacha agus iomlána.
9.Déanfar an méid seo a leanas mar chuid den nós imeachta réamhiarratais: na staidéir, na tuarascálacha agus na doiciméid riachtanacha lena bhfuil coinne ón tionscnóir tionscadail a scagadh agus a raon feidhme a leagan amach; an sceideal mionsonraithe a tharraingt suas; agus, an dréachtchomhad iarratais a fhíorú, faoi na céimeanna seo a leanas:
(a)a luaithe agus is féidir agus tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an fhógra ón tionscnóir tionscadail dá dtagraítear i mír 5, cinnfidh an t‑údarás inniúil náisiúnta na húdaruithe, na ceadanna agus na measúnuithe a cheanglaítear chun an próiseas deonaithe ceadanna a thabhairt i gcrích agus tabharfaidh sé fógra don tionscnóir tionscadail fúthu.
Beidh san fhógra a dhéanfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta an seicliosta dá dtagraítear i bpointe (1)(e) d’Iarscríbhinn VI, agus i gcás inarb ábhartha, leagfar síos a ábhar i gcomhar leis na húdaráis eile lena mbaineann agus le húdaráis inniúla náisiúnta sna Ballstáit eile ina bhfuil an tionscadal lonnaithe, lena n‑áirítear más rud é go bhfuil an tionscadal suite trasna a limistéir eacnamaíoch eisiach.
I gcás inarb infheidhme, sonrófar san fhógra na coinníollacha chun go dtairbheoidh an tionscadal de dhíolúine Airteagal 7(7) agus sainaithneofar an méid seo a leanas ann:
(i)cé acu is rídhócha nó nach rídhócha go mbeidh éifeachtaí díobhálacha móra gan choinne ann de dheasca an tionscadail i bhfianaise íogaireacht comhshaoil na limistéar geografach ina bhfuil sé beartaithe, ar éifeachtaí iad nár sainaithníodh le linn an mheasúnaithe comhshaoil ar na Pleananna Forbartha Náisiúnta a rinneadh de bhun Threoir 2001/42/CE agus, i gcás inarb ábhartha, de bhun Threoir 92/43/CEE;
(ii)na bearta maolaithe iomchuí agus comhréireacha, nó an cúiteamh airgeadaíochta iomchuí agus comhréireach ar mhaithe le cláir cosanta speiceas, is infheidhme maidir leis an tionscadal i gcomhréir le hAirteagal 7(8);
(iii)cé acu is dócha nó nach dócha go mbeidh éifeachtaí móra ag aon chuid den tionscadal ar an gcomhshaol i mBallstát eile; i gcás den sórt sin, áiritheoidh údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an tionscadal lonnaithe go gcuirfear Airteagal 7 de Threoir 2011/92/AE agus Airteagail 2 go 7 den Choinbhinsiún maidir le measúnacht tionchair timpeallachta i gcomhthéacs trasteorann i bhfeidhm;
(b)tabharfar le fios san fhógra freisin an bhformheasann nó an leasaíonn an t‑údarás inniúil náisiúnta an coincheap maidir le rannpháirtíocht phoiblí a chuir an tionscnóir tionscadail isteach i gcomhréir le hAirteagal 9(3). Le linn na tréimhse scagtha, cinnfidh an t‑údarás inniúil náisiúnta, i gcomhar le húdaráis eile lena mbaineann, raon feidhme agus leibhéal mionsonraí na staidéar, na dtuarascálacha agus na doiciméadachta, lena n‑áirítear measúnuithe a cheanglaítear chun gur féidir an tionscadal a cheadú ó thaobh an chomhshaoil de, ar staidéir, tuarascálacha agus doiciméadacht iad lena bhfuil coinne go ndéanfaidh an tionscnóir tionscadail a sholáthar agus a chur isteach mar chuid den chomhad iarratais iomlán.
Ní iarrfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta, ná aon cheann de na húdaráis lena mbaineann, aon fhaisnéis, staidéar, tuarascáil ná measúnú breise dá éis sin seachas an fhaisnéis, na staidéir, tuarascálacha agus measúnuithe sin a cinneadh sa phróiseas scagtha tosaigh sin, ach amháin i gcás inar tharla athrú ábhartha ar an tionscadal nó ar an gcomhshaol mórthimpeall air. I gcás ina dtarlaíonn athrú ábhartha den sórt sin, féadfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta faisnéis bhreise a iarraidh ar an tionscnóir tionscadail bunaithe ar údar réasúnaithe;
(c)déanfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta, i ndlúthchomhar leis an tionscnóir tionscadail agus le húdaráis eile lena mbaineann agus leis na húdaráis inniúla náisiúnta sna Ballstáit eile ina bhfuil an tionscadal lonnaithe, lena n‑áirítear más rud é go bhfuil an tionscadal suite trasna a limistéir eacnamaíoch eisiach, agus torthaí na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi phointe (a) den mhír seo á gcur san áireamh, sceideal mionsonraithe a tharraingt suas don phróiseas deonaithe ceadanna i gcomhréir leis na treoirlínte a leagtar amach i bpointe (2) d’Iarscríbhinn VI;
(d)ar an dréachtchomhad iarratais a fháil, féadfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta iarradh ar a shon féin nó ar son údaráis eile lena mbaineann, ar an tionscnóir tionscadail faisnéis a thíolacadh atá ar iarraidh agus a bhaineann leis na heilimintí a iarradh dá dtagraítear i bpointe (a) laistigh de sprioc-am 1 mhí.
Mar chuid den nós imeachta réamhiarratais, ullmhóidh na tionscnóirí tionscadail aon tuarascáil comhshaoil, de réir mar is gá, lena n‑áirítear na doiciméid agus na measúnuithe a bhaineann leis an oiriúnú don athrú aeráide agus leis an gcibearshlándáil agus leis an tslándáil fhisiceach.
I gcomhar leis an tionscnóir tionscadail agus, de réir mar is gá, le húdaráis eile lena mbaineann nó le húdaráis inniúla náisiúnta eile na mBallstát ina bhfuil an tionscadal lonnaithe, lena n‑áirítear más rud é go bhfuil an tionscadal suite trasna a limistéir eacnamaíoch eisiach, féadfaidh an t‑údarás inniúil náisiúnta na ceanglais maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna a dhearadh i gcás tionscadal áirithe, chomh maith le hamlíne an chomhairliúcháin phoiblí a leagtar amach i bpointe (4) d’Iarscríbhinn VI, i gcéimeanna, ar choinníoll nach gcuirfidh sé moill ar fhorbairt fhoriomlán an tionscadail agus go n‑áiritheofar go mbeidh an próiseas deonaithe ceadanna simplithe agus luathaithe dá bharr. Beidh feidhm ag na sprioc-amanna uasta i míreanna 1 agus 2 maidir le gach ceann de na céimeanna.
Laistigh de 1 mhí tar éis don fhaisnéis atá in easnamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d), a bheith curtha isteach, glacfaidh an t‑údarás inniúil leis an iarratas iomlán i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach nó ar ardáin dhigiteacha thiomnaithe, lena scrúdú, rud a chuirfidh tús leis an nós imeachta reachtúil deonaithe ceadanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (b).
10.Oibreoidh an tionscnóir tionscadail i gcomhar de mheon macánta leis na húdaráis inniúla náisiúnta agus leis na húdaráis uile lena mbaineann, chun faisnéis iomlán agus cheart a sholáthar dóibh, go háirithe maidir leis an bhfaisnéis a shainaithnítear sa phróiseas scagtha.
Áiritheoidh an tionscnóir tionscadail go bhfuil an comhad iarratais iomlán agus leordhóthanach agus iarrfaidh an tionscnóir tionscadail tuairim an údaráis inniúil náisiúnta maidir leis an ábhar sin a luaithe is féidir le linn an phróisis deonaithe ceadanna.
Oibreoidh an tionscnóir tionscadail go hiomlán i gcomhar leis an údarás inniúil náisiúnta chun na teorainneacha ama a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Aon mhoill ar de locht ar an tionscnóir tionscadail í, arna ghníomhú dó de mheon macánta ina leith sin, ní chuirfear san áireamh í in aghaidh fhad uasta an cheadaithe.
11.Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh mar thoradh ar aon leasú ar an dlí náisiúnta go gcuirfear fad le haon phróiseas deonaithe ceadanna ar cuireadh tús leis roimh theacht i bhfeidhm na leasuithe sin. D’fhonn próiseas deonaithe ceadanna brostaithe a chothabháil le haghaidh tionscadail ar liosta an Aontais, déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta oiriúnú leordhóthanach ar an sceideal arna bhunú i gcomhréir le mír 6, pointe (b), den Airteagal seo chun a áirithiú, a mhéid is féidir, nach sárófar na teorainneacha ama don phróiseas deonaithe ceadanna a leagtar amach san Airteagal seo.
12.Ní dochar na teorainneacha ama a leagtar síos san Airteagal seo d’oibleagáidí a eascraíonn as dlí an Aontais agus as an dlí idirnáisiúnta, agus ní dochar iad do nósanna imeachta achomhairc riaracháin ná leigheasanna breithiúnacha os comhair cúirte nó binse.
Na teorainneacha ama a leagtar síos san Airteagal seo d’aon cheann de na nósanna imeachta deonaithe ceadanna, ní dochar iad d’aon teorainn ama níos giorra arna leagan síos ag na Ballstáit.
CAIBIDIL IV
Pleanáil bonneagair trasearnála
Airteagal 11
Cás lárnach le haghaidh na bpleananna forbartha gréasáin 10 mBliana
1.Faoin [2 bhliain tar éis teacht i bhfeidhm] agus gach 4 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin, forbróidh an Coimisiún príomhchás d’earnáil an leictreachais, earnáil na hidrigine agus earnáil an gháis, a bheidh le húsáid le haghaidh na bpleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais dá dtagraítear sna nithe seo a leanas: Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 59 de Rialachán (AE) 2024/1789, an próiseas chun riachtanais bhonneagair a shainaithint dá dtagraítear in Airteagal 12 den Rialachán seo, an anailís uile-chórais costais is tairbhe ar fhuinneamh dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán seo, agus an leithdháileadh costas trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 17 den Rialachán seo.
2.Maidir leis an bpríomhchás:
(a)beidh sé i gcomhréir le spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais agus cuimseofar dearcadh fadtéarmach go dtí 2050 ar a laghad ann i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais;
(a)beidh cur chuige trasearnála i gceist lena n‑áiritheofar comhsheasmhacht idir earnáil an leictreachais, earnáil na hidrigine agus earnáil an gháis, agus éifeachtúlacht an chórais á barrfheabhsú;
(b)beidh anailísí íogaireachta ann de réir mar is iomchuí.
3.Déanfaidh an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO don Leictreachas), Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin Hidrigine (ENNOH), an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (ENTSO don Ghás) agus na Ballstáit, arna iarraidh sin don Choimisiún, na sonraí agus an fhaisnéis is gá a sholáthar chun an príomhchás dá dtagraítear i mír 1 a fhorbairt. Áirítear leis sin sonraí margaidh agus gréasáin, amhail réamh-mheastacháin éilimh agus soláthair, saintréithe giniúna cumhachta, táirgthe hidrigine agus na ngréasán lena mbaineann, foinsí solúbthachta, toimhdí maidir le hallmhairí, chomh maith le sonraí blianta ó thaobh na haeráide de, gan bheith teoranta dóibh sin. Socróidh an Coimisiún teorainn ama réasúnach chun sonraí agus faisnéis a sholáthar, agus castacht na sonraí agus na faisnéise is gá agus an phráinn a ghabhann leo á gcur san áireamh. I gcás nach soláthraíonn seolaí an fhaisnéis a iarrtar laistigh den teorainn ama a shocraíonn an Coimisiún nó i gcás ina soláthraíonn sé faisnéis neamhiomlán, féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, a cheangal go soláthrófar an fhaisnéis. Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar an nGníomhaireacht na sonraí arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin a fhíorú, lena n‑áirítear trí shonraí náisiúnta a fhíorú leis na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha.
4.Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, na húdaráis rialála náisiúnta, ENTSO don Leictreachas, ENNOH, ENTSO don Ghás, an t‑eintiteas Eorpach um chomhar idir oibreoirí córas dáileacháin leictreachais san Aontas Eorpach (Eintiteas AE do OCDanna), na Ballstáit agus páirtithe leasmhara ábhartha eile maidir leis na sonraí a bhailítear chun críoch phróiseas forbartha an phríomhcháis, lena n‑áirítear toimhdí agus a n‑úsáid i bhforbairt an phríomhcháis.
5.Cuirfidh an Coimisiún an dréacht-phríomhchás lárnach faoi bhráid an Ghrúpa GTE-F, mar aon le faisnéis faoin gcaoi a ndearnadh na barúlacha a fuarthas le linn an chomhairliúcháin dá dtagraítear i mír 4 a chur san áireamh. Tabharfaidh comhaltaí an Ghrúpa GTE-F a mbarúlacha, más ann dóibh, laistigh de 1 mhí tar éis dóibh an dréacht-phríomhchás a fháil.
6.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na príomhchásanna a leagan síos de bhun an Airteagail seo. Glacfaidh an Coimisiún an príomhchás agus na barúlacha ón nGrúpa GTE-F á gcur san áireamh aige.
7.Tar éis don ghníomh tarmligthe maidir leis an bpríomhchás a bheith foilsithe, foilseoidh an Coimisiún na bunsonraí ionchuir agus aschuir don phríomhchás, faoi réir srianta faoin dlí náisiúnta agus comhaontuithe rúndachta ábhartha.
8.Féadfaidh an Coimisiún, agus tuairimí na Gníomhaireachta, na mBallstát, na n‑údarás rialála náisiúnta agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha á gcur san áireamh aige, anailísí íogaireachta a fhorbairt maidir leis an bpríomhchás más gá sin bunaithe ar fhorbairtí sa mhargadh nó ó thaobh beartais de. Féadfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a leasú chun aon anailís íogaireachta den sórt sin a chuimsiú.
Airteagal 12
Tuarascáil maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint
1.Forbróidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH faoi seach tuarascáil maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint chun bearnaí sa bhonneagar, lena ndéantar difear do chuspóirí an Aontais a bhaineann le leictreachas agus hidrigin, a shainaithint.
2.I dtaca leis na tuarascálacha maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint:
(a)beidh siad bunaithe ar an bpríomhchás arna fhorbairt ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 11 agus lena anailísí íogaireachta;
(b)comhlíonfaidh siad an mhodheolaíocht arna forbairt ag an nGníomhaireacht de bhun mhír 11;
(c)comhlíonfaidh siad na prionsabail a leagtar síos in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo;
(d)áiritheoidh siad cur chuige trasearnála lena n‑áiritheofar comhsheasmhacht idir earnáil an leictreachais agus earnáil na hidrigine agus, i gcás inarb infheidhme, earnálacha an gháis, an téimh ceantair agus CO2.
3.Rachaidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH, faoi seach, i gcomhairle le páirtithe leasmhara ábhartha maidir leis na sonraí breise, na toimhdí agus an úsáid a bhainfear astu chun a dtuarascáil a fhorbairt maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint.
4.Laistigh de 6 mhí ó phríomhchás a fhoilsiú de bhun Airteagal 11, ach amháin i gcás nach bhfuil i gceist leis an bhfoilsiú ach anailís íogaireachta a chur isteach, déanfaidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH a ndréacht-tuarascáil féin maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint, lena n‑áirítear an measúnú ar an gcaoi a dtagann tionscadail a chuirtear isteach lena gcuimsiú sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais leis na riachtanais a sainaithníodh, a chur faoi bhráid an Ghrúpa GTE-F. I gcás nach bhfuil i gceist leis an bhfoilsiú ach anailís íogaireachta a chur isteach, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar ENTSO don Leictreachas agus ENNOH tuarascáil nua a fhorbairt maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo.
5.Laistigh de 2 mhí tar éis don Ghrúpa GTE-F na dréacht-tuarascálacha a fháil maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint, déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar chomhlíonadh na modheolaíochta dá dtagraítear i mír 12, agus na bprionsabal a leagtar amach in Iarscríbhinn VII, sna dréacht-tuarascálacha maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint, lena n‑áirítear an measúnú ar a mhéid atá na tionscadail a chuirtear isteach lena gcuimsiú sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais ag teacht leis na riachtanais a sainaithníodh, agus cuirfidh an Ghníomhaireacht an Grúpa GTE-F ar an eolas.
6.Laistigh de 1 mhí tar éis don Ghníomhaireacht iad a chur ar an eolas faoi chomhlíontacht na ndréacht-tuarascálacha maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint, féadfaidh comhaltaí an Ghrúpa GTE-F, agus ionchur na Gníomhaireachta maidir le comhlíontacht á chur san áireamh acu, a mbarúlacha a thabhairt agus ENTSO don Leictreachas agus ENNOH faoi seach a chur ar an eolas.
7.Laistigh de 2 mhí tar éis dóibh na barúlacha ó chomhaltaí an Ghrúpa GTE-F a fháil, oiriúnóidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH na dréacht-tuarascálacha maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint, agus barúlacha an Ghrúpa GTE-F agus na Gníomhaireachta á gcur san áireamh, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais i mír 2 go hiomlán, agus cuirfidh siad an tuarascáil chríochnaitheach maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint faoi bhráid an Choimisiúin.
8.Cuirfidh an Coimisiún an dréacht-tuarascáil chríochnaitheach maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint faoi bhráid chomhlacht cinnteoireachta an Ghrúpa GTE-F lena formhuiniú. Sula gcuirfidh sé na dréacht-tuarascálacha críochnaitheacha maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint faoi bhráid chomhlacht cinnteoireachta an Ghrúpa GTE-F, féadfaidh an Coimisiún nuashonruithe agus feabhsuithe a iarraidh, agus údar cuí leo agus laistigh de thráthchlár réasúnta, i gcás ina gcinnfidh sé nach léirítear go hiomchuí sna dréacht-tuarascálacha críochnaitheacha maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint, na barúlacha ó chomhaltaí an Ghrúpa GTE-F, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn VII go hiomlán. Tabharfaidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH faoi seach aghaidh ar na hiarrataí sin go hiomlán laistigh de 1 mhí agus cuirfidh siad na dréacht-tuarascálacha críochnaitheacha athbhreithnithe maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint faoi bhráid an Choimisiúin arís.
9.Laistigh de 1 mhí tar éis dó iad a fháil, tabharfaidh comhlacht cinnteoireachta an Ghrúpa GTE-F a bhformhuiniú do na tuarascálacha críochnaitheacha maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint.
10.Laistigh de 2 sheachtain ón bhformhuiniú sin a fháil ar na tuarascálacha maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint, de bhun mhír 8, foilseoidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH iad ar a suíomh gréasáin féin. I gcás inarb ábhartha, tabharfaidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH na tuarascálacha maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint cothrom le dáta i gcomhréir leis na hanailísí íogaireachta a glacadh de bhun Airteagal 11(8), arna iarraidh sin don Choimisiún.
11.Faoin [9 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Ghníomhaireacht, tar éis di comhairliúchán forleathan a dhéanamh ina raibh an Coimisiún, na Ballstáit, ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás, ENNOH, Eintiteas AE do OCDanna agus páirtithe leasmhara ábhartha eile rannpháirteach, modheolaíocht cheangailteach a fhoilsiú chun riachtanais bhonneagair a shainaithint.
12.Áiritheofar leis an modheolaíocht go gcomhlíonfaidh an tuarascáil maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint na prionsabail a leagtar síos in Iarscríbhinn VII.
13.Déanfaidh an Ghníomhaireacht ar a tionscnamh féin, nó arna iarraidh sin don Choimisiún, an mhodheolaíocht a thabhairt cothrom le dáta i gcás inar gá.
14.Go dtí an 1 Eanáir 2027, beidh feidhm ag an Airteagal seo faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach in Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2024/1789.
Airteagal 13
Próiseas meaitseála riachtanas sa chóras leictreachais
1.Nuair is é conclúid na tuarascála maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint i gcás an leictreachais nach bhfreastalaíonn tionscadail a cuireadh isteach lena gcuimsiú sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais ar na riachtanais bhonneagair iomlána a sainaithníodh de bhun Airteagal 12, féadfaidh an Coimisiún próiseas a sheoladh chun réitigh fhéideartha a shainaithint chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais neamh-mheaitseáilte.
2.Iarrfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an ENTSO don Leictreachas, leis na Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht, ar na hoibreoirí córais sna Grúpaí ábhartha tionscadail a mholadh, laistigh de 6 mhí ón iarraidh sin, ar tionscadail iad lena mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar na riachtanais neamh-mheaitseáilte. Cuirfidh an Coimisiún na tionscadail atá beartaithe faoi bhráid na nGrúpaí ábhartha arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 lena bplé. Féadfaidh an Coimisiún rannpháirt a thabhairt do pháirtithe leasmhara ábhartha eile agus fóraim eile um chomhar réigiúnach. Tionscnóirí tionscadail atá in ann aghaidh a thabhairt ar na riachtanais neamh-mheaitseáilte, cuirfidh siad tionscadail incháilithe isteach a luaithe is féidir lena gcuimsiú sna pleananna forbartha náisiúnta, sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais agus i liosta an Aontais a bheidh ann dá éis sin.
3.I gcás nach sainaithnítear sa phróiseas faoi mhír 2 tionscadail lena mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar na riachtanais neamh-mheaitseáilte, féadfaidh an Coimisiún glao ar thograí a sheoladh a bheidh oscailte d’aon tríú páirtí atá in ann a bheith ina thionscnóir tionscadail chun tionscadail a mholadh lena mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar na riachtanais neamh-mheaitseáilte. Tionscnóirí tionscadail atá in ann aghaidh a thabhairt ar na riachtanais neamh-mheaitseáilte, cuirfidh siad tionscadail incháilithe isteach a luaithe is féidir lena gcuimsiú sna pleananna forbartha náisiúnta, sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais agus i liosta an Aontais a bheidh ann dá éis sin.
4.Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar thoradh an phróisis agus ar dhul chun cinn na dtionscadal dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 agus beidh dlúth-rannpháirtíocht ann ag na Grúpaí ábhartha arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 agus ag fóraim ábhartha eile um chomhar réigiúnach.
Airteagal 14
Anailís costais is tairbhe uile-chórais ar fhuinneamh
1.Maidir le tionscadail a thagann faoi na catagóirí bonneagair a leagtar amach i bpointí (1)(a), (b), (c), (d), (e), (f) agus (h) agus pointí (2) agus (3) d’Iarscríbhinn II, bainfidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH úsáid as modheolaíochtaí earnála aonair comhsheasmhacha le haghaidh anailís chomhchuibhithe uile-chórais costais is tairbhe ar fhuinneamh ar leibhéal an Aontais agus measúnú á dhéanamh acu ar thionscadail lena gcuimsiú sna pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais féin.
2.Beidh an méid seo a leanas i gceist leis na modheolaíochtaí:
(a)tarraingeofar suas iad i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Iarscríbhinn V;
(b)beidh siad bunaithe ar thoimhdí coiteanna lenar féidir comparáid a dhéanamh idir tionscadail;
(c)beidh siad i gcomhréir le spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais agus lena chuspóir aeráidneodrachta do 2050 agus leis an bpríomhchás dá dtagraítear in Airteagal 11, chomh maith leis na rialacha agus na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV;
(d)fágfaidh siad go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar chuacha tionscadal de bhun Airteagal 18 agus, in earnáil an leictreachais, réitigh neamhshreinge a mheas;
(e)beidh cur chuige trasearnála i gceist.
3.Forbróidh agus foilseoidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH dréacht-mhodheolaíochtaí tosaigh chun dul i gcomhairle leis an Eintiteas AE do OCDanna, agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile. Beidh an próiseas comhairliúcháin oscailte, tráthúil agus trédhearcach. Ullmhóidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH tuarascáil maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí í.
4.Foilseoidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH a ndréacht-mhodheolaíochtaí agus cuirfidh siad faoi bhráid na mBallstát, an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta iad. Soláthróidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH cúiseanna i gcás nach ndearna siad na barúlacha ó na Ballstáit, na húdaráis náisiúnta nó ó pháirtithe leasmhara eile a chur san áireamh, nó i gcás nár chuir siad san áireamh ach go páirteach iad. Foilseoidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH na chéad dréacht-mhodheolaíochtaí earnála aonair comhsheasmhacha dá gcuid faoi mhí na Nollag 2027 agus cuirfidh siad faoi bhráid na mBallstát, an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta iad.
5.Laistigh de 3 mhí tar éis na dréacht-mhodheolaíochtaí a fháil, féadfaidh na Ballstáit a dtuairimí a thabhairt do ENTSO don Leictreachas agus do ENNOH agus don Choimisiún. Féadfaidh an Coimisiún cruinnithe sonracha de na Grúpaí a eagrú chun na dréacht-mhodheolaíochtaí a phlé.
6.Laistigh de 3 mhí tar éis na tuairimí ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit a fháil, leasóidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH a modheolaíochtaí faoi seach chun na tuairimí ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit a chur san áireamh go hiomlán agus cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin iad lena bhformheas.
7.Laistigh de 3 mhí tar éis dó na modheolaíochtaí faoi seach a fháil, eiseoidh an Coimisiún a chinneadh.
8.Má dhiúltaíonn an Coimisiún don dréacht-mhodheolaíocht, soláthróidh sé na cúiseanna leis sin. Déanfaidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH faoi seach athbhreithniú ar an dréacht-mhodheolaíocht agus cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin arís í lena formheas.
9.Laistigh de 2 sheachtain tar éis an fhormheasa ón gCoimisiún, foilseoidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH a gcuid modheolaíochtaí faoi seach ar a suíomhanna gréasáin.
10.Féadfaidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht iarraidh ar ENTSO don Leictreachas agus ar ENNOH, de réir mar is infheidhme, a modheolaíochtaí a thabhairt cothrom le dáta agus tráthchlár a leagan síos. Féadfaidh an Ghníomhaireacht gníomhú ar a tionscnamh féin, nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó údaráis rialála náisiúnta nó ó pháirtithe leasmhara. Foilseoidh an Ghníomhaireacht na hiarrataí a fhaigheann sí agus na doiciméid ábhartha uile nach bhfuil íogair ó thaobh na tráchtála agus ar a bhfuil a hiarraidh bunaithe.
11.I gcás ina n‑iarrfaidh an Ghníomhaireacht nó an Coimisiún air é, déanfaidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH na modheolaíochtaí earnála aonair comhsheasmhacha le haghaidh costais agus tairbhe a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta formheasa de bhun mhíreanna 3 go 9.
12.Foilseoidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH, i gcomhthéacs gach plean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, na sonraí ionchuir nuashonraithe atá ábhartha do chur i bhfeidhm na modheolaíochtaí, lena n‑áirítear modhanna an ríofa, samhlacha gréasáin, lód sreafa ábhartha agus sonraí margaidh ábhartha. Foilseofar na sonraí sin i bhfoirm atá sách cruinn faoi réir srianta faoin dlí náisiúnta agus comhaontuithe rúndachta ábhartha. Áiritheoidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht go ndéanfar na sonraí a gheobhaidh siadsan, agus a gheobhaidh aon pháirtí a dhéanfaidh obair anailíse ar bhonn na sonraí sin thar a gceann, a láimhseáil go rúnda.
13.Déanfaidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH, mar chuid den phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, torthaí na n‑anailísí costais is tairbhe ar na tionscadail uile a ríomh agus a fhoilsiú, agus an chaoi a ndáiltear na tairbhí ar fud tíortha á léiriú. Cuimseofar leis sin tairbhí do na tíortha óstacha agus do na tíortha nach tíortha óstacha iad araon a thairbhíonn den tionscadal faoi seach.
14.I gcás tionscadail a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(g) agus i bpointe (4) d’Iarscríbhinn II, áiritheoidh an Coimisiún go bhforbrófar modheolaíochtaí le haghaidh anailís chomhchuibhithe uile-chórais costais is tairbhe ar fhuinneamh ar leibhéal an Aontais. Beidh na modheolaíochtaí sin comhoiriúnach, ó thaobh tairbhí agus costas de, leis na modheolaíochtaí arna bhforbairt ag ENTSO don Leictreachas agus ag ENNOH. Forbrófar na modheolaíochtaí ar bhealach trédhearcach, lena n‑áirítear comhairliúchán forleathan leis an nGníomhaireacht, na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara ábhartha uile.
15.Ó [mí Aibreán 2028] ar aghaidh agus gach 2 bhliain, bunóidh agus foilseoidh an Ghníomhaireacht sraith táscairí agus luachanna tagartha comhfhreagracha chun costais infheistíochta aonaid a chur i gcomparáid le haghaidh thionscadail inchomparáide na gcatagóirí bonneagair fuinnimh a áirítear in Iarscríbhinn II. Déanfaidh na tionscnóirí tionscadail na sonraí arna n‑iarraidh a sholáthar do na húdaráis rialála náisiúnta agus don Ghníomhaireacht. Féadfaidh ENTSO don Leictreachas agus ENNOH na luachanna tagartha sin a úsáid i gcomhair na n‑anailísí costais is tairbhe arna ndéanamh le haghaidh pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais ina dhiaidh sin.
CAIBIDIL V
Eangacha amach ón gcósta le haghaidh comhtháthú in-athnuaite
Airteagal 15
Eangacha amach ón gcósta a phleanáil
1.Faoin [laistigh de 6 mhí tar éis teacht i bhfeidhm], déanfaidh na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún, laistigh dá gconairí tosaíochta sonracha eangaí amach ón gcósta, a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, agus na sainiúlachtaí agus an fhorbairt i ngach réigiún á gcur san áireamh, an comhaontú neamhcheangailteach a thabhairt cothrom le dáta chun dul i gcomhar maidir le spriocanna do ghiniúint fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a bheidh le cur in úsáid laistigh de gach imchuach farraige faoi 2030, 2040 agus 2050, i gcomhréir lena bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, agus leis an acmhainneacht in-athnuaite amach ón gcósta a bhaineann le gach imchuach farraige. Beidh spriocanna sa chomhaontú maidir le hidrigin in-athnuaite amach ón gcósta de réir mar is infheidhme.
Mar chuid de na comhaontuithe neamhcheangailteacha, measfaidh na Ballstáit freisin, le tacaíocht ón gCoimisiún, laistigh dá gconairí tosaíochta sonracha eangaí amach ón gcósta, a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, cé acu ba cheart nó nár cheart spriocanna trasteorann sonracha, amhail le haghaidh tionscadail ghathacha hibrideacha nó trasteorann, a leagan síos idir dhá Bhallstát nó níos mó ina bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide féin agus é d’aidhm acu na spriocanna maidir leis an nginiúint fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a bhaint amach, is é sin, go ndéanfar an ghiniúint sin a chur in úsáid laistigh de gach imchuach farraige ar an mbealach is éifeachtúla.
Déanfar an comhaontú neamhcheangailteach sin i scríbhinn a mhéid a bhaineann le gach imchuach farraige atá nasctha le críocha na mBallstát, agus beidh sé gan dochar do cheart na mBallstát tionscadail a fhorbairt ar a bhfarraige theorann agus ina limistéar eacnamaíoch eisiach. Soláthróidh an Coimisiún treoraíocht maidir leis an obair sna Grúpaí.
2.Faoin [laistigh de 12 mhí tar éis teacht i bhfeidhm], agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin mar chuid de gach plean forbartha gréasáin 10 mbliana ina dhiaidh sin, le rannpháirtíocht na OCTanna ábhartha, na n‑údarás inniúil ábhartha, na mBallstát agus an Choimisiúin, agus i gcomhréir leis an gcomhaontú neamhcheangailteach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh ENTSO don Leictreachas pleananna comhtháite straitéiseacha ardleibhéil maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta a fhorbairt agus a fhoilsiú, mar thuarascáil ar leithligh ar cuid den phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais í, le haghaidh gach imchuach farraige, i gcomhréir leis na conairí tosaíochta eangaí amach ón gcósta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, agus cosaint an chomhshaoil agus úsáidí eile na farraige á gcur san áireamh.
Agus na pleananna comhtháite straitéiseacha ardleibhéil maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta á bhforbairt laistigh den amlíne dá bhforáiltear i mír 1, breithneoidh ENTSO don Leictreachas na comhaontuithe neamhcheangailteacha dá dtagraítear i mír 1 chun forbairt a dhéanamh ar chás lárnach an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais.
Leis na pleananna comhtháite straitéiseacha ardleibhéil maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta, soláthrófar forléargas ginearálta maidir le cumas na n‑acmhainneachtaí giniúna amach ón gcósta agus maidir leis na riachtanais in eangacha amach ón gcósta a thagann dá bharr, lena n‑áirítear na riachtanais a d’fhéadfadh a bheith le hidirnascairí, tionscadail hibrideacha, naisc ghathacha, athneartuithe agus bonneagar hidrigine.
3.Beidh na pleananna comhtháite straitéiseacha ardleibhéil maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta i gcomhréir le pleananna infheistíochta réigiúnacha a fhoilsítear de bhun Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2019/943 agus déanfar iad a chomhtháthú sna pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais chun forbairt chomhleanúnach ar phleanáil eangaí ar tír agus amach ón gcósta agus na hathneartuithe is gá a áirithiú.
4.Gach 4 bliana ar a dhéanaí tar éis don chomhaontú neamhcheangailteach le mír 1 a bheith glactha, déanfaidh na Ballstáit a gcomhaontuithe neamhcheangailteacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt cothrom le dáta, lena n‑áirítear i bhfianaise na dtorthaí de bharr chur i bhfeidhm na hanailíse costais is tairbhe agus na comhroinnte costas is déanaí maidir leis na conairí tosaíochta eangaí amach ón gcósta.
5.Tar éis gach nuashonraithe ar na comhaontuithe neamhcheangailteacha i gcomhréir le mír 4, déanfaidh an ENTSO don Leictreachas, i gcás gach imchuach farraige, na pleananna comhtháite straitéiseacha ardleibhéil maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta a nuashonrú laistigh de phleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais eile dá dtagraítear i mír 2.
Airteagal 16
Treoraíocht maidir le creataí infheistíochta comhoibríche le haghaidh tionscadail fuinnimh amach ón gcósta
1.Measfaidh an Coimisiún, le rannpháirtíocht na mBallstát, OCTanna ábhartha, na Gníomhaireachta agus na n‑údarás rialála náisiúnta, cé acu is gá nó nach gá an treoraíocht maidir le creataí infheistíochta comhoibríche um thionscadail fuinnimh amach ón gcósta a thabhairt cothrom le dáta, ar treoraíocht í lena ndéantar foráil maidir le modh sonrach i leith costas agus tairbhe agus comhroinnt costas i dtaca le cur in úsáid na bpleananna comhtháite maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta le haghaidh imchuacha farraige, dá dtagraítear in Airteagal 15(2), i gcomhréir leis na comhaontuithe neamhcheangailteacha dá dtagraítear in Airteagal 14(1), agus, i gcás inarb ábhartha, foilseoidh sé leagan nuashonraithe den treoraíocht. Beidh an treoraíocht sin comhoiriúnach le hAirteagal 17(1). Déanfaidh an Coimisiún a threoraíocht a nuashonrú nuair is iomchuí, agus torthaí a cur chun feidhme á gcur san áireamh.
2.Déanfaidh ENTSO don Leictreachas, le rannpháirtíocht na OCTanna ábhartha, na Gníomhaireachta, na n‑údarás inniúil náisiúnta agus an Choimisiúin, na torthaí a thabhairt cothrom le dáta, arb iad na torthaí de chur i bhfeidhm an chostais agus tairbhe agus na comhroinnte costas maidir leis na conairí tosaíochta eangaí amach ón gcósta, lena n‑áirítear aon uair a fhoilseoidh an Coimisiún aon nuashonrú ar an treoraíocht maidir le modh sonrach i leith costas agus tairbhe agus comhroinnt costas i dtaca le cur in úsáid na bpleananna comhtháite maidir le forbairt gréasáin amach ón gcósta le haghaidh imchuacha farraige, dá dtagraítear in Airteagal 15(2), i gcomhréir leis na comhaontuithe neamhcheangailteacha dá dtagraítear in Airteagal 15(1).
CAIBIDIL VI
Creat rialála
Airteagal 17
Infheistíochtaí a bhfuil tionchar trasteorann acu a chumasú
1.Na costais infheistíochta arna dtabhú go héifeachtúil, nach bhfuil costais chothabhála san áireamh iontu, a bhaineann le tionscadal leasa choitinn a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointí (1)(a), (b), (c), (d), (e), (f) agus (h) d’Iarscríbhinn II agus tionscadail leasa choitinn a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (2) d’Iarscríbhinn II, i gcás ina dtagann siad faoi inniúlacht údarás rialála náisiúnta i ngach Ballstát lena mbaineann, ní mór don OCT ábhartha, don oibreoir gréasáin hidrigine, d’oibreoirí eile nó do thionscnóirí tionscadail an bhonneagair tarchurtha sna Ballstáit ina bhfuil glantionchar dearfach ag an tionscadal na costais sin a sheasamh, agus, a mhéid nach gcumhdaítear le cíosanna ó phlódú ná le muirir eile, íocfaidh úsáideoirí gréasáin astu trí tharaifí a ghearrfar as rochtain ar an ngréasán sa Bhallstát sin nó sna Ballstáit sin.
2.Beidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo maidir le tionscadal leasa choitinn a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach in Airteagal 27 agus pointí (1)(a), (b), (c), (d), (e), (f) agus (h) agus pointe (2) d’Iarscríbhinn II, i gcás ina n‑iarrann aon tionscnóir tionscadail amháin ar a laghad ar na húdaráis náisiúnta ábhartha iad a chur i bhfeidhm le haghaidh chostais an tionscadail.
Féadfaidh tionscadail a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(g) d’Iarscríbhinn II tairbhiú d’fhorálacha an Airteagail seo i gcás ina n‑iarrann aon tionscnóir tionscadail amháin ar a laghad ar na húdaráis náisiúnta ábhartha iad a chur i bhfeidhm.
I gcás ina mbeidh roinnt tionscnóirí tionscadail ag tionscadal, iarrfaidh na húdaráis rialála náisiúnta gan mhoill ar na tionscnóirí tionscadail uile an iarraidh ar infheistíocht a thíolacadh go comhpháirteach i gcomhréir le mír 4.
3.I gcás tionscadal leasa choitinn a bhfuil feidhm ag mír 1 maidir leis, coinneoidh na tionscnóirí tionscadail gach údarás rialála náisiúnta ábhartha ar an eolas go tráthrialta, uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad ón uair a chuimsítear an tionscadal ar liosta an Aontais, agus go dtí go gcoimisiúnófar an tionscadal, maidir le dul chun cinn an tionscadail agus maidir le sainaithint na gcostas agus an tionchair a bhaineann leis.
4.A luaithe a bheidh tionscadal leasa choitinn den sórt sin tar éis aibíocht leordhóthanach a bhaint amach, agus a mheasfar é a bheith réidh le tús a chur leis an gcéim thógála laistigh de na chéad 36 mhí eile, déanfaidh na tionscnóirí tionscadail, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na OCTanna ó na Ballstáit a fhaigheann glantionchar dearfach nach beag uaidh, iarraidh ar infheistíocht a thíolacadh. Cuirfear san áireamh san iarraidh sin ar infheistíocht iarraidh ar leithdháileadh costas trasteorann agus cuirfear faoi bhráid na n‑údarás rialála náisiúnta ábhartha uile lena mbaineann í, mar aon leis an méid seo a leanas:
(a)anailís costais is tairbhe atá cothrom le dáta, sonrach don tionscadal agus i gcomhréir leis an bpríomhchás dá dtagraítear in Airteagal 11 agus le haon íogaireacht dá dtagraítear in Airteagal 11, agus leis an modheolaíocht le haghaidh anailís chomhchuibhithe uile-chórais costais is tairbhe ar fhuinneamh dá dtagraítear in Airteagal 14 agus tairbhí lasmuigh de theorainneacha na mBallstát a bhfuil an tionscadal lonnaithe ina gcríoch á gcur san áireamh;
(b)plean gnó ina ndéantar meastóireacht ar inmharthanacht airgeadais an tionscadail, lena n‑áirítear an réiteach maoinithe a roghnaíodh agus, i gcás tionscadal leasa choitinn a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, torthaí na tástála margaidh;
(c)i gcás ina bhfuil tionscnóirí tionscadail ar aon intinn faoi, togra réasúnaithe le haghaidh leithdháileadh costas trasteorann.
I gcás ina bhfuil tionscadal á chur chun cinn ag roinnt tionscnóirí tionscadail, tíolacfaidh siad a n‑iarraidh ar infheistíocht go comhpháirteach.
Tar éis dóibh í a fháil, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha cóip de gach iarraidh ar infheistíocht a tharchur chuig an nGníomhaireacht, gan mhoill, chun críoch faisnéise.
Coinneoidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha agus an Ghníomhaireacht aon fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de faoi rún.
5.Laistigh de 6 mhí ón dáta a fhaigheann an ceann deireanach de na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha an iarraidh ar infheistíocht, déanfaidh na húdaráis sin cinntí comhpháirteacha comhordaithe, tar éis dul i gcomhairle leis na tionscnóirí tionscadail lena mbaineann, maidir le leithdháileadh na gcostas infheistíochta arna dtabhú go héifeachtúil agus atá le seasamh ag gach oibreoir córais le haghaidh an tionscadail, agus maidir leis na costais sin a áireamh sna taraifí, nó maidir le diúltú don iarraidh ar infheistíocht, go hiomlán nó go páirteach, má chinntear san anailís choiteann a dhéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha nach n‑éiríonn leis an tionscadal nó le cuid de glantairbhe shuntasach a sholáthar in aon cheann de Bhallstáit na n‑údarás rialála náisiúnta ábhartha.
Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta na costais infheistíochta ábhartha arna dtabhú go héifeachtúil a áireamh i dtaraifí, mar a shainmhínítear sa mholadh dá dtagraítear i mír 14, i gcomhréir le leithdháileadh na gcostas atá le seasamh ag gach oibreoir córais le haghaidh an tionscadail.
Maidir le tionscadail atá ar chríocha a mBallstát faoi seach, measfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha, ina dhiaidh sin, i gcás inarb iomchuí, an bhféadfadh aon saincheist inacmhainneachta teacht chun cinn mar gheall ar na costais infheistíochta a bheith san áireamh i dtaraifí.
6.Agus na costais á leithdháileadh acu, cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha an méid seo a leanas san áireamh:
(a)cíosanna iarbhír nó measta ó phlódú nó muirir iarbhír nó mheasta eile;
(b)ioncaim iarbhír nó mheasta a eascraíonn as an sásra um chúiteamh idir oibreoirí córais tarchurtha arna bhunú faoi Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2019/943.
Le leithdháileadh na gcostas thar theorainneacha, cuirfear san áireamh costais agus tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na dtionscadal sna Ballstáit lena mbaineann agus an gá le creat maoinithe cobhsaí a áirithiú le haghaidh fhorbairt na dtionscadal leasa choitinn fad atá an gá le tacaíocht airgeadais á íoslaghdú ag an am céanna. Agus costais á leithdháileadh thar theorainneacha, féachfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na OCTanna lena mbaineann, le comhaontú frithpháirteach a bhaint amach a bheidh bunaithe ar an bhfaisnéis a shonraítear i mír 4, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, ach nach mbeidh teoranta di. Beidh a measúnú bunaithe ar an bpríomhchás agus ar aon íogaireacht dá dtagraítear in Airteagal 11, rud a fhágfaidh gur féidir anailís stóinsithe a dhéanamh ar rannchuidiú an tionscadail leasa choitinn le beartas fuinnimh an Aontais maidir le dícharbónú, comhtháthú margaidh, iomaíochas, inbhuanaitheacht agus slándáil an tsoláthair.
7.Agus na costais á leithdháileadh, cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha na prionsabail ghinearálta seo a leanas i bhfeidhm:
(a)i gcás ina dtarlaíonn 10 % ar a laghad de thairbhí measta tionscadail i mBallstát, glacfaidh an Ballstát sin agus an t‑údarás rialála náisiúnta ábhartha páirt sa phróiseas leithdháilte costas trasteorann;
(b)i gcás inarb iomchuí, beidh leithdháileadh na gcostas i measc na mBallstát bunaithe ar dháileadh na nglantairbhí, lena n‑áirithítear go léireofar an dáileadh sin in eochair an leithdháilte costas;
(c)beidh an leithdháileadh costas trasteorann bunaithe ar chomhaontúex-ante maidir le leithdháileadh costas arna cheapadh chun deimhneacht ó thaobh na hinfheistíochta de a áirithiú, agus beidh an comhaontú trédhearcach agus intuartha agus d’fhéadfaí foráil a dhéanamh leis an leithdháileadh costas trasteorann maidir leis an bhféidearthacht coigeartuithe ex post a dhéanamh, ar choinníoll go mbeidh na coigeartuithe sin sainithe go sainráite sa chinneadh maidir le leithdháileadh costas agus leagtha amach go soiléir, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le tráthchláir agus catagóirí na gcostas a chumhdaítear.
I gcás ina maolaíonn tionscadal leasa choitinn seachtrachtaí diúltacha, amhail lúbshreabha, agus i gcás ina gcuirtear an tionscadal leasa choitinn sin chun feidhme sa Bhallstát arb é is bunphointe don tseachtracht dhiúltach, ní fhéachfar ar mhaolú den sórt sin mar thairbhe trasteorann agus, dá bhrí sin, ní bheidh sé ina bhonn le costais a leithdháileadh ar OCT na mBallstát a ndéanann na seachtrachtaí diúltacha sin difear dóibh.
8.Costais iarbhír arna dtabhú ag OCT, ag oibreoir gréasáin hidrigine nó ag tionscnóir tionscadail eile i ngeall ar infheistíochtaí, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha, ar bhonn an leithdháilte costas trasteorann dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, na costais sin a chur san áireamh agus taraifí á socrú nó á bhformheas acu i gcomhréir le hAirteagal 78(1), de Threoir (AE) 2024/1788 agus Airteagal 59(1), pointe (a), de Threoir (AE) 2019/944, a mhéid a fhreagraíonn na costais sin do chostais oibreora atá éifeachtúil agus atá inchomparáide ó thaobh struchtúir de.
9.Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha fógra don Ghníomhaireacht, gan mhoill, faoin gcinneadh maidir le leithdháileadh costas, mar aon leis an bhfaisnéis ábhartha uile i dtaca leis an gcinneadh sin. Go sonrach, leagfar amach sa chinneadh maidir le leithdháileadh costas cúiseanna mionsonraithe maidir le leithdháileadh costas i measc na mBallstát, lena n‑áirítear na nithe seo a leanas:
(a)meastóireacht ar an tionchar sainaitheanta ar gach ceann de na Ballstáit lena mbaineann, lena n‑áirítear iadsan a bhaineann le taraifí gréasáin;
(b)meastóireacht ar an bplean gnó dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, pointe (b);
(c)seachtrachtaí dearfacha réigiúnacha nó uile-Aontais, amhail slándáil an tsoláthair, solúbthacht an chórais, dlúthpháirtíocht nó nuálaíocht, a ghinfeadh an tionscadal;
(d)toradh an chomhairliúcháin leis na tionscnóirí tionscadail lena mbaineann.
Foilseofar an cinneadh maidir le leithdháileadh costas ar shuíomhanna gréasáin na n‑údarás rialála náisiúnta ábhartha agus comhroinnfear é leis an nGníomhaireacht agus leis an gCoimisiún.
Faoin [laistigh de 6 mhí tar éis teacht i bhfeidhm], bunóidh an Ghníomhaireacht lárstóras de na cinntí trasteorann uile maidir le leithdháileadh costas arna ndéanamh ag na húdaráis rialála náisiúnta agus déanfaidh sí é a óstáil ar a suíomh gréasáin.
10.I gcás nach dtagann na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha ar chomhaontú maidir leis an iarraidh ar infheistíocht laistigh de 6 mhí ón dáta a fhaigheann an ceann deireanach de na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha an iarraidh, cuirfidh siad an Ghníomhaireacht ar an eolas faoin méid sin gan mhoill.
Sa chás sin, nó ar iarraidh chomhpháirteach ó na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha a fháil, déanfaidh an Ghníomhaireacht, laistigh de 3 mhí ón dáta a rinneadh an tarchur chuig an nGníomhaireacht, an cinneadh faoin iarraidh ar infheistíocht lena n‑áirítear an leithdháileadh costas trasteorann dá dtagraítear i mír 5.
Sula ndéanfar cinneadh den sórt sin, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha agus leis na tionscnóirí tionscadail. Féadfar síneadh breise 2 mhí a chur leis an tréimhse 3 mhí sin dá dtagraítear sa dara fomhír i gcás ina n‑iarrann an Ghníomhaireacht tuilleadh faisnéise. Tosóidh an tréimhse bhreise sin ar an lá tar éis an fhaisnéis iomlán a fháil.
Beidh measúnú na Gníomhaireachta bunaithe ar an bpríomhchás arna leagan síos faoi Airteagal 11 agus ar aon íogaireacht, rud a fhágfaidh gur féidir anailís stóinsithe a dhéanamh ar rannchuidiú an tionscadail leasa choitinn le spriocanna bheartas fuinnimh an Aontais maidir le dícharbónú, comhtháthú margaidh, iomaíochas, inbhuanaitheacht agus slándáil an tsoláthair.
Ina cinneadh maidir leis an iarradh ar infheistíocht lena n‑áirítear leithdháileadh costas trasteorann, fágfaidh an Ghníomhaireacht faoi na húdaráis náisiúnta ábhartha é tráth chur chun feidhme an chinnidh sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cinneadh a dhéanamh faoin mbealach a ndéantar costais infheistíochta a áireamh sna taraifí i gcomhréir leis an leithdháileadh costas trasteorann a forordaíodh.
Foilseofar an cinneadh maidir leis an iarraidh ar infheistíocht lena n‑áirítear leithdháileadh costas trasteorann. Beidh feidhm ag Airteagal 25(3) agus Airteagail 28 agus 29 de Rialachán (AE) 2019/942.
11.Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cóip de na cinntí uile maidir le leithdháileadh costas, i dteannta na faisnéise ábhartha uile maidir le gach cinneadh, don Choimisiún gan mhoill. Foilseoidh an Ghníomhaireacht leaganacha neamhrúnda de na cinntí uile ar a suíomh gréasáin. Féadfar an fhaisnéis sin a thíolacadh i bhfoirm chomhiomlán. Caomhnóidh an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún rúndacht na faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de.
12.Ní dhéanfaidh cinntí maidir le leithdháileadh costas difear do cheart OCTanna muirir a chur i bhfeidhm ná do cheart na n‑údarás rialála náisiúnta muirir a fhormheas lena ngearradh ar an rochtain ar ghréasáin i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2019/943 agus (AE) 2024/1789 agus Treoracha (AE) 2019/944 agus (AE) 2024/1788.
13.Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le tionscadail leasa choitinn a thairbhíonn de cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:
(a)díolúine ó Airteagail 31, 32, 33 agus ó Airteagal 78(7) agus ó Threoir (AE) 2024/1788, de bhun Airteagal 78 de Rialachán (AE) 2024/1789;
(b)maolú ó Airteagal 19(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/943 nó ó Airteagal 6, Airteagal 59(7) agus Airteagal 60(1) de Threoir (AE) 2019/944 de bhun Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2019/943;
(c)maolú ó rialacha maidir le díchuachadh nó rochtain tríú páirtí, de bhun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 67 nó de bhun Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 66 de Threoir (AE) 2019/944.
14.Faoin [6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh an Ghníomhaireacht moladh maidir le dea-chleachtais a shainaithint i leith iarrataí infheistíochta ar thionscadail leasa choitinn a láimhseáil i gcomhréir leis na prionsabail dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht an moladh sin a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta de réir mar is gá. Cuirfidh sí sainiúlachtaí earnála san áireamh, agus áiritheoidh sí comhsheasmhacht leis na prionsabail maidir le comhroinnt costas trasteorann na n‑eangach amach ón gcósta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 16(1). Agus an moladh á ghlacadh nó á nuashonrú aici, déanfaidh an Ghníomhaireacht próiseas comhairliúcháin forleathan a mbeidh na páirtithe leasmhara ábhartha uile páirteach ann. Áireofar sa mholadh sin teimpléad neamhcheangailteach leithdháilte costas trasteorann freisin chun obair na ngníomhaireachtaí rialála náisiúnta a éascú.
15.I gcás tionscadail chomhleasa, gheofar leithdháileadh costas trasteorann faoi na rialacha agus na coinníollacha céanna dá dtagraítear san Airteagal seo a mhéid a bhaineann leis na tairbhí a thugann na tionscadail don Aontas. Eiseoidh údaráis rialála náisiúnta ábhartha na mBallstát is tairbhí é ar bhealach comhordaithe.
16.Beidh feidhm mutatis mutandis ag an Airteagal seo maidir le cuacha tionscadal faoi Airteagal 18.
Airteagal 18
Cuachadh na dtionscadal bonneagair fuinnimh a chumasú chun críche comhroinnte costas
1.Féadfaidh tionscnóirí tionscadail dhá thionscadal nó níos mó atá ar liosta an Aontais a chuachadh chun an plé maidir le comhroinnt costas idir na Ballstáit ábhartha agus tríú tíortha ábhartha a éascú, de réir mar is iomchuí, agus i dtaca leis na cinntí trasteorann maidir le leithdháileadh costas idir údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann nó idir údaráis inniúla na mBallstát agus na dtríú tíortha, de réir mar is iomchuí.
2.Féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do thionscnóirí tionscadail togra le haghaidh cuach amháin nó roinnt cuach de dhá thionscadal nó níos mó atá ar liosta an Aontais a chur faoi bhráid na nGrúpaí ábhartha lena phlé. Féadfar tionscadail ag céimeanna difriúla ó thaobh na haibíochta de a chuimsiú i gcuach tionscadal, ar choinníoll nach gcuireann cuachadh na dtionscadal sin moill ar chur chun feidhme na dtionscadal is aibí.
3.Tar éis an phlé sna Grúpaí, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar ENTSO don Leictreachas nó ar ENNOH anailís choiteann costais is tairbhe a sholáthar le haghaidh na gcuach atá beartaithe de dhá thionscadal nó níos mó atá ar liosta an Aontais. Beidh an anailís choiteann costais is tairbhe i gcomhréir leis an bpríomhchás agus leis na híogaireachtaí dá dtagraítear faoi Airteagal 11, agus leis an modheolaíocht arna tarraingt suas de bhun Airteagal 15. Soláthróidh ENTSO don Leictreachas nó ENNOH an anailís choiteann costais is tairbhe don Choimisiún laistigh de 2 mhí ón iarraidh a fháil.
4.Tiocfaidh na Ballstáit ábhartha, le rannpháirtíocht na n‑údarás rialála náisiúnta ábhartha, agus le tacaíocht ón gCoimisiún, ar chonclúid maidir le cuach na dtionscadal agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh siad cuireadh do thionscnóirí tionscadail, tionscadail a chur leis an gcuach nó tionscadail a scriosadh ón gcuach, má éascaíonn sé sin plé maidir le comhroinnt costas, ar choinníoll go mbeidh an líon tionscadal ar liosta an Aontais a chuimsítear sa chuach fós inbhainistithe.
5.Féadfaidh na Ballstáit ábhartha cinneadh a dhéanamh na cuacha a fhormhuiniú agus cuireadh a thabhairt do thionscnóirí tionscadail iarraidh ar infheistíocht chomhpháirteach a chur isteach faoi Airteagal 17(4). Comhroinnfear an cinneadh sin leis na Grúpaí ábhartha agus leis an gCoimisiún. Chun críoch Airteagal 17(4), ní chuimseofar san iarraidh ar infheistíocht ach aon anailís amháin costais is tairbhe, a bheidh cothrom le dáta, agus aon togra amháin le haghaidh leithdháileadh costas trasteorann, d’fhonn iarratas féideartha ar chúnamh airgeadais ón Aontas de bhun Airteagal 21 a éascú.
Airteagal 19
Ioncam imfhálaithe ó phlódú le haghaidh tionscadail atá ar liosta an Aontais
1.Déanfaidh OCTanna 25 % de na cíosanna ó phlódú nach gcaitear chun infhaighteacht iarbhír na hacmhainneachta leithdháilte a ráthú de bhun Airteagal 19(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/943, ná le haghaidh cúitimh d’oibreoirí gléasraí giniúna leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta de bhun Airteagal 19(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2019/943, a chur i leataobh le haghaidh infheistíochtaí gréasáin a dhéanfar i dtionscadail ar liosta an Aontais atá ábhartha don phlódú idirnascairí a laghdú de bhun Airteagal 19(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2019/943.
2.Cuirfidh OCTanna na cistí dá dtagraítear i bpointe 1 den Airteagal seo ar líne ar leithligh sna cuntais go dtí gur féidir iad a chaitheamh chun tionscadail a mhaoiniú ar liosta an Aontais atá ábhartha don phlódú idirnascairí a laghdú, nó go dtí go mbeidh sé léirithe acu gur comhlíonadh na cuspóirí tosaíochta a leagtar amach in Airteagal 19(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2019/943 go leormhaith agus nach bhfuil aon ghá le hacmhainneacht bhreise trasteorann a thógáil ag teorainneacha na mBallstát lena mbaineann chun plódú idirnascairí a laghdú.
3.Déanfar an méid seo a leanas agus cistí dá dtagraítear i mír 1 á n‑úsáid:
(a)aghaidh a thabhairt ar an mbearna mhaoiniúcháin sna tionscadail ar liosta an Aontais a bhfuil tairbhí móra lasmuigh dá dtíortha óstacha acu, agus aird chuí á tabhairt ar an maoiniú taraife lena bhfuil coinne;
(b)beidh an úsáid trédhearcach in iarrataí ar chinntí maidir le leithdháileadh costas trasteorann de bhun Airteagal 17 den Rialachán seo;
(c)cistiú dúbailte a sheachaint agus comhréireacht, trédhearcacht agus neamh-idirdhealú a áirithiú;
(d)ní chuirfear comhlíonadh na gcuspóirí tosaíochta faoi Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2019/943 i mbaol.
4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 den Rialachán seo chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha a shonrú faoina bhféadfaidh OCTanna na cistí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a úsáid agus na coinníollacha a shonrú faoina meastar go bhfuil cuspóir Airteagal 19(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2019/943 comhlíonta go leormhaith.
5.Laistigh de [6 mhí] tar éis theacht i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 4, tabharfaidh an Ghníomhaireacht an mhodheolaíocht, maidir le húsáid na n‑ioncam ó phlódú, cothrom le dáta de bhun Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) 2019/943. Beidh an mhodheolaíocht nuashonraithe i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo.
Airteagal 20
Dreasachtaí rialála
1.I gcás ina dtabhaíonn tionscnóir tionscadail rioscaí níos airde maidir le forbairt, tógáil, oibriú nó cothabháil tionscadail leasa choitinn atá faoi inniúlacht na n‑údarás rialála náisiúnta, nuair a chuirtear i gcomparáid iad leis na rioscaí arna dtabhú i gcás tionscadal bonneagair inchomparáide de ghnáth, féadfaidh údaráis rialála náisiúnta dreasachtaí iomchuí a dheonú don tionscadal sin i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2019/943 agus 2024/1789 agus Treoracha (AE) 2019/944 agus (AE) 2024/1788.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina dtairbhíonn an tionscadal leasa choitinn de cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:
(a)díolúine ó Airteagail 31, 32, agus 33, agus Airteagail 78(7) agus (9) de Threoir (AE) 2024/1788, de bhun Airteagal 78 de Rialachán (AE) 2024//1789;
(b)maolú ó Airteagal 19(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/943 nó ó Airteagal 6, Airteagal 59(7) agus Airteagal 60(1) de Threoir (AE) 2019/944 de bhun Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2019/943;
(c)díolúine de bhun Airteagal 36 de Threoir 2009/73/CE;
(d)maolú de bhun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.
2.I gcás cinneadh lena ndéantar na dreasachtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dheonú, breithneoidh na húdaráis rialála náisiúnta torthaí na hanailíse costais is tairbhe atá i gcomhréir leis an modheolaíocht arna tarraingt suas de bhun Airteagal 14 agus go háirithe na seachtrachtaí dearfacha réigiúnacha nó uile-Aontais arna nginiúint ag an tionscadal. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta tuilleadh anailíse ar na rioscaí sonracha arna dtabhú ag na tionscnóirí tionscadail, ar na bearta maolaithe riosca arna ndéanamh agus ar na cúiseanna atá leis an bpróifíl riosca i bhfianaise an ghlantionchair dhearfaigh arna chur ar fáil ag an tionscadal, i gcomparáid le rogha eile lena mbaineann riosca níos ísle. Áireofar go háirithe ar rioscaí incháilithe rioscaí a bhaineann le teicneolaíochtaí nua tarchurtha, ar tír agus amach ón gcósta araon, rioscaí a bhaineann le haisghabháil neamhiomlán costas agus rioscaí forbartha.
3.Sa chinneadh chun na dreasachtaí a dheonú, cuirfear cineál sonrach an riosca arna thabhú san áireamh agus féadfar dreasachtaí a dheonú a chumhdóidh, inter alia, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas:
(a)na rialacha maidir le hinfheistíocht oirchilleach;
(b)na rialacha maidir le sainaithint costas arna dtabhú go héifeachtúil roimh choimisiúnú an tionscadail;
(c)na rialacha lena ndéantar foráil do thoradh breise a fháil ar an gcaipiteal arna infheistiú le haghaidh an tionscadail;
(d)aon bheart eile a mheastar a bheith riachtanach agus iomchuí.
CAIBIDIL VII
Maoiniú
Airteagal 21
Incháilitheacht na dtionscadal le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas faoi Rialachán (AE) 2021/1153
1.Beidh tionscadail leasa choitinn a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach in Airteagal 27 agus Iarscríbhinn II incháilithe le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas i bhfoirm deontais le haghaidh staidéir agus ionstraimí airgeadais.
2.Tionscadail leasa choitinn a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach in Airteagal 27 agus i bpointí (1)(a), (b), (c), (d), (e), (f) agus (h) agus i bpointe (2) d’Iarscríbhinn II agus faoi inniúlacht na n‑údarás rialála, beidh siad incháilithe freisin le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas i bhfoirm deontais le haghaidh oibreacha i gcás ina gcomhlíontar na critéir uile seo a leanas leo:
(a)leis an anailís costais is tairbhe thionscadalsonrach arna déanamh de bhun Airteagal 17(4), pointe (a), cuirtear fianaise ar fáil maidir le seachtrachtaí suntasacha dearfacha a bheith ann, amhail slándáil an tsoláthair, solúbthacht an chórais, dlúthpháirtíocht nó nuálaíocht;
(b)tá cinneadh maidir le leithdháileadh costas trasteorann faighte ag an tionscadal de bhun Airteagal 17;
(c)ní féidir an tionscadal a mhaoiniú tríd an margadh nó tríd an gcreat rialála i gcomhréir leis an bplean gnó agus le measúnuithe eile, go háirithe na cinn sin a rinne infheisteoirí ionchasacha, creidiúnaithe nó an t‑údarás rialála náisiúnta, agus aird á tabhairt ar aon chinneadh maidir le dreasachtaí agus cúiseanna dá dtagraítear in Airteagal 20(2) tráth a mheastar an gá atá ag an tionscadal cúnamh airgeadais ón Aontas a fháil.
3.Maidir leis na tionscadail leasa choitinn a dhéantar i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(7), pointe (d), beidh siad incháilithe freisin le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas i bhfoirm deontais le haghaidh oibreacha i gcás ina gcomhlíonann siad na critéir a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.
4.Tionscadail leasa choitinn a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn II seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 2, cé is moite den chatagóir bonneagair a leagtar amach i bpointe (3) den Iarscríbhinn sin, beidh siad incháilithe le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas freisin i bhfoirm deontais le haghaidh oibreacha i gcás ina gcomhlíonann siad na critéir uile seo a leanas:
(a)leis an anailís costais is tairbhe thionscadalsonrach arna tarraingt suas ag an tionscnóir tionscadail agus modheolaíocht ábhartha na hanailíse costais is tairbhe arna forbairt i gcomhréir le hAirteagal 11 á cur i bhfeidhm, soláthraítear fianaise maidir le seachtrachtaí móra dearfacha a bheith ann, amhail slándáil an tsoláthair, solúbthacht an chórais, dlúthpháirtíocht nó nuálaíocht;
(b)ní féidir leis an margadh an tionscadal a mhaoiniú i gcomhréir leis an bplean gnó arna tharraingt suas ag an tionscnóir tionscadail ná le measúnuithe eile, go háirithe na measúnuithe sin atá déanta ag infheisteoirí ionchasacha, ag creidiúnaithe nó ag an údarás rialála náisiúnta;
(c)tá meastóireacht faighte ag an tionscadal arna déanamh ag an údarás náisiúnta ábhartha nó, i gcás inarb infheidhme, ag an údarás rialála náisiúnta, i gcomhairle leis na OCTanna nó na OCDanna ábhartha ó na Ballstáit ina soláthraíonn an tionscadal glantionchar dearfach mór, lena léirítear go soiléir go bhfuil seachtrachtaí dearfacha móra ann, amhail slándáil an tsoláthair, solúbthacht an chórais, dlúthpháirtíocht nó nuálaíocht, arna nginiúint ag an tionscadal agus meastóireacht ar an méid sin san áireamh, agus soláthraítear fianaise shoiléir ar an easpa inmharthanachta tráchtála a bhaineann leo, i gcomhréir leis an anailís costais is tairbhe, leis an bplean gnó agus leis na measúnuithe arna ndéanamh ag an tionscnóir tionscadail agus ag infheisteoirí nó creidiúnaithe ionchasacha agus, i gcás inarb infheidhme, ag údarás rialála náisiúnta.
5.Beidh an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 4, pointe (c), den Airteagal seo bunaithe ar an gcás arna leagan síos faoi Airteagal 11 agus ar aon anailís íogaireachta air atá ann cheana agus cuimseofar inti meastóireacht agus measúnú cruinn ar na costais a thabhaítear go héifeachtúil, tuairisc chruinn ar thairbhí an tionscadail lena n‑áirítear an bealach a dheighltear iad thar theorainneacha i gcás Ballstát nó tríú tíortha aonair lena n‑áirítear tíortha nach tíortha óstacha iad, tuairisc ar dheighilt na gcostas thar theorainneacha agus ar na foinsí maoinithe uile atá ábhartha don tionscadal agus atá deimhnithe cheana féin.
6.Beidh feidhm ag an Airteagal seo mutatis mutandis maidir le tionscadail chomhleasa agus cuacha tionscadal de bhun Airteagal 18.
Beidh tionscadail chomhleasa incháilithe le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas faoi na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1153. A mhéid a bhaineann le deontais le haghaidh oibreacha, beidh tionscadail chomhleasa incháilithe le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir a leagtar amach i mír 2 nó 4 den Airteagal seo, de réir mar is infheidhme, agus i gcás ina rannchuidíonn an tionscadal le cuspóirí beartais foriomlána fuinnimh agus aeráide an Aontais.
Airteagal 22
Treoraíocht maidir leis na critéir dhámhachtana do chúnamh airgeadais ón Aontas
Beidh feidhm ag na critéir shonracha a leagtar amach in Airteagal 4(3) den Rialachán seo agus na paraiméadair a leagtar amach in Airteagal 4(5) den Rialachán seo chun critéir dhámhachtana a bhunú le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas faoi Rialachán (AE) 2021/1153. I gcás tionscadal leasa choitinn atá faoi Airteagal 27 den Rialachán seo, sa bhreis ar na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 21(2), beidh feidhm ag na critéir maidir le comhtháthú margaidh, slándáil an tsoláthair, iomaíocht agus inbhuanaitheacht.
CAIBIDIL VIII
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 23
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(4), Airteagal 11(6) agus Airteagal 19(4) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse 7 mbliana ón 23 Meitheamh 2027 ar aghaidh. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 7 mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(4), Airteagal 11(6) agus Airteagal 19(4) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(4), Airteagal 11(6) agus Airteagal 19(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 24
Tuairisciú agus meastóireacht
Faoin 30 Meitheamh 2032, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur chun feidhme tionscadal atá ar liosta an Aontais, agus cuirfidh sé an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Soláthrófar meastóireacht sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas:
(a)an dul chun cinn atá déanta maidir le pleanáil, forbairt, tógáil agus coimisiúnú tionscadal atá ar liosta an Aontais, agus, i gcás inarb ábhartha, moilleanna ar an gcur chun feidhme agus deacrachtaí eile a tháinig chun cinn;
(b)na cistí arna n‑úsáid agus arna n‑eisíoc ag an Aontas le haghaidh tionscadail atá ar liosta an Aontais, i gcomparáid le luach iomlán na dtionscadal arna gcistiú atá ar liosta an Aontais;
(c)an dul chun cinn atá déanta i dtéarmaí comhtháthaithe foinsí fuinnimh in-athnuaite, lena n‑áirítear foinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa laghdaithe trí phleanáil, forbairt, tógáil agus coimisiúnú tionscadal atá ar liosta an Aontais;
(d)i gcás na hearnála leictreachais agus na hearnála hidrigine, an fhorbairt ar leibhéal an idirnaisc idir na Ballstáit, agus an fhorbairt chomhfhreagrach ar phraghsanna fuinnimh;
(e)an próiseas deonaithe ceadanna agus rannpháirtíocht phoiblí, go háirithe:
(i)meántréimhse iomlán agus uastréimhse iomlán an phróisis deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail ar liosta an Aontais, lena n‑áirítear fad tréimhse gach céime den nós imeachta réamhiarratais, i gcomparáid leis an uainiú a fhoráiltear leis na mór-gharspriocanna tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 10(9);
(ii)na cleachtais is fearr agus is nuálaí maidir le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara;
(iii)na cleachtais is fearr agus is nuálaí maidir le maolú ar thionchair ar an gcomhshaol, lena n‑áirítear oiriúnú don athrú aeráide, le linn próisis deonaithe ceadanna agus cur chun feidhme tionscadal;
(iv)éifeachtacht na scéimeanna dá bhforáiltear in Airteagal 8(3) maidir le comhlíonadh na dteorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2);
(v)ráta digiteála na nósanna imeachta ceadaithe;
(f)láimhseáil rialála, go háirithe:
(i)an líon tionscadal leasa choitinn, nó cuach tionscadal, ar ina leith a tugadh cinneadh maidir le leithdháileadh costas trasteorann de bhun Airteagal 17;
(ii)líon agus cineál na dtionscadal leasa choitinn a fuair dreasachtaí sonracha de bhun Airteagal 20;
(g)a éifeachtaí atá an Rialachán seo maidir le rannchuidiú le spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais agus maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí;
(h)an feabhas arna chur ar athléimneacht an bhonneagair fuinnimh trasteorann ó thaobh na slándála fisicí agus ó thaobh na cibearshlándála de;
(i)glacadh na réiteach neamhshreinge i dtéarmaí an lín tionscadal agus an mhéadaithe ar acmhainneacht na n‑eangach faoi seach.
Airteagal 25
Athbhreithniú
Faoin 30 Meitheamh 2033, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo, ar bhonn thorthaí an tuairiscithe agus na meastóireachta dá bhforáiltear in Airteagal 24 den Rialachán seo, agus ar bhonn an fhaireacháin, an tuairiscithe agus na meastóireachta a dhéantar de bhun Airteagail 22 agus 23 de Rialachán (AE) 2021/1153 chomh maith.
Airteagal 26
Faisnéis agus poiblíocht
Bunóidh an Coimisiún ardán trédhearcachta a bheidh inrochtana go héasca ar an idirlíon ag an bpobal i gcoitinne agus coinneoidh sé ar bun é. Tabharfar an t‑ardán cothrom le dáta go tráthrialta le faisnéis ó na foinsí seo a leanas: na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 5(4); an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 9(7); agus faisnéis dhíreach ó na tionscnóirí tionscadail a mhéid a bhaineann le tionscadail nach bhfuil ar liosta an Aontais a thuilleadh. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar an ardán:
(a)faisnéis ghinearálta nuashonraithe, lena n‑áirítear faisnéis gheografach, le haghaidh gach tionscadal atá ar liosta an Aontais;
(b)an plean cur chun feidhme mar a leagtar amach é in Airteagal 5(1) le haghaidh gach tionscadal atá ar liosta an Aontais, arna chur i láthair ar bhealach lena gceadófar measúnú a dhéanamh tráth ar bith ar an dul chun cinn maidir lena chur chun feidhme;
(c)na príomhthairbhí a bhfuil coinne leo agus a mhéid a chuireann siad leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus costais na dtionscadal, ach amháin aon fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de;
(d)liosta an Aontais;
(e)na cistí arna leithdháileadh agus arna n‑eisíoc ag an Aontas le haghaidh na dtionscadal uile ar liosta an Aontais;
(f)na naisc chuig an lámhleabhar náisiúnta nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9;
(g)nuashonruithe faisnéise agus stádais a mhéid a bhaineann le tionscadail a bhí ar liosta an Aontais, ach nach bhfuil san áireamh a thuilleadh.
Airteagal 27
Maolú maidir le hidirnaisc don Chipir agus do Mhálta
1.I gcás na Cipire agus Mhálta, nach bhfuil idirnasctha leis an ngréasán gáis tras-Eorpach, beidh feidhm ag maolú ar Airteagal 3, Airteagal 4(1), pointí (a) agus (b), Airteagal 4(5), agus Iarscríbhinní I, II agus III. Coinneofar an stádas tionscadail leasa choitinn atá ag aon idirnasc amháin le haghaidh gach ceann de na Ballstáit sin faoin Rialachán seo leis na cearta agus na hoibleagáidí ábhartha uile, i gcás inar fíor an méid seo a leanas maidir leis an idirnasc sin:
(a)bhí sé á fhorbairt nó á phleanáil an 23 Meitheamh 2022;
(b)tugadh stádas tionscadail leasa choitinn dó faoi Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 68 ;
(c)tá sé riachtanach chun idirnasc buan na mBallstát sin leis an ngréasán gáis tras-Eorpach a dhaingniú.
Leis na tionscadail sin, áiritheofar go mbeidh an cumas ann amach anseo margaí nua fuinnimh, lena n‑áirítear hidrigin, a rochtain.
2.Cuirfidh na tionscnóirí tionscadail fianaise leordhóthanach ar fáil maidir leis an gcaoi a dtabharfaidh na hidirnaisc dá dtagraítear i mír 1 rochtain ar mhargaí nua fuinnimh, lena n‑áirítear hidrigin, i gcomhréir le cuspóirí beartais foriomlána fuinnimh agus aeráide an Aontais. Áireofar i bhfianaise den sórt sin measúnú ar an soláthar agus an t‑éileamh don hidrigin in-athnuaite nó ísealcharbóin mar aon le ríomh an laghdaithe ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa arna chumasú ag an tionscadal.
Fíoróidh an Coimisiún an measúnú agus an ríomh sin go tráthrialta, mar aon le cur chun feidhme tráthúil an tionscadail.
3.I dteannta na gcritéar sonrach a leagtar amach in Airteagal 21 maidir le cúnamh airgeadais ón Aontas, déanfar na hidirnaisc dá dtagraítear i mír 1 a dhearadh d’fhonn rochtain ar mhargaí fuinnimh a bheidh ann amach anseo, lena n‑áirítear hidrigin, a áirithiú, agus ní thiocfaidh fadú ar shaolré na sócmhainní gáis nádúrtha astu agus áiritheofar idir-inoibritheacht na ngréasán comharsanach thar theorainneacha leo. An 31 Nollaig 2027, tiocfaidh deireadh le haon incháilitheacht le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas faoi Airteagal 21.
4.Léireofar go soiléir in aon iarraidh ar chúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh oibreacha an aidhm an tsócmhainn a thiontú ina sócmhainn atá tiomnaithe don hidrigin faoi 2036, más féidir de réir dhálaí an mhargaidh, trí bhíthin treochlár le hamlíne bheacht.
5.Beidh feidhm ag an maolú a leagtar amach i mír 1 go dtí go mbeidh an Chipir nó Málta, faoi seach, idirnasctha go díreach leis an ngréasán gáis tras-Eorpach nó go dtí an 31 Nollaig 2029, cibé acu is túisce.
Airteagal 28
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/942
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/942 mar a leanas:
(1) in Airteagal 3(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Arna iarraidh sin do ACER, déanfaidh na húdaráis rialála, ENTSO don Leictreachas,, ENTSO don Ghás, ENNOH, na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha, Eintiteas AE do OCDanna, na hoibreoirí córais tarchurtha, oibreoirí gréasáin hidrigine, na hoibreoirí margaidh leictreachais ainmnithe, agus eintitis arna mbunú ag oibreoirí córais tarchurtha do ghás nádúrtha, oibreoirí córais GNL, oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha nó oibreoirí stórála hidrigine nó oibreoirí críochfoirt hidrigine, déanfaidh siad an fhaisnéis a chur ar fáil do ACER ar an leibhéal céanna sonraíochta is gá chun cúraimí ACER a dhéanamh faoin Rialachán seo, murar iarr ACER an fhaisnéis sin agus mura bhfuair sí cheana í.’
(2) in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c) agus (d):
‘(c) na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 5, 11, 12, 14, 17 de Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* [Rialachán GTE-F mar a mholtar in COM(2025)xxxx] agus i Roinn 2, pointe (8), d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin, a chur i gcrích;
(d) cinntí a dhéanamh maidir le hiarrataí ar infheistíocht lena n‑áirítear leithdháileadh costas trasteorann de bhun Airteagal 17(9) de Rialachán (AE) …/… [Rialachán GTE-F mar a mholtar in COM(2025)xxxx].
___________
* Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Rialachán GTE-F mar a mholtar in COM(2025)xxxx] (IO…, ELI: …)’
Airteagal 29
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/943
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2019/943:
‘Airteagal 48
Plean forbartha gréasáin deich mbliana
1.Beidh an plean forbartha gréasáin uile-Aontais dá dtagraítear faoi Airteagal 30(1), pointe (b), den Rialachán seo bunaithe ar an bpríomhchás agus ar an tuarascáil maidir le riachtanais na gcóras a shainaithint de bhun Airteagail 11 agus 12 de Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* [Rialachán GTE-F mar a mholtar in COM(2025)xxxx] agus cuimseofar ann samhaltú an ghréasáin chomhtháite agus measúnú ar athléimneacht an chórais. Maidir le paraiméadair ionchuir ábhartha chun an príomhchás a shamhaltú, amhail toimhdí maidir le praghsanna breosla agus carbóin nó suiteáil foinsí fuinnimh in-athnuaite, agus toimhdí don mheasúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní arna fhorbairt de bhun Airteagal 23 den Rialachán seo, ba cheart iad a bheith comhsheasmhach a mhéid is féidir.
Beidh na nithe seo a leanas i gceist leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais, go háirithe:
(a)cuirfidh sé le tionscadail a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo agus a chuimsítear i bpleananna forbartha gréasáin náisiúnta 10 mbliana agus i bpleananna infheistíochta náisiúnta, agus cuirfear san áireamh ann pleananna infheistíochta réigiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) den Rialachán seo, agus beidh sé bunaithe ar ghnéithe den phleanáil gréasáin a bhaineann leis an Aontas mar a leagtar amach i Rialachán (AE) …/… [Rialachán GTE-F mar a mholtar in COM(2025)xxxx]; déanfar anailís costais is tairbhe air de réir na modheolaíochta a leagtar síos in Airteagal 14 den Rialachán sin;
(b)measfar roghanna malartacha ar leathnú an ghréasáin ann, ar bhonn tosaíochta, amhail réitigh neamhshreinge de bhun Rialachán (AE) …/… [Rialachán GTE-F mar a mholtar in COM(2025)xxxx] nó solúbthacht neamhiontaise;
(c)i réimse na n‑idirnasc trasteorann, cuirfidh sé le riachtanais réasúnta úsáideoirí na gcóras éagsúil agus déanfaidh sé gealltanais fhadtéarmacha ó infheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 44 agus Airteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944 a chomhtháthú;
(d)sainaithneoidh sé bearnaí san infheistíocht, go háirithe maidir le hacmhainneachtaí trasteorann.
I dtaca leis an dara fomhír, pointe (d), féadfar athbhreithniú a chur mar iarscríbhinn leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais, is é sin, athbhreithniú ar na bacainní atá ar mhéadú acmhainneachta trasteorann an ghréasáin agus a eascraíonn as nósanna imeachta nó cleachtais formheasta éagsúla.
2.Soláthróidh ACER tuairim maidir leis na pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana náisiúnta chun measúnú a dhéanamh ar a gcomhsheasmhacht leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais, lena n‑áirítear comhlíonadh cheanglais Airteagal 3(6) agus (7) de Rialachán (AE) …/… [Rialachán GTE-F mar a mholtar in COM(2025)xxxx]. Má shainaithníonn ACER neamhréireachtaí idir plean forbartha gréasáin 10 mbliana náisiúnta agus an plean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, molfaidh sí go ndéanfar an plean forbartha gréasáin 10 mbliana náisiúnta nó an plean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais a leasú de réir mar is iomchuí suas laistigh de 2 mhí tar éis é a fháil. Má fhorbraítear plean forbartha gréasáin 10 mbliana náisiúnta den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 40a de Threoir (AE) 2019/944, molfaidh ACER don údarás rialála an plean forbartha gréasáin 10 mbliana náisiúnta a leasú i gcomhréir le hAirteagal 40a(7) den Treoir sin agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún.
___________
* Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Rialachán GTE-F mar a mholtar in COM(2025)xxxx] (IO…, ELI: …)’
Airteagal 30
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2024/1789
Leasaítear Rialachán (AE) 2024/1789 mar a leanas:
(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 60:
‘Airteagal 60
Plean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine
1.Beidh an plean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine bunaithe ar an bpríomhchás agus ar an tuarascáil maidir le riachtanais na gcóras a shainaithint de bhun Airteagail 11 agus 12 de Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* [Rialachán GTE-F mar a mholtar in COM(2025)xxxx] agus cuimseofar ann samhaltú an ghréasáin hidrigine chomhtháite, tuar Eorpach ar leordhóthanacht soláthair agus measúnú ar athléimneacht an chórais.
Leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine, déanfar an méid seo a leanas, go háirithe:
(a) cuirfidh sé leis na pleananna maidir le forbairt gréasáin tarchurtha hidrigine náisiúnta mar a leagtar síos in Airteagal 55 de Threoir (AE) 2024/1788 agus beidh sé bunaithe ar ghnéithe den phleanáil gréasáin a bhaineann leis an Aontas mar a leagtar amach i Rialachán (AE) …/… [Rialachán GTE-F mar a mholtar in COM(2025)xxxx];
(b) maidir le hidirnaisc thrasteorann, cuirfear freisin le riachtanais réasúnta na n‑úsáideoirí gréasáin éagsúla agus déanfar gealltanais fhadtéarmacha ó infheisteoirí a chomhtháthú dá dtagraítear in Airteagal 55(7) de Threoir (AE) 2024/1788;
(c) sainaithneofar bearnaí infheistíochta, go háirithe i ndáil leis na hacmhainneachtaí trasteorann riachtanacha, chun na conairí tosaíochta le haghaidh hidrigine agus leictrealóirí dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I, a ghabhann le Rialachán (AE) …/… [Rialachán GTE-F mar a mholtar in COM(2025)xxxx] a chur chun feidhme.
Maidir leis an dara fomhír, pointe (c), féadfar athbhreithniú a chur mar iarscríbhinn leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine, is é sin, athbhreithniú ar na bacainní atá ar mhéadú acmhainneacht trasteorann an ghréasáin agus a eascraíonn as nósanna imeachta nó cleachtais formheasta éagsúla. Féadfaidh plean cuimsitheach a bheith ag gabháil leis an athbhreithniú sin, i gcás inarb iomchuí, chun bacainní den sórt sin a bhaint agus chun dlús a chur le cur chun feidhme na gconairí tosaíochta le haghaidh hidrigine agus leictrealóirí.
2.Soláthróidh ACER tuairim faoi na pleananna maidir le forbairt gréasáin tarchurtha hidrigine náisiúnta i gcás inarb ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar a gcomhsheasmhacht leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine lena n‑áirítear comhlíonadh cheanglais Airteagal 3(6) agus (7) de Rialachán (AE) …/… [Rialachán GTE-F mar a mholtar in COM(2025)xxxx]. Má shainaithníonn ACER neamhréireachtaí idir plean forbartha gréasáin tarchurtha hidrigine náisiúnta agus an plean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine, molfaidh sé go ndéanfar an plean forbartha gréasáin tarchurtha hidrigine náisiúnta nó an plean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine a leasú de réir mar is iomchuí, tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dó an plean forbartha gréasáin tarchurtha hidrigine náisiúnta a fháil.
3.Agus an plean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine á fhorbairt, oibreoidh ENNOH i gcomhar le ENTSO don Leictreachas agus le ENTSO don Ghás, go háirithe maidir le forbairt na hanailíse uile-chórais costais is tairbhe ar fhuinneamh dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (AE) …/… [Rialachán GTE-F arna mholadh ag COM(2025)xxxx], agus maidir le sainaithint na mbearnaí sa bhonneagar dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán sin.
___________
* Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle … [Rialachán GTE-F mar a mholtar in COM(2025)xxxx] (IO…, ELI: …)’
(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 61:
‘Airteagal 61
Pleanáil gréasáin chomhtháite ar leibhéal an Aontais
1.Le linn na hidirthréimhse go dtí an 1 Eanáir 2027, forbróidh ENTSO don Ghás plean forbartha gréasáin uile-Aontais 2026 le haghaidh hidrigine, le rannpháirtíocht iomlán na n‑oibreoirí gréasáin tarchurtha hidrigine agus in éineacht le ENNOH a luaithe a bhunófar é. Beidh dhá chaibidil ar leith i bplean forbartha gréasáin uile-Aontais 2026 le haghaidh hidrigine, ceann amháin le haghaidh hidrigine agus ceann eile le haghaidh gás nádúrtha. Aistreoidh ENTSO don Ghás an fhaisnéis uile chuig ENNOH gan mhoill, lena n‑áirítear sonraí agus anailísí a bhailigh sé le linn ullmhú na bpleananna forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine faoin 1 Eanáir 2027.
2.Forbróidh ENNOH plean forbartha gréasáin uile-Aontais 2028 le haghaidh hidrigine de bhun an Airteagail seo agus Airteagal 60.
3.Oibreoidh ENNOH i ndlúthchomhar le ENTSO don Leictreachas agus ENTSO don Ghás chun pleananna forbartha gréasáin comhtháite uile-Aontais a fhorbairt de bhun Airteagail 32 agus 60 den Rialachán seo agus de bhun Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2019/943 faoi seach.
4.I gcás inar gá cinntí a dhéanamh chun éifeachtúlacht córais a áirithiú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle thar iompróirí fuinnimh, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh dlúthchomhar ann idir ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH.
5.Oibreoidh ENNOH, ENTSO don Leictreachas agus ENTSO don Ghás i gcomhar ar bhealach éifeachtúil, cuimsitheach agus trédhearcach, éascóidh siad cinntí a dhéanamh de chomhthoil agus forbróidh siad na socruithe oibre is gá chun an comhar sin a chumasú agus chun a n‑ionadaíocht chothrom a áirithiú.
Féadfaidh ENNOH, in éineacht le ENTSO don Leictreachas agus ENTSO don Ghás, meithleacha a bhunú chun a oibleagáidí a chomhlíonadh de bhun na chéad fhomhíre, pointí (a), (b) agus (d) agus áiritheoidh siad ionadaíocht chothrom chomhionann ar earnáil na hidrigine, earnáil an leictreachais agus earnáil an gháis sna meithleacha.
Airteagal 31
Forálacha idirthréimhseacha
1.Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do dheonú, leanúint ná modhnú an chúnaimh airgeadais arna dheonú ag an gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 69 agus Rialachán (AE) 2021/1153.
2.Aon phróiseas chun modheolaíocht na hanailíse costais is tairbhe a fhorbairt, arna thionscnamh ag ENTSO don Leictreachas nó ENNOH i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2022/869 roimh [dáta theacht i bhfeidhm/a chuirtear tús le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo], leanfar den phróiseas sin faoi Airteagal 14 den Rialachán seo.
Aon chéim a thugtar i gcrích faoi Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2022/869, measfar gur tugadh i gcrích í faoi fhorálacha comhfhreagracha Airteagal 14 den Rialachán seo.
Aon mhodheolaíocht le haghaidh anailís uile-chórais costais is tairbhe ar fhuinneamh arna formheas ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2022/869, measfar í a bheith formheasta faoi Airteagal 14(7) den Rialachán seo agus leanfaidh sí de bheith bailí go dtí go gcuirfear modheolaíocht nua le haghaidh anailís uile-chórais costais is tairbhe ar fhuinneamh ina hionad, ar modheolaíocht í a fhorbraítear de bhun Airteagal 14 den Rialachán seo.
3.Na cásanna comhpháirteacha atá á bhforbairt ag ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH de bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2022/869, leanfar dá bhforbairt agus dá bhformheas ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal sin. Measfar gur príomhchásanna tagartha faoi Airteagal 11 den Rialachán seo iad na cásanna comhpháirteacha sin, a luaithe a fhormheasfaidh an Coimisiún iad, agus beidh siad bailí go dtí go gcuirfear príomhchásanna tagartha nua a fhorbraítear de bhun Airteagal 11 den Rialachán seo ina n‑ionad.
4.Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/869 lena leagtar amach [__] liosta an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus de thionscadail chomhleasa chomh maith le hAirteagail [___] de Rialachán (AE) 2022/869, agus Iarscríbhinní [___] a ghabhann leis an Rialachán sin, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu maidir leis na tionscadail leasa choitinn agus na tionscadail chomhleasa a chuimsítear ar [___] liosta an Aontais go dtí go dtiocfaidh an gníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 3(4) den Rialachán seo lena mbunaítear an chéad liosta de chuid an Aontais i bhfeidhm.
Airteagal 32
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (AE) 2022/869. Déanfar tagairtí do Rialachán (AE) Uimh. 2022/869 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
Airteagal 33
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
RÁITEAS REACHTACH AIRGEADAIS AGUS DIGITEACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
1.3.Cuspóirí
1.3.1.Cuspóirí ginearálta
1.3.2.Cuspóirí sonracha
1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
1.3.4.Táscairí feidhmíochta
1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:
1.5.Foras an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige
1.7.An modh (na modhanna) atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta & an tráth a dhúnfar an clár)
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe riaracháin
3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
3.2.3.2.Iomlán na leithreasuithe
3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
3.2.4.2.Iomlán na n‑acmhainní daonna a bheidh riachtanach
3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha
3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
3.3.An tionchar a mheastar a imreofar ar ioncam
4.Gnéithe digiteacha
4.1.Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha
4.2.Sonraí
4.3.Réitigh dhigiteacha
4.4.Measúnú idir-inoibritheachta
4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/942, agus (AE) 2019/943 agus (AE) 2024/1789 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2022/869.
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
Limistéar: Fuinneamh
Gníomhaíocht: An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan
1.3.Cuspóirí
1.3.1.Cuspóirí ginearálta
Is é an cuspóir ginearálta forbairt agus idir-inoibritheacht thráthúil agus éifeachtúil i leith bonneagar fuinnimh athléimneach, fuinneamh in-athnuaite agus solúbthacht, lena n‑áirítear stáisiúin stórála agus athluchtaithe, ar fud an Aontais. Cuirfidh sé sin ar a chumas don Aontas a chuspóirí fuinnimh agus aeráide a bhaint amach, lena n‑áirítear inacmhainneacht fuinnimh a áirithiú trí idirnascacht níos fearr, as a dtiocfaidh cóineasú praghsanna, praghsanna mórdhíola leictreachais laghdaithe agus luaineacht níos ísle maidir le praghsanna leictreachais chomh maith le dlús á chur le nascadh na giniúna leis an éileamh.
1.3.2.Cuspóirí sonracha
Chun an cuspóir ginearálta a bhaint amach, tugtar aghaidh ar cheithre chuspóir shonracha (CSanna) leis an tionscnamh seo:
i) CS1: Maidir le tionscadail a chuimsítear sna pleananna forbartha gréasáin agus a roghnaítear mar thionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa, a áirithiú go dtabharfaidh siad aghaidh go hiomchuí agus go héifeachtach ar riachtanais bhonneagair a shainaithnítear, lena n‑áiritheofar forbairt thráthúil agus éifeachtúil an bhonneagair fuinnimh;
ii) CS2: Úsáid na n‑uirlisí comhroinnte costas a éascú chun tionscadail bonneagair thrasteorann a chur in úsáid níos tapúla, rud a fhágfaidh go mbainfear úsáid mhéadaithe as uirlisí comhroinnte costas agus go ndéanfar laghdú ar an tréimhse a bhíonn i gceist chun tionscadail a chur in úsáid;
iii) CS3: Nósanna imeachta ceadaithe a ghiorrú agus a shimpliú i gcás tionscadail bonneagar fuinnimh, fuinnimh in-athnuaite agus stórála, chomh maith le stáisiúin athluchtaithe, rud a fhágfaidh go mbeidh an tréimhse chun ceadanna riachtanacha a fháil níos giorra, agus dá bharr sin, go mbeidh sé indéanta na sprioc-amanna atá ann cheana, agus ceanglais shimplithe maidir le ceadanna, a chomhlíonadh;
iv) CS4: Slándáil fhisiceach agus cibearshlándáil agus athléimneacht an bhonneagair fuinnimh thrasteorann (tionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa) a fheabhsú trí mhéadú a dhéanamh ar an líon trealaimh agus suiteálacha cosanta agus athléimneachta i leith eilimintí criticiúla na ngréasán.
Tá ceanglas nua don Choimisiún i gceist leis an togra, atá nasctha le CS1 a bhaint amach:
–Ceanglas 1 (nasctha le CS1): Tá sé de chúram ar an gCoimisiún príomhchás cuimsitheach agus anailísí íogaireachta a fhorbairt, de réir mar is gá, gach 4 bliana ar a laghad d’earnáil an leictreachais, earnáil na hidrigine agus earnáil an gháis, a bheidh le húsáid le haghaidh na bpleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais (TYNDP) (Airteagal 11).
Tá ceanglais nua i gceist leis an togra do ACER, atá nasctha le CS1 agus CS2 a bhaint amach:
–Ceanglas 2 (nasctha le CS1): Chun an príomhchás a fhorbairt, tá sé de chúram ar ACER tacú leis an mbailiú sonraí a dhéanann an Coimisiún agus é a fhíorú chomh maith (Airteagal 11). Ina theannta sin, ceanglaítear ar ACER creat-mhodheolaíocht cheangailteach a fhorbairt agus a fhoilsiú chun riachtanais bhonneagair a shainaithint (a bheidh le déanamh ag ENTSO-E agus ENNOH).
–Ceanglas 3 (nasctha le CS2): Tá sainordú ag ACER a mholadh maidir le Leithdháileadh Costas Trasteorann a thabhairt cothrom le dáta agus lárstóras a bhunú de na cinntí uile a dhéantar maidir le leithdháileadh costas trasteorann (Airteagal 17).
1.3.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe / grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Leis na hacmhainní breise, beidh an Coimisiún agus ACER in ann na cúraimí a dhéanamh ar gá iad chun a sainordú a chomhlíonadh faoi reachtaíocht an Aontais de réir na gceanglas faoin togra seo. Meastar go mbeidh na héifeachtaí seo a leanas ag an togra ar na tairbhithe agus ar na grúpaí a bhfuiltear ag díriú orthu:
–Ceanglas 1: Trí fhorbairt an phríomhcháis a chur de chúram a chur ar an gCoimisiún, meastar go n‑áiritheofar trédhearcacht, grinnscrúdú agus comhleanúnachas níos fearr i leith na n‑ionchur a úsáidtear sa phleanáil gréasáin ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon, agus é d’aidhm dheiridh ag an méid sin a áirithiú go sainaithneofar riachtanais bhonneagair agus go dtabharfar aghaidh orthu ar bhealach níos éifeachtaí, rud a fhágfaidh go laghdófar an bhearna idir na tionscadail bonneagair atá beartaithe in PFG10B agus na riachtanais bonneagair thrasteorann a shainaithnítear le himeacht ama, chun tairbhe na n‑oibreoirí córais agus gréasáin agus na n‑úsáideoirí uile trí dhul chun cinn níos tapúla a dhéanamh i dtreo eangach bharrmhaith.
–Ceanglas 2: Trí dhul ar iontaoibh ACER maidir le cúraimí a bhaineann le forbairt an phríomhcháis agus riachtanais bonneagair a shainaithint, áiritheofar go mbeidh an próiseas agus a thorthaí stóinsithe agus inchreidte, agus go mbeidh tairbhí comhchosúla ag baint leis agus a bhaineann le Ceanglas 1.
–Ceanglas 3: Trí é a chur de chúram ar ACER a Mholadh maidir le Leithdháileadh Costas Trasteorann a thabhairt cothrom le dáta, cruthófar creat comhroinnte costas níos comhchuibhithe lena gcuirfear feabhas ar an gcomhsheasmhacht ó Bhallstát go chéile agus ar chinntí maidir le leithdháileadh costas trasteorann agus lena spreagfar rannpháirtíocht níos mó ó na Ballstáit nach Ballstáit óstacha iad, agus é d’aidhm ag an méid sin úsáid na n‑uirlisí comhroinnte costas a éascú chun tionscadail bonneagair thrasteorann a chur in úsáid níos tapúla.
1.3.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
Na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar bhaint amach chuspóirí an tionscnaimh, liostaítear in Iarscríbhinn 8 den Mheasúnú Tionchair iad, a ghabhann leis an bPacáiste um na hEangacha. Áirítear orthu sin go háirithe:
–maidir le tionscadail a chuimsítear i bhforbairtí gréasáin agus a roghnaítear mar thionscadail leasa choitinn/tionscadail chomhleasa, a mhéid a thugann siad aghaidh go hiomchuí agus go héifeachtach ar riachtanais bhonneagair a shainaithnítear;
–úsáid éifeachtach agus mhéadaithe na n‑uirlisí roinnte costas;
–nósanna imeachta ceadaithe a shimpliú, agaí seachadta ceadúcháin a ghiorrú agus spriocdhátaí atá i bhfeidhm faoi láthair a chomhlíonadh;
–slándáil fhisiceach agus cibearshlándáil fheabhsaithe an bhonneagair fuinnimh agus athléimneacht fheabhsaithe an bhonneagair sin.
A mhéid a bhaineann leis na cuspóirí sonracha a bhfuil baint ag Ceanglais 1-3 leo, tá feidhm ag na táscairí seo a leanas:
–Táscairí le haghaidh Cheanglas 1 & 2 (nasctha le CS1): An líon idirnascairí trasteorann nua arna bhformheas/arna gcur chun feidhme agus acmhainneacht iomlán na n‑idirnascairí sin; a mhéid a thugann tionscadail bhonneagair aghaidh ar riachtanais bonneagair a shainaithnítear (acmhainneacht), ar tionscadail iad a chuimsítear in PFG10B (beartaithe, á dtógáil nó á gcoimisiúnú) nó a mhéid a dhéanann réitigh neamhshreinge eile amhlaidh (an bhearna a bheith ann idir riachtanais agus tionscadail, agus laghdú ar an mbearna); glacadh na réiteach neamhshreinge i dtéarmaí an lín tionscadal agus an mhéadaithe ar acmhainneacht na n‑eangach faoi seach.
–Táscairí le haghaidh Cheanglas 3 (nasctha le CS2): An líon comhaontuithe ceangailteacha maidir le comhroinnt costas lena gcumasaítear tionscadail trasteorann a chur chun feidhme; an mheántréimhse chun teacht ar chomhaontú maidir le leithdháileadh costas; an líon tíortha nach tíortha óstacha iad a rannchuidíonn le comhaontuithe maidir le comhroinnt costas; an líon tionscadal atá mar chuid de chuacha atá á gcur isteach le haghaidh stádas tionscadail leasa choitinn nó tionscadail comhleasa
1.4.Baineann an togra/tionscnamh le:
beart nua
beart nua a leanann treoirthionscadal / réamhbheart 70
X síneadh ar bheart atá ann cheana
beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.5.Foras an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Ceanglas 1:
Tugtar isteach foráil nua lena gcuirtear de cheangal ar an gCoimisiún príomhchás a fhorbairt a bheidh le húsáid le haghaidh PFGDB uile-Aontais tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin agus ar a laghad gach 4 bliana ina dhiaidh sin (Airteagal 11). Ní mór don Choimisiún modheolaíocht a fhorbairt freisin chun sonraí a bhailiú ó ENTSO-E, ENNOH agus ENTSO-G agus dul i gcomhairle leis na gníomhaithe ábhartha maidir leis na sonraí a bhailítear. Ní mór don Choimisiún dul i gcomhairle le Grúpa GTE-F maidir leis an dréacht-phríomhchás freisin agus an príomhchás críochnaitheach a ghlacadh agus a fhoilsiú. Féadfaidh an Coimisiún anailísí íogaireachta ar an bpríomhchás a fhorbairt freisin más gá bunaithe ar fhorbairtí sa mhargadh nó ó thaobh beartais de. Beidh ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh i leith na riachtanais a shainaithnítear sna fóraim réigiúnacha ábhartha. Laistigh den Choimisiún, shannfaí na cúraimí sin don Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh agus don Airmheán Comhpháirteach Taighde.
A mhéid a bhaineann leis an Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh, mar gheall ar an gceanglas nua a bhaineann le forbairt an phríomhcháis, ba ghá acmhainní breise chun próiseas na forbartha cásanna a bhainistiú, rud a thugann líon mór idirghníomhaíochtaí le tuiscint, le páirtithe leasmhara, na Ballstáit, seirbhísí tacaíochta agus comhpháirtithe etc. Ar bhonn an mheasúnaithe tionchair a ghabhann leis an togra seo, fágfaidh cur i gcrích na gcúraimí sin go mbeidh ualach oibre breise ar an Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh, arb é 6 Choibhéis lánaimseartha san iomlán é. Chumhdódh na hacmhainní breise sin na riachtanais seo a leanas:
Stiúradh próisis:
–An próiseas foriomlán a chomhordú idir ENTSO/OCTanna, an Coimisiún agus ACER mar a cheanglaítear le reachtaíocht GTE-F; Dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus leis na Ballstáit le linn chéimeanna difriúla an phróisis (lena n‑áirítear trí cheardlanna agus cruinnithe) agus obair leantach iomchuí (mar a shonraítear in Airteagail 11 go 13).
–Comhoiriúnacht na gcásanna eangaí laistigh den ollstruchtúr beartais foriomlán a áirithiú; Dearadh an cháis a ailíniú leis an gcás beartais atá ar siúl faoi láthair (e.g. a bhaineann le spriocanna 2040, an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (RED), EE, Córas Trádála Astaíochtaí (CTA), etc); Ailíniú le Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (PNFAnna) agus leis an Measúnú Eorpach ar Leormhaitheas Acmhainní (ERAA) a áirithiú; Próiseas an mheasúnaithe a bhainistiú, ar measúnú é a dhéanfar ar an dréacht-tuarascáil agus ar an tuarascáil deiridh maidir le riachtanais bhonneagair a shainaithint (arna déanamh ag ENTSOnna).
–An próiseas meaitseála riachtanas a chomhordú (tar éis don mheasúnú ar riachtanais bhonneagair a bheith glactha) le ENTSO-E, OCTanna, na Ballstáit, údaráis rialála náisiúnta agus páirtithe leasmhara ábhartha agus an próiseas leis na grúpaí réigiúnacha ábhartha a stiúradh. Súil ghéar a choinneáil ar an anailís uile-chórais costais is tairbhe ar fhuinneamh, in éineacht le ENTSOnna agus cur chun feidhme ceart na hanailíse a áirithiú, lena n‑áirítear páirtithe leasmhara ábhartha a chuimsiú.
–Gníomhartha dlí a ullmhú agus a dhréachtú agus an próiseas lena nglacadh a bhainistiú.
Forbairt agus comhordú cásanna:
–Bailiú sonraí a áirithiú leis na Ballstáit, ENTSO-E, ENTSO-G, ENNOH, NRAnna agus páirtithe leasmhara eile. Stórais a choinneáil ar bun agus próiseas cáilíochta sonraí a áirithiú.
–Obair an mheasúnaithe a chomhordú. Áireofar leis sin céimeanna uile phróiseas an tsamhaltaithe, i.e. infhaighteacht sonraí a áirithiú, toimhdí criticiúla a shocrú, athbhreithniú agus rialú cáilíochta a dhéanamh ar dhréacht-torthaí samhaltaithe, obair leantach a dhéanamh ar an bplean oibre agus idirghníomhaíocht samhaltóirí/anailísithe le páirtithe leasmhara ábhartha a phleanáil.
–Céimeanna éagsúla an chleachtaidh samhaltaithe a dhoiciméadú agus na tuarascálacha agus na tacair sonraí a scaipeadh. Cuimseofar sa doiciméadacht modheolaíocht, sonraí, príomhthoimhdí, torthaí i bhformáidí difriúla: tuarascálacha, comhaid sonraí, acmhainní ar líne.
A mhéid a bhaineann leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde, chuirfí de chúram orthu tacú leis an Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh le forbairt an phríomhcháis chomh maith leis an samhaltú a chur i gcrích. Beidh an Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh freagrach as sonraí a bhailiú ó na Ballstáit agus ó OCTanna don samhaltú leictreachais, gáis agus hidrigine le tacaíocht ón Airmheán Comhpháirteach Taighde. Ar bhonn an mheasúnaithe tionchair, meastar go bhfágfaidh sé sin go mbeidh ualach oibre nua ar an Airmheán Comhpháirteach Taighde, arb é 12 choibhéis lánaimseartha san iomlán é.
–Oibriú leis an Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh agus saineolas teicniúil agus beartais a sholáthar maidir leis an modheolaíocht a fhorbairt chun an príomhchás a shamhaltú agus tacú leis an Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh leis an mbailiú sonraí is gá ó ENTSO-E, ENNOH agus ENTSO-G chomh maith.
–Córas fuinnimh a shamhaltú: Cásanna agus íogaireachtaí a ríomh; Bainistiú sonraí lena bhfuil gá don samhaltú maidir leis an gcóras fuinnimh;
–Samhaltú um leictreachas: Seoladh leictreachais na gcásanna a shamhaltú; Ríomhanna an tsreafa cumhachta; Bainistiú sonraí lena bhfuil gá don samhaltú leictreachais
–Samhaltú gáis agus hidrigine: Na hionchais fhadtéarmacha maidir le gás agus hidrigin a thabhairt cothrom le dáta; Na cásanna a shamhaltú i leith an mhargaidh agus an ghréasáin gháis; Sreafaí gáis/hidrigine a shamhaltú; Samhaltú sonraí san áireamh don samhaltú gáis/hidrigine; Bainistiú sonraí lena bhfuil gá don samhaltú gáis agus hidrigine.
Ar an iomlán, meastar go bhfágfaidh an togra go mbeidh ualach oibre nua ar an gCoimisiún, arb é 18 gcoibhéis lánaimseartha san iomlán é (6 choibhéis lánaimseartha don Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh agus 12 choibhéis lánaimseartha don Airmheán Comhpháirteach Taighde, ar ath-imlonnaíodh 4 choibhéis lánaimseartha díobh sin ó na hacmhainní atá aige faoi láthair agus ar maoiníodh 9 gcoibhéis lánaimseartha díobh trí chomhaontú riaracháin). Ina theannta sin, bheadh gá le EUR 1 mhilliún i gcostais oibríochtúla aonuaire agus EUR 500 000 i gcostais oibríochtúla, athfhillteacha bhliantúla le haghaidh nuashonruithe teicniúla, síntí agus cothabháil na samhlacha leictreachais, gáis agus hidrigine, chun spriocanna, PNFAnna agus meascáin fuinnimh a shamhaltú, chomh maith le ceardlanna agus misin a eagrú.
ACER
Ceanglas 2:
Tá sé de chúram ar ACER tacú leis na sonraí ionchuir uile arna mbailiú ag an gCoimisiún mar chuid d’fhorbairt an phríomhcháis, agus na sonraí uile sin a fhíorú (Airteagal 11). Ina theannta sin, ceanglaítear ar ACER modheolaíocht cheangailteach a fhorbairt chun riachtanais bhonneagair a shainaithint (Airteagal 12) agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na creat-mhodheolaíochta a forbraíodh, ag na dréacht-riachtanais bhonneagair arna sainaithint, arna bhforbairt agus arna gcur isteach ag ENTSO-E agus ENNOH, agus tuairisciú do Ghrúpa GTE-F. Ceanglaítear ar ACER freisin an chreat-mhodheolaíocht a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Choimisiún
Meastar go bhfágfaidh cur i gcrích na gcúraimí nua sin go mbeidh ualach oibre breise ar ACER, arb é 2 choibhéis lánaimseartha san iomlán é. Ina theannta sin, bheadh caiteachas oibríochtúil ag ACER lena n‑áirítear tacaíocht chomhairliúcháin chun an mhodheolaíocht maidir le riachtanais bhonneagair a fhorbairt, uirlis TF a fhorbairt chun fíorú sonraí agus forchostais a éascú, agus bheadh costas measta aonuaire dar méid EUR 130 000 i gceist chomh maith le costais oibríochtúla athfhillteacha dar méid EUR 100 000 in aghaidh na bliana.
Ceanglas 3:
Ceanglaítear ar ACER Moladh maidir le Leithdháileadh Costas Trasteorann a ghlacadh, lena sainaithnítear dea-chleachtais i leith iarrataí infheistíochta ar thionscadail leasa choitinn a láimhseáil, agus na prionsabail i Rialachán GTE-F á gcur san áireamh (Airteagal 17). Tabharfar an moladh sin cothrom le dáta go tráthrialta de réir mar is gá. Agus an moladh á ghlacadh nó á leasú aici, cuirfidh ACER próiseas comhairliúcháin forleathan i gcrích a mbeidh na páirtithe leasmhara ábhartha uile páirteach ann. Áireofar sa mholadh sin teimpléad neamhcheangailteach leithdháilte costas trasteorann freisin chun obair na ngníomhaireachtaí rialála náisiúnta a éascú.
Trí Mholadh maidir le Leithdháileadh Costas Trasteorann a fhorbairt agus a ghlacadh chomh maith le stóras Cinntí maidir le Leithdháileadh Costas Trasteorann a choinneáil ar bun, meastar go bhfágfaidh sé sin go mbeidh ualach oibre breise ar ACER, arb é 1 choibhéis lánaimseartha san iomlán é, chomh maith le costas aonuaire measta dar méid EUR 70 000 chun an uirlis TF a fhorbairt le haghaidh stóras chinntí maidir le Leithdháileadh Costas Trasteorann.
I gcás na hArd-Stiúrthóireachta um Fhuinneamh, an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde agus ACER, beidh na ceanglais thuas maidir le cur chun feidhme an togra reachtaigh ann tar éis CAI 2021-2027 atá ann faoi láthair.
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (tá rudaí éagsúla a bhféadfadh an breisluach sin eascairt astu, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha na roinne seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais, ar luach breise é le cois an luacha a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú astu féin.
Féach ranna an Mheabhráin Mhíniúcháin maidir le coimhdeacht agus comhréireacht.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Léiríodh sa mheastóireacht ar Rialachán GTE-F a bhí ann roimhe gur chuir sé feabhas ar chomhtháthú ghréasáin na mBallstát go héifeachtach, gur spreag sé trádáil fuinnimh agus, dá bhrí sin, gur rannchuidigh sé le hiomaíochas an Aontais. Rannchuidigh tionscadail leasa choitinn go láidir le slándáil an tsoláthair freisin mar phríomhspreagthóir comhthéacsúil i leith Rialachán GTE-F a dhearadh. Tar éis na meastóireachta air in 2020, rinneadh athbhreithniú ar Rialachán GTE-F in 2022. Sa Tuarascáil ar Chur Chun Feidhme atá i gceangal leis an Measúnú Tionchair, déantar anailís ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó chur chun feidhme Rialachán GTE-F athbhreithnithe. Soláthraítear fianaise sa Tuarascáil ar Chur Chun Feidhme ar an ngá atá le tuilleadh feabhsuithe, mar atá, a mhéid a bhaineann le forbairt cásanna, riachtanais bhonneagair a shainaithint agus PFG10B ina dhiaidh sin, roghnú agus measúnú na dtionscadal leasa choitinn/na dtionscadal comhleasa, chomh maith le leithdháileadh costas trasteorann agus creataí um cheadú.
1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Is príomhsprioc insoláthartha é an Pacáiste seo um na hEangacha faoin gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus faoin bPlean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne, atá ina gcuid de Chlár Oibre 2025 an Choimisiúin. Tá an togra comhlántach le tionscnaimh eile a bhfuil sé d’aidhm acu margadh fuinnimh Eorpach níos comhtháite a chruthú agus costais fuinnimh a laghdú do theaghlaigh agus do thionscail. Tá bonneagar fuinnimh ríthábhachtach freisin chun sprioc aeráide 2040 an Aontais atá beartaithe a bhaint amach, agus chun cuspóir an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.
Sa togra ón gCoimisiún le haghaidh an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) nua 2028-2034, leagtar béim ar ‘a ríthábhachtaí atá fíor-Aontas Fuinnimh agus gréasáin bonneagair de chuid an Aontais a bheith dea-chomhtháite’, rud a léirítear i mbuiséad atá méadaithe go substaintiúil agus atá beartaithe don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) don Fhuinneamh. Tá Rialachán GTE-F ina bhonn do thionscadail bonneagair fuinnimh a chistítear faoi SCE.
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Sa Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo, rinneadh anailís ar roghanna beartais difriúla chun cuspóirí ginearálta agus cuspóirí sonracha an tionscnaimh a bhaint amach. Is í an rogha beartais ab fhearr a shaothraítear tríd an togra reachtach seo, agus measadh gurb í an cur chuige is éifeachtaí agus is costéifeachtúla agus atá i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.
Meastar gurb iad an Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde agus ACER is fearr atá in ann na ceanglais bhreise a eascraíonn as an togra reachtach a chur i gcrích mar gheall ar an taithí a fuair siad roimhe seo ar an bpróiseas pleanála bonneagair agus ar chórais fuinnimh a shamhaltú.
Tá taithí nach beag faighte ag an Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh sa phróiseas pleanála agus comhordaithe bonneagair ó glacadh Rialachán GTE-F den chéad uair in 2013. Dá bhrí sin, is é is oiriúnaí chun na sásraí um shainaithint riachtanas bonneagair agus um dhúnadh bearnaí a chomhordú ar leibhéal an Aontais ar bhealach neamhchlaonta. Tá eolas teicniúil nach beag ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde ar chórais fuinnimh a shamhaltú agus tá a chuid uirlisí samhaltaithe féin forbartha aige. Dá bhrí sin, meastar gurb é is fearr atá in ann na cúraimí maidir le samhaltú, atá nasctha le forbairt an phríomhcháis, a dhéanamh.
Mar gheall ar a shainordú, is é ACER is fearr atá in ann ceanglais 1 & 2 a chur chun feidhme. Tá saineolas teicniúil nach beag forbartha aige mar phríomhghníomhaí a bhfuil ról foirmiúil aige sa phróiseas pleanála bonneagair chomh maith lena ról sa chreat um leithdháileadh costas trasteorann ar leibhéal an Aontais faoi chreat GTE-F atá ann faoi láthair.
Tá gá leis na coibhéisí lánaimseartha breise le haghaidh cúraimí/ceanglais nua a eascraíonn as an togra reachtach seo, agus ní thiocfaidh laghdú ar na cúraimí atá ann cheana sna blianta beaga atá amach romhainn.
1.6.Fad an togra/tionscnaimh agus an fad a mhairfidh an tionchar airgeadais a bheidh aige
tréimhse theoranta
– i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
– tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.An modh (na modhanna) atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme
Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
– ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
– trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
– tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad
– eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí)
– an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta
– comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais
– comhlachtaí dlí poiblí
– comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a sholáthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh
– comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha
– comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha
–comhlachtaí arna mbunú i mBallstát, arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit nó ag dlí an Aontais agus atá incháilithe le go gcuirfear de chúram orthu, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha, cistí an Aontais nó ráthaíochtaí buiséadacha a chur chun feidhme, a mhéid a bhíonn na comhlachtaí sin á rialú ag comhlachtaí dlí poiblí nó ag comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, agus a mhéid a sholáthraíonn na comhlachtaí rialúcháin ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh i bhfoirm dliteanas comhpháirteach agus leithleach nó ráthaíochtaí airgeadais coibhéiseacha, agus ar ráthaíochtaí iad a d’fhéadfadh, le haghaidh gach birt, a bheith teoranta d’uasmhéid thacaíocht an Aontais.
Nótaí
Ní bhaineann le hábhar
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh agus an tAirmheán Comhpháirteach Taighde
Na cúraimí a chuirfidh an Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh chun feidhme go díreach, leanfaidh siad timthriall bliantúil na pleanála agus an fhaireacháin, mar a chuirtear chun feidhme sa Choimisiún agus sna gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, lena n‑áirítear na torthaí a thuairisciú tríd an Tuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí ón Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh agus an Tuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí ón Airmheán Comhpháirteach Taighde.
ACER
De réir rialáil airgeadais ACER, ní mór do ACER Clár Oibre bliantúil a sholáthar i gcomhthéacs a Dhoiciméid Chlársceidealaithe, lena n‑áirítear sonraí maidir le hacmhainní, idir acmhainní daoine agus acmhainní airgeadais, de réir gach gníomhaíocht a dhéantar.
Tugann ACER tuairisc mhíosúil do AS Fuinneamh faoi chur chun feidhme an bhuiséid, lena n‑áirítear gealltanais, agus íocaíochtaí de réir teideal buiséid, agus na rátaí folúntas de réir na gcineálacha foirne.
Ina theannta sin, déantar ionadaíocht dhíreach ar an Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh i gcomhlachtaí rialachais ACER. Trí ionadaithe AS Fuinneamh ar an mBord Riaracháin, ag gach cruinniú de i gcaitheamh na bliana, cuirfear AS Fuinneamh ar an eolas faoi úsáid an bhuiséid agus faoin bplean bunaíochta.
Ina cheann sin uile, agus i gcomhréir leis na rialacha airgeadais, mar an gcéanna, tá ACER faoi réir ceanglais bhliantúla maidir le tuairisciú ar ghníomhaíochtaí agus úsáid acmhainní tríd an mBord Riaracháin agus trína Thuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí.
2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An réasúnaíocht atá leis na modhanna cur chun feidhme buiséid atá beartaithe, leis na sásraí cur chun feidhme cistithe atá beartaithe, leis na módúlachtaí íocaíochta atá beartaithe agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Ceanglas 1:
Sannfar na cúraimí faoin gCeanglas don Choimisiún.
Faoi réir cinneadh a dhéantar le linn an chur chun feidhme, féadfar na cúraimí sin a dhéanamh go hinmheánach nó iad a sheachfhoinsiú chuig soláthraí seirbhíse, trí nós imeachta soláthair phoiblí. I gcás ina bhfaightear na cúraimí ó sholáthraí seirbhíse, cuirfear an soláthar chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, agus forálacha an Rialacháin Airgeadais á gcur i bhfeidhm ina n‑iomláine. Sa straitéis rialaithe um sholáthairtí san Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh agus san Airmheán Comhpháirteach Taighde, tá rialuithe sonracha ex ante dlíthiúla, oibríochtúla agus airgeadais ar an nós imeachta soláthair (athbhreithniú ag an gcoiste comhairleach um sholáthar agus conarthaí) agus ar shíniú conarthaí chomh maith. Ina theannta sin, beidh caiteachas arna dhéanamh chun earraí agus seirbhísí a sholáthar faoi réir rialuithe ex ante agus, nuair is gá, faoi réir rialuithe ex post agus airgeadais.
Ceanglais 2 & 3:
Mar gheall ar a shainordú, is é ACER is fearr atá in ann saineolas a shuíomh, ar saineolas é a bhaineann le ceanglais 4 agus 3 a chur chun feidhme.
Bhunaigh an Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh straitéis rialaithe chun a caidreamh le ACER a bhainistiú, mar chuid de Chreat Rialaithe Inmheánaigh 2017 an Choimisiúin. Rinne an Ghníomhaireacht athbhreithniú ar a Chreat Rialaithe Inmheánaigh féin agus ghlac sé i mí na Nollag 2018.
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh
D’fhéadfadh na gnéithe atá á mbainistiú go díreach ag an Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh a bheith faoi réir na ngnáthrioscaí a dhéanann difear do nósanna imeachta soláthair phoiblí. Meastar go bhfuil na rioscaí sin ar leibhéal íseal a mhéid a bhaineann le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais. Tá rialuithe iomchuí agus éifeachtacha i bhfeidhm ar an leibhéal corparáideach agus ar leibhéal na hArd-Stiúrthóireachta.
Maidir le feidhmíocht, an príomhriosca atá ann, sin é meastacháin mhíchearta a mhéid a bhaineann leis an ualach oibre a chruthaítear leis an togra seo, i bhfianaise go dtugtar cúraimí nua isteach leis. Ní mór glacadh leis an riosca sin, ós rud é, mar is léir ón taithí a fuarthas, mura n‑áirítear riachtanais bhreise acmhainní sa togra tosaigh, tá sé an-deacair an scéal seo a réiteach níos déanaí.
AS JRC
Mar chuid den phróiseas measúnaithe riosca dá ghníomhaíochtaí eolaíocha, sainaithníonn an tAirmheán Comhpháirteach Taighde rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann, déanann sé meastóireacht ar a leibhéal agus beartaíonn sé gníomhaíochtaí maolaithe lena bhfuil gá agus sainaithníonn sé rialuithe atá ann cheana. Tagraíonn an príomhriosca a sainaithníodh do a) an meastachán ar an ualach oibre gaolmhar le haghaidh na gcúraimí nua atá bainteach leis an togra seo (d’fhéadfadh an t‑ualach oibre le haghaidh cuid de na cúraimí a bheith gannmheasta); b) cainníocht nó cáilíocht neamhleor na sonraí chun tacú leis na cúraimí nua éagsúla. I gcás a) inar gá glacadh leis an riosca; déantar pleanáil foirne go cúramach le linn thréimhse iomlán na ngníomhaíochtaí mar chuid de na bearta maolaithe chun saineolas iomchuí a áirithiú. I gcás b) ar na gníomhaíochtaí, áirítear rannpháirtíocht luath i ndearadh agus i gceapadh na bpróiseas bailithe sonraí, chomh maith leis na bacainní a d’fhéadfadh a bheith laistigh de gach cúram nach mór gníomhaíochtaí atá dian ar shonraí a dhéanamh ina leith, a shainaithint go luath, ar bacainní iad ar rochtain a fháil ar na sonraí ina bhfuil leas, agus cumarsáid a dhéanamh go luath leis an Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh agus le páirtithe leasmhara ábhartha chun an tsaincheist maidir le hinfhaighteacht sonraí a tharraingt anuas.
ACER
A mhéid a bhaineann le cúraimí nua do ACER, cuimsítear roinnt cúraimí nua sa togra lena maolaítear an riosca sin, ós rud é go bhféadfadh an t‑ualach oibre a bhaineann le roinnt cúraimí a bheidh ann amach anseo a bheith gannmheasta, d’fhéadfadh cúraimí eile a bheith rómheasta, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí ath-imlonnú a dhéanamh amach anseo.
2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an réasúnaíocht atá leis an gcostéifeachtacht sin (an cóimheas idir na costais rialaithe agus luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth na híocaíochta & an tráth a dhúnfar an clár)
Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh
Cuirfear na cúraimí a shanntar don Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh chun feidhme de réir an chórais rialaithe atá ann cheana agus meastar go bhfanfaidh an cóimheas maidir le costas an rialaithe cobhsaí (5 % go 6 % de na cistí a bhainistítear, ar bhonn cleachtaí a rinneadh le déanaí).
ACER
Ní mheastar go nginfear rialuithe sonracha breise ar leibhéal na Gníomhaireachta trí chúraimí breise a leithdháileadh ar an sainordú atá ag ACER faoi láthair, dá bhrí sin, ní thiocfaidh athrú ar chóimheas na gcostas rialaithe i leith luach na gcistí a bhainistítear i gcás ACER.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh
Ghlac an Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh Straitéis Frithchalaoise athbhreithnithe in 2020 agus, in 2023, plean gníomhaíochta athbhreithnithe lena gcumhdaítear na blianta 2023-2025. Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh faoi láthair ar a Straitéis Frithchalaoise do na blianta 2026-2028, i gcomhréir le modheolaíocht na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF). Tá Straitéis Frithchalaoise na hArd-Stiúrthóireachta bunaithe ar Straitéis Frithchalaoise an Choimisiúin agus measúnú riosca sonrach arna dhéanamh go hinmheánach chun na réimsí is leochailí i leith na calaoise a shainaithint, mar aon leis na rialuithe atá i bhfeidhm cheana féin agus na gníomhaíochtaí is gá chun feabhas a chur ar chumas na hArd-Stiúrthóireachta um Fhuinneamh calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú.
AS JRC
Glacadh Straitéis Frithchalaoise an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, mar aon leis an bPlean Gníomhaíochta a ghabhann léi, in 2020 agus modhnaíodh í in 2024 chun athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean le haghaidh na tréimhse 2025-2027 agus é a thabhairt cothrom le dáta. Tá trí ghníomhaíocht nua sa phlean nuashonraithe: feachtas múscailte feasachta a dhíríonn ar shaincheisteanna eitice an Choimisiúin agus ar bhearta frithchalaoise, ina bhfuil samplaí ábhartha atá saincheaptha d’fhoireann eolaíoch an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, ar feachtas é a seoladh sa chéad leath de 2025; clár oiliúna leathnaithe ina mbeidh seisiúin théamacha ar thopaicí amhail coinbhleacht leasa, údarthacht, úsáid IS, sceithireacht agus bealaí tuairiscithe, i measc nithe eile; leathanaigh Comhphointe nuashonraithe atá tiomnaithe do shaincheisteanna eitice agus do bhearta frithchalaoise. Comhlánaíonn na gníomhaíochtaí nua sin na hiarrachtaí atá ar siúl faoi láthair ó Phlean Gníomhaíochta 2021-2024 agus rannpháirtíocht an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde i bPlean Gníomhaíochta Straitéis Frithchalaoise an Choimisiúin. Is mór ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde a chomhar le OLAF, leis an bhfoireann rialaithe inmheánaigh, agus le páirtithe leasmhara eile inár n‑iarrachtaí comhchoiteanna chun an chalaois a chomhrac.
ACER
Cuireann ACER prionsabail frithchalaoise Ghníomhaireachtaí díláraithe an Aontais i bhfeidhm, i gcomhréir le cur chuige an Choimisiúin agus leis na Treoirlínte ó OLAF in 2024 le haghaidh gníomhaireachtaí agus Comhghnóthais dhíláraithe. I mí na Nollag 2024, ghlac an Ghníomhaireacht Straitéis Frithchalaoise nua, lena n‑aisghairtear Cinneadh 15/2021 ó Bhord Riaracháin na Gníomhaireachta. Tá an straitéis nua, a chuimsíonn an tréimhse 2025-2027, bunaithe ar na cuspóirí straitéiseacha seo a leanas: na bearta coiscthe calaoise atá ann cheana a bharrfheabhsú, tráthúlacht agus cruinneas na gcóras braite atá ann cheana a fheabhsú, prótacail imscrúdaithe a neartú, agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha a bharrfheabhsú ar mhaithe le gnóthuithe tapa.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 71
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar
·Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil |
Líne bhuiséid |
Cineál caiteachais |
Ranníocaíocht |
|||
|
Uimhir
|
LD/LN 72 . |
ó thíortha de chuid CSTE 73 |
ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 74 |
Ó thríú tíortha eile |
ioncam sannta eile |
|
|
01 |
02.03.02 An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa – Fuinneamh |
LD |
NÍL |
NÍL |
NÍL |
NÍL |
|
01 |
02.01.22.01 Caiteachas tacaíochta le haghaidh na Saoráide um Chónascadh na hEorpa – Fuinneamh |
LN |
NÍL |
NÍL |
NÍL |
NÍL |
|
01 |
02.10.06 Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh |
LD |
TÁ |
NÍL |
NÍL |
NÍL |
3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 75
– Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
–X Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos
3.2.1.1.Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil |
Uimhir |
01 |
|
ARD-STIÚRTHÓIREACHT: ENER |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
IOMLÁN CAI 2021‑2027 |
TAR ÉIS 2027 |
||||
|
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
|||||||
|
Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí |
||||||||||
|
Líne bhuiséid: 02.03.02 An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa – Fuinneamh |
Gealltanais |
(1a) |
|
|
|
4.232 |
4.232 76 |
6.732 |
||
|
Íocaíochtaí |
(2a) |
|
|
|
3.232 |
3.232 |
7.732 |
|||
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach |
||||||||||
|
Líne bhuiséid 02.01.22.01 Caiteachas tacaíochta le haghaidh na Saoráide um Chónascadh na hEorpa – Fuinneamh |
|
(3) |
|
|
|
0,428 |
0,428 |
2,996 |
||
|
IOMLÁN leithreasuithe le haghaidh na hArd-Stiúrthóireachta um Fhuinneamh 77 |
Gealltanais |
=1a+1b+3 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
4,660 |
4,660 |
9,728 |
||
|
Íocaíochtaí |
=2a+2b+3 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
3,660 |
3,660 |
10,728 |
|||
|
JRC |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
IOMLÁN CAI 2021‑2027 |
TAR ÉIS 2027 |
||||
|
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
|||||||
|
Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí |
||||||||||
|
Ní bhaineann le hábhar |
Gealltanais |
(1a) |
|
|
|
|
|
|
||
|
Íocaíochtaí |
(2a) |
|
|
|
|
|
|
|||
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach |
||||||||||
|
Líne bhuiséid 01 01 01 11 Caiteachas a bhaineann le hoifigigh agus foireann shealadach a chuireann Fís Eorpach chun feidhme – Taighde díreach |
|
(3) |
|
|
|
0,754 |
0,754 |
5,278 |
||
|
IOMLÁN leithreasuithe le haghaidh an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde 78 |
Gealltanais |
=1a+1b+3 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0,754 |
0,754 |
5,278 |
||
|
Íocaíochtaí |
=2a+2b+3 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0,754 |
0,754 |
5,278 |
|||
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
[Gníomhaireacht]: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) |
Bliain 2024 |
Bliain 2025 |
Bliain 2026 |
Bliain 2027 |
IOMLÁN CAI 2021‑2027 |
Tar éis 2027 |
|
Líne bhuiséid: 02.10.06 Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh / ranníocaíocht ó Bhuiséad an Aontais Eorpaigh leis an ngníomhaireacht |
0.327 |
0.327 |
3.320 |
Déanfar na leithreasuithe / an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais leis an ngníomhaireacht a chúiteamh trí imchlúdach an chláir Saoráid um Chónascadh na hEorpa - Fuinneamh / na líne buiséid seo a leanas a laghdú: 02.03.02 / sa bhliain/sna blianta: 2027.
Ba cheart na leithreasuithe a leithdháiltear sa chéad CAI eile a chomhtháthú i bhfóirdheontas na Gníomhaireachta mar gheall ar chineál buan na gcúraimí a leithdháiltear leis an togra seo agus cúiteofar iad, más ábhartha, trí laghdú coibhéiseach ar imchlúdach cláir ábhartha faoin gceannteideal CAI céanna, gan dochar dá comhaontú amach anseo. Má tá gá le laghdú cúiteach, beidh gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na hacmhainní a leithdháiltear ar an nGníomhaireacht.
|
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
IOMLÁN CAI 2021‑2027 |
TAR ÉIS 2027 |
||||
|
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
||||||
|
• IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta) |
Gealltanais |
(4) |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
4,559 |
4,559 |
10,052 |
|
|
Íocaíochtaí |
(5) |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
3,559 |
3,559 |
11,052 |
||
|
• IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta) |
(6) |
0.000 |
0.000 |
0,000 |
1,182 |
1,182 |
8,274 |
||
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi Cheannteidil 1 go 6 |
Gealltanais |
=4+6 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
5,741 |
5,741 |
18,326 |
|
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Íocaíochtaí |
=5+6 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
4,741 |
4,741 |
19,326 |
|
|
|
7 |
‘Caiteachas riaracháin’ |
|
ARD-STIÚRTHÓIREACHT: ENER |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
IOMLÁN CAI 2021‑2027 79 |
TAR ÉIS 2027 |
|
|
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
||||
|
Acmhainní daonna |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,376 |
0,376 |
2,632 |
|
|
Caiteachas riaracháin eile |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,012 |
0,012 |
0,084 |
|
|
IOMLÁN AS ENER |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,388 |
0,388 |
2,716 |
|
IOMLÁN leithreasuithe
|
(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí) |
0,000 |
0,000 |
0,388 |
0,388 |
2,716 |
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
IOMLÁN CAI 2021‑2027 |
TAR ÉIS 2027 |
|
|
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
||||
|
IOMLÁN na leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 |
Gealltanais |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
6,129 |
6,129 |
21,042 |
|
den chreat airgeadais ilbhliantúil |
Íocaíochtaí |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
5,129 |
5,129 |
22,042 |
3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Sonraigh cuspóirí agus aschuir |
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Bliain
|
Iontráil na blianta ar fad is gá chun a léiriú cé chomh fada agus a mhairfidh an tionchar (féach Roinn 1.6) |
IOMLÁN |
|||||||||||||
|
ASCHUIR |
|||||||||||||||||||
|
Cineál 80 |
Meánchostas |
Líon |
Costas |
Líon |
Costas |
Líon |
Costas |
Líon |
Costas |
Líon |
Costas |
Líon |
Costas |
Líon |
Costas |
Líon iomlán |
Costas iomlán |
||
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 81 … |
|||||||||||||||||||
|
- Aschur |
|||||||||||||||||||
|
- Aschur |
|||||||||||||||||||
|
- Aschur |
|||||||||||||||||||
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1 |
|||||||||||||||||||
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2... |
|||||||||||||||||||
|
- Aschur |
|||||||||||||||||||
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2 |
|||||||||||||||||||
|
IOMLÁIN |
|||||||||||||||||||
3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a imreofar ar leithreasuithe riaracháin
– Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–X Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos
3.2.3.1. Leithreasuithe ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
IOMLÁN 2021 - 2027 |
TAR ÉIS 2027 |
|
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
|||
|
CEANNTEIDEAL 7 |
||||||
|
Acmhainní daonna |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,376 |
0,376 |
2,632 |
|
Caiteachas riaracháin eile |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,012 |
0,012 |
0,084 |
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,388 |
0,388 |
2,716 |
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 |
||||||
|
Acmhainní daonna |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
1,910 |
1,910 |
13,370 |
|
Caiteachas eile de chineál riaracháin |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0,024 |
0,024 |
0,168 |
|
Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
1,934 |
1,934 |
13,538 |
|
|
||||||
|
IOMLÁN |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
2,322 |
2,322 |
16,254 |
3.2.3.2.Iomlán na leithreasuithe
|
IOMLÁN NA LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR + IONCAIM SHANNTA SHEACHTRACHA |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
IOMLÁN 2021 - 2027 |
TAR ÉIS 2027 |
|
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
|||
|
CEANNTEIDEAL 7 |
||||||
|
Acmhainní daonna |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,376 |
0,376 |
2,632 |
|
Caiteachas riaracháin eile |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,012 |
0,012 |
0,084 |
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,388 |
0,388 |
2,716 |
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 |
||||||
|
Acmhainní daonna |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
1,910 |
1,910 |
13,370 |
|
Caiteachas eile de chineál riaracháin |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
0,024 |
0,024 |
0,168 |
|
Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
1,934 |
1,934 |
13,370 |
|
|
||||||
|
IOMLÁN |
0,000 |
0,000 |
0,000 |
2,322 |
2,322 |
16,254 |
Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna faoi H7 agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
– Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna
–X Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos
3.2.4.1.Nithe arna maoiniú ón mbuiséad ar vótáladh ina fhabhar 82
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Tar éis |
|
|
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
2027 |
||
|
Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach) |
||||||
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) |
0 |
0 |
0 |
2 |
2 |
|
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí an Aontais) |
0 |
0 |
0 |
0 |
||
|
01 01 01 01 (Taighde indíreach) |
0 |
0 |
0 |
0 |
||
|
01 01 01 11 (Taighde díreach) |
0 |
0 |
0 |
4 |
4 |
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) |
0 |
0 |
0 |
0 |
||
|
Foireann sheachtrach (in aonaid de choibhéis lánaimseartha) |
||||||
|
20 02 01(AC, END ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’) |
0 |
0 |
0 |
0 |
||
|
20 02 03 (AC, AL, END, agus JPD i dToscaireachtaí an Aontais) |
0 |
0 |
0 |
0 |
||
|
Riarachán Líne thacaíochta
|
- sa Cheanncheathrú |
0 |
0 |
0 |
0 |
|
|
- i dToscaireachtaí an Aontais |
0 |
0 |
0 |
0 |
||
|
01 01 01 02(AC, END - Taighde indíreach) |
0 |
0 |
0 |
0 |
||
|
01 01 01 12 (AC, END – Taighde díreach) |
0 |
0 |
0 |
0 |
||
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Ceannteideal 7 |
0 |
0 |
0 |
0 |
||
|
Línte buiséid eile (02 01 22 01 Caiteachas tacaíochta le haghaidh SCE-F) - Lasmuigh de Cheannteideal 7 |
0 |
0 |
0 |
4 |
4 |
|
|
IOMLÁN |
0 |
0 |
0 |
10 |
10 |
|
3.2.4.2.Iomlán na n‑acmhainní daonna a bheidh riachtanach
|
IOMLÁN NA LEITHREASUITHE AR VÓTÁLADH INA bhFABHAR+IONCAIM SHANNTA SHEACHTRACHA |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Tar éis |
|
|
2024 |
2025 |
2026 |
2027 83 |
2027 |
||
|
Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach) |
||||||
|
20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) |
0 |
0 |
0 |
2 |
2 |
|
|
20 01 02 03 (Toscaireachtaí an Aontais) |
0 |
0 |
0 |
0 |
||
|
01 01 01 01 (Taighde indíreach) |
0 |
0 |
0 |
0 |
||
|
01 01 01 11 (Taighde díreach) |
0 |
0 |
0 |
4 |
4 |
|
|
Línte buiséid eile (sonraigh) |
0 |
0 |
0 |
0 |
||
|
• Foireann sheachtrach (in aonaid de choibhéis lánaimseartha) |
||||||
|
20 02 01(AC, END ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’) |
0 |
0 |
0 |
0 |
||
|
20 02 03 (AC, AL, END, agus JPD i dToscaireachtaí an Aontais) |
0 |
0 |
0 |
0 |
||
|
Riarachán Líne thacaíochta
|
- sa Cheanncheathrú |
0 |
0 |
0 |
0 |
|
|
- i dToscaireachtaí an Aontais |
0 |
0 |
0 |
0 |
||
|
01 01 01 02(AC, END - Taighde indíreach) |
0 |
0 |
0 |
0 |
||
|
01 01 01 12 (AC, END – Taighde díreach) |
0 |
0 |
0 |
0 |
||
|
Línte buiséid eile (sonraigh) - Ceannteideal 7 |
0 |
0 |
0 |
0 |
||
|
Línte buiséid eile (02 01 22 01 Caiteachas tacaíochta le haghaidh SCE-F) - Lasmuigh de Cheannteideal 7 |
0 |
0 |
0 |
4 |
4 |
|
|
IOMLÁN |
0 |
0 |
0 |
10 |
10 |
|
|
Baill foirne reatha atá ar fáil i seirbhísí an Choimisiúin |
Baill foirne bhreise* |
|||
|
Le maoiniú faoi Cheannteideal 7 / Taighde |
Le maoiniú ó líne BA |
Le maoiniú ó tháillí/ |
||
|
Poist sa phlean bunaíochta |
4 AS JRC (ath-imlonnú) 2 Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh |
0 |
0 |
0 |
|
Foireann sheachtrach (CA, SNEnna, INT) |
0 |
4 Leithreasú faoi chomhair Gealltanas - Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh |
||
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh ag:
|
Oifigigh agus pearsanra sealadach |
Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh: An cúram a chuirfí ar an mbeirt oifigeach breise a iarradh le haghaidh na hArd-Stiúrthóireachta um Fhuinneamh, sin é maoirseacht a dhéanamh ar chúraimí nua na hArd-Stiúrthóireachta um Fhuinneamh a bhaineann le forbairt an phríomhcháis, agus na cúraimí nua sin a stiúradh agus a chomhordú (féach roinn 1.5.1 thuas). Baineann na cúraimí sin le próisis a stiúradh (lena n‑áirítear comhordú éifeachtach ar éiceachóras na bpáirtithe leasmhara, comhoiriúnacht na gcásanna eangaí leis an ollstruchtúr beartais foriomlán, próiseas nua na meaitseála riachtanas bonneagair a chomhordú agus gníomhartha dlí a ullmhú), chomh maith le forbairt cásanna agus a comhordú (lena n‑áirítear maoirseacht a dhéanamh ar bhailiú sonraí, comhordú na hoibre measúnaithe, agus maoirseacht agus doiciméadú a dhéanamh ar phróiseas an tsamhaltaithe). |
|
Pearsanra seachtrach |
Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh: An cúram a chuirfí ar an gceathrar Baill Foirne breise ar Conradh a iarradh le haghaidh na hArd-Stiúrthóireachta um Fhuinneamh, sin é forbairt an phríomhcháis, rud a thacódh leis an mbeirt oifigeach arna sannadh chun maoirseacht a dhéanamh ar an obair sin agus í a stiúradh. Chuirfeadh na Baill Foirne ar Conradh cúraimí i gcrích a bhaineann le próisis a stiúradh agus forbairt cásanna agus a comhordú (féach roinn 1.5.1 thuas). |
3.2.5.Forléargas ar an tionchar a mheastar a imreofar ar infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha
Éigeantach: na hinfheistíochtaí atá i gceist leis an togra/tionscnamh seo arb infheistíochtaí iad a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha, ba cheart meastachán chomh maith agus is féidir ina dtaobh a chur sa tábla thíos.
Go heisceachtúil, ba cheart na leithreasuithe faoi Cheannteideal 7 a chur sa líne atá ainmnithe chuige sin, i gcásanna inar gá sin chun an togra/tionscnamh a chur chun feidhme.
Is mar ‘Chaiteachas beartais ar uirlisí TF i dtaca le cláir oibríochtúla’ is ceart na leithreasuithe faoi Cheannteidil 1-6 a chur in iúl. Is é rud dá dtagraíonn an caiteachas sin an buiséad oibríochtúil atá le húsáid i gcomhair athúsáid/ ceannach/ forbairt ardán/uirlisí TF atá nasctha go díreach le cur chun feidhme an tionscnaimh, agus i gcomhair na n‑infheistíochtaí a bhaineann leis na hardáin/uirlisí sin (e.g. ceadúnais, staidéir, stóráil sonraí etc). An fhaisnéis a sholáthraítear sa tábla seo, ba cheart í a bheith i gcomhréir leis na mionsonraí a chuirtear i láthair faoi Roinn 4 ‘Gnéithe digiteacha’.
|
IOMLÁN Na leithreasuithe digiteacha agus TF |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
Bliain |
IOMLÁN CAI 2021 ‑ 2027 |
CAI iomlán tar éis 2027 |
|
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
|||
|
CEANNTEIDEAL 7 |
||||||
|
Caiteachas TF (corparáideach) |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 |
||||||
|
Caiteachas beartais ar uirlisí TF i dtaca le cláir oibríochtúla |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
1,120 |
1,120 |
3,500 |
|
Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
1,120 |
1,120 |
3,500 |
|
|
||||||
|
IOMLÁN |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
1,120 |
1,120 |
3,500 |
3.2.6.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–X is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI)
Bheadh gá le hathdháileadh laistigh de líne buiséid SCE-F chun an caiteachas oibríochtúil do 2027 a mhaoiniú.
Athdháileadh idir-AS D’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis sin chun foráil a dhéanamh maidir leis an mbeirt oifigeach a iarradh le haghaidh na hArd-Stiúrthóireachta um Fhuinneamh chun na cúraimí faoi Cheanglas 1 a shonraítear i roinn 1.5.1 a chur i gcrích.
– is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid
– is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI
3.2.7.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
–Ní dhéantar foráil le X maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
– déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Bliain 2024 |
Bliain 2025 |
Bliain 2026 |
Bliain 2027 |
Iomlán |
|
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe |
|||||
|
IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe |
3.2.8.
Na hacmhainní daonna a mheastar atá riachtanach agus na leithreasuithe a mheastar is gá a úsáid i ngníomhaireacht dhíláraithe
Riachtanais foirne (in aonaid de choibhéis lánaimseartha)
|
Gníomhaireacht: ACER |
Bliain 2024 |
Bliain 2025 |
Bliain 2026 |
Bliain 2027 |
Tar éis 2027 |
|
Baill foirne shealadacha (Gráid AD) |
1 |
1 |
|||
|
Baill foirne shealadacha (gráid AST) |
|||||
|
Baill foirne shealadacha (AD+AST) — fo-iomlán |
0 |
0 |
0 |
1 |
1 |
|
Baill foirne ar conradh |
1 |
2 |
|||
|
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht |
|||||
|
Baill foirne ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht — fo-iomlán |
0 |
0 |
0 |
1 |
2 |
|
LÍON IOMLÁN na mball foirne |
0 |
0 |
0 |
2 |
3 |
Leithreasuithe a chumhdaítear leis an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Caiteachas foirne le cur in oiriúint don mhí earcaíochta atá beartaithe (má dhéantar an earcaíocht i mí Iúil, ní chuirtear ach 50 % den mheánchostas san áireamh).
|
Gníomhaireacht: ACER |
Bliain 2024 |
Bliain 2025 |
Bliain 2026 |
Bliain 2027 |
IOMLÁN 2021 - 2027 |
TAR ÉIS 2027 84 |
|
Teideal 1: Caiteachas foirne |
0.127 |
0.127 |
2.546 |
|||
|
Teideal 2: Caiteachas bonneagair agus oibriúcháin |
||||||
|
Teideal 3: Caiteachas oibríochtúil |
0.200 |
0.200 |
0.773 |
|||
|
IOMLÁN na leithreasuithe a chumhdaítear le buiséad an Aontais |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0.327 |
0.327 |
3.320 |
Forbhreathnú/achoimre ar na hacmhainní daonna agus na leithreasuithe (in EUR milliún) atá riachtanach i gcomhair an togra/tionscnaimh i ngníomhaireacht dhíláraithe
|
Gníomhaireacht: ACER |
Bliain 2024 |
Bliain 2025 |
Bliain 2026 |
Bliain 2027 |
IOMLÁN 2021 - 2027 |
Tar éis 2027 |
|
Baill foirne shealadacha (AD+AST) |
0 |
0 |
0 |
1 |
1 |
1 |
|
Baill foirne ar conradh |
0 |
0 |
0 |
1 |
1 |
2 |
|
Saineolaithe náisiúnta ar iasacht |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
0 |
|
Líon iomlán na mball foirne |
0 |
0 |
0 |
2 |
2 |
3 |
|
Leithreasuithe a chumhdaítear le buiséad an Aontais |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0.327 |
0.327 |
3.320 |
|
Leithreasuithe a chumhdaítear le táillí (más infheidhme) |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
|
Leithreasuithe cómhaoinithe (más infheidhme) |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
|
IOMLÁN leithreasuithe |
0.000 |
0.000 |
0.000 |
0.327 |
0.327 |
3.320 |
3.3.An tionchar a mheastar a imreofar ar ioncam
–X Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
– Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
– ar acmhainní dílse
– ar ioncam eile
– má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim: |
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha |
Tionchar an togra/tionscnaimh 85 |
|||
|
Bliain 2024 |
Bliain 2025 |
Bliain 2026 |
Bliain 2027 |
||
|
Airteagal …. |
|||||
I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.
ní bhaineann le hábhar
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).
4.Gnéithe digiteacha
4.1.Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha
|
Ceanglais a bhaineann le cúrsaí digiteacha sa togra: Baineann Ceanglas 1 (C1) le próisis forbartha cásanna agus riachtanais bhonneagair a shainaithint, rud lenar cheart cuimhneamh ar an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as réitigh dhigiteacha agus chliste in éineacht le forbairt eangaí fhisiceach atá i gcuid an tsamhaltaithe den phleanáil forbartha gréasáin cheana féin. Mar cheanglas gaolmhar, cuirtear de cheangal ar oibreoirí córais tarchuir sa leictreachas réitigh neamhshreinge agus dhigiteacha a mheas ar bhonn tosaíochta agus tionscadail bonneagair nua á moladh acu, i bhfianaise gur ceanglais infheidhme ar an leibhéal Eorpach déanamh amhlaidh (mar chuid den phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais) agus ar an leibhéal náisiúnta chomh maith (pleananna forbartha gréasáin náisiúnta ar leibhéal an tarchuir). Cuideoidh sé sin leis an éifeachtúlacht is mó is féidir a áirithiú i bhforbairt eangaí agus spreagfadh sé úsáid na réiteach digiteach sa chleachtas freisin. Tá feidhm ag an gceanglas sin i gcás institiúidí an Aontais atá freagrach as próiseas an tsamhaltaithe, i gcás na mBallstát, comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht ar oibreoirí córais tarchuir ar an leibhéal Eorpach (ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH) chomh maith le hoibreoirí córais tarchuir ar leibhéal náisiúnta. Baineann Ceanglas 2 (C2) le catagóir nua tarchuir neamhshreinge agus dhigitigh a thabhairt isteach le haghaidh Tionscadail Leasa Choitinn. Tá sé d’aidhm ag an gcatagóir sin dreasachtaí níos fearr a sholáthar d’oibreoirí córais tarchuir chun úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí feabhsaithe eangaí agus as teicneolaíochtaí digiteacha, chun éifeachtúlacht na húsáide eangaí a mhéadú agus chun an acmhainneacht tarchurtha trasteorann a mhéadú. Agus iarratas á dhéanamh ar an gcatagóir nua, cuirtear de cheangal ar oibreoirí córais tarchuir sonraí a chur isteach a bhaineann le saintréithe teicniúla na gcóras digiteála atá beartaithe chomh maith leis na tionchair ar oibriú an chórais tarchurtha a mheastar a bheidh ann. Is é ENTSO don Leictreachas, mar chomhlacht atá beartaithe chun costais agus tairbhí na dtionscadal nua a ríomh, a bheadh freagrach as sonraí gaolmhara a phróiseáil. Baineann Ceanglas 3 (C3) leis an nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar cheadú i gcás tionscadal atá ar liosta an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus de thionscadail chomhleasa. Ní mór d’údarás inniúil náisiúnta na mBallstát a bheith in ann iarratais ar cheadú agus na doiciméid ábhartha uile a fháil i bhformáid dhigiteach (Airteagal 8). Faoin togra, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ardán digiteach ar fáil ar an leibhéal náisiúnta chun céimeanna an cheada den nós imeachta deonaithe ceadanna a bhainistiú (lena n‑áirítear iarratais ar chead, próisis cheadúcháin, cinntí atá ar siúl faoi láthair maidir le ceadú) agus cinntí arna n‑eisiúint a chur ar fáil i bhformáid atá inrochtana go héasca (Airteagal 10(4)). Ba cheart go rannchuideoidh sé sin le digiteáil níos aonfhoirmí agus tuilleadh trédhearcachta ar fud údaráis dhifriúla um cheadú sna Ballstáit agus, ar deireadh, le dlús a chur leis an gceadú. Beidh sé sin sa bhreis ar an oibleagáid atá ar na Ballstáit go n‑eiseofar gach cinneadh i bhformáid atá inrochtana go héasca. |
4.2.Sonraí
|
Le haghaidh Cheanglas 1: Baineann an ceanglas le bailiú sonraí a dhéantar cheana chun críoch shamhaltú na heangaí agus na forbartha cásanna agus d’fhéadfadh sé go mbaileofaí sonraí nua dá bharr maidir le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha amach anseo agus a bpoitéinseal. Cé go bhfuil toimhdí maidir le poitéinseal na dteicneolaíochtaí sin sa litríocht, níl sonraí na mBallstát ar fáil go poiblí faoi láthair agus ní bhailítear iad chun na críche céanna (leanadh prionsabal na haonuaire go cuí). Tosóidh oibreoirí córais tarchuir ar mheasúnú a dhéanamh ar riachtanais solúbthachta de bhun Rialachán (AE) 2019/943 ó 2026 amach agus is féidir cuid de na sonraí atá á n‑úsáid a úsáid chun críocha na pleanála eangaí freisin. Mar sin féin, ní mhaireann tréimhse na pleanála sin ach 10 mbliana, agus cumhdaítear na 10-20 bliain atá le teacht leis an bpleanáil eangaí uile-Aontais. Maidir leis sin, is cosúil go bhfuil an bailiú sonraí dosheachanta chun cumhdach iomlán a áirithiú. Le reachtaíocht thánaisteach maidir le formáid choincréiteach na sonraí, áiritheofar go gcuirfear bailiúcháin atá ann cheana, chun críoch Measúnuithe ar Riachtanais ó thaobh na Solúbthachta de, san áireamh chun aon dúbailt sna ceanglais a sheachaint. Maidir leis an sreabhadh sonraí, soláthraíonn oibreoirí córais tarchuir, údaráis rialála agus na Ballstáit sonraí don Choimisiún, ar bhonn riail atá le glacadh trí ghníomhartha dlí tánaisteacha. Tá sonraí breise le haghaidh samhaltú eangaí, más gá, le soláthar ag oibreoirí córais tarchuir do ENTSO don leictreachas go díreach. Le haghaidh Cheanglas 2: Sonraí a bhaineann le hiarratas a chur isteach maidir leis an Tionscadal Leasa Choitinn, is sonraí uathúla i gcás gach tionscadail atá iontu agus, dá bhrí sin, ní mór iad a bhailiú tráth a chuirtear an t‑iarratas isteach (dá bhrí sin, comhlíontar an prionsabal aonuaire go hiomlán). Baineann na sonraí sin le raon feidhme an tionscadail, leis na meastacháin airgeadais, leis na teicneolaíochtaí a úsáidtear, leis an suíomh, leis an tionchar ar an gcomhshaol agus ar an eangach chumhachta, etc. Cuirfidh tionscnóirí tionscadail (oibreoirí córais tarchuir den chuid is mó) sonraí faoi bhráid ENTSO don Leictreachas agus an Choimisiúin Eorpaigh chun go ndéanfar measúnú ar chostais agus ar thairbhí faoi na próisis mheastóireachta le haghaidh Tionscadail Leasa Choitinn. Le haghaidh Cheanglas 3: Sna hardáin dhigiteacha a gcuirfí de cheangal ar na Ballstáit a chur ar bun, stórálfaí na sonraí uile lena bhfuil gá le haghaidh cead iomlán nó ceadanna iomlána do thionscadail leasa choitinn agus do thionscadail chomhleasa. Is sonraí pearsanta iad sin a bhfuil nasc acu leis an iarratasóir, cibé acu duine nádúrtha nó duine dlítheanach, saintréithe an tionscadail agus na doiciméid tacaíochta uile lena bhfuil gá. |
4.3.Réitigh dhigiteacha
|
Le haghaidh Cheanglas 1: An t‑ardán a bhaineann le ceanglas 1, baineann sé leis an samhaltú eangaí agus an samhaltú cásanna i leith na forbartha bonneagair amach anseo. Úsáideann ENTSO don Leictreachas ardán den sórt sin cheana féin, agus dá bhrí sin baineann an ceanglas nua le huasghrádú an ardáin chun tuilleadh sonraí a phróiseáil. Maidir le ról an Choimisiúin Eorpaigh i bpróiseas an tsamhaltaithe cásanna, úsáidfear sonraí i samhlacha atá ann cheana, agus dá bhrí sin ní shonraítear aon cheanglas nua maidir le hardán ar leithligh a bhunú, trí athruithe. Le haghaidh Cheanglas 2: Níor cheart ardáin nua córas chun na sonraí a phróiseáil a bheith á mbunú de thoradh an cheanglais seo, ós rud é go bhfuil próiseas roghnúcháin na dtionscadal leasa choitinn seanbhunaithe agus gurb é an aidhm atá ann raon feidhme na gcatagóirí a leathnú (agus na prionsabail don mheasúnú á gcoinneáil, trí úsáid a bhaint as córais atá ann cheana chun iarratais a phróiseáil agus costais agus tairbhí a ríomh). Le haghaidh Cheanglas 3: Na hardáin dhigiteacha a mbeadh sé de cheangal ar na Ballstáit iad a chur ar bun, éascóidh siad digiteáil agus lárú na nósanna imeachta ceadaithe. Trí na sonraí sin a lárú, tá coinne againn le nósanna imeachta a shimpliú agus dúbláil na sonraí céanna in ardáin dhifriúla a chosc. Sna haithrisí, áitíonn an Coimisiún gur cheart gnéithe a chur i láthair ar an tairseach, trí bhíthin na hintleachta saorga chomh maith, chun gur féidir leis an bpointe teagmhála aonair, údaráis agus iarratasóirí eile stádas an iarratais a sheiceáil agus an áit ina bhfuil moilleanna, chomh maith le comhlíonadh na sprioc-amanna ceadaithe a sheiceáil. Ina theannta sin, ba cheart go mbeifí in ann staidreamh a eastóscadh trí an tairseach chun dul chun cinn foriomlán na nósanna imeachta deonaithe ceadanna sna Ballstáit a sheiceáil. Ba cheart dualgais an phointe teagmhála aonair a éascú leis an tairseach, agus ba cheart rochtain ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis ábhartha uile a bheith ag an bpointe sin. |
4.4.Measúnú idir-inoibritheachta
|
Maidir le Ceanglais 1 agus 2 ní éilítear leo go mbeadh idirghníomhaíocht thar theorainneacha na mBallstát ann, toisc gurb é an aidhm atá ann sonraí a chur ar fáil le haghaidh meastóireachtaí ar leibhéal an Aontais, ar bhealach láraithe. Ní bhaineann siad leis an idir-inoibritheacht trasteorann ach oiread toisc go bhfuil na sonraí a mhalartaítear bainteach le meastacháin atá déanta ar an bhforbairt tionscadal amach anseo, agus níl siad bainteach le sreafaí sonraí atá ann cheana a bhaineann le hoibriú an chórais (ar sonraí iad a mhalartaítear cheana féin trí ardáin comhair eile de chuid OCTanna). Tá coinne leis nach gcomhroinnfear sonraí ach aon uair amháin, i.e. le ENTSO don Leictreachas (a chomhroinnfidh iad leis an gCoimisiún dá réir sin), nó leis an gCoimisiún go díreach (i gcás nach mbeidh sonraí comhionanna ag teastáil ó ENTSO don Leictreachas). Malartaítear faisnéis trí chomhaid sonraí – ní trí dhá ardán a nascadh go frithpháirteach. Ní éilítear idirghníomhaíocht thar theorainneacha na mBallstát le Ceanglas 3, ná i measc eintitis an Aontais ná idir eintitis an Aontais agus comhlachtaí na hearnála poiblí. Níl tionchar aige ach oiread ar an idir-inoibritheacht trasteorann toisc go bhfuil na sonraí ábhartha do nósanna imeachta cinnteoireachta náisiúnta, seachas do nósanna imeachta cinnteoireachta ar leibhéal an Aontais. Rinneadh struchtúr sonraí atá sainithe go lárnach a mheas agus a chaitheamh i dtraipisí, ós rud é, mar gheall ar an gcineál náisiúnta den chuid is mó atá i gceist leis an gcéatadán is mó de na nósanna imeachta ceadaithe i ngach Ballstát, agus na córais cheadúcháin dhifriúla, go luíonn sé le réasún gur faoi na Ballstáit a fhágtar an cinneadh iarbhír maidir le formáid an chur chun feidhme, agus gur féidir leo a chinneadh céard is fearr a oireann dá gcóras agus don ardán digiteach nua a chuirfidh siad ar bun. Cé go gcuirtear de cheangal le Rialachán GTE-F ar údaráis inniúla náisiúnta atá i gceannas ar an gceadú oibriú i gcomhar i dtionscadail trasteorann a mhéid is féidir, tugtar an tsaoirse do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbealach is iomchuí chun é sin a dhéanamh. Ós rud é go bhféadfaí cuid de na sonraí atá i gceist a éileamh agus measúnú a dhéanamh orthu freisin le haghaidh nósanna imeachta a bhaineann le tionscadail nach gcumhdaítear faoi rialachán GTE-F, molfar freisin go gcuirfear na hardáin sin ar bun mar ardán ilchuspóireach lena gcumhdaítear ceadú raon leathan sócmhainní fuinnimh (eangacha, píblínte, foinsí fuinnimh in-athnuaite, stóráil, etc.). Na seirbhísí poiblí a ndéanfadh na moltaí sin difear dóibh, is údaráis náisiúnta atá rannpháirteach i gceadú na sócmhainní fuinnimh a bheadh iontu uile, e.g. aireacht agus/nó gníomhaireachtaí fuinnimh, riarachán bardasach/áitiúil agus údaráis chomhshaoil. Dhéanfaí difear freisin do chomhlachtaí nó d’eintitis riaracháin atá freagrach as tuairim nó formheas a thabhairt maidir le tionscadail a dhéanann difear do phleanáil spásúlachta agus do láithreáin oidhreachta cultúrtha. |
4.5.Bearta chun tacú le cur chun feidhme digiteach
|
Baineann na bearta le Ceanglas 2, i.e. catagóir nua tarchuir neamhshreinge agus dhigitigh a thabhairt isteach le haghaidh Tionscadail Leasa Choitinn. Tá sé d’aidhm ag an gcatagóir sin dreasachtaí níos fearr a sholáthar d’oibreoirí córais tarchuir chun úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí feabhsaithe eangaí agus as teicneolaíochtaí digiteacha, chun éifeachtúlacht na húsáide eangaí a mhéadú agus chun an acmhainneacht tarchurtha trasteorann a mhéadú. Thairbheodh infheistíocht den sórt sin, dá ndeonófaí stádas Tionscadail Leasa Choitinn di, den cheadú luathaithe agus dá gcomhlíonfadh an tionscadal na coinníollacha uile is gá, féadfar iarratas a dhéanamh ina leith ar chistiú ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Ba cheart na bearta sin a bheith ina dtacaíocht le hardáin dhigiteacha a chur chun feidhme laistigh d’eangacha tarchurtha agus dáileacháin an Aontais. |
- (1) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú, COM(2025) 85 final
- (2) Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide
- (3) COM(2025) 524 final: Togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach
- (4) Artelys, LBST, Trinomics, Finesso, A. et al., Investment needs of European energy infrastructure to enable a decarbonised economy [Riachtanais infheistíochta atá ag bonneagar fuinnimh na hEorpa chun geilleagar dícharbónaithe a chumasú] , 2025; i gcás na n‑eangacha dáileacháin amháin, is gá EUR 730 billiún d’infheistíocht a dhéanamh iontu.
- (5) https://energy.ec.europa.eu/news/member-states-agree-new-ambition-expanding-offshore-renewable-energy-2024-12-18_en
- (6) https://commission.europa.eu/topics/eu-competitiveness/draghi-report_en#paragraph_ 47059
- (7) Conclúidí ón gComhairle Fuinnimh an 30 Bealtaine 2024 maidir le Bonneagar Eangaí Leictreachais Inbhuanaithe a Chur Chun Cinn, 10459/24
- (8) Comhairle an Aontais Eorpaigh, 10279/25
- (9) Conclúidí ón gComhairle Eorpach, mí an Mhárta 2025 EUCO 1/25
- (10) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Meitheamh 2025 ar eangacha leictreachais (2025/2006(INI))
- (11) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2025 ar bhuiséad fadtéarmach athchóirithe don Aontas i ndomhan atá ag athrú (2024/2051(INI)),
- (12) Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) (2024): Electricity infrastructure development to support a competitive and sustainable energy system [Forbairt an bhonneagair leictreachais chun tacú le córas fuinnimh iomaíoch inbhuanaithe](Tuarascáil Faireacháin 2024)
- (13) Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO-E) (2025), Plean Forbartha Gréasáin 10 mBliana (PFG10B) 2024. Opportunities for a more efficient European power system by 2050. [Deiseanna le haghaidh córas cumhachta Eorpach níos éifeachtúla faoi 2050]. Infrastructure Gaps Report [Tuarascáil maidir le Bearnaí sa Bhonneagar].
- (14) COM(2025) 79 final
- (15) COM(2023) 757 final
- (16) COM(2025) 547 final: Togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa le haghaidh 2028-2034
- (17) Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n‑aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle
- (18) Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS)
- (19) Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1366 ón gCoimisiún an 11 Márta 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chód gréasáin a bhunú i ndáil le rialacha earnáilsonracha maidir le gnéithe cibearshlándála de shreafaí leictreachais trasteorann
- (20) Mar shampla, ba cheart riachtanais an tionscail i dtéarmaí tomhaltas fuinnimh a léiriú go maith i bpleananna forbartha gréasáin náisiúnta agus, vice versa, tá gá leis an bpleanáil bonneagair a aithint sa bheartas tionsclaíoch i bhfianaise an ghá atá le bonneagar eangaí agus píblíne le haghaidh H2 agus CO2.
- (21) Treoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le rialacha comhchoiteanna do na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, do ghás nádúrtha agus do hidrigin, lena leasaítear Treoir (AE) 2023/1791 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/73/CE (athmhúnlú)
- (22) Féach Airteagal 22 de Rialachán GTE-F.
- (23) An Coimisiún Eorpach: Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh, ECORYS, Ramboll, REKK, Shepherd agus Wedderburn, Akkermans, F., Le Den, X., Heidecke, L., Jansen, L., Juárez, V., Kácsor, E., Mezősi, A., Nigohosyan, D., Nguyen, N., Rodger, S., Selei, A., Takácsné Tóth, B., Møller Thomsen, S., Til, H. v.Yagafarova, A., Support to the evaluation of Regulation (EU) No 347/2013 on guidelines for trans-European energy infrastructure – Final report [Tacaíocht don mheastóireacht ar Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh – Tuarascáil chríochnaitheach], Oifig na bhFoilseachán, 2021, https://data.europa.eu/doi/10.2833/154438
- (24) Bhí 20 % d’fhreagróirí neodrach agus níor chuir 35 % díobh aon tuairim in iúl (féach Iarscríbhinn 2 den Mheasúnú Tionchair).
- (25) Bhí 18 % d’fhreagróirí neodrach agus bhí 31 % díobh éiginnte (féach Iarscríbhinn 2 den Mheasúnú Tionchair)
- (26) Bhí 25 % d’fhreagróirí neodrach agus bhí 32 % díobh éiginnte (féach Iarscríbhinn 2 den Mheasúnú Tionchair).
- (27) Bhí 18 % d’fhreagróirí neodrach agus bhí 32 % díobh éiginnte (féach Iarscríbhinn 2 den Mheasúnú Tionchair).
- (28) Bhí 14 % d’fhreagróirí neodrach agus bhí 27 % díobh éiginnte (féach Iarscríbhinn 2 den Mheasúnú Tionchair).
- (29) Tuarascáil PFG10B 2024 maidir le bearnaí sa bhonneagar ón Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO don Leictreachas).
- (30) IO C , , lch. .
- (31) IO C , , lch. .
- (32) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 26 Feabhra 2025, ‘An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú’ (COM(2025) 85 final).
- (33) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 26 Feabhra 2025: ‘An Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne - Leas a bhaint as fíorluach ár nAontais Fuinnimh chun fuinneamh glan éifeachtúil inacmhainne a sholáthar do mhuintir uile na hEorpa’, COM(2025) 79 final.
- (34) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 29 Eanáir 2025, ‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach’ (COM(2025) 30 final).
- (35) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) ( IO L 243, 9.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1119/oj ).
- (36) Treoir (AE) 2023/2413 an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (IO L, 2023/2413, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2413/oj ).
- (37) Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/1791/oj ).
- (38) COM(2025) 524 final an 2 Iúil 2025.
- (39) ACER (2024): Bonneagar leictreachais a fhorbairt chun tacú le córas fuinnimh iomaíoch inbhuanaithe (Tuarascáil Faireacháin 2024)
- (40) Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO-E) (2025), Plean Forbartha Gréasáin 10 mBliana (PFG10B) 2024. Deiseanna le haghaidh córas cumhachta Eorpach níos éifeachtúla faoi 2050. Infrastructure Gaps Report [Tuarascáil maidir le Bearnaí sa Bhonneagar].
- (41) M. Draghi (2025): ‘Todhchaí iomaíochas na hEorpa’.
- (42) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 26 Feabhra 2025, ‘An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú’, COM(2025) 85 final.
- (43) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 26 Feabhra 2025, ‘An Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne: Leas a bhaint as fíorluach ár nAontais Fuinnimh chun fuinneamh glan éifeachtúil inacmhainne a sholáthar do mhuintir uile na hEorpa’ (COM(2025)79 final).
- (44) Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/869/oj ).
- (45) Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n‑aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (IO L 333, 27.12.2022, lch. 164, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2557/oj ).
- (46) Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/943/oj ).
- (47) Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/89/CE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/941/oj ).
- (48) Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79I, 21.3.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/452/oj ).
- (49) Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir leis na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, gás nádúrtha agus hidrigine, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1227/2011, (AE) 2017/1938, (AE) 2019/942 agus (AE) 2022/869 agus Cinneadh (AE) 2017/684 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L, 2024/1789, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1789/oj ).
- (50) Treoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le rialacha comhchoiteanna do na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, do ghás nádúrtha agus do hidrigin, lena leasaítear Treoir (AE) 2023/1791 agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/73/CE (IO L, 2024/1788, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1788/oj ).
- (51) Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj ).
- (52) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/852/oj ).
- (53) Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/944/oj ).
- (54) Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/92/oj http://data.europa.eu/eli/dir/2011/93/oj ).
- (55) Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30, http://data.europa.eu/eli/dir/2001/42/oj ).
- (56) Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat do phleanáil spásúil mhuirí (IO L 257, 28.8.2014, lch. 135, http://data.europa.eu/eli/dir/2014/89/oj )
- (57) IO L 124, 17.5.2005, lch. 4
- (58) IO C 104, 24.4.1992, lch. 7
- (59) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 24 Deireadh Fómhair 2023, Uaillmhianta an Aontais a bhaint amach maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta (COM(2023) 668 final.
- (60) Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014 (IO L 249, 14.7.2021, lch. 38, http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1153/oj ).
- (61) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2020 lena mbunaítear sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite (IO L 303, 17.9.2020, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1294/oj ).
- (62) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj ).
- (63) Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 158, 14.6.2019, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/942/oj.)
- (64) Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj ).
- (65) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/2001/oj).
- (66) [tagairt don Rialachán maidir le dlús a chur le measúnuithe comhshaoil]
- (67) Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le coinníollacha rochtana ar an ngréasán um malartuithe trasteorann sa leictreachas agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/714/oj ).
- (68) Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/347/oj).
- (69) Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010, (IO L 348, 20.12.2013) lch. 129, http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1316/oj .
- (70) Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2), pointe (a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
- (71) Cé nach gcumhdaíonn an ráiteas reachtach airgeadais agus digiteach seo ach CAI 2021-2027, meastar go mbeidh tionchar airgeadais ag an togra tar éis 2027,
- (72) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
- (73) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
- (74) Tíortha is iarrthóirí agus, i gcás inarb infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar arb iarrthóirí ionchasacha iad.
- (75) Is méideanna táscacha iad na méideanna tar éis 2027 agus ní dhéantar réamhbhreithiúnas leo ar thoradh na caibidlíochta atá ar siúl faoi láthair maidir leis an gcéad CAI eile.
- (76) Tiomnófar cuid de na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa do Chomhaontú Riaracháin leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde le haghaidh na 9 gcoibhéis lánaimseartha (leithreasú faoi chomhair gealltanas) mar a léirítear i Roinn 1.5.1
- (77) Meastacháin bunaithe ar mheánchostais foirne is infheidhme ó 2026 ar aghaidh agus a chomhfhreagraíonn do cheathrar oifigeach sa chatagóir ábhartha atá le hath-imlonnú laistigh den Airmheán Comhpháirteach Taighde.
- (78) Leanfar den chaiteachas riaracháin sin sa chéad CAI eile.
- (79) Is éard atá in aschuir táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: an líon malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a tógadh, etc.).
- (80) Mar a thuairiscítear i Roinn 1.3.2. ‘Cuspóirí sonracha’
- (81) Ós rud é go gcumhdóidh na coibhéisí lánaimseartha breise cúraimí nua a shannfar don Choimisiún, níl coibhéisí lánaimseartha ann faoi láthair atá sannta do bhainistiú an bhirt cheana féin nó ar féidir iad a ath-imlonnú laistigh den Ard-Stiúrthóireacht a mhéid a bhaineann leis an Ard-Stiúrthóireacht um Fhuinneamh.
- (82) Mar a léiríodh níos luaithe, tá tréimhse neamhtheoranta ag an togra agus beidh na riachtanais acmhainní ann tar éis 2027 faoi CAI 2028-2034 freisin.
- (83) Figiúr do CAI 2028-2034 ina iomláine
- (84) A mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,10.12.2025
COM(2025) 1006 final
IARSCRÍBHINNÍ
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/942, (AE) 2019/943 agus (AE) 2024/1789, agus lena n-aisghairtear Rialachan (AE) 2022/869
{SEC(2025) 2000 final} - {SWD(2025) 2000 final} - {SWD(2025) 2001 final}
IARSCRÍBHINN I
CONAIRÍ AGUS RÉIMSÍ TOSAÍOCHTA BONNEAGAIR FUINNIMH
(dá dtagraítear in Airteagal 1(1))
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na conairí agus réimsí tosaíochta seo a leanas i ndáil le bonneagar tras-Eorpach fuinnimh:
1.CONAIRÍ TOSAÍOCHTA LEICTREACHAIS
(1)Idirnaisc leictreachais Thuaidh-Theas in Iarthar na hEorpa (NSI West Electricity): idirnaisc idir Ballstáit an réigiúin agus limistéar na Meánmhara lena n‑áirítear leithinis na hIbéire, go háirithe chun leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú, bonneagair eangaí inmheánaí a athneartú chun comhtháthú margaidh sa réigiún a chothú agus chun deireadh a chur le leithlisiú na hÉireann, chun slándáil an tsoláthair fuinnimh agus slándáil ghréasáin a mhéadú, agus a áirithiú go ndéanfar na faduithe is gá ar eangacha amach ón gcósta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite agus na hathneartuithe is gá ar an eangach ar tír chun eangach tarchurtha leormhaith agus iontaofa a áirithiú agus chun leictreachas arna ghiniúint amach ón gcósta a sholáthar do Bhallstáit thalamhiata.
Na Ballstáit lena mbaineann: an Bheilg, an Danmhairg, an Ghearmáin, Éire, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Ostair agus an Phortaingéil.
(2)Idirnaisc leictreachais Thuaidh-Theas i Lár na hEorpa Thoir agus in Oirdheisceart na hEorpa (NSI East Electricity): idirnaisc agus línte inmheánacha i dtreonna Thuaidh-Theas agus Soir-Siar chun an margadh inmheánach a chur i gcrích, chun giniúint ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú agus chun deireadh a chur le leithlisiú na Cipire, chun slándáil an tsoláthair fuinnimh agus slándáil ghréasáin a mhéadú, agus a áirithiú go ndéanfar na faduithe is gá ar eangacha amach ón gcósta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite agus na hathneartuithe is gá ar an eangach ar tír chun eangach tarchurtha leormhaith agus iontaofa a áirithiú agus chun leictreachas arna ghiniúint amach ón gcósta a sholáthar do Bhallstáit thalamhiata.
Na Ballstáit lena mbaineann: an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Chróit, an Ghréig, an Chipir, an Iodáil, an Ungáir, an Ostair, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic.
(3)Plean Idirnaisc don Mhargadh Baltach Fuinnimh sa leictreachas (BEMIP Electricity): idirnaisc idir na Ballstáit agus línte inmheánacha sa réigiún Baltach, chun comhtháthú an mhargaidh a chothú agus an sciar den fhuinneamh in-athnuaite atá ag dul i méid sa réigiún a chomhtháthú ag an am céanna, agus chun slándáil an tsoláthair fuinnimh agus slándáil ghréasáin a mhéadú.
Na Ballstáit lena mbaineann: An Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Fhionlainn agus an tSualainn.
2.CONAIRÍ TOSAÍOCHTA EANGAÍ AMACH ÓN gCÓSTA
(4)Eangacha amach ón gcósta na bhfarraigí thuaidh (NSOG): forbairt eangaí leictreachais amach ón gcósta, eangaí comhtháite leictreachais amach ón gcósta, agus, i gcás inarb iomchuí, forbairt eangaí hidrigine agus na hidirnascairí gaolmhara sa Mhuir Thuaidh, i Muir Éireann, sa Mhuir Cheilteach, i Muir nIocht, agus in uiscí comharsanachta chun leictreachas nó, i gcás inarb iomchuí, hidrigin a iompar ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh amach ón gcósta chuig lárionaid ídithe agus stórála nó chun malartú fuinnimh in-athnuaite trasteorann a mhéadú.
Na Ballstáit lena mbaineann: an Bheilg, an Danmhairg, an Ghearmáin, Éire, an Fhrainc, Lucsamburg, an Ísiltír, agus an tSualainn.
(5)Plean Idirnaisc don Mhargadh Baltach Fuinnimh i dtaca le heangaí amach ón gcósta (‘BEMIP offshore’): forbairt eangaí leictreachais amach ón gcósta, eangaí comhtháite leictreachais amach ón gcósta, agus, i gcás inarb iomchuí, forbairt eangaí hidrigine agus na hidirnascairí gaolmhara i Muir Bhailt agus in uiscí comharsanachta chun leictreachas nó, i gcás inarb iomchuí, hidrigin a iompar ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh amach ón gcósta chuig lárionaid ídithe agus stórála nó chun malartú fuinnimh in-athnuaite trasteorann a mhéadú.
Na Ballstáit lena mbaineann: An Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Fhionlainn agus an tSualainn.
(6)Eangaí amach ón gcósta an Deiscirt agus an Iarthair (‘SW offshore’): forbairt eangaí leictreachais amach ón gcósta, eangaí comhtháite leictreachais amach ón gcósta, agus, i gcás inarb iomchuí, forbairt eangaí hidrigine agus na hidirnascairí gaolmhara sa Mheánmhuir, lena n‑áirítear Murascaill Cadiz, agus in uiscí comharsanachta chun leictreachas nó, i gcás inarb iomchuí, hidrigin a iompar ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh amach ón gcósta chuig lárionaid ídithe agus stórála nó chun malartú fuinnimh in-athnuaite trasteorann a mhéadú.
Na Ballstáit lena mbaineann: an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, Málta agus an Phortaingéil.
(7)Eangacha amach ón gcósta an Deiscirt agus an Oirthir (‘SE offshore’): forbairt eangaí leictreachais amach ón gcósta, eangaí comhtháite leictreachais amach ón gcósta, agus, i gcás inarb iomchuí, forbairt eangaí hidrigine agus na hidirnascairí gaolmhara sa Mheánmhuir, sa Mhuir Dhubh agus in uiscí comharsanachta chun leictreachas nó, i gcás inarb iomchuí, hidrigin a iompar ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh amach ón gcósta chuig lárionaid ídithe agus stórála nó chun malartú fuinnimh in-athnuaite trasteorann a mhéadú.
Na Ballstáit lena mbaineann: an Bhulgáir, an Chróit, an Ghréig, an Iodáil, an Chipir, an Rómáin agus an tSlóivéin.
(8)Eangacha amach ón gcósta san Atlantach: forbairt eangaí leictreachais amach ón gcósta, forbairt eangaí comhtháite leictreachais amach ón gcósta agus na hidirnascairí gaolmhara san Aigéan Atlantach Thuaidh chun leictreachas a iompar ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta chuig lárionaid ídithe agus stórála agus chun malartú leictreachais trasteorann a mhéadú.
Na Ballstáit lena mbaineann: Éire, an Spáinn, an Fhrainc agus an Phortaingéil.
3.CONAIRÍ TOSAÍOCHTA LE hAGHAIDH HIDRIGINE AGUS LEICTREALÓIRÍ
(9)Idirnaisc hidrigine in Iarthar na hEorpa (‘HI West’): bonneagar hidrigine agus athrú cuspóra an bhonneagair gáis, le go mbeidh cnámh droma comhtháite hidrigine ann lena nascfar, go díreach nó go hindíreach (trí idirnasc le tríú tír), tíortha an réigiúin le chéile agus go dtabharfar aghaidh ar a riachtanais bhonneagair shonracha le haghaidh hidrigine, rud a thacóidh le teacht chun cinn gréasáin uile-Aontais don iompar hidrigine san Aontas.
Leictrealóirí: tacaíonn le feidhmeanna iompair gáis a fhaightear ó leictreachas a úsáid arb é is aidhm dóibh laghduithe ar ghás ceaptha teasa a chumasú agus rannchuidiú le hoibriú córais a bheidh slán, éifeachtúil agus iontaofa agus leis an gcóras fuinnimh chliste a chomhtháthú san Aontas.
Na Ballstáit lena mbaineann: An Bheilg, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, Éire. An Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Ostair agus an Phortaingéil.
(10)Idirnaisc hidrigine i Lár na hEorpa Thoir agus in Oirdheisceart na hEorpa (HI East): bonneagar hidrigine agus athrú cuspóra an bhonneagair gáis, le go mbeidh cnámh droma comhtháite hidrigine ann lena nascfar, go díreach nó go hindíreach (trí idirnasc le tríú tír), tíortha an réigiúin le chéile agus go dtabharfar aghaidh ar a riachtanais bhonneagair shonracha le haghaidh hidrigine, rud a thacóidh le teacht chun cinn gréasáin uile-Aontais don iompar hidrigine san Aontas.
Leictrealóirí: tacaíonn le feidhmeanna iompair gáis a fhaightear ó leictreachas a úsáid arb é is aidhm dóibh laghduithe ar ghás ceaptha teasa a chumasú agus rannchuidiú le hoibriú córais a bheidh slán, éifeachtúil agus iontaofa agus leis an gcóras fuinnimh chliste a chomhtháthú san Aontas.
Na Ballstáit lena mbaineann: an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Ghréig, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Ungáir, an Ostair, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic.
(11)Plean Idirnaisc don Mhargadh Baltach Fuinnimh i dtaca le hidrigin (BEMIP Hydrogen): bonneagar hidrigine agus athrú cuspóra an bhonneagair gáis, le go mbeidh cnámh droma comhtháite hidrigine ann lena nascfar, go díreach nó go hindíreach (trí idirnasc le tríú tír), tíortha an réigiúin le chéile agus go dtabharfar aghaidh ar a riachtanais bhonneagair shonracha le haghaidh hidrigine, rud a thacóidh le teacht chun cinn gréasáin uile-Aontais don iompar hidrigine san Aontas.
Leictrealóirí: tacaíonn le feidhmeanna iompair gáis a fhaightear ó leictreachas a úsáid arb é is aidhm dóibh laghduithe ar ghás ceaptha teasa a chumasú agus rannchuidiú le hoibriú córais a bheidh slán, éifeachtúil agus iontaofa agus leis an gcóras fuinnimh chliste a chomhtháthú san Aontas.
Na Ballstáit lena mbaineann: An Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Fhionlainn agus an tSualainn.
4.RÉIMSÍ TÉAMACHA TOSAÍOCHTA
(12)Úsáid eangach leictreachais cliste: teicneolaíochtaí eangaí cliste a ghlacadh ar fud an Aontais chun iompar agus gníomhaíochtaí na n‑úsáideoirí uile atá nasctha leis an ngréasán leictreachais a chomhtháthú go héifeachtúil, go háirithe giniúint méideanna móra leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh nó leithdháilte fuinnimh agus freagairt ar éileamh ó thomhaltóirí, stóráil fuinnimh, feithiclí leictreacha agus foinsí solúbthachta eile atá ar fáil agus, sa bhreis air sin, maidir leis na hoileáin agus córais na n‑oileán, leithlisiú fuinnimh a laghdú, tacú le réitigh nuálacha agus eile a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leo ag a mbeidh dea-thionchar suntasach maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus le hinbhuanaitheacht an Aontais.
Na Ballstáit lena mbaineann: gach Ballstát.
(13)Gréasán dé-ocsaíde carbóin trasteorann: bonneagar a fhorbairt chun dé-ocsaíd charbóin a iompar agus a stóráil idir na Ballstáit agus le tríú tíortha comharsanachta, ar bonneagar é lena ndéantar dé-ocsaíd charbóin a ghabháil agus a stóráil, arna gabháil ó shuiteálacha tionsclaíocha ar mhaithe le buanstóráil gheolaíoch chomh maith le dé-ocsaíd charbóin a úsáid le haghaidh gáis bhreosla shintéisigh lena ndéantar dé-ocsaíd charbóin a neodrú go buan.
Na Ballstáit lena mbaineann: gach Ballstát.
IARSCRÍBHINN II
CATAGÓIRÍ BONNEAGAIR FUINNIMH
Is iad seo a leanas na catagóirí bonneagair fuinnimh atá le forbairt chun na tosaíochtaí bonneagair fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chur chun feidhme:
(1)maidir le leictreachas:
(a)línte tarchurtha lasnairde ardvoltais agus fíor-ardvoltais a thrasnaíonn teorainn nó laistigh de chríoch Ballstáit, lena n‑áirítear an limistéar eacnamaíoch eisiach, más rud é gur dearadh iad le haghaidh voltais de 220 kV nó níos mó, agus cáblaí tarchurtha faoi thalamh agus fomhuirí, más rud é gur dearadh iad le haghaidh voltais de 150 kV nó níos mó. I gcás Ballstáit agus córais bheaga scoite a bhfuil córas tarchurtha foriomlán de voltas níos ísle acu, is ionann na tairseacha voltais sin agus an leibhéal voltais is airde ina gcórais leictreachais faoi seach;
(b)aon trealamh nó aon suiteáil a thagann faoi chuimsiú na catagóire bonneagair fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (a) lena gcumasaítear tarchur leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta ó láithreáin ghiniúna amach ón gcósta (bonneagar fuinnimh le haghaidh leictreachas in-athnuaite amach ón gcósta);
(c)saoráidí stórála fuinnimh, i bhfoirm aonair nó i bhfoirm chomhbhailithe, a úsáidtear chun fuinneamh a stóráil ar bhonn buan nó ar bhonn sealadach i mbonneagar os cionn talún nó faoi thalamh nó ar láithreáin gheolaíocha, ar choinníoll go bhfuil siad ceangailte go díreach de línte tarchurtha ardvoltais agus línte dáileacháin a ceapadh le haghaidh voltais de 110 kV nó níos mó. I gcás Ballstáit agus córais bheaga scoite a bhfuil córas tarchurtha foriomlán de voltas níos ísle acu, is ionann na tairseacha voltais sin agus an leibhéal voltais is airde ina gcórais leictreachais faoi seach;
(d)aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair na gcóras dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) chun na córais a fheidhmiú go slán sábháilte éifeachtúil, lena trealamh cosanta, athléimneachta, faireacháin, rialaithe agus digitithe, nó suiteáil chosanta, athléimneachta, faireacháin, rialaithe agus digitithe, ar gach leibhéal voltais agus ag gach fostáisiún;
(e)aon trealamh nó suiteáil, atá deartha go sonrach chun cosaint agus athléimneacht a sholáthar d’eilimintí criticiúla gréasáin atá ann cheana de bhun Rialachán (AE) 2019/943, atá nasctha go fisiceach agus go díreach leo, agus atá fíor-riachtanach chun na córais a oibriú go sábháilte, go slán agus go héifeachtúil;
(f)aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair eilimintí líonra ardvoltais atá ann cheana chun na córais a oibriú go sábháilte agus go héifeachtúil, agus ar trealamh nó suiteáil faireacháin, rialaithe nó digitithe iad;
(g)eangacha cliste fuinnimh: aon trealamh nó suiteáil, córais dhigiteacha agus comhpháirteanna lena gcomhtháthaítear teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC), trí ardáin dhigiteacha oibríochtúla, córais rialaithe agus teicneolaíochtaí braite ar an leibhéal tarchurtha agus ar leibhéal dáileacháin meánvoltais agus ardvoltais araon, arb é is aidhm dóibh gréasán tarchurtha agus dáileacháin leictreachais níos éifeachtúla agus níos cliste a áirithiú, acmhainneacht mhéadaithe chun cineálacha nua giniúna, stórála fuinnimh agus ídithe a chomhtháthú agus trí shamhlacha nua gnó agus struchtúir mhargaidh a éascú, lena n‑áirítear infheistíochtaí in oileáin agus i gcórais oileánda chun leithlisiú fuinnimh a laghdú, chun tacú le réitigh nuálacha agus eile ina bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad a bhfuil tionchar suntasach dearfach acu ar spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais agus ar a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus chóras fuinnimh an Aontais;
(h)eangacha amach ón gcósta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite: aon trealamh nó suiteáil a thagann faoi chatagóir an bhonneagair fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (a) atá défheidhmiúil: idirnascadh agus córas nasctha eangaí amach ón gcósta ó láithreáin ghiniúna in-athnuaite amach ón gcósta chuig dhá Bhallstát nó níos mó agus tríú tír, lena n‑áirítear an trealamh sin a shíneadh ar tír chomh fada leis an gcéad fhostáisiún sa chóras tarchurtha ar tír, chomh maith le haon trealamh nó suiteáil cóngarach amach ón gcósta atá riachtanach chun oibriú go sábháilte, go slán agus go héifeachtúil, lena n‑áirítear córais chosanta, faireacháin agus rialaithe, agus fostáisiúin riachtanacha má áirithíonn siad freisin idir-inoibritheacht na teicneolaíochta, inter alia, comhoiriúnacht na gcomhéadan idir teicneolaíochtaí éagsúla ;
(2)maidir le hidrigin:
(a)píblínte chun hidrigin a iompar, go príomha faoi ardbhrú, lena n‑áirítear bonneagar gáis nádúrtha ar athraíodh a chuspóir, lena dtugtar rochtain d’ilúsáideoirí gréasáin ar bhonn trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach;
(b)saoráidí stórála atá nasctha leis na píblínte hidrigine ardbhrú dá dtagraítear i bpointe (a);
(c)saoráidí glactha, stórála agus athghásaithe nó dí-chomhbhrúite le haghaidh hidrigin leachtaithe nó hidrigin atá leabaithe i substaintí ceimiceacha eile agus é de chuspóir an hidrigin a instealladh, i gcás inarb infheidhme, isteach san eangach;
(d)aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair fheidhmiú sábháilte, slán agus éifeachtúil an chórais hidrigine nó atá riachtanach chun acmhainneacht dhéthreoch a chumasú, lena n‑áirítear stáisiúin chomhbhrúiteora;
Féadfaidh aon cheann de na sócmhainní a liostaítear i bpointí (a), go (d) a bheith ina sócmhainn nuathógtha nó ina sócmhainn gáis nádúrtha ar athraíodh a cuspóir chun sócmhainn hidrigine a dhéanamh di, nó a bheith ina teaglaim den dá rud;
(3)maidir le saoráidí leictrealóra:
(a)leictrealóirí:
(i) a bhfuil acmhainneacht 500 MW ar a laghad acu, arna soláthair ag leictrealóir amháin nó ag sraith leictrealóirí atá ina dtionscadal comhordaithe aonair; agus
(ii) go gcáilíonn an táirgeadh mar hidrigin ísealcharbóin i gcomhréir le Treoir (AE) 2024/1788 i gcás hidrigin ísealcharbóin nó breosla in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001; agus
(iii) a bhfuil feidhm acu a bhaineann leis an ngréasán le haghaidh na ngréasán leictreachais agus hidrigine araon, go háirithe d’fhonn solúbthacht fhoriomlán chórais agus éifeachtúlacht fhoriomlán chórais don dá ghréasán a bhaint amach.
(b)trealamh gaolmhar, lena n‑áirítear nasc píblíne leis an ngréasán.
(4)maidir le dé-ocsaíd charbóin:
(a)píblínte tiomnaithe, seachas gréasán píblínte réamhtheachtach, a úsáidtear chun dé-ocsaíd charbóin a iompar ó níos mó ná foinse amháin, ar mhaithe le stóráil bhuan gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin de bhun Threoir 2009/31/CE;
(b)saoráidí seasta do leachtú, stóráil mhaolánach agus tiontairí dé-ocsaíde carbóin d’fhonn í a iompar ina dhiaidh sin trí phíblínte agus i modhanna tiomnaithe iompair amhail long, báirse, trucail agus traein;
(c)gan dochar d’aon toirmeasc ar stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin i mBallstát, saoráidí dromchla agus insteallta a bhaineann le bonneagar laistigh d’fhoirmiú geolaíoch a úsáidtear, i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE, le haghaidh buanstóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin, i gcás nach mbaineann siad le dé-ocsaíd charbóin a úsáid le haghaidh gnóthú hidreacarbón faoi spreagadh agus a bhfuil gá leo chun iompar agus stóráil trasteorann dé-ocsaíde carbóin a cheadú;
(d)aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair fheidhmiú cuí, slán agus éifeachtúil an chórais i dtrácht, lena n‑áirítear córais chosanta, faireacháin agus rialaithe.
IARSCRÍBHINN III
LIOSTAÍ RÉIGIÚNACHA TIONSCADAL
1.RIALACHA DO GHRÚPAÍ
(1)Maidir le bonneagar fuinnimh a thagann faoi inniúlacht údarás rialála náisiúnta, i ngach Grúpa beidh ionadaithe ó na Ballstáit, ó na húdaráis rialála náisiúnta, ó na OCTanna, chomh maith le hionadaithe ón gCoimisiún, ón nGníomhaireacht, ó eintiteas AE do OCDanna agus ón ENTSO eile le haghaidh Leictreachais nó ón Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin Hidrigine.
Maidir le catagóirí eile bonneagair fuinnimh, i ngach Grúpa beidh ionadaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit, tionscnóirí tionscadail a bhaineann le gach ceann de na tosaíochtaí ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
(2)Ag brath ar líon na dtionscadal iarrthach ar liosta an Aontais, ar bhearnaí sa bhonneagar réigiúnach agus ar fhorbairtí, féadfaidh na Grúpaí agus comhlachtaí cinnteoireachta na nGrúpaí foirmíochtaí éagsúla a roinnt, a chumasc nó teacht le chéile iontu, de réir mar is gá, chun plé a dhéanamh ar ábhair is coiteann do na Grúpaí uile trí bhíthin an Ghrúpa GTE-F, nó a bhaineann le réigiúin ar leith, agus leo amháin. Féadfar a áireamh leis na nithe sin saincheisteanna atá ábhartha do chomhsheasmhacht thrasréigiúnach nó an líon tionscadal beartaithe ar na dréachtliostaí réigiúnacha atá i mbaol éirí doláimhsithe.
(3)Eagróidh gach Grúpa a chuid oibre i gcomhréir le hiarrachtaí comhair réigiúnaigh de bhun Airteagail 31 agus 65 de Rialachán (AE) 2024/1789, Airteagal 80 de Rialachán (AE) 2024/1788, Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/943, agus Airteagal 61 de Threoir (AE) 2019/944, agus struchtúir chomhair réigiúnaigh eile atá ann cheana.
(4)Tabharfaidh gach Grúpa cuireadh, de réir mar is iomchuí chun na conairí agus réimsí tosaíochta ábhartha maidir le bonneagar fuinnimh a ainmnítear in Iarscríbhinn I a chur chun feidhme, do thionscnóirí tionscadail a d’fhéadfadh a bheith incháilithe le haghaidh roghnúcháin mar thionscadal leasa choitinn nó mar thionscadail chomhleasa, mar aon le hionadaithe riarachán náisiúnta, údarás rialála, na sochaí sibhialta, agus OCTanna ó thríú tíortha.
(5)I gcás na gconairí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, tabharfaidh gach Grúpa cuireadh, de réir mar is iomchuí, d’ionadaithe ó na Ballstáit thalamhiata, ó na húdaráis inniúla, ó na húdaráis rialála náisiúnta agus ó OCTanna.
(6)Tabharfaidh gach Grúpa cuireadh chuig na cruinnithe, de réir mar is iomchuí, do na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na páirtithe leasmhara ábhartha, lena n‑áirítear ionadaithe ó thríú tíortha, agus, i gcás ina meastar gurb iomchuí, go díreach do na páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear táirgeoirí, OCDanna, soláthraithe, tomhaltóirí, pobail áitiúla agus eagraíochtaí cosanta comhshaoil atá bunaithe san Aontas chun a saineolas sonrach a chur in iúl. Eagróidh gach Grúpa éisteachtaí nó comhairliúcháin i gcás inarb ábhartha ar mhaithe lena chúraimí a chur i gcrích.
(7)Maidir le cruinnithe na nGrúpaí, déanfaidh an Coimisiún na rialacha inmheánacha, liosta nuashonraithe de bhalleagraíochtaí, faisnéis a nuashonraítear go tráthrialta maidir le dul chun cinn na hoibre, cláir oibre na gcruinnithe, chomh maith le miontuairiscí cruinnithe, i gcás ina mbeidh fáil orthu, a fhoilsiú ar ardán atá inrochtana do pháirtithe leasmhara. Beidh plé chomhlachtaí cinnteoireachta na nGrúpaí agus rangú na dtionscadal faoi rún, i gcomhréir le hAirteagal 4(5). Is trí chomhthoil idir na Ballstáit agus an Coimisiún a dhéanfar na cinntí uile a bhaineann le feidhmiú agus le hobair na nGrúpaí.
(8)Féachfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na Grúpaí le comhsheasmhacht a bhaint amach idir na Grúpaí. Chuige sin, áiritheoidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht, nuair is ábhartha, malartú faisnéise faoin obair go léir lena ndéantar ionadaíocht ar leas idir-réigiúnach idir na Grúpaí lena mbaineann.
(9)Ní dhéanfaidh rannpháirtíocht na n‑údarás rialála náisiúnta agus na Gníomhaireachta sna Grúpaí dochar do chomhlíonadh a gcuspóirí agus a ndualgas faoin Rialachán seo nó faoi Rialachán (AE) 2019/942, Airteagail 77, 78 agus 79 de Threoir (AE) 2024/1788 agus Airteagail 58, 59 agus 60 de Threoir (AE) 2019/944.
2.PRÓISEAS CHUN LIOSTAÍ RÉIGIÚNACHA A BHUNÚ
(1)Maidir le tionscnóirí tionscadail a d’fhéadfadh a bheith incháilithe lena roghnú mar thionscadal ar liosta an Aontais ar mian leo an stádas sin a fháil, cuirfidh siad iarratas ar roghnú mar thionscadal ar liosta an Aontais faoi bhráid an Ghrúpa lena n‑áirítear:
(a)measúnú ar a dtionscadail maidir leis an dóigh a gcuireann siad le cur chun feidhme na dtosaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I;
(b)léiriú na catagóire tionscadail ábhartha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II;
(c)anailís ar chomhlíonadh na gcritéar ábhartha a leagtar síos in Airteagal 4;
(d)i gcás tionscadail a bhfuil leibhéal leordhóthanach aibíochta bainte amach acu, anailís ar chostais agus tairbhí, atá comhsheasmhach leis na modheolaíochtaí de bhun Airteagal 14, agus ar anailís í, i gcás catagóirí bonneagair fuinnimh a bhaineann le leictreachas a thagann faoi phointí 1 (a), (b), (c), (d), (f), (h) d’Iarscríbhinn II, le hidrigin a thagann faoi phointe 2 d’Iarscríbhinn II, agus le leictrealóirí a thagann faoi phointe 3 d’Iarscríbhinn II, a rinne ENTSO-E nó Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin Hidrigine, de réir mar is infheidhme, faoi chuimsiú an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais;
(e)faisnéis maidir lena n‑úinéirí deiridh is tairbhithe agus a struchtúr úinéireachta inmheánaí lena ndéileálfaidh an Coimisiún agus comhaltaí an chomhlachta cinnteoireachta ardleibhéil mar fhaisnéis rúnda, ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó na tionscnóirí tionscadail, i gcás rúin ghnó/faisnéis tráchtála;
(f)i gcás tionscadail chomhleasa, comhaontuithe neamhcheangailteacha tionscadal-shonracha idir rialtais na dtíortha a ndéantar difear díreach dóibh nó litreacha tacaíochta ó na rialtais sin ina gcuirtear in iúl go dtacaíonn siad go sainráite leis an tionscadal agus, i gcás an tríú tír, ina ndeimhnítear a ngealltanas sainráite amlíne chomhchosúil a chomhlíonadh le haghaidh cur chun feidhme brostaithe agus bearta tacaíochta beartais agus rialála eile is infheidhme maidir le tionscadail leasa choitinn san Aontas de bhun Airteagal 4(2), pointe (f), agus, i gcás catagóirí bonneagair fuinnimh a bhaineann le leictreachas a thagann faoi phointí 1(a), (d) nó (h), réamhstaidéar slándála agus cobhsaíochta eangaí ó na hoibreoirí córais tarchuir lena ndeimhnítear gur féidir an tionscadal a chomhtháthú go hiomlán i líonraí leictreachais na dtíortha lena mbaineann;
(g)aon fhaisnéis ábhartha eile le haghaidh mheastóireacht an tionscadail.
(2)Tionscadail ar liosta an Aontais a bhfuil formheas rialála nó cinneadh infheistíochta deiridh faighte acu a thugann dearbhú leordhóthanach go bhfuil an tionscadal á thógáil, nó tionscadail a bhfuil tógáil ar siúl ina leith agus a léiríonn dul chun cinn leordhóthanach sa tuarascáil bhliantúil uathu a cheanglaítear faoi Airteagal 5, fanfaidh siad ar liosta an Aontais agus ní cheanglófar orthu faisnéis a chur isteach arís de bhun phointí (a) go (f) ná de bhun phointe 1. Áiritheoidh gach faighteoir go gcoinneofar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de faoi rún.
(3)Beidh na tionscadail tarchurtha agus stórála leictreachais atá beartaithe ar tionscadail leasa choitinn agus tionscadail chomhleasa iad agus a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(a), (b), (c), (d), (f), agus (h) a ghabhann le hIarscríbhinn II den Rialachán seo, de réir mar is ábhartha, ina gcuid den phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais is déanaí atá ar fáil do leictreachas, arna fhorbairt ag an ENTSO don Leictreachas de bhun Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2019/943. Na tionscadail tarchurtha leictreachais atá beartaithe ar tionscadail leasa choitinn iad agus a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointí (1)(b) agus (h) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, beidh siad comhsheasmhach leis an bhforbairt chomhtháite gréasáin amach ón gcósta agus leis na hathneartuithe ar an eangach dá dtagraítear in Airteagal 15(2) den Rialachán seo.
(4)Maidir leis na tionscadail leasa choitinn hidrigine atá beartaithe agus na tionscadail chomhleasa a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (2) agus (3) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, beidh siad ina gcuid den phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais is déanaí atá ar fáil don hidrigin, arna fhorbairt ag Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin Hidrigin de bhun Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2024/1789.
(5)Faoin 30 Meitheamh 2027, agus ina dhiaidh sin, i gcás gach plean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, eiseoidh an ENTSO don Leictreachas agus Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin Hidrigine treoirlínte nuashonraithe maidir le tionscadail a áireamh ina bplean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais féin dá dtagraítear i bpointí (3) agus (4) chun cóir chomhionann agus trédhearcacht an phróisis a áirithiú. I gcás na dtionscadal uile ar liosta an Aontais i bhfeidhm ag an am, bunóidh na treoirlínte próiseas simplithe chun iad a áireamh sna pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, agus na doiciméid agus na sonraí a tíolacadh cheana le linn phróisis an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais roimhe sin á gcur san áireamh, ar choinníoll go mbeidh na doiciméid agus na sonraí a tíolacadh cheana fós bailí.
Rachaidh an ENTSO don Leictreachas agus Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin Hidrigine i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis an nGníomhaireacht faoina ndréacht-treoirlínte féin maidir le tionscadail a áireamh sna pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais agus tabharfaidh siad aird chuí ar na moltaí ón gCoimisiún agus ón nGníomhaireacht sula bhfoilseofar na treoirlínte deiridh.
(6)Cuirfidh an ENTSO don Leictreachas agus Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin Hidrigine faisnéis ar fáil don Ghrúpa GTE-F faoin gcaoi ar chuir siad na treoirlínte i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar a gcuimsiú sna pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais.
(7)Maidir le tionscadail bheartaithe iompair agus stórála dé-ocsaíde carbóin a thagann faoi chatagóir an bhonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (4) d’Iarscríbhinn II, cuirfear i láthair iad mar chuid de phlean, arna fhorbairt ag dhá Bhallstát ar a laghad, d’fhonn bonneagar trasteorann iompair agus stórála dé-ocsaíde carbóin a fhorbairt, a chuirfidh na Ballstáit lena mbaineann nó na heintitis arna n‑ainmniú ag na Ballstáit sin faoi bhráid an Choimisiúin.
(8)I gcás tionscadail a thagann faoina n‑inniúlacht, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus an Ghníomhaireacht, agus comhar réigiúnach á chur san áireamh acu de bhun Airteagal 80 de Threoir (AE) 2024/1788 agus Airteagal 61 de Threoir (AE) 2019/944, seiceáil ar chur i bhfeidhm comhsheasmhach na gcritéar agus ar mhodheolaíocht na hanailíse costais is tairbhe a bhaineann go sonrach le tionscadal de bhun Airteagal 14 den Rialachán seo, agus déanfaidh siad meastóireacht ar ábharthacht trasteorann na dtionscadal agus ar an dul chun cinn atá déanta maidir le tionscadail ar liosta an Aontais, agus na tuarascálacha arna dtíolacadh de bhun Airteagal 5(4) den Rialachán seo á gcur san áireamh. Déanfaidh siad a measúnú a thíolacadh don Ghrúpa. Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na critéir agus na modheolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo agus in Iarscríbhinn IV i bhfeidhm ar bhealach comhchuibhithe chun comhsheasmhacht a áirithiú sna grúpaí réigiúnacha.
(9)I gcás na dtionscadal uile nach gcumhdaítear i bpointe (8) den Iarscríbhinn seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin an fhéidearthacht a bhaineann lena leathnú amach anseo chun Ballstáit bhreise a chur san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú a thíolacadh don Ghrúpa. I gcás na dtionscadal a chuireann isteach ar stádas tionscadal comhleasa, tabharfar cuireadh d’ionadaithe ó thríú tíortha agus d’údaráis rialála chuig cur i láthair an mheasúnaithe.
(10)Maidir le gach Ballstát nach mbaineann tionscadal atá beartaithe lena chríoch, ach a bhféadfadh an tionscadal atá beartaithe glantionchar dearfach ionchasach nó éifeacht shuntasach ionchasach a bheith air, amhail maidir leis an gcomhshaol nó maidir le hoibríocht an bhonneagair fuinnimh ina chríoch, féadfaidh sé tuairim lena sonraítear a chúiseanna imní a thíolacadh don Ghrúpa.
(11)Scrúdóidh an Grúpa, arna iarraidh sin do Bhallstát den Ghrúpa, na cúiseanna réasúnaithe arna gcur i láthair ag Ballstát de bhun Airteagal 3(3) gan tionscadal a bhfuil baint aige lena chríoch a fhormheas.
(12)Breithneoidh an Grúpa an ndéanfar bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann leis na riachtanais réigiúnacha bonneagair a bhunú agus a mhéid a bhaineann le gach ceann de na tionscadail iarrthacha. Breithneoidh an Grúpa, go háirithe, réitigh amhail réitigh neamhshreangaithe, bainistiú ar éileamh, solúbthacht neamhiontaise, réitigh socraithe margaidh, réitigh dhigiteacha a chur chun feidhme, agus athchóiriú foirgneamh mar réitigh tosaíochta i gcás ina meastar iad a bheith níos costéifeachtaí ó thaobh uile-chórais de ná bonneagar nua soláthair a thógáil.
(13)Tiocfaidh an Grúpa le chéile chun na tionscadail atá beartaithe a scrúdú agus a rangú bunaithe ar mheasúnú trédhearcach na dtionscadal, agus trí úsáid a bhaint as na critéir a leagtar amach in Airteagal 4, agus measúnú na n‑údarás rialála náisiúnta, nó measúnú an Choimisiúin ar thionscadail nach dtagann faoi inniúlacht na n‑údarás rialála náisiúnta á gcur san áireamh.
(14)Déanfaidh comhlacht cinnteoireachta gach Grúpa a liosta de thionscadail bheartaithe a ghlacadh ar an dhéanaí 2 mhí roimh an dháta ghlactha liosta an Aontais Airteagal 22, lena n‑urramaítear na forálacha a leagtar amach in Airteagal 3(3), ar bhonn an togra ón nGrúpa agus measúnú na n‑údarás rialála náisiúnta agus na Gníomhaireachta agus measúnú an Choimisiúin á gcur san áireamh le haghaidh tionscadail nach dtagann faoi inniúlacht na n‑údarás rialála náisiúnta a beartaíodh i gcomhréir le pointe (9), á gcur san áireamh, agus ar an gcomhairle ón gCoimisiún arb é is aidhm di líon iomlán inláimhsithe tionscadal a áirithiú ar liosta an Aontais, go háirithe ag teorainneacha a bhfuil baint acu le tionscadail iomaíocha nó le tionscadail iomaíocha ionchasacha. Cuirfidh comhlachtaí cinnteoireachta na nGrúpaí na liostaí críochnaitheacha faoi bhráid an Choimisiúin, i dteannta aon tuairimí mar a shonraítear i bpointe (10).
(15)Más rud é, ar bhonn na ndréachtliostaí, go dtéann líon iomlán na dtionscadal atá beartaithe ar liosta an Aontais thar líon inláimhsithe, tabharfaidh an Coimisiún comhairle do gach Grúpa lena mbaineann, gan tionscadail ar thug an Grúpa lena mbaineann an rangú is ísle dóibh a áireamh ar an liosta, i gcomhréir leis an rangú a bunaíodh de bhun Airteagal 4(5).
IARSCRÍBHINN IV
RIALACHA AGUS TÁSCAIRÍ A BHAINEANN LE CRITÉIR DO THIONSCADAIL
(1)Is é a bheidh i dtionscadal leasa choitinn a bhfuil tionchar suntasach trasteorann aige tionscadal ar chríoch Bhallstáit agus comhlíonfar leis na coinníollacha seo a leanas:
(a)maidir le tionscadail tarchurtha leictreachais a thagann faoi phointe (1) (a), (b), (d) agus (f) d’Iarscríbhinn II, i gcomparáid leis an acmhainneacht aistrithe a bheadh ann mura ndéanfaí an tionscadal a choimisiúnú cuireann an tionscadal méadú 200 Meigeavata (MW) ar a laghad leis an nglanacmhainneacht aistrithe ag teorainn an Bhallstáit sin le Ballstát amháin eile nó le roinnt Ballstát eile;
(b)maidir le haon trealamh nó suiteáil a thagann faoi phointe (1) (e) d’Iarscríbhinn II, is gá iad a imscaradh ar eilimintí criticiúla líonra atá ann cheana, mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (69), de Rialachán (AE) 2019/943, ní mór iad a bheith ar áireamh mar chuid de na bearta a shainítear sna pleananna ullmhachta riosca a bhunaigh na Ballstáit de bhun an Rialacháin maidir le Riosca-Ullmhacht chun aghaidh a thabhairt ar an tslándáil fuinnimh, agus chun an tslándáil fuinnimh a mhéadú in ar a laghad Ballstát breise amháin ar a laghad;
(c)maidir le tionscadail stórála leictreachais a thagann faoi phointe (1) (c) d’Iarscríbhinn II, cuirtear ar a laghad acmhainneacht suiteáilte de 225 MW ar fáil leis an tionscadal agus tá acmhainneacht stórála aige lena gceadaítear giniúint bhliantúil ghlan leictreachais de 250 GW in aghaidh na huaire/na bliana;
(d)maidir le heangacha cliste leictreachais a thagann faoi phointe (1) (g) d’Iarscríbhinn II, tá an tionscadal ceaptha do threalamh agus do shuiteálacha ar leibhéal ardvoltais agus meánvoltais, agus tá OCTanna, OCTanna agus OCDanna, nó OCDanna ó dhá Bhallstát ar a laghad i gceist leis. Ní fhéadfaidh ach OCDanna a bheith bainteach leis an tionscadal ar choinníoll gur as dhá Bhallstát ar a laghad iad agus ar choinníoll go n‑áiritheofar an idir-inoibritheacht. Comhlíonfaidh an tionscadal ar a laghad dhá cheann de na ceanglais seo a leanas: beidh 50 000 úsáideoir, gineadóir, tomhaltóir nó táirgeoir is tomhaltóir leictreachais bainteach leis, gabhtar limistéar ídithe de 300 uair an chloig GW in aghaidh na huaire/bliana ar a laghad leis, tagann 20 % ar a laghad den ídiú leictreachais atá nasctha leis an tionscadal ó acmhainní in-athnuaite athraitheacha, nó laghdaíonn sé leithlisiú fuinnimh na gcóras neamh-idirnasctha i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit. Ní gá comhtheorainn fhisiciúil a bheith i gceist leis an tionscadal. Ní gá comhtheorainn fhisiciúil a bheith ag an tionscadal; I gcás na dtionscadal a bhaineann le córais bheaga scoite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (42), de Threoir (AE) 2019/944, lena n‑áirítear oileáin, beidh na leibhéil voltais sin cothrom leis an leibhéal voltais is airde sa chóras leictreachais ábhartha;
(e)maidir le tarchur hidrigine, déantar leis an tionscadal acmhainneacht iompair hidrigine trasteorann atá ann cheana ag teorainn idir dhá Bhallstát a mhéadú faoi 10 % ar a laghad i gcomparáid leis an staid roimh choimisiúnú an tionscadail, agus déantar leis an tionscadal a léiriú go leordhóthanach gur cuid riachtanach de ghréasán hidrigine trasteorann pleanáilte é agus cruthúnas leordhóthanach a chur ar fáil maidir leis na pleananna atá ann cheana agus leis an gcomhar le tíortha comharsanachta agus le hoibreoirí gréasáin, nó, i gcás na dtionscadal a laghdaíonn leithlisiú fuinnimh na gcóras neamh-idirnasctha i mBallstát amháin nó níos mó, go bhfuil sé d’aidhm ag an tionscadal freastal ar dhá Bhallstát ar a laghad, go díreach nó go hindíreach;
(f)i gcás saoráidí stórála hidrigine nó saoráidí glactha hidrigine dá dtagraítear i bpointe (2) d’Iarscríbhinn II, is é is aidhm don tionscadal freastal ar dhá Bhallstát ar a laghad go díreach nó go hindíreach;
(g)i gcás leictrealóirí, cuirtear ar a laghad acmhainneacht shuiteáilte 500 MW ar fáil leis an tionscadal arna soláthar ag leictrealóir aonair nó ag sraith leictrealóirí ar tionscadal comhordaithe aonair iad agus a théann chun tairbhe go díreach nó go hindíreach do dhá Bhallstát ar a laghad;
(h)i gcás tarchur leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta, tá an tionscadal deartha chun leictreachas a aistriú ó shuíomhanna giniúna amach ón gcósta ag a bhfuil acmhainneacht 500 MW ar a laghad agus lenar féidir leictreachas a tharchur chuig eangach ar tír de chuid Ballstáit ar leith, rud a mhéadóidh méid an leictreachais in-athnuaite atá ar fáil ar an margadh inmheánach. Forbrófar an tionscadal sna limistéir ina bhfuil sciar íseal de leictreachas in-athnuaite amach ón gcósta agus léireofar leis tionchar dearfach suntasach ar spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais agus ar a chuspóir aeráidneodrachta do 2050;
(i)i gcás tionscadail dé-ocsaíde carbóin, úsáidtear an tionscadal chun dé-ocsaíd charbóin antrapaigineach a thagann ó dhá Bhallstát ar a laghad a iompar agus, i gcás inarb infheidhme, a stóráil.
(2)Déanfaidh tionscadal comhleasa a bhfuil tionchar suntasach trasteorann aige na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)i gcás tionscadail chomhleasa a bhaineann leis an gcatagóir a leagtar amach i bpointe (1)(a), (d) agus (h) d’Iarscríbhinn II, méadaíonn an tionscadal an ghlan-acmhainneacht aistrithe ag teorainn an Ballstáit sin le tríú tír agus éiríonn leis an tionscadal tairbhí suntasacha a thabhairt do dhá Bhallstát ar a laghad a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an tionscadal;
(b)i gcás tionscadail chomhleasa sa chatagóir a leagtar amach i bpointe (2) (a) d’Iarscríbhinn II, éascaíonn an tionscadal hidrigin a tharchur thar theorainn Ballstáit le tríú tír agus éiríonn leis tairbhí suntasacha a thabhairt do dhá Bhallstát ar a laghad go díreach nó go hindíreach trí bhíthin an tionscadail;
(c)le haghaidh tionscadail chomhleasa sa chatagóir a leagtar amach i bpointe (4) d’Iarscríbhinn II, féadfaidh ar a laghad dhá Bhallstát agus tríú tír amháin an tionscadal a úsáid chun dé-ocsaíd charbóin antrapaigineach a iompar agus a stóráil.
(3)Maidir le tionscadail a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe 1(a), (b), (c), (d), (f) agus (h) d’Iarscríbhinn II, déanfar na critéir a liostaítear in Airteagal 4 a mheasúnú mar a leanas:
(a)tarchur giniúna fuinnimh in-athnuaite chuig mórionaid ídithe agus chuig láithreáin stórála arna thomhas i gcomhréir leis an anailís arna déanamh sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais is déanaí atá ar fáil maidir le forbairt gréasáin leictreachais, go háirithe trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(i)maidir le tarchur leictreachais a leagtar amach i bpointe (1)(a), (b), (d), (f) agus (h) d’Iarscríbhinn II, méid na hacmhainneachta giniúna ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a mheas (de réir teicneolaíochta, i MW), atá nasctha agus tarchurtha i ngeall ar an tionscadal, i gcomparáid leis an acmhainneacht iomlán phleanáilte giniúna ó na cineálacha sin foinsí in-athnuaite fuinnimh sa Bhallstát lena mbaineann de réir na bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide arna dtíolacadh ag na Ballstáit i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999;
(ii)nó stóráil fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(c) d’Iarscríbhinn II, agus comparáid á déanamh idir an acmhainneacht nua a ndéanann an tionscadal foráil ina leith agus an acmhainneacht iomlán atá ann faoi láthair don teicneolaíocht stórála chéanna i réimse na hanailíse mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V;
(b)comhtháthú margaidh, iomaíochas agus solúbthacht an chórais, arna dtomhas i gcomhréir leis an anailís arna déanamh sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais is déanaí atá ar fáil maidir le forbairt gréasáin leictreachais, go háirithe trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(i)i gcás tionscadail trasteorann, lena n‑áirítear tionscadail athinfheistíochta, an tionchar ar acmhainneacht aistrithe na n‑eangacha sa dá threo den sreabhadh cumhachta a ríomh, arna dtomhas i dtéarmaí mhéid na cumhachta (i MW), agus an rannchuidiú leis an sprioc i dtaca le hidirnascadh a bhaint amach, agus i gcás na dtionscadal a bhfuil tionchar suntasach trasteorann acu, an tionchar ar acmhainneacht aistrithe na n‑eangacha a ríomh ag teorainneacha idir na Ballstáit ábhartha, idir na Ballstáit ábhartha agus tríú tír nó laistigh de Bhallstáit ábhartha agus an tionchar ar chothromú éilimh-soláthair agus ar oibríochtaí gréasáin a ríomh sna Ballstáit ábhartha;
(ii)measúnú a dhéanamh ar an tionchar, don limistéar anailíse mar a leagtar amach é in Iarscríbhinn V, maidir le giniúint uile-chórais fuinnimh agus costais tarchurtha agus éabhlóid agus cóineasú na margadhphraghsanna a ndéanann an tionscadal foráil ina leith faoi chásanna pleanála éagsúla, ag cur na n‑athruithe a spreagtar ar an ord fiúntais san áireamh go háirithe;
(c)slándáil an tsoláthair, idir-inoibritheacht agus oibriú córais atá slán, arna dtomhas i gcomhréir leis an anailís arna déanamh sa phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais is déanaí atá ar fáil maidir le forbairt gréasáin leictreachais, go háirithe trí mheasúnú a dhéanamh ar thionchar an tionscadail ar chaillteanas an ionchais ualaigh don réimse anailíse mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V maidir le leordhóthanacht giniúna agus tarchurtha i sraith tréimhsí ualaigh saintréitheacha, ag cur san áireamh aon athruithe a bhfuiltear ag súil leo i dteagmhais aimsire crua a bhaineann leis an aeráid agus an tionchar a bheadh acu sin ar athléimneacht an bhonneagair. I gcás inarb infheidhme, déanfar tionchar an tionscadail ar rialú neamhspleách agus iontaofa oibriú an chórais agus na seirbhísí a thomhas.
(4)Maidir le tionscadail a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(g) d’Iarscríbhinn II, déanfar na critéir a liostaítear in Airteagal 4 a mheasúnú mar a leanas:
(a)leibhéal na hinbhuanaitheachta, arna thomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar a mhéid agus a bheidh na heangacha ábalta fuinneamh in-athnuaite athraitheach a nascadh agus a iompar;
(b)slándáil an tsoláthair, arna thomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar leibhéal na gcaillteanas i ngréasáin dáileacháin, i ngréasáin tarchurtha, nó iontu araon, úsáid chéatadánach (i.e. an mheánlódáil) comhpháirteanna an ghréasáin leictreachais, infhaighteacht chomhpháirteanna an ghréasáin (a bhaineann le cothabháil phleanáilte agus neamhphleanáilte) agus a thionchar ar fheidhmíochtaí gréasán, agus ar fhad agus minicíocht bristeacha, lena n‑áirítear suaitheadh a bhaineann leis an aeráid;
(c)comhtháthú margaidh, arna thomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar ghlacadh nuálach i dtaca le hoibriú an chórais, laghdú ar leithlisiú fuinnimh agus idirnascadh, chomh maith lena oiread a dhéantar earnálacha eile a chomhtháthú agus samhlacha nua gnó agus struchtúir mhargaidh nua a éascú;
(d)slándáil gréasáin, solúbthacht agus cáilíocht an tsoláthair, arna dtomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar an gcur chuige nuálach maidir le solúbthacht an chórais, cibearshlándáil, inoibritheacht éifeachtúil idir leibhéal OCTanna agus OCDanna, an acmhainneacht chun freagairt don éileamh a chur san áireamh, stóráil, bearta éifeachtúlachta fuinnimh, úsáid chostéifeachtúil uirlisí digiteacha agus TFC chun críoch faireacháin agus rialaithe, cobhsaíocht an chórais leictreachais agus feidhmíocht cháilíochta voltais.
(5)Maidir le tionscadail a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (1)(e) d’Iarscríbhinn II, déanfar na critéir a liostaítear in Airteagal 4 a mheasúnú mar a leanas:
(a)slándáil an tsoláthair fuinnimh, arna tomhas de réir chéatadán úsáide chomhpháirteanna an ghréasáin leictreachais (i.e. an mheánlódáil); infhaighteacht comhpháirteanna gréasáin agus a tionchar ar fheidhmíochtaí gréasáin; fad agus minicíocht bristeacha, lena n‑áirítear suaití a bhaineann leis an aeráid;
(b)slándáil líonra, arna tomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar an gcumas teagmhais shuntasacha a chosc trí bhearta fisiciúla agus cibearshlándála;
(6)Maidir le hidrigin a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (2) d’Iarscríbhinn II, déanfar na critéir a liostaítear in Airteagal 4 a mheasúnú mar a leanas:
(a)inbhuanaitheacht, arna tomhas mar rannchuidiú tionscadail le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i bhfeidhmeanna úsáide deiridh éagsúla in earnálacha ar deacair astaíochtaí a mhaolú, amhail tionscal nó iompar; solúbthacht agus roghanna stórála séasúracha le haghaidh giniúint leictreachais in-athnuaite; nó hidrigin in-athnuaite agus ísealcharbóin a chomhtháthú d’fhonn riachtanais an mhargaidh a chur san áireamh agus hidrigin in-athnuaite a chur chun cinn;
(b)comhtháthú margaidh agus idir-inoibritheacht, arna dtomhas trí luach breise an tionscadail a ríomh i dtaca le comhtháthú na limistéar margaidh agus cóineasú praghsanna, le solúbthacht fhoriomlán an chórais;
(c)slándáil an tsoláthair agus an tsolúbthacht arna tomhas trí luach breise an tionscadail a ríomh i dtaca le hathléimneacht, éagsúlacht agus solúbthacht an tsoláthair hidrigine;
(d)iomaíochas arna thomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar rannchuidiú an tionscadail leis an éagsúlú a sholáthar, lena n‑áirítear rochtain ar fhoinsí dúchasacha soláthair hidrigine a éascú.
(7)Maidir le tionscadail leictrealóra a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, déanfar na critéir a liostaítear in Airteagal 4 a mheasúnú mar a leanas:
(a)inbhuanaitheacht. arna tomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar an sciar de hidrigin in-athnuaite nó de hidrigin ísealcharbóin, go háirithe ó fhoinsí in-athnuaite a chomhlíonann na critéir a shainítear i bpointe (3)(a)(ii) d’Iarscríbhinn II, nó meastachán dá mhéid a imscaradh na breoslaí sintéiseacha ó na foinsí sin, agus an laghdú gaolmhar ar astaíochtaí gás ceaptha teasa;
(b)slándáil an tsoláthair arna tomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar a mhéid a rannchuidíonn sé le sábháilteacht, cobhsaíocht agus éifeachtúlacht oibriú an ghréasáin, lena n‑áirítear trí mheasúnú a dhéanamh ar chiorrú giniúna leictreachais in-athnuaite a seachnaíodh;
(c)seirbhísí solúbthachta amhail freagairt don éileamh agus stóráil a chumasú trí chomhtháthú na hearnála fuinnimh cliste a éascú trí naisc a chruthú le hiompróirí fuinnimh eile agus le hearnálacha fuinnimh eile, arna dtomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar an gcoigilteas costais arna gcumasú in earnálacha agus córais fuinnimh, amhail na gréasáin gháis, hidrigine, chumhachta agus teasa, agus earnálacha an iompair agus na tionsclaíochta.
(8)Maidir le bonneagar dé-ocsaíde carbóin a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (4) d’Iarscríbhinn II, déanfar na critéir a liostaítear in Airteagal 4 a mheasúnú mar a leanas:
(a)inbhuanaitheacht, arna tomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar na laghduithe ar shaolré iomlán tionscadail a bhfuiltear ag súil leo agus ar an easpa réiteach teicneolaíoch malartach amhail éifeachtúlacht fuinnimh, leictriú lena gcomhtháthaítear foinsí in-athnuaite, ach gan a bheith teoranta do na nithe sin, chun an leibhéal céanna laghduithe ar ghás ceaptha teasa a bhaint amach agus atá le bailiú i suiteálacha tionsclaíocha nasctha ar chostas inchomparáide laistigh d’amlíne inchomparáide, lena gcuirfear san áireamh na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón bhfuinneamh is gá chun an dé-ocsaíd charbóin a ghabháil, a iompar agus a stóráil, de réir mar is infheidhme, agus an bonneagar á mheas, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, úsáidí féideartha eile sa todhchaí;
(b)athléimneacht agus slándáil, arna dtomhas trí mheasúnú a dhéanamh ar shlándáil an bhonneagair;
(c)an t‑ualach agus an riosca comhshaoil a mhaolú trí dhé-ocsaíd charbóin a neodrú go buan.
IARSCRÍBHINN V
ANAILÍS CHOSTAIS IS TAIRBHE AR AN gCÓRAS FUINNIMH UILE
Na modheolaíochtaí i dtaca leis na hanailísí costais is tairbhe a d’fhorbair ENTSO don Leictreachas agus Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin Hidrigine, ba cheart iad a bheith comhsheasmhach, agus sainiúlachtaí earnála á gcur san áireamh. Beidh na modheolaíochtaí le haghaidh anailís chomhchuibhithe agus thrédhearcach costais is tairbhe ar fud an chórais fuinnimh le haghaidh na dtionscadal ar liosta an Aontais aonfhoirmeach i gcás gach catagóire bonneagair, mura mbeidh údar maith le himeacht uaidh sin. Tabharfaidh siad aghaidh ar chostais sa chiall is leithne, lena n‑áirítear seachtrachtaí, i bhfianaise spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais agus a chuspóra aeráidneodracht do 2050 agus cloífidh siad leis na prionsabail seo a leanas:
(1)sa limistéar sin ina ndéanfar anailís ar thionscadal ar leith, cuimseofar gach Ballstát agus tríú tír a bhfuil an tionscadal lonnaithe ina gcríoch, gach Ballstát comharsanachta atá go díreach in aice láimhe agus gach Ballstát eile a bhfuil tionchar suntasach ag an tionscadal orthu. Chun na críche sin, oibreoidh ENTSO don Leictreachas agus Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin Hidrigine i gcomhar leis na hoibreoirí córais ábhartha go léir sna tríú tíortha ábhartha. I gcás na dtionscadal a thagann faoi chatagóir an bhonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (3) d’Iarscríbhinn II, oibreoidh ENTSO don Leictreachas agus Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin Hidrigine i gcomhar leis an tionscnóir tionscadail, lena n‑áirítear i gcás nach oibreoir córais é;
(2)áireofar i ngach anailís costais is tairbhe anailísí íogaireachta maidir leis an tacar sonraí ionchuir, i gcás inarb ábhartha, lena n‑áirítear costas giniúna agus gás ceaptha teasa chomh maith le forbairt ionchasach an éilimh agus an tsoláthair, lena n‑áirítear maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite, agus lena n‑áirítear solúbthacht an dá rud, agus infhaighteacht stórála, dáta coimisiúnaithe tionscadal éagsúil sa réimse céanna anailíse, tionchair ar an aeráid agus paraiméadair ábhartha eile;
(3)bunófar leo an anailís atá le déanamh, bunaithe ar an tacar sonraí ionchuir ilearnála ábhartha, tríd an tionchar a chinneadh le gach tionscadal agus dá n‑uireasa, agus áireoidh siad idirspleáchais ábhartha le tionscadail eile;
(4)tabharfaidh siad treoir maidir le forbairt a dhéanamh ar an samhaltú gréasáin fuinnimh agus margaidh is gá le haghaidh na hanailíse costais is tairbhe agus maidir le húsáid an tsamhaltaithe sin. Leis an samhaltú, féadfar measúnú iomlán a dhéanamh ar thairbhí eacnamaíocha, lena n‑áirítear comhtháthú margaidh, slándáil an tsoláthair agus iomaíocht, agus deireadh a chur leis an leithlisiú fuinnimh, tionchair shóisialta agus chomhshaoil agus aeráide, lena n‑áirítear na tionchair thrasearnálacha. Beidh an mhodheolaíocht go hiomlán trédhearcach agus áireofar inti mionsonraí maidir le cad chuige a ríomhtar gach ceann de na tairbhí agus na costais, cad a ríomhtar agus cén chaoi;
(5)cuimseofar iontu agus míneoidh siad an chaoi a gcuirtear bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh chun feidhme le linn gach céim de na pleananna forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais;
(6)míneofar iontu nach gcuirfidh an tionscadal isteach ar fhorbairt ná ar imscaradh fuinnimh in-athnuaite;
(7)áiritheofar leo go sainaithneofar na Ballstáit a bhfuil glantionchar dearfach ag an tionscadal orthu, na tairbhithe, na Ballstáit a bhfuil glantionchar diúltach ag an tionscadal orthu, agus iadsan a sheasfaidh an costas, a d’fhéadfadh a bheith ina mBallstáit seachas iad siúd a bhfuil an bonneagar tógtha ar a gcríoch;
(8)cuirfidh siad san áireamh, ar a laghad, an caiteachas caipitiúil, costais caiteachais oibríochtúla agus cothabhála, mar aon leis na costais de thoradh an chórais ghaolmhair ar feadh shaolré theicniúil an tionscadail ina iomláine, amhail costais díchoimisiúnaithe agus bainistíochta dramhaíola, lena n‑áirítear costais sheachtracha. Tabharfar treoir sna mhodheolaíochtaí maidir le rátaí lascaine, saolré theicniúil agus luach iarmharach atá le húsáid sna ríomhanna costais agus tairbhe. Ina theannta sin, áireofar iontu modheolaíocht éigeantach chun an cóimheas costais agus tairbhe agus an glanluach reatha a ríomh, chomh maith le difreáil ar thairbhí i gcomhréir le leibhéal iontaofachta a modhanna meastacháin. Cuirfear san áireamh freisin modhanna chun tionchair na dtionscadal ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a ríomh agus a mhéid a rannchuidítear le spriocanna fuinnimh an Aontais, amhail dul i bhfód na bhfoinsí in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh agus spriocanna idirnasctha;
(9)áiritheofar leo go ndéanfar na bearta oiriúnúcháin don athrú aeráide a dhéantar do gach tionscadal a mheasúnú agus go léireofar leo costas na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa agus go bhfuil an measúnú stóinseach agus comhsheasmhach le beartais eile an Aontais ionas go mbeifear in ann comparáid a dhéanamh le réitigh eile nach mbeidh bonneagair nua ag teastáil dóibh.
IARSCRÍBHINN VI
TREOIRLÍNTE MAIDIR LE TRÉDHEARCACHT AGUS RANNPHÁIRTÍOCHT PHOIBLÍ
(1)Áireofar na nithe seo a leanas ar a laghad sa lámhleabhar nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9(1):
(a)sonraíochtaí na gcodanna ábhartha den reachtaíocht ar a mbunaítear cinntí agus tuairimí maidir leis na cineálacha éagsúla tionscadal ábhartha leasa choitinn, lena n‑áirítear dlí an chomhshaoil;
(b)an liosta de na cinntí agus na tuairimí ábhartha atá le fáil;
(c)ainmneacha agus sonraí teagmhála an údaráis inniúil, údarás eile agus na bpáirtithe leasmhara móra lena mbaineann;
(d)an sreabhadh oibre, ina dtugtar achoimre ar gach céim sa phróiseas, lena n‑áirítear amlíne tháscach agus léargas achomair ar an bpróiseas cinnteoireachta i dtaca leis na cineálacha éagsúla tionscadal ábhartha leasa choitinn;
(e)faisnéis faoi raon feidhme, faoi struchtúr agus faoi leibhéal mionsonraithe na ndoiciméad atá le tíolacadh leis an iarratas ar chinntí, lena n‑áirítear seicliosta;
(f)na céimeanna agus na modhanna trína mbeidh an pobal i gcoitinne rannpháirteach sa phróiseas;
(g)an bealach ina léireoidh an t‑údarás inniúil, údaráis eile lena mbaineann agus an tionscnóir tionscadal gur cuireadh san áireamh na tuairimí a cuireadh in iúl sa chomhairliúchán poiblí, mar shampla trí léiriú a thabhairt ar na leasuithe a rinneadh ar shuíomh agus dearadh an tionscadail nó trí na cúiseanna a thabhairt nár cuireadh tuairimí den sórt sin san áireamh;
(h)a mhéid is féidir, aistriúcháin i mBéarla ar a bhfuil ann i dteangacha uile na mBallstát comharsanachta arna ndéanamh i gcomhar leis na Ballstáit chomharsanachta ábhartha.
(2)Sonrófar sa sceideal mionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 10(8) an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)na cinntí agus na tuairimí atá le fáil;
(b)na húdaráis, na páirtithe leasmhara agus an pobal ar dócha a mbeidh baint acu leis;
(c)na céimeanna aonair den nós imeachta agus an fad tréimhse a bhaineann leo;
(d)garspriocanna móra atá le baint amach agus na spriocdhátaí a bhaineann leo i bhfianaise an chinnidh chuimsithigh atá le déanamh;
(e)na hacmhainní atá pleanáilte ag na húdaráis agus riachtanais acmhainní breise a d’fhéadfadh a bheith ann.
(3)Gan dochar do na ceanglais maidir le comhairliúcháin phoiblí faoi dhlí an chomhshaoil, chun rannpháirtíocht phoiblí sa phróiseas deonaithe ceadanna a mhéadú agus chun faisnéis agus comhphlé leis an bpobal a áirithiú roimh ré, cuirfear i bhfeidhm na prionsabail seo a leanas:
(a)na páirtithe leasmhara a bhfuil tionchar ag tionscadal leasa choitinn orthu, lena n‑áirítear údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ábhartha, úinéirí talún agus saoránaigh atá ina gcónaí i gcóngar an tionscadail, an pobal i gcoitinne agus a gcomhlachais, a n‑eagraíochtaí nó a ngrúpaí, cuirfear ar an eolas iad go forleathan agus rachfar i gcomhairle leo ag céim luath, ar bhealach cuimsitheach, nuair is féidir ábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ar an bpobal fós a chur san áireamh, ar bhealach cuimsitheach, oscailte agus trédhearcach. I gcás inarb ábhartha, tacóidh an t‑údarás inniúil go gníomhach leis na gníomhaíochtaí a ghabhann an tionscnóir tionscadail ar láimh;
(b)áiritheoidh údaráis inniúla go ndéanfar nósanna imeachta comhairliúcháin phoiblí do thionscadail leasa choitinn a ghrúpáil le chéile nuair is féidir, lena n‑áirítear comhairliúcháin phoiblí a cheanglaítear cheana faoin dlí náisiúnta. Cumhdófar faoi gach comhairliúchán poiblí gach ábhar a bhaineann le céim áirithe den nós imeachta, agus ní thabharfar aghaidh ar ábhar amháin a bhaineann le céim áirithe den nós imeachta i níos mó ná comhairliúchán poiblí amháin; féadfaidh comhairliúchán poiblí amháin, áfach, tarlú i níos mó ná láthair gheografach amháin. Cuirfear na hábhair a dtabharfar aghaidh orthu i gcomhairliúchán poiblí in iúl go soiléir san fhógra maidir leis an gcomhairliúchán poiblí;
(c)ní bheidh barúlacha ná agóidí inghlactha ach amháin ó thús an chomhairliúcháin phoiblí go dtí go rachaidh an spriocdháta in éag;
(d)áiritheoidh na tionscnóirí tionscadail go ndéanfar comhairliúcháin le linn tréimhse ina bhféadfaidh an pobal a bheith rannpháirteach go hoscailte agus go cuimsitheach.
(4)Áireofar sa choincheap maidir le rannpháirtíocht phoiblí faisnéis faoi na nithe seo a leanas ar a laghad:
(a)na páirtithe leasmhara lena mbaineann agus a bhfuil teagmháil déanta leo;
(b)na bearta a beartaíodh, lena n‑áirítear láithreacha ginearálta atá beartaithe agus dátaí cruinnithe tiomnaithe;
(c)an amlíne;
(d)na hacmhainní daonna atá leithdháilte ar chúraimí éagsúla.
(5)I gcomhthéacs an chomhairliúcháin phoiblí atá le déanamh roimh an gcomhad iarratais a thíolacadh, déanfaidh na páirtithe ábhartha na nithe seo a leanas ar a laghad:
(a)bileog faisnéise nach mó ná 15 leathanach a fhoilsiú go leictreonach agus, i gcás inarb ábhartha, i scríbhinn ina dtabharfar, ar bhealach soiléir agus achomair, léargas ar thuairisc ar chéimeanna forbartha an tionscadail, ar chuspóir na gcéimeanna sin agus ar réamh-thráthchlár le haghaidh na gcéimeanna sin, plean forbartha na heangacha náisiúnta, bealaí malartacha a breithníodh, cineálacha agus saintréithe an tionchair fhéideartha, lena n‑áirítear tionchar de chineál trasteorann, agus bearta maolaithe féideartha, agus tá bileog faisnéise den sórt sin le foilsiú roimh thús an chomhairliúcháin agus tá seoltaí gréasáin shuíomh gréasáin an tionscadail leasa choitinn dá dtagraítear in Airteagal 9(7), an t‑ardán trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 23 agus an lámhleabhar nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (1) den Iarscríbhinn seo le liostú inti;
(b)an fhaisnéis faoin gcomhairliúchán a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an tionscadail leasa choitinn dá dtagraítear in Airteagal 9(7), ar bhoird fógraí in oifigí riarachán áitiúil, agus, ar a laghad, i gceann amháin nó, i gcás inarb infheidhme, in dhá cheann de na foinsí meán áitiúla;
(c)tabharfar cuireadh, i scríbhinn nó go leictreonach, do na páirtithe leasmhara ábhartha, comhlachais, eagraíochtaí agus grúpaí a mbeidh tionchar ag an tionscadal orthu chuig cruinnithe tiomanta, agus pléifear aon imní a bheidh orthu lena linn.
(6)Foilseofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar shuíomh gréasáin an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 9(7):
(a)an dáta a nuashonraíodh suíomh gréasáin an tionscadail an uair dheireanach;
(b)aistriúcháin ar a inneachar i mBéarla agus i dteangacha uile na mBallstát lena mbaineann an tionscadal nó a bhfuil tionchar suntasach trasteorann ag an tionscadal air i gcomhréir le pointe (1) d’Iarscríbhinn IV;
(c)an bhileog faisnéise dá dtagraítear i bpointe (5) arna nuashonrú le dáta leis na sonraí is déanaí faoin tionscadal;
(d)achoimre neamhtheicniúil a nuashonraítear go tráthrialta ina léirítear stádas reatha an tionscadail, lena n‑áirítear faisnéis gheografach, agus ina gcuirtear in iúl go soiléir, i gcás nuashonruithe, athruithe ar leaganacha roimhe sin;
(e)an plean cur chun feidhme a leagtar amach in Airteagal 5(1) arna nuashonrú leis na sonraí is déanaí faoin tionscadal;
(f)na cistí arna leithdháileadh agus arna n‑eisíoc ag an Aontas le haghaidh an tionscadail;
(g)pleanáil an tionscadail agus an chomhairliúcháin phoiblí, ag léiriú go soiléir dátaí agus láithreacha do chomhairliúcháin phoiblí agus na hábhair ar dócha go bhfuil baint acu leis na héisteachtaí sin;
(h)sonraí teagmhála d’fhonn faisnéis nó doiciméid bhreise a fháil;
(i)sonraí teagmhála d’fhonn barúlacha agus agóidí a chur in iúl le linn na gcomhairliúchán poiblí.
IARSCRÍBHINN VII
TUARASCÁLACHA UM SHAINAITHINT RIACHTANAS BONNEAGAIR
Leis an gcreat-mhodheolaíocht d’fhorbair ACER maidir le sainaithint iachtanas bonneagair de chuid ENTSO-E agus Líonra Eorpach na nOibreoirí Gréasáin Hidrigine, áiritheofar go ndéanfaidh na tuarascálacha um shainaithint riachtanas bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 12 na prionsabail seo a leanas:
(1)Beidh sé bunaithe ar an gcás lárnach de bhun Airteagal 11 den Rialachán seo, agus comhlánófar é le measúnú breise, i gcás inarb ábhartha, agus íogaireachtaí an cháis lárnaigh á n‑úsáid.
(2)Leanfaidh sé cur chuige trasearnála agus comhtháite agus idirnaisc idir earnálacha an leictreachais, na hidrigine agus an gháis á gcur san áireamh, chomh maith le hearnáil an téimh ceantair agus an earnáil CO2, i gcás inarb infheidhme.
(3)Áiritheofar leis go sainaithneofar na riachtanais trí anailís a dhéanamh ar an rannchuidiú comhleanúnach is éifeachtúla leis na réitigh don ghréasán leictreachais agus hidrigine, lena n‑áirítear réitigh neamhshreangaithe, solúbthacht neamhiontaise nó roghanna malartacha eile ar leathnú an chórais, chun an gréasán fuinnimh is fearr is féidir a bhaint amach chun na spriocanna agus na cuspóirí fuinnimh agus aeráide a bhaint amach. Ba cheart don ghréasán fuinnimh is fearr slándáil an tsoláthair a áirithiú freisin agus ba cheart comhtháthú margaidh agus iomaíochas níos airde i dtionscal na hEorpa a bheith mar thoradh air trí chóineasú praghsanna a mhéadú idir an margadh agus na criosanna tairisceana éagsúla mar leibhéil idirnascachta leictreachais agus leibhéil idirnascachta leictreachais níos airde.
(4)Breathnófar ann ar thréimhse ama mheántéarmach (10-15 bliana) agus fhadtéarmach (20-30 bliain) bunaithe ar líonra tosaigh réalaíoch do gach tréimhse ama, lena sainaithneofar riachtanais ag teorainneacha na mBallstát agus ar an leibhéal náisiúnta má tá ábharthacht trasteorann ag baint leis, agus forbairtí bonneagair sna tríú tíortha á gcur san áireamh freisin i gcomhréir le tosaíochtaí beartais an Aontais.
(5)Léireofar ann an pheirspictíocht Eorpach trí riachtanais trasteorann a shainaithint ar dtús as a dtiocfaidh sainaithint riachtanas treisithe bonneagair a d’fhéadfadh a bheith ann ar an leibhéal náisiúnta.
(6)Cuirfidh sé leibhéal leordhóthanach sonraí agus gráinneachta ar fáil chun na srianta gréasáin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a chur san áireamh i gceart agus chun gur féidir riachtanais bhonneagair amach anseo a shainaithint ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta. Cuirfidh sé faisnéis shoiléir ar fáil freisin maidir leis na hinfheistíochtaí is gá chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sa bhonneagar agus chomh maith leis sin maidir le tairbhí carnacha na n‑infheistíochtaí sin don chóras fuinnimh.
(7)Maidir le leictreachas, breithneoidh sé réitigh bhonneagair agus réitigh neamhshreangaithe, agus aird chuí á tabhairt ar acmhainneacht agus úsáid solúbthachta neamhiontaise, lena n‑áirítear stóráil, as a dtiocfadh córas fuinnimh níos barrfheabhsaithe. Beidh míniú ar an gcaoi ar cuireadh réitigh neamhshreangaithe, solúbthacht neamh-iontaise nó roghanna malartacha eile ar leathnú an chórais san áireamh ag gabháil le meaitseáil riachtanas le tionscadail a cuireadh isteach lena gcuimsiú i bhforbairt gréasáin 10 mbliana ar fud an Aontais.
(8)Beidh sé ina thoradh ar phróiseas trédhearcach, bunaithe ar uirlisí agus sonraí láidre, lena n‑éilítear toimhdí costais atá cothrom le dáta agus fíoraithe. Sa chomhthéacs sin, úsáidfidh sé critéir shoiléire inchainníochtaithe chun an líonra tosaigh a bhunú. Beidh na príomhpháirtithe leasmhara ábhartha rannpháirteach i soláthar ionchur agus i mbailíochtú na dtorthaí tríd an bpróiseas comhairliúcháin a bheidh struchtúrtha ar bhealach lena gcumasófar barúlacha a chur san áireamh.
(9)Cuirfidh sé torthaí sonracha agus cainníochtaithe ar fáil lena mbeifear in ann méid na mbearnaí bonneagair a d’fhéadfadh a bheith ann i suíomhanna sonracha a thomhas, agus tagairt á déanamh do bhonneagar neamhshreangaithe agus do bhonneagar nua araon. Chuige sin, trí na riachtanais a shainaithnítear ba cheart go léireofaí do rannpháirtithe sa mhargadh na príomhbhearnaí sa bhonneagar tarchurtha trasteorann, lena n‑áirítear bonneagar inmheánach a bhfuil tionchar suntasach trasteorann aige, ar bearnaí iad nach mór aghaidh a thabhairt orthu sna 10 mbliana go 20 bliain amach romhainn.